![]() |
Scríobhadh an t-alt seo mar chuid den tionscadal CARTLANN – ‘Gníomhaíochas, an Ghaeilge agus na Meáin’. Reáchtáladh comhdháil faoin ábhar sin in Ollscoil na Gaillimhe ar 13 Aibreán, 2024. An tÚdarás um Ard-Oideachas, faoin gClár Taighde Thuaidh-Theas, a mhaoinigh CARTLANN.) |
‘Is cogaíocht síceolaíoch é bolscaireacht an Chonartha. Mar sin ní mór cuspóirí, stráitéis agus modhanna bolscaireachta bheith againn…’[1]
Tá níos mó ná 600,000 mír i gcartlann iomlán Chonradh na Gaeilge, lonnaithe sna Bailiúcháin Speisialta, Ollscoil na Gaillimhe. Baineann an t-ábhar le gníomhaíochtaí, feachtasaíocht agus a bhfuil bainte amach ag an eagraíocht ó bunaíodh í in 1893. Tá na mílte preasráiteas le fáil i gCartlann Chonradh na Gaeilge; iad eisithe don chuid is mó, ó dheireadh na 1960í go tús na mílaoise. Tríd anailís chórasach a dhéanamh orthu, is féidir léargas a fháil ar mhórghníomh Chonradh na Gaeilge i rith na mblianta cinniúnacha seo. Leis, is féidir fás agus forbairt na heagraíochta a aithint, agus é ag gníomhú i rith ‘ré chomhaimseartha an eolais’. Caitheann na preasráitis solas ar uileláithreacht an Chonartha maidir le gnéithe de shaol shóisialta na hÉireann a bhain leis an nGaeilge; mar shampla: imeachtaí idir mhór agus bheag, cursaí oideachais, na meáin, polaitíocht, spórt, cultúr, agus coimhlint aicmeach ag léibhéal logánta, náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Feidhmíonn na preasráitis mar mhionsamhail den chartlann ina hiomláine, ó thaobh na dtéamaí a phléitear iontu, agus tugann siad léargas iontach ar phríomhghníomhachtaí na heagraíochta. Dá bharr, is féidir féachaint ar na preasráitis amhail is gurbh aghaidh phoiblí Chonradh na Gaeilge iad. Ní raibh sa phreasráiteas ach gné amháin dá gcuid gníomhaíochta áfach. D’úsáid an Conradh iliomad modhanna chun seasamh a ghlacadh ar son na Gaeilge agus ar son an chultúir Ghaelaigh; idir aighneachtaí a shíniú is a sheoladh chuig airí is ranna rialtais, idir mhórshiúlóidí, phicéid is stailceanna a eagrú, chainteanna phoiblí a reachtáil is rl. Cé go bhfuil sé tábhachtach na gnéithe éagsúla seo a aithint, is iad preasráitis an Chonartha cuspóir an ailt seo, ach go háirithe.
Réamheolas
Cuireadh an taighde seo ar bun idir 2023 agus 2024 mar chuid den tionscnamh taighde CARTLANN, maoinithe ag an gClár Taighde Thuaidh Theas, ón Údarás um Ard Oideachais. Dhírigh an mhórthionsncamh taighde ar an téama ‘Gníomhaíochas teanga agus na Meáin’. Ba é an chéad phríomhthionscnamh taighde a cuireadh ar bun ná imscrúdú ar na fillteáin ‘An Preasráiteas agus na comhaid Chaidreamh Phoiblí de Chonradh na Gaeilge’ (G60/7) sara leathnaíodh seo amach le féachaint go ginearálta ar na comhaid a phlé le cúrsaí na meán (cúrsaí teilifíse i nGaeilge ach go háirithe) ó na 1960í ar aghaidh. Mar sin, ach sna háiteanna ina léirítear a mhalairt, is as an bhfillteán G60/7 gach foinse phríomha san alt.
Mar mhodheolaíocht, ar dtús déanadh cuardach ar innéacs chartlann Chonradh na Gaeilge ar shuíomh cartlainne Ollscoil na Gaillimhe, chun na comhaid chuí a aimsiú. Scrúdaíodh go córasach gach uile preasráiteas a bhí in G60/7, chun léargas a fháil ar scóip oibre an Chonartha. Déanadh anailís chriticiúil ar na cáipéis ar leith ansin. Ba é an anailís doiciméad seo bunús an ailt.
