DOI: https://doi.org/10.13025/29621

Craobh na Cásca de chuid Chonradh na Gaeilge sna 1960í: Allagar, Athbhreithniú agus Athnuachan

(Scríobhadh an t-alt seo mar chuid den tionscadal CARTLANN – ‘Gníomhaíochas, an Ghaeilge agus na Meáin’. Reáchtáladh comhdháil faoin ábhar sin in Ollscoil na Gaillimhe ar 13 Aibreán, 2024. An tÚdarás um Ard-Oideachas, faoin gClár Taighde Thuaidh-Theas, a mhaoinigh CARTLANN.)

Réamhrá

Ina leabhar, Ireland: A social and cultural history, 1922–2002, is é ‘the decades of debate’ an cur síos a thugann Terence Brown (2004: 254–96) ar thréimhse ghuagach mórathruithe na 1960í agus na 1970í in Éirinn. De dheasca na heisimirce as éadan a tharla in imeacht na 1950í, áitíonn Brown (2004: 199) gur tháinig luachanna cultúrtha na tíre, chomh maith leis an tsamhail gheilleagrach, faoi athbhreithniú i gcomhthéacs ceistitheach na 1960í go háirithe. Leagann Ciara Meehan agus Mary E. Daly cuid den chomhthéacs sin amach:

The 1960s were a period of change in Ireland. Political, economic and social thought was revised as a result of Vatican II, the arrival of television and the potential of EEC (European Economic Community) membership. That decade also marked the passing of the revolutionary generation from power (Meehan, 2013: 1).

 

One of the recurrent themes in 1960s was that Ireland had abandoned its preoccupation with the past to focus on the present, redirecting its energies towards economic and social development instead of the previous fixation on national sovereignty. National pride and national commitment were increasingly linked with economic success and Ireland’s greater involvement in world affairs (Daly, 2016: 362).

Le bunú Theilifís Éireann in 1961, áitíonn John Bowman (2011: 224) go raibh cinnteachtaí seanbhunaithe ‘Éire de Valera’ á gceistiú ag an meán cumarsáide úrnua sin gan trácht ar an meánaicme uirbeach a bhí ag bailiú nirt ag an am, agus í teanntásach muiníneach á cur féin i láthair (Bowman, 2011: 227). I bhfianaise an cheistiúcháin sin sa tsochaí trí chéile, is éard a chuirim romham féin san aiste seo ná cur síos a dhéanamh ar chuid bheag den allagar a bhí ar siúl laistigh de Chonradh na Gaeilge i dtréimhse mórathruithe sin na 1960í. Ba mar thoradh ar an allagar sin, i gCraobh na Cásca i mBaile Átha Cliath go háirithe, a tarraingíodh ceisteanna anuas faoina éifeachtaí is a bhí modhanna gníomhaíochta an Chonartha ag an am chomh maith leis an bhfealsúnacht a bhí ina cloch choirnéil faoin ngluaiseacht.

Breis agus dhá scór bliain ó bunaíodh an stát, bhí Craobh na Cásca ag iarraidh athnuachan a dhéanamh ar Chonradh na Gaeilge mar ghluaiseacht shóisialta sa chaoi is go mbeifí faoi réir chun dul i ngleic leis an iliomad dúshlán úr a bhí le sárú aige i gcomhthéacs na 1960í: cúlú an stáit i réimse an bheartais teanga (Walsh, 2022; Ó Giollagáin, 2014; Ó hIfearnáin, 2009); bunú Misneach in 1963 agus na sáiteáin a thugtaí do Chonradh na Gaeilge agus dá mhodhanna gníomhaíochta (Ó Cathasaigh, 2002); bunú an Language Freedom Movement (LFM) in 1965 (Rowland, 2016). San aiste seo, pléifear na nithe sin a spreag Conradh na Gaeilge chun athnuachan a dhéanamh air féin sna 1960í chomh maith le feasacht bhaill óga Chraobh na Cásca a bheith á múscailt i dtaobh réimse léinn nua na sochtheangeolaíochta ag an am. Cuirfear an taighde seo i gcrích trí anailís a dhéanamh ar ábhar cartlainne atá i dtaisce i Leabharlann Shéamais Uí Argadáin in Ollscoil na Gaillimhe: bailiúchán Chonradh na Gaeilge (G60) agus bailiúchán an LFM (G44). Mar aon leis an ábhar foilsithe agus leis na scríbhinní sa dá bhailiúchán sin, cuirfear faisnéis agallaimh sa mheá.

Comhthéacs

Bhí sochaí na hÉireann ag athrú ar luas mire sna 1960idí agus béim á leagan ag an aos polaitiúil ar an bhforbairt gheilleagrach feasta, go mór mór ó foilsíodh an Páipéar Bán The Programme for Economic Expansion, ó pheann T.K. Whitaker, sa bhliain 1958 (Murphy, 2009: 162). Léirigh sin an chaoi a raibh tosaíochtaí an stáit ag athrú ó bhonn; bhí luachanna traidisiúnta luathbhlianta an stáit – athbheochan na Gaeilge – á ligean i ndearmad ar mhaithe le luachanna úra na tionsclaíochta, na forbartha agus an ábharachais a chur chun cinn (Ó Tuathaigh, 2011: 86).

Bíodh sin mar atá, ba le linn 1958, chomh maith, a bhunaigh an Taoiseach ag an am, Éamon de Valera, an Coimisiún um Athbheochan na Gaeilge chun taighde a dhéanamh ar staid na Gaeilge agus chun moltaí a chur faoi bhráid an rialtais maidir leis na bealaí ab éifeachtaí chun athbheochan na Gaeilge a chur i gcrích. Foilsíodh an tuarascáil deiridh i mí Eanáir 1964. Fad is a bhí freagra an rialtais á ullmhú i bhfoirm páipéir bháin, shocraigh na heagrais Ghaeilge feachtas síniúchán a reáchtáil. Faoin mana Let the Language Live, deir Maolsheachlainn Ó Caollaí, uachtarán ar Chonradh na Gaeilge (1968–1974), gur bailíodh suas is anuas le ceithre chéad míle síniú mar chuid den fheachtas le himpí ar an rialtas glacadh le beartais dhearfacha a chuirfeadh an athbheochan chun cinn (Ó Caollaí, 2013: 17).

