DOI: https://doi.org/10.13025/29620

Dathú Éadaigh

Pléifear dathú éadaigh san aiste seo, le béim speisialta ar dhathanna nádúrtha. Pléitear gnéithe den phróiseas ina ndéantaí éadach a dhathú go traidisiúnta. Pléifear cuid de na dathanna éagsúla agus conas mar a cruthaíodh iad. Baineadh úsáid as ábhar nádúrtha cosúil le glasraí agus plandaí agus ábhair eile nach iad mar chuid den phróiseas seo. Cuirfear san áireamh réimse leathan foinsí ó bhailiúcháin bhéaloidis go leabhair ar an ábhar. 

Ní gá brath ar lámhdhéantúsaíocht chun sinn féin a ghléasadh sa lá atá inniu ann, ar ndóigh. Ba ghné den saol laethúil an obair seo tráth, áfach. Faoi mar a mhínigh Donnchadh Ó Céileachair: ‘Sa tseana-shaoghal nuair ná bíodh aon éadach le fáil isna siopaithe, bhíodh ar ga’h aon lín-tighe a gcuid éadaigh féin a dhéanamh sa bhaile.’ (1944: 280).

Sa tseanaimsir in Éirinn, cé gur oileadh fir mar tháilliúirí (tá tuilleadh faoi seo san alt ‘An táilliúireacht trí shúile na bprintíseach: dhá chuntas ón naoú haois déag’ le Síle de Cléir) agus mar fhíodóirí, ba mhinic gur ar na mná a thit sé an t-éadach féin a dhéanamh. Má théimid siar chomh fada leis an 15ú haois fiú, go dtí ‘Beatha Ciarain Cluana Mac Nois’ ó Leabhar Leasa Móir, leabhar a cuireadh le chéile do Fhínghean Mac Cárthaigh, Tiarna Chairbre circa 1480, luaitear ann an mí-ádh a bhain le fir a bheith ag plé le dathú:

On a certain day, Ciarán’s mother was making blue dye, and she was on the point of putting cloth into it. Whereupon his mother said to him: ‘Out with you, Ciarán! It is not considered auspicious to have men present for the process of dyeing cloth.’ (Herbert, 1994: 1)

Tá fáil againn ar go leor cuntas ar cheird an dathaithe, mar a bhíodh, i leabhair agus sa bhéaloideas. Dá bhrí sin, déanfar tagairt do thuairiscí faoin saothar seo ó fhoinsí éagsúla. Is léir go raibh an cheird seo fós á cleachtadh aimsir Bhailiúchán na Scol, mar tá ualach mór tagairtí, os cionn 100, do ‘dyeing’ agus ‘dathú éadaí’ sa bhailiúchán céanna, ó na 1930í. Bhí gá leis an dathú toisc go ndéantaí na héadaí as olann go príomha, agus ar ndóigh ní raibh ach caora bhán, nó corrchaora dhubh ar fáil. Ní raibh sa dathú féin ach cuid bheag de phróiseas fada, le go leor céimeanna, ón gcaora go dtí an gculaith, d’fhéadfá a rá! Is deas an ráiteas a thug seanbhean do Kevin Danaher: ‘“Those who knew the herbs and the plants,” said she, pointing to the bright landscape of hill and sea and sky, “could pick any colour you like out of that scene and put it in the wool”’. (1984: 83). Céim shuimiúil amháin sa phróiseas dathaithe ab ea an ruaim, nó ábhar a úsáideadh mar bhuanaitheoir nó mordant. Míníonn Danaher an fheidhm a bhí leis an stuif seo: ‘to bite into the fibres of the wool and so give the dye-colour a grip on the material and prevent it from being washed off.’ (1984: 83) Seo míniú eile ar ruaim ó Charraig Uí Leidhin i gCorcaigh i mBailiúchán na Scol: ‘In order to “rime” the clothes that is to make the dye stick they were first boiled with sorrel.’ (CBÉS 357: 47). Cosúil leis na dathanna iad féin, is liosta le háireamh iad na nithe atá luaite le ruaim.

