Eagrán 2020

Eagarfhocal

Is mór an chúis áthais agus bhróid dúinne, seisear ban Choiste Eagarthóireachta na bliana seo, fáilte a chur romhat chuig an ochtú heagrán den Reiviú.  Iris acadúil is ea An Reiviú a bhíonn á foilsiú ar bhonn bliantúil ag mic léinn chéad bhliana an chúrsa MA sa Léann...

Téarmaí gan Iomrá: Téarmaí a d’úsáid nó a chum Seosamh Mac Grianna agus é ag tiontú Béarla go Gaeilge idir na 1920idí agus na 1950idí agus nach raibh i gcúrsaíocht ina dhiaidh sin

Thiontaigh Seosamh Mac Grianna dhá leabhar déag Béarla go Gaeilge agus d’fhoilsigh an Gúm idir 1932 agus 1955 iad (Uí Laighléis, 2003; 2017; Mac Corraidh, 2004).  Thug sé Teacht Fríd an tSeagal (TS), aistriúchán ar Comin’ thro’ the Rye le Helen Mathers, don Ghúm in...

Céad-Táblóideach na Gaeilge: Anois

Réamhrá Bunaíodh an nuachtán Anois sa bhliain 1984.  Gael-Linn a bhunaigh agus mhair an foilseachán go dtí 1996.  (Féach Scéal Ghael-Linn le Mairéad Ní Chinnéide le haghaidh cur síos cuimsitheach ar bhunú agus ar stair na heagraíochta sin.)  San alt seo pléifear ábhar...

Claonadh Inscne, Líonraí Néaracha, agus an Ghaeilge

Réamhrá Baineann an t-alt seo leis an meaisínfhoghlaim, réimse ríomheolaíochta atá go mór i mbéal an phobail sa lá atá inniu ann.  Is éard atá i gceist leis an meaisínfhoghlaim ná raon leathan teicnící a ligeann don ríomhaire scileanna nua a fhoghlaim as a stuaim...

Un Appartement à Paris de Guillaume Musso

Blurba faoin leabhar “Is éard atá san ealaín ná bréag a chuireann an fhírinne in iúl...” Lonnaithe i bPáras i stiúideo ealaíne ag íochtar caolsráid dhuilliúrach. Is iargharda í Madeline atá tagtha ann as Londain ionas go mbeadh sí in ann a hintinn féin a chneasú ón am...

Léirmheas: Titley le Máirtín Coilféir

Is é Titley an chéad leabhar ó pheann Mháirtín Coilféir, ar léachtóir in Ollscoil Naomh Mícheál, Toronto, é.  Is critíc litríochta ar shaothar Alan Titley atá sa leabhar seo, a bhí mar ábhar PhD ag Coilféir agus é i mbun staidéir i gColáiste na Tríonóide.   Tá...