Dóchas an Dúchais: Neartú na nEalaíon Dúchais agus nGréasán Cultúrtha sa Ghaeilge

Lillis Ó Laoire

Agus sinn ag plé leis an fhocal ealaín, b’fhéidir nach miste dúinn smaoineamh ar bhunús an fhocail féin sa Ghaeilge.  Is focal é atá á úsáid sa tseanchiall sin sa Ghaeilge ar fad agus is mithid dúinn cialla an fhocail a mheabhrú dúinn féin.  Ciallaíonn an téarma i nGaeilge scil nó cumas i gceird nó in obair, agus ciallaíonn sé chomh maith léiriú na scile sin trína cleachtadh.  Ciallaíonn sé an coincheap, an tuiscint nó an scil, an cleachtadh agus an toradh. Cumas oilte gníomh a bhfuil scil ag baint leis agus a mbeidh toradh an ghnímh sin le haithint atá i gceist leis an ealaín.  Ar an dóigh sin, tá sé gar go maith don fhocal ceird.  Is minic a dhéanfaí tagairt dealaín an leighis, mar shampla, nó an ealaín a bhain le capaill a cheansú agus a thraenáil.  Ní mórán a chluinfeá a leithéid i mBéarla anois, cé go mbíodh an tuiscint sin ann tráth.

Tá ciall na cleasaíochta i gceist leis an ealaín fosta agus tá an chiall sin ar cheann de na bríonna is coitianta a fhaightear sa chaint go fóill.  Cleasaíocht agus rógaireacht uaireanta a chuirfeadh an focal in iúl, agus dar ndóigh tuigfidh ealaíontóirí go maith a bhfuil i gceist leis an bhrí sin.  Is féidir leis an bhrí sin a bheith diúltach, ach is tréith í a bhaineann le gach cineál obair nó cleachtadh ealaíne, go gcaithfear bréag a insint leis an fhírinne a léiriú.  Cuireann an ealaín rud i gcéill agus spreagann sí smaointe agus machnamh, más saothar atá i gceist a bhfuil fiúntas leis.

Táthar ag plé na n-ealaíon agus an bhaint atá acu le cúrsaí pleanála teanga.  Measaimse go bhfuil tábhacht faoi leith leis na healaíona béil sa phlé seo.  Is í an eagla mhór atá orainn ar fad, go bhfuil deireadh ag teacht le ré na Gaeilge mar theanga phobail, sa chiall gurb í gnáthmheán cumarsáide na ndaoine í, mar atá i gceist le teangacha buanseasmhacha eile.  Tá an t-athrú sin ag titim amach leis na céadta bliain, agus tá cor eile á cur ag an teanga di féin anois agus daoine ag tuar gurb é seo an deireadh go cinnte.  Má chailltear an Ghaeltacht, agus má stadtar de labhairt na Gaeilge mar ghnáthmheán cumarsáide, meastar go mbeidh deireadh leis an Ghaeilge.

Is duine mé féin ar éirigh liom Gaeilge a shealbhú sa bhaile agus ón phobal thart orm i m’óige.  Bhí ról ag an scoil go cinnte sa phróiseas fosta, ach ní rabhthas ag brath ar an scoil amháin le Gaeilge a thabhairt dom.  Ba í an Ghaeilge teanga an chlóis agus na sráide chomh maith leis an tseomra ranga.  Inniu, a mhalairt atá fíor agus is beag iad na clóis scoile a bhfuil Gaeilge in uachtar iontu.  Ní ar chlós na scoile atá formhór na hóige ag díriú a n-aird ach oiread ach ar an scáileán.  Ní thig an saol mór ná a chuid ealaíneacha (cleasa glice) a cheilt orthu.  Níor chóir ach oiread go gceilfí, cé go mb’fhéidir gur mhaith le daoine moill a dhéanamh leis.

Bunaithe ar mo thaithí féin ag plé leis an healaíona béil le blianta beaga mar sin féin, tá dóchas le feiceáil i gcónaí.  Scéimeanna simplí iad na scéimeanna atá ar bun ag an Ghaelacadamh ar fud Chonamara nó ag Aisling Gheal i Músgraí, mar shampla, leis an amhránaíocht a chur chun cinn.[1]  Ag comhdháil faoi chúrsaí amhránaíochta a rith mé i bpáirt le Cló Iar-Chonnacht, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i mí Meithimh 2015, mhínigh Máire Uí Dhroighneáin an modh a bhí aici féin le páistí a mhealladh i dtreo na n-amhrán agus fonn a chur orthu an t-earra a bhíonn sí a sheachadadh dóibh a fhoghlaim.  Is ealaíontóir cumasach í Máire, amhránaí den scoth ar an sean-nós as ceantar Chois Fharraige i gConamara.  Is aisteoir tréitheach í chomh maith a bhfuil páirt leanúnach aici sa sobaldráma Ros na Rún, agus a raibh páirt Bhríd Thoirdhealbhaigh aici sa scannán Cré na Cille (Quinn, 2007).  Ba é a bunphrionsabal an cúram a choinneáil simplí agus amhráin éadroma rithimiúla a roghnú ar dtús.  Luaigh sí féin ‘An Rógaire Dubh’ mar shampla den chineál amhrán a dtosaíonn sí leis (Ó Ceannabháin, 1997):

Tá nead insa sliabh ag an rógaire dubh
Tá nead insa sliabh ag an rógaire dubh
Tá nead insa sliabh ag an rógaire dubh
Is ní ghabhfaidh sé an bóthar ach cóngar an chnoic.

