Deprecated: __autoload() is deprecated, use spl_autoload_register() instead in /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/profiles/gardens/libraries/htmlpurifier/library/HTMLPurifier.autoload.php on line 17
Un Appartement à Paris de Guillaume Musso | Léann Teanga: An Reiviú

Error message

Deprecated function: The each() function is deprecated. This message will be suppressed on further calls in menu_set_active_trail() (line 2404 of /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/includes/menu.inc).

Un Appartement à Paris de Guillaume Musso

Árasán i bPáras
Aistriúchán ón bhFraincis le

Rosa Kalla

Blurba faoin leabhar

“Is éard atá san ealaín ná bréag a chuireann an fhírinne in iúl...”

Lonnaithe i bPáras i stiúideo ealaíne ag íochtar caolsráid dhuilliúrach.

Is iargharda í Madeline atá tagtha ann as Londain ionas go mbeadh sí in ann a hintinn féin a chneasú ón am a caitheadh.

Tá an stiúideo ar cíos ag Gaspard, scríbhneoir frithshóisialta, ar mian leis coinneáil dó féin lena thumadh sa scríbhneoireacht.

Ach de dheasca botúin a rinneadh, tá an áit ligthe le chaon duine acu, agus gan an dara rogha acu ach fanacht le chéile ar feadh scaithimh.

Lá amháin istigh sa stiúideo ceannann céanna, áit a bhfuil spiorad an iar-úinéir, Sean Lorenz, le haireachtáil fós ann, tagann Madeline agus Gaspard ar rún a fhágann i ngreim na bhfaitíos iad.

Agus is é an rún scanrúil seo a chuireann iallach ar an mbeirt acu dul i ngleic lena gcuid imní féin, an t-achar agus atá siad ag fiosrú níos doimhne faoin scéal. Fiosrúchán mearbhlach atá i ndán dóibh a fhágfaidh a rian orthu go brách.

“Nuair a bhíonn an braon istigh,

bíonn an chiall amuigh”.

Sa gcéad sliocht, tosaíonn Madeline agus Gaspard ag cur aithne níos fearr ar a chéile, agus iarracht á déanamh ag an mbeirt acu an drochthús a bhí acu san árasán a chur taobh thiar díobh. Tá gach rud ag dul go breá eatarthu go dtí go dtagann barr nimhe ar Gaspard nuair a chuireann Madeline a ladar isteach ina shaol pearsanta, agus gan uaithi ach mionchomhrá a dhéanamh leis.

An bhfuil gasúir agat Coutances?

Níl, buíochas le Dia! Agus ní bheidh mé á n-iarraidh choíche.

 Ardaítear ceisteanna doimhne an tsaoil tríd an úrscéal ar fad, agus teachtaireacht an údair snite isteach idir na línte. 

Sa darna sliocht, briseann mianach an bhleachtaire amach in Madeline tar éis dá cuid fiosrachta an ceann is fearr a fháil uirthi. Beartaíonn sí ar sheift chun scód a ligean le Gaspard dul i mbun fiosrúcháin i dteach Penelope Lorenz, máthair an ghasúir bhig a maítear gur dúnmharaíodh é.

Ach ní fearacht Madeline atá breá sásta dul sa tseans go bhfaighfí amach iad, níl an mhuinín chéanna ag Gaspard as an bplean.

Ach an n-éireoidh leo an dallamullóg a chur ar bhean an ealaíontóra mhairbh?

Sliocht 1

Contre toute attente, le repas fut joyeux et agréable. Deux ans plus tôt, à Broadway, Madeline avait assisté à une représentation de Ghost Town, une des pièces de Gaspard qui s’était jouée pendant deux mois au Barrymore Theatre avec Jeff Daniels et Rachel Weisz. Elle en gardait un souvenir en demi-teinte : desdialogues brillants, mais une vision cynique du monde qui l’avait mise mal à l’aise.

