Léirmheas ar POBAL NA GAEILGE: Daonra, Institiúidí, agus Cumhacht le Pádraig Breandán Ó Laighin

Cló na nGael, Baile Átha Cliath 2022, 312 lch. €22

Léirmheas le: Oisín Mac Giolla Bhríde

Oisín Mac Giolla Bhríde

Is socheolaí é Pádraig Breandán Ó Laighin agus ba léachtóir le socheolaíocht in Ollscoil McGill, agus Ollamh le socheolaíocht i gColáiste Vanier é. Bhí ról lárnach aige sna feachtais chun stádas a bhaint amach don Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais Eorpaigh, agus chun deireadh a chur leis an maolú ar an stádas sin. Toradh ar shraith léachtaí a thug Ó Laighin i suíomhanna éagsúla timpeall na tíre é POBAL NA GAEILGE: Daonra, Institiúidí, agus Cumhacht. Iniúchadh agus anailís ar cheisteanna daonra, institiúidí agus stádais Phobal na Gaeilge, chomh maith le moltaí sonracha reachtaíochta i leith na gceisteanna sin atá sa leabhar seo. Leabhar acadúil is ea é, a mbeidh suim mhór ann ag duine ar bith atá ag dul do chur chun cinn, d’athbheochan, nó do chaomhnú na Gaeilge, ach ní orthu siúd amháin atá sé dírithe. Is díol spéise go míníonn Ó Laighin i nóta i mbrollach an leabhair, cé gur i nGaeilge a scríobhadh na léachtaí is bunús don leabhar agus bundréachtaí na gcaibidlí ar fad, go raibh leagan Béarla den téacs á réiteach go comhuaineach aige, agus go bhfuil sé i gceist aige an leagan Béarla a fhoilsiú amach anseo, mar gur mheas sé go mbeadh sé tábhachtach anailís agus moltaí an leabhair a chur faoi bhráid Phobal an Bhéarla in Éirinn freisin. Dá gciallódh sé seo go mbeadh, fiú amháin, mionlach beag bídeach de Phobal an Bhéarla in Éirinn ní b’eolaí agus ní ba thuisceanaí ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, ba mhaith an rud é.

Leabhar breá mór is ea é, a bhfuil clúdach snasta air, ar a bhfuil pictiúir de línte tosaigh ‘Can a mbunadas na nGaedel’ in Leabhar Laighean, chomh maith le sliocht as Rialachán Uimh. 1, de chuid an Aontais Eorpaigh, lena gcinntear teangacha oifigiúla agus oibre institiúidí an Aontais. Dhá théacs thábhachtacha is ea iad, ceann amháin stairiúil agus ceann eile comhaimseartha, ina mbaintear úsáid as an nGaeilge chun náisiúin, nó cine mar ab fhearr le Seathrún Céitinn in Foras Feasa ar Éirinn, a chruthú agus a aontú, mar a mhínítear i gcaibidil deiridh an leabhair.

