Scáthán dílis ar shaol na linne agus ar an gcomhthionól fuinniúil fuinte as ar fáisceadh é
Nótaí Eagarthóireachta
- Baintear leas as an gcóras uimhrithe a fhaightear san Aguisín, agus tagairtí á ndéanamh do na hamhráin san alt féin. B’éigean cloí leis an modh eagarthóireachta seo i gcás na dtagairtí inmheánacha ó tharla gur ghá feidhmiu laistigh de líon áirithe focal. Tugtar uimhir an amhráin ar dtús, mar aon le huimhreacha na línte sna sleachta ó na hamhráin féin agus tá nasc dhíreach idir na tagairtí sa leagan leictreonach agus na hamhráin iomlána mar a fhaightear san Aguisín.
- Féachadh leis na leaganacha d’amhráin Mhichíl Bhreathnaigh a scríobh mar a d’aithris sé iad ar na buntaifeadtaí fuaime ar ar bunaíodh an t-alt seo. Níor dearnadh caighdeánú ar na leaganacha scríofa, ionas nach gcuirfí as don rím ná don mheadaracht. Ní raibh fáil ar theidil na n-amhrán ar fad, mar sin, cinneadh teidil shealadacha a úsáid san Aguisín, a rinne cur síos ar ábhar na n-amhrán, ina gcás siúd nach raibh teideal leo. Faraor, níl aon taifead cruinn de dhátaí cumtha na n-amhrán ach oiread.
Réamhrá
Tá clú agus cáil ar cheantar Chonamara de bharr go maireann fós beo ann traidisiún ársa na filíochta béil, atá fréamhaithe sa seansaol Gaelach. Bhí an easpa litearthachta ina bac ar phobal na hÉireann go dtí tús na 20ú haoise féin, agus ní raibh mórán ábhar Gaeilge, a bhain le gnáthshaol na ndaoine, á fhoilsiú sna hirisí náisiúnta (Nic Pháidín, 1987: 69). Tá muid go mór faoi chomaoin ag filí pobail na linne, a bhain leas as meán an fhocail le cur síos a dhéanamh ar chúrsaí an tsaoil ina gcuid amhrán agus ina gcuid filíochta. Pléadh téamaí an ghrá, na himirce, agus na polaitíochta náisiúnta agus idirnáisiúnta ina gcuid saothar. Díreofar sa saothar seo ar stór amhrán Mhichíl Bhreathnaigh, as Gleann Mhac Muirinn i gceartlár Chonamara, fear a bhfuil meas agus urraim air mar scéalaí agus mar sheanchaí, a bhuíochas don staidéar a rinne an scríbhneoir Pádraic Breathnach ar a chuid scéalta Fiannaíochta agus Rúraíochta (Breathnach, 2007), agus don bhailiúchán seanchais a thóg an bailitheoir béaloidis Proinnsias de Búrca uaidh don Choimisiún um Béaloideas Éireann ó thús na seascaidí ar aghaidh.
Níl aon dianstaidéar déanta ar na hamhráin a chum sé, áfach, ar a n-áirítear 11 amhrán Ghaeilge agus seacht n-amhrán Bhéarla, cé gur léir ón leagan amach i gcás amhrán nó dhó go bhféadfadh véarsaí a bheith ar lár. Ní hé go bhfuil na hamhráin seo fós beo sa bpobal ná go mbíonn siad á rá ag daoine eile – bhíothas ag brath go hiomlán ar chartlann fuaime RTÉ, Raidió na Gaeltachta, agus ar chorr thaifead a d’éirigh lena chlann a chaomhnú ar chaiséid le breis agus 30 bliain. San alt seo tá sé i gceist scagadh agus cíoradh a dhéanamh ar an stór amhrán seo, d’fhonn léiriú gur scáthán iad ar shaol na linne, agus ar an gcomhthionól fuinniúil fuinte as ar fáisceadh Micheál Breathnach. Téitear i ngleic le réimse leathan ábhar a bhaineann go hiomlán leis an bpobal, fearacht an phoitín, scéimeanna Rialtais, muintir an cheantair agus go deimhin an ceantar féin sa bhailiúchán. Léireofar leis, gur bheag idir é agus filí pobail eile an cheantair lena linn: Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha, Filí Bhaile na mBroghach agus Colm de Bhailís, mar shampla, i gcomhthéacs na dtéamaí agus na modhanna reacaireachta a shaothraigh siad araon. Ní bheifear ag déanamh anailíse anseo ar fheabhas an tsaothair mar litríocht, mar go bhfuil sé sin lasmuigh de scóp na haiste seo, ach ba mhaith an mhaise díriú ar a leithéid amach anseo go cinnte.
Beathaisnéis
Fear Gaeltachta ab ea Micheál Breathnach, nó Michael Phatch mar ab fhearr aithne air i measc a mhuintire. B’ar an 25 Deireadh Fómhair, 1902 a caitheadh ar an sop é, i nGleann Mhac Muirinn; tamhnach sléibhe atá i bhfoisceacht 13 míle d’Uachtar Ard ó thuaidh agus sé mhíle de Chasla ó dheas. Bhí sé ar dhuine de chúigear clainne a saolaíodh do Phatch Pheadair Mhichíl Mhóir, ar de bhunadh Ghleann Mhac Muirinn é, agus d’Áine Nic Dhonncha, as Ros an Mhíl. D’fhreastail sé ar Sheanscoil Ghleann Mhac Muirinn, Tigh Tom Mharcuis, sular dhún sí, agus ar Scoil Nioclás Naomhtha i mBoth Bhrocháin, nó i gCnoc Aduaidh, mar a thugtar freisin air.
Cé go mba ghearr a sheal mar bhuachaill scoile, shásaigh scoil an tsaoil, agus saibhreas eolais a shinsir, a dhúil sa léann.
Shaothraigh muintir an bhaile, agus muintir an cheantair i gcoitinne, an saol ag an am mar nach raibh aon dul as acu ach dul i dtuilleamaí drochthalún chun snáth a choinneáil faoin bhfiacail. Thug Synge ‘the most poverty-stricken district in Ireland’ (Ó Conghaile, 1988: 38) ar an réigiún ón Spidéal anoir, agus cé nach bhféadfaí a áitiú go raibh na Breathnaigh saibhir, is cinnte go raibh siad ní ba dheisiúla ná mar a bhí bunáite mhuintir an cheantair, nach raibh ag a bhformhór ach ón láimh go dtí an béal. Bhí cearta iascaireachta ag seanathair Mhichíl, Peadar Mór, do thaobh amháin de Loch na Coille, a bhí ar leac an dorais acu i nGleann Mhac Muirinn, agus a mheall iascairí ó chian agus ó chóngar de bharr go raibh na bric gheala le fáil chomh flúirseach ann. Thit na cearta sin ar Mhichíl in am trátha, ó tharla gurbh é a d’fhan sa bhaile i dteannta a thuismitheoirí, nuair a d’fhág a chuid deartháireacha agus a chuid deirfiúracha slán leis an nead agus iad ar thóir blaiseadh den saol mór. Choinnigh sé báid locha leis na hiascairí a thabhairt amach ar an loch, mar a bhí déanta ag a athair agus a sheanathair roimhe.
Bua na Cainte agus Feidhm na hEalaíne
Fáisceadh agus fuineadh Micheál as saol an tseanchais agus an bhéaloidis agus b’óna athair agus óna sheanathair, agus ó mhuintir na háite, a chuala sé na scéalta Fiannaíochta agus Rúraíochta, na piseoga, na seanamhráin, na leigheasanna agus an stór ollmhór seanchais a choinnigh sé greanta ina inchinn go dtí lá a bháis. Mórann Pádraic Breathnach an chuimhne éachtach a bhí aige: ‘cuimhne na gcúig gceann, na gcúig mbeann is na gcúig muineál, cuimhne na naoi bhfaobhar!’ (2007: 14), cumas a shainítear go minic leis na filí pobail, agus a bhí riachtanach dóibh siúd nach raibh an pheannaireacht ar a dtoil acu mar nach raibh aon deis eile acu lena gcuid saothar a chaomhnú (Denvir, 2003: 9). Fearacht cuid mhaith de na filí pobail chumadh sé na hamhráin ar an leaba is d’oíche agus tá cuimhní ag a chlann ar Mhicheál a bheith le cloisteáil ag cur véarsaí trína chéile ag a trí agus ag a ceathair a chlog ar maidin. Is minic a bhíodh sé ag cumadh le linn dó a bheith i mbun obair an lae chomh maith: ar an bportach, ag baint féir nó ag cur fataí sna garraithe, ar an sliabh i ndiaidh na mbeithíoch, sa choill ag gearradh adhmaid nó thíos ag an loch. Ní raibh deireadh ar bith leis an méid oibre a bhíodh le déanamh ó d’éirídís le giolc an éin nó go dtéadh an ghrian fúithi sa tráthnóna agus d’fheidhmigh an chumadóireacht mar dheis éalaithe ó anó agus ó anachain an tsaoil réalaigh (Denvir, 1996: 29).
Dar lena mhac Colm nach raibh ‘cloch as claí, dris i ngarraí, copóg i sráid, scioból gan doras, coca féir gan bhrat ná cruach mhóna gan ghníomh’ (Breathnach, 2007: 11). Is léiriú é seo ar a chuid críochnúlachta agus ar chomh paiteanta agus a thug sé faoina chuid dualgas, mar gurbh fhear é nár theastaigh uaidh go mbeadh bunchleite isteach ná barrchleite amach, i gcás a chuid oibre fisiciúla agus cruthaithí araon. Leoga, bhí an fheidhm shiamsaíochta a bhain leis an gcumadóireacht lárnach sna hoícheanta airneáin nó an ‘time’ mar a thráchtaí orthu i gceantair áirithe. B’annamh leis na Gael ceiliúradh a dhéanamh gan an amhránaíocht, an fhilíocht agus an scéalaíocht a bheith mar chuid lárnach den cheiliúradh sin, agus níorbh aon eisceacht Tigh Mhichíl Bhreathnaigh, teach a mbíodh ‘ceol á chasadh ag na strainséirí agus ceol á chasadh ar an mbosca ceoil ag Michael Phatch féin.’ (Breathnach, 2007: 10). Ba ag na hócáidí sóisialta seo a rinneadh buanú ar a n-oidhreacht, ach ní ó thaobh na siamsaíochta amháin a bhain tábhacht leis na hamhráin dar le Ó Madagáin:
as well as having an aesthetic function they belonged to the culture of this particular society, expressed its values, had a role in the moulding and perpetuation of the culture, and enhanced the sense of belonging of both singer and audience (1985: 172)
Dáimh Áite
Is léir go raibh cion ag an mBreathnach ar gach uile chloch de Ghleann Mhac Muirinn agus rinne sé gaisce as a fhód dúchais i dtrí cinn ar fad dá chuid amhrán, péire acu i nGaeilge ‘Amhrán Fada Ghleann Mhac Muirinn’ agus ‘Amhrán Gearr Ghleann Mhac Muirinn’ agus ceann amháin i mBéarla, ‘Glenicmurrin Townland’. Léirigh sé a chuid saineolais ar an dinnseanchas sa liostáil a rinne sé ar bhailte agus ar thíortha, abhus agus i gcéin, ach is dá bhaile féin a thugadh sé an chraobh i gcónaí ‘lena áilleacht is aghaidh gréine, gach am tríd an mbliain’ (1. 8). Go deimhin, mhaígh sé go mórtasach, ‘nach bhfuil sé sna chúig Chúige an té a thabharfadh as an barr’ (4. 32). Áitíonn Ó Madagáin gur chuir an ‘local colour of the songs’, na tagairtí do dhaoine agus do logainmneacha áitiúla, leis an ‘sense of security and belonging’, agus ba mhinic an tseift sin in úsáid ag an mBreathnach, más go neamh-chomhfhiosach féin é (1985: 172). Bhain sé gaisneas as friotal fileata chun cur síos ar staid idéalach na timpeallachta agus ar thréithe na ndaoine. Léirigh sé mar ab éigean do dhaoine dul i dtuilleamaí an nádúir chomh maith, agus tráchtar ar phobal Ghleann Mhac Muirinn mar a bheadh pobal féinchothaithe ann, dá réir.
Ceantar scoite go maith ab ea é, fiú agus an bóthar tógtha idir Casla agus Uachtar Ard ag deireadh na 1920idí (Ó Coimín, 2000: 18), ach ní raibh aon stró air 28 ceathrú a chumadh á mholadh agus á mhóramh go cranna na spéire in ‘Amhrán Fada Ghleann Mhac Muirinn’ mar sin féin:
Tá chuile short ní ann, a gcuirfeadh fear spéis ann
Tá an fiach in sna sléibhte ann, is an t-iasc ins an líon
Tá an bradán is an breac geal, ag poinceann is ag léimneach
Dhá marú ina gcéadta ann, is á roinnt ar an tír. (1. 24-28)
Níl mórán á dteastaíonn nach bhfuil ann de dalladh
Tá ábhar an jam ann ar bharra na gcraobh
Tá úllaí breátha blasta ann, tá sméara dubha daite ann
Tá mairteoil is feoil chearc ann go fairsing dá réir. (1. 37-40)
Tuigtear ó na hamhráin mholta a chum sé faoi Ghleann Mhac Muirinn (1. 1-116), (4. 1-32), (10. 1-60), agus faoi Fhormaoil (5. 1-64) go raibh sé i dtiúin go mór le dúile Dé ar fad agus tá rian de litríocht na Fiannaíochta le sonrú go láidir ar an ngrá a léirigh sé do gach neach dár chruthaigh Dia. Ní hamháin go raibh an-eolas aige ar an iliomad éan a bhí le fáil sa cheantar, ach liostáiltear na crainn, na sméara, agus na cnónna éagsúla a bhí ar fáil go flúirseach i ‘nGleann na Muir Mór’, mar a thugadh sé air in amanna, chomh maith.