Ní raibh fuacht ná faitíos ar an scríbhneoir aitheanta agus an tOllamh le Gaeilge i gColáiste na Trionóide, Máirtín Ó Cadhain (1906–1970), spíd a fháil ar fheachtas na síniúchán. Ba mhodh agóidíochta é feachtas na síniúchán a bhí rómheasúil róshéimh rómhánla, dar leis an gCadhnach. Ag scríobh dó ina phaimfléad cáiliúil Gluaiseacht na Gaeilge: Gluaiseacht ar Strae:

Cuimhníonn cuid agaibh b’fhéidir ar na táinte síniúchán a cruinníodh ón bpobal ar son na Gaeilge. Is feasach dom gur síos le fána i leithreas a tligeadh na mílte acu. Dúirt cuid againn gur leibideach an mhaise dhóibh na múrtha fáilte a chuir said roimh Pháipéar Bán na Gaeilge nárbh fhiú do sheacht mallacht é. Tá na fáinní ag dul i líonmhaireacht ar chostas na ndaoine in aghaidh an lae – agus an Ghaeilge ag dul chun laige (c.1970: 3).

Mar fhreagra ar thuarascáil an Choimisiúin, d’fhoilsigh rialtas Sheáin Lemass, comharba de Valera mar Thaoiseach, an Páipéar Bán um Athbheochan na Gaeilge sa bhliain 1965. Sa pháipéar úd, fógraíodh beartas úr an stáit i leith na Gaeilge agus, beag beann ar achainí na n-eagras Gaeilge, tugadh le fios den chéad uair gurbh é an dátheangachas, seachas athbheochan, bunaidhm an stáit feasta (Walsh 2012: 44). Dá dheasca sin, ba ríléir do ghluaiseacht na Gaeilge nach raibh an stát dáiríre faoi athbheochan na Gaeilge ní ba mhó agus gur ar an ngluaiseacht a thitfeadh cúram na Gaeilge feasta (Ó Caollaí, 2013: 17). Mar sin de, den chéad uair ó bunaíodh an stát in 1922, bhí sprioc athbheochan na Gaeilge á scuabadh i leataobh óir ba í an fhorbairt gheilleagrach rosc catha na tíre feasta (Ó Tuathaigh, 2011: 91). Chuir sin abhaile ar an gConradh gur mhithid atheagar a chur air féin mar ghluaiseacht shóisialta a d’fhéadfadh bunathruithe a spreagadh sa tsochaí, seachas glacadh gan cheist leis an status quo maidir le cúlú an stáit i réimse na Gaeilge sna 1960í (Ó Caollaí, 1973).

D’fhéadfaí a rá, mar sin de, gur le linn na 1960í agus na 1970í a thosaigh an stát ag seasamh siar ó chur chun cinn na Gaeilge sna réimsí ba mhó a mbíodh lámh acu iontu ó bunaíodh an stát; ba iad sin réimsí an oideachais agus an riaracháin phoiblí go háirithe (Ó Giollagáin, 2014: 27). Agus an cúlú institiúideach sin faoi lán seoil, ba thréimhse thráthúil iad na 1960í ina bhféadfadh gluaiseachtaí sóisialta, amhail an LFM agus Misneach, teacht chun cinn chun ceisteanna a tharraingt anuas faoi bheartas teanga an stáit agus faoina thiomanta, nó a mhalairt, is a bhí an stát do sprioc na hathbheochana.  

Language Freedom Movement

Gluaiseacht shóisialta uirbeach ba ea an LFM a bunaíodh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1965. Chuir an LFM roimhe féin solas a chaitheamh ar an ‘éagóir’ a d’fhulaing daoine áirithe de dheasca an bheartais athbheochana teanga a bhí ag an stát go dtí sin. Ar an gcaoi sin, díríodh an mhéar, go háirithe, ar an nGaeilge éigeantach don Ardteistiméireacht chomh maith leis an nGaeilge mar riachtanas cáilíochta do phoist sa Státchóras. De réir Bhunreacht an LFM: The objects of the organisation shall be to promote a realistic approach towards the Gaelic language and to remove compulsion, discrimination, and other objectionable practices from the State language policy.’ (LFM, c.1966a).

Ba éard a bhí á mholadh ag an LFM ná go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar roghnach feasta, seachas ina hábhar éigeantach, i gcás na scrúduithe stáit (LFM, c.1966b). Ina theannta sin, ba cheart go ndéanfaí earcaíocht sa tseirbhís phoiblí bunaithe ar fheabhas an iarrthóra, seachas ar chumas Gaeilge an té sin. É sin ráite, díol spéise is ea an chaoi a n-aithnítear go bhféadfadh cumas teanga a bheith de dhíth i gcásanna áirithe, go mór mór más ceapacháin ‘in Irish-speaking areas’ atá i gceist (LFM, c.1966b).

Ba é an cur chuige feachtasaíochta a chleacht an LFM ná go ndearnadh stocaireacht ar an rialtas agus gur músclaíodh feasacht an phobail trí óráidí a thabhairt le linn cruinnithe poiblí chomh maith le preaseisiúintí agus litreacha a sheoladh chuig eagarthóirí nuachtán. Chomh maith leis sin, cuireadh póstaeir, duillíní eolais agus ábhar gearrshaolach eile i dtoll a chéile d’fhonn teachtaireacht agus cnámha spairne na heagraíochta a chur abhaile ar an bpobal.

Figiúr 1: Cartlann an LFM (G44) in Ollscoil na Gaillimhe

Máirtín Ó Cadhain agus Misneach

Bhí leas phobal na Gaeltachta ina chloch choirnéil faoi fhealsúnacht pholaitiúil Mháirtín Uí Chadhain ó na 1930í i leith; ba é sin ó thug sé a óráid cháiliúil, ‘Claidhe na Muice Duibhe ar Mhuinntir na Gaedhealtachta’, ar an gCeathrú Rua i mí Lúnasa 1934 (Mac Con Iomaire, 2024: 62). Deir Denvir (1997: 99) go raibh Ó Cadhain thar a bheith dílis do bhunteagasc na hóráide sin i gcaitheamh a shaoil ar fad agus bhí a lorg sin fós le tabhairt faoi deara i dteachtaireacht Uí Chadhain sna 1960í.

