Achoimre
Is é atá san alt seo ná aistear aistriúcháin agus anailíse ar scéal béaloidis a aistríodh ó Bhéarla go Gaeilge. Tagann an scéal béaloidis The Three Spinners as an chnuasach Czech Fairytales le Karel Jaromír Erben agus Božena Nĕmcová a aistríodh ón tSeicis go Béarla. Pléann an t-alt seo cad is béaloideas ann agus a riachtanaí atá sé go dtuigeann an t-aistritheoir an seánra agus an cineál teanga a úsáidtear sa scéal béaloidis. Léiríonn an t-alt seo tréithe an scéil bhéaloidis dar le Ó Duáin (1968) agus Riggs (1974). Cuirtear béim ar aistriúchán don teanga labhartha go príomha sa chás seo agus ar a thábhachtaí atá sé go dtuigeann an té atá á aistriú go mbeidh sé fóirsteanach don chainteoir dúchais a bheas ag aithris an scéil. Tarraingíonn an t-alt seo ar dhearcadh Ottinen (2000) agus í ag plé cúrsaí aistriúcháin i dtaca leis an teanga labhartha. Tá cur síos ar an phroiséas aistriúcháin agus ar na teoiricí aistriúcháin a chuir Nida (1964), Ó Ruairc (2007), Venuti (2008) agus Nord (2014) chun tosaigh agus a bhí chun cinn in intinn an aistritheora agus é i mbun oibre. Déantar tagairt don dóigh a ndeachaigh an t-aistritheoir i ngleic le hainm dílis a bhí le haistriú aige. Déantar tagairt do Chanúint Uladh san aistriúchán seo agus do thréithe na canúna céanna ar chóir don aistritheoir a bheith eolach orthu. Déantar tagairt d’fhocail, fhrásaí agus fhriotal agus don dóigh ar bhain an t-aistritheoir úsáid as foinsí éagsúla béaloidis le leagan leanúnach dílis den scéal a aistriú go Gaeilge. Tá taifeadadh den leagan aistrithe den scéal a d’aithris Brídanna Ní Bhaoill as Rann na Feirste ar fáil a bheadh ina áis iontach ag múinteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge.
Réamhrá
Chaith an t-aistritheoir seachtain ar mhalartaíocht oibre in Ollscoil Svaty Jan i bPoblacht na Seice tá dhá bhliain ó shin. Agus é ann tháinig sé ar leabhar dar teideal Czech Fairytales le Karel Jaromír Erben agus Božena Nĕmcová. Chuir an t-aistritheoir suim mhór sna scéalta béaloidis ann agus mhothaigh sé go raibh ábhar na scéalta an-chosúil le hábhar na scéalta béaloidis i nGaeilge agus gurbh fhiú go mór Gaeilge a chur ar cheann acu. Dúshlán a bhí ann, mar sin, Gaeilge a chur ar cheann de na scéalta ionas go n-aithriseofaí é agus go léifí é amhail is gur scríobhadh i nGaeilge a chéaduair é. Mar a deir Venuti (2008: 1):
A translated text, whether prose or poetry, fiction or nonfiction, is judged acceptable by most publishers, reviewers and readers when it reads fluently, when the absence of any linguistic ar stylistic peculiarities make it seem transparent, giving the appearance that it reflects the foreign writer’s personality or intention or the essential meaning of the foreign text – the appearance, in other words, that the translation is not in fact a translation but the “original”.
Tá súil ag an aistritheoir go ndeachaigh aige leagan dílis den scéal béaloidis The Three Spinners as an chnuasach thuasluaite a chur ar fáil i nGaeilge Uladh. Ní ar an téacs mar tháirge scríofa amháin a bhí aird an aistritheora ach é mar aidhm aige leagan a aistriú a bheadh fóisteanach don scéalaí a bheadh á chur i láthair os comhair lucht éisteachta.
Cad is béaloideas ann?
Tá sé ríthábhachtach don aistritheoir eolas a fháil ar an tseánra atá le haistriú aige. Scéal traidisiúnta a insítear os ard do lucht éisteachta atá sa scéal béaloidis. Dar le Riggs (1974: 7) gurb iad na focail is tábhachtaí i sainmhíniú an scéil bhéaloidis ná an téarma traidisiúnta agus an téarma lucht éisteachta. Bhíodh neart eolais agus neart scéalta ag na gnáthdhaoine agus bhain an t-eolas céanna le gach gné den tsaol. Is é atá sa bhéaloideas mar sin ná dúchas agus traidisiún an phobail a coinníodh beo agus a choinnítear beo i mbéal na ndaoine agus a gcuirtear leis ó ghlúin go glúin. Maíonn Ó Duáin (1968: 109) go raibh urraim ar leith ag Gaeil riamh don rud a tháinig anuas chucu óna sinsir agus ghabh a gcuid filí orthu féin an oidhreacht sin a chaomhnú agus a bhuanú. Maíonn sé fosta gur mhór ag ár muintir gach dá raibh ársa agus sinseartha agus ba ghairm ag na filí é sin a chosaint, a iomlánú agus a thabhairt ar aghaidh. Áirítear pisreogracht, paidreacha, mallachtaí, leigheasanna agus scéalta i measc nithe eile sa bhéaloideas. Ar ndóigh, beatha teanga í a labhairt ach buanú teanga í a scríobh. Mhair an traidisiún agus an dúchas i saíocht an traidisiúin bhéil go dtí teacht na Críostaíochta agus i bhfad ina dhiaidh sin chomh maith. Is gné an-tábhachtach de bhéaloideas na Gaeilge í an scéalaíocht. Dar le Williams & Ní Mhuiríosa (1979: 1):
Deirtear gur i nGaeilge atá an cnuasach is toirtiúla agus is saibhre de scéalta laochais le fáil. Ní miste a mhaíomh go bhfuil na scéalta seo chun tosaigh, ní amháin de bharr a líonmhaire, ach de bharr ilchineálacht an ábhair iontu freisin. Tá difríochtaí áirithe le tabhairt faoi deara idir an litríocht laochais sna teangacha éagsúla. Ní hionann foirm ná stíl dóibh i gcónaí, cuir i gcás, ach ar an iomlán, is féidir a go rá mbíonn an t-ábhar céanna iontu uile agus an dearcadh céanna mar bhúnus leo.
Tá samplaí de thraidisiún na scéalaíochta go forleathan i litríocht na Gaeilge. Tháinig Séamas Ó Grianna ar an tsaol i Rann na Feirste sa bhliain 1889 agus bhí traidisiún na hamhránaíochta agus na scéalaíochta an-láidir ag a mhuintir. Deir Ó Grianna (1942: 67):
Teach mór airneáil a bhí sa teach s’againne fada ó shin. Bhíodh Donnchadh Rua againn corruair agus é ag inse fá chuid éachtaí a athara. Thigeadh Seáinín Phádraig an Dálaigh agus níodh sé oíche sheanchais ar na Fianna agus ar Chú na gCleas. Bhíodh mo mháthair mhór againn oícheanta sníomhacháin agus gan aon scéal ó Neamh go hÁrainn nach mbíodh aici.
