Ní admhaítear go furasta é, ach tá céim ollscoile sa Ghaeilge ar cheann de na céimeanna is deacra le baint amach sna dána, nó sna healaíona. Tuigim go bhfuil seo deacair a mheas le haon chruinneas, ach is é a thaibhsítear domsa ná go bhfuil réimse níos fairsinge eolais, ábhair, tuiscintí agus scileanna le máistriú sa chéim i nGaeilge ná formhór na ndisciplíní eile ar aon tsamhail léi.
Gan a bheith róbheacht ná róchriticiúil, má ghabhann duine le léann na staire, is í an stair a dhéanfaidh sé. Stair thréimhsí éagsúla is fíor, stair chasta aimpléiseach go minic a mbíonn an eacnamaíocht, an leagan amach sóisialta, b’fhéidir smaointe na linne, ach an chumhacht pholaitiúil a stiúraíonn de ghnáth a bhíonn chun tosaigh. Ní gá staireolaíocht a dhéanamh, ná dul amach ar staraithe móra an tsaoil, ní áirím teoiric na staire ná cur amach a bheith agat ar sheanscríbhinní a léamh.
I gcás an Bhéarla agus go leor de na nuatheangacha, i leataoibh ón teanga féin, is í an litríocht is gnáthaí a bhíonn in uachtar. Léitear gach saghas litríochta idir fhilíocht agus úrscéalta agus dhrámaíocht agus eile, ach litríocht is ea í ar fad. Tá slabhra tuisceana timpeall ar an ábhar a éilíonn meon amháin de chineál áirithe, agus sin uile. Ba lánait leat dá mbeadh ar mhac léinn staidéar a dhéanamh ar Bhéarla chathair Chorcaí, mar shampla, d’fhonn céim a bhaint amach.
I gcás na Gaeilge, áfach, agus táim admhálach ann go mbíonn sé éagsúil ó choláiste ollscoile go chéile, d’fhéadfadh go mbeadh ort dul i ngleic ní hea amháin leis an teanga agus leis an litríocht, ach leis an tsochtheangeolaíocht chomh maith, agus le canúintí, agus le béaloideas, agus le léamh láimhscríbhinní, agus le Gaeilge na hAlban, agus le hamhráin ar an sean-nós, agus logainmneacha, agus sloinnte, agus aistriúcháin, agus stair na teangan – gnéithe idirdhealaithe den léann fairsing atá againn is a mbíonn scileanna agus cleachtais éagsúla ó bhonn a dhíth d’fhonn tuisceana a fháil orthu. Is beag scoláire Gaeilge, nó níos cirte, níl aon scoláire Gaeilge a bhfuil cur amach máistriúil aige ná aici ar na réimsí foghlama sin ar fad arna gcur le chéile.
Sin é an fáth gur sárshampla den ilghnéitheacht agus den fhairsinge leathan a bhaineann le léann na Gaeilge é An Reiviú seo, an tríú heagrán déag de. An té a ghéillfeadh do phiseoga na n-uimhreacha ba dhóigh leis gur cheart go mbeadh an mí-ádh ag baint leis an eagrán seo, ach is é a mhalairt ghlan atá ann, óir tá gach dealramh air gur ag dul ó neart go neart atá.
Bhí tráth ann nuair a shamhlaítí seanaimsireacht agus an saol atá caite leis an nGaeilge ach chuir cuid de na haistí seo istigh gliondar orm ar son na slí misniúla a bhfuil aghaidh tugtha acu ar an teanga i réimse na teicneolaíochta agus na meán. Go deimhin, chuir siad umhlaíocht agus sceimhle orm ag bualadh abhaile a aineolaí is a phrimitíví is atáim féin. Níor shamhlaíos riamh uirlis chomh héifeachtach le mireador.ie a bheith ann chun moirféim ar bith a lorg, feidhmchlár atá ceaptha ag Ellen Corbett agus ag Mykalin Jones. Thiocfadh dó a bheith fíorúsáideach d’aistritheoirí ar leith amháin, nó feidhm ríme a lorg ann ar an leith eile. Is é an t-aon eagla atá orm ná go spreagfaidh sé an-chuid drochfhilíochta ó véarsóirí atá ag iarraidh gliogair.
Baineann Orna Farrell agus Seán Mac Risteaird cuid den eagla a d’fhéadfadh a bheith orainn dínn san áiteamh uathu nach gá gur namhaid í an intleacht shaorga ghiniúnach, ach cá bhfios, áis le ‘cruthaitheacht a chur chun cinn.’ Agus músclaíonn Rosemary Day domhan eile ar fad dom agus do chuid eile againn sa trácht a dhéanann sí ar thionchóirí na Gaeilge ar an bhfearann fíorúil, fearann gan chríoch eile go bhféadfá do shaol a chaitheamh ann gan beann ar aon rud atá ag titim amach lasmuigh den bhfuinneoig.
