Deprecated: __autoload() is deprecated, use spl_autoload_register() instead in /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/profiles/gardens/libraries/htmlpurifier/library/HTMLPurifier.autoload.php on line 17
Mic léinn san ardoideachas ag dul i ngleic le húrscéal Gaeilge: cás-staidéar ag amharc ar a spéis agus a ndúil ann | Léann Teanga: An Reiviú

Error message

Deprecated function: The each() function is deprecated. This message will be suppressed on further calls in menu_set_active_trail() (line 2404 of /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/includes/menu.inc).

Mic léinn san ardoideachas ag dul i ngleic le húrscéal Gaeilge: cás-staidéar ag amharc ar a spéis agus a ndúil ann

Seán Mac Corraidh

Intreoir

Tionscadal sa taighde oideachasúil a bhí mar bhunús ag an tuairisc seo.  Cuireadh an taighde i gcrích i gcomhthéacs an ardoideachais sa bhliain acadúil 2017-2018, ag úsáid chur chuige an chás-staidéir (Stake, R. (1995); Yin, R.K. (2003)) le caoinchead chohórt de shé mhac léinn is fiche sa dara bliain dá gcéim cheithre bliana.  Baineadh úsáid as cur chuige léirmhínitheach sa taighde cáilíochtúil chun ciall a bhaint as a n-iompar agus iad ag léamh, ag plé agus ag fiosrú dhírbheathaisnéis Mhicí Mhic Gabhann, Rotha Mór an tSaoil (Mac Gabhann, 1996).  Bunaíodh an leabhar ar chuntas ar na buaicphointí agus ar eachtraí eile i saol Mhicí Mhic Gabhann, a d’aithris sé do Sheán Ó hEochaidh agus a tras-scríobhadh lena fhoilsiú sa bhliain 1959 mar gheall ar spreagadh a thug Proinsias Ó Conluain.  Sa tionscadal seo, bhíothas ag súil le barúlacha na mac léinn den scéal, maidir le leibhéal spéise, taitnimh agus sásaimh a fhiosrú agus iad ag dul i ngleic leis an úrscéal Gaeilge seo a bhfuil téama na himirce go láidir mar théama ann.  Bailíodh sonraí trí na modhanna seo a leanas: breathnóireachtaí rannpháirteacha le linn léachtaí, comhráite ranga ar an leabhar, seisiúin ghrinnléitheoireachta ar shleachta as an leabhar (m.sh. ‘An Poitín’ (20-3); ‘Lá Fhéile Pádraig’ (194-200; ‘Laochra agus Scoláirí’ (226-29)) le linn ranganna teagaisc na mac léinn, agus machnamh iarléachta agus le linn léachta an léachtóra.  Is iad na ceisteanna a bhí chun tosaigh in intinn an taighdeora ná bheith ag iarraidh a fháil amach an raibh an scéal suimiúil go leor agus soléite a dhóthain le haird na mac léinn a mhúscailt agus a choinneáil agus na gnéithe a aimsiú a rinne suimiúil é agus ar bhain siad taitneamh as bheith ag léamh faoi shaol fhear inste an scéil agus as a ríomh ar na heachtraí iontacha ann.

Bhí seanscéal cluinte ag Micí Mac Gabhann ó sheanchaí ina áit dhúchais Cloch Cheann Fhaola ina ndearnadh comparáid mheafarach idir an saol agus roth mór a bhíonn de shíor ag casadh agus ar a mbogann daoine go cinniúnach gan trócaire óna bhun go dtí na bharr agus a mhalairt go minic gan fógra ná rabhadh.  Maíonn Paul Hutchinson gur cosúla an scéal le scéal de chuid an domhain thoir é ná de chuid an domhain thiar (Hutchinson, P. in Jordon, J. 1977: 39).  Maidir lena chumas inste scéil, bhí bua faoi leith ag Micí Mac Gabhann agus é ag úsáid na Gaeilge le tagairt do na heachtraí a bhain dó agus do nithe a chonaic sé lena shúile cinn thall i Meiriceá, ag baint úsáid as meafair láidre faoi radharcanna a raibh sé cleachta leo sa bhaile.  Luaigh Hutchinson cuid acu seo agus scríobh sé gurbh fhurasta don fhile seo a thug leis teanga shaibhir a mhuintire óna óige an friotal sin a mhúnlú le cur síos ar an áit úr agus a bhfaca sé ann:

