Polasaí Rochtana Oscailte/Open Access Policy
Is Iris Rochtana Oscailte í An Reiviú. Comhlíonann sí sainmhíniú an DOAJ ar an rochtain oscailte trí ábhar digiteach a sholáthar saor in aisce ar líne faoi cheadúnas Creative Commons (CC). Ceadaítear do léitheoirí téacsanna iomlána na n-alt a léamh, a íoslódáil, a chóipeáil, a dháileadh, a phriontáil, a chuardach, nó nascadh leo, nó iad a úsáid ar mhaithe le cuspóirí dleathacha ar bith eile, gan cead a iarraidh roimh ré ón bhfoilsitheoir ná ón údar/na húdair. Faigh tuilleadh eolais faoin DOAJ ag doaj.org.
An Reiviú is an Open Access Journal. It fulfils the DOAJ definition of open access by providing digital content freely online under Creative Commons (CC) licensing. Readers are allowed to read, download, copy, distribute, print, search, or link to the full texts of the articles, or use them for any other lawful purpose, without asking prior permission from the publisher or the author(s). Find out more about the DOAJ at doaj.org.
Ráiteas Rochtana Oscailte/Open Access Statement
Tá An Reiviú tiomanta do phrionsabail na rochtana oscailte agus scaipeadh taighde léinn saor in aisce. Tá gach alt a fhoilsítear in An Reiviú ar fáil saor in aisce do léitheoirí ar fud an domhain gan táillí síntiúis ná bacainní rochtana.
Creidimid gur cheart go mbeadh taighde teangeolaíochta ar fáil do scoláirí, oideoirí, do mhic léinn agus don phobal i gcoitinne chun comhroinnt eolais, comhoibriú idir-dhisciplíneach agus dul chun cinn na réimsí léinn a chothú. Chun na críche sin, foilsímid faoi cheadúnas Creative Commons CC BY 4.0, a cheadaíonn úsáid, dáileadh agus atáirgeadh gan srian in aon mheán, ar ar gcoinníoll go luaitear an saothar bunaidh i gceart.[1]
Coinníonn údair cóipcheart iomlán a gcuid oibre agus tugann siad an ceart do An Reiviú a gcuid alt a fhoilsiú agus a dháileadh. Ní ghearrtar aon táillí próiseála alt (APCanna) ná táillí le hailt a leagan isteach, rud a chinntíonn gur féidir le gach scoláire – beag beann ar a c(h)eangal institiúideach nó acmhainní airgeadais – cur leis an taighde a fhoilsítear inár n-iris agus leas a bhaint as.
Tríd an rochtain oscailte a úsáid, ailíníonn An Reiviú le hiarrachtaí domhanda chun eolas acadúil a dhéanamh níos inrochtana agus níos éifeachtaí. Spreagaimid údair, institiúidí agus léitheoirí chun tacú leis an bhfoilsitheoireacht rochtana oscailte agus páirt a ghlacadh inti chun rochtain chothrom ar an taighde sna réimsí teangeolaíocha agus eile a chur chun cinn.
An Reiviú is committed to the principles of open access and the free dissemination of scholarly research. All articles published in An Reiviú are freely available to readers worldwide without subscription fees or access barriers.
We believe that linguistic research should be accessible to scholars, educators, students, and the general public to foster knowledge sharing, interdisciplinary collaboration, and the advancement of the field. To this end, we publish under a Creative Commons CC BY 4.0 license, which permits unrestricted use, distribution, and reproduction in any medium, provided the original work is properly cited.
Authors retain full copyright of their work while granting An Reiviú the right to publish and distribute their articles. There are no article processing charges (APCs) or submission fees, ensuring that all scholars—regardless of institutional affiliation or financial resources—can contribute to and benefit from the research published in our journal.
By embracing open access, An Reiviú aligns with global efforts to make academic knowledge more widely available and impactful. We encourage authors, institutions, and readers to support and engage with open-access publishing to promote equitable access to linguistic and wider research.
Aidhmeanna agus scóip/Aims and scope
Is iris bhliantúil faoi stiúir mac léinn é seo, a bhfuil bord acadúil stiúrtha aici, agus a chuireann ardán ar fáil le haghaidh an dioscúrsa teanga in Éirinn, ag díriú ar na réimsí léinn a leanas: aistriúchán, pleanáil teanga, teangeolaíocht, sochtheangeolaíocht, cumarsáid & iriseoireacht, agus teagasc teangacha.
This is a yearly student-led publication, with an academic advisory board, that provides a platform for the language discourse in Ireland, focusing on the following subject areas: translation, language planning, linguistics, sociolinguistics, communication & journalism, and language teaching.
