An Fhoghlaim Chumaisc: Taithí na dTeagascóirí

Dorothy Ní Uigín
Éamon Ó Cofaigh

Cúlra an Staidéir

Thosaigh an BA sa Ghaeilge Fheidhmeach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sa bhliain 2011 agus bronnadh céim ar an gcéad ghrúpa mac léinn in 2015. Is cúrsa páirtaimseartha fochéime é seo a dhéantar a sheachadadh tríd an bhfoghlaim chumaisc (ar líne agus sa seomra ranga traidisiúnta) agus is é Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Roinn na Gaeilge i gcomhpháirt a chuireann an chéim ar fáil.  Sa pháipéar seo déanfar plé agus anailís ar thaithí na dteagascóirí agus iad i mbun teagaisc le linn chéad timthriall an chláir léinn seo.  Bailíodh agus scagadh aiseolas na mac léinn go rialta le linn na gceithre bliana, ach ní dhearnadh aon iniúchadh córasach ar thaithí na múinteoirí le linn na tréimhse céanna.

Luann Sue Clegg (2003: 452) tábhacht an chleachtais mhachnamhaigh sa teagasc ag an tríú leibhéal agus maíonn ‘reflective practice has become the major model for continuing professional development in higher education’.  Is tábhachtach an ní mar sin é athbhreithniú a dhéanamh ar ár gcleachtas, go háirithe más cur chuige nuálach nó difriúil atá idir lámha againn.  Táthar ag súil go gcuirfidh an staidéar reatha eolas úsáideach ar fáil a chabhróidh le teagascóirí ina gcleachtas (machnamhach) agus, ar ndóigh, le mic léinn a bheas i mbun léinn sa timpeallacht foghlama cumaisc amach anseo.  Is é Comhordaitheoir an BA sa Ghaeilge Fheidhmeach é Éamon Ó Cofaigh agus tá Dorothy Ní Uigín ina ball de bhord cláir na céime.  Chomh maith leis sin, mhúin sí modúl amháin ar a laghad in aghaidh na bliana ar an gclár céime seo.  Is de bharr na rólanna atá acu i gcás an BA seo, agus mar gheall ar an taithí phearsanta atá acu sa réimse seo a tugadh faoin taighde a phléitear thíos.  Creideann na húdair go mbeidh a n-ionchur agus a gcuid anailíse ar an eolas a bailíodh luachmhar mar, mar a léiríonn Justine Mercer (2006: 6):

Hawkins (1990) suggests that a participant-observer who continues to perform his or her normal role within an institution will have more impact on the research than an outsider consultant, whereas Hockey (1993, p. 204) maintains that insiders are able ‘to blend into situations, making them less likely to alter the research setting’.

Deir Mercer freisin:

With regard to the issue of familiarity, insiders will undoubtedly have a better initial understanding of the social setting because they know the context; they understand the subtle and diffuse links between situations and events; and they can assess the implications of following particular avenues of enquiry (Griffiths, 1985, p. 211).

Pléann Cohen et al (2010: 457) ceist an rannpháirtí-bhreathnóra mar chontanam ó rannpháirtí iomlán go dtí breathnóir iomlán.  Sa chomhthéacs seo, tá scríbhneoirí an ailt seo sa lár: tá a ról sa chomhthéacs oideachais atá á phlé soiléir, mar atá a ról sa togra taighde chomh maith.  (Féach freisin Creswell, 2013: 166).  Ní fheictear do na húdair gur aon bhac é an bhaint lárnach atá acu leis an gclár léinn i gcás an taighde seo.  Go deimhin, creideann siad go gcabhróidh an taithí atá acu ar an gcúrsa leo agus iad i mbun taighde agus anailíse.  Anuas air sin, agus le cinntiú go mbeadh torthaí an taighde iontaofa, chuathas i dteagmháil le Coiste Eiticí na hOllscoile sular tugadh faoin taighde; cuireadh an ceistneoir a úsáideadh faoina mbráid agus cuireadh roinnt leasuithe a mhol siad i bhfeidhm ar an leagan deiridh den cheistneoir a scaipeadh agus a bhfuil a chuid torthaí á bplé thíos.

Céard is brí leis an bhFoghlaim Chumaisc?

Cé go bhfaightear sainmhínithe éagsúla sa litríocht ar an bhfoghlaim chumaisc aontaíonn an tromlach gur meascán den teagasc ar líne agus den teagasc traidisiúnta (sa seomra ranga ar aghaidh na mac léinn) a bhíonn i gceist léi (féach Graham et al, 2004).  Cé gur feiniméan réasúnta nua atá sa teagasc ar líne, is fiú cuimhneach go bhfuil an chianfhoghlaim á cleachtadh le fada an lá; bunaíodh an Open University, a bhfuil ceangal lárnach ag an gcianfhoghlaim leis, i 1969, mar shampla.  Tagraíonn Phil Race (2007: 158) do thraidisiún na cianfhoghlama lena chur síos ar ‘resource-based, student-centred learning materials…’ a bhí, agus atá fós i go leor comhthéacsanna, ina ngné lárnach den chianfhoghlaim.  Déanann Race tagairt ar leith don Open University, áit a raibh an fhoghlaim féinstiúrtha, cuid mhór, agus téacsbhunaithe, nuair a bunaíodh ar dtús í, ach a bhfuil athruithe móra le sonrú i seachadadh a cuid cúrsaí ó thús na mílaoise nua.