The perfect process of poetry is happening here, the new reminding the poet of the old, memory tackling the exotic challenge, the exotic and the familiar exorcising each other, enhancing each other, changing places…Mac Gabhann brings off such masterly comparisons, always with ease. (Hutchinson, 1977: 48) 

Nuair a chuaigh muid amach as an loch, bhí géarbhach de ghaoith anoir-aduaidh ann, bhí an sruth ag dul i ngaoith agus an fharraige ag copadh agus ag éirí mar bheadh maistreadh i gcuinneoig. (Mac Gabhann, 1996: 87)

Nuair a tháinig fonn orainn greim a ithe, cha raibh an bia a cuireadh romhainn róbhlasta- dornán de bhrioscaí farraige a bhí chomh cruaidh le hadharc reithe. (Mac Gabhann, 1996: 88)

Aimseofar tuilleadh eolais agus anailíse ar an úrscéal seo i gcomhthéacs litríocht réigiúnach Ghaeltacht Thí Chonaill in Nic Eoin (1982) agus, i gcomhthéacs litríocht na himirce, ag Ní Dhonnchadha agus Nic Eoin (2008).

Seantéamaí caite na litríochta dírbheathaisnéisí i nGaeilge ach blas úr ar an úrscéal aistrithe de Rotha Mór an tSaoil ag léitheoirí Béarla le The Hard Road to Klondike

Is go seascair a shuíonn Rotha Mór an tSaoil i measc saothair liteartha eile den tseanra dhírbheathaisnéiseach chéanna as Gaeltacht Thír Chonaill, a tháinig roimhe agus ina dhiaidh, mar shampla: Niall Mac Giolla Bhríde (1938) le Liam Ó Connacháin​; Scéal Hiúdaí Sheáinín (1940) le hEoghan Ó Dónaill​; Mo Bhealach Féin (1940) le Seosamh Mac Grianna​; Nuair a bhí mé óg (1942) le Séamus Ó Grianna; ​Saol Corrach (1945) le Séamus Ó Grianna​; Na Laetha  a Bhí (1953) le hEoghan Ó Dónaill​; Gura slán le m’óige (1967) le Fionn Mac Cumhaill​; agus Ó Rabharta go Mallmhuir (1975) le Seán Mac Fhionnlaoich (féach Nic Eoin, 1982 agus Ní Dhonnchadha agus Nic Eoin 2008). When I was Young (Hughes, 2001) aistriúchán ar Nuair a bhí mé óg le Séamus Ó Grianna, a foilsíodh den chéad uair in 1942 an t-aon cheann amháin acu sin atá ar fáil i mBéarla agus foilsíodh sin in 2001, i bhfad i ndiaidh fhoilsiú an bhunleabhair Ghaeilge.  Ní hionann an cás sin agus an leagan Béarla de Rotha Mór an tSaoil a cuireadh ar fáil cúpla bliain i ndiaidh an leagain Ghaeilge.

