Tá lúcháir orainn, Coiste Eagarthóireachta na bliana 2025, fáilte a chur romhaibh chuig an tríú heagrán déag den iris phiarmheasúnaithe An Reiviú. Bíonn an iris seo á foilsiú ag mic léinn an chúrsa MA sa Léann Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil...
Eagrán 2025
Réamhrá
Ní admhaítear go furasta é, ach tá céim ollscoile sa Ghaeilge ar cheann de na céimeanna is deacra le baint amach sna dána, nó sna healaíona. Tuigim go bhfuil seo deacair a mheas le haon chruinneas, ach is é a thaibhsítear domsa ná go bhfuil réimse níos fairsinge...
Taking the ‘-Deoir’ out of ‘Taighdeoir’: ag Cruthú Chuardaitheoir Fotheaghráin agus Moirféimí don Ghaeilge
Mar gheall ar rabharta iarrachtaí atá déanta in Éirinn agus thar lear leis an Ghaeilge a neartú, ar dhiaspóra beo bríomhar, ar líon mór daoine atá ag foghlaim na Gaeilge, agus ar stádas na nGaeilgeoirí mar luathghlacadóirí teicneolaíochta, is iomaí acmhainn...
Tionchairí agus an Ghaeilge ar an bhFearann Fíorúil
(Cuireadh le leagan den pháipéar seo i láthair ag comhdháil CARTLANN – ‘Gníomhaíochas, an Ghaeilge agus na Meáin’ in Ollscoil na Gaillimhe ar 13 Aibreán, 2024. An tÚdarás um Ard-Oideachas, faoin gClár Taighde ThThuaidh-ThTheas, a mhaoinigh CARTLANN.) Tá Gaeilgeoirí...
Iniúchadh ar ómós na háite dúchais mar a léirítear é trí theaghlach, theanga, thraidisiún, thírdhreach agus thírghrá san úrscéal Mo Dhá Róisín (1921) le Máire
San alt seo, déanfar tagairt do na teaghlaigh ar daofa é, don Ghaeilge, do na traidisiúin, don tírdhreach agus don tírghrá agus don dóigh a n-aibhsíonn Máire téama an ómós áite ina úrscéal Mo Dhá Róisin, 1921 (MDR). Tá na téamaí thuasluaite fite fuaite ina chéile san...
Cara nó Namhaid? An Intleacht Shaorga Ghiniúnach agus oideolaíocht na Gaeilge ag leibhéal an Ardoideachais
Réamhrá: Anois Teacht na hIntleachta Saorga Giniúnaí Tá dúshláin shainiúla ag baint le húsáid na hIntleachta Saorga Ghiniúnaí (ISG) sa seomra ranga Gaeilge ag aon leibhéal oideachais. Faoi mar a mhíníonn Ní Chiaráin et al., (2023) thíos dúinn, meastar go forleathan...
An nuachainteoir ina (h)aisteoir cruthaitheach i gceantair Ghaeltachta Chorca Dhuibhne agus Uíbh Ráthaigh
Réamhrá Feiniméan fadaitheanta é aos dána agus cruthaitheach a bheith ag tarraingt ar Chorca Dhuibhne, scríbhneoirí na Gaeilge, go speisialta. Ba ghnách le lucht, Innti imeacht siar go Corca Dhuibhne, áit a soláthraíodh ceárta anama agus teanga dóibh (Ó Dúshláine...
‘Rinncí gallda’ agus ‘Spiorad na Gaedhilge’: Teanga, Gaelachas agus Éireannachas in An tUltach
Réamhrá Tá suim nua á cur sa tsagart Caitliceach, an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh (1883–1941) le cúpla bliain anuas agus céad bliain ann anuraidh ó bhunaigh sé an iris An tUltach, é féin ina eagarthóir. Tá a phortráid le feiceáil ar chlúdach an eagráin speisialta de...
Máire, Feara Fáil agus an Díchoilíniú
Mholadh Aimé Césaire (1955: 15) cothromóid nó ‘colonisation = chosification’, sin le rá go ndéantar rudaí de dhaoine faoin choilíneachas: próiseas a tháirgeann sochaithe gan dada dúchasach díobh féin, cultúir chloíte, cumainn chreachta, críocha coigistithe, creidimh...
Teanga mheafarach Mháire ar nós ‘…mar a bheadh ‘duine/rud/ainmhí’, ‘mar a bheadh ‘duine/rud/ainmhí’ ann’; ‘mar a bheadh ‘duine/rud/ainmhí’ (ann) a bheadh’…agus na téamaí ina léirítear an ghné thábhachtach seo dá stíl liteartha.
Is le húsáid na Gaeilge i ngearrscéalta agus in úrscéalta Mháire (Séamus Ó Grianna), a bhaineann an t-alt seo. Baineann an t-ábhar le tionscadal taighde ag leibhéal máistreachta a cuireadh i gcrích idir Meitheamh 2002 agus Meán Fómhair 2023. Is i mBéarla a scríobhadh...