Is cosúil go mbraitheann na ‘comhábhair’ sa dath ar an áit ina bhfuil tú, agus rogha na mná féin. Tá alt ríspéisiúil ag Vernon Hull, ‘Irish Ruaim’, ina gceistíonn sé Seán Ó Dálaigh,

What is ruaim?’ Faoi mar a léiríodh faoi na róil inscne sa scéal faoi Naomh Ciarán thuas, ní raibh cur amach ag an Dálach féin ar an bpróiseas. Chuaigh sé i gcomhairle le seanmhná an cheantair chun é a fhiosrú do Hull. Seo a méid a chuireann ‘Master Seán O’Daly’ ar fáil ina chomposition (mar a thug Hull air) deiridh: ‘Dath crón is eadh ruaim. Do-bhaineadh na mná tighe ruaim as préamh-achaibh sceach agus as sméara dubha a bhíodh ag fás ar na sceachaibh insa bhfóghmhar. Do-bhainidis barraidheacha na sceach leis chuin na ruama do dhéanamh.’ (1951: 371)

Míníonn Hull ansin:

A comparison of the foregoing account by Sean O’Daly with the account by Eugene O’Curry in his work entitled ‘On the Manners and Customs of the Ancient Irish’, taken together with the supplementary remarks thereto in the introduction by W.K. Sullivan, indicates that both accounts at least agree in defining ruaim as a term which is strictly applicable only to the first dye stuff. They disagree markedly, however, with respect to the substances from which this base was produced. According to O’Daly, the base was extracted from the roots and the tops of briars, as well as from the blackberries growing on the briars. So, too, according to O’Curry and Sullivan the base was concocted from various materials. Yet apart from the roots of the bramble, which apparently are equivalent to O’Daly’s roots of the briar, they do not refer to the tops of briars or to the blackberries growing on these briars as sources for ruaim. On the other hand, they do refer to other sources, namely, the twigs of the alder tree, the buck bean, and even the common sorrel, none of which O’Daly mentions… each district in Ireland made use of those natural resources which were immediately available. (1951: 374)

Ar aghaidh ansin chuig na hábhair a úsáideadh chun an dath féin a chur san éadach. Ceann de na hábhair is mó a luaitear le dathú éadaigh ná an crotal nó scraith chloch – lichen. Tá réimse leathan den ábhar seo ann ach ba mhó úsáide a baineadh as Parmelia saxatilis agus Parmelia omphalodes in Éirinn toisc iad a bheith ar fáil go forleathan (Mahon, 1982). Faighimid cuntas cuimsitheach ar an bpróiseas seo sa leabhar Cuimhní Cinn Cháit Ní Mhainnín, a bhaineann lena saol ag fás aníos i Ros Muc. Seo mar a scríobh sí:

Scraith chloch is mó a d’úsáididís leis an olann bhán a dhathú. Céard é scraith chloch, arsa tusa. Fásann sé ar ailltreacha agus ar mhulláin eibhir, áit ar bith a mbíonn cloch eibhir – fiú amháin claíocha, fásann scraith chloch orthu… Is minic a chonaic mé bean lá bradáin báistí, a buicéad agus a scian aici agus í ag scríobadh an stuif seo de na clocha. Bhí sé níos éasca é a bhaint nuair a bhíodh sé fliuch. Bhíodh an bhean ag baint léi go mbíodh slám mór bainte aici, leath de mhála dhá chéad bran, b’fhéidir. Abhaile léi ansin agus d’fhadaíodh sí tine i gcoirnéal sciobóil nó sráide. Dhéanadh sí frapa cloch timpeall uirthi. Chuireadh sí pota mór iarainn anuas ar an bhfrapa cloch. Chuireadh uisce ann. Slám ola ansin, agus slám scraith chloch os cionn na holann. Slám eile ola agus slám scraith chloch agus mar sin ó shlám go slám go mbíodh an pota gar dá bheith lán. Bhuaileadh sí clár ar an bpota ansin nó chuireadh sí cloch réasúnta trom ar an stuif a bhíodh ann lena choinneáil síos nuair a bhíodh an pota ar fiuchadh. Lasadh sí an tine ansin agus d’fhágadh an pota ar fiuchadh go mbíodh sí sásta leis an dath a bhíodh tógtha ag an olann. Chaitheadh sí an olann suas ar chlaí ansin go dtriomaíodh sí. Ar a bheith tirim di, chraitheadh aisti an scraith chloch agus réitíodh amach í le tabhairt chuig an bhfíodóir. Dath rua a thugadh an scraith chloch ar an olann bhán… (2000: 21–2)