An Preasráiteas mar fhoirm scríbhneoireachta
Go simplí, is ionann preasráiteas agus píosa scríbhneoireachta atá ullmhaithe ag eagraíocht do na meáin, le rud éigin a fhógairt ar dóigh leo gurbh fhiú trácht a dhéanamh air mar ‘nuacht’. Seánra scríbhneoireachta ar leith is ea an preasráiteas, sa tslí is nach tuairisc nuachta é go baileach , ach réamhtheachtaí air, sa ‘slabhra seánra’.[2]
Scríobhann eagraíocht preasráiteas ar dtús, ag súil go nglacfadh iriseoirí leis, agus go ndéanfaidís foilsiú nó athchraoladh air mar dhea (focal ar fhocal más féidir) i bhfoilseacháin triú páirtí, (nuachtáin náisiúnta, de ghnáth). Déantar seo mar go bhfuil an eagraíocht phríomha den tuairim gurb é seo an tslí is fearr lena híomhá phoiblí, a cáil nó a dearcadh a chur os comhair an phobail.
Roimh theacht an idirlín, bhraith an córas seo ar dhea-thoil iriseoirí, agus
…only if they could accept the style and contents selected for publication by the company press release writer, would the press release be published. Obviously, such a procedure severely constrains the freedom of the author, which would to a certain extent account for the relatively stable structure and form that we see in many printed releases.[3]
Ina ainneoin sin, tugann an preasráiteas, mar sheánra, cumhacht éigin do ghrúpa, sa tslí ar féidir leo a scéal féin a insint ina bhfocail féin. Ní hionann sin agus a rá go bhfoilseofaí na focail seo áfach. Tá an scéal athraithe ábhairín le déanaí, agus teacht ag eagraíochtaí ar na meáin shóisialta mar uirlis bholscaireachta. Sa dara leath den 20ú haois áfach, ba cheann de na huirlisí ba chumhachtaí agus ba thábhachtaí a bhí ag Conradh na Gaeilge iad na preasráitis.
Teannas
Tá teannas de dhlúth agus d’inneach sa phreasráiteas mar mhodh scríbhneoireachta. Is meascán é de thuairisciú agus de chaidreamh poiblí; fógra cros-síolrach atá ann a chuimsíonn an scríbhneoireacht fhaisnéiseach agus an fhógraíocht araon. Cosúil le ‘tionchairí’ sa lá atá inniu ann ag fógairt gur ‘paid partnership’ atá i gceist lena bpóstáil, bhí an tuiscint ann riamh anall go bhféadfaí an preasráiteas a úsáid ar mhaithe le cuspóir corparáideach a chur chun cinn, ach é ceilte i bhfoirm ‘nuachta’.[4] Bhí teannas breise ag baint le preasráitis Chonradh na Gaeilge sa mhéid is gur baineadh úsáid as na meáin chun na meáin chumarsáide a cháineadh.
Thuig Conradh na Gaeilge ról tábhachtach na meán i dtreo phríomhchuspóirí na heagraíochta a bhaint amach. Bhí borradh faoin gCaidreamh Poiblí mar choincheap i dtreo dheireadh na seascaidí agus, ina fhianaise sin, dúradh i gcáipéis inmheanach (i mBéarla) de chuid an Chonartha:
Generally speaking, the Press release will be found to be the most useful medium of communication available to the public relations officer.
…In order to use newspapers and magazines efficiently a [P.R.O.] must get to know their individual requirements thoroughly and serve them accordingly. He must try to develop a news sense and learn how to write and present his ‘story’. And he must learn how to ‘time’ his story in order to obtain the best possible coverage for it.[5]
Ba é seo an nós a chruthaigh Conradh na Gaeilge. Ullmhaíodh preasráitis, scríobhadh óráidí do na nuachtáin, agus cuireadh toirmeasc foilsithe orthu, go dtí am agus dáta ar leith (le cinntiú go raibh pé ócáid go raibh uatha a fhógairt tarlaithe sula bhfoilseofaí an scéal sna nuachtáin.)
D’úsáid an Conradh preasráitis le haird a tharraingt ar an iliomad feachtas a bhí ar bun acu. Thuigeadar leis, áfach, nach ionann caidreamh poiblí agus fógraíocht amháin. Mar a léirigh Oifigeach Caidrimh Phoiblí an Chonartha, Tomás Mac Ruairí (nach maireann) in 1967: ‘Is gnó leanúnach é Caidreamh Poiblí – Ní ionann agus poiblíocht ann féin do’n ócáid seo is siúd.’[6]
Ag tagairt do shainmhíniú ón International Public Relations Association, 1960, dhein Mac Ruairí cur síos ar Chaidreamh Poiblí mar
…a management function of a continuing and planned character, through which public and private organisations and institutions seek to win and retain the understanding, sympathy, and support of those whom they are or may be concerned…
Dar leis an Ruairíoch ‘feachtas mór CP [Caidreamh Poiblí] obair uilig na gluaiseachta agus obair Chonradh na Gaeilge go speisialta…’[7]
Rith an tuairim seo ina foshruth faoi ghníomhaíochas teanga an Chonartha sna 1970í agus na 1980í. Bhí na preasráitis mar chuid lárnach leanúnach de chur chuige feachtasaíochta an Chonartha ag an am.
