DOI: https://doi.org/10.13025/29615

Léirmheas ar Máirtín Ó Cadhain 2020 in eagar ag Eoin Mac Cárthaigh & Pádraig de Paor

Cló Léann na Gaeilge: Comhar, 47 Sráid Harrington, Baile Átha Cliath 8.  2023, Cló Iar-Chonnacht, €25

 Léirmheas le: Joanne Uí Loingsigh

Tá an cur síos a dhéantar ar shaothar an Chadhnaigh sa leabhar seo bunaithe ar pháipéir a léadh ag comhdháil a d’eagraigh Roinn Gaeilge Choláiste na Tríonóide, ar an 20 Samhain 2020. Deich gcinn d’ailt atá sa leabhar leis na húdair seo leanas: Cathal Ó Háinle, Máirín Nic Eoin, Micheál Briody, Gearóid Denvir, Máire Ní Annracháin, Caitlín Nic Íomhair, Ian Ó Caoimh, Alan Titley, Colm Ó Cuaig & Charles Dillon agus Pádraig de Paor. Is léir go ndeachaigh saothar an Chadhnaigh i bhfeidhm go mór orthu ar fad. Scríbhneoir den scoth a bhí i Máirtín Ó Cadhain agus é ábalta léargas chruinn a thabhairt ar shaol agus ar phobal Chois Fharraige. B’fhear Gaeltachta a bhí ann, ach chomh maith leis sin, ba phoblachtach é a bhí sáite i gcúrsaí feachtais agus oideachais. Bhí baint ag an gCadhnach le Coláiste an Tríonóide ón tréimhse a chaith sé ag teagasc ann, agus tá an chuid is mó de pháipéir phearsanta Mháirtín Uí Chadhain lonnaithe i seomra na lámhscríbhinní san ollscoil sin.

Ba é Seán Ó Cadhain, mac dearthár le Máirtín Ó Cadhain a sheol an chomhdháil in 2020. Thug sé léargas iontach ar a uncail i dtús an leabhair seo. Tugann sé spléachadh ar na cuimhní cinn atá aige ar Mháirtín agus é ag meabhrú dúinn

…gurb é aithne an ghasúra agus an déagóra a bhí aige air. Is léir go mbíodh faitís agus scátha acu roimh Mháirtín i dtús ama agus iad ina ngasúir óga, nó go ndeachaigh siad i dtaithí air. Agus é ag trácht ar Mháirtín ar lá a shochraide, deir Cian Ó hÉigeartaigh an méid seo; ‘dúirt gurbh é’… an fear ba mhó a fáisceadh as an nGaeltacht ó bhí Éire fré chéile ina Gaeltacht’ (IX)

Is é Cathal Ó hÁinle a scríobh an chéad alt sa leabhar – ‘Litreacha Mháirtín Uí Chadhain chuig Eoghan Ó hAodha’. Tá bailiúchán díobh seo le fáil i leabharlann Choláiste na Tríonóide. B’uncail do Chathal é Eoghan Ó hAodha agus tá samplaí ó na litreacha le feiceáil san alt seo. Tá saibhreas teanga le feiceáil iontu chomh maith le nathanna áirithe cainte nach bhfuil le fáil i gcaint an lae inniu. Litreacha pearsanta is ea iad ina ndéanann Máirtín trácht ar chúrsaí pearsanta agus socruithe cruinnithe ó thaobh a chuid oibre de – eolas nach raibh fáil ar a leithéid i scríbhinní eile an Chadhnaigh. Tá greann le feiceáil sna píosaí seo chomh maith.

