Nótaí Beathaisnéise na nÚdar 2017

An Dr Cathal Billings

Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas do Chathal.  Fuair sé PhD sa Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath sa bhliain 2015.  Athbheochan na Gaeilge agus an Spórt in Éirinn 1884-1934 an t-ábhar tráchtais a bhí aige.  Is iad na réimsí taighde is mó spéis aige ná Athbheochan na Gaeilge, cúrsaí teanga agus féiniúlachta, stair an spóirt agus cúrsaí aistriúcháin.  Tá sé ag obair mar léachtóir le Gaeilge i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, UCD agus tá sé ina stiúrthóir ar Lárionad de Bhaldraithe do Léann na Gaeilge.

Seán Breathnach

Is as Leitir Mealláin i gCeantar na nOileán do Sheán Breathnach.  Is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus de chuid Ollscoil na Banríona, Béal Feirste é.  Craoladh cláracha teilifíse Sheáin ar TG4 agus ar RTÉ agus taispeánadh a ghearrscannán Maidhm, atá maoinithe ag Bord Scannán na hÉireann, ag féilte scannáin idirnáisiúnta in Éirinn, san Eoraip agus san Áise i mbliana.  Múineann sé modúil ar an scriptscríbhneoireacht, ar aeisteiticí na físe, agus ar chúrsaí léiriúcháin físe in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Mícheál Mac Lochlainn

Feidhmeannach ríomhaireachta de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, is ea Mícheál.  Tá sé lonnaithe in Áras Shorcha Ní Ghuairim i Roisín na Mainiach.  Thug sé roinnt mhaith blianta ag obair sa ghort leis, mar innealtóir ríomhaireachta agus riarthóir córas.  I measc na réimsí go gcuireann sé suim iontu tá brí shéimeantach sa bhfearann leictreonach, imlonnú logánaithe chomhéadan ríomhaire (agus béim ar theangacha Ceilteacha Inseacha) agus an chartlannaíocht dhigiteach.  Is é Mícheál teicneoir chartlanna Joe Éinniú (www.joeheaney.org) agus is é a shín amach an leagan reatha de láithreán gréasáin na gcartlann.  D’fhorbair sé roinnt sainbhreiseán WordPress mar chuid den obair seo.

An Dr Niall Mac Uidhilin

Is feidhmeannach ríomhaireachta le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge é Niall Mac Uidhilin.  Tá suim aige in idirghabhálacha oideachasúla praiticiúla a thacaíonn le gasúir i gceantair láidre Gaeltachta forbairt teanga a dhéanamh.  Tá BSc agus MSc aige sa Ríomhaireacht agus i gCórais Idirlín agus Dioplóma sa Ghaeilge.  Tá PhD san Oideachas aige ó Scoil an Oideachais in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Bríd Nic Dhonncha

Is as an gCeathrú Rua do Bhríd  Nic Dhonncha.  D’fhreastail sí ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit ar bhain sí céim BA sa Ghaeilge agus Tíreolaíocht amach chomh maith le hArd-Dioplóma san Oideachas.  Thosaigh sí ag obair in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge mar riarthóir ar an gClár Fostaíochta Pobail i gcomhar le FÁS agus le hÚdarás na Gaeltachta.  Rinne an Clár seo digitiú, clárú agus caomhnú ar Chartlann iomlán RTÉ Raidió na Gaeltachta le go mbeadh sé le fáil ag an bpobal.  Tá sí ag digitiú Chartlann Éamoin de Buitléar in Ionad an Acadaimh i gCarna faoi láthair.

An Dr Dorothy Ní Uigín

Is í Riarthóir Theagasc na Gaeilge in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge í an Dr Dorothy Ní Uigín.  Tá suim aici i dteagasc agus i sealbhú teangacha agus sa litearthacht acadúil.  Tá suim ar leith aici i stair na hiriseoireachta agus na meán Gaeilge.  Is í comheagarthóir an leabhair Translation, Technology and Autonomy in Language Teaching and Learning (Oxford: Peter Lang, 2012) í, agus tá roinnt mhaith alt foilsithe aici faoin iriseoireacht Ghaeilge agus faoi theagasc teangacha go háirithe.

An Dr Conchúr Ó Brolcháin

Is léachtóir san oideachas é an Dr Conchúr Ó Brolcháin leis an Roinn Teanga, Litearthachta agus Matoideachais i gColáiste Mhuire gan Smál (Ollscoil Luimnigh).  Rugadh agus tógadh é i mBearna, Co. na Gaillimhe agus tá an-spéis aige i réimsí éagsúla luathoideachais agus sochtheangeolaíochta lena n-áirítear: an ghaelscolaíocht, an tumoideachas, múnlaí oideachais dhátheangaigh, an dátheangachas agus an t-ilteangachas i gcomhthéacsanna éagsúla, múineadh na Gaeilge agus múineadh teangacha go ginearálta.  Múineann sé ar mhodúil éagsúla de Mhúineadh na Gaeilge agus den Ghaeilge ar an gclár BOid, tá sé freagrach as cúrsa roghnach dar teideal ‘An tOideachas Dátheangach agus Ilteangach i Suímh Éagsúla’.  Tugann sé léachtaí ar an MOid san Oideachas Lán-Ghaeilge agus ar an MA sa Teangeolaíocht Fheidhmeach chomh maith.  Ba é teideal a thráchtais PhD ná Iniúchadh ar an Oideachas Dátheangach i mBunscoileanna na Gaeltachta a rinneadh in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