Dar leis an teoiriceoir James E. Grunig (in éineacht lena chomhghleachaí Todd Hunt), tá ceithre mhúnla ar leith maidir leis an gCaidreamh Poiblí.[8] As na ceithre múnlaí, baineann preasráitis an Chonartha, go príomhúil, leis an ‘Two-Way Symmetrical Model’ nó an ‘Modh Simidréach Dhá-bhealach (MSDB), agus leis an ‘Public Information Model’ nó ‘Múnla Faisnéise Poiblí’ (MFP). Séard atá i gceist leis an MSDB ná cumarsáid chothrom chomhalartach idir eagraíocht agus a bpobal beartaithe, a dhíríonn ar chothuiscint a chothú, ar thionscnaimh phobail a aibhsiú, agus ar thógaint caidrimh. Lean preasráitis Chonradh na Gaeilge an cur chuige seo go hiondúil. Eisíodh preasráitis le hiarracht a dhéanamh chun dul i bhfeidhm ar chomhlachtaí rialtais, chun idirphlé a spreagadh, agus chun polasaithe bainteach leis an nGaeilge agus lucht labhartha na Gaeilge a chur i bhfeidhm. Pléann Grunig chomh maith gné den MSDB a bhaineann le himní agus moltaí a chur in iúl. Tá seo go mór le feiscint maidir leis na preasráitis i gcartlann Chonradh na Gaeilge, a nocht imní go minic maidir le (mar shampla) cúrsaí maoinithe don teanga, nó maidir leis an leatroim a bhí á imirt ar phobal na Gaeilge (dár leo), nó maidir leis na feachtais éagsúla a bhí ar bun ag an gConradh, go háirithe maidir le gearáin agus molltaí a bhí acu i leith na meán.[9] Cé go mbaineann preas ráitis an Chonartha leis an múnla MSDB go príomhúil, is féidir rian den MFP a fheiscint i gcuid dá bpreasráiteas. S’éard atá i gceist leis an MFP ná cumarsáid aon-bhealach, ina ndíríonn eagraíocht ar eolas a dháileadh ar an bpobal agus páirtithe leasmhara maidir lena ngníomhachtaí, i slí fírinneach, eolasach agus tráthúil. Ní bhíonn aon súil, sna cásanna seo, le haiseolas a fháil. Ina iomlán, féachtar ar an bpreasráiteas mar uirlis laistigh de straitéis chaidrimh phoiblí níos leithne, chun tionchar a imirt ar dhearcadh an phobail agus ar chlúdach na meán i gcoitinne.
Ábhair éagsúla
Feidhmíonn na preasráitis mar chuntas ar idé-eolaíocht an Chonartha thar réimse ama. B’am ar leith a bhí i ndeireadh na 1960í agus na 1970í. Bhí glúin nua ag teacht chun cinn i gConradh na Gaeilge,[10] a chreid gur gá an eagraíocht a dhéanamh ní ba réabhlóidí, mar fhreagra ar na hathruithe a bhí ag tarlú sa tsochaí; cúlú tacaíochta an stáit don Ghaeilge, agus ar Angla-Mheiriceánú RTÉ ach go háirithe. Ar an ábhar seo, luaigh Maolsheachlainn Ó Caollaí (Uachtarán an Chonartha ó 1968 go 1974) ag óráid in Dún Dealgan in 1970, go
(d)tuigeann Conradh na Gaeilge an staid ina bhfuil sé. Is gluaiseacht é atá ar bun le 77 bliain. D’éirigh leis an saol in Éirinn a athrú as cuimse, ach níor éirigh fós lena cuspóir – ‘tír shaor Ghaolach’. Tá sé ar dul trén timthrial beatha agus tuigeann sé an rogha simplí atá aige – athnuachaint nó éirí as a chuspóir, tosú timthrial nua nó bás. Tá an rogha déanta ag ár ngluaiseacht. Tá sé ar son athnuachana.[11]
Athraíodh bunreacht an Chonartha ag Ard Fheis 1972, leis an gcuspóir ní ba leithne seo a aithint. Dearbhaíodh gurbh é móraidhm an Chonartha ná ‘Pobal Náisiúnta saor Gaelach a chothú’[12] Fógraíodh seo i bpreasráitis, a seoladh chun na nuachtáin le tuilleadh poiblíochta a thiomsú.