Tá sin ann le gearradh gach adhmad dá dhaoire
Seiceamar, caorthann, cabhail giúsach is fuinseog
Agus cranna breá daraigh atá ag fás le seacht sinsear
Is nach bhfeicfeadh fear snoite iad an fhad is a mhairfeadh sé beo.
(1.41-44)
Tá ábhar an bháid ann seas, post agus cíle
Tá lárach ina chrainnte ann nár gearradh riamh fós
Tá na scoilb á nglanadh ann faoi chóir na droch-oíche
Is tá an tslat ann a dhéanfadh cis, cléibh agus lóib. (1. 61-64)
Bhí an dáimh áite seo go mór chun cinn san fhilíocht phobail araon agus chraobhscaoil Filí Bhaile na mBroghach agus Colm de Bhailís a ngrá dá gceantar dúchais, ‘ós é ceartlár na cruinne é agus nach bhfuil a leithéid eile ar dhroim an domhain’, ina saothar féin chomh maith (Denvir, 1996: 34). Go deimhin, ba bheag idir chur síos s’acusan agus an léiriú a rinne Ó Direáin ar Inis Mór, ‘áit a raibh ionad cinnte so-aitheanta ag an duine agus a shaothar taobh istigh de chleachtadh saoil an phobail trí chéile’ (Nic Eoin, 2005: 138).
An Phátrúnacht
Áitíonn Nic Dhonncha gur fheidhmigh saothar na seanfhilí pobail ‘mar eiseamláir do stíl chumadóireachta na nglúnta a lean’ (2002: 2) agus d’ainneoin gur athraigh ról na bhfilí ó bhun nuair a thit an seanchóras as a chéile sa 17ú aois, ba dhlúthchuid den tsochaí í an phátrúnacht riamh anall. Fiú nuair a chaill na filí a stádas sa tsochaí, bhronn an pobal an t-aitheantas ba dhual dóibh orthu siúd a raibh bua na filíochta ar a dtoil acu.
Ba iad a choinnigh taifead ar thraidisiún na muintire ach d’uireasa lucht éisteachta umhal níorbh fhiú dóibh a bheith ag cumadh. Thagair an file pobail aitheanta Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha den ghradam a samhlaíodh le lucht na héigse, agus dóibh siúd a bhronn an stádas orthu féin: ‘Tá daoine ann inniu a thug filí orthu fhéin, ach is daoine eile a thugann ormsa é’ (1987: 9). Fearacht an Choisdealbhaigh, ar chol cúigear don Bhreathnach é, níor shamhlaigh sé an chumhacht osnádúrtha a samhlaíodh le ‘filí’ leis féin, mar is léir ó agallamh le hAingeal Ní Chonchubhair do Raidió na Gaeltachta i 1977, nuair a mhaígh sé nár scríobh sé aon phíosa filíochta riamh, ach go raibh sé ag cumadh amhrán ó bhí sé seacht mbliana d’aois. Níorbh ionann sin agus Filí Bhaile na mBroghach, a chreid ‘go raibh an fhilíocht istigh ann agus nár bheo é go bhfaigheadh dá chroí é’ (Mac an Iomaire, 1983: 28).
Is léir mar sin nár shamhlaigh sé é féin mar fhile, d’ainneoin gur lean sé na múnlaí ceannann céanna is a lean filí pobail eile na dúiche. Ba é an saoi i measc a phobail féin é, áfach: roinn sé a chuid eolais go fial orthu agus chuir comhairle orthu faoi eachtraí náisiúnta agus logánta. D’fhéadfaí a mhaíomh gurbh ionann a thuiscint ar an gcumadóireacht agus tuiscint Finnegan:
The oral poet is not merely the voice of communal pressures, neither is every poet an individual and untrammelled genius: poetry is the creation both of a particular community and of a particular individual’ (1992: 213)
B’fhíor di, ar ndóigh, mar go raibh an pobal lárnach ní hamháin sna heachtraí a spreag na hamhráin, ach gur dóibh a aithrisíodh iad agus gurbh iad a choinnigh seachadta ó ghlúin go glúin iad.
I bhfianaise a chuid spéise agus a chuid eolais ar an mbéaloideas, d’fhéadfadh gur chreid an Breathnach gur rud ab ea an fhilíocht ‘nár lean aon rath é’ (Ó hÓgáin, 1974: 4) agus gur chloígh sé leis an leagan ‘amhrán’ dá réir. Chomh maith leis sin, baineadh úsáid as an téarma ‘cainteoir’ mar mhalairt ar an bhfocal ‘file’ i nGaeilge Cho. na Gaillimhe agus ní dhearnadh aon deighilt idir ‘caint’ agus filíocht dá réir (Ó hÓgáin, 1982: 7). Áitíonn Denvir gurb ‘í an chaint agus a saothrú go healaíonta’ bun agus barr na filíochta (1988: 202). Díol spéise é sin féin mar nár chuir an Breathnach aon fhonn leis na hamhráin ach iad a reic mar a tháinig siad ina inchinn. Chloígh sé le meadaracht an amhráin mar ba dual do na filí pobail riamh anall.
Comhairle an tSaoi
B’fhear chneasta é an Breathnach nár bhain aon chur i gcéill leis, mar a léiríonn ‘Amhrán an Phríosúin’ a thráchtann ar an tréimhse trí mhí a chaith sé sa phríosún. Mhallaigh sé an poitín san amhrán pearsanta faoin eachtra nuair a rugadh i dteach an tsíbín air lá aonaigh, d’ainneoin nárbh fhear é a d’óladh mórán.
I leaba an eachtra a shéanadh le teann náire, d’airigh sé go raibh éagóir déanta air, ó tharla ‘gurbh é an fear a dhaor é a rinne an feall’ (16. 50) agus theastaigh uaidh comhairle a chur ar a chomharsana agus ar ‘a dhaoine muinteartha’ agus a mhíshástacht a chur in iúl dá réir:
As an matal crochta ab fhearr liom cinnte
Nó a bheith ag dul go Maoghras i gcónra chláir.
Ná mé a thabhairt chuig beairic idir lámha peelers
Mo mhuintir taobh liom, is nár bhocht an cás. (16. 25-28)
Chuaigh trí mhí mhór fhada orm istigh sa bpríosún
Is dá mbeadh sé tuillte agam bheadh rud le rá
Ach braoinín dhríodarlach a tógadh as gríosach
Is nach mba brocach an braon é i gcúirt le taispeáint. (16. 41-44)
Cháin sé an tseanbhean mhallaithe a raibh fad ar a teanga agus a thug a ainm do na gardaí, agus bhain sé leas as feidhm chomhairleach an tseanfhocail leis an bpointe a threisiú. Dhearbhaigh sé dlisteanacht an tseanfhocail, gné eile de thraidisiún na healaíne béil, chomh maith: ‘Ach mar a dúirt an seanfhocal, ‘gus is deacair cinnte air/Ní thagann caonach ar theanga mná’ (16. 39-40).
Ní san amhrán sin amháin a fheictear ceachtanna morálta á roinnt ag an mBreathnach lena dhaoine muinteartha, áfach, agus luí an trioblóid agus an t-achrann a tharraing an dole idir beirt deartháir as an mbaile ba gaire dó go trom air. Go deimhin, mhaígh sé gurbh é an dole ba chiontaí leis na peacaí marfacha a bhí á ndéanamh ‘ag sean is óg’ agus é ag cur síos ar an raic a tharraing an íocaíocht i gcás píosa talún chomh bocht agus a bhí in Éirinn in ‘Amhrán an Dole’:
Dia dhá réiteach nach bocht an scéal é
Ar thamhnach shléibhe ná ar thalamh bán
Nach fiú dhá phingin é idir sliabh is mínleach
Go gcailltear na caoirigh ann leis an ngalar cam.
Níl fraoch ná cíb ann, níl féar ná tuí ann
Níl foscadh dídean ann ag lao ná ag bó
Is go gcaillfí an naoscach ann ar fhad an gheimhridh
Mar ní scalann an ghrian ann ach uair nó dhó. (11. 25-32)
Thuig sé go raibh dochar á dhéanamh ag an dole do chaidreamh na beirte agus ghlac seisean ról an tsaoi agus an oideachasóra air féin agus é ag iarraidh an carthanas agus an muintearas a spreagadh arís. Ba iad an chomhairle agus an teagasc na gnéithe ba thábhachtaí den Fhabhalscéal, ar ndóigh, agus feictear gaois agus saoldearcadh traidisiúnta an Bhreathnaigh sa bhéim a leag sé ar mhoráltacht agus ar dhea-iompar. Nocht sé gliceas agus slíomadóireacht an óstóra, a thugann aire na huibhe don té a bhfuil póca teann aige, ach nach bhfuil aon bhlas dílseachta ag baint leis i ndeireadh na dála, ach ag tochras ar a cheirtlín féin san amhrán ‘The Publican’: ‘The public man will welcome you when he knows you have the pence’ (13. 7). Ní raibh aon dul amú ar an mBreathnach agus thuig sé go rímhaith nach gcuirfeadh maoin an tsaoil fad le beatha aon duine: ‘And those who have money in the bank as well as us must die’ (13. 24).
Na hAmhráin Mholta
Tuigtear de réir choinbhinsiúin na filíochta béil gur buaine an fhilíocht ná an bheatha fiú, agus mórann an Breathnach Tomás Ó Céide, fear óg as Cnoc Aduaidh, a maraíodh i dtimpiste sa mhonarcha éisc ina raibh sé ag obair san amhrán pearsanta a scríobh sé dó, ‘Amhrán Thomáis Mhaidhc Bhill’. Is gearr le marbhna é an t-amhrán pearsanta seo ina gcaoineann sé mac le deartháir a chéile. Cuireann sé síos ar an timpiste féin tráth ar dódh an fear óg nuair a thit sé isteach i gceann de na humair uisce fiuchta sa mhonarcha. Tráchtar do bhriseadh croí na muintire, ‘You can’t relate or even translate their misery and woe’ (6. 7), agus don bhail a d’fhág an tragóid ar an gcomharsanacht, ‘From eyes tears were falling and prayers they were said’ (6. 28). Arís, cuirtear comhairle ar an bpobal gan a bheith brónach, mar go gcaitear glacadh le toil Dé agus muinín a chur in pé plean atá leagtha amach aige dúinn. Faightear léargas ar an dearcadh a bhí ag na daoine i leith an chreidimh sa chaoi a nglacadh siad lena gcinniúint san amhrán seo:
From the days of our childhood, though we imagine it long
We hardly ever remember or pass no remark
Our life is just passing like waters do flow
When from death comes the warning, then off we will go. (6. 34-37)
Is ag baint leasa as an bhfilíocht ar mhaithe le díchuimhne an duine a chosaint a bhí sé san amhrán pearsanta a chum sé faoi iníon le deartháir a chéile, ‘Anna Bheag Bhán Dheas’, sular thug sí an bád bán uirthi féin i dtús na seascaidí. Déanann sé cur síos ar a dea-thréithe agus ar a háilleacht agus in ainneoin gur chaillteanas ollmhór don cheantar í, áit nach raibh an oiread sin comhluadair, déantar a cuimhne a bhuanú san amhrán, ionas go mairfidh sé beo trí mheán na filíochta, i bhfad ina diaidh.
Is cuma cleamhnas nó bainis é, ceol ná pléaráca
A bheas thart in san áit seo agus muid leagtha san uaigh.
Beidh muintir na mbailte ar fad i ngreim lámha
A gabháil Anna bheag bhán dheas a bhí ar thaobh Chnoc Aduaidh. (18. 49-52)
Chloígh an Breathnach le nósanna a dtéann a bhfréamhacha siar i bhfad sa litríocht agus é ag cur síos ar áilleacht an chailín óig: ‘A cúilín donn casta atá ag dul síos thar a básta/Nach bhfuil rós in sa ngairdín is áille ná a grua’ (18. 5-6), agus arís sa tríú véarsa: ‘A dá shúilín glasa atá chomh cruinn leis an airne/Nach raibh tada níos áille i gceann ainnir na gcuach’ (18. 9-10). Baineann na samhlaoidí seo a mbaintí úsáid astu chun cur síos a dhéanamh ar ghnéithe ar leith d’áilleacht na hainnire, le traidisiún ársa na n-amhrán grá (Ó Fiaich, 1983: 60).