 Leis sin, d’fhéadfaí an dalta óg a mhealladh i dtreo an amhráin le scéal simplí taitneamhach.  Spreagadh an scéal an dalta agus mhéadaíodh an rithim thaitneamhach rialta agus an t-athrá an tarraingt a bhí ag an amhrán ar an pháiste. Beagnach i ngan fhios dóibh féin, sealbhaíonn gasúir na hamhráin ó Mháire mar go spreagtar a ndúil san obair agus nach mothaíonn siad mar thasc leadránach é, ach mar mhír agus mar chleachtas a bhfuil siad ag iarraidh máistreacht a fháil orthu.  B’iontach an léiriú é ar an scéal sin agus chomh tábhachtach agus atá an mealladh sin.  Tá ealaín nach beag ag baint leis an scil sin – ní hé amháin amhrán a rá agus a rá go maith, ach intinn an duine óig a bhréagadh agus a spreagadh i dtreo an amhráin, fonn a chur air nó uirthi an t-earra a shealbhú agus a chur de ghlanmheabhair.

Dála go leor scileanna is próiseas céimneach é a thosaíonn le rudaí beaga simplí agus a éiríonn níos casta de réir a chéile.  Beireann an rithim agus an ceol ar aigne an pháiste, agus cuirtear fonn air mír bheag shimplí amháin a chur de ghlanmheabhair agus ansin cuirtear an dara mír os a chomhair agus tógann sé é sin agus mar sin a leantar ar aghaidh.  Is modh múinte é sin atá an-éifeachtach agus is bealach é ina múnlaítear an corp agus an intinn fosta.  Múnlú cultúrtha atá i gceist, múnla ina gcruthaítear pearsa agus pearsantacht chultúrtha ar leith a bhaineann le háit faoi leith agus le ham faoi leith.  Is maith a thuigtear an múnlú cultúrtha sin agus an tábhacht atá leis an oideachas foirmiúil lena bhaint amach.  Cuirim i gcás, má scrúdaímíd liosta dánta a chuir Éigse Éireann agus The Irish Times le chéile, feicimid go bhfuil ‘The Lake Isle of Innisfree’ le W.B. Yeats ar bharr an liosta, agus ní nach ionadh go raibh mórán dánta eile le fear Shligigh air fosta.  Ach chomh maith le dánta Béarla ar nós ‘Raglan Road’ le Patrick Kavanagh, agus dánta le Séamus Heaney, tá roinnt d’fhilíocht na Gaeilge, ‘Mise Raiftearaí an File,’ le Raiftearaí, ‘An Bonnán Buí’ le Cathal Buí Mac Giolla Ghunna, ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’ le hEibhlín Dubh Ní Chonaill, ‘Cill Chais’ a leagtar go míchruinn ar Aogán Ó Rathaille, ‘Bean Sléibhe ag Caoineadh a Mic’ agus ‘Mise Éire’ le Pádraig Mac Piarais, agus ‘An tEarrach Thiar’ le Máirtín Ó Direáin (Dorgan, 1999).  Ba chuid den mhúnlú chultúrtha a tharla do dhá ghlúin de scoláirí na hÉireann mar chuid dá gceachtanna Gaeilge na dánta sin, agus d’fhan siad leo ar feadh a saoil.  Bhí go leor eile de stór filíochta na Gaeilge ar a dtoil ag daoine an t-am úd, mar gur chuid den mhúnlú chultúrtha a rinneadh ar an intinn a bhí ann.  B’ionann na míreanna a bhí ar an churaclam agus sciar d’oidhreacht chultúrtha na Gaeilge.  Rinne na daoine a phleanáil an curaclam cinneadh faoi leith gur mhaith an mhaise don pháiste Éireannach eolas a chur ar a leithéid ar scoil.  Tugtar faoi deara go mbaineann na dánta seo le háiteanna faoi leith, ach tuigeadh iad mar chuid d’oidhreacht choiteann Éireannach.  Thiocfadh le daoine ionannú leis an áit mar shiombail dá n-óige, dá soineantacht, dá n-aitheantas pearsanta agus náisiúnta.  Chruthaigh an t-ionannú sin nasc dearfach do dhaoine áirithe leis an Ghaeilge chomh maith, cuid de phlean na n-oifigeach stáit a dhear an curaclam céanna.  Pléann an t-antraipeolaí Arjun Appadurai an téarma locality’ i mBéarla.  Dar leisean go gcaitheann sochaithe beaga a lán dá gcuid ama ag cinntiú go dtáirgítear an tuiscint sin.  Mar a deir sé (1996: 179-81):

Even in the most intimate, spatially confined, geographically isolated areas, locality must be maintained carefully against various kinds of odds….space and time are themselves socialized and localized through complex and deliberate practices of performance, representation and action….Local knowledge is substantially about producing reliably local subjects as well as about producing reliably local neighborhoods within which such subjects can be recognized and organized.

