Gairm ar pháipéir d’eagrán 2027

An Cúigiú hEagrán Déag

Fáilteofar roimh pháipéir acadúla a bhaineann leis na hábhair ghinearálta seo a leanas:

  • Aistriúchán
  • Pleanáil Teanga
  • Teangeolaíocht
  • Sochtheangeolaíocht
  • Teagasc Teangacha agus an Tumoideachas i gComhthéacs na Luathbhlianta
  • Cúrsaí Cumarsáide agus na Meáin Ghaeilge
  • Dúchas
  • Teicneolaíochtaí Teanga

don chúigiú heagrán déag den iris acadúil phiarmheasúnaithe An Reiviú a sheolfar ag tús mhí na Bealtaine 2027.

Fáilteofar freisin roimh léirmheasanna ar fhoilseacháin acadúla.

Tá an chéad cheithre eagrán déag de An Reiviú ar fáil ag: http://leannteangaanreiviu.com/ arna fhoilsiú ar líne ag mic léinn MA (Léann Teanga) agus faoi stiúir fhoireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Cuir coimriú 300–400 focal ar do pháipéar mar aon le teideal, d’ainm, do sheoladh, an institiúid lena mbaineann tú agus cur síos gearr beathaisnéise mar cheangaltán chuig an seoladh ríomhphoist: reiviuleannteanga@ollscoilnagaillimhe.ie.


Sprioc do na hachoimrí: Dé Luain, 16 Samhain 2026

Sprioc do na hailt: Dé Luain, 15 Feabhra 2027


Líon na bhfocal: 3,000–4,000 do na hailt agus thart ar 1,000 focal do na léirmheasanna.

Formáidiú: Córas tagairtí Harvard: Féach ar bhileog stíle Ollscoil na Gaillimhe ag: https://openpress.universityofgalway.ie/researchskillsforstudents/part/citing-referencing/

Is féidir moltaí agus fiosrúcháin a chur chuig: reiviuleannteanga@ollscoilnagaillimhe.ie.

Fáilte chuig Léann Teanga: An Reiviú

Foilsítear An Reiviú mar chuid den chúrsa MA sa Léann Teanga le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe. Baineann an iris leis na réimsí éagsúla teanga seo:

 

Is foilseachán bliantúil é seo a thugann ardán don dioscúrsa teanga in Éirinn agus thar lear. Creideann foireann na hirise go bhfuil An Reiviú ina acmhainn luachmhar do lucht acadúil na Gaeilge agus dóibh siúd ar spéis leo cúrsaí teanga.

Bíonn ailt san áireamh san iris a scríobh idir mhic léinn iarchéime agus fochéime agus lucht léinn na hearnála.