Cé nach raibh sí ag súil leis,  bhain sí sult agus sásamh as an mbéile. Dhá bhliain roimhe sin, chonaic Madeline léiriú an dráma Ghost Town in Broadway, ceann de dhrámaí Gaspard a bhí á thaispeáint in amharclann Barrymore ar feadh dhá mhí. Ba iad Jeff Daniels agus Rachel Weisz a ghlac na príomhpháirteanna ann. Bhí sí idir dhá chomhairle faoin dráma: bhí an dialóg thar cionn ann, ach d’airigh Madeline go raibh íomhá shoiniciúil den domhain á cruthú ann, íomhá a chur múisiam uirthi.

Heureusement, Coutances n’était pas le personnage persifleur et  sarcastique que laissaient présager ses écrits. À vrai dire, c’était un ovni : une sorte de gentleman misanthrope et pessimiste, mais qui, le temps d’un dîner, pouvait se révéler un agréable compagnon. Presque naturellement, l’essentiel de leur conversation porta sur Sean Lorenz. Ils partagèrent leur enthousiasme neuf pour sa peinture et revinrent plus longuement sur les informations et les anecdotes que chacun avait glanées dans l’aprèsmidi. Avec appétit, ils mangèrent jusqu’à la dernière bouchée de risotto et terminèrent une bouteille de saint-julien.

Ar an dea-uair, ní duine searbhasach, a bheadh ag magadh faoi dhaoine eile a bhí in Coutances, mar a shílfeá a bheadh ann de réir a chuid scríbhneoireachta. Leis an bhfírinne a rá, ba dhuine áirid é: an cineál duine a choinníonn dó féin agus a bhfuil dearcadh duairc ar an saol aige, ach nuair a bheadh am béile i gceist, áfach, ba mhór an pléisiúr a bheith ina chuideachta. Ar ndóigh, bhí formhór a gcuid cainte bunaithe ar scéal Sheáin Lorenz le linn dóibh a bheith ag ithe. Bhí an díocas úr céanna acu faoi shaothar ealaíne Lorenz agus roinn siad lena chéile an t-eolas agus na scéilíní a bhailigh siad faoina shaothar an tráthnóna sin. Bhí dúil sa mbeatha acu agus d’ith siad a raibh ann den risotto, agus chríochnaigh siad buidéal fíona saint-julien idir an bheirt acu.

Après le repas, la discussion continua au salon. Dans la discothèque, Gaspard avait choisi un vieux vinyle d’Oscar Peterson, allumé une flambée dans la cheminée et découvert un Pappy van Winkle de vingt ans d’âge. Madeline avait retiré ses bottines, étendu ses pieds sur le canapé, posé un plaid sur ses épaules et sorti de sa poche une cigarette roulée à la main qui ne contenait pas que du tabac. Le mélange herbe et whisky alanguit les corps et détendit encore l’atmosphère. Jusqu’à ce que la conversation prenne un tour plus personnel.

I ndiaidh an bhéile, choinnigh siad orthu ag caint sa seomra suite. Phioc Gaspard amach seancheirnín vinile de chuid Oscar Peterson óna bhailiúchán ceirníní, d’fhadaigh sé an tine agus d’aimsigh sé buidéal fuisce Pappy van Winkle a bhí scór bliain d’aois. Bhí Madeline tar éis a buataisí rúitín a bhaint di agus a cosa a chur suas ar an tolg. Chuir sí ruga breacáin timpeall ar a guaillí agus tharraing sí amach toitín a bhí rolláilte de láimh cheana féin óna póca. Ní tobac amháin a bhí ann. Bhí an-tionchar ag an meascán de raithneach agus fuisce ar an gcolainn agus rinneadh an  t-atmaisféar níos suaimhní freisin dá bharr. Agus bhí sé suaimhneach cinnte, go dtí gur tháinig Madeline aniar aduaidh ar Gaspard le ceist phearsanta.

- Vous avez des enfants, Coutances ?

- An bhfuil gasúir agat Coutances?

La réponse fusa :

D’fhreagair sé go tobann í:

- Dieu merci, non ! Et je n’en aurai jamais.

- Níl, buíochas le Dia! Agus ní bheidh mé á n-iarraidh choíche.

