Athinsint Ealaíonta ar Oidhe Dheirdre agus ar Ansmacht Chonchúir

Léirmheas ar Deirdre nó Loingeas Mhac Uisnigh le Darach Ó Scolaí.

Ealaín le Anastasia Melnykova

Foilsithe ag Leabhar Breac, 2023,

(64 leathanach, clúdach crua, ISBN 978-1-913814-30-4)

 

Léirmheas le Marie Whelton

Réamhrá

Tá scéal brónach tragóideach Dheirdre agus Chlann Uisnigh i measc oidheanna Rúraíochta móra na Gaeilge. Is scéal clasaiceach é atá á léamh agus á athinsint le níos mó ná míle bliain.  I liosta foinsí, luann an Corpus of Electronic Texts (CELT) (https://celt.ucc.ie/published/T301020.html) ocht leagan a foilsíodh idir 1808 agus 1993 agus cúig oiriúnú / aistriúchán is tríocha den scéal a foilsíodh idir 1858 agus 1996.  I measc a eagarthóirí agus a oiriúnóirí clúiteacha, tá Dubhghlas de hÍde, W.B. Yeats agus Pádraig Ó Fiannachta.  D’fhéadfaí cur leis an liosta atá curtha ar fáil ag CELT agus leaganacha do pháistí agus do dhéagóirí den scéal a lua – leagan Cholmáin Uí Raghallaigh ón mbliain 2008, mar shampla amháin, leagan atá maisithe i stíl ghrafach ag Barry Reynolds.  Agus an líon sin leaganacha eile ar marthain, an cheist is túisce a thagann chun cinn don léirmheastóir faoin leagan úr seo le Darach Ó Scolaí ná: an raibh gá le hathinsint eile?  A luaithe agus a thógfaidh an léitheoir leabhar Uí Scolaí ina lámha, áfach, beidh sé soiléir dó / di go gcuireann an leagan úr seo go mór le traidisiún an scéil agus go ndéanann sé an traidisiún sin a athbheochan go healaíonta.  Sa léirmheas seo féachfar ar dhá ghné den athbheochan a dhéanann Ó Scolaí ar an scéal, is iad sin, an ghné idirnáisiúnta agus an léiriú casta a thugann an tragóid ar chúrsaí cumhachta agus ar chúrsaí inscne. 

Toradh Ealaíonta ar Chomhpháirtíocht Idirnáisiúnta

Is eol do gach léitheoir Gaeilge, gur ceann de réamhscéalta Táin Bó Cuailnge é an scéal seo ina dtuairiscítear ar an tslí ar éalaigh Deirdre ó rí Chúige Uladh, Conchúr Mac Neasa, go hAlbain in éineacht le Naoise Mac Uisnigh agus a dheartháireacha agus ar an tslí ar bhain an seanfhear feargach díoltas amach orthu sa deireadh toisc é a bheith eitithe sa ghrá agus sa chumhacht.  Ní haon ionadh é agus an nasc idir Éire agus Alba a bheith chun tosaigh sa scéal go mbeadh maoiniú faighte ag an leabhar ó Fhoras na Gaeilge faoi scéim deontais Cholm Cille (4) agus go gcuirfí léarscáil de Shruth na Maoile taobhaithe ag an dá thír ar fáil ag tús an leabhair (6).  Is teistiméireacht álainn ealaíonta é ardchaighdeán an táirge ina iomláine – idir chlúdach, pháipéar, chló, chruth agus leagan amach – ar fhiúntas na scéime idirnáisiúnta sin.

Agus ní hé sin an t-aon nasc idirnáisiúnta a cheiliúrtar óir tá an taobh amuigh agus an taobh istigh den leabhar seo do dhaoine fásta maisithe go maorga ag ocht bpíosa ealaíne le Anastasia Melnykova ar as an Úcráin di ó dhúchas.  Cuireann an ealaín rúndiamhair chlúdaigh, mar shampla, íomhá de bhean Fheilimí agus í ‘trom torrach’ (9) le Deirdre os comhair an léitheora.  Tá Conchúr ina shuí go bagrach, cumhachtach, ar a ríchathaoir sa chúlra agus a lámh ar a chlaíomh aige.  Tá lámh Fheilimí ar a broinn aicise amhail is go bhfuil sí ag iarraidh a leanbh glórmhar, leochaileach a chosaint ó Chonchúr.  Cruthaíonn an chodarsnacht san íomhá chlúdaigh sin idir an bhean agus an fear suíomh an scéil agus tugann sí leid don léitheoir go mbeidh gnéithe de chúrsaí inscne agus de chúrsaí cumhachta á dtaiscéaladh faoi na clúdaigh.  