Bord Eagarthóireachta/Editorial Board
Ról/Role |
Ainm/Name |
Ollscoil/Affiliation |
|
Eagarthóir Stiúrtha/Supervising Editor |
An Dr/Dr Dorothy Ní Uigín |
Ollscoil na Gaillimhe |
|
Eagarthóirí Mac Léinn/Student Editors |
Ceaptha go bliantúil, féach Nótaí Beathaisnéise na nEagarthóirí |
Ollscoil na Gaillimhe |
|
Bord Comhairleach/Advisory Board |
An Dr/Dr Hugh Rowland |
Ollscoil na Gaillimhe |
|
Bord Comhairleach/Advisory Board |
Belinda McHale |
Ollscoil na Gaillimhe |
|
Bord Comhairleach/Advisory Board |
An Dr/Dr Seathrún Ó Tuairisg |
Ollscoil na Gaillimhe |
|
Bord Comhairleach/Advisory Board |
Lisa Ní Fhlatharta |
Ollscoil na Gaillimhe |
Téarmaí Ceadúnais/Licensing Terms
Déantar ailt leis an marc seo a dháileadh faoi cheadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International:
Éilíonn an ceadúnas seo go dtabharfaidh athúsáideoirí creidiúint don chruthaitheoir. Ceadaíonn sé d’athúsáideoirí an t-ábhar a dháileadh, a athmheascadh, a oiriúnú agus a fhorbairt in aon mheán nó formáid, fiú chun críocha tráchtála.
Déantar ailt leis an marc seo a dháileadh faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NoDerivatives 4.0 International:
Faoin gceadúnas seo, ní mór d’athúsáideoirí creidiúint a thabhairt don chruthaitheoir. Ligeann sé cead d’athúsáideoirí an t-ábhar a chóipeáil agus a dháileadh ar mheán nó i bhformáid eile i bhfoirm neamhleasaithe amháin, fiú chun críoch tráchtála.
Articles with this mark are distributed under a Creative Commons Attribution 4.0 International license:
This license requires that reusers give credit to the creator. It allows reusers to distribute, remix, adapt, and build upon the material in any medium or format, even for commercial purposes.
Articles with this mark are distributed under a Creative Commons Attribution-NoDerivatives 4.0 International license:
This license requires that reusers give credit to the creator. It allows reusers to copy and distribute the material in any medium or format in unadapted form only, even for commercial purposes.
Téarmaí Cóipchirt/Copyright Terms
Fananna cóipcheart na n-alt agus an ábhair eagarthóireachta leis an údar agus/nó rannpháirtithe cuí.
Copyright in the articles and editorial material remains the property of the authors and/or associated contributors.
Polasaí Cartlannaíochta agus Taisclann/Archiving and Repositories Policy
Cuirtear ailt a fhoilsítear ar An Reiviú i dtaisce i Taisclann Taighde Ollscoil na Gaillimhe.
Is féidir le húdair ceadúnas CC BY a chur ar leagan ar bith dá saothar, san áireamh anseo tá an leagan réamhphriontála/an leagan a leagadh isteach, an leagan ar glacadh leis, agus an leagan a foilsíodh. Má chinneann siad a saothar a phostáil lasmuigh den suíomh idirlín seo nó de Thaisclann Taighde Ollscoil na Gaillimhe, ní mór dóibh an leagan atá á phostáil a chur in iúl agus nasc chuig an leagan a foilsíodh a chur ar fáil.
Articles published in An Reiviú are archived in the University of Galway Research Repository.
Authors may apply a CC BY licence to any version of their work, including the preprint/submitted version, author’s accepted manuscript, and version of record. If they choose to post their work publicly outside this website or the University of Galway Research Repository, they must indicate which version is being posted and include a link to the version of record.
Eolais an Fhoilsitheora/Publisher Information
Foilsithe ag:
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, Gaillimh, Éire
reiviuleannteanga@ollscoilnagaillimhe.ie
dorothy.niuigin@ollscoilnagaillimhe.ie
Published by:
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, Galway, Ireland
reiviuleannteanga@ollscoilnagaillimhe.ie
dorothy.niuigin@ollscoilnagaillimhe.ie
[1] Ó 2025 ar aghaidh, foilsítear ailt faoi CC BY 4.0. Tá na hiarchomhaid ar fáil faoi CC BY, agus táimid i mbun na comhaid pdf a leasú faoi láthair leis an gceadúnas uasdádaithe a chur in iúl.
[2] From 2025 onward, articles are published under CC BY 4.0. All backfiles are available under CC BY, and we are in the process of amending the individual pdfs to reflect the updated license.