Maraon le cinní ó Ard Fheis an Chonartha a fhógairt, pléann na preasráitis an t-athrú a tháinig ar stádas na Gaeilge sa tsochaí i gcoitinne. Is léir óna n-ilghnéitheacht go raibh réimse leathan oibre ar bun ag Conradh na Gaeilge. Tugann na preasráitis léargas ginearálta mar shampla ar an teannas poiblí sna 1960í agus na 1970í idir gníomhaithe Gaeilge agus an ‘Language Freedom Movement’[13] – grúpa a chuir in aghaidh tacaíocht an Stáit don Ghaeilge. Chomh maith leis sin, tugtar léargas ar an bhfeachtas ar son cearta príosúnach i rith na dTrioblóidí; ar an dlúthpháirtíocht Cheilteach (leis an mBreatain Bheag ach go háirithe) agus feachtais ní ba mhó ar mhaithe le cearta mionlach ó chian is ó chóngar; ar stádas na Gaeilge i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (EEC); ar an óige agus oideachas; ar pholaitíocht áitiúil agus náisiúnta, agus bunú Údaras na Gaeltachta in 1980. Caitheann siad solas ar ghaol an Chonartha leis na meáin, RTÉ ach go háirithe; ar bholscaireacht an Chonartha maidir le hócáidí cultúrtha (cluichí iománaíochta an Oireachtais,[14] mar shampla); ar fhógairt ranganna Gaeilge, seirbhísí aistriúcháin, clubanna óige, féilte filíochta; canbhasáil ballraíochta agus gnóthaí feachtasaíochta ní ba leithne. Sna 1970í ach go háirithe, tugann na comhaid seo léargas dúinn ar an ngaol teannasach idir an Conradh agus Rialtas na hÉireann; teacht acu ar oifigigh shinsearacha, ach in amanna eile, neamhaird a bheith déanta díobh nó droim láimhe a bheith tugtha dóibh uatha siúd a bhí i gcumhacht. Tugann na preasráitis leagan comhdhlúthaithe de Chartlann Chonradh na Gaeilge ina hiomláine ar fáil dúinn.
Samplaí ar leith
Léiríonn na preasráitis réimse leathan gníomhaíochtaí an Chonartha agus dá réir sin léirítear a fhairsinge is a bhí gníomhaíochas an Chonartha. Maidir leis na meáin go háirithe, léiríonn na preasráitis an bhaint a bhí ag an gConradh le bunú Raidió na Gaeltachta in 1972 agus níos déanaí le bunú TnaG in 1996. Caitear solas, chomh maith, ar a bhfeachtasaíocht thar breis is scór bliain ar mhaithe le tuilleadh Gaeilge a lorg ar RTÉ; feachtais i gcoinne an impiriúlachais chultúir, agus múnla na craoltóireachta tráchtála. Ba é tuairim an Chonartha ná ‘Ó bunaíodh é [go bhfuil] Teilifís Éireann ag cuidiú leis an nua-ghabháil…Le dríodar Angla-Mheiriceánach agus le bréag-Éireannachas, táthar ag réiteach ár muintire chun glacadh le meon, dearcadh caighdeáin agus sa deireadh le smacht Angla-Mheiriceá orthu.’[15] Ba é a mórfheachtas i gcoinne beartais an Aire Phoist agus Telegrafa, Dr Conor Cruise O’Brien, le bealach nua teilifíse a bhunú chun an BBC a athchraoladh fud fad na hÉireann, an sampla is suntasaí sna 1970í i leith na teilifíse de. Mar a luaigh Ó Caollaí:
It seems to me that television should be a support to our uniqueness and self esteem. This would certainly involve the development of irish television as a radical revolutionary alternative to anglo american television…
the commercial element allied to a tiny pro assimilation group seems to have impressed upon the minister the desire to have all British services re:broadcast by the Irish state… Our demand for a second Irish controlled, public-owned television service providing regional services, programmes from outside the Ango-American World, and a full service for Irish is the only alternative.[16]
Léiríonn an sampla thuas tábhacht na bpreasráiteas maidir le frithbheartaíocht an Chonartha, sa tslí is gurbh é scaipeadh na bpreasráiteas an chéad chéim a glacadh i ndiaidh na hócáide, chun go leathnófaí lucht éisteachta a n-argóintí. Tugann na preasráitis aird ar shamplaí ar leith d‘fhoirmeacha nua meán agus ar ghluaiseachtaí frithbheartaíochta ón bpobal aníos in aghaidh na ‘Meán oidhreachta’. Samplaí de seo ná an tacaíocht a thugadar nó an pháirt a ghlac Conradh na Gaeilge sa raidió bradach, le Radio an Phobail agus Saor-Raidió Chonamara sna 1970í is 1980í. De ghnáth, seoladh dhá leagan de ghach preasráiteas: ceann i mBéarla, agus ceann i nGaeilge. Bhí Conradh na Gaeilge ag iarraidh dul i bhfeidhm ar lucht labhartha is léitheoireachta na Gaeilge, maraon le lucht an Bhéarla chomh maith. Bhí éagsúlacht cuspóire ag baint leis na preasráitis: cuid acu dírithe ar fhógraíocht is tacaíocht a ghinniúint d’obair an Chonartha; cuid eile acu dírithe ar thuairimí an Chonartha a léiriú maidir le mórnuacht na tíre is na cruinne. Caithfear spás limineach na bpreasráiteas a aithint leis, sa tslí is go raibh an Conradh ag braith go hiomlán ar a ngaol le hiriseoirí na bpríomhnuachtán le go bhfoilseófaí a leithéid d’óráide thuasluaite.

