Cíorfar san alt seo faillí a rinne Seán Ó Ciosáin le linn Wuthering Heights a aistriú go Gaeilge: is é sin, ba bheag iarracht a rinne sé an t-idirdhealú idir ardréim agus ísealréim chainte (ar a mbraitheann scaoileadh shnaidhm an scéil sa bhunleagan) a thabhairt slán...
Topaic: An tAistriúchán
An den Grenzen der Sprachwelten: An Duanaire VERSschmuggel VÉARSaistear (2006), Paraitéacsanna, agus Eiseamláir don Fhoilsitheoireacht Dhátheangach?
Réamhrá ‘Cé is fearr a d’fhéadfadh cabhair a thabhairt chun castachtaí an dáin a aistriú go teanga eile ná an file féin?’ (Maurin & Wohlfahrt, 2006: 7). Seo an smaoineamh a thionscain ‘an mórthurgnamh aistriúcháin’ (Maurin & Wohlfahrt, 2006: blurba), a...
Cur chuige na ceardlainne mar mhodh eile teagaisc an aistriúcháin
Soláthraíonn an taighdeoir, san alt seo, tuairisc ar thionscadal taighde a rinneadh sa bhliain acadúil 2022–2023, idir Deireadh Fómhair 2022 agus Nollaig 2022, chomh maith le torthaí an tionscadail chéanna. Rinneadh taighde ar úsáid na ceardlainne mar mhodh teagaisc...
Cuntas ar ghnéithe de stair agus de ról na próslitríochta a aistríodh go Gaeilge, agus go Béarla ón Ghaeilge, idir ré na Sean-Ghaeilge agus an 21ú haois
Glactar leis go mbaineann an tréimhse i stair na Gaeilge, a dtugtar ré na Sean-Ghaeilge uirthi, leis an achar ama ó 700 AD go 900 AD. Ar an ábhar sin, tá níos mó ná míle trí chéad bliain i gceist leis an ré a ndéantar machnamh uirthi i dtaca le stair agus ról na...
Cé leis an dán aistrithe?
Réamhrá Níos minice ná a mhalairt is leaganacha dátheangacha d’fhilíocht na Gaeilge a fhaighimid nuair a fhoilsítear cnuasaigh filíochta nó dánta aonair sa lá atá inniu ann. Rinneadh roinnt mhaith plé ar cheist seo an aistriúcháin ar an bhfilíocht Ghaeilge le blianta...
Ó Chrosta go Cruthaitheach: Aistriúchán Oideolaíoch agus an Ghaeilge i gCóras Meánoideachais Thuaisceart Éireann
Réamhrá Agus é in úsáid go forleathan san ochtó agus sa naoú haois déag mar uirlis teagaisc i bhfoghlaim na dteangacha clasaiceacha, ceanglaíodh an t-aistriúchán go láidir le smaointe traidisiúnta foghlama faoi lár an fhichiú haois. Ó shin i leith, rinneadh neamhaird...
Aistear aistriúcháin agus anailíse ar scéal béaloidis
Achoimre Is é atá san alt seo ná aistear aistriúcháin agus anailíse ar scéal béaloidis a aistríodh ó Bhéarla go Gaeilge. Tagann an scéal béaloidis The Three Spinners as an chnuasach Czech Fairytales le Karel Jaromír Erben agus Božena Nĕmcová a aistríodh ón tSeicis go...
In aice le marbh
IN AICE LE MARBH Bhí sé ag fáil bháis, mar a bhásaíonn daoine a bhfuil eitinn orthu i gcónaí. D’fheicinn ag suí síos é chuile lá thart ar a dó a chlog, ar bhinse cois farraige faoi bhun fhuinneoga an óstáin. D’fhanadh sé cúpla nóiméad ina shuí gan chorraí agus é ag sú...
Aistriúchán ar úrscéal do pháistí: an cur chuige, céimeanna an aistriúcháin agus an toradh
Réamhrá Tá an t-alt seo bunaithe ar eolas a tháinig chun cinn le linn aistriúcháin go Gaeilge a rinneadh ar an úrscéal Béarla Toro! Toro! le Michael Morpurgo. Rinneadh an t-aistriúchán mar chuid de thogra a bhí ag Comhairle Curcalaim Scrúdúcháin agus Measúnaithe...