Tá samplaí eile de na hoícheachta seanchais ag Ó Grianna, (1924: 26) in Caisleáin Óir agus an tseanbhean ag insint scéal Inis Dhún Rámha. Dar le Ó Grianna go raibh sé, ‘ag éisteacht le tuaim an dtonn, le feadalach na rónta le boilgearnach na péiste móire agus le srannfach na muice mara.’ Is é a dhála céanna é agus Ó Grianna (1921: 27) ag cur síos ar an scéalaí Eoghainín Thuathail. Shíl a raibh i láthair ‘go bhfaca siad na himearthóirí ina rith anonn is anall i ndiaidh na liathróide, agus go gcuala siad na camáin ag teacht in éadan a chéile, an gleo agus an callán, an trup agus an tormán, agus an gháir a d’éirigh nuair a bhuaigh muintir Cheann Dubhrann an lá.’ Léiríonn Ó Grianna (1942: 75) go raibh glór an tseanchaí ‘mar a bheadh glór ann a thiocfadh aniar ón tseantsaol.’ Is léir mar sin go raibh meas mór ar an tseanchaí agus léiríonn Ó Grianna (1945: 7) an meas a bhíodh ag muintir Rann na Feirste ar Bhilí na mBuailtín; ‘seanchaí agus ceoltóir a bhí ann agus thabhaigh an dá bhuaidh sin óstas geimhridh dó i Rann na Feirste.’ Tugann an file Ó Searcaigh (1993: 112) an seanchaí Neddie Eoin chun beatha ina dhán ‘Oícheanta Geimhridh’ agus tugann Neddie Eoin na heachtraí éagsúla chun beatha ina insint scéil.
Ní leis na Gaeil amháin, ar ndóigh, a bhaineann an béaloideas ach le pobail agus le ciníocha ar fud an domhain. Dar le Garry & Hasan El-Shamy (2005: 11), go mbíonn patrún uilíoch sna scéalta ó thíortha ar fud an domhain. Luann siad an dóigh a mbíonn ríthe sna scéalta, an dóigh a dtagann leanbh ar an tsaol, an dóigh a dtugtar duine go tíortha i gcéin, an dóigh a ndéantar rí den leanbh, an dóigh a bpósann sé banphrionsa agus patrúin eile nach iad. Is léir go mbaineann cuid de na móitífeanna seo leis The Three Spinners a aistríodh ón chnuasach de scéalta béaloidis Phoblacht na Seice agus le scéalta béaloidis sa Ghaeilge. Tá móitífeanna An Triúr Sníomhaithe agus An Cailín Falsa an-chosúil lena chéile. Bhíodh an scéal An Cailín Falsa ag Micí Sheáin Néill, seanchaí mór le rá as Rann na Feirste, agus seanuncail le Brídanna Ní Bhaoill, an té a d’aithris an scéal.
Brídanna Ní Bhaoill
Is scéalaí mór le rá as Rann na Feirste í Brídanna Ní Bhaoill. Is garneacht í le Micí Sheáin Néill arbh as Rann na Feirste é. D’fhás Brídanna aníos agus í ag éisteacht le scéaltaí Mhicí Sheain Néill ó bhéal an bhradáin. Is cinnte go mbíodh ‘drithleoga dearga a bhriathra ina spréacha ag lasadh na samhlaíochta’, i mBrídanna agus go mbíodh briathra Mhicí Sheain Néill ag titim in úir mhéith a haigne. Is iomaí duais atá bainte ag Brídanna as a bua scéalaíochta agus rinneadh aistriúchán ar an scéal seo agus guth binn Bhrídanna in intinn an aistritheora. Deir Oittinen (2000: 77) agus í ag trácht ar aistriúcháin ar phictiúrleabhair do pháistí:
The sensual dimension of the spoken word is part of that performance. ‘The text should live, roll, taste good on the reading adult’s tongue.
Fóireann an ráiteas seo don aistritheoir sa chás seo. Caithfidh an t-aistriúchán a bheith ag díriú ar aithriseoir an scéil ionas go ligfidh sé do ghuth galánta Bhrídanna é a thabhairt chun beatha agus go dtiocfaidh an teanga agus na téarmaí san aistriúchán go réidh chuici. Maíonn Ó Ruairc, (2007: 13) go bhfuil caidreamh idir an t-aistritheoir agus an léitheoir. Sa chás seo, áfach, tá caidreamh idir an t-aithriseoir agus an lucht éisteachta chomh maith. Dar le Mac Aoidh (2016: 172) ní fhoghlaimeoidh scéalaí scéal focal ar fhocal ach d’éistfeadh sé nó sí go cúramach le himeachtaí an scéil, leis na cnámha a gcuirfeadh sé craiceann orthu ar ball. Maíonn sé go samhlódh an scéalaí na heachtraí éagsúla ina cheann nó ina ceann lena leagan féin a insint. Tarraingíonn Gooch (1996: 14) aird ar na deacrachtaí agus ar na dúshláin roimh an aistritheoir don té atá ag dul a bheith páirteach i ndráma ar ardán. Maíonn sé gur minic a bhíonn an t-aistritheoir don ardán ag aistriú faoi dhó: chuig an sprioctheanga ar dtús agus ansin chuig gluaiseachtaí príomhúla na gcarachtar. Is é a dhála céanna é ag an té atá ag aistriú don scéalaí atá ag dul a chur an scéal i láthair lucht éisteachta agus lucht féachana.
Cur chuige an aistriúcháin
Don té atá ag dul a aistriú scéalta béaloidis, caithfidh sé é féin a thumadh i dteanga an bhéaloidis agus lón léitheoireachta a dhéanamh. Caithfidh sé foclóirí, leabhair ghramadaí agus foinsí eile a chuardach agus é i mbun oibre. Dar le Ó Ruairc, (2007: 7):
Is é is buanchuspóir don aistritheoir go Gaeilge, ag féachaint don bhunlaige atá air mar aistritheoir nach bhfuil an Ghaeilge ó dhúchas aige, a chuid eolais a fheabhsú gan staonadh ar an gclisteacht friotail agus an éagsúlacht meoin agus an dearcadh difriúil is dual don teanga.