Faoin am sin, bhí an Cadhnach fós mífhoighneach le neamhshuim an rialtais agus le neamhéifeacht ghluaiseacht ‘oifigiúil’ na Gaeilge, mar a chonacthas dósan é, chun cás na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn sa saol poiblí (féach: Breathnach & Ní Mhurchú, 2024a). Ag tagairt dó do scríbhinní polaitiúla Uí Chadhain ó na 1960í, deir Ó Braonáin (2020: 549) gur theastaigh ón gCadhnach solas a chaitheamh ar fhaillí an rialtais sa bheartas teanga ó bunaíodh an stát. Ba iad neart agus géire a chuid reitrice an uirlis chatha ab éifeachtaí a bhí aige chun a theachtaireacht a chur abhaile ar a spriocphobal agus chun an lasair dhíograise a chur faoi lucht a leanta dá réir:

Ní teanga thuarascálach thur a chleacht Ó Cadhain i scríbhinní aighneasóireachta na 1960í ach reitric thréan bhearránach a d’fhéach le spior spear a dhéanamh de leagan amach an Stáit i leith na teanga. Aird seachas neamhaird, conspóid seachas tost an cuspóir a bhí le cuid mhaith den scríbhneoireacht a chuir sé de i dtús an 1960í. Cliseadh, faillí agus siléig an tsamhail a bhí aige de pholasaí rialtas na Sé Chontae is Fiche ó aimsir an Chonartha anall (Ó Braonáin, 2020: 549).

Bhí Ó Cadhain chomh géar céanna ina bhreithiúnas ar Chonradh na Gaeilge; bhí sé go láidir den tuairim go raibh an Conradh i ‘suan siamsaíochta’ ó bunaíodh an stát. D’áitigh sé go raibh easpa ceistiúcháin agus díospóireachta ar an gConradh toisc, a dúirt sé, gur ‘milieu sóisialta’ é a raibh an ‘mheasúlacht’ agus an luí leis an mbunaíocht sa nádúr ann:

Ní bhíonn daoine easaontach le chéile ag cruinniú Gaeilge! Fianna Fáil ar fad a bhí sna daoine sin. Ní smaoineoidís go bhféadfadh duine a bheith ar a mhalairt, ní hé amháin ansin ach in aon áit eile. Is scata beag daoine iad agus ghetto den chineál is measa déanta acu diobh féin, ghetto na hintinne. Measaim gurb sheo é atá déanta ag an gConra ar fad dhe féin (Ó Cadhain, c.1970: 7).

Mar fhreagra ar an gcineál smaointeoireachta sin, a bhí thar a bheith easnamhach neamhéifeachtach i súile an Chadhnaigh, bunaíodh an brúghrúpa radacach Misneach in 1963 agus Ó Cadhain ina ina cheann feadhna air. Ba mhian le Misneach briseadh amach as sean-iomaire na n-eagraíochtaí Gaeilge d’fhonn ‘réabhlóid’ agus ‘athrú bunúsach’ a spreagadh sa tsochaí chun aghaidh a thabhairt ar mheath na Gaeltachta agus ar neamhshuim na gceannairí polaitíochta agus eaglasta ina leith sin (Rowland, 2016).

Ar an gcaoi sin, chuir Misneach fimíneacht agus béalchráifeacht i leith an stáit, agus i leith Fhianna Fáil go háirithe, mar gheall ar an idéalú agus ar an rómánsú a dhéantaí ‘ar shaol eilimintiúil iartharach’ (Nic Eoin, 2018: 2) na Gaeltachta. Ó ré na hathbheochana anall, eiseamláir chultúrtha agus theangeolaíoch a bhí sa Ghaeltacht ‘from which the rest of the country could continue to draw sustenance’ (Ó Tuathaigh, 1990: 11). In ainneoin an ardstádais sin a bhronntaí ar an nGaeltacht in insint oifigiúil an stáit, agus in insint na gluaiseachta oifigiúla go deimhin, chonacthas do bhaill Misneach gur bheag a bhí ar bun chun aisling na hathbheochana a bhaint amach le fírinne agus gurbh é pobal na Gaeltachta a bhí siar leis an easpa gnímh sin. Chreid Misneach gur ‘pobal’ beo beathach a bhí sa Ghaeltacht a raibh riachtanais shóisialta agus gheilleagracha acu, murab ionann agus an íomhá shiombalach ‘statach’ den Ghaeltacht a cruthaíodh faoi idé-eolaíocht rómánsúil ghlúin na hathbheochana (Nic Eoin, 2020: 242).

Deir beirt a raibh baint acu le Miseach, Séamus Ó Tuathail (2013) agus Mícheál Mac Aonghusa (2013), go raibh na heagraíochtaí fadbhunaithe, Conradh na Gaeilge mar shampla, ródhilís do cheannaireacht an stáit agus go raibh faitíos orthu olc a chur ar Fhianna Fáil go háirithe. Ba í sin an chúis ar mhian le Misneach tarraingt siar as gluaiseacht ‘oifigiúil na Gaeilge,’ rud a threisíonn an argóint go mbíodh coimhlintí idé-eolaíochta le haireachtáil laistigh de ghluaiseacht na Gaeilge riamh anall agus nár ghluaiseacht aonchineálach í dá bharr (Rowland, 2021: 125). Bhí modhanna gníomhaíochta Misneach fréamhaithe san easumhlaíocht shibhialta agus bhí siad ag teacht faoi anáil Saunders Lewis, gníomhaí polaitíochta agus teanga sa Bhreatain Bheag a raibh baint aige leis an bpáirtí polaitíochta Plaid Cymru agus le Cumann na Breatnaise araon (Rowland, 2021: 108). Thug na modhanna nua sin, agus an gníomh díreach go háirithe, dóchas do go leor daoine óga i gConradh na Gaeilge a raibh imní orthu faoi dhíchéimniú na Gaeilge sa chóras oideachais (Mac Aonghusa, 1993: 348).

Athnuachan á déanamh ar Chonradh na Gaeilge

Cé is moite de shaothair leis an Ollamh Dónal Ó Corcora agus leis an Athair Donncha Ó Floinn, deir Ó Tuathaigh gur bheag machnamh úr, agus forbairt dá réir, a rinneadh ar bhunfhealsúnacht na hathbheochana ó bunaíodh an Conradh an chéad lá riamh:

Maidir le bunfheaslúnacht nó bonn idé-eolaíoch na hathbheochana, ní raibh aon smaointe nua ag teacht chun cinn i ‘ngluaiseacht’ na Gaeilge. An bheirt ba mhó a bhíodh ag scríobh go rialta faoi riachtanas na Gaeilge don fhéiniúlacht Éireannach (agus don ‘phearsantacht fhírinneach Éireannach’) ná Dónal Ó Corcora (a d’fhoilsigh The Philosophy of the Gaelic League sa bhliain 1943) agus an tAthair Donncha Ó Floinn ó Mhá Nuad. Bhí cumas sa bheirt seo – mar bholscairí agus mar shoiscéalaithe do chúis na teanga – ach ní raibh rud ar bith úrnua i leith fealsúnacht nó raison d’être na hathbheochana le rá ag ceachtar acu. Macalla ar theachtaireacht bhunaidh Hyde, Moran agus MacNéill ab ea cuid mhaith dá raibh le rá acu (2011: 84).