An Preasráiteas mar aghaidh phoiblí Chonradh na Gaeilge
Scríobhadh an t-alt seo mar chuid den tionscadal CARTLANN – ‘Gníomhaíochas, an Ghaeilge agus na Meáin’. Reáchtáladh comhdháil faoin ábhar sin in Ollscoil na Gaillimhe ar 13 Aibreán, 2024. An tÚdarás um Ard-Oideachas, faoin gClár Taighde Thuaidh-Theas, a mhaoinigh...
Teanga gan Teorainn? Léargas ar Ról na gColáistí Gaeilge i ngluaiseacht teanga Chúige Uladh sna 1920í & 1930í
(Nóta: Tá an t‑alt seo mar chuid de thionscadal a bhfuil maoiniú faighte aige ón gComhairle Eorpach um Thaighde (ERC) faoin gclár taighde agus nuálaíochta ‘Horizon 2020’ de chuid an Aontais Eorpaigh (conradh deontais uimhir 802695). Thacaigh Acadamh Ríoga na hÉireann...
Ó ‘clábar’ go ‘clobber’ agus an t-athrú cló: forás brí ainmfhocail de bhunús Gaeilge i dTalamh an Éisc le himeacht ama
Agus ré na teicneolaíochta linn bíonn gá le téarmaí nua a chumadh go rialta le dul i ngleic le riachtanais teanga na sochaí: focail ar nós ‘féinín’ agus ‘clicmhealladh’, mar shampla. Léirítear riachtanais teanga éagsúla a thagann chun cinn ó ghlúin go glúin agus an...
Léargas ar stádas na Gaeilge i gceantair éagsúla i gContae na Mí de réir Dhaonáireamh 1911
Réamhrá Baineann an t-alt seo le cás na teanga i gContae na Mí. Úsáidtear Daonáireamh 1911 le léargas a fháil ar athróga a bhaineann le ceist teanga ag am ríthábhachtach ag tús an 20ú haois. Baineann ceisteanna socheolaíochta, ceisteanna reiligiúin agus ceisteanna...
Stummadurioù hir, An TPR agus dúshlán an athshealbhaithe teanga don fhoghlaimeoir fhásta
Réamhrá Is í an tsuim mhór i gcultúr na tíre a spreagann foghlaimeoirí fásta le clárú i ranganna Gaeilge timpeall na tíre. Spreagtar foghlaimeoirí fosta a mhothaíonn go láidir faoina bhféiniúlacht Ghaelach agus faoina ndualgas leis an teanga a chaomhnú ar bhealach ar...
Athbhreithniú Scóipe ar Inspreagadh Fhoghlaim na Gaeilge
Réamhrá Ba líonmhaire cainteoirí Gaeilge, a raibh an Ghaeilge mar dhara teanga (T2) acu, ná líon na gcainteoirí dúchais sna daonáirimh a rinneadh thuaidh agus theas in 2016 agus in 2011 (Walsh, 2019). D’fhéadfaí a thomhas, ag breathnú ar an mhéadú atá tar éis teacht...
An t-ómós áite i saothar léinn agus litríochta an Ollaimh Breandán S. Mac Aodha
(Cuireadh leagan den pháipéar seo i láthair ag an gComhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge, Roinn na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, 3–4 Deireadh Fómhair 2024) Bhí Breandán S. Mac Aodha (1934–2001) ar dhuine de na scoláirí ba thábhachtaí a rinne staidéar ar...
Breandán Ó hEithir, Reg Hindley agus a gcuid tuartha teangeolaíochta: foinsí agus cartlanna
(Cuireadh le leagan den pháipéar seo i láthair ag comhdháil CARTLANN – ‘Gníomhaíochas, an Ghaeilge agus na Meáin’ in Ollscoil na Gaillimhe ar 13 Aibreán, 2024. An tÚdarás um Ard-Oideachas, faoin gClár Taighde Thuaidh-Theas, a mhaoinigh CARTLANN.) Tháinig dhá chonspóid...
‘Aidiacht chanúnach iseadh “Wuthering”’: Seán Ó Ciosáin faoi Chuing an Chanúnachais agus Wuthering Heights á Aistriú Aige
Cíorfar san alt seo faillí a rinne Seán Ó Ciosáin le linn Wuthering Heights a aistriú go Gaeilge: is é sin, ba bheag iarracht a rinne sé an t-idirdhealú idir ardréim agus ísealréim chainte (ar a mbraitheann scaoileadh shnaidhm an scéil sa bhunleagan) a thabhairt slán...