Feictear arís é san amhrán molta ban, a bhí láidir i dtraidisiún na nGael chomh maith, ‘An Ógbhean Álainn a Bhí i gCnoic Mhám Aodha’. Is do Bhríd de Búrca, iníon an bhailitheora béaloidis Proinnsias de Búrca, a bhíodh ag bailiú béaloidis uaidh a chum Micheál an t-amhrán molta seo:
Bhí dhá shúil ghlasa inti chomh cruinn le hairne
Agus na deora cráite uathu síos
Is a grua ba dheirge ná an rós sa ngairdín
Ach an té a mbeadh sí i ngrá leis go mb’fhada a shaol. (9. 13–16)
Is maith do gheallúint dom a chúilín fáinneach
Ach a Rí na nGrásta nach bocht an aoi
Nach bhfuil ionam ach sclábhaí bocht atá i ngreim sa láí
Ó ghealas an lá go ndubhaí an oíche. (9. 69-72)
Baineann an cur síos seo ar dhaoine áitiúla agus ar eachtraí logánta go sonrach le ról na bhfilí pobail, a bhaineann gaisneas as an bhfriotal fileata chun ealaín a chruthú as an ngnáthshaol réalaíoch. Sampla maith de dhán molta an phátrúin ag leibhéal tuaithe agus an file ag moladh an fhir uasail is ea an t-amhrán, ‘The Lovely Green Valleys around Fermoyle’. Is ar iarratas ó úinéir Lodge Fhormaoile, an Sasanach Ronald Stevens, a raibh cáil dhomhanda air mar thraenálaí fabhcúin, a chum an Breathnach an t-amhrán. Tagraíonn an Breathnach do na boicíní agus do na huaisle a mheall an iascaireacht, an fiach agus áilleacht an cheantair san amhrán, ach léirítear an leas eacnamúil a bhain leis na cuairteoirí seo don phobal áitiúil chomh maith. Ní hamháin go ndéantar ceiliúradh ar an gceantar, ach moltar an t-úinéir go cranna na spéire agus ba léir ón amhrán gur chaith an fear uasal go maith leis an lucht oibre.
It’s a credit to Connaught and to its goodhearted owner,
That’s very well-known through the whole British Isles,
As a rich man, a good man, for the public all over,
May God spare and restore him for the rest of his life. (5. 41-44)
Léiríonn na hamhráin Bhéarla seo go raibh lucht éisteachta ag an mBreathnach sa Bhéarla agus sa Ghaeilge, agus go deimhin go raibh cumas aige a bheith ag cumadh sa dá theanga. Feictear an cuireadh chun éisteachta in úsáid aige in oscailt chuid mhaith dá chuid amhrán freisin: ‘Now all ye friends and neighbours, I mean to let you know’ (12. 1), ‘All ye friends and neighbours, be seated if you may’ (6. 1) agus ‘Dear friends and old neighbours I’d like to remind you’ (5. 1). Tá an cuireadh sin chun éisteachta ar cheann de na tréithe is mó a shainítear leis na bailéid, ‘véarsaí’ a bhí á scríobh in Éirinn dar le Ó Fiaich, ‘le beagnach trí chéad bliain anuas’ (1976: 121).
Tráchtaireacht Shóisialta
Cé go bhfuil, agus go mbeidh, easaontas idir na saineolaithe maidir le bailíocht na litríochta mar fhoinse eolais shocheolaíoch agus antraipeolaíoch, feidhmíonn saothar an Bhreathnaigh mar thráchtas ar stair shóisialta an phobail as ar fáisceadh é, mar a léirítear go soiléir sna hamhráin pholaitiúla a chum sé. Chonaic sé spleodar mór polaitiúil lena linn mar gur mhair sé trí dhá chogadh dhomhanda, mar aon le Cogadh na Saoirse, idir 1919 agus 1922, agus an Cogadh Cathartha i 1922, agus tagraítear don scliúchas a tharla le linn thréimhse chorraitheach thús an chéid seo caite, in ‘Amhrán an Chogaidh’ agus in ‘Amhrán an Mhajor’. Ba thréimhse éabhlóide í in Éirinn leis ar ndóigh, agus bhí tionchar ollmhór ag bunú an tSaorstáit ar phobal na tíre, mar go raibh impleachtaí ag na polasaithe éagsúla a cuireadh i bhfeidhm ar shaol na ngnáthdhaoine.
Tagraíodh cheana do cháineadh an Bhreathnaigh ar Scéim an Deolchaire, a thug Fianna Fáil isteach i 1933, in ‘Amhrán an Dole’. Níorbh é Micheál amháin a bhí cáinteach ar an scéim úd ná ar an easpa airde a tugadh ar phobal Chonamara a bhí fágtha ar an bhfaraor géar ó thaobh aon leas eacnamaíochta de, áfach, agus ba mhinic an drochbhail a fágadh ar phobal na Gaeltachta ina ábhar cainte agus conspóide ag lucht na cúise. Admhaíonn Ó Conghaile go raibh ‘dochar agus dochar mór déanta ag an dole’, agus dar leis go raibh spiorad na ndaoine múchta scriosta ‘de bharr na leisce a tháinig as an díomhaointeas’, rud nár chleacht muintir an cheantair cheana riamh (1988: 178). Thacódh an léargas a fhaightear ar dhrochthionchar na scéime in ‘Amhrán an Dole’ go láidir leis an argóint seo:
A Dhia is a Mhuire nach bocht an scéal é
Le léamh in Éirinn ná sa nGaeltacht mhór
Dhá chréatúr shalacha gan ciall gan réasún
Ag marú a chéile ann mar gheall ar dole.
Mura socróidh an sagart é nó Mr. Grady
Ní bheidh ann ach réabadh luath nó mall
Mar tá trioblóid talún ann nach féidir a réiteach
Nó go leagtar téip air agus go ndéantar fál.
Tá Mike ag fáil íocaíochta air agus Pat á shéanadh
Nó tá an páipéar bréagach ar a bhfuil sé ann
Ach go bhfuil a fhios ag Muire is ag an t-aon Mhac Naofa
Nach baile Críostúil a bhfuil siad ann. (11. 9-20)
Níorbh í Scéim an Deolchaire an t-aon scéim rialtais a lochtaigh an Breathnach, áfach, mar is léir ó ‘Amhrán na Móna’, faoi scéim a bhí á reáchtáil ag na húdaráis áitiúla ar mhaithe le fuinneamh dúchais a sholáthar le linn an Chogaidh Mhóir. Is ar an mbonn céanna leis an scéim feabhsúcháin bóthair a bhí sé á reáchtáil, ach gur i rith an gheimhridh a dhéantaí an obair ar na bóithre agus gur ón earrach ar aghaidh a bhíodh obair ar bun faoi Scéim na Móna.
Bhí ganntanas ola sa tír de bharr na contúirte go ndéanfaí dochar do na báid a bhíodh ag tabhairt an ola go hÉirinn agus dá bhrí sin cuireadh na daoine a bhí i dteideal an dole amach ag obair ar na portaigh. Bhíodh fir agus mná ag obair ar an Scéim ach thuill na fir pá ní b’airde, fiú nuair a bhídís ag gróigeadh agus ag scaradh na móna, mar a bhíodh le déanamh ag na mná. Osclaíodh portaigh nua ag an am agus ní raibh an talamh draenáilte agus ba ag trácht ar a leithéid sin a bhí sé agus caighdeán na móna á lochtú sna ceathrúna a leanas:
Tá an fear is an gasúr ann mar a bheadh múille
Aníos go dtí a nglúine go domhain i láib
Is nach maithfí ceathrú dóibh ná uair tráthnóna
Ach an nóiméad comhartha má bhíonn siad mall. (17. 13-20)
Beidh rates is taxes ann is ní íocfaidh i gcumhacht iad
Ní íocfaidh an mhóin iad, ná fear an tsleáin.
Mar níl teas ná maith inti, dhá bhféadfá a chomhaireamh
Is nach olc an tinteán í i gContae an Chláir.
Nach aisteach an obair í Scéim na Móna
Ach dá mbeadh móin ann bheadh rud le rá
Ach is gearr le cadás í nó olann fómhair
Nó carnán clúmhaigh a d’éireodh ard. (17. 25-32)
Tugtar léargas ar an gcrá croí agus ar an gcrácamas a bhain leis an Scéim seo sa gcéad véarsa thuasluaite agus tuigtear nár spáráladh an gasúr ó obair chrua an phortaigh ach oiread leo siúd a raibh na géaráin curtha go maith acu. Tá teanga ghéar an fhile le sonrú sa dara véarsa thuas, agus cuireann an faobhar seo le cumhacht an amhráin, a éiríonn níos nimhní agus níos drochmheasúla le chuile véarsa. Tacaíonn sé le léirmheas Denvir, go dtráchtar sna hamhráin ‘ar athruithe a tharla agus ar dhearcadh agus ar mheon an phobail a chonaic iad’ (2003: 5), sa mhéid agus go bhfaightear léargas sna véarsaí seo ar an easpa pleanála ag leibhéal an Rialtais, agus ar an drochbhail a d’fhág sé sin ar mhuintir na Gaeltachta:
Mura bhfóire Muire orthu is Mac Rí an Domhnaigh
Agus beagán cúnaimh a fháil ó Mheiriceá
Beidh gorta is anó ann roimh thús an fhómhair
Is beidh Éireann dhúchais ar fad le fán.
Ní bheidh plúr ná fataí ann, tae ná siúcra
Ach ruidín tútach nach bhfuil abhus ná thall
Ná sláinte an tseanduine, an tobac sa dúidín
Is go dtí fiú is an t-unsa ní bheidh le fáil. (17. 37-44)
Gob Géar an Fhile
Níl fuacht ná faitíos ar an mBreathnach a dhearcadh polaitiúil a fhógairt agus ní spáráiltear Éamon de Valera ó ghob géar an fhile, beag beann ar an méid tacaíochta a bhí aige féin agus ag Fianna Fáil i gceantar Chonamara ag an am. Bhí baint ag an teorannú stairiúil a rinneadh nuair a thosaigh an Cogadh Cathartha, nuair a láidrigh carachtair éagsúla a chur fúthu sa cheantar vótaí na bpáirtithe éagsúla, leis na claonta polaitiúla i gceantair éagsúla. Feictear go raibh Filí Bhaile na mBroghach agus Learaí Phádraic Learaí Ó Finneadha an-dílis d’Fhianna Fáil mar shampla, mar go mbíodh de Valera ag tabhairt cuairte ar an Lochán Beag go minic lena linn (Mac an Iomaire, 1983: 21) & (Denvir, 1999: 174).
Níorbh ionadh go raibh cloch sa mhuinchille ag muintir Ghleann Mhac Muirinn d’Fhianna Fáil, nuair a smaoinítear ar theip na Scéime Athlonnaithe a bhunaigh an Rialtas i Seanadh Phéistín i dtús na 1930aidí. Dar le Ó Cíosáin nach raibh beatha ag caoirigh ná beithígh ann, go raibh an talamh go fíordhona agus go raibh na claíocha a thógtaí á slogadh sa mhuing (1985: 4). Sheas an eagraíocht ‘Muintir na Gaeltachta’, a bunaíodh i 1933, i gcoinne chinneadh an Rialtais tuilleadh clann a aistriú ó na ceantair cois cladaigh, a bhí róphlódaithe, go Seanadh Phéistín. Thug Ó Cadhain faoin Rialtas agus faoin scéim in An t-Éireannach, agus é ag maíomh go bhfuair ‘oifigeach grinn éicin de’n Stat-Sheirbhís Tír na nÓg amach i lár an tsléibhe ag Seana-Phéistín, agus cuireadh bailchríoch ar mhallacht Chromail’ (1.9.1934). D’éirigh le feachtas Mhuintir na Gaeltachta, nuair a chonaic de Valera na tailte dó féin ar an 27 Bealtaine 1934. Deirtear sa seanchas áitiúil, áfach, gur sheas muintir Sheanadh Phéistín roimhe sa tslí agus nár ligeadar chomh fada leis an mbaile ar chor ar bith é. Cinneadh teaghlaigh as Conamara a aistriú go Co. na Mí dá thoradh sin, áit a raibh tailte maithe agus deis ar shaol níos fearr dá réir.
Níorbh iad na polaiteoirí amháin a fuair léasadh de theanga an Bhreathnaigh, áfach. Scríobh sé an t-amhrán cáinte, ‘The Publican’, roimh chodladh dó oíche ar fhill sé ó theach tábhairne áitiúil, nuair nár thairg an t-óstóir an braon fuisce féin dó mar luach saothair ar an amhrán molta a bhí cumtha aige fúithi. Thug an t-amhrán molta stádas don phátrún, agus ba é an rud ba lú a d’fhéadfadh sí a dhéanamh ná cúiteamh a thabhairt don fhile ar a s(h)aothar. Ar ndóigh, ní le mailís a chumtaí na hamhráin cháinte i gcónaí, ach le teann spraoi agus siamsaíochta, cé go bhféadfadh go raibh an ‘spontaneous overflow of powerful feelings’ a luann Wordsworth leis an bhfilíocht, i gceist an oíche úd freisin (Finnegan, 1977: 31).