Éascaíonn an t-idirlíon an teagasc agus an fhoghlaim chiandanó ba cheart go n-éascódhGo traidisiúnta sa chianfhoghlaim, bhí béim ar an idirghníomhaíocht foghlaimeora-ábhair, agus ar ndóigh, bhíodh an bhéim ar an idirghníomhaíocht foghlaimeora-mhúinteora sa seomra ranga.  Sa mhílaois nua, áfach, féachann an fhoghlaim chumaisc leis na buntáistí a bhaineann leis an idirlíon agus leis an teicneolaíocht a phósadh leis an gcur chuige téacsbhunaithe chun cur le heispéireas foghlama na mac léinn.  Tá an baol ann, ar ndóigh, nach mbeidh sa timpeallacht fhíorúil foghlama (VLE) ach taisclann ábhair, ag glacadh áit an phostais thraidisiúnta a bhíodh in úsáid sa chianfhoghlaim.  Is léir freisin go mbíonn dúshláin ag teagascóirí barrúsáid a bhaint as na háiseanna uile atá ar fáil in VLE de chineál ar bith, go háirithe agus iad ag tús aistir leis an bhfoghlaim chumaisc. Ní mór cuimhneamh chomh maith, ar ndóigh, go n-úsáideann roinnt teagascóirí an teicneolaíocht sa seomra ranga ‘traidisiúnta’, agus go mbíonn roinnt teagascóirí ar a gcompord sa timpeallacht fhíorúil foghlama a luaithe is a thosaíonn siad ag obair inti.

Cúpla Cur Chuige

Ar an BA sa Ghaeilge Fheidhmeach, baineadh úsáid go príomha as dhá chur chuige leis an ábhar a chur ar fáil do na mic léinn, agus cuireadh sampla den dá chur chuige ar fáil sa Teimpléad Scríbhneoireachta a tugadh do na teagascóirí roimh ré.  Sa chéad chur chuige, déantar formhór an ábhair a theagasc trí leas a bhaint as an mbogearra ‘Camtasia’ le léachtaí a chur i bhfoirm físeáin (sleamhnáin agus osghuthú); scríobhtar leabhrán le dul leis na físeáin seo ag cloí leis an teimpléad scríbhneoireachta.  Sa dara cur chuige, cuirtear an t-ábhar ar fad ar fáil i bhfoirm scríofa.  Tá leanúnachas idir an dá chur chuige seo maidir le dearadh na leabhrán agus iarrtar ar na teagascóirí na míreanna scríofa a leanas a chur ar fáil, is cuma cén cur chuige a úsáideann siad: Réamhrá an Aonaid, Torthaí Foghlama an Aonaid, Ábhar an Aonaid, Athbhreithniú ar an Aonad, Ceisteanna Féinmheasúnaithe, Freagraí ar na Ceisteanna Féinmheasúnaithe agus Ceist le cur ar an bhFóram Plé.  Cuirtear torthaí foghlama ar fáil in aghaidh an aonaid chomh maith.

D’fhéadfaí leas a bhaint as an bhfoghlaim shioncronach mar chuid den bhfoghlaim chumaisc freisin.  Úsáidtear bogearraí cosúil le Moodle nó Blackboard Collaborate len é seo a dhéanamh.  Déantar léachtaí nó ranganna a sheachadadh trí mheán seimineár gréasáin ina bhfuil na rannpháirtithe in ann an léachtóir a fheiceáil agus a chloisteáil, chomh maith le sleamhnáin na léachta.  Is féidir leis an léachtóir scríobh ar na sleamhnáin agus tá na mic léinn in ann ceisteanna a chur go díreach ar an léachtóir sa seisiún beo seo.  Déantar taifead ar an léacht agus bíonn an taifead ar fáil le híoslódáil ag na mic léinn tar éis an ranga.  Ar an gcúrsa BA seo, baineadh úsáid as an bhfoghlaim shioncronach sa tríú agus sa cheathrú bliain amháin, agus do na modúil teanga amháin.  Déanfar tuilleadh plé air seo thíos.

Na Fáthanna a dTugtar faoin bhFoghlaim Chumaisc

Má fhiosraítear an fáth ar cheart tabhairt faoin bhfoghlaim chumaisc aithníonn Graham et al (2004) trí chúis ar leith: ‘(1) improved pedagogy, (2) increased access/flexibility, and (3) increased cost effectiveness.’  Tá an baol ann go bhféadfadh béim ní ba láidre a bheith ar an dá fháth dheiridh sa chás seo mura gcuirtear an t-am cuí ar fáil do theagascóirí a bheas ag dul i mbun teagaisc tríd an bhfoghlaim chumaisc.  Sa chomhthéacs atá á phlé sa pháipéar seo, áfach, is ag iarraidh freastal ar phobal scaipthe a bhíothas nuair a cuireadh an clár céime seo ar bun.  Tá taithí ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an oideachas pobail agus tá cúrsaí teastais agus dioplóma á reáchtáil aige in ionaid sheachtracha ar fud na tíre ó bunaíodh é in 2004.  Bhí éileamh ar thuilleadh oideachais ag teacht ó na pobail scaipthe seo, agus bhíothas den tuairim go bhféadfaí freastal ar an éileamh seo tríd an bhfoghlaim chumaisc.  Glacadh an cinneadh dul leis an bhfoghlaim chumaisc bunaithe ar aiseolas ó mhórshuirbhé a rinneadh roimh thús an chúrsa, áit a raibh an fhoghlaim chumaisc chun tosaigh i measc na gcur chuige a roghnaigh na rannpháirtithe.

