DOI: https://doi.org/10.13025/wjb1-jf56

Seán agus Máire

 

Seo chugaibh an chéad chuid de ghearrscéal scéinséir do dhaoine fásta a scríobh Roald Dahl (agus a ndeineadh clár teilifíse de sa tsraith Tales of the Unexpected).

Néamhann Ní Dhonnghaile a d’aistrigh

Níor fhág Seán Ó Floinn mórán airgid ina dhiaidh nuair a fuair sé bás, agus ba bhunúsach an uacht a d’fhág sé.  Cé is móite de chúpla tiomnacht bheag dá ghaolta, d’fhág sé a chuid maoine ar fad ag a bhean chéile.

Phléigh Bean Uí Fhloinn agus an t-aturnae é ar fad in oifig an aturnae, agus nuair a bhí na gnóithe críochnaithe, d’éirigh an bhaintreach le himeacht.  Leis sin, thóg an t-aturnae clúdach séalaithe ó fhillteán ar a thábla agus shín anonn chuig a chliant é.

‘hIarradh orm é seo a thabhairt duit,’ ar sé.  ‘Sheol d’fhear céile chugainn é tamall sular cailleadh é.’  Bhí an t-aturnae mílítheach agus deismíneach, agus mar chomhartha measa don bhaintreach, choinnigh sé a chloigeann ar leataobh agus é ag caint, agus a shúile ar an talamh.  ‘Rud inteacht pearsanta atá ann, de réir cosúlachta, a Bhean Uí Fhloinn.  Bheifeá ag iarraidh a thabhairt abhaile leat lena léamh go príobháideach gan amhras.’

Thóg Bean Uí Fhloinn an clúdach litreach ina glaic agus amach léi ar an tsráid.  Stad sí ar an chosán, agus mhothaigh lena méara í.  Litir ó Sheán ag fágáil slán?  Is dócha, sea.  Litir fhoirmiúil.  Chaithfeadh sí bheith foirmiúil – stalctha agus foirmiúil. Cha dtiocfadh leis an fhear a bheith dóigh ar bith eile.  Níor thug sé faoi rud ar bith neamhfhoirmeálta lena bheo.

A Mháire, a chroí, tá súil agam nach ligfidh tú de m’imeacht ón tsaol seo cur as duit barraíocht, ach go leanfaidh tú ort ag cloí leis na prionsabail sin a bhí mar threoir agat le linn ár gcumainn le chéile.  Bí dícheallach agus díniteach in achan rud a ghní tú.  Bí tíosach le do chuid airgid.  Bí cúramach nach ndéan tú…srl, srl.

Litir mar ba dhual do Sheán.

Nó arbh fhéidir gur thit an lug ar an lag air ag an bhomaite dheireanach agus gur scríobh sé rud inteacht álainn chuici?  B’fhéidir gur teachtaireacht aoibhinn, mhacánta a bhí ann, cineál de litir ghrá, nóta geanúil ag gabháil buíochais léi as 30 bliain dá saol a thabhairt dó agus as na milliúin léine a smúdáil, na milliúin béile a ullmhú agus leaba a chóiriú dó na milliúin uair, rud inteacht a thiocfadh léi a léamh arís is arís eile, ar a laghad uair sa lá, agus a choinneodh sí go deo sa bhosca ar an chlár maisiúchán lena cuid bróistí.

Ní bheadh a fhios agat caidé a dtabharfadh daoine faoi go díreach agus snáithe na beatha ag druidim chun deiridh, a dúirt Bean Uí Fhloinn léi féin, agus thrusáil sí an litir fána hascaill agus ar aghaidh léi abhaile.