Molann Ó Ruairc (2007: 9) na seanaistriúcháin a rinne daoine amhail Seosamh Mac Grianna nuair a bhíodh sé ag aistriú do An Gúm. Bhíodh na haistritheoirí sin, dála Mhic Grianna, ag tarraingt as tobar domhain eolais ar an Ghaeilge, ag smaoineamh as Gaeilge agus gach gné den fhriotal acu ag freagairt do ghnáthúsáid an lae. Maíonn Mac Grianna, (1940: 8) go raibh obair an aistriúcháin chomh furasta lena bhróga a cheangal. Ní hamhlaidh atá an cás ag gach aistritheoir, ar ndóigh, ach thig leis feabhas a chur ar a cheird i gcónaí, ach lón léitheoireachta agus neart cleachta a dhéanamh.
Aistríodh an scéal béaloidis san aiste seo as an chnuasach Czech Fairytales ionas go ndéanfaí taifeadadh de. Rinneadh lón léitheoireachta ar na scéalta béaloidis atá ar fáil i nGaeilge ar dtús, ar nós Scéalta Johnny Shéamaisín (2004) agus Scéalta Draíochta Mhicí Sheáin Néill (2021) gan ach cúpla cnuasach a lua. B’éigean don aistritheoir sa chás seo mar sin, a dhéanamh cinnte go gcoinneofaí rithim na teanga céanna beo san aistriúchán ar an scéal as Poblacht na Seice agus atá sna cnuasaigh luaitear thuas. Is é an t-úsáideoir deiridh; an lucht léitheoireachta agus an lucht éisteachta is tábhachtaí san aistriúchán seo. Thug Vermeer; (1989) Skopos ar an teoiric seo. Is focal Gréigise é Skopos a chiallaíonn sprioc nó cuspóir agus bhain Vermeer leas as mar théarma le cur síos ar an teoiric a d’fhorbair sé féin faoi chuspóir an aistritheora. Dar le Nord (2014: 27):
According to Skopostheorie (the theory that applies the notion of Skopos to translation), the prime principle determining any translation process is the (skopos) of the overall action. This fits in with intentionality being part of the very definition of any action.
Chuir Nida (1964) an comhionannas dinimiciúil chun tosaigh agus é ag trácht ar chúrsaí aistriúcháin. Maíonn sé go dtugann an comhionnanas dinimiciúil níos mó eolais don léitheoir agus gurb é gnáthleagan cainte an léitheora is tábhachtaí i ngach aon chás. Mar a deir Nida féin (1964: 159):
A translation of dynamic equivalence aims at complete naturalness of expression and tries to relate the receptor to modes of behaviour relevant within the context of his own culture.
Rinneadh iarracht teanga nádúrtha a chur chun cinn san aistriúchán seo. Is iad na teoiricí thuas a bhí chun tosaigh in intinn an aistritheora sa tsaothar seo agus é ag machnamh ar leibhéal, ar rithim, ar íogaireacht, ar iomas agus ar intleacht na teanga. Tá focal sa Ghearmáinis, Sprachgefühl a chuimsíonn na tréithe seo uilig agus ar chóir don aistritheoir díriú air agus é i mbun pinn. Ciallaíonn an focal ‘sprache’, labhairt na teanga sa Ghearmáinis, agus ciallaionn an focal ‘gefühl’ saíocht na bhfocal. Tugann Cathal Ó Searcaigh (2011) léargas air seo ina dhán ‘Tiontú’. Cuireann sé síos ar Maggie Neddie Dhonnchaidh a chónaigh in aice leis. Bhí sise ina sanasaí, dar le Ó Searcaigh agus í ábalta an ní a bhí deoranta a chur faoi chuing an dúchais i ndeismireacht bhéil a daoine. Is é sin an cur chuige a bhí chun tosaigh in intinn an aistritheora sa chás seo agus é ag tarraingt as tobar na teanga sna scéalta béaloidis. Deir Ó Ruairc, (1997: 44) go dtugann teoiric an aistriúcháin creat don aistritheoir agus go dtaispeánann sé dó cad é an modh oibre is fearr a d’oirfeadh do théacs ar leith. Mar a deir Vermeer féin (Vermeer 1989a: 20 translation from Nord 1997: 29):
Each text is produced for a given purpose and should serve this purpose. The Skopos rule thus reads as follows: translate/interpret/speak/write in a way that enables your text/translation to function in the situation in which it is used and with the people who want to use it and precisely in the way they want it to function.
Léiríonn an t-athfhriotal thuas gurb é an rud atá le déanamh ag an aistritheoir ná eolas a bhailiú ar an spriocghrúpa léitheoireachta nó éisteachta a bhfuil sé ag díriú air agus seo a choinneáil chun tosaigh ina smaointe. Nuair a bheas táscairí aige ar an ghrúpa; ar an chanúint, ar nathanna teanga, ar fhriotal teanga agus ar nodanna eile, is fearr a bheas sé ábalta tabhairt faoin aistriúchán agus an t-aistriúchán a mhúnlú chun sástachta an ghrúpa sin. Ní hionann an Skopos agus an dóigh ar chóir d’aistritheoir a chuid oibre a dhéanamh ach tugann sé leideanna dó ar an lucht léitheoireachta nó éisteachta agus beidh sé ábalta é a aistriú sa dóigh go mbeidh sé fóirsteanach do riachtanais an ghrúpa sin. Mar a deir Vermeer (Vermeer 1989b/2012: 198):
What Skopos states is that one must translate, consciously and consistently, in accordance with some principle respecting the target text. The theory does not state what the principle is: this must be determined separately in each specific case.
Tugann an Skopos deiseanna don aistritheoir tuilleadh eolais a chur isteach más gá leis an téacs a éascú don spriocghrúpa nó píosa eolais a fhágáil as leis an leagan deireanach a dhéanamh ‘níos cairdiúla’ don spriocghrúpa. Mar shampla, is minic san aistriúchán seo gur scoilteadh abairtí fada ina dhá leath ionas go mbeadh siad níos éasca don aithriseoir agus don lucht éisteachta chomh maith.
Aontaíonn Ó Ruairc, (2007: 11) le Vermeer agus é ag maíomh gurb é an cruthanas is fearr den dea-aistriúchán, nach eol don léitheoir gur aistriúchán é. Maíonn Ó Ruairc, (2007: 14) go gcaithfidh an t-aistriúchán a bheith ciallmhar, ciallmhar agus arís ciallmhar. Dar le Bassnett, (2011: 16) go mbíonn cuid mhaith aistritheoirí ag insint di nach bhfuil teoiricí de dhíth orthu ach an cleachtadh. Maíonn sí go bhfoghlaimíonn aistritheoirí straitéisí agus nósanna nua agus iad i mbun oibre. Rinne an t-aistritheoir ar an scéal béaloidis seo iarracht tarraingt ar theoiricí agus ar chleachtadh le téacs soléite sothuigthe a sholáthar. Mar a deir Ó Doibhlín, (2000: 10):
… and if I have any guiding principles, they are simply these; to produce a text that reads as naturally as may be possible to the Gaelic eye and ear, and at the same time to remain as faithful as may be possible to the experience of reading the work in its original language.