Dúshláin na Foghlama Cumaisc

Aithníonn Graham et al (2004) sé mhórdhúshlán a bhaineann le dearadh cláir foghlama cumaisc, eadhon:

(1) the role of live interaction, (2) the role of learner choice and self-regulation, (3) models for support and training, (4) finding balance between innovation and production, (5) cultural adaptation, and (6) dealing with the digital divide.

I gcás an chláir léinn seo, ní raibh an idirghníomhaíocht bheo i gceist ach amháin i gcás na tríú agus na ceathrú bliana nuair a rinneadh na modúil teanga a sheachadadh trí Blackboard Collaborate mar a luadh thuas.  Tríd is tríd thaitin an cur chuige sioncronach seo leis na mic léinn, agus tá tuairisc ar an ngné seo den fhoghlaim ar líne le fáil in Magnoni, F. et al. (2014).

Níl aon amhras ach gur thaitin an tsolúbthacht a bhain leis an bhfoghlaim chumaisc leis na mic léinn agus leis na teagascóirí araon, cé go raibh dúshláin ann maidir leis an bhféinstiúradh i gcás roinnt rannpháirtithe i gcás an chláir seo.

Léiríonn an t-aiseolas a phléitear thíos go rabhthas sásta, tríd is tríd, leis an tacaíocht agus leis an traenáil a cuireadh ar fáil, cé go n-admhaíonn roinnt de na teagascóirí féin go raibh drogall orthu rudaí nuálacha a thriail ag an tús.  Ní raibh an cur in oiriúint cultúrtha i gceist i gcás an chúrsa seo, agus cé go rabhthas imníoch faoin ‘scoilt dhigiteach’ a luaitear thuas, níor tháinig an oiread sin fadhbanna chun cinn i measc na rannpháirtithe – idir theagascóirí agus mhic léinn – a bhí ag plé leis an gcúrsa seo, agus ní raibh aon cheann de na fadhbanna a tháinig chun cinn dosháraithe.

An Fhoghlaim Ar líne in Éirinn

Deirtear in A Roadmap for Enhancement in a Digital World 2015-2017 de chuid The National Forum for the Enhancement of Teaching and Learning in Higher Education (2014: vi) go mbeidh na nithe a leanas le sonrú go láidir sa chóras ardoideachais in Éirinn:

…a culture that fully embraces digital learning and digital innovation…

teachers will be fully enabled to use digital technologies where appropriate, in order to enhance student learning within their disciplines.

Agus deirtear i bplean straitéiseach an Údaráis um Ard-Oideachais (2012-2016) go mbeidh allúntais an Údaráis á leasú ‘so that it can take systematic account of mode of delivery (i.e. parity between part-time versus full time, on campus or blended learning)’ (2012: 16).  Is léir, mar sin, go mbeidh tábhacht na foghlama cumaisc in institiúidí tríú leibhéal na tíre seo ag fás sna blianta amach romhainn.  In Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, luaitear i bPlean Straitéiseach na hOllscoile (2015-2020) go bhfuil sé mar aidhm lárnach de chuid na hOllscoile ‘Níos mó deiseanna a fhorbairt d’fhoghlaim pháirtaimseartha, sholúbtha agus chumaisc; cuirfidh sé seo lenár gceannaireacht náisiúnta maidir le foghlaim ar líne a sholáthar’ (2015: 24), agus, ar ndóigh, tá an fhoghlaim chumaisc luaite le roinnt clár léinn i bPlean Acadúil agus Gnó (2015-2017) an Acadaimh freisin.  Ní féidir neamhaird a thabhairt ar na forbairtí seo san earnáil ardoideachais, agus bhí rannpháirtithe an chláir seo ar thús cadhnaíochta sa chomhthéacs seo.

An Réamhullmhúchán don Teagasc Ar-líne i gcás an Chláir Léinn seo

Cuireadh deis ar fáil do na teagascóirí cúrsa e-mhonatóireachta a dhéanamh roimh thús an chúrsa seo, agus thapaigh a dtromlach an deis seo.  Tugadh teimpléad scríbhneoireachta ina raibh samplaí de mhodúil chomh maith le léargas cruinn ar an bpróiseas scríbhneoireachta do na teagascóirí freisin agus aontaíodh dátaí leis an ábhar a leagan isteach. Cuireadh ábhar na modúl go léir chuig dearthóir teagascach le faomhadh.  An sprioc a bhí ag an dearthóir ná cinntiú go raibh ábhar na modúl ag teacht leis na torthaí foghlama a bhain leo, cinntiú nach raibh aon trasnaíl idir na modúil agus cinntiú go raibh leanúnachas ó thaobh leagan amach de sna modúil go léir. Cuireadh an t-ábhar chuig foilsitheoir deisce agus rinneadh profú air ansin. Cuireadh seisiúin traenála faoi ghnéithe ar leith de Blackboard ar fáil (físeáin, an fóram plé, srl) do na rannpháirtithe, agus bhí comhordaitheoir an chláir ar fáil le tacaíocht a thabhairt ag gach céim den phróiseas forbartha.