 Cleachtann na pobail sin go dúthrachtach na deasghnátha a chruthaíonn nasc faoi leith idir an pobal agus an áit, nósanna nach féidir leo talamh slán a dhéanamh díobh.  Ní hann do na pobail mura gcothaítear na nascanna seo trína n-aithníonn daoine atá ina gcónaí san áit gur den áit sin iad.  Baineann na cleachtais sin le logainmneacha agus le bealaí eile a bhíonn ag an chultúr le spás agus am a theorannú agus brí faoi leith a thabhairt dóibh.

Is é sin, ar bhealach, a tharla le curaclam na scoile.  Ba mhúnlú intleachtúil agus sóisialta é a rinne iarracht nasc a chothú idir an duine agus a thír féin ar bhealach domhain.  Ní gá ach cúrsaí spóirt a lua chun go dtuigtear na dílseachtaí áitiúla. Is gréasán cultúrtha é an fhoireann spóirt agus is ‘ealaín’ atá sa spórt féin a shásaíonn seanchritéir an fhocail sin sa Ghaeilge.

Foirmeacha ealaíon atá nasctha go dlúth leis an teanga agus le gníomhú agus le cleachtadh na teanga an amhránaíocht agus an scéalaíocht, an drámaíocht agus an aithriseoireacht.  Nuair a bhí mé féin ag iarraidh a bheith ag baint céille as nósanna láithrithe an chaithimh aimsire i dToraigh, thug mé cuntas ar an chaitheamh aimsire sin mar a chonacthas a mhair sé.  Bhí cur síos ar an damhsa lárnach sa chur síos sin chomh maith, mar nárbh fhéidir, dar liom, cur síos a dhéanamh ar na hamhráin gan é. Bhí an damhsa agus cleachtadh na n-amhrán fite fuaite ina chéile.  Dá réir sin, ba riachtanach dom cur síos ar dhinimic an damhsa le hiomlánú a dhéanamh ar an léiriú a bhí mé ag iarraidh a thabhairt ar na hamhráin.

Pictiúr de chuid den traidisiún a bhí ann, páirt bheag amháin (Ó Laoire, 2002: 141-76, 177-205 & 206-57).  Gné nár phléigh mé sa saothar sin, mar a bhí an traidisiún á chur ar aghaidh go dtí na glúnta óga.  Agus thug mé faoi deara gur beag de sin a bhí ag tarlú.  Sa saol roimh dhraíocht na teilifíse bhí an caitheamh aimsire ar fáil do dhaoine má chuir siad suim ann.  Bhíodh an comhrá ar siúl agus bhíodh daoine rannpháirteach ann agus má bhí amhráin nó scéalta i gceist, faoin duine féin a bhí sé é a shealbhú nó a fhágail ina dhiaidh.  Ní raibh oiread sin rogha i gceist agus, dá réir sin, ba mhó seans a bhí ann go dtógfadh daoine an t-ábhar.  Dar ndóigh, ní gach duine a chuir suim in amhráin agus i scéalta.  Lean an cleachtas dreamanna daoine agus bhíodh speisialtóirí ann, oiread agus a cheadaigh riachtanais an tsaoil do dhaoine an speisialtóireacht sin a chleachtadh.  Ar an láimh eile, bhí cleachtadh ag daoine a bheith ag éisteacht agus bhí eolas níos leithne ar stór na n-amhrán agus na scéalta fiú murar ghnás leo féin a bheith dá gcleachtadh.  Nuair a tháinig na meáin leictreonacha agus nuair a leath an teilifís sna seascaidí agus sna seachtóidí tháinig luas mór faoin athrú sin.  Bhí caitheamh aimsire eile ar fáil anois agus níor éiligh sé oiread airde nó oiread rannpháirtíochta agus a d’éiligh an seanchas agus na hamhráin.

I dToraigh, mar a dúirt mé, thug mé faoi deara nach raibh mórán den tseachadadh sin ag tarlú sa ghlúin óg.  Bhí a n-aird ar na meáin nua-aimseartha agus is beag suim a bhí acu na seanamhráin áitiúla a fhoghlaim dáiríre.  Nuair a fuair Séamus Ó Dúgáin bás tobann sa bhliain 2000, dar liom go raibh an t-am ann rud éigin a dhéanamh a chuirfeadh borradh faoi chúrsaí amhránaíochta ar an oileán arís.  B’fhear é Séamus a raibh seandúchas Thoraí go smior ann.  Thug sé leis duais Chomórtas na bhFear ag an Oireachtas sa bhliain 1981, agus le daoine eile de chuid an oileáin, chuidigh sé leis an Athair Ó Péicín cur in aghaidh na bhfórsaí a bhí ag iarraidh an t-oileán a bhánú (Ó Péicín, 1997; Ó Dúgáin).  Bhí taithí agam ar na comórtais agus smaoinigh mé gur mhaith an rud é comórtas a bhunú i dToraigh le comóradh a dhéanamh ar Shéamus agus go spreagfadh sé foghlaim na n-amhrán arís.  Bhí mé beagán míchompordach mar gur thuig mé an taobh diúltach de cheist na gcomórtas chomh maith leis an taobh dhearfach.  Chuaigh cúrsaí ar aghaidh ón chéad bhliain agus bhí ag éirí ceart go leor leis an scéal.  Bhí roinnt daoine óga a tháinig chun tosaigh de thairbhe agus a d’fhoghlaim a gcuid amhrán go bliantúil don Fheis.

