Léirmheas: Téarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana

le Conchúr Mag Eacháin

Cois Life Teoranta, Baile Átha Cliath, 2014. 243 lch, €20

Róisín Ní Cheallaigh
Áine Nic Gabhann
Máire Nic Oireachtaigh

Is seoid é an leabhar seo i measc na seod eile a foilsíodh mar chuid den tsraith Lúb ar Phár de chuid an chomhlachta Cois Life. Is é seo an t-ochtú leabhar sa tsraith agus leanann sé eiseamláir na leabhar a foilsíodh roimhe, i dtaca le hardchaighdeán an taighde agus an stíl tharraingteach ina léirítear scéal théarmaíocht na Gaeilge le linn na hAthbheochana agus sna blianta ina dhiaidh sin.  Cé go bhfuil gort na hAthbheochana treafa ag go leor taighdeoirí le tamall de bhlianta anuas, thug an Dr Mag Eacháin faoi deara go raibh bearna shuntasach sa taighde maidir leis an téarmaíocht sa tréimhse chéanna. Tugtar an léitheoir ar thuras stairiúil trí stair na téarmaíochta Gaeilge agus faightear mionscrúdú ar cheist na téarmaíochta ó na 1890í, nuair a dúisíodh suim i gceist na téarmaíochta ar dtús, go dtí gur cuireadh coiste téarmaíochta ar bun sa bhliain 1927.  Nochtar tuairimí na ndaoine sna hailt agus sna litreacha a scríobhadh chuig An Claidheamh Soluis agus in irisleabhair eile agus paimfléid a foilsíodh le linn na hAthbheochana. Ní áibhéil a rá nach raibh scríbhneoirí na n-alt agus na litreacha seo ar aon tuairim maidir le ceist na téarmaíochta, agus cad ba cheart a dhéanamh chun an fhadhb a réiteach. Ar ndóigh, bhí toil dhearfach ann ag an am chun dul i ngleic le ceist na téarmaíochta.

 Tá ailt ó na nuachtáin, go mór mór ailt ó An Claidheamh Soluis curtha ar fáil ar dhlúthdhiosca a thagann leis an leabhar.  Ós rud é gur leabhar acadúil é seo, d’fhéadfaí a mhaíomh gur faoiseamh éigin é don ghnáthléitheoir suí siar in amanna, agus ailt ó nuachtáin na linne, ina nochtar tuairimí na ndaoine faoi cheist na téarmaíochta a léamh ar scáileán ríomhaire. Tá idir Bhéarla agus Ghaeilge sna hailt.  Rinneadh caighdeánú ar ghramadach agus ar litriú na dtéacsanna Gaeilge ionas go mbeidís níos soiléire do léitheoir an lae inniu. Cuireann an caighdeánú seo le tarraingt an leabhair. In ionad don ghnáthléitheoir a bheith ag iarraidh ciall a bhaint as focail sa seanlitriú, is féidir leis/léi díriú ar an díospóireacht agus ar an bplé.

Is soiléir go raibh an-tionchar ag go leor teangacha ar an nGaeilge agus cuirtear é sin os ár gcomhair trí amlíne chuí a sholáthar sa chéad chaibidil. Déantar dul siar ar stair na téarmaíochta Gaeilge agus ar fhorbairt fhocalstór na Gaeilge ó ré na Sean-Ghaeilge go tús na hAthbheochana.  Achoimre mhaith atá ann, don ghnáthléitheoir agus don acadóir araon. Tugtar go leor samplaí dfhocail atá mar chuid den teanga anois, ach a tháinig ón Laidin, ón tSean-Lochlainnis nó a tháinig isteach sa teanga faoi anáil na hAngla-Normainnise ar dtús. Sa chúigiú haois le teacht na Críostaíochta go hÉirinn, glacadh focail ón Laidin isteach sa Ghaeilge, an focal sacart ‘sagart’ ó sacerdos, an focal epscop ‘easpag’ ó episcopus, agus an focal oifrend ‘Aifreann’ ó offerenda.  D’fhág teacht na Lochlannach tionchar ar théarmaíocht na Gaeilge go mór mór i réimse na loingseoireachta. Mar shampla, glacadh leis an bhfocal dorrga ‘dorú’ ón bhfocal Lochlannach dorg.  Le teacht na Normannach, tugadh isteach sa Ghaeilge go leor focal a bhain leis an dlí, mar shampla an focal eigher/eighr ‘oidhre’. Sa lá atá inniu ann, bheadh go leor daoine den tuairim gur focal Gaeilge ó dhúchas an focal seo mar gur cuid de dhlúth agus d’inneach na teanga anois é. Is díol spéise iad seo don ghnáthléitheoir, agus cuireann an leabhar seo go mór le heolas an ghnáthléitheora maidir le stair na téarmaíochta.

Sa dara cuid de chaibidil a haon, léirítear athrach mór a tháinig ar an scéal tar éis bhunú Chonradh na Gaeilge. An aidhm a bhí ag an gConradh ná an Ghaeilge a bhuanú agus a fhorleathnú. Chun an forleathnú seo a chur i gcrích, bhí ar bhaill an Chonartha tabhairt faoin nGaeilge a chur in oiriúint don saol nua-aimseartha, saol nach raibh an Ghaeilge á húsáid ann. Is fiú na hailt ar an dlúthdhiosca a léamh in éineacht leis an gcaibidil seo chun blaiseadh a fháil de na tuairimí éagsúla a bhí beo beathach ag an am.