- Pourquoi ?

- Cén fáth?

- Je refuse d’infliger à quiconque le fracas du monde dans lequel nous sommes obligés de vivre.

- Ní chuirfinn iallach ar dhuine ar bith maireachtáil sa diabhail de shaol seo.

Madeline tira une bouffée sur sa cigarette.

Bhain Madeline gal as a toitín.

- Vous n’en faites pas un peu trop là ?

- Nach bhfuil tú ag dul beagáinín thar fóir?

 - Je ne trouve pas.

- Ní airím go bhfuil.

 - Certaines choses vont mal, j’en conviens, mais…

 - Glacaim leis gur féidir locht a fháil ar roinnt gnéithe den saol, ach...

- Certaines choses vont mal ? Mais ouvrez les yeux, bon sang ! La planète est à la dérive et l’avenir sera épouvantable : encore plus violent, plus irrespirable, plus angoissant. Il faut être sacrément égoïste pour vouloir infliger ça à quelqu’un.

- Roinnt gnéithe? In ainm Dé, oscail do shúile! Tá an pláinéad ag dul in olcas agus ní bheidh cuma ná cuí air amach anseo: beidh níos mó foréigin ann agus níos mó smachta orainn, beidh muid cráite ag an saol. Caithfear a bheith thar a bheith leithleasach le duine eile a thabhairt ar an bpraiseach de shaol seo.

Madeline chercha à lui répondre, mais Gaspard était lancé. Pendant un quart d’heure, les yeux fous, l’haleine chargée d’alcool, il dévida un argumentaire d’un pessimisme profond quant à l’avenir de l’humanité, décrivant une société apocalyptique, asservie à la technologie, à la surconsommation, à la pensée médiocre. Une société prédatrice qui, en se livrant à l’extermination méthodique de la nature, avait pris un billet sans retour pour le néant.

Bhí fonn ar Madeline a tuairim féin a chur in iúl ach bhí Gaspard tosaithe ag cur thairis cheana féin. Bhí scéin ina shúile agus boladh dí lena anáil agus argóint dhuairc dhiúltach á déanamh aige i gcoinne an tsaoil a bheadh ann sa todhchaí. Lean sé air ar feadh ceathrú uaire ag déanamh cur síos ar shochaí thubaisteach, a bheadh faoi smacht ag an teicneolaíocht, ag an tomhaltas agus ina mbeadh bac ar shaorsmaointe na ndaoine. Dúirt sé nach mbeadh daoine ag maireachtáil ar scáth a chéile níos mó, go ndéanfaí slad córasach ar an dúlra agus ar an timpeallacht agus nach mbeadh aon dul siar ann.

Elle attendit d’être certaine qu’il en avait terminé avec sa diatribe avant de constater :

D’fhan sí go dtí go raibh sí cinnte go raibh sé tagtha chun deireadh an racht feirge sular tháinig sí ar chonclúid:

 - En fait, ce n’est pas juste les cons que vous détestez, c’est l’espèce humaine dans son ensemble.

- Mar sin, ní hé gurb iad na pleotaí amháin a bhfuil an ghráin agat orthu, tá an ghráin agat ar an gcine daonna ina iomláine.

Gaspard ne chercha pas à le nier :

Ní dhearna sé iarracht an méid sin a shéanadh.

- Vous connaissez le mot de Shakespeare: « Même la bête la plus féroce connaît la pitié. » Mais l’homme ne connaît pas de pitié. L’homme est le pire des prédateurs. L’homme est une vermine qui, sous couvert d’un vernis de civilisation, ne prend son pied qu’en dominant et en humiliant. Une espèce mégalomaniaque et suicidaire qui hait ses semblables parce qu’elle se déteste elle-même.

