le Michal Boleslav Měchura
Cois Life Teoranta, 2017. 139 lch, €15
Léirmheastóirí:
Is é An Ríomhaire Ilteangach an chéad leabhar ó pheann Michal Boleslav Měchura, ar teicneolaí teanga agus ailtire faisnéise as Poblacht na Seice é. Cé nach mbeadh cur amach ag an ngnáthdhuine ar na teidil phoist sin, is féidir a rá go simplí gur saineolaí é ar an idirghníomhú idir teangacha agus ríomhairí, agus gur as an tsuim atá aige sa dá rud sin a d’eascair an leabhar seo. Tar éis roinnt blianta a chaitheamh ag obair le Microsoft, thiontaigh Měchura ar Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a raibh ról lárnach aige i bhforbairt an tionscadail tearma.ie agus na suíomhanna eile a ghabhann leis (logainm.ie, ainm.ie, duchas.ie agus gaois.ie). D’oibrigh sé ann mar léachtóir chomh maith, ag teagasc modúl ar an ríomhaireacht ilteangach agus ar bhunachair shonraí. Tá neart suíomhanna eile deartha aige; teanglann.ie agus potafocal.com ina measc. Tá lucht na Gaeilge go mór faoi chomaoin aige as an méid áiseanna a chuir sé ar fáil dóibh. Is léir ón leabhar seo gur theastaigh ón údar tuilleadh cabhrach a thabhairt do phobal na Gaeilge agus giotaí dá chuid saineolais sa ghort seo a roinnt leo.
Cuireann an leabhar léargas úrnua ar fáil ar chúrsaí teanga, ar ríomhairí agus ar an teicneolaíocht faisnéise nár scrúdaíodh fós i saol na Gaeilge. Mínítear roinnt coincheap teicniúil agus pléitear áiseanna faoi leith atá ar fáil d’úsáideoirí ríomhairí chomh maith leis na srianta a bhaineann leo. Tosaítear le cur síos ar an ionchódú, rud nach mbeadh ar eolas ag an ngnáthúsáideoir, is dócha ná a mhalairt. Mínítear an coincheap casta seo go soiléir, rud a thugann misneach don léitheoir ag tús an leabhair. Dírítear ansin ar theangacha éagsúla agus na rialacha agus na dúshláin ar leith a bhaineann leo. Léirítear sa chéad sé chaibidil an tábhacht atá le heolas an leabhair seo agus muid ag maireachtáil i ré an domhandaithe. Faoin am a bhaintear na codanna níos casta den leabhar amach, tá muinín agus bunús ag an léitheoir chun dul i ngleic leo. Tugtar aghaidh ar an logánú agus ar na dúshláin a bhaineann leis i gcaibidil 12, agus déantar anailís ar na gnéithe éagsúla a bhaineann le suíomhanna dátheangacha agus ilteangacha sna caibidlí deireanacha. Níl aon amhras ach go gcuirfidh an leabhar seo go mór le scileanna ríomhaireachta an léitheora.
Cuireann an t-údar an t-eolas ar fáil ar bhealach gonta agus leagtar amach é i gcaoi atá an-soiléir agus sothuigthe. Tugtar mínithe simplí agus follasacha a fhreastalaíonn ar dhaoine a bhfuil taithí acu ar ríomhairí agus ar dhaoine nach bhfuil araon. Tugann an t-údar samplaí úsáideacha agus é i mbun téarma a chur in iúl agus leagtar an leabhar amach in ord loighciúil. Cuireann gach caibidil le heolas agus le tuiscint an léitheora ar ríomhairí i gcómhthéacs ilteangach de réir mar a théann sé ar aghaidh. Tá fochaibidlí mar aon le caibidlí liostaithe sa chlár, rud a ligeann don léitheoir teacht ar an bpíosa eolais go furasta agus go gasta. Tá réamhrá ag tús gach caibidle agus achoimre ag deireadh gach caibidle a shoiléiríonn arís ar pléadh sa chaibidil.