Ar leathanach 15, mar shampla eile, faightear íomhá den lá geimhridh cinniúnach a bhfuil Deirdre ‘ar an iargúil’ (13) lena hoide nuair a thagann Leabharcham ar cuairt.  Téann an triúr acu amach ar an sneachta agus déanann an t-oide ‘lao a mharú mar phroinn dóibh’ (13) sula dtagann fiach dubh a théann ag ól na fola.  Déanann Deirdre machnamh ar an radharc agus feiceann sí na dathanna a shantaíonn sí ina fear idéalach: ‘An oíche sin, rinne Deirdre a marana. “Nár bhreá fear ar a mbeadh na trí dhath úd,” ar sí, “gile an tsneachta ar a chneas, duibhe an fhéich ar a fholt, agus deirge na fola ar a ghrua”’ (14).  Éiríonn le Anastasia Melnykova na dathanna agus nádúr fáistineach foréigneach an radhairc agus na móitífe ársa a ghabháil ar phár agus cuireann a cuid ealaíne go léir, go mór le hatmaisféar tragóideach an léirithe ina iomláine.

 An Chumhacht agus Cúrsaí Inscne

Tá an ghné thragóideach fhoréigneach sin den scéal faoi bhéim tríd an insint síos.  Geallann Leabharcham do Dheirdre go bhfeicfidh sí fear den chineál a shamhlaíonn sí go luath in Eamhain agus gurb é Naoise Mac Uisnigh is ainm dó.  Tá an chéad phíosa cainte idir Deirdre agus Naoise lán le rómánsaíocht chréúil agus le míshuaimhneas an drochthuair.  Is beirt iad a thiteann i ngrá lena chéile chomh luath agus a leagann siad súil ar a chéile.  Is bean láidir neamhspleách í Deirdre sa phíosa seo thíos atá ag iarraidh a roghanna féin a dhéanamh agus a leanann a mian féin seachas mian an rí.  Más comhartha é an píosa cainte seo gurb í an bhean is cúis leis an tragóid ar fad, léirítear Naoise mar laoch atá sáinnithe ag Deirdre idir dhá thine Bhealtaine ach a ligeann do Dheirdre cluain a chur air mar sin féin:

Fad a bhí Naoise ina aonar ar an múr, d’éalaigh Deirdre amach chuige amhail is go mbeadh sí le gabháil thairis, agus níor aithin sé í.

                “Is breá,” ar seisean, “an gamhainín atá ag dul tharam.”

                “Dlitear gamhan a bheith mór,” ar sise, “san áit nach mbíonn tairbh.”

                D’aithin sé ansin í. “Is agatsa atá tarbh an chúige,” ar sé,

                “Rí Uladh.”

                Dá ndéanfainn rogha eadraibh,” ar sise, “thógfainn tairbhín óg mar thusa.”

                “Ná habair é sin!” ar seisean.

                “An do mo dhiúltú a deir tú sin?” ar sise.

                “Is ea, go deimhin,” ar seisean.

                Leis sin, chaith sí léim chuige gur rug greim ar a dhá chluais.

                “Dhá chluais meata is fonóide iad seo,” ar sí, “mura mbeire tú mise leat.”

                “Imigh uaim, a ríon!” ar seisean, agus d’ardaigh sé a andord féin. (16–7)

Ní hamháin go bhfuil Deirdre á léiriú mar bhean neamhspleách, láidir ach léirítear Naoise mar fhear atá ag iarraidh chód iompair na bhfear (O’Leary 1987: 33–4, 42) a leanúint ach a sháraíonn é faoi thionchar na mná. Ar an ábhar sin, éiríonn leis an leagan seo le Darach Ó Scolaí castacht cheisteanna na hinscne agus na cumhachta i dtraidisiún scéal Dheirdre a ghabháil agus a léiriú go sciliúil.  Tagraíonn Elva Johnston do scoláireacht le Muireann Ní Bhrolcháin (1980) agus le Máire Herbert (1989) ar ról na mban i luathscéalta na hÉireann agus áitíonn sí go bhfuil gá le cothromaíocht san anailís a chuireann ról na mban agus ról na bhfear sa luathlitríocht san áireamh. I bhfocail Johnston:

it is Irish society’s understanding of the active role of men within communal and political structures which informs Longes Mac nUislenn; it is the relationship between the male protagonists and antagonists that drives the narrative and decides Deirdre’s fate; it is the dangerous disjunction between legal ideals and the practical exercise of power which shapes the narrative’s bloody dénouement. (Johnston, 2011: 197–8)