Cuireann Ó Ruairc, (1997: 42) comhairle a leasa ar an aistritheoir agus é i mbun oibre. Dar leis:
Bíonn dhá chuspóir ar a iúl aige de shíor, bíonn leathshúil ag faire ar thoil an údair agus leathshúil eile dírithe ar thuiscint an léitheora. Agus tuigtear dó nach téacs lom amháin atá le haistriú aige, nach bhfuil gach téacs ina fhógra oifigiúil, ach go bhfuil giúmar agus mothúcháin agus mífhoigne agus íogaireacht agus caolchúis le haistriú freisin.
Glacadh leis an chomhairle chéanna agus an t-aistriúchán seo idir lámha.
Ag aistriú ainm dílis sa scéal
Rinneadh cinneadh an t-ainm dílis Liduška a dhúchasú. Aistríodh Liduška go ‘Aoibhinn’. Is é an sprioc a bhí roimh an aistritheoir ná rithim na teanga a choinneáil beo i mbéal an aithriseora, i gcluasa an lucht éisteachta agus i súile an lucht léitheoireachta, agus ainmneacha coimhthíocha a sheachaint. Bhí dhá chúis leis an chinneadh seo. Sa chéad dul síos, bheadh cuma choimhthíoch ar ainm iasachta sa téacs ag léitheoir ar bith agus sa dara dul síos bheadh siad doiligh ag an aithriseoir sa chás seo é a fhuaimniú gan eolas aici ar theanga na Seice. Dúirt Lathey (2006: 7) agus í ag tagairt d’ainmneacha dílse i scéalta do pháistí gur chóir na hainmneacha a aistriú má tá baint acu le tréithe na gcarachtar sa scéal. Molann Bell, (1985: 7) gur chóir ainmneacha iasachta a dhúchasú ionas nach gcothóidh siad coimhthíos idir na léitheoirí agus an téacs. Dar le Klingberg, (1986: 17), ba chóir an téacs coimhthíoch a thabhairt chuig an léitheoir ach gur chóir a laghad athruithe agus is féidir a dhéanamh. Tagann an t-ainm Liduška ón tSlaivic agus tá ciall dhearfach leis an ainm sa teanga sin. Deirtear gur chóir don té a bhfuil an t-ainm Liduška uirthi a bheith lách cineálta le gach duine. Rinneadh dúchasú ar an ainm Liduška go ‘Aoibhinn’ leis an chiall i dteanga na Slaivice san ainm a choinneáil.
Caighdeán agus Canúint
Baintear feidhm as córas an tséimhithe tríd síos an aistriúchán seo agus an scéal dírithe ar lucht léitheoireachta agus ar lucht éisteachta Chúige Uladh go príomha. Tá treoracha do chóras an tséimhithe ar fáil in An Caighdeán Oifigiúil (2016: 16-17). Cuirtear ‘t’ roimh ‘s’ sa tuiseal tabharthach fiú más focal firinscneach é – cuir i gcás sa tseanchas. Bheadh an córas uraithe coimhthíoch ag Brídanna Ní Bhaoill, an t-aithriseoir, agus ag an lucht éisteachta agus ag lucht léitheoireachta a bhfuil na scéalta dírithe orthu go príomha. Roghnaítear an focal, an frása agus an friotal is minice a úsáidtear i gcanúint Chúige Uladh síos fríd na haistriúcháin ar na scéalta fosta nuair atá rogha le déanamh ag an aistritheoir. Déantar tagairt do leaganacha na bhfocal, na bhfrásaí agus an fhriotail atá ar fáil sna leabhair cháiliúla agus sna scéalta cáiliúla as Tír Chonaill, cuir i gcás; Ó Grianna (1924) Caisleáin Óir, Mac Grianna (1940) Mo Bhealach Féin, Mac Maoláin (1992) Cora Cainte as Tír Chonaill agus Ó Domhnaill (1968) Scéalta Johnny shéamaisín nuair is féidir, leis an scéal The Three Spinners a aistríodh go Gaeilge a shaibhriú agus a dhúchasú. Cuideoidh an cur chuige seo le Brídanna, ar as Rann na Feirste í agus cuideoidh sé fosta le tuiscint an lucht éisteachta agus an lucht léitheoireachta.
Cloítear leis an Chaighdeán Oifigiúil (2016) tríd síos fosta.
An Triúr Sníomhaithe. Aistriúchán agus anailís
Bhí sin ann agus más fada ó bhí, bhí baintreach bhocht ann, nach raibh aici ach an t-aon iníon amháin ar tugadh Aoibhinn uirthi. Ó tharla nach raibh talamh ar bith acu, gan fiú bó ach oiread, bhíodh siad ag sníomh chun an beo a choinneáil os cionn an mhairbh. Girseach álainn dea-mhúinte a bhí in Aoibhinn gan de locht uirthi ach go raibh sí chomh falsa le broc. Nuair a bhí sí in ainm is a bheith ag sníomh ag an tuirne thoisíodh sí a chaoineadh. Nuair a thug a máthair uirthi tabhairt faoin obair sa deireadh thiar thall, bhí a cuid oibre chomh dona sin nárbh fhiú a dhath í. Tharla lá go raibh a máthair i mbarr a céille aici; tháinig cuil an diabhail uirthi is thug smitín i mbun na cluaise di. Thosaigh Aoibhinn a chaoineadh agus ag mairgneach ionas go gcluinfí i bhfad i gcéin í.
Go díreach ag an bhomaite sin tharla go raibh an Bhanríon ag dul thar bráid i gcóiste. Nuair a chuala sí an caoineadh a bhainfeadh deoir as cloch ghlas, d’iarr sí ar a fear cóiste stopadh, thuirling den charráiste agus chuaigh isteach sa chró beag tí agus í ag déanamh gur tharla tubaiste mhór dóibh siúd a bhí istigh. Nuair a chonaic sí Aoibhinn ag caoineadh uisce a cinn, d’fhiafraigh sí di: “Cad é a tharla duit, a leanbh ionúin?”
“Órú, is é an rud a tharla ná gur thug mo mháthair smitín dom.” Thiontaigh an Bhanríon chuig an mháthair agus ar sise léi: “Cad chuige ar thug tú smitín don ghirseach bhocht seo?”
Bhí an mháthair trína chéile gan a fhios aici cad é ba chóir di a rá. Bhí náire uirthi a insint don Bhanríon go raibh a hiníon chomh falsa sin.