De réir mar a bhogann an leabhar ar aghaidh, tugtar léargas ar fhoghlaim agus ar mháistreacht teanga an Chadhnaigh. Tugann Máirín Nic Eoin léargas cuimsitheach air seo ina halt féin. Déanann sí cur síos ar thriúr scríbhneoirí cumasacha, sin iad Máirtín Ó Cadhain, Máirtín Ó Direáin agus Eoghan Ó Tuairisc: ‘daoine a ndeachaigh an Dara Cogadh Domhanda i bhfeidhm go mór ar a saol agus ar a saothar.’ (19). Chaith an Cadhnach seal i bpríosún le linn aimsir an chogaidh. Bhí sé mar bhall d’Óglaigh na hÉireann ag an am. Ba léir gur mhothaigh an Stát gur bagairt a bhí ina leithéid a bheith saor le linn an ama seo. Bhí an príosún mar shaghas ollscoile aige, áit ar léigh sé an t-uafás leabhar agus a ndeachaigh scríbhneoirí Rúiseacha i gcion go mór air. Is léir go raibh tionchar ar leith ag na scríbhneoirí seo air agus go deimhin gur spreag siad é.

I gcomparáid le hÓ Direáin agus Ó Tuairisc, a bhí ag feidhmiú thar ceann an Stáit sna blianta corracha sin, chaith Ó Cadhain an chuid is mó de bhlianta an chogaidh i gcampa géibhinn an Churraigh, mar dhuine de bhuíon cimí ar braitheadh mar bhagairt ar an stát iad de bharr a mballraíochta san IRA. (27)

Luann Máirín Nic Eoin freisin gur chosúil go raibh Ó Cadhain ar an eolas maidir leis an gcumhacht a bhí ag tíortha áirithe agus iad ag réiteach le haghaidh cogaidh. An rud is spéisiúla ná na hiarrachtaí a bhí arm Shasana ag déanamh chun ionaid a fháil ionas go mbeadh siad ábalta pléascáin a chur ag obair. Bhí siad ag aimsiú ceantair amuigh faoin tuath, áiteanna iargúlta. Níor thaitin seo le Tiarnaí Talún áirithe agus eagraíodh feachtais ina choinne. Ar deireadh thiar roghnaíodh an Bhreatain Bheag, ceantar ina raibh an Bhreatnais níos láidre ann ná in aon áit eile. (35). 

Déanann Micheál Briody cur síos ar shaol pearsanta agus liteartha Uí Chadhain, roinneann sé eolas ar a mhórshaothair, ina measc Cré na Cille, an t-úrscéal is cáiliúila dá chuid. Léiríonn sé ina alt freisin, teicnící liteartha Uí Chadhain agus tugann sé cuntas ar an tionchar a bhí ag Ó Cadhain ar litríocht agus ar chultúr na hÉireann. Tugann Gearóid Denvir le fios dúinn go mbaineann sé leis an gcéad ghlúin iar-Chadhnach, pléann sé na cuimhní pearsanta atá aige ar an gCadhnach agus an tslí a ndeachaigh a litríocht siúd i bhfeidhm go mór air féin agus ar scoláirí eile na linne sin.

In alt Mháire Ní Anracháin, maítear go bhfuil rian an Bhíobla le haithint ar shaothar liteartha Mháirtín Uí Chadhain. ‘Tá an Chríostaíocht ina hábhar leanúnach ag an gCadhnach’ dar léi, agus ar cheann de na clocha is mó ar a phaidrín (96). Déanann Máire scúdú ar ‘An Seanfhear’ as Cois Caolaire le Ó Cadhain mar shampla de scéal a thugann athinsint ar thitim an duine agus ar aisfhreagairt na Críostaíochta tríd an mbaisteadh.

Tugann Caitlín Nic Íomhair aghaidh ina halt féin ar ‘Bró mhuilinn an tsaoil’: an fáinne fí i luathscéalta Mháirtín Uí Chadhain, seo sampla de na móitífeanna is coitianta i scéalta Uí Chadhain dar léi, is é sin an ghluaiseacht chiorclach i saol an duine. Aimsíonn Caitlín na codarsnachtaí céanna sna cnuasaigh An Braon Broghach agus Cois Caolaire. Luann sí an chaoi ar fhorbair an Cadhnach agus ‘De réir a chéile, feictear maoithneas an luathshaothair á chur di ag an údar, ach gan an géilleadh don áiféis agus don áibhéil a d’fheicfí ar ball’ (107).