Ba ríghá an easpa sin a leigheas sa chaoi is go bhféadfaí teachtaireacht na hathbheochana a chur in oiriúint do chomhthéacs nua-aimseartha na 1960í. I gcomhthéacs na linne, agus tar éis an Dara Cogadh Domhanda go háirithe, tháinig borradh faoin taighde sna heolaíochtaí sóisialta ar mhaithe le tuiscint a fháil ar an iompar daonna, iompar teanga san áireamh, san idirghníomhaíocht shóisialta (Ó Murchadha, 2018: 74–80; Walsh, 2022: 8–11). Bhí fíorbheagán den taighde feidhmeach úd, gona bhéim ar dhearcthaí agus ar chleachtais an phobail, á chur i bhfeidhm ar chás na Gaeilge sna 1960í (Ó Caollaí, 2013: 25). Ba ríghá fuascailt a fháil ar an scéal sin láithreach agus ba chuige sin a bunaíodh Craobh na Cásca an athuair in 1966.

Craobh na Cásca

Bhí dlús le ballraíocht óg an Chonartha ag an am mar gheall ar an scéim timireachta a chuir Cathal Ó Finneadha (1928–2015 ) ar bun sa bhliain 1965, le linn dó a bheith ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge (Mac Aonghusa, 1993: 311). Tháinig cuid den ghlúin óg seo le chéile i gCraobh na Cásca, craobh a athbhunaíodh i mBaile Átha Cliath in 1966 mar chuid den chomóradh leathchéad bliain ar Éirí Amach na Cásca (Mac Aonghusa, 1993: 348). D’áitigh Tomás Mac Ruairí (1939–2023), athbhunaitheoir Chraobh na Cásca, gur tháinig sé le bunteachtaireacht Misneach ach amháin nár cheap sé gur ghá eagras eile a bheith ann (Mac Ruairí, 2013). Tháinig Aodh Ó Domhnaill (1947–2018) leis seo freisin (féach: Ní Anluain, 2024):

[…] Bhí lucht Misneach agus glúin óg an Chonartha más féidir linn é sin a ghlaoch orainne ag déanamh na hanailíse céanna, ag teacht cuid éigin ag na conclúidí céanna ach nach rabhamar aontaithe ar conas tabhairt faoi agus go rabhamarna ag iarraidh é a dhéanamh laistigh den Chonradh (Ó Domhnaill, 2013).

Áitíonn Maolsheachlainn Ó Caollaí, a bhí ina chathaoirleach ar Chraobh na Cásca, gur mhian leis grúpa intleachtóirí a chruinniú le chéile i gCraobh na Cásca, dream a d’fhéadfadh ceist na Gaeilge a chur i láthair an phobail trí earraíocht a bhaint as friotal sothuigthe socheolaíoch a mbeadh téagar agus iontaoibh ag baint leis. Is é seo mar a dhéanann sé cur síos ar mhodhanna oibre na Craoibhe:

Dhéanfaí iarracht ar leith na baill a oiliúint agus chuige seo d’iarramar ar Sheán de Fréine roinnt léachtaí oiliúna a thabhairt don chraobh. Uaidh sin, rinneadh teagmháil le Mícheál Mac Gréil (1931-2023) a bhí tagtha ar ais go hÉirinn ó Mheiriceá, áit a raibh máistreacht sa tsocheolaíocht déanta aige. Ag an am sin bhí sé ag réiteach le PhD a dhéanamh. D’iarramar air sraith léachtaí bunúsacha sa tsocheolaíocht a thabhairt dúinn, rud a rinneadh. Chuir sé nótaí ar fáil dúinn chomh maith. I ngeall air sin arís chuireamar eolas ar roinnt mhaith leabhar a bhain leis an ábhar agus le hábhair ghaolmhara agus bhíothas in ann iadsan a úsáid mar chuid den oiliúint ghinearálta. Chuireamar leabharlann ar fáil do na baill agus bhí ar chuile dhuine bheith ag staidéar. Leabhair a bhain leis na heolaíochtaí comhdhaonnacha, le heagraíocht, le teangeolaíocht a bhí sa leabharlann (Ó Caollaí, 2011).

Measann Walsh (2022: 264) go raibh Ó Caollaí ar thús cadhnaíochta maidir le hathruithe a spreagadh i modhanna oibre agus i bhfealsúnacht an Chonartha sna 1960í. Tugtar aitheantas d’Ó Caollaí as scéal na Gaeilge a chur i láthair mar chuid de ghluaiseacht ní ba leithne idirnáisiúnta ar chás léi cinniúint mionteangacha, agus cearta lucht a labhartha: ‘Ó Caollaí had spearheaded reforms in Conradh na Gaeilge from the 1960s and internationalised the debates about Irish by linking them with social and linguistic issues in other countries.’ (2022: 264).

Sa chaoi is nach mbeifí ag dul i muinín ‘teoiricí gan taca’ (de Fréine, 1960: 10) gan trácht ar na nathanna beaga Piarsacha ‘tír gan teanga tír gan anam’ (Ó Domhnaill, 2013), deir Ó Caollaí (2011) go mbíodh saothair le leithéidí Joshua Fishman, an sochtheangeolaí clúiteach, á léamh acu go rialta. Mar chuid eile den athbhreithniú fealsúnachta a bhí ar bun ag Ó Caollaí, theastaigh uaidh go mbeadh obair an Chonartha fréamhaithe i dteoiricí de chuid na ngluaiseachtaí sóisialta sa chaoi is go n-éireodh ní b’fhearr le stocaireacht agus le bearta na heagraíochta (Ó Caollaí, 1973):

Maidir le modhanna oibre, bhí an-spéis againn briseadh leis an seanmhúnla craoibhe a mbíodh caitheamh aimsire mar chroílár ann. Chuireamar romhainn ár modhanna a bhunú roinnt mhaith ar mhodhanna gluaiseachta seachas ar mhodhanna institiúide – míshásamh le staid na Gaeilge a chothú, na baill a oiliúint, an teagasc a fhorbairt, iobairtí a iarraidh ar gach ball ón uair a tháinig siad isteach sa chraobh, corraíl a chur ar bun trí fhíordhearcadh agus easpa gníomhaíochta an stáit a nochtadh agus a ionsaí, na hionsaithe sin a chur chun cinn trí bholscaireacht agus agóidí, feachtais ar leith a cheapadh agus a fhorbairt agus a throid, an tosaíocht a ghlacadh, meanma agus esprit de corps a chothú tríd an bhfealsúnacht a chur á plé agus trí chomhimeachtaí (2011).