Feictear an tionchar a bhíonn ag an gcaidreamh idir na carachtair fhireanna éagsúla ar chinniúint Dheirdre go minic i leagan seo Uí Scolaí. Tar éis dó bualadh le Deirdre, déanann Naoise cinneadh i gcomhairle lena dheartháireacha imeacht léi le ‘trí chaoga laoch agus trí chaoga ban agus trí chaoga cú, agus Deirdre ar chuma cách ina measc’ (17). Cé go gcuirtear fáilte mhór rompu i ndún Rí Alban ar dtús (21), is mar gheall ar chinneadh a dhéanann tionól d’fhir Alban ‘i gcomhairle’ (22), a theitheann Deirdre agus Naoise ón áit go ‘himeallchríocha Alban’ (25) agus ar aghaidh uaidh sin go hoileán mara; ag an am céanna, faigheann an léitheoir amach go bhfuil Uladh ‘á chreachadh’ (25) agus go bhfuil cogadh dearg ann idir Fearghas agus Conchúr go dtí go ngeallann siad ‘muintearas dá chéile’ (26). I gcomhrá iar-shíochána idir Conchúr agus laochra Uladh, tugann Fearghas le fios gur easpa mhór orthu fós é nach bhfuil Naoise, Ainnle agus Ardán ar ais ina dtír dhúchais. Tagann dearcadh na bhfear i leith Dheirdre trasna go glinn i gcaint na nUltach anseo:

“Is trua, a Chonchúir,” arsa na hUltaigh, “go dtitfeadh mic Uisnigh trí choir drochmhná i dtíortha i gcéin. B’fhearr a dteacht ar ais chun a dtíre féin ná a dtitim le naimhde.” (26–7)

Tá dílseacht na bhfear do chód iompair agus onóra na bhfear le sonrú go háirithe sa chuid den scéal ina ndéanann Naoise cinneadh filleadh ar Éirinn: cuirtear Fearghas agus a bheirt mhac go dtí an áit ina bhfuil Deirdre agus Naoise chun cuireadh a thabhairt dóibh filleadh abhaile. Tá drogall ar Dheirdre filleadh go hÉirinn agus insíonn sí do Naoise faoin drochthuar a chonaic sí in aisling (32).  Cé gurb olc le Naoise a cuid cainte, teastaíonn uaidh filleadh ar a thír dhúchais agus ní thugann sé aird ar bith ar rabhaidh Dheirdre (33, 43).  Is léir gur bean chliste láidir í Deirdre sa phíosa sin a bhfuil bua na tairngreachta inti ach nach dtugann na fir éisteacht ar bith di.  Is bean í atá faoi smacht ag córas patrarcach agus ag cód iompair a bhfuil tosaíochtaí eile aige seachas an grá idir fear agus bean.

Mar is eol do gach léitheoir Gaeilge, áfach, bíonn an ceart ag Deirdre agus faigheann an léitheoir amach go luath go bhfuil sé beartaithe ag Conchúr feall a imirt ar Naoise agus ar a dheartháireacha.  Tugtar léiriú ar chaimiléireacht Chonchúir go háirithe san úsáid a bhaineann sé as Borrach (37–8) chun moill a chur ar Fhearghas nuair a fhilleann Deirdre agus Clann Uisnigh ar Éirinn. Feictear í freisin, san oibiachtú a dhéanann sé ar Dheirdre. Cuireann sé tuairisc ar a háilleacht amháin (“…ach insígí seo dom: an eol d’aon duine an maireann a haoibh nó a háilleacht féin ar Dheirdre…Óir tráth dá raibh, ní raibh ógbhean de shíol Éabha ab fhearr deilbh ná í!” [49]) agus santaíonn sé an áilleacht chéanna go héadmhar – is cuma leis faoina pearsantacht ná faoina leas.

Is é an t-ordú a thugann Conchúr d’Eoghan Mac Durthachta is fealltaí, áfach, agus is é bás Naoise agus a dheartháireacha an toradh atá leis (51). Feictear crógacht cheanndána Dheirdre nuair a théann sí chuig corp Naoise chun a fhuil a ól agus tá an cur síos ar an tslí a ngabhtar ar Dheirdre ina dhiaidh sin thar a bheith tochtmhar ina chruálacht:

Anonn le Deirdre mar a raibh Naoise tite agus scaoil sí a folt agus chuaigh á phógadh agus ag ól a chuid fola, agus tháinig dath na gríosaí ar a grua. Rug Eoghan uirthi, cheangail a lámha laistiar di, agus thug amach chuig Conchúr í. (53)

Mar thoradh ar ordú díoltasach Chonchúir, leanann áir agus cogadh arís idir leantóirí Chonchúir agus dílseoirí Fheargais. Taobh le taobh leis an gcur síos ar chogadh na bhfear, tugtar léiriú cumhachtach ar bhriseadh croí Dheirdre, go háirithe sna véarsaí caointeacha a dtugann sí guth dóibh agus í ar an iargúil le Conchúr.