Is iad na téamaí is minice a éiríonn sna saothair dhírbheathaisnéiseacha eile thuasluaite ná na buantéamaí a bhain le litríocht na Gaeilge go luath san fhichiú céad, mar atá: laetha scoile, obair an Lagáin, airneál agus scéalaíocht, creideamh, amhráin agus aithris filíochta agus dranndán Laoithe Fiannaíochta, caitheamh aimsire, Lá Fhéile Pádraig agus Lá Fhéil Bríde, Samhain, pisreoga, imirce, na stations agus na hÓglaigh etc.  In aineoinn impí leithéidí Phádraig Mhic Phiarais go gcruthófaí litríocht i nGaeilge a bheadh ar aon dul le litríocht náisúin eile, bhíothas ag bunú na saothar go fóill den chuid is mó ar scéalta béaloidis agus ar chuntais thuairisciúla faoin tsaol i gceantair tuaithe Gaeltachta.  Ar an dóigh seo, ní raibh an blas úr sin ag léitheoirí Gaeilge ar Rotha Mór an tSaoil a bhí ag léitheoirí Béarla ar The Hard Road to Klondike.  Ní féidir tionchar lucht béaloidis a shéanadh i gcás Rotha Mór an tSaoil, mar a mhínigh Nic Eoin (1982: 139) nó is é Seán Ó hEochaidh, ardbhailitheoir béaloidis i dTír Chonaill san fhichiú haois, a d’aithin go raibh scéal le hinsint ag Micí a gcuirfeadh daoine suim ann.  Mhaígh Mac Congáil (1983: 64) go raibh an smior chailleach bainte as na téamaí seanchaite ag scríbhneoirí Gaeilge cheana féin agus nach raibh siad úr ag léitheoirí Gaeilge ach go raibh blas úr ag an léitheoir Béarla orthu.  Aibhsíonn an fear céanna an difear idir Rotha Mór an tSaoil agus dírbheathaisnéisí eile fliúirseacha na Gaeilge sa mhéid is gur cuireadh leagan Béarla de ar fáil go díreach cúpla bliain i ndiaidh fhoilsiú an leagain Ghaeilge.

Tá Rotha Mór an tSaoil le Micí Mac Gabhann ina eisceacht i measc dhírbheathaisnéisí Gaeilge Dhún na nGall sa mhéid is gur aistríodh é. Chuidigh aistriú an leabhair go Béarla (The Hard Road to Klondike (1962) le Valentin Iremonger) lena chur i mbéal an phobail.

Ón uair sin amach, bhí deis ag léitheoirí Béarla an scéal a léamh.  Mar sin féin, díríonn sé ar an tsaothar seo ar chúiseanna eile: láimhsiú an scéil, ábhar an scéil agus cuspóir na ndaoine sin a rinne leabhar den scéal a taifeadadh agus a ghnóthaigh duais náisiúnta litríochta dá bharr sin an bhliain chéanna.

Cúlraí éagsúla sóisialta agus tíreolaíocha

Luíonn cuid den rath a bhí ar Rotha Mór an tSaoil mar ba léir i gcás na mac léinn seo, leis na cúlraí éagsúla sóisialta agus tíreolaíocha a bhíonn ag síorathrú agus ina neadaítear an téacs saibhir bunaithe ar chuntas inspéise Mhic Gabhann ar a eachtraí.  Is í Gaeltacht Chloch Cheann Fhaola in iarthuaisceart Chontae Dhún na nGall suíomh thús an scéil.  Tá stair ársa ag baint leis an cheantar sin agus tá iomrá ar chuid de stair na háite, Balor na Súile Nimhe, Cnoc na Naomh, Beigbhile, Fionán agus Colm Cille agus cloigtheach Cholm Cille istigh i dToraigh, mar shampla.  Is sa cheantar sin a rugadh Micí Mac Gabhann sa bhliain 1865, ‘not exactly under the wheel, but certainly a long way from the top of it.’  (Hutchinson, 1977: 39).  Bhí saol bocht anróiteach ag muintir an cheantair sin san am, a theaghlach féin go mór san áireamh: ‘It appears that seventy five years ago, life in the Gaeltacht was at best poor while at worst it was little removed from destitution’.  (Ó Danchair, 1969, luaite ag Hughes, 2001: 200).  Bhí Micí ar thús teaghlaigh ina raibh duisín páistí agus a bhí beo bocht.  Bhí siad ina gcónaí i dteach beag ceann tuí.  Ní raibh mórán Béarla acu agus níor chleacht siad é.  Is é atá sa tsaothar Gaeilge seo ná cuntas ar an chinniúint a bhronn an saol ar Mhicí Mac Gabhann.  Bhí aimhrialtacht agus aimhréiteach ar shaol na scolaíochta agus an léinn fosta: páistí san áit gan mórán eolais acu ar Bhéarla agus múinteoirí is gan focal Gaeilge acu: scoil do chlann na Watair, lucht cúnta na bpéas agus iad sa tóir ar lucht déanta póitín.  Bhí páistí na háite i láthair cinnte sa scoil ach dairíribh ní raibh siad rannpháirteach ach maíonn Mac Gabhann go fóill gur fhoghlaim siad beagán Béarla.