 - An bhfuil cur amach agat ar scríbhneoireacht Shakespeare? : “ Is féidir leis an mbeithíoch is fiáine trua a bheith aige fiú”. Ach ní bhíonn aon trua ag an duine. Is é an duine an creachadóir is measa. Suarachán atá ann a bhaineann sásamh as a bheith ag fáil an lámh in uachtar ar dhaoine eile agus as a bheith á náiriú, agus é neadaithe i dtearmann na sibhialtachta. Is í an chumhacht an chloch is mó ar phaidrín an chine dhaonna, speiceas meigleamáineach atá ann, a bhíonn réidh le lámh a chur ina bhás féin i gcónaí. Speiceas atá ann nach bhfuil in ann a shamhail a sheasamh, mar go bhfuil an ghráin aige air féin.

- Et vous, Coutances, vous êtes différent, bien sûr ?

- Céard fútsa, Coutances, tá tusa difriúil, ar ndóigh?

- Non, bien au contraire. Vous pouvez m’inclure dans le lot si ça vous fait plaisir, lança-t-il en terminant sa dernière gorgée de whisky.

- Níl ar chor ar bith. Féadfaidh tú mé féin a chur ina measc siúd, má thugann sé sin sásamh duit, a dúirt sé, agus an braon deireanach den fhuisce á shlogadh siar aige.

Madeline écrasa sa cigarette dans une coupelle qui faisait office de cendrier.

Chuir Madeline as a toitín i gcupán beag a bhí á úsáid mar luaithreadán aici.

- Vous devez être très malheureux pour penser ça.

- Caithfear go bhfuil tú thar a bheith míshásta agus na smaointe sin ag dul tríd d’intinn.

Il chassa l’idée d’un revers de main tandis qu’elle allait chercher de l’eau dans le frigo.

Rinne sé beag den smaoineamh le comhartha lena lámh an t-achar is a bhí Madeline ag dul anonn go dtí an cuisneoir le huisce a fháil.

- Je suis seulement lucide. Et les batteries d’études scientifiques sont encore plus pessimistes que moi. Les écosystèmes terrestres disparaissent inéluctablement. Nous avons déjà franchi le point de non-retour, nous…

 - Níl ann ach nach bhfuil dallamullóg orm. Tá an-chuid taighde eolaíche déanta a léiríonn dearcadh níos diúltaí fós. Ní féidir a shéanadh ach go mbeidh deireadh leis na héiceachórais talún amach anseo. Níl aon dul as.

Elle le provoqua :

Spréach sí é:

- Mais pourquoi vous ne vous mettez pas une balle dans la tête, là, tout de suite ?

- Ach cén fáth nach gcuirfeá piléar isteach i do chloigeann anois díreach?

 - Ce n’est pas la question, se défendit-il. Vous me demandiez pourquoi je ne voulais pas avoir d’enfants. Je vous ai répondu : parce que je ne veux pas les voir grandir dans le chaos et la fureur. Il pointa sur elle un doigt accusateur, qui tremblait autant à cause de l’alcool que de la colère.

- Ní hé sin atá i gceist, a dúirt sé, á chosaint féin. D’iarr tú orm cén fáth nach bhfuil mé ag iarraidh gasúir a bheith agam. Thug mé freagra ort: mar níl mé ag iarraidh iad a fheiceáil ag fás aníos i measc neamhoird agus foréigin. Dhírigh sé a mhéar ina treo agus é ag creathadh de bharr an alcóil ach an oiread lena chuid feirge.

 - Je n’imposerai jamais ce monde cruel à un enfant. Si vous avez l’intention de faire un autre choix, c’est votre problème, mais ne me demandez pas de le cautionner.

- Ní thabharfainn gasúr riamh ar an saol crua seo. Má tá sé i gceist agatsa rogha eile a dhéanamh, bíodh agat, ach ná hiarr orm tacú le do chinneadh.

- Je me fous pas mal de votre caution, dit-elle en se rasseyant, mais je m’interroge quand même : pourquoi ne vous battez-vous pas pour changer tout ça ? Défendez les causes qui vous tiennent à cœur. Engagez-vous dans une association, militez dans un…

- Is cuma sa diabhal liomsa céard a cheapann tú féin a dúirt sí, agus í ag bualadh fúithi arís, ach ag an am céanna, tá mé ag déanamh iontais cén fáth nach dtroidfeá ar son athruithe? Cosain na rudaí atá tábhachtach duit. Glac páirt i gcumann, téigh i mbun feachtais..