Bhí Deirdre i gcuideachta Chonchúir, agus i gcaitheamh an ama sin níor thug sí gean gáire, níor chaith sí a sáith bia, agus níor ardaigh sí a ceann dá glúin. Tugadh ceoltóirí chuici, agus is é a dúirt sí:

…Nuair a leathadh mo Naoise

fulacht ar fhianchlár na coille,

an chóir a cuireadh seisean orm

b’fhearr é ná gach bia dá mhilse.

 

Anois ní chodlaím san oíche,

ná ní chorcraím m’ingne.

Is nuair a luím im’leaba.

an néal féin ní chodlaímse…

 

A Chonchúir, céard é seo ort?

Tá mo chorí faoi ró-thocht…

 

An ní ab áille liom faoin spéir,

an ní ab ansa liom go léir,

an té nach bhfeicfead go héag,

rugais uaim – nach mór mo léan! (56–8)

Tá a méala chomh mór sin nach féidir léi leanúint ar aghaidh agus caitheann sí í féin de charbad Chonchúir. I ‘Laoi Dheirdre,’ cuireann Deirdre féin síos ar a cinniúint thragóideach:

Is mé Deirdre lán duibhe;

agus is gearr é mo bheatha.

A bheith bhur n-éis dom is miste,

ní bheidh mise go ceann fada. (62)

I gcodarsnacht iomlán le Deirdre, deirtear ag fíordheireadh an leabhair gur fhill Conchúr ar Eamhain Mhacha agus gur mhair sé faoi shó go deireadh a shaoil (59).  Ar an mbealach sin, dearbhaítear é mar bhuaiteoir agus mar rí a bhfuil teacht aniar ann.  Tar éis na tragóide go léir, tá an flaitheas agus an ceannas fós ina lámha aige.

Ar an ábhar sin, éiríonn leis an leagan seo de scéal Dheirdre castacht cheist na hinscne agus na cumhachta a léiriú go cumasach caolchúiseach.  Mar is dual do na leaganacha eile sa traidisiún, téann sé deacair ar an léitheoir a dhéanamh amach an dtugann an scéal ina iomláine rabhadh do mhná maidir leis na drochimpleachtaí a leanann nuair a dhéanann bean iarracht an chothromaíocht inscne a chur chun cinn agus nuair a cheistíonn sí an cód faoina maireann na fir nó an ndéanann an scéal ceiliúradh tragóideach ar iarracht bhean amháin a saoirse a bhaint amach.  Cé go léirítear Deirdre mar chúis na tragóide agus mar bhean nach bhfaigheann éisteacht cheart ó na fir ina saol, léirítear í, freisin, mar bhean éirimiúil, mhuiníneach a thionscnaíonn i gcúrsaí grá, a bhfuil bua na fáistine inti, a chuireann a mian chun tosaigh ar chód onóra agus gradaim na bhfear agus a dhéanann a seacht ndícheall chun a daoine muinteartha a chosaint ón bhfeallaire. In ainneoin go ngéilleann sí don fhéinscrios ag an deireadh, is í Deirdre a thugann a hainm don leagan seo den scéal tragóideach.

Níl amhras faoi ach an oiread ach go bhfuil an chumhacht ag na fir san insint seo ach is fear, freisin, a bhaineann mí-úsáid as an gcumhacht.  Cé go mbíonn an bua ag Conchúr ag an deireadh agus cé go dtagann sé slán ón oidhe go léir, maireann a chlú mar rí santach leitheadach éadmhar a bhuanaigh, le lámh láidir, córas inar fhulaing bean toisc nár lean sí mian an rí. Is féidir, dá bhrí sin, mar a áitíonn Elva Johnston, gur comhartha é sin go ndéanann an scéal dhíchonstruáil áirithe ar choincheap na ríogachta féin:

Conchobor, as affirmed through much of the Ulster Cycle, is the rightful king. This does not mean, however, that he behaves as a king should or even that he deserves to remain in power. His actions violate fundamental principles of correct rulership. The narrative seems to imply that, like its flawed Conchobor, actual kings are not really the possessors of a supernatural sovereignty; they are not necessarily handsome and brave, virile and just. Longes Mac nUislenn painfully deconstructs an imperfect but resilient kingship. (Johnston, 2011: 206)

 Tá sé de bhua ag athinsint Uí Scolaí go n-éiríonn léi na dúcheisteanna sin faoi phríomhtheachtaireacht an scéil maidir le cúrsaí cumhachta agus maidir le cúrsaí inscne, dúcheisteanna atá á n-iniúchadh le fada ag scoláirí éagsúla, a fhágáil oscailte agus inphléite.

