Rud amháin ar féidir a bheith deimhnitheach ina thaobh maidir le saol intleachtúil na hÉireann de ná go bhfuil eolas agus taithí ag lucht na Gaeilge ar chúrsaí teanga. Nuair a bhí an t-athrú mór teanga ar siúl sa tír ón 18ú haois i leith ba bheag an machnamh córasúil a deineadh air. Is fíor gur aithin pobal na Gaeilge cad a bhí ar bun, ach ar éigean gur dhúisigh sé smaointe ar bith i measc an chinsil Bhéarla. Nuair a thosnaigh ‘an athbheochan’ is léir gur caitheadh dua thar a bheith díocasach le ceisteanna teanga ach ar éigean go raibh aon phioc de sin tógtha ar phrionsabail eolaíochtúla.
Is é atá tarlaithe le scór éigin bliain anuas, agus go háirithe laistigh de leath an ama sin, ná go bhfuil machnóirí na Gaeilge ag cruinniú an eolais atá bailithe acu le ceithre ghlúin ar ais agus a bhfuil ar siúl amuigh ansin go hidirnáisiúnta d’fhonn dioscúrsa nua teangeolaíochta a chruthú. Is é nár chuireamar treise go leor leis, dar liom, ná go raibh tréan taithí againn ar dhálaí teangacha a mhúineadh, a shealbhú, a fhoghlaim, is a chailliúint.
Léiriú follasach ar an eolas agus ar an taithí sin is ea an iris seo, céim bheag mhór chun staidéar teanga a chur ar bhonn níos daingne agus ar leathnú a dhéanamh ar ár gcuid tuiscintí isteach. Tá idir fhadhbanna teoiriciúla agus cheisteanna praiticiúla i lúib an eagráin seo, agus iad uile bunaithe ar thaighde mionchúrsach ar deacair cur ina gcoinne, fara léirmheasanna ar leabhair ar gá eolas a bheith ina dtaobh don té ar mhaith leis a bheith bord ar aon lena bhfuil ar siúl sa réimse seo eolais.
Is mór an moladh go bhfuil cuid de na haistí anseo bunaithe ar thaighde eimpíreach, ar staidéar sa ghort. Orthu sin, go háirithe, tá na haistí ag Fergus Seoighe agus ag Tammy Ní Laoire a dhéanann trácht eolgaiseach ar thurgnaimh a bhain le leathnú na Gaeilge ar shlite éagsúla sa bhunscoil agus sa mheánscoil faoi seach. Ar shlí amháin, gan amhras, ní cúrsaí iontais na torthaí a fhionnann siad – go dtéann teagmháil le Gaeilge lasmuigh den ghnáthrang chun tairbhe na foghlama. Tá a leithéid seo á áiteamh ar feadh na mblianta ag daoine gur lag leo múineadh na teanga i suímh fhoirmeálta amháin. Tá de bhuntáiste ag na haistí seo ná go léiríonn siad ar mhodh eolaíochtúil go n-oibríonn a leithéid, agus gur féidir, dá réir sin, iad a chur chun fónaimh turgnaimh agus pleananna eile amach anseo. Ba dhóigh leat gur cheart iad a bheith mar ghairm scoile ag lucht pleanála oideachais feasta.
Tá aiste Anna Lee ar na deacraí a leanann aistriúchán ar leabhar cócaireachta ina eiseamláir den saghas seo staidéir. Cuireann di gan aon róbhráca an chuid riachtanach faoi theoiric an aistriúcháin – an rud atá le déanamh faoi theoiric an aistriúcháin ná glacadh le ceann amháin díobh agus scaoileadh le cách eile – agus gabhann láithreach chun na bhfadhbanna praiticiúla, agus is iad atá iomadúil. Roimhe sin, áfach, admhaíonn gur bhain sí leas as an gcaighdeán athbhreithnithe, agus n’fheadar nach é seo an chéad admháil dá sórt ar chlár na cruinne! Tá sí iontach soiléir, leis, maidir leis na hacmhainní teanga agus aistriúcháin ar bhain sí leas astu, agus is mór an áis an méid seo do dhuine ar bith a leanfaidh an bóthar céanna, go fiú lasmuigh de raon na cócaireachta. Is é an mionmhíniú a leanann fadhbanna beaga an aistriúcháin is mó is díol suime, áfach, mar i ngnó an aistriúcháin is iad na fadhbanna is lú na cinn is mó chomh maith céanna.