Anailís ar an Suirbhé

Cuireadh an suirbhé chuig 20 teagascóir agus d’fhreagair 12 é.  Bhíothas réasúnta sásta leis an ráta freagartha seo – 60%.  Níor chomhlánaigh údair an pháipéir seo an suirbhé ó tharla gurbh iadsan a dhear, ach cuirtear taithí na n-údar san áireamh sa phlé thíos nuair is cuí.  Ceithre cheist déag a bhí sa suirbhé, agus scaipeadh é in Eanáir na bliana 2016.  Fiosraíodh sa chéad cheist an bhliain a raibh na teagascóirí ag plé leis an bhfoghlaim chumaisc ar an gclár léinn; bhí beirt ag múineadh in 2011-2012 (céad bhliain an chúrsa), ceathrar in 2012-2013, seisear in 2013-2013 agus duine amháin in 2014-2015.  (Féach Figiúr a 1).

Figiúr a 1.

Fiosraíodh i gceist a 2 na modhanna teagaisc a úsáideadh.  Luaigh ceathrar gur úsáid siad ábhar scríofa amháin agus i measc na dteagascóirí eile úsáideadh ábhar scríofa in éineacht le hosghuthú (triúr) nó ábhar scríofa in éineacht le míreanna fuaime (beirt), le míreanna físe (beirt) nó ábhar scríofa agus ‘obair phraiticiúil faoi stiúir’ (duine amháin).  Is éard is suntasaí sa chás seo – cé nach ábhar mór iontais é – ná gur bhraith na teagascóirí cuid mhór ar an ábhar scríofa, in ainneoin na n-áiseanna teicneolaíochta a bhí ar fáil dóibh sa timpeallacht foghlama fhíorúil.  Tá an spleáchas seo ar an bhfocal scríofa sothuigthe agus daoine ag tabhairt faoin bhfoghlaim chumaisc i dtosach, agus bheifí ag súil go dtiocfadh athrú air seo agus teagascóirí ag dul i dtaithí ar an teagasc ar-líne.  Is spéisiúil an ní é, áfach, gur léirigh na mic léinn féin i bhfoirmeacha aiseolais a chomhlánaigh siadsan gurbh fhearr le cuid mhór acu an t-ábhar scríofa ar fad a bhain leis an modúl a fháil.  Sa chás sin ní raibh orthu am a chaitheamh ag glacadh a gcuid nótaí féin, rud a bhí i gceist nuair a bhí modúil á seachadadh le sleamhnáin a raibh osghuthú déanta orthu.

Fiafraíodh i gceist a 3 ar thaitin an teagasc tríd an bhfoghlaim chumaisc leis na rannpháirtithe.  Úsáideadh scála Likert sa chás seo, a raibh ‘Thaitin’ ag uimhir a 1 air agus ‘Níor thaitin’ ag uimhir a 5.  Bhí ceathrar ag uimhir a 1 ar an scála, seisear ag uimhir a 2 agus an bheirt deiridh ag uimhir a 3.  Cé go raibh drogall ar roinnt teagascóirí tabhairt faoin teagasc ar líne i dtosach, léiríonn an toradh seo nach raibh aon duine míshásta leis an modh teagaisc tar éis dóibh tabhairt faoi.  (Féach Figiúr a 2).

Figiúr a 2.

Nuair a fiafraíodh cé na buntáistí a bhain leis an bhfoghlaim chumaisc i gceist a 4, bhí réimse leathan freagraí ag an deichniúr rannpháirtithe a d’fhreagair an cheist áirithe sin.  Chuir ceathrar acu béim ar na buntáistí a bhain leis an gcineál seo teagaisc do na mic léinn: luaigh siad go raibh buntáiste acu mar gheall ar an ‘ábhar teagaisc a bheith curtha ar fáil dóibh (gan gá nótaí a thógáil ná taighde leabharlainne a dhéanamh etc)’; ‘bhí ábhar ar fáil do mhic léinn le staidéar a dhéanamh air ina gcuid ama féin’ agus luaigh duine eile go raibh ‘an-slacht ar na nótaí a crochadh mar gheall ar an dearadh a bhí orthu.’  Luaigh cúigear ceist na solúbthachta ama i gcás na mac léinn, agus aithníodh an buntáiste a bhí anseo do dhaoine nach mbeadh an deis oideachais chéanna acu murach an fhoghlaim chumaisc.  Is spéisiúil an dearcadh mac léinn-lárnaithe a léirítear anseo, agus is comhartha é den chleachtas machnamhach a luaigh Clegg thuas.

Maidir leis na teagascóirí féin, luaigh cúpla duine gur mhór a bheith ‘an-eagraithe’ le dul i mbun teagaisc ar líne; ba bhuntáiste é freisin go bhféadfaí ‘an t-eolas ábhartha ar fad a chur ar fáil ar aon ardán amháin’.  Mheas duine amháin a d’fhreagair gur airigh sé/sí go raibh aithne ní b’fhearr aige/aici ‘ar an ngrúpa le hais grúpa a bheadh i léacht os mo chomhair de bharr go raibh mé i dteagmháil leo go minic’; ní minic, áfach, an tuairim seo léirithe i measc na dteagascóirí, cé gur luaigh duine amháin eile ‘gur dheas a bheith ag léamh a gcuid tuairimí ar an bhfóram plé’.  Luaigh beirt teagascóirí eile an modh seachadta féin, ag moladh a struchtúrtha is a bhí sé.