Conclúid

I nóta ag deireadh na hathinsinte seo, míníonn Darach Ó Scolaí go bhfuil a leagan de scéal Dheirdre bunaithe ar Longes Mac nUislenn ach d’fhonn an scéal sin a chur in oiriúint do léitheoirí an lae inniu go ndeachaigh sé ‘thar chiumhais leathanaigh Leabhar na hUachongbhála amach ag póirseáil in Oidheadh Chloinne hUisneach agus in Imthiacht Dheirdre la Naoise agus i scéalta eile na Rúraíochta, chomh maith le Foras Feasa an Chéitinnigh ar mhaithe le hiomlánú a dhéanamh ar an scéal seo.’ (63). Tá rian de léann fairsing sin an oiriúnóra le feiceáil ar an leagan úr seo.  Tá sé le feiceáil go háirithe sa réim teanga oiriúnach a roghnaíonn sé dá insint, i saibhreas stíle na bpíosaí filíochta a chuireann sé ar fáil agus sna meafair agus sna móitífeanna a gcuireann sé béim orthu.  Éiríonn le Ó Scolaí gnéithe de shaol na n-uaisle in Éirinn agus in Albain a chur i láthair i nGaeilge an lae inniu agus éiríonn leis go háirithe gnéithe de ról na mban agus de ról na bhfear sa saol sin a thaispeáint.  Níl amhras faoi ach go gcuireann an leagan úr seo go mór le hoidhreacht an scéil agus go ndéanann sé an oidhreacht sin a athbheochan go tuisceanach agus go healaíonta.

 

Leabhairliosta

Tagairtí

Corpus of Electronic Texts (CELT): A Project of University College Cork, ‘Deirdre.’ Liosta Foinsí. Foilsithe ar líne ag: https://celt.ucc.ie/published/T301020.html (léite 15 Eanáir, 2024).

Ní Fhinneadha, M. (2023) ‘Má cheapann tú go bhfuil scéal Dheirdre agus Chlann Uisnigh ar eolas agat, fan go léifidh tú an leagan seo…’ Léirmheas foilsithe ar líne ag Tuairisc.ie, 13 Deireadh Fómhair, 2023. Ar fáil ag: https://tuairisc.ie/ma-cheapann-tu-go-bhfuil-sceal-dheirdre-agus-chlann-uisnigh-ar-eolas-agat-fan-go-leifidh-tu-an-leagan-seo/  (Léite: 15 Eanáir, 2024).

Ó Raghallaigh, C. (2008) Deirdre agus Mic Uisnigh. Léiriú grafach. Maigh Eo: Cló Mhaigh Eo.

Hyde, D. (1895) The Three Sorrows of Story-Telling and Ballads of St Columkille. London: T. Fisher Unwin.

Yeats, W.B. (1907) Deirdre. London: A.H. Bullen.

McCone, K. & Ó Fiannachta, P. (eag.) (1992) Scéalaíocht ár Sinsear. Maigh Nuad: An Sagart. 10916.

Herbert, M. (1992) ‘The Universe of Male and Female: A Reading of the Deirdre Story.’ In: Cyril J. Byrne, Margaret Harry & Pádraig Ó Siadhail (eds), Celtic Languages and Celtic Peoples: Proceedings of the Second North American Congress of Celtic Studies held in Halifax August 16–19. Halifax: 53–64.

Johnston, E. (2011) ‘Kingship Made Real? Power and the Public World in Longes Mac nUislenn.’ In: Fiona Edmonds & Paul Russell (eds) Tome: Studies in Medieval Celtic History and Law in Honour of Thomas Charles-Edwards. Woodbridge: Boydell & Brewer. 193206.

O’Leary, P. (1987) ‘The Honour of Women in Early Irish Literature.’ Ériu, Vol. 38: 2244.

Ní Bhrolcháin, M. (1980) ‘Women in Early Irish Myths and Sagas.’ The Crane Bag, Vol. 4, No. 1: Images of Irish Women: 129.