Bhí cumas sa Bhreathnach an moladh nó an cáineadh a dhéanamh, agus cé nach raibh leisce ar bith air faobhar a theanga a imirt, ba nádúrtha i bhfad a tháinig an moladh leis, mar a léiríonn an dá líne seo ó ‘Amhrán Molta an Óstóra’, a chum sé faoin óstóir céanna: ‘Ach nach raibh tinneas ná míshláinte uirthi, más fada gearr a mhairfidh sí/Is iomaí fear a déarfaidh paidir di an lá a rachaidh sí sa chré. (8. 3-4)’
Greann agus Áibhéil
Bhí tóir riamh anall ar an amhrán greannmhar mar gur fhuascail sé an pobal ó anó agus ó chruatan an tsaoil, agus gur chomhlíon sé feidhm na siamsaíochta a bhain go dlúth le traidisiún an bhéaloidis agus an tseanchais. Léiríonn ‘Amhrán an Bhacstaí’ go raibh féith an ghrinn go tréan sa Bhreathnach, tréith a shamhlaítear le filí pobail Chonamara i gcoitinne (Ní Dhonncha, 2002: 18). Ba mhinic go dtéadh sé i muinín an ghrinn fiú agus é ag trácht ar ábhar a ghoill air, fearacht an mheatha a bhí ag teacht ar an seansaol as ar fáisceadh é féin. Thuig sé go maith go raibh an saol ag athrú ar cosa in airde mar bhí muirín air féin agus ar a bhean chéile, Bríd Ní Chéide, as Cnoc Aduaidh, agus níorbh ionann an caitheamh aimsire ar chuir siadsan spéis ann agus na cleasa a bhíodh aigesean leis na laethanta a ghiorrú agus é ina stócach. Ní spárálann sé na mná agus é ag cáineadh an fonn bóithreoireachta a bhíonn orthu agus iad ‘craiceáilte ag imeacht i gcarranna ag rambleáil ar fud na tíre’ (2. 12). Is cás leis an seanfhear bocht, atá fágtha ag baile ina chadhan aonair, agus maíonn gurbh fhearr dó ‘go básta i bhfarraige nó seachtain ag tarraingt céachta/Ná a bheith ceangailte le babóigín is gan inti ach harem scarem’ (2: 48-49). Is ag caitheamh i ndiaidh an tseansaoil agus an chultúir a bhí sé, ar ndóigh, ach gur chuir sé craiceann an ghrinn ar na híomhánna a chuir sé inár láthair de na mná ag cur smideadh orthu féin agus iad á ngléasadh féin do ‘chéilí Chotter’, nó ‘An Poitín Stil’ mar is fearr aithne anois air. Spreag an t-athrú saoil é le dul i mbun pinn agus léirigh sé go raibh cumas na sciolladóireachta ann fiú agus gan aon mhailís lena chuid cainte.
Is le linn do bheirt den bhaile a bheith abhus ar chuairt oíche a cumadh ‘Amhrán an Bhacstaí’. Labhraíodh ar bhacstaí agus ní dhearnadh ach canna pónairí a oscailt, a fholmhú agus a ghlanadh sular rollaíodh amach é. Cuireadh poill ann le tairní agus cuireadh i bhfostú de chlár é. Tugadh isteach na fataí, níodh, scríobadh agus fáisceadh iad agus rinneadh bacstaí, agus sular fhág na comharsana an teach an oíche sin bhí an t-amhrán cumtha aigesean. Aontaíonn sé seo leis an gcumas a shamhlaítear leis an bhfile pobail a bhí in ann píosa a cheapadh as a sheasamh. Tá áibhéil i gceist san amhrán seo, ar ndóigh, mar a fheictear go soiléir sa véarsa seo:
Bhí dream ag ullmhú adhmaid ann, agus á ghearradh amach ina phíosa
Bhí Máirtín Bán is an steamdrill ann, ag tolladh tin is á chriathrú
Bhí seaimpíní agus banners ann ina lashings ina dtimpeall
Ach a bhfuil de mhargarine i nGaillimh nach mbealódh a raibh scríobtha. (2. 5-8)
Bhain sé gaisneas as an áibhéil chéanna san amhrán Béarla, ‘Martin’s Old Rock’, a chum sé faoi bhráca a thóg sé ag Aill Mhártain ionas go mbeadh foscadh aige agus é i mbun oibre ar an bportach. Ba mhinic a bhain sé suas le dhá scór leoraí móna, agus ó tharla go raibh an t-aicearra trasna an tsléibhe chuig an bportach breis agus míle siúil óna theach cónaithe, nó beagnach ceithre mhíle bóthair, b’iontach an difríocht a rinne dídean agus deis suite agus scíthe dó féin, dá mhuintir agus dá chomharsana a bhíodh ag saothrú obair an phortaigh bliain i ndiaidh bliana. Bhí an tráthúlacht a fágadh aige le hoidhreacht i dteannta bua na scéalaíochta go smior ann, agus d’fhuascail an greann ón anó agus ón anachain a bhain le baint, le scaradh, le gróigeadh agus le hath-ghróigeadh na móna é, mar a fheictear sa véarsa seo:
It’s reported by travellers that are coming along
That in the whole British Islands they can’t come across
A hotel or mansion, a pub or a bar
Compared to our favourite near Martin’s Old Rock. (14. 25-28)
Feictear an chruthaitheacht a bhain lena cheird sa gcor a chuirtear san eachtra a raibh bunús fírinneach léi san amhrán ‘Martin’s Old Rock’. Tagraíonn Denvir don chruthaitheacht mhór a bhaineann le déanamh agus le gabháil amhrán, agus é ag cur síos ar Choilm de Bhailís (1996: 37), agus go deimhin tá cosúlachtaí móra idir ‘Cúirt an tSrutháin Bhuí’ de Bhailís, agus ‘Martin’s Old Rock’ an Bhreathnaigh, ó thaobh na háibhéile agus an ghrinn de.
Conclúid
Is cinnte go dtugann na hamhráin Ghaeilge léargas dúinn ar chultúr, ar thraidisiún, ar stair agus ar ghinealach na ndaoine a tháinig romhainn. Is scáthán iad ar oidhreacht ár muintire agus tá tuiscint againn ar shaol ár sinsir agus ar an traidisiún béil, a mhair ó ghlúin go glúin, dá mbarr. San alt seo rinneadh iarracht a chruthú gur scáthán dílis é stór amhrán Mhichíl Bhreathnaigh ar shaol comhaimseartha a linne. Cuimsíonn an stór amhrán réimse leathan ábhar a nochtann ní hamháin a dhearcadh féin ar an saol, ach dearcadh an phobail as ar shíolraigh sé. Faightear spléachadh ar chlaonta polaitiúla, ar chaitheamh aimsire, ar dhearcadh saoil i leith an chreidimh agus ar dhílseacht agus ar dhúchas an chomhthionóil fuinniúil fuinte as ar fáisceadh é.
Tá muid go mór faoi chomaoin aige as a leithéid de bhailiúchán a fhágáil mar oidhreacht againn agus is mór an faillí go bhféadfadh gur ligeadh a oiread eile sa chré leis. Is fíor do Denvir, go n-imíonn an focal béil le gaoth ach go maireann an focal scríofa go buan ar phár (1999: 193). Ba mhór an mhaise saothar iomlán an Bhreathnaigh a chur ar phár agus deis a thabhairt don lucht léinn staidéar agus léirmheas cuimsitheach a dhéanamh air, mar atá déanta i gcás a chomhfhilí pobail a threabh iomaire na filíochta.
Lean seisean na coinbhinsiúin chéanna, agus chloígh sé leis na téamaí agus leis na modhanna reacaireachta céanna agus a chloígh filí pobail eile an cheantair agus dar liom go bhfuil an meas agus an urraim céanna tuillte aigesean agus a bronnadh orthusan dá réir.
Aguisín
1.Amhrán Fada Ghleann Mhac Muirinn
Chomh fada ‘gus is léir dom, ó tháinig mé in éifeacht
Shiúil mise sléibhte, ‘gus mórchuid den tír
Ó d’fhág mé Gaillimh, go barr Sheanadh Phéistín
‘S ó bharr Chnoic na Léime go Béal an Átha Buí. 4
An Clochán, An Caiseal, Leic Aimhréidh is dá réir sin
Na tailte breá réidh atá i gContae na Mí
Ach ‘sé Gleann Mhac Muirinn an baile, a dtabharfainn-se an chraobh dhó
Lena áilleacht is aghaidh gréine, gach am tríd an mbliain. 8
Nuair a thiocfaidh an samhraidh agus thosóidh an séasúr
Tá ceol binn na n-éan ann, a thógfadh do chroí
An chrotach, an smólach, an lon dubh is an chéirseach
‘S tá ard rí na n-éan ann, ina chónaí san oíche. 12
Tá cruithneacht is coirce ann, chomh fairsing le sprémhóin
Tá plúr ina chéadta ann, le fuint ag gach mnaoi
Tá fíoruisce fairsing ann chomh maith is atá istigh in Éirinn
Mar níor féadadh é a shéanadh, in Ard Bhaile Átha Cliath. 16
Tá sin is togha talamh ann, ina bhfásann gach aon ní
Bhfuil mangles is suedes ann, is togha tornapaí
Mar tá an leasú go fairsing le gearradh sna sléibhte
Agus togha na tuí léana, le clúdach na dtithe. 20
Tá chuile short ní ann, ina gcuirfeadh fear spéis ann
Tá an fiach ins na sléibhte ann, is an t-iasc ar an toinn
Tá an bradán is an breac geal, ag poincean is ag léimneach
Dhá marú ina gcéadta, is dhá roinnt ar an tír. 24
Tá íseal is uasal as gach aon cheard in Éirinn
Ag tógáil deá-aer ann, ó mhaidin go dubhoíche
Mar tá gaoithe bhreá ghlan ann, isteach ó na sléibhte
‘gus an ghrian mar an gcéanna, ag scalladh ar a thaobh. 28
Tá foghlaeireacht is iascach le fáil ag gach aon fhear
Mar is iontach an game í sa gceard seo den tír
Tá neart uisce beatha le n-ól ag na céadta
‘S más féidir mé a bhréagnú is gearr é mo shaol. 32
Níl mórán á dteastaíonn nach bhfuil ann de dalladh
Tá ábhar an jam ann ar bharra na gcraobh
Tá úllaí breátha blasta ann, tá sméara dubha daite ann
Tá mairteoil is feoil chearc ann go fairsing dá réir. 36
Tá sin is togha bainne ann, líonta ina channaí
Tá gabháil de bharr leana ann agus scataí gan bhréag
‘S á gcuirtí sa talamh í is í a chlúdach le coincréit
Go dtógfadh sí an caipín seacht slata san aer. 40
Bíonn sin ann go fairsing pórtar á tapáil
Tá sú na mil bheacha ann chomh fairsing le féar
Tá fuisce ‘gus branda ann, tá rum is Old Scotch ann
Is go gcoiscfí do thart ann sa ló ‘gus san oíche. 44
Níl trioblóid, níl anró, níl anó ón saol ann
Tá chuile short ní ann ag teacht mar is cóir
Tá an chairt is an capall ag obair gan scíth ann
Níl iompar cliabh aoiligh ann chúns mhairfidh siad beo. 48
An té a ghabhfadh sa seanchas is deacair cur síos air
Is maith an áit saothrú é ag sean agus óg
Ó thiocfaidh an samhradh go gcaitear Lá ‘l Michíl
Tá uaisle na tíre ann ag imirt is ag ól. 52
Tá sin ann le gearradh gach adhmad dá dhaoire
Seiceamar, caorthann, cabhail giúsach is fuinseog
Agus cranna breá daraigh atá ag fás le seacht sinsear
‘S nach bhfeicfeadh fear snoite iad an fhad ‘s a mhairfeadh sé beo. 56
Tá ábhar an bháid ann seas, post agus cíle
Tá ladhrach ina chrainnte ann nár gearradh riamh fós
Tá na scoilb á nglanadh ann faoi chóir na droch-oíche
‘S tá an tslat ann a dhéanfadh cis, cléibh agus lóib. 60
Ón gClochán go Gaillimh is thar timpeall na tíre
Tá carranna mílte ann san oíche ‘s sa ló
Ag tarraingt an adhmaid le haghaidh úsáid na tíre
‘S á ghearradh ina phíosaí in yard Mháirtín Mhóir. 64
Ní dheachaigh sin thart ann sa ló ná san oíche
Duine uasal ná íseal, fear bealaigh ná bóthair
Nach bhfaigheadh lóistín go maidin agus a dhóthain le n-ithe
‘S ní ghlacfaí sin pingin uaidh ná tada dhá short. 68
Tá daoine breátha deasa ann, cneasta dea-chroíúil
Nach bhfuil tada ar a n-intinn ach siamsa ‘gus spóirt
‘S nach bhfuil seanfhear ná seanbhean ann, malrach ná naíonán
Nach bhfuil chaon seachtú hoíche ann ag damhsa is ag ceol. 72
An té a d’éireodh ar maidin agus a bhreathnódh ina thimpeall
Tá an radharc ann is aoibhne dhá bhfaca aon fhear beo
Tá na báid ag cur líonta, na seolta ar na crainnte
‘Gus na soithigh ag teacht timpeall ar Chuan an Fhir Mhóir. 76
Tá sin is na Breathnaigh, is na Beanna lena dtaobh sin
Na coillte breá aoibhinn ina bhfásann gach sort
A bhfuil cnónna agus airní ann, sú craobh is fraochóg
Go gcruinní na mílte ann á mbaint ins an bhfómhar. 80
Níl tinneas, níl galar ann, níl sioc ann, níl sneachta ann
Níl aon sort míshláinte ann dár chuala tú fós
‘S nach bhfuil dochtúir ná sagart nár chaith ann ach seachtain
Nach dtug as dea-shláinte má theastaigh sí uathu. 84
Nuair a bhíonn sé ina chalm ‘s gan smeámh as an aer ann
Tá an chuach ar na géaga ann ag seinm cuckoo
‘S gur geall le ceol band an macalla ins na sléibhte
Nuair a bhuailtear bell séipéil thar timpeall an chuain. 88
Á bhfágtá-sa an baile ‘gus téirigh go hEgypt
Amach go New Zealand nó trasna go dtí an Róimh
Go gcasfaí ort céad fear a d’fhéadfadh scéal a inseacht
Nó a scríobhfadh duit líne ar Ghleann na Muir Mhór. 92
Tá cáil mhór ar Bhoston, ar Pháras na Fraince
Ar Norway, ar Holland ‘gus ar chathair na Róimh
Ach nach bhfuil sé ar an talamh seo townland ná baile
Chomh sábháilte ar chatha le Gleann na Muir Mhór. 96
Tá aerphoscaí maithe ann atá déanta sa seansaol
Gan suimint, gan coincréit, ná tada dhá short
‘S á mbeadh an Ghearmáin is an Francach ag pléascadh air go maidin
Nach mbainfeadh as splanter ná spalladh a bheadh mór. 100
Níl trioblóid ná faitíos ar fhear ná ar bhean ann
Tá foscadh chomh fairsing ‘s atá uisce le n-ól
Má leanann den achrann seo suas go deireadh Earraigh
Beidh an Rí ag iarraidh foscadh ann ‘gus an bhanríon ar ndóigh. 104
Tá a chlú ‘gus a cháilíocht i leabhar is i bpáipéar
Amach faoi na Státaí ‘gus i bpláinéid Mhaigh Eo
‘S an té a chaithfeadh ann ráithe, is nach n-iarrfadh sé é a fhágáil
Gur ann a bheadh a áras, an fhad is a mhairfeadh sé beo. 108
An té a cheapfadh gur magadh é, níl ann ach an fhírinne,
Tá full guarantee leis i bpáipéar is i gcomhad
Is má tá tada mícheart ann má fhaighim notice míosa
Beidh leabhar fada scríofa air nuair a bheas mise faoin bhfód. 112
2.Amhrán an Bhacstaí
Tráthnóinín Dé Máirt seo caite, ‘gus é ag crónachan na hoíche
Casadh isteach i dteach don bhaile mé, ‘gus bhí bacstaí ann á scríobadh.