Maidir leis na míbhuntáistí a pléadh i gceist a 5, luaigh seachtar an caidreamh leis na mic léinn agus nach raibh sé ar chomhchéim leis an gcaidreamh a bheadh ann dá mbeadh na mic léinn sa seomra ranga, cé gur luaigh duine amháin gur chuidigh an fóram plé sa chás seo, agus duine eile na ceardlanna ar an údar céanna.  Mar a dúirt duine amháin, áfach: ‘Tá sé deacair atmaisféar an ranga a bhuaileadh uaireanta’.  I measc na míbhuntáistí eile a luadh bhí brú ama (beirt a luaigh); duine amháin a luaigh cumas na mac léinn i gcás na teicneolaíochta, agus mheas rannpháirtí amháin gur mhíbhuntáiste a bhí ann gur tugadh ‘an t-ábhar uilig do na mic léinn. Ní raibh orthu dul i mbun taighde iad féin.’  D’fhéadfadh fadhbanna eascairt as seo murach a dhíograisí is a bhí an grúpa mac léinn seo.  Pléann David Little (2015) an fhoghlaim neamhspleách agus míníonn:

There is nevertheless broad agreement that autonomous learners understand the purpose of their learning programme, explicitly accept responsibility for their learning, share in the setting of learning goals, take initiatives in planning and executing learning activities, and regularly review their learning and evaluate its effectiveness.

Luaigh beirt teagascóirí an dúshlán a bhain le scríobh na modúl nuair a fiosraíodh na dúshláin ba mhó a bhain leis an modh teagaisc seo i gceist a 6.  Cé gur cuireadh teimpléid ar fáil agus gur thaitin an tacaíocht seo le teagascóirí áirithe, ba laincisí a bhí sna teimpléid seo do dhaoine eile.  Bhí an fóram plé ina ábhar imní ag cúigear, a luaigh na deacrachtaí a bhain leis an bplé a stiúradh agus na mic léinn a mhealladh le dul i mbun plé.  Luaigh duine amháin an dúshlán a bhain le cumas na mac léinn a mheas agus bhí beirt buartha faoi na fadhbanna teicniúla a bhain leis an seachadadh uaireanta.  Is spéisiúil an ní é nár tháinig fadhbanna leis an teicneolaíocht chun cinn mórán in aiseolas na dteagascóirí (ná in aiseolas na mac léinn), agus ba í taithí na dteagascóirí trí chéile gur fheil an VLE go maith don obair a bhí ar bun acu.  Luaigh duine amháin eile an deacracht a bhí aige/aici obair phraiticbhunaithe a láimhseáil ar líne – gné lárnach den mhodúl a bhí á theagasc ag an té seo.

Nuair a fiosraíodh ‘An fearr leat an modh teagaisc seo nó an modh teagaisc traidisiúnta? Cén fáth?’ i gceist a 7, ní raibh ach duine amháin a dúirt go cinnte go raibh an modh teagaisc nua seo ní b’fhearr; bhí triúr den tuairim go raibh siad mar a chéile; luaigh duine amháin gur thaitin an ghné chumaiscthe den mhodh seo leis/léi i.e. bhí tábhacht leis an teagmháil aghaidh-ar-aghaidh ag na ceardlanna míosúla, ach bhí triúr a bhí idir dhá chomhairle sa chás seo: luadh gur bhraith sé ar ábhar an mhodúil, agus ar mheon na mac léinn.  Ceathrar a dúirt gurbh fhearr leo an modh traidisiúnta go cinnte, agus an idirghníomhaíocht sa seomra ranga luaite go sonrach ag duine amháin acu sin.

Fiosraíodh i gceist a 8 na hathruithe sa chur chuige a dhéanfadh na teagascóirí dá mbeidís ag múineadh ar an gclár seo arís agus na fáthanna a bheadh acu lena n-athrú.  Dúirt cúigear go raibh siad sásta leis na modhanna a d’úsáid siad.  Luaigh duine amháin gur mhúin sé/sí arís in 2014-15 agus gur athraigh sé/sí ‘go leor’, ach gur ghá ‘dul tríd uair amháin, áfach, leis na nithe sin a thabhairt faoi ndeara.’  Dúirt beirt go mbeadh suim acu triail a bhaint as modh teagaisc eile (osghuthú ar shleamhnáin/podchraoladh etc), agus luaigh an tríú duine gur mhaith leis/léi BB Collaborate (i.e. teagasc sioncronach ar líne) a úsáid leis an gclár seo, tar éis don té sin taithí a fháil air sin ar chlár teagaisc eile.  Mheas beirt go raibh an t-ualach oibre ar na mic léinn agus orthu féin iomarcach i gcás na foghlama cumaisc, agus go dtabharfaidís aghaidh air sin ach an deis a bheith acu, agus luaigh duine amháin eile go mbainfí níos mó úsáide as an bhfóram plé – go mbeadh an teagascóir féin ‘níos feiceálaí’ ar an bhfóram.