Is ar ardán sin na hathnuachana a d’éirigh le Maolsheachlainn Ó Caollaí uachtaránacht an Chonartha a bhaint amach ag an Ard-Fheis i Mainistir na Féile i mBealtaine na bliana 1968 (Mac Aonghusa, 1993: 343).

Bunú Pobail Náisiúnta

Mar dhlúthchuid den athnuachan sin, ba mhian le Ó Caollaí seantuiscintí i leith an náisiúin a mhúnlú an athuair laistigh de dhioscúrsa na socheolaíochta. Ba ghá é sin a dhéanamh, a deir sé, le go mbeadh sé ar chumas ag náisiúntacht na hÉireann an fód a sheasamh i gcoinne an chomhshamhlaithe chultúrtha a bhí ag déanamh ionraidh ar an tír. Sampla den chomhshamhlú sin, dar leis, ba ea an Comhaontú Saorthrádála idir Éire agus an Bhreatain a socraíodh sa bhliain 1965 (Ó Caollaí, 2011). Gné lárnach i sochaí ar bith is ea an geilleagar, agus dá réir sin, má bhí geilleagair an dá thír le bheith comhtháite faoin gComhaontú Saorthrádála, d’fhág sin go mbeadh cultúr na hÉireann á inmhéanú le cultúr Shasana, dar leis. Gné eile den chomhshamhlú cultúrtha sin a bhíodh ag dó na geirbe ag an gConradh sna 1960í ba ea an teilifís, go háirithe ón uair a bunaíodh Teilifís Éireann in 1961. Ba é an faitíos a bhí ar an gConradh ná, mura mbeadh soláthar ceart Gaeilge ar Theilifís Éireann, go mbeadh an teilifís ‘á húsáid i gcoinne mian chroí an Náisiúin’ agus gurbh iad ‘buanú an Bhéarla agus buanú an choncais ghallda chultúrtha’ an oidhreacht a d’fhágfadh an teilifís ina diaidh (Conradh na Gaeilge, 1962: 3–4).

D’fhéadfaí a rá gurbh í an cheist cheannann chéanna, is iad sin an comhshamhlú agus an tiarnas cultúir, ba chúis le codanna de Chonradh na Gaeilge a bheith fuar patuar i leith an tionscnaimh Eorpaigh lá níos faide anonn (Mac Aonghusa, 1993: 357). Ar an ábhar sin, thapaigh an iris aoire, Dublin Opinion, an deis chun fonóid a dhéanamh faoin mbaol a shamhlaití a bheith i ndán don Ghaeilge, agus don fhéiniúlacht náisiúnta, de dheasca Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (Kelly, 1967: 105):

Figiúr 2: Cartún ón iris Dublin Opinion

Mar leigheas ar bhaol damanta an chomhshamhlaithe, theastaigh ón gConradh coincheap an ‘phobail náisiúnta’ a chur chun cinn mar fhál cosanta, mar a mhíníonn Ó Caollaí:

I go leor den litríocht náisiúnach a bhí á scríobh agus á léamh ó dheireadh na 19ú haoise anall, luaití ‘náisiún’ amhail is go mba neach éigin spioradálta é, rud éigin teibí, rud a bhí deacair a mhíniú nó cur síos air, rud éigin a bhí taobh amuigh den ghnáthshaol. Ba ghá tuiscint ní b’fhearr a fháil ar ‘náisiún’ – cur síos ní b’fhearr agus ní ba shoiléire a chur ar fáil. Chuir fealsamh Francach síos ar an náisiún mar ‘comhluadar de chomhluadair.’ Bhí sé níos fusa baint a bheith agat leis sin ná le neach éigin a bhí ar foluain in áit éigin. Bhí brí shoiléir shocheolaíoch le ‘Pobal Náisiúnta’, brí atá le fáil ach go háirithe sa chur síos a dhéantar ar ‘group’ (2011).

Ní raibh coincheap ‘an phobail náisúnta’ luaite go sonrach i mBunreacht an Chonartha nuair a toghadh Ó Caollaí ina uachtarán ar an gConradh in 1968: ‘Conradh na Gaeilge is ainm don eagraíocht, agus is é is cuspóir dó an teanga Ghaeilge a chur faoi athréim ar fuaid na hÉireann uile ionas go mba thír shaor Ghaelach í athuair.’ Leasaíodh an bunreacht in 1972 d’fhonn tagairt don ‘Phobal Náisiúnta’ a fhí isteach ann den chéad uair: ‘Is é Conradh na Gaeilge ainm an eagrais. Sé cuspóir an eagrais Pobal Náisiúnta saor Gaelach a chothú’ [liomsa an cló Iodálach] (Conradh na Gaeilge, 1973: 9). B’athrú caolchúiseach é sin i bhfoclaíocht an bhunreachta ach ba í an aidhm a bhí leis ná a léiriú gurbh í an Ghaeilge an comhchultúr agus an comhchleachtas a cheanglaíonn ‘pobal náisiúnta’ na hÉireann le chéile. D’fhéadfaí a rá, mar sin de, gurbh é an pobal náisiúnta ‘an ceann scríbe’ a rachfaí i dtír air trí thinfeadh na teanga agus an chultúir dhúchais. Ar an gcaoi sin, bhainfí saoirse pholaitiúil, eacnamúil, shóisialta agus cultúir amach sa phobal náisiúnta trí bhíthin na Gaeilge agus trí chleachtadh an chultúir (Conradh na Gaeilge, 1973: 10). Is éard a bheadh sa phobal náisiúnta sin, dar le Ó Caollaí, ná ‘gasra’ daoine a bheadh nasctha le chéile ag an gcomhchultúr:

[…] is féidir le socheolaíocht cur síos ar cad is brí le gasra nó le group agus is group é an náisiún, an ceann is mó dá bhfuil ann i ndáiríre agus an tuiscint agus an bhraistint seo go bhfuil tú i do bhall de sin, sin náisiún agus tagann sé sin ón gcultúr agus ón teanga. Ní thagann sé ó chiníochas nó aon rud mar sin, is cuma céard a bhí i d’athair nó i do mháthair nó aon rud, braitheann sé ar an gcultúr atá tú ag cleachtadh agus an teanga. (Ó Caollaí, 2011)

Léiríonn sé seo go bhfuil Ó Caollaí (1976: 8) ag diúltú don eitneanáisiúnachas a shamhlaítear le deireadh an 19ú haois faoina gceanglaítí an náisiúntacht le pobal tíreolaíoch ar leith. Ina áit sin, áitíonn sé gurb iarmhairt í an náisiúntacht ar phróisis shóisialta agus chultúrtha, rud a chiallaíonn, a deir sé, nach bhfuil aon bhaint ag tréithe bitheolaíochta le seachadadh na náisiúntachta: From this it follows that any person whatever their physical characteristics and descent may become a member of a nation through cultural process’.

Is sampla é seo den náisiúnachas sibhialta, ar foirm chuimsitheach den náisiúnachas é a aithníonn uathúlacht shainiúil chomh maith le cearta agus féin-achtáil an duine aonair (Woolard, 2016: 15). Is í an Ghaeilge, dar le Ó Caollaí, an t-aon chloch choirnéil faoina bhféadfaí bealach maireachtála mar sin a chruthú in Éirinn. Ceapann sé gurb í an teanga bunchloch na náisiúntachta óir is í an teanga a idirdhealaíonn an pobal náisiúnta ó phobail náisiúnta eile, mar a dúirt sé ag an Ard-Fheis in 1969:

Múnlaíonn teanga an bealach ina smaoiníonn daoine. Foghlaimímid conas smaoineamh a dhéanamh, conas mothú, conas rogha a dhéanamh, le cabhair fhocail, chora cainte agus chomhréir ár dteanga agus faoin srian a chuireann siad orainn. Sa teanga atá caomhnaithe taithí, eachtraí, eolas agus aislingí na nglúnta atá imithe. Trí theanga cuidíonn na mairbh le forbairt na mbeo. Dá bharr seo ar fad is í a gcomhtheanga a dhéanann pobal ar leith de dhream daoine is a chuireann ar a gcumas cultúr ar leith a chruthú agus é a chur ó ghlúin go glúin. Idirdhealaíonn sí pobal náisiúnta ó phobail náisiúnta eile. (Ó Caollaí, 1969: 3)

Athdhearbhú is ea an méid sin ar fhealsúnacht na hathbheochana gur meán í an teanga chun eolas soch-chultúrtha a sheachadadh ó ghlúin go glúin agus gurb í an teanga an eochair chun díchódú a dhéanamh ar chuimhní stairiúla (Ó Conchubhair, 2009: 16–9). Ina dhiaidh sin féin, cuireann Ó Caollaí go hinniúil le tuiscintí na hathbheochana tríd an bpobal náisiúnta a shainmhíniú i dtéarmaí socheolaíochta le léiriú go mbaineann tábhacht shóisialta leis an nGaeilge i gcomhluadar sa mhullach ar thábhacht ‘mhaoithneach’ na teanga. Éiríonn leis, mar sin, fealsúnacht na hathbheochana a phósadh leis an náisiúnachas sibhialta.

Ceist na gceart

De dheasca chúlú an stáit i gcaitheamh na 1960í, músclaíodh ceistiúchán sa Chonradh faoin athbheochan agus na baill in amhras an éireodh léi ar chor ar bith. Dá bharr sin, deir Ó Caollaí gur mhithid an athbheochan a chur i láthair faoi fheisteas nua agus ba í sin an chúis ar socraíodh an ‘t-athréimniú’ a thabhairt isteach sa dioscúrsa in áit na hathbheochana (Ó Caollaí, 2013: 52). Mar chuid de seo, deir Aodh Ó Domhnaill gur shocraigh lucht na Gaeilge, in aon turas, ceist na Gaeilge a phlé agus a chur i láthair i dtéarmaí na gceart sibhialta feasta seachas i dtéarmaí athbheochana, rud a thug spreagadh dóibh dul ar mhórshiúltaí agus ar phicéid, fearacht nós na linne sin:

[…] do bhain sé sin le dearcadh na 1960idí ar fud an domhain, civil rights ‘we shall overcome,’ bhí Vietnam ar siúl, bhí cearta sibhialta i Meiriceá in 1968 agus i bPáras, bhaineamar leis an nglúin sin, ba chuid den saol é a bheith i mbun círéibe. (Ó Domhnaill, 2013)

 

Is cinnte gur baineadh earraíocht fhónta as an dioscúrsa sin chun ‘naimhde na teanga’ (Mac Aonghusa, 1993: 347) sa chóras oideachais a chloí, an LFM cuir i gcás. Bhí ceist an oideachais dhátheangaigh ina cnámh spairne i lár na 1960í mar gheall ar an tuarascáil taighde Bilingualism and Primary Education a scríobh an tAthair John Mac Namara. Ba é phríomhthoradh an taighde sin gur caitheadh 42% den am teagaisc sa bhunscoil ar an nGaeilge le hais 22% den am ag plé leis an mBéarla in ainneoin gurbh é an Béarla gnáth-theanga an teaghlaigh ag formhór na ndaltaí (MacNamara, 1966: 135). Dioscúrsa ba ea é seo ar tharraing an LFM agus Fine Gael air le cur ina luí ar an bpobal nach raibh an córas oideachais ag teacht le mianta tuismitheoirí ar mhaith leo gurbh ionann teanga an teaghlaigh agus meán teagaisc na scoile. Bíodh is gur tarraingíodh ceisteanna anuas faoin modheolaíocht a chleacht MacNamara, agus faoina iontaofa is a bhí na torthaí taighde (Williams, 1967; Lambert & Tucker, 1973; Cummins, 1977), deir Ó hIfearnáin (2009: 565) go raibh an-drochthionchar ag an taighde seo ar chúis an tumoideachais, agus ar chlú an oideachais dhátheangaigh trí chéile, i súile an phobail sna 1960í.