“Órú, a Bhanríon na trócaire, is trom an t-ualach atá orm de dheasca na girsí sin. Is é rud nach dtógfaidh sí rud ar bith ina lámh ach an choigeal. Níl sí ag iarraidh rud ar bith eile ach a bheith ina suí ag an tuirne de ló is d’oíche. Tháinig an oiread sin feirge orm inniu léi gur thug mé smitín di. Is é sin an fáth a bhfuil sí ag caoineadh agus ag mairgneach.”
Tógáil croí a bhí sa scéal seo don Bhanríon agus dúil mhór aici sa tsníomh. Mar sin de, is é rud a dúirt sí leis an mháthair: Más sin mar tá, a Mháthair na gírsí seo – ó tharlaíonn sé go bhfuil an oiread sin dúil ag d’iníon sa tsníomh, tabhair domsa le tabhairt ‘na bhaile í. Tabharfaidh mise aire mhaith di. Is mór an líon álainn atá agam sa phálás agus má dhéanann sí fónamh chomh craicneach céanna domsa agus a dhéanann sí sa bhaile, geallaim duit nach mbeidh aiféala uirthi.
Chuir an scéal seo lúcháir mhór ar an mháthair agus thug an Bhanríon an ghirseach léi láithreach agus d’fhill ar an phálás. A luaithe a bhain siad an pálás amach, thóg an Bhanríon lámh Aoibhinn agus threoraigh chuig na seomraí í. Bhí siad lán le líon ó bhun an urláir go barr na síleála. Bhí sé chomh galánta sin gur lonraigh sé mar a bheadh ór is airgead ann agus é chomh bog le him. Ansin labhair an bhanríon leis an ghirseach: “Déan obair chrua chraicneach, a iníon ionúin, agus an dá luas agus a bheas sé uilig sníofa agat, tabharfaidh mé mo mhac duit mar fhear céile agus is tusa a bheas ina bhanríon.”
Leis sin, d’iarr an bhanríon ar ghiolla dá cuid tuirne álainn luachmhar a thabhairt chuici. Bhí an tuirne sníofa as eabhar agus na lingeáin air déanta as ór; agus bhí ciseán ollmhór déanta as cána buí a raibh neart spól ann ag cumhrú an aeir. D’fhág an bhanríon Aoibhinn léi féin leis an líon i gceann de na seomraí.
Nuair a d’imigh an Bhanríon, shuigh Aoibhinn in aice leis an fhuinneog agus thosaigh a chaoineadh go fras. Dá mba rud é go mbeadh sí ag sníomh go ceann céad bliain ó mhaidin go faoithin, ní bheadh sí ábalta an líon uilig a bhí roimpi a shníomh. Is cinnte nach mbeadh sí ábalta é a dhéanamh, duine nár lú léi an diabhal ná an sníomh. Mar sin de, shuigh sí áit a raibh sí agus í ag caoineadh i rith na hoíche agus bhí sí go fóill ag caoineadh an mhaidin dár gcionn go dtí meán lae, gan turn dhá láimh a dhéanamh an t-am ar fad.
Ag meán lae tháinig an bhanríon lena fháil amach cá mhéad líon a bhí sníofa aici agus bhí iontas uirthi nuair a chonaic sí nár leagadh lámh ar an líon. Rinne Aoibhinn a leithscéal, a rá go raibh cumha i ndiaidh an bhaile uirthi agus gur chronaigh sí a máthair rud bocht agus nach raibh sí ábalta turn láimhe a dhéanamh de dheasca na ndeor. Chreid an Bhanríon focail na girsí, thug sólás di agus dúirt, “ná bíodh brón ort, a iníon ionúin, is é rud go gcaithfidh tú obair mhór mhaith a dhéanamh amárach ionas go mbeidh mo mhac agat mar fhear céile agus tusa i do bhanríon.”
Nuair a d’imigh sí, shuigh Aoibhinn in aice leis an fhuinneog arís, d’amharc sí amach agus í ag ligint osna. Ní dhearna sí turn láimhe go dtí tráthnóna agus ar a bharr sin, ní dhearna sí a dhath go dtí meán lae an lá dár gcionn.
Tháinig an bhanríon ag meán lae agus bhí iontas an tsaoil uirthi; chuir sí grainc uirthi féin nuair a chonaic sí nár leag Aoibhinn lámh ar an líon go fóill. Rinne Aoibhinn leithscéal arís, a rá go raibh tinneas cinn uirthi i ndiaidh an caoineadh a rinne sí an lá roimhe agus gurbh é sin an fáth nach raibh sí ábalta turn láimhe a dhéanamh. Ghlac an Bhanríon leis an leithscéal, ach ar sise agus í ag imeacht: “Tá sé in am duit, a Aoibhinn, tá sé in am duit tús a chur leis an obair más rud é go bhfuil tú ag iarraidh mo mhac a fháil mar fhear céile agus a bheith i do bhanríon.”
Lean an lá sin an dóigh chéanna ar lean na laethanta roimhe go dtí tráthnóna agus go dtí an mhaidin dár gcionn fosta: is é rud nár amharc Aoibhinn fiú ar an tuirne ach í ina suí in aice leis an fhuinneog agus í ag stánadh amach. D’oscail an bhanríon an doras ag meán lae agus nuair a chonaic sí go raibh Aoibhinn ina suí ansin go díomhaoin d’éirigh sí chomh dearg le meadar fola agus ar sise: “Éist liomsa, a Aoibhinn, inniu an lá deireanach a tharlóidh sé seo. Mura bhfuil a dhath ar bith sníofa agat faoin am seo amárach, ní bheidh mo mhac agat mar fhear céile. Ina áit sin, cuirfear faoi ghlas i dtúr dorcha thú lán le froganna, nathracha nimhe agus laghairteanna. Ligfidh mé duit bás a fháil den ocras ionas nach mbeidh tú ábalta bob a bhualadh orm agus bréaga a insint dom.” Leis sin, thiontaigh an Bhanríon ar a sáil agus cuil an diabhail uirthi, dhruid an doras de phlab agus d’imigh léi.
Tháinig critheagla ar Aoibhinn anois. Bhris an t-allas uirthi agus é ina rith síos clár a héadain nuair a smaoinigh sí ar an lá dár gcionn. Cad é ba chóir di a dhéanamh? Chas sí líon ar a coigeal, shuigh ag an tuirne agus thosaigh a shníomh. Ach cad é mar a bheadh sí ábalta a bheith ag sníomh agus í chomh falsa le broc? Ba ghairid gur éirigh sí as an obair. Shuigh sí in aice leis an fhuinneog agus chaoin chomh fras sin go raibh a croí ar shéala briseadh um thráthnóna.