Téarmaí gan Iomrá: Téarmaí a d’úsáid nó a chum Seosamh Mac Grianna agus é ag tiontú Béarla go Gaeilge idir na 1920idí agus na 1950idí agus nach raibh i gcúrsaíocht ina dhiaidh sin
Thiontaigh Seosamh Mac Grianna dhá leabhar déag Béarla go Gaeilge agus d’fhoilsigh an Gúm idir 1932 agus 1955 iad (Uí Laighléis, 2003; 2017; Mac Corraidh, 2004). Thug sé Teacht Fríd an tSeagal (TS), aistriúchán ar Comin’ thro’ the Rye le Helen Mathers, don Ghúm in...
Im(sh)ní(omh) Aistritheora: Scéal fá Dhá Leabhar
In ainneoin líon iomadúil na leabhar, idir úrscéalta, chnuasaigh gearrscéalta agus drámaí a aistríodh mar chuid de Scéim Aistriúcháin an Ghúim sna 1930idí agus sna 1940idí agus an bhorraidh atá faoin aistriú litríochta go Gaeilge le blianta beaga anuas, is beag...
Un Appartement à Paris de Guillaume Musso
Blurba faoin leabhar “Is éard atá san ealaín ná bréag a chuireann an fhírinne in iúl...” Lonnaithe i bPáras i stiúideo ealaíne ag íochtar caolsráid dhuilliúrach. Is iargharda í Madeline atá tagtha ann as Londain ionas go mbeadh sí in ann a hintinn féin a chneasú ón am...
‘Domhan Beag Bídeach’: aistriúchán ar an ghearrscéal ‘Winzige Welt’ le Martin Becker, agus tráchtaireacht ar an phróiseas
Rannóg na bhFochéimithe Tá tús curtha againn le ‘Rannóg na bhFochéimithe’ in eagrán na bliana seo de An Reiviú. Tabharfar cuireadh sa Rannóg seo do mhic léinn fóchéime in institiúidí oideachais ar fud na tíre – agus i gcéin – ailt a chur chugainn le foilsiú ar An...
Athaistriú Achta ó Bhlianta Tosaigh an Stáit
Réamhrá San alt seo féachtar le scrúdú achomair a dhéanamh ar dhá leagan Gaeilge d’Acht de chuid an Oireachtais – an Tiontú Oifigiúil den Spanish Civil War (Non-Intervention) Act, 1937 faoi mar a foilsíodh é beagnach ceithre scór bliain ó shin ar láimh amháin, agus ar...
Eitic na Fáilte san Aistriúchán agus An Gúm (1929-1939)
Réamhrá Is í scéim aistriúcháin an Ghúim, a reáchtáladh faoi dheireadh na bhfichidí san aois seo caite, a bheidh faoi thrácht san alt seo. Go sonrach, breathnófar ar an scéim i bhfianaise dhá cheist teanga a bhí go mór i mbéal an phobail roimh an Dara Cogadh Domhanda...
Téarmaíocht Cártaí san Aistriúchán ar The Penguin Book of Card Games
Réamhrá Baineann saibhreas teanga ar leith le réimse na gcártaí sa Ghaeilge. Bíodh is go bhfuil roinnt foinsí ann ina ndéantar tagairt don ábhar seo níl dianstaidéar acadúil déanta air go fóill. Ar an dul céanna, tá an chosúlacht ann nár aistríodh leabhar cluichí...
Aistriúchán ar leabhar cócaireachta: An Próiseas agus na Dúshláin
Réamhrá Tá an t-alt seo bunaithe ar an aistriúchán anótáilte a rinneadh ar shleachta roghnaithe as an Avoca Café Cookbook. Tugadh faoin togra seo mar ábhar miontráchtais don chúrsa MA (Léann Teanga). San alt seo pléitear gnéithe spéisiúla den bhuntéacs, den...
Conspóidí an Ghúim: Léargas óna Chartlann
Réamhrá Ó bunaíodh an Gúm sa bhliain 1926, tá sé ar cheann de na comhlachtaí foilsitheoireachta is bisiúla in Éirinn. San alt seo, áfach, breathnaítear ar roinnt de na conspóidí a bhain leis an nGúm sna blianta luatha tar éis a bhunaithe agus tarraingítear ar ábhair...
Aistriúchán a rinne Gabriel Rosenstock ar ‘I’m so Lonesome I Could Cry’
Mé tá uaigneach Uaigneach é an tuirne lín Nach uaigneach é, mo bhrón Meán oíche is dordán ón traein Mé tá uaigneach lán de dheor’. Fada fada an oíche seo An t-am an-mhall, mo leo! Do chuaigh an ré laistiar de néal Faoi cheilt i measc na ndeor. An bhfacaís riamh...