Chímid sa sampla seo ná luaitear an ruaim, arís ag léiriú na héagsúlachta a bhain leis na ceantracha agus na hábhair dhifriúla. Ní i gcónaí go mbíonn ruaim ag teastáil, ach tá sé tuiscint óm’ léitheoireacht ghinearálta (Vegetable Dyes, Ethel Mairet [Londain, 1952], The Use of Vegetable Dyes, Violetta Thurstan [Leicester, 1957], Natural Dyeing: Learn How to Create Colour and Dye Textiles Naturally, Kathryn Davey [Londain, 2022]) go mbíonn torthaí níos fearr léi de ghnáth. Tá liosta suimiúil ón mbaile fearainn Droim Slaoid i gContae Mhaigh Eo ar an gceann is cuimsithí atá ar fáil i mBailiúchán na Scol. Tugtar go leor ‘Luibheanna a dathuigheanns’ ar an liosta seo, thar dhá leathanach. Seo hiad na plandaí, agus na dathanna a bhaineann leo, a luaitear ann (údar an ailt seo a chuir ainmneacha Laidine na bplandaí leis an liosta thíos agus tá an litriú caighdeánach ó Fhoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill tugtha idir lúibíní leis na samplaí seo):

neantógaUrtica dioica – glas

driseogaRubus fruticosus – dubh ‘iad do ruamú le logwood [vód]’ (importáilte de ghnáth)

silistreach [seileastrach] – Iris pseudacorus – gorm agus dubh

bláth an aitinnUlex europaeus – buidhe

cupóg [copóg] – Rumex obtusifolius – glas

raithneachPteridium aquilinum – dubh ‘a ruamu le logwood’ agus donn

craiceann oinniún – buidhe geal

crotalbrown

cabáistebottle green

fraochCalluna Vulgaris – donn

cnádánArctium minus – donn

fearbhán [fearbán] – Ranunculus acrisindigo blue

samhaidhRumex acetosa – glas agus donn

‘meachna a fásann san loch’ – ‘dath dubh breag’

madrai [madar] – dearg

donn samhaidhRumex acetosella – donn

féar tirim – ‘a ruamu le logwood agus ailím [ailím] dathuigheann sé dubh’. (CBÉS 129: 242).

Tá cuntas breá eile ar dhathú ar fáil sa leabhar A Mhuintir Dhú Chaocháin, Labhraígí Feasta! (1987: 135) chomh maith:

Tá go leor luibheanna ann chun dath a dhéanamh agus seo cuid acu: crotal na gcloch, bun na ndriseachaí, bun na bhfeá, an ruileogach.

Cuireann siad na luibheanna seo síos i bpota uisce; cuireann siad ar an tine iad go ‘bhfiuchantar’ go maith iad. Ansin nuair a bhíonn siad fiuchta tógann siad na luibheanna as an uisce. Cuireann siad an t-éadach síos ins an uisce agus cuireann siad ar an tine arís é. Nuair a thóigeann siad an t-éadach as an uisce bíonn sé dathaithe.

Seo é an chaoi a ndéanadh seanmhná éadaí a dhathú fadó. Bhaineadh siad bun na capóige. Ghlanadh siad é, agus ansin scríobadh siad é. Bhruitheadh siad é i bpota uisce agus chuireadh siad isteach an olann agus cnapán goirm. Nuair a bhíodh an méid sin dathaithe, chuireadh siad síos tuilleadh. Ansin thriomaíodh siad é.

Tá éagsúlacht mhór le feiceáil idir na dathanna a luaitear leis na plandaí difriúla sna cuntais dhifriúla, rud atá suimiúil ann féin. In alt Danaher (1984: 84) pléann sé an cur chuige seo:

There are many other plants from which colour can be derived, but long practice showed which were best. Many dyers had secret formulae – the addition of a little vitriol, tartar, vinegar or salt, or a quantity of this or that herb, to produce a particular shade. The really expert made an exact science of dyeing, with most careful measurements of exact quantities, times and processes, so as to be sure of obtaining the exact shade required. Others, less careful, worked on a hit and miss system, in which the final colour was somewhat of a mystery until the work was finished. But, what matter, as long as it was a nice colour?