In aois a naoi mbliana, cuireadh ar fostó é ag aonach an fhostaithe i Leitir Ceanainn agus tharla sin sé shéasúr i ndeis a chéile.  Léiríonn sé an briseadh croí agus an dobrón a bhí sa scaradh óna mháthair:

Bhí mé mar a bheadh m’anáil do mo thachtadh. Bhí an tocht ag líonadh mar a bheifeá ag cur uisce i mbuidéal, agus fá dheireadh bhí sé lán go scóig. Char lig mé a dhath orm mar sin féin, ach cha raibh mo thocht i ngan fhios do mo mháthair. Óg agus mar bhí mé, thug mé sin fá deara. D’amharcainn uirthi anois is arís faoi mo shúil agus thug mé fá deara go raibh sí ag fáscadh a haghaidhe mar a bheadh dealg ag dul tríd a croí. Ach bhí sise chomh saighdiúrtha agus a bhí mise ach amháin go dtáinig tost…tost fada. (Mac Gabhann, 1996: 36)

Bhuail drochfhiabhras an teaghlach bliain amháin agus fuair beirt bás mar gheall air sin.  Sheas an t-athair an dlí agus gearradh sé mhí i bpríosún air as poitín a bheith ina sheilbh aige agus ní bhfuair sé thar an drocham sin dairíribh.  ‘The great panacea’ a thug Hutchinson (1977: 40), ar an deoch mheisciúil sin ‘poitín’ a dhéantaí san áit, an t-aon chógas amháin a bhí ar fáil ag na daoine.

Bogann na heachtraí ansin go dtí an saothrú i mianaigh iarainn agus ar fheirmeacha na hAlban. D’éalaigh sé go hAlbain le dul ag obair sna hoibreacha iarainn agus ar na feirmeacha.  Bhí anás agus anró ag baint le hobair na feirmeoireachta agus le hobair sna hoibreacha iarainn in Albain, ina luí agus ina gcodladh sa bhotaí i measc na n-ainmhithe gan meas orthu mar Éireannaigh agus iad ar ghannchuid bia:

 …ag obair go han-mhaslach, ag cur allas mo choirp amuigh sa pháirc ar feadh an lae: agus nuair a thiginn isteach san oíche, chaithfinn luí leis na hainmhithe ceangailte. Ní raibh meas ar Éireannaigh in Albain.’  (Mac Gabhann, 1996: 78)

Thóg sé seolta i bhfad ar shiúl go Meiriceá le dul ag obair sna hoibreacha cruach, agus chuaigh sé trasna na tíre sin a sclábhaíocht faoin dúshaothrú a bhí sna mianaigh airgid agus ghlac páirt i ruathar óir in Klondike. Soláthraíonn sé insint bheo ar a chuid eachtraí agus ar an anró a d’fhulaing sé ar bhlár oighir an Yukon agus ar ollghairdeas an deoraí agus Mac Gabhann ag pilleadh go lúcháireach abhaile, áit ar phós sé agus a ndeachaigh sé i gceann an tsaoil agus ar thóg sé a chlann ann.  Bhain sé úsáid as an airgead a thuill sé ar an ór le teach is talamh a cheannach i nGort an Choirce.  Is léir amach is amach ón insint mhuiníneach, údarásach, léiritheach gur mhair sé fríd na heachtraí a mbíonn sé ag cur síos orthu.  Tá dílseacht an údair dá áit dhúchais, a dheabhóid dá chreideamh agus dá chultúr dúchais chomh maith le hagra cinn le mothú síos tríd an leabhar.