Ba cheart go gcuirfí spéis faoi leith sa chur síos atá ag Dorothy Ní Uigín ar chuid de na conspóidí a lean bunú an Ghúim, mar cé go raibh an Gúm ina ‘ghallán Sóivéadach’ (i bhfocail an Chadhnaigh) agus ina phríomhfhoilsitheoir na Gaeilge ar feadh breis agus tríocha éigin bliain, is caol ar fad an scagadh ceart atá déanta air go nuige seo. Is fíor go bhfuil seo ag athrú ábhairín le suim bhlianta anuas, anois go bhfuil teacht ar na comhaid sa Chartlann Náisiúnta, comhaid ar bhain Dorothy lánleas astu le haghaidh na haiste seo. Díríonn sí go háirithe ar an teannas a bhí ann idir orgán an stáit agus na foilsitheoirí príobháideacha, agus go sonrach ar na haighnis a bhí ann timpeall ar Sháirséal agus Dill a bhris múnla na foilsitheoireachta nuair a bunaíodh iad. Tráchtann sí go suimiúil, leis, ar cheist an chló agus ar na cogaí a fearadh timpeall ar an gcló Rómhánach agus ar an gcló Gaelach, ar thug Earnán de Blaghd ‘Elizabethan print’ air, go cruinn, caithfear a rá. Nuair a deir daoine nach bhfuil difear ar bith idir Fine Gael agus Fianna Fáil is féidir ceist an chló a tharraingt anuas mar bhréag orthu!
D’admhódh Dorothy féin nach bhfuil anseo ach scríobadh ar screamh maidir leis an nGúm de, agus taispeánann sí an tslí leis an aiste seo. Cé go raibh Seosamh Mac Grianna cáinteach go mór ar an nGúm, mar shampla, rinne siad a seacht ndícheall dó ó thaobh airgid de; agus cé go raibh Máirtín Ó Cadhain níos binbí fós, ba é féin a chéad rinne teagmháil leo, agus bhí breá sásta leabhair a chur faoina mbráid chomh déanach le lár na gcaogaidí go dtí go bhfuair sé post i gColáiste na Tríonóide. Ní féidir dearmad a dhéanamh go raibh príomhscoláirí na Gaeilge ag obair i gcomhpháirt leis an nGúm ón tús, ina measc siúd An Seabhac, agus Tórna, an té a mhaígh nach raibh ach leathchéad duine a raibh léamh na Gaeilge acu sa chló Gaelach sa tír tar éis an Ghorta (rud nach raibh fíor, gan amhras). Seans gurb é tromán na haiste ag Dorothy ná gur cheart do dhuine éigin stair na foilsitheoireachta Gaeilge san 20ú haois a scríobh.
Tagann ceisteanna teicniúla agus ríomhaireachta i gceist san aiste ag Belinda McHale ina machnamh ar eispéireas na foghlama aisioncronaí, agus sa léirmheas ag cuid de na heagarthóirí ar an leabhar Translation in the Digital Age le Michael Cronin araon. Cur chuige nua i bhfoghlaim teangacha atá idir chomáin phléite anseo, ceann acu ag trácht ar eolas praiticiúil agus ar an toradh a bhí air; agus an ceann eile ag gluaiseacht go teoiriciúil ar fud an domhain, mar is dual do Mhichael Cronin, arb é an saineolaí is mó é ar theoiricí an aistriúcháin abhus é agus nach maolaíonn ar a pheann dá réir. Is é atá sa léirmheas eile atá leis seo ná beachtaíocht ar an Journal of Multilingual and Multicultural Development ina leathnaítear ar scóip ár machnaimh chomh fada leis an Afraic Theas, le hOileáin Fiji, leis na Stáit Aontaithe agus eile. Is de shuimiúlacht, áfach, ná go dtógtar an plé ar ais arís is arís chun na hÉireann agus chun na Gaeilge, rud a fhágann gur saibhrede ár dtuiscint ag an eitilt thar lear.
As lár na teoirice agus an taighde seo, tá aon iarracht phraiticiúil de cheird an aistriúcháin, gan nótaí, gan tráchtaireacht. Is é sin an leagan de ‘I’m so lonesome’ le Hank Williams a d’aistrigh Gabriel Rosenstock. Is fada Gabriel ag aistriú scothfhilíocht na hEorpa agus an domhain go Gaeilge, agus le tamall anuas tá leaganacha d’amhráin atá i mbéal an phobail á dtiontú aige. Bheifeá ag súil go mbeadh an leagan uaidh cruinn agus fileata in éineacht. Is í an t-aon cheist ná an féidir í a chanadh? Is féidir! Bhain mé féin triail as, agus sheol go binn...
Is í éagsúlacht na hirise seo a léiríonn fairsinge agus fiúntas an eolais atá againn maidir le staidéar teanga de in Éirinn. Tá an t-eolas sin bunaithe ar an nGaeilge den chuid is mó. Cé gur den traidisiún sin na staidéir atá anso, léiríonn siad go bhfuil cur amach ag glúin óg taighdeoirí ní hea amháin ar na modhanna is mó gearradh, ach ar a bhfuil ar siúl ar fud an tsaoil mhóir chomh maith céanna.
Alan Titley