Tugann an t-údar roinnt treoracha praiticiúla tríd an leabhar chun dul i ngleic le fadhbanna teicneolaíochta a bhaineann leis an ilteangachas. Sampla breá de seo is í ceist na gcarachtar breisithe (litreacha le haicinn orthu) agus an chaoi ar fearr dul i ngleic leo. Cé gur beag an difríocht dúinne é, b’fhéidir, idir Umlaut na Gearmáinise (ü) agus Hungarumlaut (ű), tá an cineál difríochta seo an-tábhachtach i gcomhthéacs na tuisceana idirchultúrtha, mar gur féidir daoine a mhaslú nó fiú míthuiscint a chothú. Tuigfidh daoine a bhfuil ainmneacha Gaeilge orthu an crá croí seo nuair a scríobhtar a n-ainmneacha gan na síntí fada! Tarraingíonn Měchura aird ar neart fadhbanna formáidithe eile a thagann chun cinn mar gheall ar dhifríochtaí a bhíonn i dteangacha éagsúla; ar nós ceannlitrithe, spásála agus an chaoi a scríobhtar suimeanna airgid agus an dáta. Cé nach bhfuil réiteach simplí ar na ceisteanna seo, cuireann sé in iúl don léitheoir iad. Sampla eile den chineál treoir phraiticiúil a bhíonn á tabhairt ag an údar ná an plé ar théacs truaillithe (an tsreang siombailí a bhíonn le feiceáil nuair a bhíonn deacrachtaí ag ríomhchlár gutaí fada na Gaeilge, cuir i gcás, a láimhseáil). Mínítear an fáth a mbíonn a leithéid le feiceáil ar an scáileán agus moltar do dhaoine a bhíonn ag plé le suíomhanna gréasáin go háirithe an bealach is fearr dul i ngleic leis. Is fiú trácht ar an treoir fhiúntach chomh maith atá le fáil i gcaibidil 10, ina ndéantar plé ar fhoclóirí leictreonacha agus an chaoi ar fearr tairbhe a bhaint astu. Ba dheacair saineolas an údair sa ghort seo a shárú, mar gheall ar an taithí atá aige mar innealtóir agus mar shainchomhairleoir ar na suíomhanna a luadh thuas.
Chruthaigh Měchura suíomh idirlín a théann leis an leabhar, rud a chuireann go mór leis. Mar a mhaíonn an t-údar: ‘Ar bhealach, ní leabhar amháin atá anseo ach pacáiste de leabhar móide suíomh idirlín’ (xv). Cuirtear go leor acmhainní ar fáil don léitheoir de réir gach caibidle idir naisc sheachtracha agus ábhair a dhear an t-údar é féin. Cuidíonn an suíomh go mór le heascaíocht an phróisis léitheoireachta mar go gcuireann sé béim ar an mbaint shuntasach atá ag an eolas seo leis an saol mór. Cuir i gcás i gcaibidil 4, moltar don léitheoir giorrúcháin airgeadraí idirnáisiúnta (i.e. EUR le haghaidh euro) a úsáid chun débhrí a sheachaint agus tá an liosta iomlán de ghiorrúcháin airgeadraí ar fáil ar shuíomh an leabhair.