Il eut une moue de dégoût.

Chuir sé smut air féin.

- La lutte collective ? Très peu pour moi. Je méprise les partis politiques, les syndicats, les groupes de pression. Je pense comme Brassens que « sitôt qu’on est plus de quatre, on est une bande de cons ». Et puis, la bataille est déjà perdue, même si les gens sont trop lâches pour le reconnaître.

- Dlúthpháirtíocht eagraithe? Beag an baol. Níl meas madra agam ar na páirtithe polaitíochta, ná ar na sindeacáití, ná ar na brúghrúpaí. Tá mé ar aon intinn le tuairim Brassens, “chomh luath agus atá níos mó ná ceathrar againn ann, is leibidí atá ionainn”. Agus lena chois sin, tá an cath caillte cheana féin, cé go bhfuil daoine ró-chladhartha lena admháil.

- Vous savez ce qui vous manque ? C’est d’avoir à mener un vrai combat. Et avoir un enfant, c’est être obligé de mener le combat. Le combat pour l’avenir. Celui qui a toujours existé et qui existera toujours. Il la regarda étrangement.

- An bhfuil a fhios agat céard atá in easnamh ortsa? Níl aon chúis cheart troda agat. Nuair a bhíonn gasúr ag duine, tá sé de dhualgas air troid ar son na todhchaí. B’in é an chaoi a raibh sé riamh agus is amhlaidh gurb é sin an chaoi a mbeidh sé. Bhreathnaigh sé go haisteach uirthi.

- Mais vous, Madeline, vous n’avez pas d’enfants ?

- Ach maidir leatsa Madeline, níl aon ghasúir agatsa?

- J’en aurai peut-être un jour.

- B’fhéidir go mbeidh siad agam lá éigin.

- Juste pour votre petit plaisir personnel, c’est ça ? ricana-t-il. Pour vous sentir « entière », « finie », « comblée » ? Pour faire comme vos copines ? Pour échapper aux questions culpabilisantes de papa et maman ?

- Díreach le haghaidh sásamh beag pearsanta a thabhairt duit, an ea? arsa seisean agus straois air. Ionas go n-aireoidh tú ‘lán’, ‘réitithe’, ‘iomlán’ sásta?

Prise d’un coup de sang, Madeline se leva et lui balança une giclée d’eau glacée au visage pour le faire taire. Puis elle hésita un instant et finalement c’est la bouteille en plastique elle-même qu’elle lui jeta à la figure.

- Le héalú ó chéisteanna maime agus daide? Sheas Madeline suas ansin agus taom feirge uirthi, bhuail sí uisce fuar lena éadán le go ndúnfadh sé a chlab. Ansin, stop sí ar feadh soicind sular thogair sí sa deireadh an buidéal plaisteach féin a chaith lena aghaidh. 

- Vous êtes vraiment trop con ! cria-t-elle en rejoignant l’escalier. Elle monta les marches deux par deux et claqua la porte de sa chambre. Resté seul, Gaspard poussa un profond soupir. Ce n’était certes pas la première fois que l’alcool lui faisait dire des énormités, mais c’était la première fois qu’il le regrettait si rapidement.

- Is asal ceart thú! a scread sí agus í ag dul i dtreo an staighre. Thóg sí an staighre faoi dhó san iarraidh agus ba bheag nár tharraing sí doras a seomra de na hinsí le teann spadhair. Lig Gaspard osna chléibh as agus é fágtha leis féin. Is cinnte nach mba é sin an chéad uair a tháinig fad ar a theanga nuair a bhí an braon istigh ach ba é sin an chéad uair a tháinig aiféala chomh sciobtha sin air faoin méid a dúirt sé.

Vexé comme un enfant, il se resservit un verre de whisky et éteignit les lumières avant de s’allonger sur la lounge chairavec un grognement accablé.