Ceann de na cúiseanna go mbaintear úsáid as ceimicí i ndathú sa lá atá inniu ann ná chun seasmhacht sa phróiseas a chinntiú. Tháinig na ceimicí isteach in Éirinn sa 19ú haois agus tháinig meath ar dhathú nádúrtha dá bhrí sin. Ceird bhaile a bhí ann go fóill, áfach, mar a mhínigh Seán Ó Dálaigh in 1932:

Tá sé suas le trí fichid bliadhan anois ó stad na daoine insan áit seo ar fad ó bheith ag baint aon phréamheacha sceach nó sméara ná barraidh-eacha sceach chuin ruama do dhéanamh. Nuair a theastuigheann ó sna mná tighe aon phíosaí plainnín do dhathughudh insa lá atá indiu ann chuin cótaí dubha do dhéanamh de, is amhlaidh a cheannuigheann siad coparós[1] agus bhód[2] insa Daingean chuin go mbeadh cótaí dubha aca á chaitheamh. Níl aon eolas riamh aca ar aon ruaim a bhaint as na sceacha. Níor chualadar riamh aoinní mar gheall air, agus ní dheineann siad ach sádhadh go dtí an siopa agus díol as an coparós agus as an bhód chomh maith. (1951: 372)

Is suimiúil mar a chímid fás agus forbairt ar dhathú ó na meánaoiseanna ar aghaidh, agus arís an saibhreas nádúrtha atá sa domhan mórthimpeall orainn. Chímid an úsáid chliste a baineadh as an ábhar a bhí ar fáil go háitiúil. Is iontach an áis dúinn na cuntais atá ar fáil sna leabhair agus sna bailiúcháin bhéaloidis.

Cé nach gá dúinn éadaí a dhéanamh nó a dhathú ar an mbealach traidisiúnta seo a thuilleadh, tá ceardaithe ag gabháil don obair seo i gcónaí agus tá eagraíocht náisiúnta ann darb ainm Irish Guild of Spinners, Weavers and Dyers. Tá spéis as an nua á cur sa dathú féin agus géarghá anois le slite nádúrtha maireachtála ná déanann dochar don timpeallacht. Is féidir le dathanna sintéiseacha a bheith níos saoire agus níos tapúla le húsáid, ach tocsaineach chomh maith. Fós féin, is mór an difríocht idir an cheird sa lá atá inniu ann, atá ina caitheamh aimsire, agus an gá a bhí le héadach a dhathú sa bhaile san am a caitheadh.

 

 

Tagairtí

Danaher, K. (1984) ‘The Irish Way of Dyeing.’ Books Ireland, Uimh.83. 83–4.

Herbert, M. (1994) ‘An Infancy Narrative of Saint Ciarán.’ Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium, Iml. 14. 1–8.

Hull, V. (1951) ‘Irish Ruaim.’ Modern Language Notes. June Iml. 66, Uimh.6. 370–5.

Mahon, B. (1982) ‘Traditional Dyestuffs in Ireland.’ Gailey, A. & Ó hÓgáin, D. (eag.) Gold Under the Furze: studies in folk tradition presented to Caoimhín Ó Danachair. BÁC: Glendale Press. 115–28.

Ní Mhainnín, C. (2000) Cuimhní Cinn Cháit Ní Mhainnín. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Catháin, S., & Uí Sheighin, C. (eag.) (1987) A Mhuintir Dhú Chaocháin, Labhraígí Feasta! Indreabhán, Co. na Gaillimhe: Cló Chonamara.

Ó Céileachair, D. (1944) ‘Conas a Deintí Éadach sa tSeana-shaoghal.’ Béaloideas, Iml. 14, Uimh.1/2. 280–6.

Bailiúcháin Béaloidis ar líne

CBÉS 0357: 047. ‘Dyeing.’ Mrs Mary Twomey, Inches, Ráth Mhór, Co.Chorcaí. Múinteoir: Eibhlín, Bean Mhic Conchoille. https://www.duchas.ie/en/cbes/4921760/4904184?HighlightText=rime&Route=stories&SearchLanguage=ga.

CBÉS 129: 242–3. ‘Luibheanna a Dhathaíonns.’ Scoil: Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo. Múinteoir: Máire, Bean Mhic Suibhne. https://www.duchas.ie/en/cbes/4427982/4363723?HighlightText=luibheanna&Route=stories&SearchLanguage=ga.

Suíomhanna Idirlín

Bunachar Logainmneacha na hÉireann: https://www.logainm.ie/ga/.

Flóra Chois Fharraige: https://www.florachoisfharraige.ie/.

Irish Script On Screen: https://www.isos.dias.ie/index.html.

Leabharlann Teanga agus Foclóireachta: https://www.teanglann.ie/ga/.

Tionscadal Digitithe Chnuasach Bhéaloideas Éireann UCD: www.duchas.ie/ga.