Isteach léi fríd an doras toisigh, gur thug a haghaidh ar an tseomra suí agus shuigh ar an tolg, a hata agus a cídeog go fóill uirthi.  Ansin, d’fhoscail sí an clúdach litreach agus tharraing amach a raibh ann. Chonaic sí cúig phíosa dhéag nó fiche píosa de bhileoga bána páipéir le línte, iad ar fad fillte uair amháin agus á gcoinneáil le chéile sa choirnéal thuas ar chlé le fáiscín.  Bhí achan bhileog clúdaithe le peannaireacht bheag néata, í claonta chun toisigh ar rómhaith a taithí uirthi, ach nuair a thug sí fá dear a oiread di a bhí ann, agus a néata is a scríobhadh í, ar dhóigh an-chríochnúil, agus an dóigh nár toisíodh an litir fiú amháin ar bhealach deas mar ba chóir do litir toiseacht, tháinig amhras uirthi.

D’amharc sí uaithi.  Las toitín di féin.  Bhain sí smailc amháin as a toitín agus leag isteach sa luaithreadán é.

Maram go bhfuil ábhar na litreach ar eolas agam, ar sise léi féin, agus más ea níor mhaith liom a léamh.

An féidir le duine diúltú litir ó mharbhán a léamh?

Is féidir.

Bhuel…

Thug sí sracfhéachaint ar chathaoir fholamh Sheáin ar an taobh eile den teallach.  Cathaoir uillinne leathair ba ea í, a raibh lorg ar an tsuíochán ón áit ar shuigh sé isteach ann thar na blianta.  Níos airde suas, ar an taca droma, san áit sin a leagadh sé a chloigeann, bhí smál dorcha ubhchruthach fágtha sa leathar.  Ba ghnách leis suí agus léamh sa chathaoir sin agus shuíodh sise os a chomhair ar an tolg, ag fuáil cnaipí, ag dearnáil stocaí nó ag cur paiste ar uillinn cheann dá chuid casóg, agus achan re seal, d’ardaíodh súile ón leabhar, stánadh uirthi go faichilleach, ach ar dhóigh shaoithiúil, neamhphearsanta, amhail is go raibh sé ag iarraidh rud inteacht a oibriú amach.  Cha raibh dúil aici riamh sna súile sin, súile beaga fuara gealghorma, iad cóngarach go leor dá chéile, dhá líne dhoimhne síos suas, lán le míshástacht á scaradh.  Bhíodh na súile sin ag coimhéad uirthi go síoraí seasta.  Agus fiú amháin anois, i ndiaidh seachtain a chaitheamh sa teach léi féin, tháinig míshuaimhneas uirthi go raibh siad go fóill ansin, á leanstan thart, ag stánadh uirthi idir dhá laí an dorais, ó chathaoireacha folmha agus fríd an fhuinneog i rith na hoíche.

Shín sí a sciathán síos go mall isteach ina mála láimhe, ghlac amach a spéaclaí agus chuir uirthi iad. Ansin, agus í ag ardú na leathanach os a comhair ionas gur léir iad faoi dheisiúr gréine na hiarnóna ón fhuinneog taobh thiar, thoisigh sí ar a léamh:

Is duitse a Mháire, a chroí, amháin, atá an litir seo, agus tabharfar duit í go gairid i ndiaidh d’ordóg an bháis dul ar mo shúile.

Ná bíodh coiscriú fút nuair a fheiceas tú a oiread scríbhneoireachta atá ann.  Níl ann ach iarracht uaimse a mhíniú duit caidé go díreach a dhéanfaidh Mac Eoin orm, agus cad tuighe ar aontaigh mé a dhéanamh, agus cad iad a chuid teoiricí agus a mhianta.  Is tusa mo bhean chéile, agus tá sé de cheart agat a bheith ar an eolas fá na nithe seo.  Dáiríre, ba chóir go mbeadh a fhios agat fúthu.  Le cúpla lá anuas rinne mé mo dhícheall labhairt leat fá Mhac Eoin, ach dhiúltaigh tú scun scan éisteacht liom.  Mar a dúirt mé leat cheana féin, is dearcadh iontach amaideach é sin atá agat, agus ní dóigh liom go bhfuil sé go hiomlán neamhleithleach ach oiread.  Eascraíonn sé go mór as aineolas, agus tá mé lánchinnte dá mbeadh a fhios agat fá achan rud go n-athrófá do mheon láithreach.  Is í sin an chúis a bhfuil mé dóchasach anois agus mé ar shlua na marbh, agus nuair nach bhfuil d’intinn ar seachrán, go mbeidh tú toilteanach cluas éisteachta a thabhairt dom agus tú a’ léamh fríd na leathanaigh seo.  Geallaim duit, i ndiaidh duit mo scéal a léamh go n-imeoidh an fuath, agus go nglacfaidh díocas a áit.  B’fhéidir fiú amháin, go mbeifeá bródúil as an méid a rinne mé.