Is mór idir iad seo agus na bealaí ina dtéití i bhfeidhm ar an bpobal cheana. San aiste spreagúil uaidh ar an ngrúpa amharclainne ‘Na Fánaithe’ taispeánann Aodh Ó Coileáin dúinn mar is féidir le dream beag díocasach saol na drámaíochta a mhúscailt in ainneoin fadhbanna airgid agus maoine. Comóradh cóir is ea an aiste uaidh ar chomplacht a bhí misniúil agus tionscantach riamh. Ní lú de ghaisce a dhein Craobh na Cásca de chuid Chonradh na Gaeilge mar is léir ar a bhfuil ráite ag Hugh Rowland sa chuntas a thugann sé dúinn ar an dream a d’fhás as Misneach roimhe sin a raibh baint mhór ag Máirtín Ó Cadhain leo i 60í na haoise seo caite agus a raibh anáil mhór acu ar an ngluaiseacht gurbh aisti a tháinig Teilifís na Gaeilge. Baineann an aiste leis an tréimhse sin inar thosnaigh an stát ar dhátheangachas a mholadh mar pholasaí mar mhalairt ar ‘athbheochan’ mar a bhíodh ann roimhe sin. Scagadh suimúil caolchúiseach a dhéanann Colm Mac Gearailt ar phreasráitis an Chonartha chéanna mar léiriú ar intinn na heagraíochta agus ar na claochluithe idé-eolaíochta a tháinig air lena linn. Cé a chuimhneodh ar thátal chomh mór a dhéanamh as ráitis chomh hoifigiúil leo?
Tréimhse chorraitheach eile is bun le cuntas Dhónaill Uí Bhraonáin ar na haighnis a d’fhás sna 90í as taighde a dhein Breandán Ó hEithir ar labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar leabhar Reg Hindley The Death of the Irish Language a foilsíodh sa bhliain 1991. Cé go raibh cipeadraíl agus cliotram hob mar gheall orthu seo i measc phobal na Gaeilge, ba bheag an plé a déanadh orthu sna meáin mhóra Bhéarla, agus b’fhéidir gurbh fhearr nár déanadh.
Bíodh sin mar atá, is é trá na Gaeilge i gContae mór na Mí a chuireann Margarita Neothallaigh roimpi a rianadh agus miondealú á dhéanamh aici ar dhaonáireamh 1911 agus ar fhoinsí eile. Eiseamláir mhaith í seo ar conas an scagadh seo a dhéanamh go scoláiriúil, cé gur léanmhar linn é, ar stráicí móra na tíre a raibh an Ghaeilge i gceannas iontu tá ní rófhada ó shin ann. Ina choinne sin thall léiríonn Shane Grant dúinn mar is féidir le ‘cine isteach’ athbheochan agus spreagadh a chur i bpobail Ghaeltachta mar atá déanta ag scata scríbhneoirí i gCorca Dhuibhne agus in Uíbh Ráthach. ‘Athraíonn siad tírdhreach cultúrtha a gceantair’ adeir sé, gan fiacail a chur ann agus lán an chirt aige.
Samhlaítear deighilt idir léann na teanga agus léann na litríochta, ach ní aithníonn an t-irisleabhar seo aon ní dá sórt.
Tá scrúdú thar a bheith suimiúil ag Pádraig Ó Briain ar an aistriúchán Gaeilge a dhein Seán Ó Ciosáin ar an úrscéal Wuthering Heights nuair a bhí an Gúm ina sea. B’í an fhadhb a bhí aige, fara fadhbanna eile, ná conas réimeanna éagsúla an Bhéarla, canúint áitiúil go háirithe, a léiriú go dílis. Tá idir ísealréimeanna agus ardréimeanna ag an mBéarla ach cúngaíodh go mór ar réimsí na Gaeilge ón 17ú haois i leith. Is de shuimiúlacht gurbh é Daniel Corkery a mhol dó an leabhar sin a aistriú á áiteamh air ‘gur bhain sé leis an tuath,’ agus teanga de chuid na tuaithe ba ea an Ghaeilge, dar leis. Is de shuimiúlacht bhreise gur saoránaigh de chuid chathair Chorcaí ba ea Corkery agus Ó Ciosáin, áit a raibh traidisiún réasúnta láidir Gaeilge le fada go fiú munarbh eol dóibh é.