Ceapadh Eoghan Ó Néill ina Stiúrthóir ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge in 1966 (féach: Breathnach & Ní Mhurchú, 2024b). Go gairid ina dhiaidh sin, thug sé cuireadh don Ollamh Jac L.Williams teacht go hÉirinn chun léacht dar teideal Bilingualism Today a thabhairt in 1967. Saineolaí san oideachas agus sa dátheangachas in Ollscoil Aberystwyth ba ea Williams. Níos faide anonn sa bhliain 1973, d’fhoilsigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge leabhrán dar teideal The Benefits of Bilingualism, a scríobh beirt ollúna as Ceanada, Lambert agus Tucker. B’iarrachtaí comhfhiosacha agus eagraithe iad seo chun fianaise eolaíochtúil a chur ar fáil a thabharfadh dúshlán théiseanna Mac Namara agus an LFM. Léiriú is ea é freisin ar fheasacht ghluaiseacht na Gaeilge a bheith á múscailt i dtaobh chúrsaí oideachais agus cearta teanga sa Bhreatain Bheag agus i gCeanada araon. Ag eascairt as sin, agus chun teacht i dtír ar chúlú an stáit, bunaíodh feachtas na réamhscolaíochta agus na Gaelscolaíochta (Mac Aonghusa, 1993: 362; Walsh, 2022: 147), chomh maith leis an bhfeachtas ar son reachtaíocht teanga (Walsh, 2022: 213–4) gan trácht ar an bhfeachtas craolacháin sna 1970í.

Conclúid

Ba ríléir do ghluaiseacht na Gaeilge faoi na 1960í go raibh an stát ag loiceadh ar a gcuid dualgas chomh fada agus a bhain sé le hathréimniú na Gaeilge. Dá dheasca sin, agus mar thionchar ar bhunú an LFM in 1965, thuig Conradh na Gaeilge gur orthusan a thitfeadh cúram na Gaeilge feasta, rud a thug spreagadh dóibh atheagar a chur air féin mar ghluaiseacht shóisialta (Ó Caollaí, 1972: 13). Ba mhalairt ghlan é seo ar ghníomhartha an Chonartha sna 1920í, tráth ar tháinig lagtrá ar an ngluaiseacht le bunú an stáit nua agus fágadh cúram na hathbheochana i lámha an stáit nuabhunaithe dá réir sin (Denvir, 1997: 352).

Agus an athnuachan faoi lán seoil, ba mhian le baill Chraobh na Cásca, go háirithe, tuiscintí úra a chruthú chun tábhacht na Gaeilge i saol an náisiúin a léirmhíniú. Chuige sin, thug na baill faoi léitheoireacht sa tsochtheangeolaíocht agus i dteoiricí na ngluaiseachtaí sóisialta sa chaoi is go mbeadh sé ar a gcumas tábhacht na teanga a chur in iúl i bhfriotal iontaofa socheolaíochta a d’fheil do chomhthéacs nua-aimseartha na 1960í, murab ionann agus an seanchur chuige a bhí fréamhaithe sa mhaoithneachas amháin. Mar gheall ar an gcomhbhallraíocht le Misneach gan trácht ar shaineolas na mball i dteoiricí na ngluaiseachtaí sóisialta, bhí modhanna nua gníomhaíochta á gcleachtadh ag Conradh na Gaeilge a d’fheil go paiteanta do chultúr na 1960í: léirsithe, picéid, mórshiúltaí, agóidíocht agus easumhlaíocht shibhialta.

Mar fhreagra ar an gcomhshamhlú cultúrtha agus ar an tomhaltas a bhí á mbrú ar Éirinn, dá buíochas, bhí Conradh na Gaeilge den tuairim go rachadh sé chun tairbhe don náisiún dá mbunófaí ‘pobal náisiúnta’ a chuimseodh cách, beag beann ar phór agus ar ghéinte, agus a mbeadh an Ghaeilge ina cloch choirnéil faoi. Faoin bhfealsúnacht úd, cuireadh in iúl go raibh an Ghaeilge ‘riachtanach’ (murab ionann agus ‘éigeantach’) mar ghléas cuimsitheach féiniúlachta chun náisiúntacht bhuan Éireannach a chur chun cinn. Thug sé sin uchtach do Chonradh na Gaeilge chun scéal agus dán na teanga a phlé trí dhioscúrsa na gceart feasta, go háirithe le linn uachtarántacht Mhaolsheachlainn Uí Chaollaí (Mac Con Iomaire, 2024: 20). D’fhág sé sin go raibh sé ar chumas an Chonartha feachtas na réamhscolaíochta, an feachtas ar son reachtaíocht teanga mar aon leis an bhfeachtas craolacháin a chur ar siúl sna 1970í. Athrú straitéiseach ba ea é sin i modhanna oibre agus i bhfealsúnacht an Chonartha a chinntigh gur mhair gníomhaíochas na heagraíochta i bhfad i ndiaidh don LFM a bheith ar an dé deiridh. Ba í Craobh na Cásca an bhunfhoinse a spreag an athnuachan sin a rinneadh ar mhodhanna gníomhaíochta agus ar fhealsúnacht Chonradh na Gaeilge ag druidim le deireadh na 1960í.

 

Tagairtí

Agallaimh

Mac Aonghusa, M. (2013) Agallamh le Mícheál Mac Aonghusa (ball den eagraíocht Misneach), Baile Átha Cliath. 5 Feabhra.

Mac Ruairí, P.T. (2013) Agallamh le Tomás Mac Ruairí, ball de Chonradh na Gaeilge, Baile Átha Cliath. 13 Márta.

Ó Caollaí, M. (2011) Agallamh le Maolsheachlainn Ó Caollaí, iar-Uachtarán an Chonartha 1968–74, Baile Átha Cliath, 13 Aibreán.

Ó Domhnaill, A. (2013) Agallamh le hAodh Ó Domhnaill (ball de Chonradh na Gaeilge), Baile Átha Cliath, 13 Márta.

Ó Tuathail, S. (2013) Agallamh le Séamas Ó Tuathail (ball den eagraíocht Misneach), Baile Átha Cliath, 4 Feabhra.

Ábhar Cartlainne

Conradh na Gaeilge. (1962) Meamram: Telefís Éireann. Bailiúchán Chonradh na Gaeilge (G60), Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, Ollscoil na Gaillimhe.

Conradh na Gaeilge. (1973) Conradh na Gaeilge: ArdFheis 1973. Bailiúchán Chonradh na Gaeilge (G60), Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, Ollscoil na Gaillimhe.

Kelly, C.E. (1967) ‘Common Market, How Are Yeh?’ Dublin Opinion. Meitheamh.