Fiafraíodh i gceist a 9 ar airigh na teagascóirí go raibh siad ullmhaithe le tabhairt faoin teagasc ar chlár de chuid na foghlama cumaisc?  Úsáideadh scála Likert sa chás seo chomh maith – 1 = D’airigh agus 5 = Níor airigh.  Triúr a dúirt go raibh siad ullmhaithe agus iad ag dul i mbun teagaisc (uimhir a 1) agus beirt a cheap nach raibh (uimhir a 5).  Chuir triúr tic le huimhir a 2, duine amháin a chuir tic le huimhir a 3 agus triúr a thiceáil uimhir a 4. (Féach Figiúr a 3).

Figiúr a 3.

Nuair a fiafraíodh ‘An bhfuair tú do dhóthain tacaíochta agus tú ag tabhairt faoin bhfoghlaim chumaisc?’ i gceist a 10, bhí an dáréag a d’fhreagair sásta go bhfuair siad tacaíocht mhaith agus iad i mbun teagaisc.  B’údar suime gur luaigh duine amháin, in ainneoin go bhfuarthas cúnamh agus tacaíocht, ‘Ar deireadh thiar is faoin teagascóir féin atá sé é/í féin a ullmhú’ agus is dócha, i ndeireadh na dála gurb amhlaidh atá le clár léinn ar bith.  Is léir, mar sin féin, gur mhór ag na rannpháirtithe an tacaíocht a cuireadh ar fáil.

D’fhreagair deichniúr ceist a 11, áit ar fiafraíodh faoi na tacaíochtaí breise a d’fhéadfaí a chur ar fáil le tacú leis na teagascóirí.  Deichniúr a d’fhreagair an cheist, agus tríd is tríd bhí siad sásta leis an tacaíocht a fuarthas.  Luaigh duine acu nár mhiste ‘smaoineamh ar cheardlann uair sa mbliain ina mbeadh deis ag na teagascóirí ar fad san Acadamh a dtaithí féin ar an bhfoghlaim chumaisc a phlé lena chéile’ agus bhí triúr eile a léirigh tuairimí cosúla.  Tagann tuairimí mar seo le coincheap na bpobal cleachtais a phléann Wenger (2010: 179):

A community of practice can be viewed as a social learning system. Arising out of learning, it exhibits many characteristics of systems more generally: emergent structure, complex relationships, self-organization, dynamic boundaries, ongoing negotiation of identity and cultural meaning, to mention a few.

agus is cinnte go rachadh gréasáin de theagascóirí laistigh den ollscoil seo agus in ollscoileanna eile chun tairbhe do na teagascóirí a bhíonn i mbun teagaisc ar líne.  Luaigh duine amháin an cúrsa e-mhonatóireachta agus go raibh sé sin cabhrach agus thagair duine eile do na teimpléid a cuireadh ar fáil, agus a úsáidí is a bhí siad siúd.  Mheas duine amháin gur theastaigh tuilleadh traenála maidir le dearadh modúl, áfach, agus bhí duine eile den tuairim nár cuireadh san áireamh a fhad is a ghlacann sé ábhar teagaisc a chur in oiriúint don fhoghlaim chumaisc.  Luaigh duine amháin eile leagan amach na modúl, agus mhol duine eile gur cheart breathnú ar an ‘Saineolas is deireanaí faoi úsáid fóram agus marcáil an fhóraim.’  Is ceist choigilteach í ceist an fhóraim phlé, agus cé gur mheas tromlach na dteagascóirí gur bhain fiúntas leis, tá ceisteanna maidir le bainistiú na bhfóram le beachtú ar an BA seo.  (Féach an plé ar Cheist a 13 thíos).

Fiafraíodh faoi na ceardlanna míosúla i gceist a 12.  Úsáideadh scála Likert sa chás seo freisin – 1 = Luachmhar agus 5 = Gan Luach – agus is léir ó na torthaí atá le feiceáil sa ghraf thíos gur bhain tábhacht leis na ceardlanna do na teagascóirí:

Figiúr a 4.

Léiríodh réimse leathan tuairimí nuair a fiosraíodh faoin bhfóram plé i gceist a 13.  Bíonn céatadán ar leith den mharc iomlán ag dul ar na hiontrálacha ar an bhfóram plé sa chéad agus sa dara bliain den BA leis na mic léinn a spreagadh chun rannpháirtíochta agus tugann na léachtóirí aiseolas ginearálta rialta do na mic léinn ar an bhfóram plé féin. Is gné lárnach den fhoghlaim chumaisc í sa BA mar sin, agus cheap cúigear gur oibrigh sé go maith; shíl an séú duine gurbh é an fóram plé an ghné ab fhearr leis/léi agus dúirt: ‘Is maith liom na tuairimí, stíleanna, smaointe etc. a léamh agus a bheith páirteach sa díospóireacht mé féin. Ceapaim go dtéann cuid de na rannpháirtithe i bhfad scéil anois is arís ach tá sé deacair é sin a bhainistiú.’  Luaigh duine amháin aiseolas diúltach na mac léinn i gcás an fhóraim ach dúirt gur thuig sé/sí an fáth a raibh an fóram ann, agus luaigh duine amháin eile nár oibrigh sé in aon chor nuair a bhí an té sin i mbun teagaisc in 2012-2013 ach go ndearna sé/sí bainistiú ní bfhearr ar an bhfóram nuair a bhí an modúl á theagasc arís do chohórt nua in 2014-2015.  Bhí duine eile in amhras faoin bhfóram plé freisin: ‘I gcás go leor de na mic léinn, braithim nach mbíonn ar bun ach ‘tic a chur i mbosca’ agus nach mbaineann siad úsáid as chun plé ceart a dhéanamh. Bíonn a lán athrá ar ráitis a chéile ar bun ag roinnt acu freisin.’