Caitheann siad solas chomh maith ar ghníomhaíochas i gcoinne chumhachtaí an Stáit féin, i réimse an oideachais ach go háirithe. Bhí seo le feiceáil go sonrach sna hagóidí ar son Gaelscoil a bhunú i mBaile Munna in 1972, agus an feachtas áitiúil a cuireadh ar bun ina coinne sin.
D’éiligh Conradh na Gaeilge ar an rialtas mar gheall air, ag rá leis an Aire Oideachais, Pádraig Faulkner in Eanair 1972, gur ‘ar éigin gur féidir linn a chreidiúint go bhfuil tú ag ceadú do do Roinn scoil Ghaelach Bhaile Muna a dhúnadh. Is beart fealltach é seo in aghaidh athbheochan na Gaeilge. Éilimid ort an polasaí buille seo a chealú láithreach.’ I ráiteas eile a eisíodh ar an lá céanna dúradh (i mBéarla) ‘[that] Words are insufficient to describe this treachery […] It appears from this action from the Department of Education that Irish-medium education will not be permitted in working-class areas.’[17] Thángthas ar réiteach dearfach ar an scéal in 1973, nuair a chinn an rialtas go dtabharfaí lán-aitheantas oifigiúil do ‘Scoil an tSeachtar Laoch’, i ndiaidh míonna d’ fheachtasaíocht leanúnach ag leibhéal áitiúil, agus ag leibhéal náisiúnta, le Conradh na Gaeilge i lár aon aonaigh.[18]


Tugann na preasráitis i gCartlann Chonradh na Gaeilge léargas, leis, ar ghníomhachas níos leithne agus feachtais ar son chearta sibhialta. Seoladh preasráitis ar ghnéithe áitiúla chuig nuachtáin náisiúnta le foilsiú, ar mhaithe leis an gConradh a cheangal le feachtais ní ba leithne ag leibhéal an phobail. Sampla de seo ná cás cúirte a bhain le sagart áitiúil an tAthair Pádraig Standún, i gConamara, Co na Gaillimhe in 1986.
Agóid faoi phoill sna bóithre, mar dhea, ab ea é, ach d’fhéach Conradh na Gaeilge air mar shampla eile den ghéarghá a bhí ann le Bille Cearta Teanga in Éirinn. Úsáideadh an cás mar eiseamláir den leithcheal a bhí á dhéanamh ar lucht labhartha na Gaeilge, agus ar an bhfaillí a bhí á déanamh i gcearta mhuintir na Gaeltachta.[19] Cuireadh beirt eile chun príosúin, Peadar Ó Tuathail agus Seán Ó Flaithearta agus iad mar chuid den agóid chéanna.[20] Ar an dóigh chéanna, bhí cás in 1974 ó Ghaeltacht Chléire, Contae Chorcaí, inar gearradh líne ghutháin an tsagairt áitiúil, an tAthair Tomás Ó Murchú mar gur dhiúltaigh sé a bheith ag plé i mBéarla le gníomhaireachtaí Stáit. Bhí seo mar chuid d’agóid inar dhiúltaigh Ó Murchú aon bhille a ghlanadh má bhí sé eisithe i mBéarla, mar sheasamh ar mhaithe le stádas oifigiúl Chléire mar cheantar Gaeltachta a chosaint. An bhliain dár gcionn gearradh líne fóin Chomharchumann Chléire ar na cúiseanna céanna. Mar thoradh air seo, cháin Conradh na Gaeilge an tAire Poist agus Telegraf, Conor Cruise O’Brien, as an gciapadh leanúnach a rinne a roinn ar mhuintir an oileáin. Úsáideadh an preasráiteas chun míshasamh an Chonartha maidir leis an ‘(n)gníomh inphíonóis de úsáid na Gaeilge’ a phoibliú.