Bhí an t-ádh liom go bhfuair mé deontas ón scéim DEIS de chuid na Comhairle Ealaíon sa bhliain 2005 le ceardlann amhránaíochta a bhunú i dToraigh.  Thosaigh mé ar theagasc na n-amhrán don dream óg sa dá scoil.  D’éirigh go hiontach maith liom leis na páistí bunscoile.  B’iontach an acmhainn a bhí acu le rudaí a thógáil go tapaidh agus a choinneáil ina gceann.  I gcás na meánscoile, bhí beirt chailíní agam agus triúr buachaillí.  Níor éirigh go maith le mo chuid iarrachtaí aon rud a theagasc do na stócaigh.  Dhiúltaigh siad don iarracht nó ba léir domsa gur dhiúltaigh, cé go raibh siad béasach fá dtaobh de.  Ach chuir na girseachaí suim mhaith sa scéal agus d’fhoghlaim siad cúig nó sé d’amhráin.  Ba chóir dom a rá gur leag mé féin béim ar na leaganacha áitiúla de na hamhráin sa dóigh is go mbeadh siad sin le fáil i mbéal na n-óg agus go n-aithneodh na seandaoine iad.  Bhí toradh maith ar an teagasc sin agus tá an dream óg ag teacht ar aghaidh leo bliain i ndiaidh na bliana ag an Fheis.  Tá cuid den dream a mhúin mé na blianta sin a bhfuil céimeanna acu féin anois agus iad ag obair agus tá cuid eile acu ag freastal ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Rud eile a tharla in imeacht na mblianta gur cuireadh comórtas ar bun do dhaoine fásta agus tá rath ar an chomórtas sin fosta.  Bíonn suas le deichniúr nó dáréag amhránaithe ó bhliain go bliain sa chomórtas agus spreagtar díospóireacht agus plé go leor dá bharr.

Meabhraíonn an cíoradh ar fad an plé a bhíonn ann faoi chúrsaí an damhsa dom agus ar chuir mé síos air cheana.  Cuireann an t-iompar seo in iúl gur cleachtas beo i gcónaí é gabháil na n-amhrán sa phobal agus nach bhfuil i gceist ach go bhfuil an cleachtas a bhí riamh ann beo ar bhealach úr.  Níl mé ag cur in iúl go bhfuil an scéal foirfe ar bhealach ar bith – seift thraidisiúnta go maith atá sna comórtais nó sna feiseanna agus tá a gcuid constaicí féin ag baint leo mar nósanna.  Chuir Gailearaí na gCroisbhealaí tionscnamh ar bun d’aos óg na scoile le scileanna teicneolaíochta a mhúineadh dóibh agus iad a chur a bhailiú amhrán ó sheanmhuintir an bhaile.  Is eagraíocht é an Gailearaí a bhfuil maoiniú aige ó Ealaín na Gaeltachta go príomha leis an dearc-ealaín a chur chun cinn i nGaeltacht Thír Chonaill, ach pléann sé le foirmeacha eile fosta (An Gailearaí).  D’éirigh go maith leis sin agus chuir na leaids go háirithe suim ann mar go raibh baint aige le teicneolaíocht.  Rinne siad féin eagarthóireacht ar an ábhar, agus chuir siad buillí nua-aimseartha dá rogha féin leis an ábhar a bhailigh siad.  Tionscnamh rathúil a bhí ann. Bhí mé féin cineál buartha fá dtaobh de ó tharla gur trí Bhéarla a múineadh na scileanna teicneolaíochta dóibh.  Ní raibh mé chomh sásta sin go mbeadh an Béarla agus an nua-aimsearthacht nasctha le chéile ainneoin gur ag plé lena dtraidisiún féin a bhí siad.  Dar liom go raibh an ceart agam go pointe, ach má tá rogha le déanamh idir an tionscnamh a rith nó gan a rith mar gheall ar cheisteanna mar sin amháin, measaim go gcaithfear a dhul ar aghaidh leis.  Is í an iarracht atá le déanamh ná duine le Gaeilge a fháil an chéad uair eile ionas go gcomhlíonfar na spriocanna ar fad le chéile.  Sin áit a bhféadfadh an phleanáil teanga cuidiú le neartú na ngréasán cultúrtha, trína chinntiú go mbeadh eolairí ar fáil atá sásta le scileanna den chineál a mhúineadh do dhaoine óga.

Tá an-tábhacht le hamhráin agus ceol a mhúineadh do dhaoine óga.  Múintear scileanna teanga agus láithrithe dóibh agus spreagann an chaint agus an ceol, an ghabháil agus an teacht i láthair forbairt intinne an duine.  Múintear scileanna comhordaithe coirp, scileanna a thagann as na tuiscintí a fhaightear ar phatrúin agus ar shraitheanna. Is cuid bhunúsach den fhorbairt dhaonna na scileanna seo.  Nascann siad an intinn agus an corp le chéile ar bhealach dearfach agus tá seans maith ann go ngéaraíonn an cleachtadh coirp na scileanna intinne chomh maith.  D’fhéadfaí aon chineál ceoil nó filíochta a mhúineadh, dar ndóigh, agus bheadh an toradh céanna air. Ach is dlúthchuid den Ghaeilge agus dá cultúr iad na hamhráin seo.  Mar a deir Appadurai is cuid den aitheantas áitiúil iad, den mhodh sin inar féidir ceangal idir an duine agus an áit dhúchais a nascadh go láidir ar bhealach dobhriste.  Ach deir sé chomh maith go bhfuil dúshláin mhóra roimh na tuiscintí seo i saol an lae inniu (1996: 189):

This is a world where electronic media are transforming the relationships between information and mediation, and where nation-states are struggling to retain control over their populations in the face of a host of subnational and transnational movements and organizations.