Mic léinn ag cur sonrú agus dúil bhreá sa scéal

Níor chuir Ní Dhonnchadha agus Nic Eoin (2008: 13) fiacail ann agus iad ag moladh chuntas Mhicí Mhic Gabhann ar a oibiachtúlacht agus ar a ghléine: ‘Maidir le cuntas Mhicí Mhic Gabhann ar an tslí ar bhain sé féin agus roinnt comrádaithe leis Klondike an óir amach sa bhliain 1898, níl a shárú le fáil i nGaeilge ná i mBéarla.’

Dar leis na húdair sin is iad a ndiongbháilteacht, a ndásacht agus a spiorad a thug na Conallaigh seo go ceann scríbe.  Is iad tréithe sin na gConallach, agus insint bheoga an údair orthu, a choinnigh spéis na mac léinn sa leabhar ba léir don bhreathnóir sa taighde seo.  Cad é an toradh a bhí ar an bhreathnóireacht a rinneadh le linn léachtaí seachtainiúla uair an chloig ar feadh aon seachtain déag maidir leis an insint seo ‘gan sárú’?  Ba léir don bhreathnóir go raibh a súile agus a n-intinn sáite sa scéal agus gur bhain siad sásamh as a léamh nó bhain an scéal go mór le hábhar, maidir lena saol féin. Bhain siad an-taitneamh as bheith ag plé leis na dúshláin agus leis na haincheisteanna agus leis an chruatan i saol Mhic Gabhann agus é de shíor ag dul in uachtar agus ag teacht anuas in íochtar arís agus arís eile ar aistear a shaoil.  Ba léir don bhreathnóir as siocair na stílíochta agus na húsáide teanga san insint, agus de bharr na daonnachta, an tiomantais agus na huaillmhéine a bhí i Micí Mac Gabhann lena dheiseanna saoil a bhisiú, gur thuig na mic léinn a iontaofa atá insint an údair.

Ba léir dó aird na mac léinn ar ghnéithe eile den leabhar agus a spéis iontu: na cúlraí éagsúla sóisialta agus tíreolaíocha, an teanga shaibhir, fhiliúnta, dhúchasach agus cur síos ealaíonta Mhic Gabhann ar a eachtraí. Ba thrua leo bochtanas léanmhar an phobail uile go léir i gCloch Cheann Fhaola; sclábhaíocht sna hoibreacha iarainn agus an obair mhaslach ar fheirmeacha na hAlban; dúshaothrú i mianaigh airgid i Meiriceá agus an turas scáfar contúirteach a thóg Mac Gabhann air féin trasna na tíre sin agus feadh abhainn an Yukon go Klondike a lorg an óir.  B’aoibinn leo agus ba gheall le faoiseamh é a philleadh lúcháireach abhaile le socrú síos ina cheantar dúchais.

Na tréithe pearsanta a bhí i Micí ar chuir na mic léinn spéis iontu

Fuarthas amach trí bhreathnóireacht ghéar agus trí cheisteoireacht oscailte lena rabhthas ag lorgaireacht tuairimí agus aiseolais, gur bhain an grúpa a rinne staidéar ar Rotha Mór an tSaoil (Mac Gabhann, 1996) sult mór as an leabhar agus iad ag fiosrú ábhar an scéil agus ag plé dhúshláin agus aincheisteanna na himirice agus  anróiteacht shaol Mhicí Mac Gabhann, an bochtanas, streachailt a mhuintire, éalú go hAlbain agus go Meiriceá, lorg an óir agus pilleadh ollghairdeach abhaile agus é níos sine, níos saibhre agus níos socaire.  Ina dhiaidh sin insint oibiachtúil atá sa chuntas ‘gan ar a aird ach tuilleadh an airgid’ (Nic Eoin, 1982: 166). Saothar dírbheathaisnéiseach nó dicteabheathaisnéiseach é agus an tiontú go Béarla a rinneadh air faoin ainm The Hard Road to Klondike (MacGowan, 1962).