Triúr eile a thug freagraí réasúnta fada ar an gceist seo, agus phléigh siad na dúshláin a bhain leis an bhfóram ina gcás siúd.  Mhol siad gur cheart a bheith an-soiléir faoina dteastaíonn ar an bhfóram plé, agus go raibh roinnt mac léinn éiginnte faoi ghné an rannpháirteachais ar an bhfóram, i.e. bhí siad sásta tuairimí dá gcuid féin a thabhairt ach bhí leisce orthu dul i ngleic le tuairimí na mac léinn eile.  Bhíodh sé deacair díospóireacht a spreagadh go minic agus uaireanta, bhíodh an fóram ‘stadach seachas dinimiciúil’ mar a mhínigh teagascóir eile.

Le teacht roimh roinnt de na fadhbanna seo, cinneadh nach mbeadh marcanna á mbronnadh ar ábhar an fhóraim phlé i mbliain a 3 i gcás na modúl teanga cé gur chroch an múinteoir ceisteanna agus ábhar plé ar an bhfóram in aghaidh na seachtaine.  Ba shuntasach an ní é gur bhain tromlach an ranga úsáid as an bhfóram fós agus chonacthas don teagascóir gur sa tréimhse seo a bhí an plé ba bhríomhaire agus ba shuimiúla le feiceáil.  Ba léir faoin am sin go raibh na mic léinn ar a gcompord leis an bhfóram agus nár airigh siad aon bhrú de bharr nár bhain marcanna leis na hiontrálacha.  D’fheidhmigh an fóram mar áis cheart tacaíochta sa chomhthéacs seo.

Fiafraíodh i gceist a 14 an raibh aon tuairimí eile ag na rannpháirtithe.  Ceathrar a thug freagraí sa chás seo.  Dúirt duine acu go ndeachaigh an t-eispéireas go mór i bhfeidhm air/uirthi agus go raibh ‘ugach tugtha dom gach modúl atá á theagasc agam a chur in oiriúint don modh seo anois’ agus d’aithin duine eile go mbíonn ‘go leor den ualach ag titim ar an mac léinn féin’ i gcur chuige teagaisc dá leithéid seo.  Luaigh duine amháin, áfach, gurb é ‘Bb Collaborate an modh is éifeachtaí – tá na buntáistí a bhaineann le rang beo ar an láthair i gceist leis mar aon leis an ngné chianfhoghlama. Bíonn idirghníomhaíocht níos éifeachtaí ann idir an teagascóir agus na mic léinn dá réir.’  Is cinnte go gcaithfear breathnú ar na féidearthachtaí atá ann an ghné seo den BA a leathnú agus is do na modúil teanga agus aistriúcháin is mó a d’fheilfeadh an teagasc sioncronach.

Tátal & Conclúidí

Is léir gur den riachtanas é tacaíocht a thabhairt do theagascóirí agus iad ag tabhairt faoin bhfoghlaim chumaisc den chéad uair.  Baineann dhá bhuntáiste ar leith le teimpléad deartha a chur ar fáil mar a rinneadh i gcás an chláir léinn seo:

Cuireann sé fráma tagartha úsáideach ar fáil do na teagascóirí, cé gur cheart beagán solúbthachta a fhágáil acu lena stampa féin a chur ar a n-ábhar teagaisc.

Cuidíonn na teimpléid agus na comharthaí comónta físiúla a mholtar san ábhar teagaisc leis na mic léinn ord agus eagar a chur ar a gcuid oibre, gné den fhoghlaim a bhaineann an-tábhacht léi i gcás na foghlama cumaisc/cianda.

Is léir ón staidéar seo freisin nach bhfuil an teagasc ar líne chomh scanrúil agus a cheapann daoine sula dtosaíonn an teagasc féin.  Ba cheart do theagascóirí, áfach, tabhairt faoi chúrsa e-mhonatóireachta nó e-fhoghlama iad féin sula dtosaíonn an teagasc le go mbeidís feasach ar an timpeallacht fhíorúil foghlama agus le go dtuigfidís na dúshláin a bhaineann le teagasc den chineál seo do na mic léinn.

Ní mór machnamh a dhéanamh ar ról an fhóraim phlé sa teagasc ar-líne, agus ní mór an obair a dhéantar ar an bhfóram a stiúradh i gceart chun misneach a thabhairt do mhic léinn iad féin a chur in iúl ar líne, agus le cinntiú nach dtagann lagmhisneach orthu.

Labhraíonn mic léinn go minic faoin uaigneas a bhíonn orthu agus iad i mbun foghlama ar líne, agus is cinnte go mbíonn deacrachtaí acu uaireanta iad féin a fheiceáil mar bhaill de phobal foghlama.  Tá an rud céanna fíor i gcás na dteagascóirí, agus is cinnte go gcabhródh pobal cleachtasbhunaithe ar an teagasc ar-líne le cúrsaí sa chás seo.  Deir Graham et al (2004):

While it is impossible to see entirely what the future holds, we can be pretty certain that the trend towards blended learning systems will increase. It may even become so ubiquitous that we will eventually drop the word “blended”... But regardless of what we decide to call blended learning in the future, it is clear that the phenomenon of blended learning is here to stay.