Samhlaítear dó mar sin gur cogadh é an t-athrú seo i seachadadh an chultúir, mar chath ina bhfuil na seantuiscintí logánta, tuiscintí an náisiúin agus na tuiscintí nua atá bunaithe ar na meáin úra i ngleic le chéile.  Dá réir sin, is gníomh dúshlánach é sa lá inniu a bheith ag iarraidh na healaíona dúchais agus tríothusan an teanga dhúchais a chur ar aghaidh agus beatha bhailí a thabhairt dóibh.  Ní miste go dtuigfí gur cath é agus ní mór dúinne ar cás linn an Ghaeilge agus a cultúr a bheith réidh lenár n-oidhreacht a chur in oiriúint ar cibé bealach atá riachtanach leis an oidhreacht sin a chosaint.  Ní tráth faillí é.

Tá iontas agus aoibhneas ag baint le tionscnaimh Choláiste Lurgan atá ag spreagadh a gcuid scoláirí le haistriúcháin mhaithe de cheol na mbannaí is mó a bhfuil tóir ag an aos óg orthu (Coláiste Lurgan).  Ní fheicim mórán idir sin agus múineadh na filíochta traidisiúnta go bunúsach.  Is féidir droichead a thógáil idir an dá rud go héasca.  Is droichead é sin atá tógtha go minic cheana ag múinteoirí tuisceanacha seiftiúla.  Níl a fhios agam cén teagascóir a chuir fonn an amhráin Sloop John B’ (‘I wanna go home’), a bhain amach barr na gcairteacha idirnáisiúnta don ghrúpa cáiliúil na Beach Boys i 1966, leis na focail ‘An Raibh tú ar an gCarraig?’ agus níl a fhios agam cad chuige ar rith sé leis sin a dhéanamh.  Tá tuairim agam go mb’fhéidir gur leis an amhrán a dhéanamh níos éadroime agus níos tarraingtí do dhaoine óga a rinne sé sin.  Tá an fonn tradisiúnta an-bhinn ach tá sé brónach agus tá réimse an-leathan ann.  Ar chuma ar bith ba sheift chliste í.  Amhrán é ‘The John B. Sails’ a cuireadh i gcló den chéad uair in eagrán na Nollag den iris Harper’s Magazine i 1916Ba é Richard Le Gallienne a bhailigh an t-amhrán agus a chuir isteach in alt faoi thuras báid a thug sé amach as Nassau in Oileáin Bhahama le beirt eile.  Is amhrán é a chuirfeadh cuid d’amhráin bhádóireachta Chonamara sa lá inniu i gcuimhne duit.  Tá taifeadadh traidisiúnta ann ón bhliain 1935 (Lomax).  Agus an rud is iontaí faoi, is dóigh, go bhfuil an mheadaracht an-ghar don mheadaracht atá san amhrán Gaeilge ‘An raibh tú ar an gCarraig?’, amhrán a ndeirtear faoi go bhfuil baint aige leis na Péindlithe.  Is féidir comparáid a dhéanamh eatarthu tríd véarsa as an dá cheann a chur le taobh a chéile:

Come on the sloop John B.                An raibh tú ar an gCarraig

My grandfather and me                       Nó an bhfaca tú féin mo ghrá

Round Nassau town                            Nó an bhfaca tú gile agus finne

Ve did roam                                       Agus scéimh na mná

Drinking all night                                Nó an bhfaca tú an t-úll

Ve got in a fight                                  Ba chumhra is ba mhilse bláth

Ve feel so break-up                             Nó an bhfaca tú mo Vailintín

Ve vant to go home.                            Is an bhfuil sí á cloí mar atáim? (Ó hÉanaí)

Spreagann an chosúlacht ceisteanna a thabharfadh oidhreacht na nGael a fuadaíodh thar sáile sa seachtú haois déag chun cuimhne, seans, stair a bhfuil cuntais againn i nGaeilge uirthi (O’Rahilly, 1952, Titley, 2013).  Mheas Le Gallienne go raibh lorg na hAfraice ar an amhrán agus is cinnte go dtiocfaí sin a rá faoi rithimí sioncóipithe an cheoil (1916: 82):

These negro songs of Nassau, though crude as to words, have a very haunting, barbaric melody, said to come straight from the African jungle, full of hypnotizing repetitions and absurd choruses, which though they may not attract you much at first, end up by getting in your blood, so that you often find yourself humming them unawares.

