Nótaí Beathaisnéise na nEagarthóirí 2018

Áine Charlton

Is as Co. Mhaigh Eo d’Áine.  Bhain sí céim chéad onóracha amach sna Teangacha Feidhmeacha in Ollscoil Luimnigh (an Ghaeilge, an Fhraincis agus an Spáinnis mar ábhair aici).  Tá suim aici san aistriúchán agus sa teangeolaíocht.  Tá sé ar intinn aici speisialtóireacht an aistriúcháin a dhéanamh sa dara bliain den MA sa Léann Teanga.

Lisa McMahon

Is Baile Átha Cliathach ó dhúchas í Lisa.  Bhain sí céim amach sa Luath-Ghaeilge agus sa Nua- Ghaeilge ó Choláiste na Tríonóide.  Rinne sí teastas iarchéime i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo in 2017.  Tá MA sa Léann Teanga ar bun aici faoi láthair.

Sinéad Mansfield

Bhain Sinéad céim amach sa Ghaeilge agus sa cheol ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh in 2013.  Chuaigh sí ar aghaidh ansin chuig Ollscoil Luimnigh chun an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas a dhéanamh.  Is múinteoir Gaeilge i gcathair Chorcaí le ceithre bliana anuas í.  Tá dúil mhór aici sa cheol traidisiúnta agus is minic a bhíonn sí ag seinm agus ag múineadh an chonsairtín.

Margarita Neothallaigh

Is as Contae na Mí ó dhúchas í Margarita.  Tá céim aici sa stair ó Ollscoil Mhá Nuad, MA sa stair & Dioplóma Iarchéime san Oideachas ón Ollscoil chéanna.  Bhain sí céim amach sa Ghaeilge Fheidhmeach ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2017.  Tá sí i mbun staidéir ar an MA/Dioplóma Iarchéime sa Léann Teanga agus tá baint aici le cúrsaí oidhreachta.

Gráinne Ní Choisdealbha

Is as Indreabhán i nGaillimh ó dhúchas do Ghráinne.  Tá céim onóracha sna hEalaíona agus Máistreacht sa Nua-Ghaeilge bainte amach aici ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Tá an-suim aici i gcúrsaí teanga, go háirithe i gcúrsaí Pleanála Teanga.  Roghnaigh sí speisialtóireacht sa Phleanáil Teanga don MA/Dioplóma Iarchéime sa Léann Teanga mar gheall go bhfuil sí ag obair sa réimse sin faoi láthair.

Neasa Ní Choisdealbha

Is as Indreabhán i nGaillimh í Neasa agus tá céim onóracha sna hEalaíona bainte amach aici ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Tá suim aici san ealaín agus d’oibrigh sí mar dhearthóir grafaicí le nuachtáin éagsúla.  Is múinteoir bunscoile í agus tá sí ag obair i nGaelscoil i nGaillimh.  Tá spéis aici sa phleanáil teanga agus tá sí i mbun an MA/Dioplóma Iarchéime sa Léann Teanga faoi láthair.

Anna Ní Pheanróis

Is as ceantar Ghort a’ Choirce i dTír Chonaill ó dhúchas í Anna agus tá céim onóracha bainte amach aici i bhForbairt Pobail ó Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.  Tá blianta caite aici ag plé leis an oideachas aosach agus roghnaigh sí speisialtóireacht sa phleanáil teanga don MA de bharr go bhfuil sí ag obair sa réimse sin i láthair na huaire.

Clíona Uí Dhálaigh

Tógadh Clíona le Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus tá sí ag tógáil a clainne féin le Gaeilge freisin.   Bhain sí dioplóma sa Teicneolaíocht Faisnéise amach ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.  Oibríonn sí sa Bhanc Ceannais.  Taobh amuigh den obair, bíonn Clíona sáite i saol Chumann Lúthchleas Gael, Na Fianna, i nGlas Naíon.  Tá sí gníomhach ar Choiste na Gaeilge sa chlub. 

Bernadette Uí Mhaoilchiaráin

Bhain Bernadette céim chéad onóracha amach sa Ghaeilge Fheidhmeach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus tá sí i mbun staidéir ar an MA sa Léann Teanga faoi láthair.  Tá an-spéis ag Bernadette i gcearta teanga agus sa phleanáil teanga.

Máire N. Uí Mhurchú

Is múinteoir bunscoile í Máire a bhfuil iarchéim sa tacaíocht foghlama agus teastas náisúnta i spóirt agus áineas lasmuigh aici.  Tá an-suim aici sa Ghaeilge ó d’aistrigh sí lena teaghlach, as Meiriceá, go dtí an Cheathrú Rua i gConamara, ag aois a naoi mbliana d’aois.  Chaith sí formhór a saoil múinteoireachta i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna lán-Ghaeilge.  Cónaíonn sí in Iorras i nGaeltacht Mhaigh Eo anois, áit a bhfuil sí ag obair mar riarthóir le Coláiste UISCE.  Tá sí i mbun staidéir ar an MA sa Léann Teanga in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh faoi láthair.