Seo thíos na tréithe pearsanta is mó a bhain le Micí Mac Gabhann ar chuir na mic léinn spéis iontu agus a chuaigh i bhfeidhm orthu:

  • trua agus urraim dóibh sin as a pharóiste dúchais féin a casadh air i Meiriceá a bhí ag obair go crua thall ansin ach a raibh a gcroí i gCloch Cheann Fhaola ar fad;
  • comhbhá, mar gheall ar chás stair na cóilíneachta in Éirinn, leis na bundúchasaigh a bhí ag fulaingt go mór le linn do dhaoine bheith ag lorg an óir agus comhthuiscint ar a gcás féin;
  • misneach, uaillmhian, tiomáint, mórtas cine ó aois an-óg le deiseanna saoil a fheabhsú;
  • comrádaíocht: ó Sam Dubh bheith ag iarraidh air fanacht agus an bhail speisialta a tugadh air mar mhianadóir i Montana;
  • dílseacht dá chairde, dá chreideamh agus dá dhúchas; chleachtadh sé féin agus a chairde an Ghaeilge i Klondike;
  • díbhirce: a chumas chun oibre;  
  • a cumas chun réitigh agus maithiúnas a thabhairt: cé gur tharla clampar idir Micí agus a chomrádaithe ar an bhealach go Klondike, is léir gur duine a bhí ann a réitigh go maith le daoine eile;
  • fuinneamh coirp agus intinne a chuir ar a acmhainn an chinniúint shóisialta agus eacnamaíoch faoinar rugadh é, a fheabhsú;
  • creideamh: in Klondike, is minic a shiúil sé deich míle le dul chun Aifrinn agus muna mbeadh se ábalta sin a dhéanamh, deireadh sé féin agus a chomrádaithe an Paidrín;
  • uaigneas agus pisreoga agus meas ar bhéaloideas a cheantair dhúchais: bhí eagla air i rith a shaoil roimh thaibhsí agus roimh shíogaí.
  • seanchas, amhráin agus scéalta: chuir sé suim mhór i seanchas an Lagáin agus i seanscéalta an Mhuimhnigh a casadh dó.

Focal scoir

Ag breathnú don taighdeoir ar na mic léinn agus iad ag léamh agus ag plé Rotha Mór an tSaoil, ba léir gur thaitin an scéal dírbheathaisnéiseach atá taobh thiar den leabhar seo leo ar mhóran cúiseanna agus leibhéal.  Chuir siad dúil i ngluaiseacht an scéil ó fhód dúchais go fóid choigríche.  Ba dhíol trua acu príomhcharachtar an scéil agus ba mhór an t-ábhar iontais acu leibhéal an bhochtanais, méid an anáis agus an frith-Éireannachas a bhí i ndán dó in Albain agus i Meiriceá agus an bhreoiteacht, an ghannchuid agus an chos ar bolg a d’fhulaing sé féin agus a mhuintir sa bhaile in Éirinn.  Chuir siad sonrú san aistriú i dturas an leabhair ón dobrón go dtí an t-ollghairdeas, agus ó phian choirp agus masla go sásamh agus suaimhneas intinne. Ba spéis leo na carachtair éagsúla a casadh dó de réir a chinniúna: an Constábla cairdiúil, Sam Dubh agus Jane Bhuí na gcearc agus an cháidheadais, Billy Gallda an tseanchais, Pádraig Ó Baoill, Micheál Mac Carthaigh agus Mac Uí Cheallaigh!  Ba bhinn leo na nathanna cainte, an rithimiúlacht, an ceol agus an tsiméadracht teanga agus foirmeacha canúnacha gan caighdeánú na mbriathra agus na n-ainmfhocal.  Ar ndóigh, ní fhéadfadh siad an leabhar a léamh le pléisiúr ná le tuigse gan cur amach a bheith acu ar na leaganacha éagsúla (char, chan, charbh srl.) den mhír dhiúltach ‘cha’ i nGaeilge Chloch Cheann Fhaola (féach Wagner, 1969: 70-8).  Is beag cleachtadh a bhí acu ar an úsáid teanga sin i litríocht na Gaeilge roimhe sin.