Díríonn an t-údar aird ar phointe tábhachtach sa sliocht sin, is é sin, go dtéann an ceol i bhfeidhm orainn i ngan fhios dúinn féin agus go spreagann sé sinn i leith an chultúir. Is cuid de dhúil bhunúsach an duine sa chultúr agus d’acmhainn uilíoch an cheoil atá ar fáil i ngach cultúr ar fud na cruinne an dóigh a ndeachaigh an ceol i bhfeidhm air.  Scéal ann féin é, nach mbaineann linn anseo, mar a fuair an grúpa as California Na Beach Boys an t-amhrán, agus mar a chuir siad i mbéal na ndaoine ar fud cheithre ranna rua an domhain é, ach bhí baint ag leagan a cuireadh i gcló sa leabhar cháiliúil The American Songbag leis (Sandburg, 1927: 23).  Ach is cinnte gur tríothu a cuireadh eolas in Éirinn air.  Agus is dá mbarr a bhí eolas ag an mhúinteoir anaithnid air, nuair a d’aithin sé/sí an chosúlacht a bhí idir na meadarachtaí agus a d’athraigh sé/sí fonn ‘An raibh tú ar an gCarraig?’ le go gcuirfí na focail sin ag coipeadh i bhfuil na n-ógánach a bhí faoina c(h)úram.  Is mar sin a spreagadh Le Gallienne an chéad lá riamh leis an amhrán a Mhachaire Rabhartaí.  Is nasc é seo idir scéalta nach gceanglaímid dá chéile go han-mhinic sa lá inniu – ‘the unspoken, unrepresented pasts that haunt the historical present,’ mar a thugann Homi Bhabha orthu (2004: 18).

Léiríonn an t-athrú traschultúrtha gur gnéithe a bhfuil go leor i gcoitinne acu an cultúr nua-aimseartha agus cultúr ársa na Gaeilge.  Sa teagmháil seo idir iascairí Nassau, ollghrúpa idirnáisiúnta de chuid na seascaidí séanmhara as California, agus scoláirí ag foghlaim na Gaeilge ar chúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht, tá cros-síolrú thar a bheith suimiúil i gceist.  Ceanglaítear stair agus scéalta na cruinne le chéile trí mheán an cheoil agus deimhnítear áit na Gaeilge i gcultúr ilghnéitheach síorshiúlach an domhain.

Ceanglaíonn filíocht na n-amhrán daoine dá ndúchas agus dá n-oidhreacht ach má shamhlaíonn siad fonn nua-aimseartha leis na focail sin, tá deis ann dúil an pháiste a spreagadh, agus tríd an spreagadh sin, an ceacht a chur abhaile.  Má mhúintear An Raibh tú ar an gCarraig?’ do scoláirí ar bhealach nach dtuigeann siad féin ach gur amhrán taitneamhach é, tá an síol curtha agus as sin a thiocfaidh fás.  Déantar nasc teanga a théann siar cúpla céad bliain.  I dteanga na n-amhrán tá nasc le hardréim na teanga, réim nach n-úsáidtear gach lá ach ar cuid de thuiscint na gcainteoirí Gaeilge is fearr í.  Seo an teanga liteartha a cheadaíonn don chainteoir Gaeilge aon smaoineamh is maith leis a chur in iúl go beacht intuigthe gan cháim, gan bhalscóid. Is modhanna iad an amhránaíocht, idir cheol agus fhocail, an scéalaíocht agus an aithriseoireacht leis na scileanna sin a fhorbairt go dtí an leibhéal is airde.

Is cuid eile den fhorbairt sin an litríocht agus an léitheoireacht.  Tá dlúthbhaint ag na healaíona sin le cothabháil na Gaeilge.  Tuigeann an grúpa tionscnamhach Tuismitheoirí na Gaeltachta é sin agus tá forbairt na n-ealaíon ar cheann de na spriocanna is airde ar a gclár oibre.  Is eagraíocht í Tuismitheoirí na Gaeltachta a bunaíodh i nGaeltacht Chonamara ach a bhfuil ionadaíocht aici i nGaeltachtaí uile na tíre.  Aithníonn siad an brú atá ar na pobail Ghaeltachta inniu maidir le seachadadh na teanga don ghlúin óg, agus is é a gcuspóir straitéis ghníomhach a chur chun cinn a chabhrós le glúin óg eile de chainteoirí dúchais an teanga a shealbhú go hiomlán.  Tá gach cúnamh a fhaigheann an grúpa seo agus grúpaí mar iad riachtanach má tá rath le bheith ar chothú na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Is léachtóir le Gaeilge agus aistritheoir gairmiúil é Radvan Markus, fear a aistríonn litríocht na Gaeilge chun a theanga dhúchais, an tSeicis. Faoi láthair tá an t-úrscéal is cáiliúla sa Ghaeilge, Cré na Cille, á aistriú aige, agus foilseofar é sin sa bhliain 2017. B’fhiú do dhuine ar bith cluas a thabhairt dá chuid cainte.  Ar chlár nuachta maidine Raidió na Gaeltachta, Adhmhaidin, ar an Déardaoin 10 Meán Fómhair 2015, bhí Radvan ina aoichainteoir ag tabhairt tuairisce uaidh ar ghéarchéim na dteifeach a bhí go mór i gceist na laethanta sin agus ó shin.  Bhí mé féin ag éisteacht leis an chlár an mhaidin sin. Rith sé liom gur gheall le teanga an Ghaeilge ina bhéal de bharr a chruinne agus a bheaichte a bhí sí aige (Raidió na Gaeltachta).  Is trí mheán na healaíne, léamh na litríochta, agus aistriú na litríochta, brainsí cinnte den ealaín i gcialla dílse na Gaeilge den fhocal sin, a bhain an saoránach sin de chuid Phoblacht na Seice an mháistreacht atá aige ar an Ghaeilge amach.  Is ball de phobal domhanda na Gaeilge é agus tá teacht aige uirthi trí mheán na healaíne, beag beann ar thíreolaíocht.  Tig le duine ar bith a chuireann suim inti an rud céanna a dhéanamh.