Bhí mná cnaptha go dtína n-ascaillí, ‘gus ní maith liom bréag a dhéanamh
Nach raibh bacstaí ar fud na ngarrantaí, ‘gus greamaithe do na taobháin. 4
Bhí dream ag ullmhú adhmaid ann, ‘gus á ghearradh amach ina phíosaí
Bhí Máirtín Bán ‘s an steamdrill ann ag tolladh tin’s á chriathrú
Bhí seaimpíní ‘gus banners ann ina lashings ina dtimpeall
Ach a bhfuil de mhargarine i nGaillimh nach mbealódh a raibh scríobtha. 8
Nach maith an scéal do sheanfhir é gur thosaigh an scheme sa tír seo
Mar fanann na mná sa mbaile acu ag glanadh fataí ‘gus á scríobadh
Ós é nádúr mná a bheith beadaí b’fhéidir go n-athródh sé a n-intinn
Seachas a bheith craiceáilte ag imeacht i gcarrannaí ag rambláil ar fud na tíre. 12
Dhá dtiocfá isteach i dteach den bhaile seo ó thiocfadh tús na hoíche
Ní raibh de chomhluadar le fáil agat ann ach an seanfhear is a phíopa
Dhá gcuirteá ceist nó caidéis air muise cá bhfuil bean an tí seo?
D’fhreagródh sé go gasta thú, a stór ná fiafraigh díomsa,
mar ní fios cén pub ó Ghaillimh é go mbuailfidh tú ceann scríbe. 15
Nár bhocht an saol ag seanfhir é oícheanta fada i ráithe an gheimhridh
Ní raibh fiú ‘s an cáca bacstaí ann ná greim ag dul i bpíosa
Ní raibh braon ola ins an lampa acu ná aithinne sa ngríosach
Ach rite isteach i gcarrannaí is iad gléasta amach le síodaí. 19
Nach bhfuil a fhios ag chuile amadán a mbeadh meabhair ar bith ina intinn
Go mba mná a bhí cineál seafóideach nó mná ar bheagán tíobhais
Nach raibh tada ag cur isteach orthu ach powder agus péinteáil
‘S go mba gearr le fataí carrach iad nó cam a bheifeá a ghréiseáil. 23
Bhí sé ráite ag na seandaoine, ‘gus ba deacair iad a bhréagnú
Go mbeadh an saol seo ag imeacht ar rothaí ‘gus cá bhfuil an fear atá in ann é a shéanadh
Ach mura n-athraí scéim an bhacstaí iad ‘gus go gcaillfidh siad a dtréada
Ní bheidh áit sna hadmission blocks ag mná craiceáilte na hÉireann. 27
Os ag caint ar scéim an bhacstaí é ba sean-nós é bhí in Éirinn
Bhí neart de shean-im baile acu ‘gus fataí mar an gcéanna
Ach tá bealadh anois an-chostasach ‘gus ní bheadh ann ach imagination
Mar ba daor an phlaic le cangailt é ‘gus gan agat ach an déirce. 31
Ní leanfaidh ró-fhada ag seanchas, ach tógaigí uaimse an méid seo
Gur fhága Dev drochbhail orthu nuair a thug sé dole go hÉirinn
Mar á siúltá Conamara anois ní bhfaighfeá bean as céad ann
A d’fhuafadh píosa ar do chuid balcaisí ná cnaipe a chur sa léine. 35
A Chríost nach mór an t-athrú é is gan ann ach seafóid is dícéille
Níl caint ar aon phioc maitheasa ann ach éirí ins na spéartha
Tá a gcuid béil is a gcuid máillí daite acu is ingní a gcuid méara
Ach gur fear é a mbeadh pus dearg air a bhainfeadh aon phóg béil díobh. 39
Nach brocach tútach scannalach an phast-time í ar aon chaoi
Ós iondúil gur peaca marfach é más fíor don rud a léigh muid
Ach más olc nó maith a thaitneoidh sé le haon bhean óg in Éirinn
Ní bheadh mórán spéise sa mbacstaí agam a leagfaidís a méar air. 43
Sé an tarraingt síoraí bheith ag dul go Gaillimh anois, ag an bhfear é a bheadh ag tóraíocht céile
Óir más fada gearr a rachaidh sé níl aige ach an scéal céanna
B’fhearr dhó go básta i bhfarraige nó seachtain ag tarraingt chéachta
Ná a bheith ceangailte le babóigín is gan inti ach harem scarem. 47
Dhá ngeallfadh Dia aon mhuirín dhó ba fear é a bheadh á chéasadh
Bheadh bleán na bó sa ngarraí air is ag iarraidh a bheith dhá bhréagadh
Bheadh ocras agus anó air is cérbh ionadh dhó a bheith spréachta
Is an bhabóigín ag céilí Chotter, is á tabhairt timpeall ins na spéartha. 51
3.Amhrán an Chogaidh
Nach fada caint is trácht ar Shir Hitléir is a dhream
Ar an gcreach is ar an gcrá atá sé a dhéanamh
Ach is gearr go dtaga an lá go n-ísleoidh sé a cheann
Is nach dtógfaidh sé go deo na díle é. 4
Nach crua is nach bocht an cás a bheas le fuascailt aige ar ball
Agus nach deacair dósan aithrí a dhéanamh
Mar sé ó bun is barr leis an domhan a chur á chrá
‘Gus níl maithiúnas le fáil gan é a shaothrú. 8
Ní seachtain ná trí lá a bhí sé ag réiteach roimh an am
Ná ag cuimhniú ar an gcreach a bhí le déanamh
Ach seacht mbliana roimh an am leis an domhan a chur ar lár
Agus é féin a bheith ina cheann ar na tíortha. 12
Nach mairg a bhíonn teann agus nach mbreathnaíonn roimhe in am
‘Gus a liachtaí oíche is lá a bheas muid sínte
Buailfear é ar ball ‘gus ní éireoidh leis go brách
Ní bheidh triúr sa nGearmáin lena chuimhne. 16
Ní magadh é ná bréag nach raibh Hitléir an-tréan
‘Gus an slad agus an sléacht a bhí sé a dhéanamh
Den talamh is as an aer, faoin bhfarraige is á réir
Is na báid á gcur ó chéile ina bpíosaí. 20
Bhí dódh ‘gus bruith ‘gus bádh á dhéanamh ins gach cearr
Ní raibh foscadh ar bith le fáil acu ná dídean
Tá na céadta fir is mná is iad ag caointeachán go hard
‘Gus iad ag imeacht lá ar bharr na taoille. 24
Bhí Sasana an-réidh nó go bhfuair sí féin faoi réir
Mar ní chinnfeadh an ball séire ar a críonnacht
Tá Meiriceá an-tréan is í ina seasamh lena taobh
Le arm is báid aeir ina mílte. 28
An té a mhairfeas ann ar ball feicfidh siad an lá
Go mbeidh só acu le fáil agus suaimhneas
Beidh brat Mheiriceá go hard ‘gus ní stróicfear í go brách
Is beidh ceart is cóir le fáil ag gach Críostaí. 32
Beidh bealach long is bád trasna tríd an snámh
Go Sasana, go dtí an Spáinn agus New Zealand
Beidh gual ag teacht anall agus é gan leathphingin cáin
Is tobac ag fear le fáil gona phíopa. 36
Nach crua is nach bocht an scéal a bheas ag an domhan uilig le léamh
Go mbeidh an Ghearmáin faoi léan go cinnte
Is go mbraithfear Hitléir i measc a mhuintir féin
Mar Iúdás, an t-aon mhac naofa. 40
4.Amhrán Gearr Ghleann Mhac Muirinn
Tá clú agus cáil an bhaile seo i bhfad agus i ngearr
Le deiseacht ó le maiseacht le súgradh ‘gus le greann
Níl cúlchaint ná drochtheanga ann, cúis scannail ná scéal cám
Is nach bhfuil bocht ná nocht a chasfas ann a imeoidh as faoi chál. 4
An té is faide a shiúil, níor leag sé súil is níor casadh air aon áit
Ná ar aon dream is múinte is geanúla ná atá ar an mbaile seo faoi láthair
Tá na céadta ag triail is ag tarraingt ann san oíche agus gach lá
Is gurb é carachtar fear is bean acu nach bhfaca siad a bharr. 8
Á gcasfaí thart sa samhraidh ann tú nó amach faoi Oíche Fhéile Sin Seáin
Níl sólás croí ná ceol breá binn ná aoibhneas nach bhfuil ann
Tá ceol na mbeach i measc na sceach, na héanlaithe ar bharr na gcrann
An gealbhan buí, an coileach fraoigh, an chearc agus a hál. 12
Níor chualathas fós ag sean ná óg go bhfuil a mháistir in aon áit
Mar tá cruthú leabhar sa bpáipéar leis le léamh ag fear a fáil
Tá an iascaireacht is tá an fhoghlaeireacht ag íseal is ag ard
Is an té a bhfuil galar ná míshláinte air tá leigheas acu le fáil. 16
An té a leanfadh ceart an seanchas tá pointí i bhfad níos fearr
Ní bheidh aon easpa tine orthu más fuar nó fliuch an lá
Tá adhmad gan aon chuntas ann, gan deireadh tús gan ceann
Sin agus togha na cloch mhóna, ina cruacha ar na cnocáin. 20
Níl mórán páirt de Shasana, den Fhrainc ná den Spáinn
I gcuid de na hIndiacha ná Státaí Mheiriceá
A bhfuil iascaire ná foghlaera, fear siamsa ná fear greann,
A chaith tamall ar an mbaile seo nár mhaith leis tarraingt ann. 24
Nach clú den cheann thiar d’Éirinn baile sléibhe mar an Gleann
Le siamsa spóirt is pléisiúr is dea-bhéasa dá bhfuil ann
Tá an fhilíocht is tá an scéalaíocht, is dea-thréithe ag fir is mná
Is á gcaiteá-sa seacht séasúr ann nach gcomhairfeá dhó naoi lá. 28
Giorróidh mise feasta é mar níl agamsa mórán ama
Tá an lá ag éirí fada ‘gus an oíche ag éirí gearr
Is é a chríochnú ‘gus a dheireadh díobh a thús agus a cheann
Nach bhfuil sé sna chúig Chúige an té a thabharfadh as an barr. 32
5.The Lovely Green Valleys around Fermoyle
Dear friends and old neighbours I’d like to remind you,
That as a real sportsman I most spent my life
But of all places I travelled the most place I fancied
was the lovely green valleys around Fermoyle. 4
From all parts of the world the birds are all singing,
The hawk and the pheasant are high in the sky
The lark and the thrush and the blackbirds are plenty,
To be found in the valleys around Fermoyle. 8
As for budgies and pigeons and birds I can’t mention,
You can hardly repicture all those in your life
For they’re there like the midgets in cages and benches
In the lovely green valleys around Fermoyle. 12
From the lakes and the mountains the rivers are flowing,
The sea trout and salmon are jumping up high
The sound of the shotgun and the fishing reels going
Can be heard in the valleys around Fermoyle. 16
The hare and the rabbit they live there in batches,
Grouse laying and hatching during all the springtime
As for foxes and badgers they’re always there rambling
In the lovely green valleys around Fermoyle. 20
It’s strictly preserved by headkeepers and bailiffs,
And thousands of labourers are all occupied
As for trees they are planted, and rocks are all blasted
In the lovely green valleys around Fermoyle. 24
It’s high story buildings that’s well regulated
With all accommodation that can be surely supplied
As for power stations, electric lights, water pipes flowing,
It’s nothing but glory around Fermoyle. 28
From England and Scotland and Europe all over,
They’re crossing the ocean to enjoy their spare time
For there’s welcome and friendship for bigshots and locals,
By servants and chauffeurs around Fermoyle. 32
It’s surrounded by mountains and green woods all over,
Where all things are growing that’s good for mankind
As for fruit on the branches can always be handled
In the lovely green valleys around Fermoyle. 36
I’m sorry to tell you my good days are over,
Though in my youthful motion I can’t realise.