Agus é ar buile mar a bheadh gasúr, chuir sé gloine eile fuisce amach dó féin le sólás a thabhairt dó. Chuir sé as na soilse sular shín sé amach ar an tolg agus cuma bhuailte air.

Dans son esprit embrumé par l’alcool, il se repassa le film de la dispute. Ses arguments, ceux de Madeline. Il avait peut-être été maladroit sur la fin, mais il avait été sincère. Tout au plus regrettait-il la brutalité de ses propos, mais pas leur fond. À présent qu’il y repensait, il se rendit compte qu’il y avait pourtant une évidence qu’il n’avait pas mentionnée : les gens qui veulent des enfants se sentent forcément de taille à les protéger.

Chuaigh sé siar ar an achrann arís ina chloigeann agus mearbhall air de bharr an alcóil. Rinne sé machnamh ar an argóint a bhí aige féin agus ar an gcás a bhí á dhéanamh ag Madeline. B’fhéidir go raibh sé as bealach ag an deireadh ach ní raibh sé ach ag tabhairt a bharúil féin. Bhí aiféala air faoina ghéire agus a bhí a theanga ach chuirfeadh sé suas an argóint chéanna arís. Anois agus tuilleadh ama caite aige ag smaoineamh siar air, tháinig sé ar chonclúid eile, nach raibh luaite aige: Maidir leis na daoine a bhfuil gasúir uathu, airíonn siad siúd gan amhras go bhfuil sé ar a gcumas iad a chosaint.

Or Gaspard, lui, ne le serait jamais. Et cela le terrifiait.

Ach faraor, ní aireoidh Gaspard ar an gcaoi sin choíche. Agus scanraigh an smaoineamh sin é.

Sliocht 2

- Elle a l’air de bien vous plaire, la petite Pauline. Comme ils l’avaient fait la veille, ils échangèrent les informations récoltées chacun de son côté.

- Tá an chuma ort go dtaitníonn Pauline bheag go maith leat. Mar a rinne siad an oíche roimhe, phléigh siad an méid a bhí faighte amach acu an lá sin.

 - Elle est facile à vivre et pas contrariante. 

- Is éasca réiteach léi agus ní chuireann sí isteach orm.

- C’est pour moi que vous dites ça ?

- Ar mhaithe liomsa atá tú á rá sin?

Gaspard détourna la tête pour fuir le regard de Madeline. 

Chas Gaspard a chloigeann le héalú ó scéin Madeline.

-Parlons d’autre chose, si vous le voulez bien. Elle proposa une répartition des tâches:

- Labhróidh muid ar ábhar eile más mian leat. Mhol sí go roinnfeadh siad na tascanna;

 - Cet après-midi, j’ai l’intention d’aller interroger Jean-Michel Fayol, le marchand de couleurs de Sean. Pendant ce temps, je voudrais que vous passiez voir Pénélope Lorenz. 

- Tá sé i gceist agam Jean-Michel Fayol a cheistiú tráthnóna inniu, fear a bhíodh ag díol péinteanna le Sean. An t-achar agus a bheidh mé leis, ba mhaith liom go dtabharfá cuairt ar Pénélope Lorenz.

L’air sceptique, Gaspard se gratta la barbe. 

Bhí cuma amhrasach ar Gaspard agus a fhéasóg á tochas aige.

- Pourquoi irais-je au casse-pipe ? Vous venez de m’expliquer qu’elle vous avait sèchement claqué la porte au nez.

- Cén fáth sa diabhail an ngabhfainn ansin? Nach bhfuil tú tar éis a rá liom gur bhuail sí an doras sa smut ort go searbhasach.

 - Avec vous, ça sera différent.  

- Ní bheidh sí mar sin leatsa.

- Qu’est-ce qui vous fait croire ça ? 

- Cén fáth an gceapfá é sin?

-D’abord parce que vous êtes un homme. Puis parce que j’ai eu une idée géniale. 

- Ar an gcéad dul síos, is fear thú. Agus mar aon leis sin, tá smaoineamh iontach agam.

Avec un sourire satisfait, elle lui expliqua le plan qu’elle avait mis au point pour approcher la femme de Sean. 