Go tobann, chualathas cnag ar an fhuinneog. Nuair a thiontaigh Aoibhinn thart, chonaic sí triúr seanbhan gránna ina seasamh taobh amuigh. Bhí liopa íochtarach na chéad seanmhná chomh mór sin go raibh sé ag gobadh amach thar a smig. Bhí ordóg an dara seanbhean chomh leathan sin gur chlúdaigh sí bos a láimhe. Bhí cos dheas an tríú seanbhean chomh spadchosach sin go raibh an chuma uirthi gur thug duine éigin súisteáil di. Chuir siad an oiread sin eagla ar Aoibhinn nuair a chonaic sí iad gur phreab sí siar ón fhuinneog. Is é rud, áfach go ndearna an triúr seanbhan gránna aoibh an gháire uirthi go lách agus chuir in iúl di le comhartha láimhe gur chóir di an fhuinneog a oscailt agus nár chóir go mbeadh eagla uirthi rompu.
“Tráthnóna maith, a mhaighdean álainn,” ar siadsan. “Cad chuige a bhfuil tú ag caoineadh agus ag mairgneach?”
Ghlac Aoibhinn misneach agus d’fhreagair de ghlór caointeach. “Órú, cad chuige nach mbeinn ag caoineadh agus ag mairgneach ó tharlaíonn go gcaithfidh mé an líon uilig a fheiceann sibh ina charn romhaibh sa tseomra seo agus sa dá sheomra eile a shníomh atá lán ó bhun an urláir go barr na síleála fosta?” D’inis sí gach rud a tharla di do na seanmhná. D’inis sí dóibh gur gheall an Bhanríon di go mbeadh a mac aici mar fhear céile agus ise ina banríon a luaithe a bheadh an líon uilig sníofa aici. “Ach cén mhaith dom é?” ar sise fosta. “Ní thiocfadh liom é uilig a shníomh dá mba rud é go mbeinn ag sníomh go lá mo bháis.”
Rinne na seanmhná aoibh an gháire agus dúirt: “Déanfaidh muid margadh leat, a thaisce. Má thugann tú gealltanas dúinn go gcuirfidh tú cuireadh orainn chuig do bhainis, go mbeidh muid inár suí in aice leat agus nach mbeidh náire ort fúinn os comhair na n-aíonna, sníomhfaidh muid an líon uilig duit níos gaiste ná a mheasann tú.”
“Beidh mé sásta rud ar bith a iarrfaidh sibh orm a dhéanamh,” arsa Aoibhinn go sona sásta. “Gabhaigí i mbun na hoibre anois chomh tiubh géar agus a thig libh agus ná bíodh aon cheo eile fá dtaobh de.”
Is é rud gur dhreap an triúr seanbhan isteach ar fhuinneog an tseomra, chuir Aoibhinn a luí agus thosaigh a shníomh an lín. Tharraing an té a raibh an ordóg leathan uirthi an tsnáithe, d’fhliuch agus shlíoc an té a raibh a liopa íochtarach chomh mór sin go raibh sé ag gobadh amach thar a smig an tsnáithe agus bhí an té a raibh spadchos dheas uirthi ag casadh an tuirne. Is tiubh te tapa a rinne siad an obair. Teacht dheirge an dá néal agus ball bán ag teacht ar an lá, d’éirigh Aoibhinn agus chonaic sí roimpi carnán mór lín a raibh scoth an tsnímh déanta air agus é ar na spóil. Bhí altú na lámh suas aici. Bhí bearna chomh mór sin sa charnán lín go dtiocfadh léi dul i bhfolach inti. D’fhág na seanmhná slán ag Aoibhinn, gheall go dtiocfadh siad arís tráthnóna agus d’imigh amach ar an fhuinneog.
Tháinig an bhanríon ag meán lae lena fháil amach an raibh Aoibhinn go fóill díomhaoin. Bhí iontas an tsaoil uirthi nuair a chonaic sí roimpi an carnán mór lín a raibh scoth an tsníomh déanta air. Tháinig coinnle ar a súile agus mhol sí Aoibhinn go hard as an obair chrua chraicneach a bhí déanta aici.
Nuair a chuaigh sé a chailleadh an tsolais, bhí na seanmhná ina seasamh cheana féin ag an fhuinneog agus d’oscail an ghirseach an fhuinneog dóibh lena ligint isteach go fonnmhar. Agus tharla sé mar sin achan oíche – thagadh siad tráthnóna agus d’imíodh siad ar maidin. Agus Aoibhinn ina codladh bhíodh na seanmhná ag sníomh an lín giota ar ghiota go dtí sa deireadh go raibh an chéad seomra iomlán folamh. Ag meán lae gach lá nuair a thagadh an Bhanríon lena fháil amach an méid lín a bhí sníofa ag Aoibhinn, is é rud go mbaintí lán na súl aisti agus í ag amharc ar an tsnáth álainn, ag moladh Aoibhinn as an obair threallúsach a bhí déanta aici. Is minic a deireadh sí, “A leanbh ionúin, rinne mé éagóir ort san am atá thart.”
Is é rud gur chuir na seanmhná tús leis an obair sa dara seomra. Nuair a bhí an seomra seo chóir a bheith folamh, thosaigh an Bhanríon a dhéanamh réidh don bhainis. Nuair nach raibh mórán fágtha sa tríú seomra, ghabh Aoibhinn buíochas ó chroí leis na seanmhná as a gcuidiú. “Ná déan dearmad ar an ghealltanas a thug tú dúinn, a thaisce. Ní bheidh aithreachas ort faoi sin amach anseo,” arsa na seanmhná.
Nuair a bhí an tsnáithe dheireanach den líon uilig sna trí sheomra sníofa, agus gach duine réidh don bhainis tháinig an Rí óg isteach. Bhí an-áthas air bean chomh hóg agus chomh hálainn sin agus chomh treallúsach sin a bheith aige mar bhrídeog agus ar seisean léi, “Iarr rud ar bith is mian leat ormsa agus gheobhaidh tú é agus fáilte.”
Chuimhnigh Aoibhinn ar an triúr seanbhan agus dúirt: “Tá triúr seanaintíní agam sa bhaile. Tá siad beo bocht agus é doiligh orthu a mbeatha a thabhairt i dtír ach iad an-mhaith domsa. Tabhair cead dom cuireadh a chur orthu chuig an bhainis.” Thug an Rí óg agus an Bhanríon cead di.
Nuair a tháinig lá na bainise agus na haíonna réidh le suí ag na táblaí, fosclaíodh an doras gan choinne agus seo isteach an triúr seanbhan. Bhí cuma áiféiseach orthu nuair a shiúil siad isteach sa tseomra agus iad gléasta in éadaí seanfhaiseanta. Nuair a chonaic an bhrídeog iad is é rud gur rith sí ionsorthu gur chuir sí fearadh na fáilte rompu. “Is é bhur mbeatha, a sheanaintíní ionúine, ‘sé bhur mbeatha. Gabhaigí anseo agus suígí in aice liomsa ag an tábla.”