A place more I’d rather to ramble or wander
Than the lovely green valleys around Fermoyle. 40
It’s a credit to Connaught and to its goodhearted owner,
That’s very well-known through the whole British Isles
As a rich man, a good man, for the public all over,
May God spare and restore him for the rest of his life. 44
I can’t continue much longer the cocks are all crowing,
The white heather growing and flowers blooming high,
As for woodbines and lilies, primroses and dandrums,
Grow lovely and handsome around Fermoyle. 48
I might as well finish for I’ll shortly be going,
I have travelled all over through Erin’s green isle,
But of all birds and pheasants it was cheerful and pleasant,
In the lovely green valleys around Fermoyle. 52
It was wealthy and healthy with fresh air all over,
As for bedding and clothing are all in full style,
All needed or wanted there is nothing like shortage,
In the lovely green valleys around Fermoyle. 56
The pears and the apples, the grapes and bananas,
Spuds, turnips and cabbage grow all in that soil,
As for plenty grand honey can be got without money
In the lovely green valleys around Fermoyle. 60
Goodbye to the mountains and long rivers flowing,
To all friends I had known and am leaving behind,
As we will hardly again wander in a place far more grander,
Than the lovely green valleys around Fermoyle. 64
Goodbye to the Twelve Pins and high Beanna Beola
To the sheep and the goats, and their sloping green soil
In a far foreign land and I stretched on my sofa
I think I see them all over around Fermoyle. 68
6.Amhrán Thomáis Mhaidhc Bhill
All ye friends and neighbours, be seated if you may,
Listen to those few sad lines, I won’t you long delay
It’s of a handsome young handyman, a sad and sorrowful tale
That was burned in a fish factory on the banks of Casla Bay. 4
What a terrible shock his parents got when this horrible news reached home
That he was sent to Galway hospital and burnt to the bone
You can’t relate or even translate their misery and woe
For they were not inclined to see their friend alive forever more. 8
What an awful mistake that they didn’t take care
Or look after this dangerous plot
When the accident came they were late for the game
Which was sure to be a treacherous loss. 12
This uncovered tank was a disastrous trap
That can destroy human beings and rats
But it’s easily seen they were a careless old team
Or a neglecting bad managing staff. 16
No man can express only Jesus himself
All the suffering that young man went through
But if there’s land overhead, he had it surely deserved
And joy in his soul will aloom. 20
To ease his all suffering they surely defied
And done all in their power to spare his young life
But in spite of all treatment or medical care
Like the leaves on the trees he had faded away. 24
On the day of his funeral there was a wonderful crowd
The largest ever to be seen that had marched through the town
They marched to his grave and lay him down to rest
Then from eyes tears were falling and prayers they were said
But if it’s true what we learned there’s no reason to dread. 29
To shorten those verses although they are sad
As for weeping or mourning it’s only a cod
Even God gave him mercy, it’s no wonder at all
For our Lord hardly suffered much more for us all. 33
From the days of our childhood, though we imagine it long
We hardly ever remember or pass no remark
Our life is just passing like waters do flow
When from death comes the warning, then off we will go. 37
This young man was loved by his neighbours around
As for work or hard labour he can true stand his ground
But when this accident happened it was dreadful and sad
When his body was burned in an old boiling tank. 41
In inventing this factory was only a cod
For all they are producing can make no advance
All those they invented in the times that have passed
In west Connemara are all gone to the dogs. 45
7.Amhrán an Mhajor
Tráthnóinín Dé Sathairn is é ag ceobhránach báistí
‘Gus muide go sásta ag balla an tí nua
Ag ól leathphionta is cnaigín, bhí buidéal is cárta ann
Bhí airgead bán ann is pingineachaí rua. 4
Bhí muintir na mbailte ann thar timpeall na háite
Tír an Fhia ‘s an Máimín, ‘s an Cladach ó dheas
Bhí Doirne Né Casla ann, an Tuairín ‘s Doirefhearta
Bhí muintir an tSrutháin ann, captain na leaids. 8
Ach nuair a chruinnigh na hasail, agus bhíodar ag grágaíl
Go mba ghearr leis an ‘Town Hall’ é, atá ar shidewalk New York
Bhí fuisce go fairsing ann, fíon, brandaí is pórtar
Cider á dhoirteadh ann is neart lemon squash. 12
Bhí Kate ina léine ann, is Pat as a chéile ann
Ag cur rashers ag pléascadh is ag hoppáil den phan. 14
Bhí cácaí wholemeal ann, bhí peeláil á réir ann
Bhí an ciotal is an teapot líonta go barr
Bhí mil na mbeach fairsing ann, jam sméara is sú craobh ann
Is an marmalade réitithe le cur ar an arán. 18
As sin go ceann tamaill bhí an Major go sásta
Le chuile phléaráca dhá raibh ag dul thart
Nuair a d’airigh sé O’Connor ag teacht ar a shála
Bhí an rifle i lámh leis is an bailiff ar top. 22
Fuair an Major an fheadóg agus thosaigh sé ag séideadh
Is ní i bhfad go raibh na céadta fear cruinnithe ar an sráid
Ach Arm Khing Edward agus an Free State in éineacht
Nach scaipeadh sé an méid sin go raibh sé ina lá. 26
8.Amhrán Molta an Óstóra
(…)
Níl sí stuacach gruamach feargach mar a bhíonn go leor atá ag díol dí
Ach nach raibh tinneas ná míshláinte uirthi, más fada gearr a mhairfidh sí,
Is iomaí fear a déarfaidh paidir di an lá a rachaidh sí sa chré. 4
Is clú do Chonamara í, ‘gus is fada é sin ag teastáil uaidh
Tá sé tugtha síos ag strainséirí atá ag taisteal thart sa tslí
I Sasana ná in Albain ná in áit ar bith dhá ndeachadar
Nach bhfuil máistir Theach Uí Fhlaithearta in aon chearn de na seacht ríocht. 8
Tá sin go de shliocht ‘gus smais orthu, is a bhfuil thar timpeall thart uirthi
Níor chuir sé cois thar farraige an té a chaith seachtain ann nó mí
Nach raibh buaireamh air ag scaradh leis, níorbh ionadh mór ar bhealach é
Mura mbeadh déidín tite ceart aige chuirfeadh sé fad mór ar a shaol. 12
Á gcasfá thart sa samhradh ann bheadh ionadh shúl cheart agat ann
Chomh fada is a ligfeadh d’amharc tú, na línte ar gach taobh
Le busanna, le veaineanna, le leoraithe is le carrannaí
Ach chomh fada gus tá amhras agam ní imeoidh fear gan braon. 16
Mar tá sin is togha lucht freastail ann nach bhfuil ag blatheráil ná ag chattáil ann
Ach ag líonadh piontaí is leathghallúin is ag cur maoil orthu faoi chúr
Ach leis an scéal a dhéanamh gairid daoibh is gearrfaidh mise an aicearra
Dá mba pórtar í Abhainn Chasla ‘gus go dtriomóidís a tóin. 20
An dream is tábhachtaí ar fad acu ó d’éirigh liom i ndearmad
Tá na céadta fear ag tarraingt ann ó thús Earraigh go Féile Michíl,
Dream portaigh móna is feamainne… 23
9.An Ógbhean Álainn a bhí i gCnoic Mhám Aodha
Tráthnóinín sa samhradh is mé ag siúl na ngleannta
Bhí an ghrian go hard ag teannadh síos
Bhí na héanlaithe ag sionnúint agus ag ceol in ard réim
‘Gus an chuach go hálainn ar bharr gach craobh. 4
Ar chasadh abhaile dhom, trom tuirseach tarraingthe
Rinne mé stánadh agus shuigh mé síos
Nuair a dhearc mé chugam í an ógbhean álainn
Agus a cúilín fáinneach thar a básta síos. 8
Bhain sí geit asam agus ní gan ábhar
Mar go mba aisteach an áit é ag bean mar í
Ach ar bhreathnú tharam dhom le hiontú láimhe
Bhí an ógbhean álainn le m’ais ina suí. 12
Bhí dhá shúil ghlasa inti chomh cruinn le hairne
Agus na deora cráite uathu síos
Is a grua ba deirge í ná an rós sa ngairdín
Ach an té a mbeadh sí i ngrá leis go mb’fhada a shaol. 16
Ní bheadh pian ná tinneas air, briseadh ailt ná bearna
Fiabhras cnámha ná tinneas cinn
Go mb’olc í a shláinte nó b’fhada an bás uaidh
Ach é a bheith páirteach leis an gcailín fian. 20
Dá mba mhó do pheacaí ná leath Chruach Phádraig
Go mba mheasa an cás é ná an té a bhraith Críost
Bheifeá ag súil le maithiúnas agus seal i bparthas
Ach an ógbhean álainn a bheith romhat sa tslí. 24
Shiúil mise Sasana agus páirt den Státa
An Fhrainc is Páras agus ar m’ais arís
Ach níor casadh cailín liom ba mhúinte mánla
Ná an ógbhean álainn a bhí i gCnoic Mhám Aodha. 28
Leis sin go mairfidh mé ‘gus níor ligeas ar cairde é
Is d’iarras láimhín ar an gcailín fian
Is é an chaint a chaith sí liom, ‘Tá romhat céad fáilte
Ach más tú atá i ndán dom is mór do shlí’ 32
Anois ná raibh m’aiféala a chúilín fáinneach
Murar tú atá i ndán dom is gearr mo shaol
Is mura dtaga tú abhaile liom roimh an am seo amárach
‘Sí mo leaba an bhraillín go domhain sa gcré. 36
Dá mbeadh fios na faile agat níor mhaith leat trácht air
Níor mhó Cruach Phádraig ná mo bhriseadh croí
Ach gurb é mo gheallúint duit nach baol aon bhás duit
Má thógann tú lámh liom i gCnoic Mhám Aodha. 40
Iníon banríon mé as Oileán Bhál Bé
Bhí mo thriall thar sáile agus d’ardaigh gaoth
Buaileadh chun cladaigh mé gus briseadh an báidín
‘Sé d’fhág an fán orm agus a bhris mo chroí. 44
Bhuail ceo ‘gus mearbhall mé agus aistíl ghránna
I measc cnoic is gleannta faoi chóir na hoíche
Gan fear a bhainfeadh liom a thógfadh lámh liom
Ach a mhic na páirte is tú fuil mo chroí. 48
Sé an rud is measa orm a chúilín fáinneach
Nach bhfuil ar m’fháltas aon chuid ná maoin
Nach bhfuil mo dhiaidh ag baile ach an tseanbhean smáilín
Atá le ráithe ar an leaba tinn. 52
Beidh ór is airgead agus maoin le fáil agat
Is ní bheidh ort lá ganntanas go dté tú i gcré
Is ní bheidh lá anró ort go lá na braillín
Dá mbeifeá i mBál Bé, le m’ais i do shuí. 56
Sí an tír is deise í dá bhfuil faoin bpláinéad
Le clú agus cáilíocht ar óg is ar aois
Is á gcaithfeá tamall ann ní iarrfá é a fhágáil
Go mba mhór é d’áthas nó ba dubh do chroí. 60
Níl ceo dá dteastóidh uait nach mbeidh le fáil ann
Le bia agus anlann agus ór an tsaoil
Is go bhfuil mil na ndilliúr ann le n-ól ina cása
‘Gus ceol na cláirsí de ló is d’oíche. 64
Tá leigheas gach tinneas ann dá bhféadfá trácht air
Le sú gach gráinne dá dtéann i gcré
Tá fás eorna is cruithneacht ann is coirce gallda
Cá bhfaighfeá máistir, ó togha an phoitín. 68
Is maith do gheallúint dhom a chúilín fáinneach
Ach a Rí na nGrásta nach bocht an ní
Nach bhfuil ionam ach sclábhaí bocht atá i ngreim sa láí
Ó ghealas an lá nó go ndubhaí an oíche. 72
Beidh sin abhaile leat cóistí álainn
Acra bána chomh luath le gaoth
Longa farraige atá i gcónaí ag tráchtáil
‘Gus an ógbhean álainn a bhí i gCnoic Mhám Aodha. 76
Sé sin mo gheallúint dhuit a mhic na páirte
‘Gus a bhfuil ar m’fháltas go dtí fuil mo chroí
Beidh bainis seachtaine againn, beidh brandaí is grátain
Gus tinte cnámha ag dódh gan scíth. 80