De réir mar a leanas tú ort ag léamh, maith dom, murar miste leat, an stíl fhuarchúiseach, ach is é seo an t-aon bhealach atá agam leis an teachtaireacht a chur ina luí ort.  An bhfeiceann tú, de réir mar a mhothaím an bás fá fhad scairte díom, is rud nádúrtha é go dtoiseodh achan chineál maoithneachais fán spéir a theacht aníos ionam.  Achan uile lá, éirím i bhfad níos tnúthánaí, go háirithe sna tráthnóntaí, agus mura mbím cúramach beidh mo chuid mothúchán ag dul chun maoithneachais sna leathanaigh seo.

Ba mhian liom, cuir i gcás, rud inteacht a scríobh fútsa agus a shásúla is a bhí tú mar bhean chéile agamsa fríd na blianta, agus tá mé ag geallstan dom féin má bhíonn am ann, agus má tá an neart go fóill ionam, go ndéanfaidh mé é sin ina dhiaidh seo.

Tá fonn orm fosta labhairt fá Oxford, an áit a bhfuil mo chroí, áit ar chónaigh mé agus ar theagasc mé le seacht mbliana déag anuas, rud inteacht a rá fá áilleacht na háite agus a mhíniú, má thig liom, a thábhachtaí is a bhí sé dom a bheith ag obair anseo.  Carnann na rudaí is na háiteanna sin uilig ar thug mé grá daofa i m’intinn agus mé i mo shuí sa tseomra leapa dhuairc ghruama seo.  Tá siad geal agus galánta mar a bhí i gcónaí, agus inniu, ar chúis inteacht, is soiléire sin ná riamh.  An cosán thart ar an loch i ngairdín Choláiste Worcester, an áit ar ghnách le Lúsaí bheag siúl.  An geata in Pembroke.  An radharc ó thúr Magdalen siar thar an bhaile.  An halla mór ag Eaglais Chríost.  An creig-ghairdín ag Naomh Eoin, áit ar chuntas mé níos mó ná dosaen cineál méaracán gorm, sú talún bhréige neamhchoitianta san áireamh.  Ach an bhfeiceann tú sin!  Níl mé fiú amháin toisithe go fóill agus tá mé imithe ar seachrán cheana féin.  Toiseoidh mé anois mar sin; léigh go mall í, a stóirín, gan cuid ar bith den dólás ná den mhíshásamh sin a dtiocfadh leo cur isteach ar do thuiscint.  An dtabharfaidh tú d’fhocal dom go léifidh tú go mall í, agus go mbeidh d’aigne socair, foighdeach agat sula dtoiseoidh tú?

Tuigeann tusa mionsonraí na breoiteachta a chnag go tobann mé ó tháinig an mheánaois orm.  Ní chaithfidh mé am a chur amú á mhíniú – ach admhaím go raibh sé fíoramaideach agam gan ‘dhul chuig an dochtúir ní ba luaithe.  Tá ailse ar cheann den bheagán galar nach féidir leis na drugaí nua-aimseartha a leigheas.  Thig le máinlia cuidiú ar bhealach inteacht murar scaip an galar rófhada; ach i mo chás-sa de, ní hamháin gur fhág mé rómhall é, ach bhí sé de shotal ag an ghalar a theacht ar mo phaincréas, agus dá réir sin, tá sé dodhéanta dáiríre go dtiocfainn slán ó obráid.