Is mithid dúinne na ceachtanna is gá a fhoghlaim a chur sa tsiúl le go meallfar an t-aos óg agus go mbeidh siad ag iarraidh an cineál sin máistreachta a fháil ar a dteanga féin, cé acu sa Ghaeltacht thraidisiúnta atá siad nó sna pobail eile atá ag fás in áiteacha eile in Éirinn agus thar lear.  Is fiú ráiteas de chuid Alan Bruford a thabhairt mar fhocal scoir agus trácht a dhéanamh go gonta ina dhiaidh sin ar an tábhacht a bhaineann leis mar ráiteas (1969, 33):

The normal language of the Romantic tales is literary Early Modern Irish, with occasional archaic forms. The importance of this to the present study is that this form continued to be understood (and written) by anyone literate in Irish until the middle of the last century. Moreover, it was not so unlike modern Irish dialects that most of a story could not be understood by anyone hearing it read by a speaker of his own dialect, particularly once he was accustomed to the special features of the style.

Is ag caint faoin scéalaíocht a bhíodh ar siúl fadó atá Bruford ansin, teanga atá ag gabháil siar cúpla céad bliain.  Teanga í nár labhair daoine gach lá ach a raibh tuiscint acu uirthi de bharr a gcleachtadh a bheith ag éisteacht léi go rialta.  Is é sin, go raibh tobar fairsing teanga ar a dtoil ag daoine de bharr chleachtas beo na healaíne nach mbeadh acu dá uireasa.  Cé go ndeir Bruford gur thráigh an tuiscint sin faoi 1850, ní aontaím leis.  Tá an teanga chéanna sin le fáil i mórán de bhéaloideas na tíre atá cnuasaithe i gCartlann Béaloidis Éireann i mBaile Átha Cliath.  An Ghaeilge sheanbheo a thug Máirtín Ó Cadhain uirthi (Ó Béarra, 2007: 123).  Bhí mé i láthair ar 5 Márta 2015 ag Féile Gaeilge i Rann na Feirste agus bhí comórtas scéalaíochta ann.  An té a bhuaigh an comórtas sin, Eithne Ní Ghallchobhair, as Ard a’Ratha, d’inis sí an scéal ‘Ard-Rí na gCros’ a fuair sí ón bhailiúchán Dúchas: http://www.duchas.ie/ga/cbes/4428343/4397169/4485744. Ba leagan den teanga chéanna sin a luann Bruford a bhí sa scéal sin, agus b’aoibhneas agus ba phléisiúr a bheith ag éisteacht le hEithne á reic.  Bhí cúigear scéalaithe ansin an oíche sin agus a bhformhór óg. Foghlaimeoirí Gaeilge a bhí i gcuid acu.  Is cainteoir dúchais an té a thug léi an duais faoi 18 sa chomórtas sin, Clíona Ní Ghallchóir, as Mín a’ Chladaigh. D’inis sí a scéal go maith, ‘An Óige, An Saol Mór agus An Bás’, ceann a bhíodh go minic ag Micí Sheáin Néill Ó Baoill.  B’údar uchtaigh agus misneach an ócáid ó thús go deireadh.

Ócáid eisceachtúil a bhí ansin agus níl maith a shéanadh gur grúpa fíorbheag iad na daoine a chuireann spéis ina leithéid.  Tá an tobar sin tirim go maith faoi láthair.  Mar sin féin,  níl cúis ar bith nach bhféadfaí é a athlíonadh ach na céimeanna a thógáil agus an phleanáil a dhéanamh go stuama, ciallmhar agus fócas ann ar cheirdeanna ilchineálacha na n-ealaíon, mar choincheap, mar thuiscint, mar chleachtadh agus mar thoradh.  Ciallaíonn sé sin nach nóisean aonchineálach, aondathannach a bheas i gceist leis an ealaín, an nóisean ar a bhfuil go leor dár ndearcadh nua-aimseartha i leith na healaíne bunaithe.  Mar atá ráite ag Carol Becker saineolaí domhanda ar oiliúint ealaíontóirí (1999: 11):

[I] insist that it is unrealistic and inauthentic to presume that there is only one way to be an artist, that artists, at this time, are working in many different ways, with many measures of success and accomplishment. I also assert that ideology is built into all pedagogical models, even in those where it is not explicitly articulated. Our students need to understand the range of choices that artists historically have made and how they might position themselves to be most effective.

Ní mór modhanna agus bealaí éifeachtacha a chur ar fáil le gur féidir le glúnta Gaeilgeoirí nach bhfuil ar an tsaol go fóill a bheith ag saorshúgradh go héifeachtach sa smionagar, ionas go gcuirfear cothú ar fáil don teanga agus go dtógfar arís í le gach glúin dá dtiocfaidh go húrnua, siolla ar shiolla, focal ar fhocal, scéal ar scéal. Tá treoir stuama, córasach réalaíoch do na bealaí ar féidir seo a chur i gcrích ar fáil in Lámhleabhar Eolais faoin bPleanáil Teanga a chuir Laoise Ní Dhúda i dtoll a chéile (2013).  Ceann de na deacrachtaí móra atá againn, dearcadh daingean an fhóntachais atá i bhfostú go domhain in idé-eolaíocht forbartha na tíre seo, mar atá léirithe ag John Walsh (2004).  Caithfimid é sin a thuigbheáil má táimid lena shárú.  Is uirlis den scoth é an cultúr le treallchogaíocht a dhéanamh in aghaidh na bhfórsaí móra.  Ní mór a bheith foighdeach, fulangach agus fíochmhar lenár gcuid aidhmeanna a bhaint amach.