10.Glenicmurrin Townland
In a lonesome townland in the west of Galway
I was bred and born in the month of June
And as a farmer’s son I’m working always
From break of dawn until dark at noon. 4
My only objection is that my land is awkward
For rocks are awful that can be hardly moved
And no matter how you work in Spring or Autumn
The spade or ‘spáid’ are your only tool. 8
The sights for mowing and the hoop for reaping
Are the only weapons that can be produced
But while grass is growing or water flowing
A plough or more can be hardly used. 12
Though we grow the best of spuds, oats, wheat and barley
Plenty of cabbage and carrots too
Or the most enjoying stuff from here to Norway
We have it always our mountain dew. 16
We are all surrounded by lovely mountains
Lakes and rivers and valleys green
And those travelling Ireland and the British Islands
A place more nicer have never seen. 20
There’s no doubt about it but it’s always crowded
With plenty of tourists from across the sea
For there’s fishing, shooting and sometimes boozing
But the only curer is our own poitín. 24
The times are passing like sea waves splashing
With singing, dancing and gambling too
And there is more rejoicing when the sun is rising
From the foreign islands is our blight cuckoo. 28
Promoted, greeted by many people
And our summer feelings are back once more
And around the green fields the lambs are bleating
And the goat kids screaming in the woods below. 32
From South Australia our friends are sailing
From Pennsylvania and the Isle of Mann
For from angling, shooting they’re all recruiting
For they can’t find in Europe a better stand. 36
The trout and salmon in lakes and rivers
Are just as plenty as the flies in June
And as for game in mountains they are there in thousands
So for sporting tourists there is no excuse. 40
They can enjoy their holiday until the last of autumn
Without thunderstorm on lake or land
And they have obliging servants who obey their orders
Liker their fathers had taught them in this townland. 44
Glenicmurrin townland is the name we call it
Long miles from Galway near Casla Bay
Where for many a foreigner from here to Norway
Had spent happy autumns in olden days. 48
It has the loveliest scenery in the West of Ireland
With the Aran Islands in Galway Bay
And the big ships crossing the Atlantic Ocean
On their voyage all over from America. 52
The Connemara Twelve Pins and high Beanna Beola
With the sheep and goats on their sloping soil
And its’ lovely green buds where all things are growing
That’s good and wholesome for all mankind. 56
To shorten verses without fun or joking
Or either boasting as you understand
There isn’t a place more healthier for foreign tourists
Than the lovely mountains of our townland. 60
11.Amhrán an Dole
Tráthnóna deireanach Dé Luain is é ag báisteach
Is mé ag teacht anall ag an Talamh Óir
A d’airigh mé an caointeachán agus an tsíonaíl chráite
A bhí idir an Sruthán agus Gleann na Bó. 4
Sheas mé tamall go ndéanfainn éisteacht
Go bhfaighinn-se léargas go cé raibh an gleo
Nuair a d’airigh mé an torann a bhí ag na maidí géara
Agus an fhuil ag phléascadh go poll a mbróg. 8
A Dhia is a Mhuire nach bocht an scéal é
Le léamh in Éirinn ná sa nGaeltacht mhór
Dá chréatúr shalacha gan ciall gan réasún
Ag marú a chéile ann mar gheall ar dole. 12
Mura socróidh an sagart é nó Mr. Grady
Ní bheidh ann ach réabadh luath agus mall
Mar tá trioblóid talún ann nach féidir a réiteach
Nó go leagtar téip air agus go ndéantar fál. 16
Tá Mike ag íocaíocht air agus Pat á shéanadh
Nó tá an páipéar bréagach a bhfuil sé ann
Ach go bhfuil a fhios ag Muire is ag an t-aon mhac naofa
Nach baile Críostúil a bhfuil siad ann. 20
Tháinig Mike abhaile ‘gus é millte stróicthe
Agus an fhuil chomh reoite air is a bheadh tarra ar bhád
Ach gurb é mo bharúil-sa roimh thús an fhómhair
Go mbeidh a leaba cóirithe i gcónra chláir. 24
Dia dhá réiteach nach bocht an scéal é
Ar thamhnach shléibhe ná ar thalamh bán
Nach fiú dhá phingin é idir sliabh is mínleach
Go gcailltear na caoirigh ann leis an ngalar cam. 28
Níl fraoch ná cíb ann, níl féar ná tuí ann
Níl foscadh dídean ann ag lao ná bó
Is go gcaillfí an naoscach ann ar fhad an gheimhridh
Mar ní scalann an ghrian ann ach uair nó dhó. 32
A Mhuire dhílis nach deacair scríobh air
A liachtaí díobháil atá sa dole
An greimín salach sin atá ag dul timpeall
Agus an madra caorach nach gcoinneodh beo. 36
Tá troid is achrann ann agus marú daoine
Is an peaca á dhéanamh ann ag sean is óg
Ach más fíor don tseanchas is don Bhíobla Naofa
Parthas aoibhinn ní bhfaighidh go deo. 40
12.The Rocks of Knockadoe
Now all ye friends and neighbours, I mean to let you know
Of a champion bike that’s raffled tonight on the Rocks of Knockadoe
It’s tied up tight with strong twines, copper wires and rope
Brakes and tyres and every tie that ever was composed. 4
They’re gathering from the seashore side and from the county all around
From Athenry to Clifden’s Point, from Galway to Mayo
They’ll march in troops like common fools, or wild ducks on a shore
They’ll dance half sets and play like hell on the Rocks of Knockadoe. 8
It was advertised in the Champion and in the Daily Mail
That the dance it would occur at 8pm, and end in the break of day
Which were preserved by high big swell and managers on the dole
So you’ll sure enjoy St. Patrick’s night on the Rocks of Knockadoe. 12
This bike was manufactured in the year of 1924
And was notified by its solid tyres and brakes that never broke
It travelled miles both day and night but never missed its course
And was transferred from County Cavan to the Rocks of Knockadoe. 16
As far as I consider and everybody knows,
Oh the dance is nearly over and fighting they will go
They need no guns or rifles but use the granite stone
And you could hear the cracks like penny shots on the Rocks of Knockadoe. 20
To finish this recitation and bring it to a close
You may travel miles both day or night but no matter where you go
In all your life you never enjoyed a better night before
But cries and cheers of mountaineers on the rocks of Knockadoe. 24
13.The Publican
I’ll tell you now between a woman and a man
She told him very plainly how times were rolling on
Some have gold and silver as many notes and pence
And more people in this world to us have got but little sense. 4
When you go to the market Pat to sell your oats and tea
It’s there you’ll meet your comrades and get drunk upon the way
The public man will welcome you when he knows you have the pence
So that’s the drunken people who have got but little sense. 8
The public man keeps sober saying Pat I will tend to you all
But if you dare to start a row and the policeman I will call
They’ll throw you on your head and to the barracks you will go
And you’ll be shivering until morning in that dirty cold black hole. 12
You then are sure to get a summons to appear the next court day
Were you drunk or disorderly the magistrate will say
According to the evidence that’s given by the crowd
You may be fined ten shillings or otherwise a pound. 16
Now this money goes to lodge, you must pay or go to jail
Would be better to buy a bag of flour or a bag of engine maid
To support your little family in times are rolling on
Or a piece of Irish bacon and to fry it on the pan. 20
The women now sir Jack, the men are going to rule
So that’s a lesson I never learned when I was going to school
I can take a pint of porter whenever I feel dry
And those who have money in the bank as well as me must die. 24
You can take a pint of porter like a man and have your chair
With two or three in company I think that would be fair
But when you are drunk you are fighting and breaking all the delph
You’re making a rich man of the publican and a poor man of yourself. 28
14.Martin’s Old Rock
(…)
I’ll sing you a few verses that may give you a shock
It’s about this grand building that’s built on the bog
A few yards from the roadside near Martin’s Old Rock 4
Those new starting builders they began in June
Without even much hammers either crowbars or tools
But still kept on working and continued their job
And now it’s completed near Martin’s Old Rock. 8
There are only two locals that worked on the bog
They had no place to shelter from hailstones or frost
But instead of a shelter or building a camp
They can now advertise it a hotel and bar. 12
It’s a wonderful building that’s reinforced on top
It’s roofed with real bog oak and strong iron bars
It’s underground chimneys a quarter mile long
That the smoke can be seen from here to Hong Kong. 16
From the Connemara Islands, from Galway to Maam
From lower down Casla to high Oughterard
They’re passing in thousands by daylight and dark
But whenever they enter there is always response. 20
In the long days of summer when work is at hand
As for drink in Old Martin’s there is always demand
If you travelled all of Ireland from the South to the North
There is no place for business like Martin’s Old Rock. 24
It’s reported by travellers that’s coming along
That in the whole British Islands they can’t come across
A hotel or mansion, a pub or a bar
Compared to our favourite near Martin’s Old Rock. 28
To shorten those verses as you all understand
I am now very busy and drink is at hand
But if you are tiresome or thirsty or feel anyway slack
Have a drink in our Martin’s and you’ll soon be a man. 32
15.Sweet Kathleen
(…)
Ní dheachaigh cailín thar sáile in aon bhád ar bharr maidhm
Ná ar sidewalk South Boston ní shiúlfaidh go brách ann,
Aon chailín chomh hálainn le Sweet Kathleen. 4
Tá blas na mil is na meala ar an mbia a ngabhfaidh do láimh ann
Beidh sonas ar an Áras ina socróidh tú síos
Is an té a gcóireoidh tú an leaba dhó ní baolach aon bhás dhó
Nuair a thógfaidh tú walk leis amach sna Státaí. 8
Ach anois ná déan dearmad ní i bhfad uainn an lá cairde
Tá an ghrian ag dul ag ardú gus tá na sleánta ag dul síos
Tá portaigh breá fada le gróigeadh ag Aill Mhártain
Ach cuimhnigh ar an saucepan le go bhfiuchfaidh muid braon. 12
Beidh tine bhreá fadaithe lasta agamsa sa mbráicín
Cácaí sna málaí agus tae lena dtaobh
Is beidh an lá fuílleach fada agat mar más fíor mar atá ráite
Ní bheidh sí ag fágáil Aill Mhártain go dtí ceathrú chun a naoi. 16
Nach maith go do shláinte é theacht ar ais ar do nádúr
Is a liachtaí fóidín a chuir tú in airde ann i dtosach do shaoil
Is nach deise go fada é ná thall ins na Státaí
Go do phlúchadh ag deannach sráide ‘gus ag slogadh deataigh. 20
16.Amhrán an Phríosúin