Luaim Corkery toisc go bhfuair sé bás trí scór bliain ó shin i mbliana, agus bhí an leabhar cáiliúil uaidh The Hidden Ireland 100 bliain d’aois anuraidh. Tagann sé go cliathánach isteach san aiste bhreá ag Feargal Mac Bhloscaidh ar Shéamus Ó Grianna agus an leabhar a scríobh sé dar teideal Feara Fáil agus an díchoilíniú. Glacann sé chuige féin beirt de na húdair is mó a bhfuil tásc idirnáisiúnta go forleathan orthu maidir leis an díchoilíniú agus leis an iarchoilíneachas sa litríocht, is iad sin Franz Fanon agus Edward Said. Tá sin ar fad fíor agus ceart agus oiriúnach agus léirstineach. Ach is í mo thuairim láidir féin gurb é Daniel Corkery an chéad duine a chuir bonn ceart faoin staidéar ar an gcoilíneachas agus an litríocht, dá n-aithneofaí é sin.
Séamus Ó Grianna, nó Máire, is ábhar, leis, don mhionscagadh a dhéanann Padaí de Bléine ar an teaghlach, an teanga, an traidisiún agus an tírdhreach ina shaothar agus an tslí gurbh iad sin croí agus blonag agus spreagadh a shaothair, go háirithe in Mo Dhá Róisín atá idir chamáin phléite anseo. Deir Máire in Rann na Feirste ‘gur i mbothógaí Rinn na Feirste agus in áiteanna eile mar é a bhí fíoranam na hÉireann.’ Is cinnte go n-aontódh Corkery agus Fanon agus Said leis an méid sin.
Teanga sin Mháire is ábhar machnaimh ag Seán Mac Corraidh sa taighde aige ar stíl mheafarach an scríbhneora. Agus féach! Nach iontach go bhfuil trí aiste againn ar Mháire laistigh de leathanaigh nó de scáileáin an irisleabhair seo. Ar feadh i bhfad tuigeadh go raibh sé faoi scáil a dhearthár Seosamh, agus is fíor gur fairsinge an staidéar a déanadh air siúd. Fág gur teanga a mhuintire a thóg sé leis ar áilleacht agus le saibhreas gan teorainn, léiríonn Mac Corraidh dúinn go raibh sé bunúil chomh maith i gcruthú samhailteacha nach raibh ag an dara duine. Blaiseadh d’fhíoruisce Mháire a fhaighimid san aiste seo.
Cúrsaí foclóra, leis, is cúram do Kate Murphy agus í ag cíoradh anáil na Gaeilge ar Bhéarla Thalamh an Éisc, mar is ann a lonnaigh imircigh as Éirinn (ó na Déise go háirithe) ón 18ú haois. Tá blas an oirdheiscirt fós ar Bhéarla na háite agus is iontach mar a mhair focail Ghaeilge ann mar risíní crua i dteanga na ndaoine. Is ea, tá ‘clábar’ againne fós, ach is mar ‘mess’ atá sé anois thall, ar fás nádúrtha foclóra é.
Cé nach litríocht sa chruinne ar fad is ábhar do Dorothy Ní Uigín, tagann go mór i gceist san aiste ómóis atá aici do shaothar Bhreandáin S. Mac Aodha. Léiríonn sí go comair ildánacht an scoláire seo a bhí ina ollamh le Geograif i nGaillimh, go háirithe mar ar nasc sé an duine leis an áit ina raibh cónaí air tríd an staidéar fairsing a dhein sé ar logainmneacha na tíre. Ach ba leithne ná sin é, mar d’aistrigh sé filíocht le Lorca agus le Machado, agus tá an t-ómós áite céanna le sonrú ina chuid filíochta féin. Tá mar chuid luachmhar den aiste seo ó Dorothy ná an léirmheas tuisceanach íogair a dhéanann sí ar an bhfilíocht sin.
Is mar ómós d’ealaín sin an aistriúcháin a fhoilsítear sliocht as an tiontú atá déanta ag Maitilde Warsop ar an scéal ‘An Mhuc Draíochta’. Tá an teanga ann lánoiriúnach don ábhar, ta culaith dhúchais air agus gluaiseann ar aghaidh go seolta. Táimid ag coinne leis an gcuid eile! Cad a d’imigh ar an iníon bhocht sa deireadh? Faoiseamh é gur dócha gur tháinig sí slán mar a thagann i scéalta den sórt seo.