Is é ‘Cé hiad pobal na Gaeilge?’ (19) an chéad cheist a chíortar sa leabhar. Tosaíonn an dara caibidil le buneolas faoi líon na ndaoine in Éirinn agus i dtíortha éagsúla eile a bhfuil Gaeilge labhartha acu dar le daonáirimh na dtíortha úd. Ansin déantar iarracht an cheist a fhreagairt, cé hiad pobal na Gaeilge? Dar le Ó Laighin, gurb iad an 1,826,267 saoránach sa dá dhlínse a mhaígh go raibh cumas éigin acu sa nGaeilge i ndaonáirimh 2016 (Poblacht na hÉireann) agus 2011 (Tuaisceart Éireann) faoi seach, pobal na Gaeilge. Cruthaítear dénárthán i bhfoirm píchairte ansin, idir pobal na Gaeilge agus pobal an Bhéarla, ina bhfuil 30.21% (1,826,267) de dhaonra iomlán na hÉireann, thuaidh agus theas, ina mbaill de phobal na Gaeilge, agus 69.79% (4,218,758) ina mbaill de phobal an Bhéarla. Ní léir go bhfuil aon chiall leis an dénárthán seo, ná go bhfuil buntáiste ar bith ag baint lena leithéid de dheighilt a dhéanamh. Ar dtús, admhaíonn Ó Laighin go maíonn ‘tuairim is 418 míle duine’ (25) as an 1,826,267 duine sin go bhfuil Gaeilge labhartha éigin acu, nach labhraíonn siad riamh í; mar sin féin, fós cuirtear san áireamh mar bhaill de Phobal na Gaeilge iad, agus, b’fhéidir níos achrannaí fós, ní chuirtear san áireamh mar bhaill de phobal an Bhéarla iad. Ní fios cé mhéad ná cén caighdeán Gaeilge atá ag duine ar bith den 1.8 milliún seo ach oiread, ach go bhfuil ‘Gaeilge labhartha’ éigin acu, dar leo féin. Mar sin, cuirtear duine ar bith a mhaíonn go bhfuil Gaeilge ar bith acu san áireamh mar chuid de phobal na Gaeilge (agus mar chuid de phobal na Gaeilge amháin), fiú más cainteoir dúchais Béarla iad nach bhfuil ach cúpla focal Gaeilge acu a d’fhoghlaim siad ar scoil fadó, agus fiú mura n-úsáideann siad an méid sin féin riamh. Dá leanfaí an loighic sin, d’fhéadfaí a mhaíomh gur ball de phobal na Spáinnise, agus ní ball de phobal na Gaeilge í bean as Carna, Dún Chaoin, nó Toraigh a chaitheann formhór mór dá saol ag labhairt Gaeilge, má tá na focail ‘gracias’, ‘adiós’ agus ‘hola’ ar eolas aici. Anuas air sin, ní léir céard is bunús don uimhir 4,218,758 do phobal an Bhéarla, óir ní chuirtear aon cheist faoi chumas sa mBéarla i ndaonáireamh Phoblacht na hÉireann, mura dtugtar le fios go labhraítear teanga eile seachas Gaeilge, ná Béarla sa mbaile ar cheist eile, agus dá réir, níl ann d’fhaisnéis iontaofa inchomparáide i leith líon na gcainteoirí Béarla in Éirinn. Is cosúil gur thángthas ar an uimhir seo trí líon na ndaoine sa dá dhaonáireamh a mhaígh go raibh Gaeilge labhartha acu a bhaint den daonra iomlán trí bliana d’aois agus os a chionn, ag glacadh leis go raibh Béarla ag gach uile dhuine nach raibh Gaeilge acu, cur chuige nach bhfuil eolaíoch, más ea.

Leantar den phlé ar na ceisteanna tánaisteacha a bhaineann le labhairt na Gaeilge sna daonáirimh éagsúla ó 1993 ar aghaidh sa gcéad chaibidil eile; ceisteanna faoi mhinicíocht labhairt na Gaeilge agus faoi shuíomh labhartha na Gaeilge (m.sh. laistigh, nó lasmuigh den chóras oideachais). Nochtann Ó Laighin go n-easaontaíonn sé go láidir leis na ceisteanna seo agus leis an gcatagóiriú a dhéantar orthu siúd a bhfuil Gaeilge acu dá réir, nach bhfeiceann sé aon tábhacht ná luach le hidirdhealú a dhéanamh idir duine a labhraíonn cúpla focal Gaeilge ó am go chéile sa gcóras oideachais agus duine a chaitheann an chuid is mó dá s(h)aol ag labhairt Gaeilge ar bhonn laethúil. Anuas air sin ‘…go bhfuil lochtanna bunúsacha ar an gceist fhorlíontach i nDaonáireamh na hÉireann maidir le húsáid na Gaeilge ó thaobh teoirice agus modheolaíochta’ (39) agus déanann sé líomhain in aghaidh an Stáit gur comhcheilg dá chuid iad na ceisteanna seo chun ‘pobal na Gaeilge a léiriú mar ghrúpa sainleasa imeallach – ar chóir dóibh a bheith buíoch as aon charthanacht a dheonódh an stát dóibh’ (33) agus ‘gur dearadh iad, agus gur léirmhíníodh agus go ndearna léamh ar a dtorthaí, d’fhonn a thabhairt le tuiscint gur pobal imeallaithe é pobal na Gaeilge, agus chun beartais a d’imeallódh é dáiríre a dhlisteanú’ (27).