Rinneadh stangaire de na haíonna agus is é rud go dtosódh siad a gháire ach ab é go raibh eagla orthu roimh an Rí. Tháinig dath dearg go dtí an dá chluas ar aghaidh an Rí agus ar aghaidh na Banríona araon agus iad beirt chomh dearg le fuil. Ní raibh siad ábalta rud ar bith a rá le hAoibhinn, áfach, cionn is gur thug siad cead di.
Le linn an bhéile chuir Aoibhinn bia faoi bhráid na mban, dhoirt deoch fíona amach dóibh agus chuir brú orthu arís agus arís eile a rá, “ithigí agus ólaigí, a aintiní ionúine, is sibhse a chaith go lách liomsa i gcónaí.”
Nuair a bhí deireadh leis an bhéile agus na haíonna ag éirí de na suíocháin ag an tábla le himeacht, shiúil an Rí a fhad leis an chéad seanbhean – an té a bhí spadchosach agus d’fhiafraigh sé di, “A Mhóraí, cad chuige a bhfuil tú chomh spadchosach sin?”
“De dheasca an tsnímh, a dhuine uasail, de dheasca an tsníomh.”
Ansin shiúil an Rí a fhad leis an dara seanbhean – an té a raibh ordóg leathan uirthi: “Ach inis dom, a Mhóraí, cad chuige a bhfuil d’ordóg chomh leathan sin?
“De dheasca an tsnímh, a dhuine uasail, de dheasca an tsnímh.”
Leis sin, thiontaigh sé chuig an tríú seanbhean – an té a raibh a liopa íochtarach chomh mór sin go raibh sé ag gobadh amach thar a smig agus dúirt: “A Mhóraí, cad chuige a bhfuil do liopa chomh mór sin?”
“De dheasca an tsnímh, a dhuine uasail, de dheasca an tsnímh.”
Nuair a chuala an Rí óg na freagraí sin bhí sé ar bharr amháin creatha le heagla. D’inis sé dá bhean álainn láithreach bonn nach raibh sí lena lámh a leagan ar choigeal an dá lá is a mhairfeadh sí. Ní raibh sé ag iarraidh go mbeadh sí chomh spadchosach sin, go mbeadh a hordóg chomh leathan sin ná go mbeadh liopa uachtarach gránna uirthi ag gobadh amach thar a smig.
Idir an dá linn d’imigh an triúr seanbhan as radharc gan tásc ná tuairisc orthu sa tseomra. Ní raibh a fhios ag duine ar bith cá ndeachaigh siad. Ina dhiaidh sin, áfach, nuair a smaoinigh Aoibhinn orthu chuir sí beannacht lena n-anamacha. Agus ó thús an tsaoil, tá gach seans ann nár chloígh bean ar bith eile chomh fonnmhar céanna le mian a fear céile agus a chloígh an Bhanríon óg le mian an Rí.
Anailís: Focail, frásaí agus friotal
Once… | Bhí sin ann agus más fada ó bhí. Féach: Nic Niallais, C. (2021: 167). |
They made their living by spinning. | Bhíodh siad ag sníomh chun an beo a choinneáil os cionn an mhairbh. Féach: Mac Giolla Chomhaill (2003: 92) |
At last… | Baineadh úsáid as Tharla lá cionn is go raibh sa deireadh san abairt roimhe agus gur léirigh sé an chiall. |
…her mother could take no more of this… | …go raibh a máthair i mbarr a céille aici. Féach: Nic Niallais, C. (2021: 167). |
She became angry… | …tháinig cuil an diabhail uirthi. Féach Ó Grianna, (1924: 50) |
She slapped her daughter across the ear. | Baineadh úsáid as an fhocal smitín. Féach: Ó Grianna (1924: 28) |
… the Queen was riding by. | … go raibh an Bhanríon ag dul thar bráid i gcóiste. Níorbh ise a bhí ag marcaíocht ach í sa chóiste. |
… such a heart-rending lament. | … a bhainfeadh deoir as cloch ghlas. Féach: Mac Giolla Chomhaill (2003: 333) |
… I have such a hard cross to bear on account of the girl… | … is trom an t-ualach atá orm de dheasca na girsí sin. Baineadh úsáid as an chopail le béim a chur ar an abairt agus baineadh úsáid as de dheasca le rud diúltach a léiriú. |
I tell you… | … más sin mar tá. Féach: Nic Niallais, C. (2021: 168). |
…let her go with me. | … tabhair domsa le tabhairt ‘na bhaile í. Nic Niallais, C. (2021: 168). |
… if she works as hard for me… | …má dhéanann sí fónamh chomh craicneach céanna domsa. Féach: Ó Grianna, (1924: 53). |
… as soft as unspun silk. | Baineadh úsáid as samhail dhúchasach - chomh bog le him. |
As soon as… | … an dá luas agus… Féach: Ó Grianna, (1961: 350) |
… she who hated spinning from the bottom of her heart. | … duine nár lú léi an diabhal ná. Féach: Mac Cionnaith, (2011: 100) |
… she had moved neither hand nor foot. | … gan turn dhá láimh a dhéanamh. Féach: Nic Niallais, C. (2021: 167). |
… she flew into a rage. | … d’éirigh sí chomh dearg le meadar fola. Féach: Ó Grianna, (1924: 11). |
Then Liduška felt truly afraid. | Tháinig critheagla ar Aoibhinn anois. Féach: Ó Grianna, (1924: 125). |
… and indicated… | …agus chuir in iúl di le comhartha láimhe. Is léir go raibh an fhuinneog druidte agus nach mbeadh an ghirseach ábalta na seanmhná a chluinstin. Mar sin de, baineadh úsáid as comhartha láimhe leis an chiall a thabhairt slán. |
“Do you know what, dear?” | “Déanfaidh muid margadh leat, a thaisce.” Chuidigh an focal margadh leis an chiall a thabhairt slán. Margadh a bhí ann. |
wedding | Baineadh úsáid as bainis cionn is gurb é an féasta atá i gceist. Féach: Mac Lochlainn, (2018: 156) |
just | … ná bíodh aon cheo eile faoi dtaobh de… Baineadh úsáid as an nath seo leis an chiall a thabhairt slán. |
long lip | …an té a raibh a liopa íochtarach chomh mór sin go raibh sé ag gobadh amach thar a smig… Aistríodh an dá fhocal thall ar an dóigh seo le leanúnachas a choinneáil leis an abairt ní ba luaithe sa scéal. |
The work flew from their hands. | … Is tiubh te tapa a rinne siad an obair. Tá an nath seo fóirsteanach agus an chopail agus uaim in úsáid. |
And when dawn began to break… | Teacht dheirge an dá néal… Féach: Pórtéir, (1993: 165) |
Her heart lept for joy (over the moon) | Bhí altú na lámh suas aici. Féach: Mac Giolla Chomhaill (2003: 207) |
hole | Baineadh úsáid as bearna sa chás seo le cur in iúl go raibh spás ann. |
Her face brightened… | Tháinig coinnle ar a súile. Féach Mac Giolla Chomhaill (2003: 184) |
When it began to get dark… | Nuair a chuaigh sé a chailleadh an tsolais… Féach: Ó Grianna (1921: 2) |
diligence | …obair threallúsach … Féach: Ó Domhnaill, (2004: 5) |
one day | Baineadh úsáid as amach anseo leis an chiall a thabhairt slán sa chomhthéacs. |
of low birth | Baineadh úsáid as an nath - agus é doiligh orthu a mbeatha a thabhairt i dtír – a mhíníonn an frása thall atá as dáta agus míchothrom mar bharúil. Deir Newmark, (1991: 46) ‘I am suggesting that the translator has the responsibility for ‘intervening if there are the following types of defect in the original: … statements infringing excepted human rights.’ |
suddenly | Baineadh úsáid as gan choinne sa chiall is nach raibh duine ar bith ag dúil leis. |
The guests stared in amazement… | Rinneadh stangaire de na haíonna… Mac Maoláin, (1992: 4) |
Bassnett, S., (2011) Reflections on Translations. Bristol, Buffalo & Toronto: Multilingual Matters.
