Eagrán: 2014

Eagarfhocal

Bhur gcéad fáilte chuig an dara heagrán de Léann Teanga: An Reiviú, iris a fhoilsítear go bliantúil mar chuid den chúrsa MA (Léann Teanga) le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Is iad an t-aistriúchán, an tsochtheangeolaíocht, an teangeolaíocht, agus teagasc teangacha na réimsí éagsúla léinn a bhíonn faoi chaibidil san iris seo. Anois agus an t-eagrán is déanaí den iris seo foilsithe, táthar ag súil go mbeidh toradh na hoibre sin mar acmhainn luachmhar do lucht acadúil na Gaeilge agus do mhic léinn trí chéile amach anseo.

Tá an Coiste Eagarthóireachta go mór faoi chomaoin acu siúd ar fad a chuir comhairle orainn agus a thug cabhair agus cúnamh dúinn An Reiviú a chur in eagar. Is mór an onóir dúinn gur ghlac an tOllamh Alan Titley lenár gcuireadh réamhrá a scríobh don eagrán seo.

Tá muid an-bhuíoch de na scríbhneoirí uile a d’fhreagair an glaoch agus a roinn a gcuid eolais, taighde agus ama go fial flaithiúil linn, agus leis na piarmheasúnóirí a chinntigh ardchaighdeán na hirise.  Ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl d’fhoireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge idir stiúrthóirí, léachtóirí agus theagascóirí an chúrsa MA (Léann Teanga) a bhí sásta a gcuid ama agus a gcuid saineolais a roinnt linn i gcónaí, agus le foireann riaracháin agus tacaíochta Áras na Gaeilge as a gcabhair agus a gcomhoibriú. Caithfear dearthóir an tsuímh idirlín, Shannon Reeves, a lua chomh maith as an tsárobair a rinne sé arís i mbliana.

Mar fhocal scoir, ba mhaith linn a rá go bhfuil muid buíoch de Thaibhdhearc na Gaillimhe as ucht a bheith toilteanach tacú lenár n-iarracht dioscúrsaí acadúla a roinnt leis an bpobal agus glacaimid buíochas le Foras na Gaeilge a rinne urraíocht ar sheoladh na hirise – is mór againn an mhuinín a léiríonn an tacaíocht don togra nua-aoiseach ar-líne seo – agus díol misnigh, tá súil againn, don Choiste a bheidh ag teacht i gcomharbacht orainn in 2015.

Coiste Eagarthóireachta – Léann Teanga: An Reiviú

Catherine Francis, Cillian Hanaphy, Maria Nic Chochláin, Bríd Ní Chualáin, Siobhán Ní Chualáin, Máire Rós Ní Loingsigh, Helen Ó Catháin, Ben Ó Ceallaigh, Declan Quinn