Is fiú trácht a dhéanamh ar an gcaibidil faoin meaisínaistriúchán (caibidil 8), mar is ábhar é a mbíonn míthuiscint faoi agus ar ndóigh bíonn daoine, gnólachtaí agus rialtais fiú ag baint mí-úsáide as Google Translate go háirithe. Míníonn Měchura an chaoi a bhfeidhmíonn an meaisínaistriúchán agus na srianta atá leis. Faightear tuairisc shuimiúil ar choincheapa ar nós na hidirtheanga (struchtúr comónta a úsáidtear sna hinnill atá in ann níos mó ná dhá theanga a láimhseáil) agus ar na cineálacha difriúla meaisínaistriúcháin atá ann. Mínítear an dá chás ina bhfuil sé inghlactha an meaisínaistriúcháin a úsáid: ‘le haghaidh tuisceana, chun téacs atá i dteanga nach bhfuil ag an léitheoir a dhéanamh sothuigthe dó nó di’ agus ‘mar chuid de phróiseas an aistriúcháin ina ndéantar meaisínaistriúchán ar dtús, ansin déanfaidh aistritheoir nó profléitheoir daonna iar-eagarthóireacht air’ (67-8).
Cé go n-éiríonn le Měchura téarmaí agus coincheapa teicniúla a mhíniú go simplí den chuid is mó agus éacht déanta aige sa chás seo, ní fhéadfaí an béarlagair a sheachaint go huile is go hiomlán agus leabhar mar seo á scríobh aige. Is sampla den bhéarlagair é an focal ‘meaits’ (fuzzy match i mBéarla) nár tugadh míniú air (74). Cé go mbeadh an téarma seo ag an té a mbeadh cur amach aige ar bhogearraí aistriúcháin, b’fhearr míniúchán gonta a thabhairt air agus é a chur sa ghluais, mar atá déanta le téarmaí eile a bhaineann leis an aistriúchán ríomhchuidithe (leithéidí ‘cuimhne aistriúcháin’ agus ‘corpas comhthreomhar’). Sampla eile de bhéarlagair teicniúil nach bhfuil ar fáil sa ghluais is ea an téarma ‘babhtáil beo’ (93) a bhaineann le logánú bogearraí. Tugann Měchura míniú ar an téarma ach fós féin tá sé deacair níos mó eolais a aimsiú toisc nach bhfuil a fhios ag an léitheoir cén téarma Béarla ba cheart a chuardach ar an idirlíon.
Cé go bhfuil ábhar fiúntach le fáil sna ceithre chaibidil dheireanacha, ina ndéantar plé ar logánú agus ar idirnáisiúnú bogearraí, tá siad beagáinín rótheicniúil. Tá speisialtóireacht faoi leith ag baint leo. B’fhéidir gurbh fhearr a d’fheilfeadh sé do dhaoine atá ag obair san earnáil seo seachas don ghnáthléitheoir. Tá an baol ann go bhfuil an t-ábhar seo ag teacht salach ar bhunsprioc an leabhair mar atá luaite aige féin sa réamhrá: ‘Níl an leabhar seo dírithe ar speisialtóirí ríomhaire’ (xiii).
Ar an mórgóir, is leabhar cuimsitheach é An Ríomhaire Ilteangach, a fheidhmíonn go sármhaith mar bhunchúrsa ar an ilteangachas i gcomhthéacs na teicneolaíochta. Is áis fhiúntach í a dhéanann iarracht an bhearna a dhruidim idir daoine nach bhfuil mórán eolais acu ar ríomhairí agus iad siúd atá cleachta leo, óir is beag duine nach gcaithfidh scileanna ríomhaireachta a bheith aige sa lá atá inniu ann. Ba mhór an cuidiú do dhuine ar bith a bheadh ag dul i ngleic le breis agus teanga amháin ar a ríomhaire an leabhar seo a léamh. B’fhiú go mór don té atá aonteangach an leabhar a léamh chomh maith, ar mhaithe le tuiscint níos fearr a fháil ar an ilchineálachas teangeolaíoch i saol na teicneolaíochta agus ar mhaithe lena scileanna idirchultúrtha a fheabhsú. Toisc go bhfuil an leabhar scríofa i nGaeilge, áfach, is beag seans go mbainfidh mórán tairbhe as comhairle an údair. Cé gur mór an bua leabhar den ábhar seo a bheith scríofa i nGaeilge, is cinnte go mbeadh luach ar leagan Béarla den saothar seo freisin.