Bell, A., (1985) Translator’s Notebook: The Naming of Names. London: Kestrel.
Garry, J. & Hasan El-Shama, (2005) Archetypes and Motifs in Folklore and Literature. New York: Routledge.
Gooch, S., (1996) Fatal Attraction. In Johnston, D. Stages of Translation. (eag.) Absolute Press.
Klingberg, G., (1986) Children’s Fiction in the Hands of the Translators. Malmo: CWK Gleerup.
Lathey, G., (2006) The Translation of Children’s Literature. Multilingual Matters.
Mac Aoidh, S. in Uí Ógáin (2016) (eag.) Béaloideas Iris An Chumainn Le Béaloideas Éireann. Baile Átha Cliath: An Cumann le Béaloideas Éireann.
Mac Cionnaith, S., (2011) “mar a déarfá” Cnuasach Clíséanna ciútai cainte agus frásaí coitianta eile. Baile Átha Cliath: Coiscéim.
Mac Giolla Chomhaill, A., (2003) Deismir. Cumann Seanchais Ard Mhacha.
Mac Grianna, S., (1940) Mo Bhealach Féin. An Gúm, Baile Átha Cliath.
Mac Lochlainn, A., (2015) Cruinneas. Baile Átha Cliath: Cois Life.
Mac Lochlainn, A., (2018) Ó Bhéarla go Gaeilge. Baile Átha Cliath: Cois Life.
Mac Maoláin, S., (1992) Cora Cainte as Tír Chonaill. Baile Átha Cliath: An Gúm.
Mac Maoláin, S., (1992) An Bealach chun na Gaeltachta. An Léann Éireannach, Ollscoil Uladh.
Nĕmcová, B. & Erben, K.J., (2018) Czech Fairytales. European Union: Vitalis.
Newmark, P., (1991) About Translation. Multilingual Matters Ltd, Clevedon, Philadelphia & Adelaide.
Nida, E., (1964) Toward a Science of Translating, with Special Reference to Principles and Procedures involved in Bible Translation. Leiden: E.J. Brill.
Nord, C., (2014) Translating as a Purposeful Activity. New York & London: Routledge.
Ní Bhaoill, B., (2021) Scéal Chú Chulainn. Seanchas Sheáin Néill.
Ní Bhaoill, R. & McCoy, G., (2007) Taisce Focal. Béal Feirste: Ultach.
Ní Mhuiríosa, M. & Williams, J.E. (1979) Traidisiún Liteartha na nGael. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.
Nic Éinrí, Ú., (1979) Stair Litríocht na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Folens.
Nic Niallais, C., (eag.) (2021) Scéalta Draíochta Mhicí Sheáin Néill. Éabhlóid, Gaoth Dobhair, Tír Chonaill.
Ó Cúlacháin, C., (1980) Tobar na Gaeilge, Litríocht agus Teanga. Helicon Terranta, Baile Átha Cliath.
Ó Doibhlin, B., (2000) in Éire – Ireland, Cú na mBaskerville. Irish American Cultural Institute.
Ó Domhnaill, E., (eag.) (2004) Scéalta Johnny Shéamaisín. Comhaltas Uladh, An Tearmann, Leitir Ceanainn.
Ó Duáin, O., (1968) Meas na filíochta. Baile Átha Cliath: FNT.
Ó Grianna, S., (1921) Mo Dhá Róisín. Baile Átha Cliath: Faoi chomhartha na dtrí gcoinneal,.
Ó Grianna, S., (1924) Caisleáin Óir. Dún Dealgán: Preas Dhún Dealgán.
Ó Grianna, S., (1942) Nuair a Bhí Mé Óg. Baile Átha Cliath: Cló Mercier.
Ó Grianna, S., (1945) Saol Corrach. Baile Átha Cliath: Cló Mercier.
Ó Ruairc, M., (1997) Aistrigh go Gaeilge. Baile Átha Cliath: Cois Life Teoranta.
Ó Ruairc, M., (2007) Aistrigh leat. Baile Átha Cliath: Cois Life Teoranta.
Ó Searcaigh, C., (1993) An Bealach ’na Bhaile. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.
Ó Searcaigh, C., (2011) An tAm Marfach ina Mairimid, Gaillimh: Arlen House.
Ottinen, R., (2000) Translating for Children. New York: Garland.
Póirtéir, C., (1993) Micí Sheáin Néill, scéalaí agus scéalta. Baile Átha Cliath & Béal Feirste: Coiscéim.
Pym, A., (2014) Exploring Translation Theories. Abingdon: Routledge.
Riggs, P., (1974) Bua an tSeanchaí. Treoir don leabhar Bullaí Mhártain. Baile Átha Cliath & Corcaigh: Cló Mercier.
Tithe an Oireachtais. (2016) Gramadach na Gaeilge – An Caighdeán Oifigiúil. Baile Átha Cliath: Tithe an Oireachtais.
Venuti, L., (2008) The Translator’s Invisibility: A History of Translation (2nd ed). New York & London: Routledge.
Vermeer, H. J. (1989) ‘Skopos and Commission in Translational Action’. Venuti (eag.) The Translation Studies Reader, third edition. London & New York: Routledge.