Is í An Ghaeltacht, a stair, a daonra agus a staid reatha teangeolaíochta atá faoi chaibidil ina dhiaidh sin. Tá eolas fíorshuimiúil anseo faoi shainiú na gceantar Gaeltachta agus faoi tharraingt a gcuid teorainneacha ag Coimisiún na Gaeltachta in 1926 agus ag Acht na dTithe (Gaeltacht) in 1929, chomh maith le heolas faoi na ceantair ina raibh cainteoirí dúchais fós le fáil an tráth sin, ach nár bhain stádas oifigiúil amach riamh, leithéidí Reachlainn, Shliabh Speirín agus thuaisceart Chontae na Mí. Tugtar eolas dúinn, ina dhiaidh sin, faoi dháileadh na gcainteoirí Gaeilge ar na ceantair Ghaeltachta agus minicíocht labhairt na Gaeilge ina measc. Pléitear sa gcéad chaibidil eile an próiseas pleanála teanga sna ceantair Ghaeltachta sin, sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge, chomh maith le Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus a róil sa bpróiseas, agus Acht na Gaeltachta 2012 a shainigh na Limistéir Pleanála Teanga ar fad.

Ceann de na caibidlí is oideachasúla is ea caibidil 6, ina leagann Ó Laighin amlíne agus fianaise dhoshéanta amach d’eisiamh na Gaeilge de réir a chéile ó fhearas riaracháin an stáit ó dheas, nó an coup bunúsach mar a thugann sé air. Ón athrú bunidé-eolaíochta i leith chaidreamh an Stáit leis an nGaeilge a thosaigh Thomas Kenneth Whitaker in 1964, go cealú riachtanas Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí agus an titim thubaisteach ar líon na rannóg sa Státseirbhís a bhí ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge ina dhiaidh sin, is caibidil fhíorthábhachtach lán le fíricí ábhartha é seo d’aon duine atá ag iarraidh staid na Gaeilge i bPoblacht na hÉireann a thuiscint.

Tá tábhacht agus luach mór ag baint leis an gcuntas cuimsitheach a thugtar sa leabhar seo ar eisiamh antoisceach na Gaeilge ó fhearas riaracháin an Stáit ó dheas agus ar chuntasacht faoi neamhchomhlíonadh dualgais reachtaíochta agus gealltanais an Stáit i leith na Gaeilge agus déantar roinnt moltaí fiúntacha sa gcaibidil deiridh faoi reachtaíocht a d’fhéadfadh feabhas a chur ar na cúrsaí sin amach anseo. Mar sin féin, tá laigí ann in áiteanna nuair a thagann tuairimí idé-eolaíochta agus teoiricí comhcheilge an údair agus oibiachtúlacht i leith dea-chleachtais salach ar a chéile, agus cé go dtugtar aghaidh orthu, d’fhéadfaí a mhaíomh nach ndéantar ceisteanna a bhaineann le cúrsaí an Tuaiscirt a chíoradh a ndóthain, cé go bhféadfaí a áiteamh gur i mBéal Feirste agus i nDoire atá an athbheochan agus tógáil phobail Ghaeilge is mó agus is rathúla dá bhfuil ann ar bun, in ainneoin staire agus stáit a bhí, agus atá fós, go follasach, níos naimhdí don teanga. In ainneoin na laigí sin, clúdaítear an-chuid gnéithe de scéal na Gaeilge, agus tá an-chuid eolais atá deacair le haimsiú bailithe le chéile in aon áit amháin sa leabhar seo agus ba mhaith an túsphointe é don té a bheadh ag déanamh taighde ar ghnéithe éagsúla de chás na Gaeilge agus a staid reatha ar oileán na hÉireann. Is maith an luach atá ar an leabhar seo agus praghas €22 air agus dá réir, is mór is fiú é a cheannach agus a léamh más spéis leat cás na Gaeilge.