Anois a chomharsana, agus a dhaoine muinteartha
Is minic a thagann sé i m’intinn le hachar gearr
Gur chaith mé tamall nó seal i bpríosún
San áit ar shíl mé nach ngabhainn go brách. 4
Ní mba cúis le mailís ná le gadaíocht cinnte í,
Ach ba gnás le daoine é bheith riamh san áit
A bheith ag ól béaláiste margaidh i dteach an tsíbín
Mar ba é an mí-ádh cinnte a chas muid ann. 8
Bhí comhluadar deas againn ann ag ól a mbraoinín
Ní raibh troid ná bruíon ann ach súgradh is greann
Ach níor hairíodh an anachain go dtáinig na peelers
Agus a bpardún cinnte ní raibh le fáil. 12
Bhí cartadh is tóraíocht ann is gach áit thar timpeall
Ard is íseal, ar sheilf is ar chlár
Ach bhí leathphionta poitín agam, i bpóca mo bhríste
Is ba í leac an tinteáin a shú a raibh ann. 16
Bhuail scanradh is faitíos mé ní nárbh ionadh
‚Gus rinne mé smaoineamh ar an mbeart ab fhearr
Ach rinne mé splanters dhe a bhuail na taobháin
Chroith sé peelers agus scanraigh a lán. 20
Rug fear is beirt orm go mo thógáil cinnte
Agus a Mhuire dhílis, nach mba crua mo chás
Ach ar chasadh mo lámha dhóibh, lena dtabhairt thar timpeall
Sea d’ardaigh m’intinn is chuaigh an bheirt ar lár. 24
As an matal crochta ab fhearr liom cinnte
Nó bheith ag dul go Maoghras i gcónra chláir
Ná mé a thabhairt ag beairic idir lámha peelers
Mo mhuintir taobh liom, is nár bhocht an cás. 28
Ach dhá mbeadh breith ar m’aiféala agam, bheadh murder cinnte ann
An buidéal a bheith i ngreim agam istigh i mo lámh
Is má bhí peeler sa mbeairic a bhainfeadh díom é
Is i dteach an tsíbín a bheadh fód a bháis. 32
Ach thug Dia agus Muire dom nach dtáinig sé i m’intinn
Mar faoi bholtaí cinnte a bheinn go lá mo bháis
Is mo mhuintir ag baile bheith ag gol is ag caoineadh
Mar fear le mé a shaoradh ní raibh le fáil. 36
Murach an chailleach mhallaithe bhí mise saortha
Thug m’ainm síos dhóibh is gan fios cén fáth
Ach mar a dúirt an seanfhocal, ‘gus is deacair cinnte air
Ní thagann caonach ar theanga mná. 40
Chuaigh trí mhí mhór fhada orm istigh sa bpríosún
Is dhá mbeadh sé tuillte agam bheadh rud le rá
Ach braoinín dhriadalach a tógadh as gríosach
Is nach mba brocach an braon é i gcúirt le taispeáint. 44
Ní hé sin a mharaigh mé, ná a ghoill ar m’intinn
Ach an té nár thuill é, ‘gus nach raibh aige ann lámh
An seanfhear cráite bocht á chur isteach sa bpríosún
Ag caitheamh trí mhí ann ag ól bracháin. 48
Nach bhfuil a fhios ag Muire agus ag an t-aon Mhac Naofa
Gurbh é an fear a dhaor é a rinne an feall
Ach más fíor don tseanchas go bhfuil ifreann cinnte ann
Ní bheidh fear sna tinte mura mbeidh sé ann. 52
17.Amhrán na Móna
Tá scéal le n-aithris agam a ba mhaith liom a dhúiseacht
Mar ní rud le plúchadh é abhus ná thall
Go bhfuil an tír seo creachta ag Scéim na Móna
Agus dath na dúigh ar an mbáinín bán. 4
Tá lucht na gcladaí ann thar timpeall Úraid
Aniar ón Uaimín agus isteach ón Mám
I gcriathraigh dearglaíoch go dtí na súile
Is gan fear a dtrua ach Rí na nGrásta. 8
Tá díol na beatha acu a dtugtar ainm plúr air
Is é measctha suas as gach uile ghráin
Is nach mairfeadh na luchain air ná madra ar fónamh
Mar ba mhaith an cúnamh dhó iad a chur chun báis. 12
Tá na portaigh tomhaiste dóibh le téip nó ruler
Mar a thomhaisfeá cónra, nó cíle báid
Agus Donald Sullivan, is ba fear ar fónamh é,
Thrí fhód den mhóin sin nach gcuirfeadh sleán. 16
Tá an fear is an gasúr ann mar a bheadh múille
Aníos go dtína nglúine go domhain i láib
Is nach maithfí ceathrú dhóibh ná uair tráthnóna
Ach an nóiméad comhartha má bhíonn siad mall. 20
Tá fuacht is fliuchán ann, is ní maith é i gcónaí
Níl foscadh ar mhúr ann, cnoc ná gleann
Ach beidh tinneas is aicíd ann, is ní leigheasfaidh i gcumhacht é,
Is a Mhuire dhúchais nach bocht an cás. 24
Beidh rates is taxes ann is ní íocfaidh i gcumhacht iad
Ní íocfaidh an mhóin iad, ná fear an tsleáin
Mar níl teas ná maith inti, dhá bhféadfá a chomhaireamh
Is nach olc an tinteán í i gContae an Chláir. 28
Nach aisteach an obair í scéim na móna
Ach dá mbeadh móin ann bheadh rud le rá
Ach is gearr le cadás í nó olann fómhair
Nó carnán clúmhaigh a d’éireodh ard. 32
Fiche leoraí dhi agus é a bheith in éineacht
Is nach bocht an scéal é ag fear le rá
Nach mbainfeá tine aisti, dhá mbeifeá ag séalú
A bhfuil in Éirinn den spairteach bhán. 36
Mura bhfóire Muire orthu, is Mac Rí an Domhnaigh
Agus beagán cúnaimh a fháil ó Mheiriceá
Beidh gorta is anó againn roimhe thús an fhómhair
Is beidh Éirinn dhúchais ar fad le fán. 40
Ní bheidh plúr ná fataí ann, tae ná siúcra
Ach ruidín tútach nach bhfuil abhus ná thall
Ná sláinte an tseanduine, an tobac sa dúidín
Is go dtí fiú is an t-unsa, ní bheidh le fáil. 44
18.Anna Bheag Bhán Dheas
Is dá siúltá-sa Gaillimh agus Droichead an Chláirín
Ó Bhéal na Trá Báine go Mullach na Cruach
Níl cailín chomh geanúil chomh múinte chomh mánla
Le Anna Bheag Bhán dheas atá ar thaobh Chnoc Aduaidh. 4
A cúilín donn casta atá ag dul síos thar a básta
Nach bhfuil rós in sa ngairdín is áille ná a grua
‘S go mba áirid í a sláinte nó ba gairid an bás uaidh
An té a scaradh a grá leis ar thaobh Chnoc Aduaidh. 8
A dá súilín glasa atá chomh cruinn leis an airne
Nach raibh tada níos áille i gceann ainnir na gcuach
Is an té a dtabharfaidh sí gean dó ní baolach aon bhás dó
Nuair a thógfaidh sí walk leis ar thaobh Chnoc Aduaidh. 12
A samhail de chailín níl tógtha faoin bpláinéid
In Éirinn ná in Árainn, ó dheas ná ó thuaidh
Le deiseacht, le maiseacht le clú agus le cáilíocht
Níl a mhalraid le rá léi ar thaobh Chnoc Aduaidh. 16
Níl comharsan ar na bailte, bean, leanbh ná páiste
Nach ann atá a gceann stáisiúin ó mhaidin go nóin
Mar tá muintearas, carthanas agus rompu céad fáilte
Ag Anna bheag bhán dheas atá ar thaobh Chnoc Aduaidh. 20
Nuair a fhágfaidh sí an baile beidh mo bheannacht go brách léi
Beidh mo chúig mhíle slán léi nó go dtéigh mé san uaigh
Ach a Mhic Dé agus a Mhic Dara nach buartha is nach cráite
Is nach uaigneach a bheas a háras le theacht ann ar cuairt. 24
Nach iomaí tráthnóinín deas samhradh a tháinig mé trasna na ngleannta
Agus anall tríd an áthín ag an hallín ó thuaidh
Ach céad faraor crua deacrach ní i bhfad uainn an lá cairde
Go mbeidh na mílte toinn bháite ag dul idir mé agus tú. 28
Nuair a chastaí isteach mé bhí do bhéilín ag gáire
Agus a Rí gheal na ngrásta nárbh álainn do shnua
Nuair a labhraínn ar an mbaile, ‘muise, fan go dtí ar ball beag,
Beidh Deaide ‘gus an cairrín sa mbaile ag a cúig.’ 32
Bhí an tae-pot á ghlanadh agat, an cupán agus an saucer
Bhí im ar an bpláta agus cácaí ina gcruach
Ach ní bheidh ocras ná anó ar fhear bealaigh ná ceardaí
A chasfar ar d’áras ar thaobh Chnoc Aduaidh. 36
Nuair a bheas mise sa talamh agus lobhfaidh mo chnámha
Beidh tú mílte thar sáile ar thalamh chois cuain
Beidh na véarsaí seo scríofa dhá gcleachtadh ag na páistí
Cois teallaigh do chairde ar thaobh Chnoc Aduaidh. 40
Ní leanfad rófhada é ach is ríbhocht an cás é
Beidh an abhainn ag dul le fána agus an easín ag srúill
Ach ní bheidh an bradán ná an breac geal ag snámh le mo shála
Ná Anna Bheag Bhán dheas le fáilte a chur romham. 44
An fhad agus a bheas nead ag an bhfáinleog ná an fiach dubh ag grágaíl
Crann úlla sa ngairdín ná an eala ar an gcuan
An fhad ‘s a bheas mil ag na mbeachain le bailiú sa bhfásach
Beidh cuimhne go brách ort ar thaobh Chnoc Aduaidh. 48
Is cuma cleamhnas ná bainis é, ceol ná pléaráca
Os iondúil gur gnás é a mhairfeas go buan
Beidh muintir na mbailte ar fad i ngreim lámha
A gabháil Anna Bheag Bhán dheas a bhí ar thaobh Chnoc Aduaidh. 52
Leabhair
Breathnach, P., (2007) Bróga Páipéir agus Stocaí Bainne Ramhar. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.
Dégh, L., (1969) Folktales and Society, Story-telling in a Hungarian Peasant Community. Bloomington & Indianapolis: Indiana University Press.
Denvir, G., (1996) Amhráin Choilm de Bhailís. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.
Denvir, G., (2010) Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.
Finnegan, R., (1992) Oral Poetry – Its Nature, Significance and Social Context. Bloomington, Indiana: Indiana University Press.
Mac an Iomaire, P. (eag.), (1983) Dánta Fhilí Bhaile na mBroghach. Indreabhán: Cló Chois Fharraige.
Nic Eoin, M., (2005) Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Cois Life.
Ó Coisdealbha, S., (1987) Buille faoi Thuairim Gabha. Béal an Daingin: Cló Iar-Chonnacht.
Ó Conghaile, M., (1988) Conamara agus Árainn 1880-1980: Gnéithe den Stair Shóisialta. Béal an Daingin: Cló Iar-Chonnacht.
Ó hÓgáin, D., (1982) An File: Staidéar ar Osnádúrthacht na Filíochta sa Traidisiún Gaelach. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.
Ó Riain, D., (1996) Stair na Gaeilge. Gill & MacMillan.
Ailt
Denvir, G., (1988) ‘An Béal Beo: Filíocht Bhéil Chonamara Inniu’. Ó Fiannachta, P. (eag). Léachtaí Cholm Cille XIX: Litríocht na Gaeltachta. Maigh Nuad: An Sagart. 192-222.
Denvir, G., (1999) ‘Filíocht Learaí Phádhraic Learaí Uí Fhinneadha’. Ó hUiginn, R. (eag). Léachtaí Cholm Cille XXIX: Foinn agus Fonnadóirí. Maigh Nuad: An Sagart. 161-97.
Mac Cuaige, S., (1927) ‘An Ghaeltacht’. Gearrbhaile. Earrach, 1927.
Nic Pháidín, C., (1987) ‘Na hIrisí Gaeilge’. 300 Years of Irish Periodicals. Baile Átha Cliath: Lilliput Press. 68-85.
Ó Coimín, P., (2000) ‘An Stát agus an Ghaeltacht’. Ó Tuathaigh et al. (eag), Pobal na Gaeltachta: A scéal agus a dhán. 15-33.
Ó Fiaich, T., (1976) ‘Na Bailéidí Béarla’. Ó Fiannachta, P. (eag.) Léachtaí Cholm Cille VII: An Ceol i Litríocht na Gaeilge. Má Nuad: An Sagart. 121-48.
Ó Fiaich, T., (1983) ‘Na hAmhráin Ghrá’. Ó Fiannachta, P. (eag.) Léachtaí Cholm Cille VI: An Grá i Litríocht na Gaeilge. Maigh Nuad: An Sagart. 59-87.
Ó Madagáin, B. (1985) ‘Functions of Irish Song in the Nineteenth Century’. Béaloideas 53. 130-216.
Tráchtais
Denvir, S. (2003) Dearcadh an tSaoil: Amhráin Chiaráin Uí Fhátharta. Tráchtas MA.
Nic Dhonncha, R. (2002) Amhráin Val agus Mhichíl Bheairtle Uí Dhonnchú. Tráchtas MA.
Foinsí Leictreonacha
Daonáireamh 1911. Le fáil ag: http://www.census.nationalarchives.ie/search/ (Léite: 12 Samhain 2014).
Ó Cíosáin, É., (1985) ‘Bunú Ghaeltacht na Mí: An tÉireannach agus Muintir na Gaeltachta’. Comhar, Iml. 44, Uimh. 12 (Nollaig 1985) 4-7. Le fáil ag: http://www.jstor.org/stable/20555847 (Léite: 3 Márta 2015).
Ó hÓgáin, D. ‘An File Gaelach agus An Pobal’. Comhar, Iml. 33, Uimh 2 (Feabhra 1974) 4-10. Le fáil ag: http://www.jstor.org/stable/20553493 (Léite: 1 Nollaig 2014).
Agallamh
Ó Máille, Pádraic. Agallamh le Pádraic Ó Máille, seanchaí, An Cheathrú Rua, 4 Aibreán 2015.
Foinsí Taifeadta
Cartlann RTÉ, Raidió na Gaeltachta.