Ní hionadh go bhfuil cúrsaí teagaisc agus foghlama go mór i gceist san irisleabhar seo. Baineadh stangadh asam nuair a chonac an focal ‘stummadurioú’ i dteideal aiste Eva Ní Mhealláin, óir ní raibh fasc ná tuairim agam cad ba bhrí leis, nó cad as a dtáinig sé. Níor ghá breall a bheith orm óir míníonn sí go soiléir conas mar a oibríonn an dianchúrsa tumoideachais gníomhach seo i múineadh na Briotáinise agus an dóigh a bhféadfadh go dtiocfadh áiseach i gcomhair theagasc na Gaeilge, go háirithe do dhaoine fásta. Is iad na ‘nuachainteoirí’ agus sealbhú na Gaeilge d’fhoghlaimeoirí nach ógánaigh a thuilleadh iad atá á thaighdeadh ag Méabh Ní Shluáin, agus tá mionscagadh cuimsitheach déanta aici ar an ábhar seo agus ar na torthaí dá réir abhus againne agus thall thairis i dtíortha eile. Cuirtear abhaile orainn nach cúrsaí pragmatacha a spreagann daoine chun teangacha mionlaithe a fhoghlaim, conclúid nach foláir machnamh a dhéanamh uirthi.
Tá stair fhada éiritheach againn maidir le múineadh teangacha cheana féin agus uaireanta ní gá dul thar tír amach lena cruthúnas sin a fháil. Tugann Máire McCafferty athchuaird ar ról na gcoláistí Gaeilge i gCúige Uladh tá nach mór 100 bliain ó shin anois ann agus mar ar thugadar misneach agus ardú meanman do chaint dhílis na nUltach nuair a bhí cogadh na gcanúintí in airde láin. Ar an gcuma chéanna ní fhéadfaí faillí a dhéanamh in ‘the complete Irishman’, an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh a chuir gach gné dár gcultúr chun cinn, ach gurb é an fíoch a bhí aige in aghaidh na rincí Gallda bunéirim na haiste ag Duane Long. Níorbh é, ach sagart eile a dúirt, ‘there will be no mixed dancing in my parish’.
Bhainfeadh an cheist ‘An bhfuil éinne fós ag freastal ar léachtaí?’ stangadh as neach ollscoile ar bith is cuma léachtóir nó mac léinn. Beifear ag fuireach go dúilmhear leis an bhfreagra. Ach sin an cheist a chíorann Éamonn Ó Cofaigh agus Ornaith Rogers sa staidéar a dheineadar san ollscoil seo, Ollscoil na Gaillimhe. Is luachmhar an staidéar é, óir is iad na clichéanna an máistir maidir le haon phlé cóir ar theagasc ollscoile, agus ar son casadh a bhaint as cliché eile, ní mar a shíltear a cheaptar.
B’fhéidir gurb í an tsamhlaoid is léire d’ilghnéitheacht agus de chaitliceacht an irisleabhair seo ná Feena Tóibín ag cur síos ar dhathú éadaigh sa bhéaloideas. Ní liath a bhí gach ball éadaigh mar nach lia duine ná tuairim. Is mó sin planda a cuireadh chun leasa dathanna an duine a mhúscailt seachas a bheith ina luí go díomhaoin álainn ar mhóinéar nó ar léana. Sa leabharliosta aici tá saothar Kevin Danaher The Irish Way of Dyeing nach bhfuil aon bhaint aige le nósanna caointeoireachta ná tórraimh.
Tá, mar is dual, raidhse léirmheasanna ar leabhair arb orthu atá go leor de léann na teanga ag brath. Leabhair den scoth iad go léir, agus de ghnáth ní bhíonn caoi ag an léirmheastóir níos mó ná a thabhairt le fios cad tá ann seachas aon mhionchritic a dhéanamh air a thabhairt dúinn. I measc na leabhar sin tá Ag Cur Chun Fónaimh: Údarás na Gaeltachta ó 1980 i leith, aistí iomadúla a chuir Gearóid Ó Tuathaigh agus Brian Mac Suibhne in eagar agus é á mheas ag Honoria Ní Mháille; Iontas na nIontas leabhar ar thairbhe spioradálta na n-ealaíon le Gabriel Rosenstock á mholadh ag Marie Whelton; An Ghaeilge sa Dlí le Dáithí Mac Cárthaigh faoi shúil ghéar Bróna Nic Dhiarmada agus nach bhfuil aon leisce uirthi locht a fháil air; Máirtín Ó Cadhain 2020, aistí ar an mórúdar a chuir Eoin Mac Cárthaigh agus Pádraig de Paor in eagar agus cuntas comair orthu ag Joanne Uí Loingsigh; agus Drámaí Bunscoile – Ceol agus Amhráin le Fil Uí Dhubhghaill, Micheál Ó Dubhghaill agus Jane Shimizu á phlé mar ghníomh praicticiúil ag Dónall Ó Síocháin.
Caithfear bheith ag cogan ar an ábhar seo go léir go ceann i bhfad.