Cause célèbre eile ba ea gabháil, agus dá réir, cás cúirte Thomáis Uí Mhonacháin in 1976. Bhí Ó Monacháin ar dhuine de bhunaitheoirí an grúpa radaiceach Misneach in 1963, a bunaíodh ‘mar fhreagra ar theip agus ar fhimíneacht an rialtais, mar a samhlaíodh dóibh é, maidir leis an nGaeilge a athbheochan.’[21] Bhí sé leis ar dhuine de bhunaitheoirí an ghrúpa Cearta Gael, in éineacht le Proinsias Ó Mainnín agus Pádraig Mac Fheargusa, ar mhaithe le feachtasaíocht ar son cearta teanga sa ghaeltacht.[22] Agus é ag fanacht le talamh a cheannach i nGaoth Dobhair, pháirceáil An Monachánach carbhán ar bhóthar dúnta le cead ón té ar leis an talamh. Chuir fear eile, ina éadan, áfach, ag cur in iúl go raibh Ó Monacháin ag sárú rialacha pleanála.[23] Diúltaíodh d’Ó Monacháin a chás cúirte a reachtáil as Gaeilge, agus dhiúltaigh seisean dá bharr na fíneálacha a gearradh air a íoc. Léiríonn preasráitis an Chonartha an tacaíocht leanúnach a thug an eagraíocht don Mhonachánach, maraon lena n-iarracht poiblíocht a thabhairt agus tacaíocht a thiomsú dá chás. Ó thaobh stíl scríbhneoireachta de, feictear sa phreasráiteas thíosluaite, ó 7 Iúil 1979, gur thug Conradh na Gaeilge cur síos beacht ar shonraí an cháis ó 1976, agus ar an seasamh dlíthúil ar a raibh cosaint Uí Mhonacháin bunaithe, rud a léiríonn a dtacaíocht dó go caolchúiseach. Ar a shon, chuir Conradh na Gaeilge feacthas ar bun, ag tiomsú airgid chun a chostais dlí a chlúdach. D’eagraíodar picéad lasmuigh de phríosún Mhuinseo, inar leagadh béim ar fhimíneacht an chórais dlí, dar leo, a thug neamhaird ar chearta lucht labhartha na Gaeilge, in ainneoin stádas bunreachtúil na teanga. Tharraing an cás seo aird idirnáisiúnta. Chuir ceoltóirí ón mBreatain Bheag ceolchoirm ar siúl i mBaile Átha Cliath le cabhrú le hairgead a bhailiú ar mhaithe le Ó Monacháin. Déanadh an fheachtasaíocht seo go léir a fhógairt i bpreasráitis chun na nuachtáin agus na meáin i gcoitinne. Lean an cás ar aghaidh ar feadh roinnt blianta. In 1979 thóg Ó Monacháin cás in aghaidh an Stáit le brú a chur orthu a ndualgas reachtúil a chomhlíonadh. Sheol Conradh na Gaeilge preasráitis chuig gach mórsholáthraí nuachta chun aird a tharraingt ar an scéal.




Tugadh an scéal chun críche in 1982, nuair a chaill Ó Monacháin a chás. D’úsáid Conradh na Gaeilge seo mar eiseamlár den easpa ceart dlí praicticiúil a bhí ann ag an am don Ghaeilge. Mar a d’fhógair siad ‘Tugann breith na Cúirte Uachtaraí i gcás cúirte Thomáis Uí Mhonacháin in aghaidh an stáit le fios nach bhfuil feidhm phraicticiúil ar bith ar stádas bunreachtúil na Gaeilge i leith dlíthe ná cúirteanna an Stáit.’[24] Lean an Chonradh ag dáileadh preasráitis rialta faoin gcás cúirte seo sna laethanta beaga i ndiaidh seo freisin. De réir Fochoiste Cearta An Chonartha, ba é ‘an impleacht a a eascraíonn as breith [na cúirte] nach bhfuil ciall faoi leith ag na focail ‘Céad’ agus ‘oifigiúil’ san bhfrása ‘An Chéad Teanga Oifigiúil.’[25] Bhí an cás seo ina spreagadh breise dá bhfeachtas le Bille Cearta don Ghaeilge a éileamh ón rialtas. Baineadh seo amach faoi dheireadh scór blian níos déanaí, nuair a achtaíodh Acht na dTeanga Oifigiúil ina dhlí in 2003.
Leis, léiríonn na preasráitis idé-eolaíocht neamhbhalbh an Chonartha, maidir le tacú le mionlaigh timpeall na cruinne. In 1978, sheoladar fógra dlúthpháirtíochta chuig bundúchasaigh Mheiriceánacha. Léiríonn stíl teanga an téacs seo go raibh breis i gceist le preasráitis Chonradh na Gaeilge agus fógraíocht eolais amháin, nó an ‘MFP’, de réir theoiric Grunig. Tríothu, bhí iarracht á dhéanamh aitheantas a thabhairt do chás na bundúchasach, inar leagadh béim ar an leithcheal a bhí á dheánamh orthu i réimsí an oideachais, na meán, cearta talún, agus ionadaíocht polaitíochta. Labhair Conradh na Gaeilge amach go poiblí chomh maith i gcoinne Chumann Rugbaí na hÉireann in 1981 toisc go raibh camchuairt beartaithe acu go dtí an Afraic Theas , in ainneoin bheartas conspóideach na cinedheighilte a bhí i réim thall ag an am. Tugann preasráitis dá shaghas idé-eolaíocht an Chonartha chun solais, sa tslí is go léirítear meon na heagraíochta ag an am, agus iad ag glacadh seasamh i gcoinne an chiníochais agus an cos ar bolg. Maidir lena leagan amach, is dea-shampla é d’argóint Lassen maidir leis an gá go mbeadh preasráiteas breactha i slí a mbeadh inghlactha do nuachtán. Tá sé scríte go gonta snasta. Déanadh seo leis an tuiscint nach bhfaigheadh a leithéid de ráiteas ach méid bheag spáis i nuachtán, dá nglacfaí leis, mar nach bhfuil sa scéal ach cur síos ar thacaíocht an Chonartha don Ghluaiseacht in Éadan Cinedheighilt in aghaidh na camchuairte rugbaí seo.