Ní mór dúinn, mar sin, deimhin a dhéanamh de go mbeidh ár gcuid teagascóirí réidh le tabhairt faoin dúshlán seo go muiníneach.  Léirigh an staidéar a phléitear thuas gur thug na teagascóirí faoin obair seo go fonnmhar den chuid is mó, agus is údar sásaimh é gur léirigh a chuid aiseolais thuas a dhíograisí is a bhí siad agus iad i mbun teagaisc.

Leabharliosta: 

Leabhair

Barnett, R. & Coate, K., (2005) Engaging the Curriculum in Higher Education. Maidenhead: Open University Press.

Cohen, L., Manion, L. & Morrison, K., (2010) Research Methods in Education.  7ú heagrán.  Londain: Routledge.

Creswell, J.W., (2013)  Qualitative Inquiry ans Research Design: Choosing among Five Approaches.  3ú heagrán.  Thousand Oaks & Londain: Sage Publications.

Moon, J., (1999) Reflection in Learning and Professional Development. London: Kogan Page.

Prosser, M, & Trigwell, K., (1999) Understanding Learning and Teaching: The Experience in Higher Education. Buckingham, UK: SRHE, Open University Press.

Race, P., (2007) The Lecturer’s Toolkit 3rd Edition. Abingdon: Routledge.

Salmon, G., (2003) E-moderating: The Key to Teaching and Learning Online. RoutledgeFalmer.

Simpson, O., (2002) Supporting Students in Online, Open and Distance Learning. 2ú heagrán.  Londain: Kogan Press.

Ailt

Biggs, J., (1999) ‘What the Student Does: teaching for enhanced learning’. Higher Education Research and Development. 18(1): 57-75.

Biggs, J., (2003) Teaching for Quality Learning at University. Buckingham: Open University Press.

Clegg, S., (2000) ‘Knowing through Reflective Practice in Higher Education’. Educational Action Research 8(3): 451-69.

Coate, K., Barnett, R. & Williams, G., (2001) ‘Relationships between Teaching and Researching Higher Education in England’. Higher Education Quarterly, Iml. 55, Uimh. 2, Aibreán, 55-174.

Cummins, J., (2008) ‘Technology, literacy, and young second language learners: Designing educational futures’. Parker, L. (Eag.), Technology-mediated learning environments for young English learners. Nua-Eabhrac: Lawrence Erlbaum Associates, 61-98.

Fraser, S.P. and Bosanquet, M. (2006) ‘The Curriculum? That’s just a unit outline, isn’t it?’ Studies in Higher Education 31(3): 269-84.

Graham, C.R., (2004) ‘Blended Learning Systems: Definition, Current Trends, and Future Directions’. Bonk, C.J. & Graham, C.R. (eag.) Handbook of blended learning: Global Perspectives, local designs.  San Francisco, Ca: Pfeiffer Publishling, le fáil ag http://www.click4it.org/images/a/a8/Graham.pdf (Léite: 26 Feabhra 2016).

Little, D., (1990) ‘Autonomy in language learning: some theoretical and practical considerations’. Gathercole, (Eag.), Learning foreign languages from authentic texts.  Baile Átha Cliath: Authentik, i gcomhar le CiLT, Londain.

Little, D., (2015) ‘Learner Autonomy and Second/Foreign language Learning.’ LLAS Centre for Languages, Linguistics and Area Studies, Avenue Campus, Highfield, University of Southampton, Southampton, S017 1BF, le fáil ag https://www.llas.ac.uk/resources/gpg/1409#toc_3 (Léite: 29 Márta 2016).

Magnoni, F., Incalcaterra McLoughlin, L., Ní Uigín, D., Ó Cofaigh, É., Ní Mhainnín, M., (2014) ‘OL4LL: Online Languages for Lifelong Learning’. International Conference: ICT for Language Learning. 98-101.

Mercer, J., (2006)  ‘The Challenges of Insider Research in Educational Institutions: Wielding a double-edged sword and resolving delicate dilemmas’. Oxford Review of Education, 33:1, 1-17.

Tight, M., (2004) ‘Research into higher education: an a-theoretical community of practice?’ Higher Educational Research & Development, 23:4, 395-411.

Wenger, E., (2010) ‘Communities of practice and social learning systems: the career of a concept’. Blackmore, C. (eag.) Social Learning system and Communities of Practice. Springer: Londain. 179-98.

Tuairiscí

An tÚdarás um Ard-Oideachas, (2012) Plean Straitéiseach 2012-2016, le fáil ag http://www.hea.ie/sites/default/files/hea_strategic_plan_2012-2016.pdf (Léite: 26 Feabhra 2016).

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, (2015) Plean Straitéiseach na hOllscoile, le fáil ag https://www.nuigalway.ie/media/nuigalwayie/content/files/aboutus/F%C3%AD... (Léite: 26 Feabhra 2016).

The National Forum for the Enhancement of Teaching And Learning In Higher Education, (2014) Teaching and Learning In Irish Higher Education: A Roadmap for Enhancement in a Digital World 2015-2017 National Forum Executive Summary, le fáil ag http://www.teachingandlearning.ie/wp-content/uploads/2015/03/Digital-Roa... (Léite: 26 Feabhra 2016).