Mar sin agus mé i mo shuí ansin agus idir mí agus sé mhí fágtha ar an tsaol seo agam, agus mé ag dul i ndoilíos de réir na huaire – go tobann – seo isteach chugam Mac Eoin.

B’in sé seachtaine ó shin, ar mhaidin Mháirt, le maidneachan an lae, i bhfad roimh d’uaireanta cuartaíochta-sa, agus bhí a fhios agam ón bhomaite sin a shiúil sé isteach go raibh rud inteacht mire ar cois.  Níor théaltaigh sé isteach go bog ar a bharraicíní, maolchluasach agus uascánta, gan fhios aige caidé ba chóir a rá, mar a dhéanann mo chuairteoirí eile uilig.  Tháinig sé isteach go muiníneach agus miongháire air, gur thug truslóg anonn ‘na leapa agus sheas ansin ag amharc anuas orm agus léas geal fiáin ina shúile, agus dúirt,  ‘A Sheáin, a stócaigh, tá seo foirfe.  Is tusa díreach an té atá a dhíobháil orm!’

Is dócha gur chóir dom a mhíniú anois, cé nach raibh Liam Mac Eoin ariamh sa tigh s’againne, agus gurbh annamh a bhuail tú leis, má casadh ort riamh é,  is cara liom anois é le thart fá naoi mbliana.  Ar ndóigh, cé gur múinteoir fealsúnachta go príomha mé, mar is eol duit, tá lámh agam sa tsíceolaíocht le tamall anuas fosta.  Tharla beagán trasnaíle mar sin idir ábhair spéise s’agam féin agus cuid Liam.  Is néaramháinlia iontach é, ar an mhuintir is fearr acu, agus ar na mallaibh bhí sé cineálta go leor ligint dom taighde a dhéanamh ar thorthaí roinnt dá chuid oibre, go háirithe ar éifeachtaí éagsúla lobatóimí réamhthosaigh i dtaca le cineálacha difriúla síceapatach.  Is cinnte mar sin nuair a tháinig sé isteach gan choinne gan iarraidh an mhaidin Mháirt sin, nárbh aon strainséirí ag a chéile sinn. 

‘Éist,’ ar seisean, agus é ag tarraingt cathaoireach i dtreo na leapa.  ‘I gceann cúpla seachtain beidh tusa marbh.  An bhfuil an ceart agam?’

Chan ar dhóigh ghránna a chuir Mac Eoin an cheist.  Ar bhealach, ba dheas go raibh cuairteoir cróga go leor a thráchtfadh ar an ábhar thoirmiscthe seo.

‘Síothlóidh tú díreach anseo sa tseomra seo, agus ansin glacfaidh siad amach thú agus déanfar thú a chréamadh.’

‘Mé a adhlacadh,’ arsa mise.

‘Fiú níos measa.  Ansin caidé?  An gcreideann tú go rachaidh tú ar Neamh?’

‘Ní dóigh liom é,’ a dúirt mé, ‘cé gurbh ábhar sóláis dom a leithéid a shílstean.’

‘Nó go hifreann, b’fhéidir?’

‘Ní fheicim cad tuighe a seolfadh siad ansin mé.’

‘Ní bheadh a fhios agat, a Sheáin, a chara.’

‘Caidé fá dtaobh de é seo?’ a d’fhiafraigh mé.

‘Bhal,’ ar seisean, chonaic mé go raibh sé ag amharc orm go cúramach, ‘ní dóigh liom go mbeidh tásc ná tuairisc go deo arís ort i ndiaidh duit bás a fháil – ach amháin má…’ stad sé agus rinne meangadh gáire agus chrom níos cóngaraí ‘…ach amháin, ar ndóigh, má tá tú cliste go leor tú féin a fhágáil faoi mo chúramsa.  Ar mhaith leat mo mholadhsa a chluinstin?’

…..