Léiríonn an cás deireannach seo sampla eile den tslí ar ghluais feachtasaíocht an Chonartha ó réimse na gceart teanga agus cultúrtha isteach i réimse na polaitíochta. Bhí seo le feiscint go suntasach in 1980, maidir leis na stailc ocrais sna blocanna H, agus na ‘Trioblóidí’ ó thuaidh. Bhí preasráitis eisithe ag an gConradh cheana ag éileamh go dtabharfaí cead do phriosúnaigh ábhar léitheoireachta Gaeilge a bheith acu, agus ag tacú lena gcearta teanga, beag beann ar chreidimh nó ar thuairimí polaitíochta na bpríosúnach. I rith na stailce ocrais áfach, léiríonn na preasráitis forbairt meoin, iad ag impí ar an rialtas idirghabháil láithreach a dhéanamh, agus ag éileamh go dtabharfaí stádas polaitíochta do na príosúnaigh. Treisíodh ar na héilimh seo de réir mar a lean an stailc ar aghaidh agus go bhfuair na stailceoirí bás. Tá seo le feiscint ach go háirithe i bhfochlaíocht na bpreasráitis, a leagann béim ar an úafás a bhí ar bhaill an chonartha i leith básanna na stailceoirí, mar is léir ón sampla thíos, faoi Martin Hutton. Déanann seo an scéal níos casta, maidir le seasamh ‘neamhpholaitíochta’ Chonradh na Gaeilge.[26]






Conclúid
Tugann na cáipéisí seo léargas dúinn ar fhreagra an Chonartha ar a raibh ag tarlú sa tsochaí i gcoitinne, agus ar ghníomhaíochtaí iomadúla na heagraíochta ar mhaithe leis an nGaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn. Caitheann siad solas chomh maith ar chomhcheangal Chonradh na Gaeilge le heagraíochtaí cultúrtha eile in Éirinn. Déanann na preasráitis poibliú ar an teagmháil agus ar an idirphlé a bhí ag an gConradh leis an stát. Mar thoradh ar an siar is aniar sin, faightear léargas ar idé-eolaíochtaí an Chonartha agus an stáit i leith na Gaeilge ó na seascaidí i leith. Tugann siad aird ar eachtraí agus ar an ngníomhaíochas a deineadh ar mhaithe le cearta lucht labhartha na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus níos faide i gcéin, a chur chun cinn.
D’aithin an Conradh go hinmheanach go raibh a gcuid oibre dírithe ar mheon an phobail a athrú agus a mhúnlú ar mhaithe le muintir na hÉireann a dhíchoilíniú. Bhí seo ar mhaithe le hathbheochan na Gaeilge agus leis an gcultúr Gaelach a chothú go dtí go mbeadh ról lárnach acu sa tsochaí i gcoitinne. Bhí na preasráitis lárnach in iarrachtaí an Chonartha ina leith seo. Eisíodh preasráitis, de ghnáth, i mBéarla agus i nGaeilge. Déanadh seo ar mhaithe leis na nuachtáin éagsúla a shásamh, le nuachtáin áirithe a glacadh leis na preasráitis i nGaeilge, agus cinn eile i mBéarla amháin. Sa tslí seo, méadaíodh an seans a bhí ann go bhfoilseofaí na preasráitis a eisíodh. Ní raibh aon ráthaíocht ann áfach go dtarlódh seo, go háirithe sna nuachtáin seanbhunaithe.
Tugann mórchuid na gcomhad, a dtagraítear dóibh san alt seo (G60/7: ‘Public relations, Marketing, Press Releases’), léargas úsáideach ar phreasráitis Chonradh na Gaeilge. In ainneoin na mílte comhad sna fillteáin seo, ní hionann iad agus iomlán na bpreasráiteas i gCartlann Chonradh na Gaeilge. Tá cuid eile díobh seo scaipthe ar fud na cartlainne, laistigh de na fofhillteáin agus na rannóga éagsúla. Mar sin, tugann an t-alt seo forléargas achoimreach ar na comhaid, ach ní hionann é agus an focal deireanach ar an ábhar.