Agus meangadh gáire uirthi, mhínigh sí dó an plean a bhí curtha le chéile aici ionas go mbeidís in ann dul i mbun cainte le bean Sean.

Dans un cybercafé, elle avait créé un compte mail au nom de Gaspard et s’en était servie pour envoyer à Pénélope une demande de prêt – ou plutôt de location – de Naked, un tableau de son mari qui se trouvait toujours en sa possession. 

Bhí cuntas ríomhphoist cruthaithe aici faoi ainm Gaspard i gcaife idirlín agus bhí úsáid bainte as aici le dul i dteagmháil le Pénélope. D’iarr sí uirthi an mbeadh sí in ann ceann de phictiúir a fhir chéile a bhí ina seilbh aici i gcónaí a fháil ar iasacht. Naked an t-ainm a bhí air.

- Comprends rien, grogna Gaspard. Pourquoi voudrais-je louer un  tableau ? Ça n’a pas de sens.

- Ní thuigim tada, a dúirt Gaspard ag gnúsacht. Tuige a mbeinn ag iarraidh an pictiúr a fháil ar iasacht. Níl aon chiall leis.

Madeline poussa son assiette et déplia sur la table la photocopie d’un article du Daily Telegraph annonçant trente représentations à Londres au printemps prochain du Serment d’Hippocrate, une pièce de théâtre signée… Gaspard Coutances. 

Bhrúigh Madeline uaithi a pláta agus leag sí cóip d’alt ón Daily Telegraph a d’fhógair tríocha léiriú de Serment d’Hippocrate i Londain le linn an earraigh a bhí le teacht, ba dráma le... Gaspard Coutances é.

- Vous allez louer ce tableau pour qu’il fasse partie du décor de la première de votre pièce. 

- Teastaíonn an pictiúr seo uait don fheisteas stáitse don chéad léiriú ar do dhráma.

- Grotesque.

- Sin seafóid.

Madeline continua sans se laisser démonter : 

Choinnigh Madeline uirthi ag caint gan a misneach a chailleadh:

- Dans mon mail, j’ai proposé à Pénélope un deal à vingt mille euros.

- Mhol mé sa ríomhphost go n-íocfainn scór míle euro as. Chuir

Benedick m’a assuré qu’elle avait besoin de cash et qu’à terme elle souhaitait vendre le tableau aux enchères.

Benedick ina luí orm go raibh airgead de dhíth ar Pénélope agus go raibh sé i gceist aici an pictiúr a dhíol ar ceant sa deireadh.

S’il y a une occasion de médiatiser la toile avant sa vente, vous pouvez être certain qu’elle ne va pas la laisser passer.

Má tá deis aici an pictiúr a chur ar taispeáint roimh ré, is cinnte nach scaoilfidh sí thairsti é.

Furieux, Gaspard fronça les sourcils.

Chuir Gaspard strainc air fhéin, agus é ar buile.

 - Vous avez usurpé mon identité ! 

- Sin bradaíl aitheantais, bíodh a fhios agat !

- Détendez-vous, c’était pour la bonne cause. 

- Foighne ort, bhí údar maith agam.

- Les grands principes, c’est toujours pour les autres, c’est ça ? Je déteste les gens comme vous. 

- Breathnaigh cé aici atá na prionsabail mhóra, bíonn tú ar mhaithe le daoine eile i gcónaí nach mbíonn? Tá an ghráin agam ar dhaoine cosúil leatsa.

- Les gens comme moi ? C’est-à-dire ? 

- Daoine cosúil liomsa? Is é sin le rá?

- Je me comprends.

- Tá a fhios agamsa céard atá á rá agam.

 - Vous êtes bien le seul.

- Tusa an t-aon duine.

Toujours en colère, il haussa les épaules.

Chroith sé a ghuaillí agus fearg air i gcónaí.

 - De toute façon, la mère Lorenz ne croira jamais de telles inepties. 

- Ar aon chuma, ní chreidfeadh Bean Uí Lorenz an scéal áiféiseach sin.