I gcaibidil a dó, déantar iniúchadh ar na heagraíochtaí agus ar na daoine aonair a thug faoi fhorbairt na téarmaíochta Gaeilge le linn bhlianta na hAthbheochana. Ó thaobh Chonradh na Gaeilge de, tugtar le fios gur phleanáil teanga, sa chiall is leithne den fhocal a bhí ann. Ceanglaítear teoiricí na pleanála teanga leis an méid a bhí á dhéanamh ag Conradh na Gaeilge, agus é ar thús cadhnaíochta sa phleanáil seo.  Is díol suime é gurbh é Dáithí Coimín, sa bhliain 1876,  a bhí chun tosaigh ag moladh acadamh a chur ar bun chun an teanga a chaighdeánú, mar gur thuig sé na fadhbanna a bhain leis an bhfoilsitheoireacht i nGaeilge maidir leis an ngramadach, an litriú, an cló, agus focail nua.  Is iomaí duine, agus ar ndóigh Conradh na Gaeilge féin a rinne an t-áiteamh céanna ina dhiaidh sin. Bhí coimhlint leanúnach idir grúpaí áirithe le linn na hAthbheochana, agus d’fhág na coimhlintí seo rian ar na tuairimí éagsúla a bhí ag grúpaí agus daoine aonair maidir le bunú acadaimh agus na daoine a bheadh ina bhun. Cuireann an t-eolas seo leis an dearcadh agus meon a bhí ann ag an am, mar is as na tuairimí éagsúla seo a shíolraigh ábhar an leabhair.  Bhain an t-údar úsáid as na tuairimí seo chun cur ina luí ar an léitheoir an obair a bhí ar siúl ag an am. Is spléachadh é seo ar dhearcadh an phobail i leith na Gaeilge.  Arís, is fiú na hailt ó na nuachtáin agus na hirisí atá ar an dlúthdhiosca a léamh, chun teannas an phlé a bhlaiseadh. Déantar mionscrúdú ar stair na n-iarrachtaí acadamh a bhunú. Is díol spéise é an méid teannais a bhí ann agus a laghad torthaí a cuireadh i gcrích.

D’fhéadfaí a mhaíomh gurb é caibidil a trí an chaibidil is suimiúla do dhaoine ar suim leo a bheith ag ceapadh téarmaíochta.  Foilsíodh liosta téarmaíochta gach coicís in An Claidheamh Soluis ach ag an am céanna bhí easpa téarmaíochta ann maidir le hábhair nua-aimseartha, mar shampla, eolaíocht agus talmhaíocht.  Bhí sé thar a bheith suimiúil go ndeachaigh an Conradh ar ais i measc na cosmhuintire chun na focail a bhí ag teastáil uathu a aimsiú.  Ábhar grinn ar leathanach 207 den leabhar is ea an ráiteas a rinne an Niallach sa bhliain 1908: ‘As an amusement, téarmaidheacht is quite on a par with writing limericks.  Everyone who reaches a certain stage of interest in the language takes a hand at it.’  Déantar mionscagadh ar na modhanna difriúla ar bhain siad úsáid astu agus iad ag ceapadh téarmaíochta. Mínítear stair an fhocail ‘rothar’ agus an úsáid a bhaintear as an bhfocal ‘bicycle’ sna Gaeltachtaí fós. Músclaíonn fíricí beaga suimiúla dá leithéid spéis an léitheora neamhacadúil sa leabhar acadúil seo.

Cuirtear an comhthéacs soch-chultúrtha agus polaitíochta faoinár mbráid i gcaibidil a ceathair, agus mínítear teoiricí na pleanála teanga maidir leis an gcomhthéacs seo. Ní mór a chur san áireamh go bhfuil teoiricí na pleanála teanga ag lucht a saothraithe sa lá atá inniu ann, ach ag an am sin bhí daoine ag iarraidh an Ghaeilge a shaothrú agus iad aineolach ar theoiricí dá leithéid. Is ábhar suime é an méid díospóireachta a bhí ann maidir leis an íonaíochas.  Fiú sa lá atá inniu ann, agus taighde á dhéanamh ar nuachainteoirí na Gaeilge, cloistear gnéithe den íonaíochas á gcur chun cinn, agus cáineadh á dhéanamh ar mhuintir na Gaeltachta mar gheall ar fhocail ar nós ‘bodaráilte’ agus ‘bicycle’ a bheith in úsáid acu.

Is é dualgas an léirmheastóra idir bhuanna agus laigí leabhair a shonrú.  Ach bhí na léirmheastóirí seo ar aon intinn nach raibh easnaimh ar shaothar Mhig Eacháin. Caitheadh dua lena leagan amach.  Tá réamhrá agus clabhsúr cumasach ag dul leis, chomh maith le ceithre chaibidil théagartha idir eatarthu. Tá an plé agus an díospóireacht leagtha amach go croineolaíoch. Ag tús gach caibidile tugtar cuntas gairid ar a bhfuil sa chaibidil agus ag a deireadh tugtar achoimre ghairid ar an ábhar.  Léirítear nasc idir gach caibidil agus is áisiúil an snáithe seo don léitheoir agus é/í ag sealbhú a bhfuil sa leabhar. Sa ré dhigiteach seo agus leithéid www.tearma.ie ar fáil dúinn, is fiú machnamh a dhéanamh ar na ceannródaithe a chuaigh romhainn. Ní mór buíochas a ghabháil leo as na hiarrachtaí a rinne siad cur le focalstór na Gaeilge, ionas go mbeadh muidne, sliocht a sleachta in ann an Ghaeilge a úsáid i ngach réimse dár saol.  Molaimis an t-údar agus Cois Life as an leabhar seo a fhoilsiú.