Thar aon ní eile, mar sin féin, chuir na mic léinn an-spéis sa duine a d’inis an scéal, Micí Mac Gabhann, fear tréitheach ar chaith an saol go dona leis agus é ag teacht i méadaíocht.  Ina dhuine lánfhásta dó, fuair sé bua ar an tsaol mhíchinniúnach mhíchothrom chéanna le saothar, le díbhirce oibre agus le huaillmhian a d’fhág san áit é a dtiocfadh leis saol socair suaimhneach a chruthú dó féin agus dá chlann i measc na sléibhte inar tógadh ar an ghannchuid go bocht é.  Is cinnte gur chuir na mic léinn seo spéis agus dúil i bpríomhcharachtar an scéil imirce seo.  B’aoibhinn leo dochloíteacht Mhic Gabhann in éadan an anáis agus an anró agus an lúcháir a tháinig ar a chroí ar fhilleadh abhaile arís dó.

Leabharliosta: 

Leabhair

Hughes, A.J., (2001) When I Was Young. Dublin: A.&A. Falmar. (A translation of Nuair a bhí mé óg by Séamus Ó Grianna (1979) (1942).

Jordan, J., (eag.) (1977) The Pleasures of Gaelic Literature.  Baile Átha Cliath: RTÉ.

Mac Congáil, N., (1983) Scríbhneoirí Thír Chonaill.  Baile Átha Cliath: FNT.

Mac Gabhann, M., (1996/1959) Rotha Mór an tSaoil. Baile Átha Cliath: FNT.

MacGowan, M., (1962) The Hard Road to the Klondike.  Routledge & Kegan Paul Ltd.  (A Translation by Valentin Iremonger of Rotha Mór an tSaoil by Micí Mac Gabhann).   

MacGowan, M. (2014) (2003) The Hard Road to the Klondike. Corcaigh: The Collins Press. (A Translation by Valentin Iremonger of Rotha Mór an tSaoil by Micí Mac Gabhann (1996/1959)).

Nic Eoin, M., (1982) An Litríocht Réigiúnach. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ní Dhonnchadha, A. & Nic Eoin, M., (2008) Ar an gCoigríoch. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Grianna, S., (1979/1942) Nuair a bhí mé óg. Corcaigh & Baile Átha Cliath: Cló Mercier.

Ó Grianna, S., (1981/1945) Saol Corrach.  Corcaigh & Baile Átha Cliath: Cló Mercier.

Stake, R., (1995) The Art of Case Study Research.  Thousand Oaks CA: Sage.

Wagner, H., (1969) Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, Vol. IV.  Baile Átha Cliath: DIAS.

Yin, R.K., (2003) Case Study Research; design and methods.  3ú hEagrán.  Thousand Oaks CA: Sage.

Ailt

Hutchinson, P., (1977) ‘Rotha Mór an tSaoil.’ Jordan, J. (eag.) The Pleasures of Gaelic Literature.  Baile Átha Cliath: RTÉ.  34-41

Ó Danchair, C., (1969) ‘The Gaeltacht.’  Ó Cuív, B. (eag.) A View of the Irish Language.  Baile Átha Cliath.