LFM (c.1966a) Constitution of the Language Freedom Movement. Bailiúchán an Language Freedom Movement (G44), Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, Ollscoil na Gaillimhe.

LFM (c.1966b) Language Freedom Movement: Revised Statement of Policy. Bailiúchán an Language Freedom Movement (G44), Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, Ollscoil na Gaillimhe.

Leabhair agus Ailt

Bowman, J. (2011) Window and mirror: RTÉ television – 19612011. Cork: Collins.

Breathnach, D. & Ní Mhurchú, M. (2024a) ‘Ó Cadhain, Máirtín (1906–1970).’ www.ainm.ie (Idirlíon). Ar fáil ag: https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=413 (06.08.24).

Breathnach, D. & Ní Mhurchú, M. (2024b) ‘Ó Néill, Eoghan (1919–2007).’ www.ainm.ie (Idirlíon). Ar fáil ag: https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=3022 (06.08.24).

Brown, T. (2004) Ireland: A social and cultural history, 19222002. London: Harper Perennial.

Cummins, J. (1977) ‘Immersion education in Ireland: A critical review of Macnamara’s findings’. Working Papers on Bilingualism 13: 121–9.

Daly, M.E. (2016) Sixties Ireland: Reshaping the Economy, State and Society, 1957–1973. Cambridge: Cambridge University Press.

de Fréine, S. (1960) Saoirse gan Só. BÁC: FNT.

Denvir, G. (1997) Litríocht agus Pobal. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Lambert, W.E. & Tucker, G.R. (1973) The Benefits of Bilingualism. Baile Átha Cliath: Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Mac Aonghusa, P. (1993) Ar Son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 18931997, Stair Sheanchais. Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge.

Mac Con Iomaire, R. (2024) An Ghluaiseacht: Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta. An Spidéal: Cló Iar-Chonnacht.

MacNamara, J. (1966) Bilingualism and Primary Education: A Study of Irish Experience. Edinburgh: Edinburgh University Press.

Meehan, C. (2013) A Just Society for Ireland. London: Palgrave/Macmillan.

Murphy, G. (2009) In Search of the Promised Land. Cork: Mercier Press.

Ní Anluain, É. (2024) ‘Ó Domhnaill, Aodh (1947–2018).’ www.ainm.ie (Idirlíon). Ar fáil ag: https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=5038 (17.09.24).

Nic Eoin, M. (2018) ‘Imeallach agus Iltíreach? Pointí féachána nualitríocht na Gaeilge.’ Léann: Iris Chumann Léann na Litríochta 5.

Nic Eoin, M. (2020) ‘State, Space and Experiment in Irish-Language Prose Writing.’ Irish Literature in Transition, 1940–1980. Cambridge University Press. 235–54.

Ó Braonáin, D. (2020) ‘Gaeltacht Uí Chadhain: Fís agus Tuairisc.’ Mac Amhlaigh, L. agus Mac Giolla Léith, C. (eag.) Léachtaí Uí Chadhain: Mórchnuasach in ómós do Mháirtín Ó Cadhain (19061970). BÁC: Cló Léann na Gaeilge. 539–58.

Ó Cadhain, M. (c.1970). Gluaiseacht na Gaeilge: Gluaiseacht ar Strae. BÁC: Misneach.

Ó Caollaí, M. (1969) ‘Múnlú na hAthbheochana do Shaol na Linne seo: Óráid Uachtaráin an Chonartha.’ Feasta, 22 (3), 5–9.

Ó Caollaí, M. (1972) ‘Athnuachan: Óráid Uachtarán Chonradh na Gaeilge.’ Feasta, 25 (2), 13–8.

Ó Caollaí, M. (1973) ‘Timthriall Ghluaiseachta.’ Social Studies: Irish Journal of Sociology, 2 (2), 101–26.

Ó Caollaí, M. (1976) ‘LFM and the Language.’ Irish Press. 1 Meitheamh. 8.

Ó Caollaí, M. (2013) Garret FitzGerald agus Paddy Hillery: Beirt a chuir an Ghaeilge dá boinn. BÁC: Coiscéim.

Ó Cathasaigh, A. (2002) Ag Samhlú Troda: Máirtín Ó Cadhain, 19051970. BÁC: Coiscéim.

Ó Conchubhair, B. (2009) Fin de Siècle na Gaeilge. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Giollagain, C. (2014) ‘Unfirm ground: a re-assessment of language policy in Ireland since Independence.’ Language Problems and Language Planning 38:1.

Ó hIfearnáin, T. (2009) ‘Irish speaking society and the state’. Ball, M.J. & Müller, N. (eag.) The Celtic languages (2nd ed., Routledge language family series). New York: Routledge. 539–86.

Ó Murchadha, N. (2018). ‘Iniúchadh ar dhearcadh cainteoirí Gaeltachta ar éagsúlacht na Gaeilge comhaimseartha.’ Ó hIfearnáin, T. & Walsh J. (eag.). An Meon Folaithe: Idé-eolaíochtaí agus iompar lucht labhartha na Gaeilge in Éirinn agus in Albain. BÁC: Cois Life. 74–102.

Ó Tuathaigh, G. (1990) The Development of the Gaeltacht as a Bilingual Entity. BÁC: Institiúid Teangeolaíochta Éireann.

Ó Tuathaigh, G. (2011) ‘An Stát, an Fhéiniúlacht Náisiúnta agus an Teanga: Cás na hÉireann’. Mac Cormaic, B. (eag.) Féiniúlacht, Cultúr agus Teanga i Ré an Domhandaithe. BÁC: Coiscéim. 76–112.

Rowland, H. (2016) ‘An choimhlint idé-eolaíochta idir Misneach agus an LFM le linn chomóradh 50 bliain an Éirí Amach.’ COMHARTaighde 2.

Rowland, H. (2021) ‘Saunders Lewis agus an tionchar a bhí aige ar Mháirtín Ó Cadhain agus ar ghluaiseacht na Gaeilge sna 1960idí.’ Studia Hibernica 47(1).

Walsh, J. (2012) Contests and Contexts: The Irish language and Ireland's Socio-Economic Development. Bern: Peter Lang.

Walsh, J. (2022) One Hundred Years of Irish Language Policy, 19222022. Peter Lang Group: Peter Lang Ltd, International Academic.

Williams, J.L. (1967) Bilingualism Today. Baile Átha Cliath: Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Woolard, K.A. (2016) Singular and Plural: Ideologies of Linguistic Authority in 21st Century Catalonia. New York: Oxford University Press.