An bhfuil éinne fós ag iarraidh freastal ar léachtaí? Tuairimí mac léinn faoi thodhchaí léachtaí in ollscoileanna in Éirinn
(Foilsíodh leagan Béarla den alt seo in Irish Educational Studies, 1–19. https://doi.org/10.1080/03323315.2025.2453737) Réamhrá Tá léachtaí mar chuid de thraidisiún na hollscoile le breis is ocht gcéad bliain (Friesen, 2014), agus is gné lárnach den chur chuige...
An grúpa amharclainne na Fánaithe agus a bhfuil le foghlaim óna gcartlann faoin drámaíocht a bhain leo
(Cuireadh leagan den pháipéar seo i láthair ag comhdháil CARTLANN – ‘Gníomhaíochas, an Ghaeilge agus na Meáin’ in Ollscoil na Gaillimhe ar 13 Aibreán, 2024. An tÚdarás um Ard-Oideachas, faoin gClár Taighde Thuaidh-Theas, a mhaoinigh CARTLANN.) Figiúr 1: Aodh Ó...
Craobh na Cásca de chuid Chonradh na Gaeilge sna 1960í: Allagar, Athbhreithniú agus Athnuachan
(Scríobhadh an t-alt seo mar chuid den tionscadal CARTLANN – ‘Gníomhaíochas, an Ghaeilge agus na Meáin’. Reáchtáladh comhdháil faoin ábhar sin in Ollscoil na Gaillimhe ar 13 Aibreán, 2024. An tÚdarás um Ard-Oideachas, faoin gClár Taighde Thuaidh-Theas, a mhaoinigh...
Dathú Éadaigh
Pléifear dathú éadaigh san aiste seo, le béim speisialta ar dhathanna nádúrtha. Pléitear gnéithe den phróiseas ina ndéantaí éadach a dhathú go traidisiúnta. Pléifear cuid de na dathanna éagsúla agus conas mar a cruthaíodh iad. Baineadh úsáid as ábhar nádúrtha cosúil...
An Mhuc Dhraíochta
Bhí Rí ann tráth a raibh triúr iníonacha aige. Tháinig an lá a raibh ar an Rí dul chun troda, mar sin chuir sé fios ar a iníonacha agus dúirt sé leo: ‘A chailíní, caithfidh mé dul chun cogaidh. Tá arm mór an namhad ar an mbealach. Is údar mór bróin dom é sibh a...
Léirmheas ar An Ghaeilge sa Dlí le Dáithí Mac Cárthaigh
Is iniúchadh atá sa leabhar An Ghaeilge sa Dlí le Dáithí Mac Cárthaigh ar stádas na Gaeilge in Éirinn de réir an dlí. Déantar cur síos ar an reachtaíocht agus ar an gcásdlí a bhaineann leis an nGaeilge go stairiúil agus sa lá atá inniu ann. D’fhoilsigh Leabhar Breac...
Léirmheas ar Ag cur chun fónaimh: Údarás na Gaeltachta ó 1980 i leith
Is cnuasach aistí atá sa leabhar Ag cur chun fónaimh: Údarás na Gaeltachta ó 1980 i leith, a chuir Gearóid Ó Tuathaigh agus Breandán Mac Suibhne in eagar agus a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht, agus léiríonn an leabhar stair Údarás na Gaeltachta óna bhunú sa bhliain...
Drámaí Bunscoile – Ceol agus Amhráin le Fil Uí Dhubhghaill, Micheál Ó Dubhghaill & Jane Shimizu
Is bailiúchán drámaí é an leabhar Drámaí Bunscoile le Fil Uí Dhubhghaill, Micheál Ó Dubhghaill agus Jane Shimizu a bheadh an-oiriúnach do ranganna Naíonán go Rang a Dó i mbunscoileanna agus i nGaelscoileanna. Tá deich ndrámaí bunscoile nuascríofa sa leabhar. Roinntear...
Léirmheas ar Máirtín Ó Cadhain 2020 in eagar ag Eoin Mac Cárthaigh & Pádraig de Paor
Tá an cur síos a dhéantar ar shaothar an Chadhnaigh sa leabhar seo bunaithe ar pháipéir a léadh ag comhdháil a d’eagraigh Roinn Gaeilge Choláiste na Tríonóide, ar an 20 Samhain 2020. Deich gcinn d’ailt atá sa leabhar leis na húdair seo leanas: Cathal Ó Háinle, Máirín...
Ekphrasis Spioradálta don Aos Óg: Alt Léirmheasa ar Iontas na nIontas le Gabriel Rosenstock
Réamhrá Is teach foilsitheoireachta é Foilseacháin Ábhair Spioradálta a bunaíodh sa bhliain 1956 ‘faoi choimirce Ord na nÍosánach, chun leabhair a sholáthar i nGaeilge ar ábhair a bhaineann le creideamh agus leis an gcultúr Críostaí’ (2025) agus is cinnte go dtagann...