Mar a deirtear i dToraigh: ‘Am agus aimsir, bhéarfaidh siad an rón go Swansea.’

 

 

[1]       Is eagraíocht chultúrtha é an Gaelacadamh atá bunaithe i gColáiste Chonnacht sa Spidéal i nGaeltacht Chonamara.  Eagraíonn siad ranganna sa cheol, sa damhsa agus san amhránaíocht thraidisiúnta.  Féach www.gaelacadamh.com. (Ceadaithe: 9 Aibreán 2016). Tá Scéim Aisling Gheal ag feidhmiú i gceantar Gaeltachta Mhúscraí ón mbliain 2003 ar a laghad.  Múintear amhráin Ghaeilge an cheantair do dhaltaí ar fud na dúiche.  Bhí Eilís Mhaidhcí Ní Shúilleabháin ar dhuine de na príomhmhúinteoirí go dtí an bhliain 2015.  Tá Máire Ní Chéilleachair páirteach ann chomh maith. Féach:  http://www.eveningecho.ie/news/gaeilge/buanu-an-traidisiuin-deireadh-le-.... (Ceadaithe: 9 Aibreán 2016).

 

 

Leabharliosta: 

Leabhair

Appadurai, A., (1996) Modernity At Large: Cultural Dimensions of Globalization.  Minneapolis: University of Minnesota Press.

Bhabha, H., (2004) The Location of Culture.  Londain: Routledge (dara heagrán).

Ní Dhúda, L., (2014) Roghanna: Lámhleabhar Eolais faoin bPleanáil Teanga. Rath Cairn: Glór na nGael.

Ó Laoire, L., (2002) Ar Chreag i Lár na Farraige: Amhráin agus Amhránaithe i dToraigh. Indreabhán, Cló Iar-Chonnacht. (Féach go háirithe, 141-76, 177-205 & 206-57.)

Ó Péicín, D., (1997) Islanders. Londain: Fount.

O’Rahilly, C., (1952) Five Seventeenth-century Political Poems. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn.

Gan Ainm, g.d. (c.1982) Tory’s Darkest Hour. Béal Átha Seanaidh: The Donegal Democrat.

Sandburg, C., (1927) The American Songbag. Nua-Eabhrac: Harcourt Brace and Company.

Titley, A., (2013)  An Bhean Feasa. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Walsh, J., (2004) An Teanga, an Cultúr agus an Fhorbairt: Cás na hÉireann agus Cás na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Coiscéim (eagarthóir sraithe: An tOllamh Máirtín Ó Murchú).

Ailt

Becker, C., (1999) ‘The Art of Crossing the Street.’ Art Journal  58: 1, 10-5.

Bruford, A., (1969) ‘Gaelic Folktales and Medieval Romances: A Study of the Irish Romantic Tales and their Oral Derivatives’. Béaloideas 34, 1966, i-v, 1-165, 167-285, (33). Ar fáil ag: http://www.jstor.org/stable/20521320.  (Léite: 9 Aibreán 2016).

Dorgan, T., (1999) ‘Right From the Heart.’ The Irish Times. 31 Nollaig.

Le Gallienne, R., (1916) ‘Coral Islands and Mangrove-Trees’. Harper’s Magazine, 134: 81-90.

Ó Béarra, F., (2007) ‘Gaeilge Uí Chadhain.’ Léachtaí Cholm Cille XXXVII, 103-30. Maigh Nuad: An Sagart.

Foinsí Ar Líne

An Gailearaí. Ar fáil ag: http://www.angailearai.com/index.html.  (Ceadaíodh 9 Aibreán 2016).

Coláiste Lurgan. ‘Avicii Vs Lurgan - “Wake Me Up” as Gaeilge’. Ar fáil ag: https://www.youtube.com/watch?v=1A6__HssHW8. (Ceadaíodh 9 Aibreán 2016).

Lomax, A., (1935) ‘Sloop John B.  Ar fáil ag: https://www.youtube.com/watch?v=e0NisLamB3M&nohtml5=False. (Ceadaíodh 9 Aibreán 2016).

Ó Dúgáin, S. http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1684. (Ceadaíodh 9 Aibreán 2016).

RTÉ Raidió na Gaeltachta. (2015) Adhmhaidin. 10 Meán Fómhair.  Ar fáil ag: http://www.rte.ie/rnag/adhmhaidin/programmes/2015/0910/726891-adhmhaidin.... (Ceadaíodh 9 Aibreán 2016).

Ó hÉanaí S., ‘An Raibh tú ar an gCarraig?’ Ar fáil ag: http://www.joeheaney.org/default.asp?contentID=684. (Ceadaíodh 9 Aibreán 2016).

Foinsí Clos-Amhairc

Ó Ceannabháin, P., (1997) Mo Chuid don tSaol. Dlúthdhiosca CICD 131. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Quinn, R., (2007) Cré na Cille. (Gné-Scannán Lánfhada). Éire.