[1] G60/7/1 ‘Bolscaireacht’ n.d. (but from internal evidence, 1965) – Tomás Mac Ruairí. Translation: ‘The Conradh’s propaganda is a psychological battle. As such, we need to have propagandist aims, strategies and methods.’
[2] J.M. Swales, Research Genres: Explorations and Applications (Cambridge, 2004).
[3] Inger Lassen, ‘Is the press release a genre? A study of form and content’ in Discourse Studies, viii, no. 4 (2006). 503–30.
[4] Doug Williams, ‘In Defense of the (Properly Executed) Press Release’ in Public Relations Quarterly, xxxix, no. 3 (1994). 5–7.
[5] G60/7/1/ 29 April 1967. ‘Summary of talk by D.M. MacDonagh on Press and Magazines.’
[6] ‘Public relations is a continuous business- It is not merely publicity for this or that event.’
[7] ‘The entire work of the movement and specifically the work of Conradh na Gaeilge is one big Public Relations campaign.’
[8] Féach James E. Grunig & Todd Hunt. Managing Public Relations (Englewood Cliffs, NJ: 1984); Is iad seo ‘Press Agentry/Publicity Model’, ‘Public Information Model’, ‘Two-Way Asymmetrical Model’ agus an ‘Two-Way Symmetrical Model’.
[9] Féach mar shampla, G60/7/2/2/3 – Preas Ráiteas – 16/11/73, Maolsheachlainn Ó Caollaí – ‘Open Television in Ireland’.
[10] Proinsias Mac Aonghusa, Ar Son Na Gaeilge: Conradh na Gaeilge: 1893-1993: Stair Sheanchais (BÁC, 1993).
[11] G60/7/2/1/3 – ‘Press Release’ 3 Nollaig 1970- Maolsheachlainn Ó Caollaí, ‘Imperialism- Cultural Aspects’.
[12] G60/7/2/2/2 – Preasráiteas, 28 Aibreán 1972.
[13] Rowland, Conradh na Gaeilge agus an Language Freedom Movement (LFM): Coimhlint Idé-eolaíochta 1965 – 1974 (PhD thesis, University OF Galway, 2014) (https://aran.library.nuigalway.ie/handle/10379/4893); Rowland, ‘An choimhlint idé-eolaíochta idir Misneach agus an LFM le linn chomóradh 50 bliain an Éirí Amach’ in COMHAR Taighde, no. 2 (2016) (https://comhartaighde.ie/eagrain/2/rowland).
[14] Ba chomórtas é seo le hairgead a thiomsú do Chonradh na Gaeilge, ina n-imreodh roinnt contaetha a chéile san iomáint, i ndiaidh dheireadh ghnáthshéisiúr imeartha an CLG.
[15] G60/7/2/2/1 Preasráiteas (gan dáta, ach 1971 mar a léiríonn fianiase inmheánach) -‘Ráiteas ó Bhuan Choiste Chonradh na Gaeilge ar ábhar craolta RTÉ’ – (n.d., but 1971).
[16] G60/7/2/2/4, 26 Sept 1974 – Press release- Óráid Mhaolsheachlainn uí Chaollaí. ‘Symposium on Broadcasting in Ireland’.
[17] G60/7/2/2/2 – Press Releases, 25.01.1972
[18] Féach Kerron Ó Luain, ‘”Sure why would they need Irish?”: Scoil an tSeachtar Laoch, Ballymun, and working-class decolonisation, c. 1970-73.’ Journal of Working-Class Studies, 8, no. 1 (2023). 6–24.
[19] G60/7/2/3/6 -20 March 1986; Níor íoc an tAthair Standúin a mhótarcháin mar agóid i gcoinne drochbhaill bóithre Iarthar na hÉireann.
[20] G60/7/2/3/6 – 19 March 1986.
[21] Hugh Rowland, ‘An choimhlint idé-eolaíochta idir Misneach agus an LFM le linn chomóradh 50 bliain an Éirí Amach’ in COMHAR Taighde, no. 2 (2016) (https://comhartaighde.ie/eagrain/2/rowland).
[22] Ronan Mac Con Iomaire, An Ghluaiseacht: Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta (2024). 275–7.
[23] Tuairisc, 8 Lúnasa 2023; ‘https://tuairisc.ie/tomas-o-monachain-gniomhai-gaeilge-aitheanta-a-sheas-an-fod-do-chearta-teanga-ar-shli-na-firinne/
[24] G60/7/2/3/2 – Preasráiteas-16 Iúil 1982
[25] G60/7/2/3/2 – Preasráiteas-19 Iúil 1972
[26] Féach Mac Aonghusa, Ar son na Gaeilge. 357, 369–74 ar dhíospóireachtaí faoi sheasamh an Chonartha i leith na polaitíochta de.