  - Détrompez-vous, rétorqua Madeline, triomphante. Figurez-vous qu’elle m’a déjà répondu et qu’elle vous attend chez elle dans une demi-heure pour en parler. 

- Tá dul amú ort, a d’fhreagair Madeline go caithréimeach. Chuir sí scéala ar ais chugam cheana féin, bíodh a fhios agat, agus tá sí ag súil leat faoi cheann leath uair an chloig lena phlé.

Gaspard ouvrit la bouche pour protester, mais se contenta de pousser un soupir résigné. Madeline profita de son avantage :

D’oscail Gaspard a bhéal le dul ag argóint léi, ach shásaigh sé é féin trí osna a ligean go géilliúil. Tháinig Madeline i dtír ar an gciúnas:

 - Après mon entrevue avec Fayol, j’ai rendez-vous avec une vieille amie qui fait escale à Paris. Quand vous aurez vu Pénélope, retrouvez-moi au Sémaphore pour faire le point.

- Tar éis dom agallamh a chur ar Fayol, tá mé le castáil ar sheanchara liom atá ag stopadh i bPáras ar feadh cúpla uair an chloig. Nuair a fhágfaidh tú teach Pénélope, téigh go dtí an Sémaphore agus feicfidh mé ann thú leis an méid a bheidh faighte amach againn a phlé.

 - Quésaco le Sémaphore ? 

- Céard atá ann sa Sémaphore?

- C’est un petit café à l’angle de la rue Jacob et de la rue de Seine.

- Is caifé beag é atá suite ar an gcoirnéal idir Rue Jacob agus Rue na Seine.

 Il faisait tellement chaud que le restaurant avait ouvert ses baies vitrées. Comme Madeline voulait fumer, ils s’installèrent en terrasse pour boire leur café. Songeuse, Madeline roula sa cigarette en silence tandis que Gaspard, perdu dans sespensées, se brûlait la gorge avec le verre d’armagnac offert par le patron. Même s’ils n’osaient pas le formuler, force était de reconnaître qu’ils formaient à présent un improbable duo d’enquêteurs.

Bhí an oiread teasa sa mbialann go raibh orthu na báfhuinneoga a oscailt. Mar go raibh fonn tobac ar Madeline, shuigh siad taobh amuigh leis an gcaife a ól. Rinne sí toitín di féin gan focal aisti. Bhí machnamh á dhéanamh aici. Bhí Gaspard sáite ina chuid smaointe lena taobh agus dhóigh sé a scornach ar an ngloine bhranda a thug an t-úinéir saor in aisce dó. Cé nach raibh siad ag iarraidh é a admháil, caithfear a rá gur beirt bhleachtairí a bhí iontu anois, beirt nach mbeifeá ag siúl leo ar chor ar bith.

 L’œuvre magnétique de Lorenz les avait contaminés. Elle exerçait sur eux son emprise. Tout ce qui, de près ou de loin, entourait le peintre; le sens de sa peinture, les zones d’ombre de sa vie, revêtait pour eux une aura de mystère et la promesse irrationnelle que, une fois percés à jour, les secrets de Lorenz deviendraient leurs secrets. Sans se l’avouer, Madeline et Gaspard s’accrochaient tous les deux à la croyance folle que ces secrets leur livreraient une vérité, car, en recherchant ces tableaux, c’était aussi une partie d’eux-mêmes qu’ils traquaient.

D’fhág saothar mealltach Lorenz a lorg ar an mbeirt acu, agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór orthu. Bhí mistéir ag baint le gach gné den ealaíontóir; an bhrí a bhí lena chuid péinteála, an éiginnteacht a bhain lena shaol agus bhí súil acu go bhfaighidís amach faoi rún Lorenz lá éigin, cé gur bheag an seans a bhí acu. Cé nach raibh Madeline agus Gaspard á admháil, bhí siad ag súil go mór go mbeadh fírinne an scéil le fáil i rúin Lorenz, mar an t-achar agus a bhí siad ag fiosrú an scéil, bhí siad ag fáil tuiscint níos fearr orthu féin freisin.