Fáilte is fiche chuig an seachtú heagrán den Reiviú, iris acadúil atá á foilsiú ar bhonn bliantúil ag mic léinn an chúrsa MA sa Léann Teanga ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Tá réimse leathan ábhar san iris i mbliana, lena n-áirítear cúrsaí aistriúcháin, pleanáil teanga, teicneolaíocht, stór amhrán, teangeolaíocht agus sochtheangeolaíocht agus teagasc litríocht na Gaeilge. Táimid ag súil go mbeidh an t-eagrán seo ina acmhainn luachmhar do lucht léinn na Gaeilge agus go mbainfidh sibh taitneamh agus leas as an gcnuasach aistí seo.
Ba mhaith leis an gCoiste Eagarthóireachta buíochas a ghabháil leo siúd ar fad a chuidigh linn an t-eagrán seo den iris a fhoilsiú. Táimid fíorbhuíoch díobh siúd ar fad a scríobh na hailt agus de na piarmheasúnóirí, a bhí chomh flaithiúil lena gcuid ama agus murach iad ní bheadh aon fhoilseachán ann. Ár mbuíochas chomh maith leis an Ollamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh as an iris a sheoladh. Ní féidir dearmad a dhéanamh ar Fhoras na Gaeilge, as a gcuid tacaíochta agus urraíochta ní hamháin i mbliana, ach i gcaitheamh na mblianta ó bunaíodh An Reiviú.
Mar fhocal scoir, ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghlacadh leis an Dr Dorothy Ní Uigín as an treoir, cúnamh leanúnach agus tacaíocht ollmhór a thug sí dúinn leis an bhfoilseachán seo. Bhí sí chomh foighneach i gcónaí agus choinnigh sí ar bhóthar an leasa muid.
An Coiste Eagarthóireachta
Christian Flynn agus Baba Nic Dhonnacha