Díríonn alt Ian Uí Chaoimh ‘Athnuachán: téacs, paraitéacs, caitheamh aimsire agus tórraimh’ ar théacsanna le Ó Cadhain nach bhfuil an oiread sin plé acadúil déanta orthu go fóill. Tugann anailís Uí Chaoimh léargais luachmhara dúinn ar theicnící liteartha an údair, rud a dhoimhníonn ár dtuiscint ar na sraitheanna casta i saothair Uí Chadhain.

Téann Alan Titley i ngleic le focail agus nathanna cainte Uí Chadhain san alt ‘Máirtín Ó Cadhain: an dúshlán aistriúcháin’. Déanann sé cur síos ar Cré na Cille ag díriú ar an stíl agus ar na nathanna cainte atá ann nach bhfuil le feicéail i gcaint an lae inniu. Bhunaigh Máirtín Ó Cadhain an t-úrscéal ar phobal beag tuaithe i gcroílár na Gaeltachta agus tá saibhreas breá teanga le fáil ann. Admhaíonn Titley ‘nach focal ar fhocal ná abairt ar abairt ba chóir aistriúchán a dhéanamh’ (139) ar shaothar an Chadhnaigh. agus déanann sé iniúchadh ar na dúshláin a bhain le haistriú ábhar Uí Chadhain – ‘Fearann samhlaíochta agus ceirde is ea an t-aistriúchán, agus ní hionann an rud a dhéanfadh lámh amháin seachas lámh eile dá mbeadh fhios aice. Is é an gátaraí ná go ndéanfaí é’ (141).

Tugann Colm Ó Cuaig agus Charles Dillon léargas ina n-alt féin ar an bpáirt lárnach a bhí agus atá fós ag an gCadhanach i saol na Gaeilge. Tugann siad cúlra ar mhórobair an Chadhnaigh agus é ag bailiú ábhar foclóra don Ghúm idir 1937 agus 1946 – bailiúchán de suas le milliún focal (146).

San alt deiridh le Pádraig de Paor, ‘Cré na Cille: sna críocha deiridh’, deir an Paorach go n-éiríonn le Ó Cadhain scéal a insint faoi bheatha an duine i saol gan chríoch (‘teloi’) (166). Déanann sé comparáid idir an Cadhnach agus Jean-Paul Sartre agus leitheidí Quentin Tarantino; léiríonn sé go bhfuil na tréithe céanna ag an gCadhnach leo de bharr na nuálaíochta atá le feiceáil laistigh ina shaothar (158).

Léirítear i ngach alt gur fear cumasach, polaitiúil ab ea Máirtín Ó Cadhain. Bhí a ómós don Ghaeilge fáiscthe go smior ann. Tá a scéal féin le hinsint ag na húdair ar fad agus déanann an leabhar cur síos ar chúrsaí staire, litríochta, aistriúcháin, polaitíochta chomh maith le cúrsaí mionteangacha. Faightear léargas stairiúil ar shaol an Chadhnaigh. Éiríonn leis na scríbhneoirí léargas a thabhairt dúinn ar an aithne agus eolas a bhí acusan ar Mháirtín Ó Cadhain. Is fiú, dá bharr, d’éinne a bhfuil suim acu i gcúrsaí staire, litríochta agus sochtheangeolaíochta an leabhar seo a léamh. B’fhear mór polaitíochta agus feachtais a bhí ann agus labhair sé amach go láidir i gcónaí ar mhaithe le cearta sibhialta na Gaeltachta. Is léir nár scaoil sé riamh lena chuid tuairimí agus bhí an fhealsúnacht, an chruthaitheacht agus an mháistreacht le feiceáil go paiteanta ina chuid scríbhneoireachta.