An Dr Caoimhín Ó Dónaill

Is as Béal Feirste do Chaoimhín Ó Dónaill.  Rinne sé céim sa Luath agus Nua-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus is ansin a bhain sé Dioplóma Iarchéime san Oideachas agus PhD amach as an eagrán a rinne sé ar an scéal Rúraíochta Talland Étair.  Ceapadh mar léachtóir in Institiúid Taighde na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh in Ollscoil Uladh é sa bhliain 2007 i ndiaidh dó rólanna a bheith aige mar theicneolaí teanga san Ionad um Fheabhas i bhFoghlaim Ilmhéan Teangacha agus mar chomhalta taighde ar an dá thionscadal eDIL agus Nascadh Foclóirí agus Téacsanna san institiúid chéanna.  Tá baint aige le dhá thogra Eorpach faoi láthair a fhéachann le háiseanna nuálacha a fhorbairt d’fhoghlaim agus teagasc teangacha, an Ghaeilge ina measc.

Aodh Ó Coileáin

Múineann Aodh Ó Coileáin dlí na meán, iriseoireacht agus machnamh criticiúil ar an gcéim GY122 BA (Cumarsáid agus Gaeilge) in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Bhain sé BA sa pholaitíocht agus socheolaíocht agus sa dlí amach ó Ollscoil na hÉireann chomh maith le LLB agus LLM  Rinne sé scrúduithe an dlíodóra i gCumann Dlí na hÉireann.  Tá gradaim idirnáisiúnta bainte amach aige dá chuid obair scannánaíochta.  Chaith sé tréimhsí ag obair mar iriseoir agus san amharclann.  Thug sé beagnach deich mbliana ina eagarthóir nuachta in RTÉ.  Bhunaigh Ó Coileáin an grúpa amharclainne ‘Na Fánaithe’ (1987 – 1993) i bpáirt le daoine eile a bhí i gCumann Drámaíochta Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Tá sé ar bhord stiúrtha Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc agus ina bhall de Raidió na dTreabh i gcathair na Gaillimhe.  Ó Dhaingean Uí Chúise ó dhúchas, tá spéis aige sa cheol domhanda agus i dtraidisiún na n-amhrán.

Cormac Ó Comhraí

Is staraí, taighdeoir agus múinteoir é Cormac Ó Comhraí.  Tá Sa Bhearna Bhaoil (Cló Iar-Chonnacht) agus Revolution in Connacht: A Photographic History 1913-1923 (Mercier Press) i measc na leabhar atá scríofa aige.  Múineann sé Gaeilge agus stair i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe.

Dónal Ó Droighneáin

Is as Cois Fharraige i gContae na Gaillimhe do Dhónal Ó Droighneáin.  Rinne sé a Mháistreacht in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus ba ar bhéaloideas Chonamara a bhí ábhar a thráchtais dírithe.  D’oibrigh sé mar aistritheoir ar feadh roinnt blianta sular ceapadh é mar Fheidhmeannach Teanga in Ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gCarna sa bhliain 2004.  Is é Dónal stiúrthóir an Dioplóma sa Chultúr Dúchais, cúrsa foghlama cumaisc a mhúintear den chuid is mó ar an Idirlíon.  Tá Deasghnátha agus Nósmhaireacht Thraidisiúnta agus an Cultúr Ábhartha i measc na réimsí sainspéise a shaothraíonn sé ar an gcúrsa sin, agus múineann sé an modúl ‘Na hEalaíona Traidisiúnta’ ar an gcúrsa BA sa Ghaeilge Fheidhmeach, arís tríd an bhfoghlaim chumaisc.  Bíonn Dónal ag stiúradh agus ag teagasc freisin ar ghearrchúrsaí éagsúla Ionad an Acadaimh i gCarna, a mheallann grúpaí foghlaimeoirí ó Éirinn agus ó thar lear.  Tá eispéireas an chultúir dhúchasaigh ina chuid lárnach den timpeallacht léinn a chothaítear do mhic léinn na ngearrchúrsaí seo.  Tá obair chomhthéacsaithe déanta ag Dónal chomh maith ar chartlanna éagsúla atá á saothrú in Ionad an Acadaimh, Carna.

An Dr Seathrún Ó Tuairisg

Tá Seathrún Ó Tuairisg (seathrun.otuairisg@oegaillimh.ie) ag obair mar Riarthóir ar Aonaid na Teicneolaíochta Faisnéise in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Bhain sé PhD amach i réimse na réalteolaíochta in 2002 i Roinn na Fisice i nGaillimh, agus chaith sé trí bliana ag obair mar thaighdeoir iardhochtúireachta i Roinn na Teicneolaíochta Faisnéise.  Bhí a chuid taighde dírithe ar ríomhaireacht ardfheidhmíochta agus na nuatheicneolaíochta, le béim faoi leith ar chúrsaí cartlainne.  Faoi láthair, tá sé gníomhach i bhforbairtí úra an Acadaimh i réimse an chartlannaithe dhigitigh.  I measc na rudaí atá faoi staidéar tá an poitéinseal oideachasúil atá ag ábhar cartlainne, modhanna nua digitithe d’ábhar teangalárnaithe, agus forbairt ar ardáin ionas gur féidir leis an bpobal trí chéile dul i ngleic le hábhar cartlainne.  Is príomhthaighdeoir OÉ Gaillimh é sa tionscadal Taisclann Dhigiteach na hÉireann.