DOI: https://doi.org/10.13025/29639

Tionchairí agus an Ghaeilge ar an bhFearann Fíorúil

 

(Cuireadh leagan den pháipéar seo i láthair ag comhdháil CARTLANN – ‘Gníomhaíochas, an Ghaeilge agus na Meáin’ in Ollscoil na Gaillimhe ar 13 Aibreán, 2024.  An tÚdarás um Ard-Oideachas, faoin gClár Taighde Thuaidh-Theas, a mhaoinigh CARTLANN.)
(Cuireadh le leagan den pháipéar seo i láthair ag comhdháil CARTLANN – ‘Gníomhaíochas, an Ghaeilge agus na Meáin’ in Ollscoil na Gaillimhe ar 13 Aibreán, 2024. An tÚdarás um Ard-Oideachas, faoin gClár Taighde ThThuaidh-ThTheas, a mhaoinigh CARTLANN.)

Tá Gaeilgeoirí óga den uile chineál ag feidhmiú mar thionchairí ar na meáin shóisialta le tamall anuas. Déanann an plépháipéar seo scrúdú ar an aschur atá ag cuid acu agus ardaíonn sé ceisteanna faoi na luachanna atá á gcur trasna acu sna teachtaireachtaí a chruthaíonn siad.

Baineann cuid de na luachanna seo le cur chun cinn agus forbairt na teanga ar an gcaoi a bhfuil taithí againn uirthi ó bunaíodh Conradh na Gaeilge breis agus céad bliain ó shin. Luachanna ar nós féiniúlachta, ársacht ár n-oidhreachta agus miotas na gCeilteach, mar shampla. Ach tá luachanna níos comhaimseartha le feiceáil sna méimeanna agus sna físeáin ghearra a chuireann an t-aos óg amach chomh maith – ón ngluaiseacht ghlas agus cúraimí aeráide go dtí féinchothú agus cúram pearsanta, idir chúram áilleachta agus chúram coirp. Tá na luachanna seo á gceangal ag tionchairí óga leis an nGaeilge agus á n-ionramháil chun a gcuid spriocanna pearsanta féin a bhaint amach. Spriocanna ar nós brabach airgid, uaillmhian gairme agus clú agus cáil a bhaint amach dóibh féin.

Díríonn an plépháipéar ar chumarsáid dhátheangach tionchairí óga ar Instagram agus ar TikTok in 2024–2025 go príomha. Scrúdaíonn sé cuid de na bealaí ina mbaineann tionchairí le Gaeilge úsáid as an teanga agus as luachanna áirithe a cheanglaíonn siad le chéile ina gcuid postálacha. Táthar ag súil go spreagfar léitheoirí chun díospóireachta agus scoláirí chun taighde. An bhfuil impleachtaí teanga agus cultúrtha ag baint le haithris ar fhaisin agus le haistriúchán ar chumarsáid na meán sóisialta trí Bhéarla? An cuma cén caighdeán Gaeilge a labhraítear? Ceistíonn an t-alt seo an toradh a bheidh ag na físeáin bheaga amach anseo – ar chaighdéan teanga, ar fhorbairt pobail agus ar fhéiniúlacht shainiúil an phobail teanga. Cén rian a fhágfaidh na tionchairí seo ina ndiaidh?

Agus muid sa dara ceathrú den 21ú haois, is féidir a rá gurb iad na meáin dhigiteacha atá i gceist ag an gcuid is mó againn nuair a labhraímid faoi na meáin chumarsáide. Cé go bhfuil na meáin chraolta agus an preas fós ag feidhmiú, is ar líne a chaithimid ár saol go príomha. Tá na meáin thraidisiúnta díograiseach ag iarraidh ábhar a sholáthar ar líne agus pobal leanta a chothú ionas nach mbáfar iad go hiomlán. Tá ag éirí go maith le cuid acu an t-athrú go hardáin dhigiteacha a dhéanamh, ar nós RTÉ News Now, atá ar an gcéad áit a dtéann daoine chun an nuacht a fháil go laethúil in Éirinn (Reuters, 2024) agus i saol na Gaeilge, ag TG4 le Bloc agus le Molscéal a chuireann raidhse ábhar spéisiúil amach do dhá spriocphobal éagsúla. Mar sin féin, tá nuachtáin, ach go háirithe, ag fulaingt ag féachaint ar a gcuid léitheoirí, agus a gcuid airgid, ag bogadh go fógraíocht ar líne agus tá stáisiúin raidió agus teilifíse ag iarraidh iompú ar sholáthar ar líne chomh tapaidh agus is féidir leo, rud a shúann fuinneamh agus acmhainní.

Siar sa bhliain 2008, chonaiceamar an fón cliste agus na haipeanna a ghin sé den chéad uair agus thosnaíomar, mar dhaoine aonaracha, ag gabháil le pobal ar líne trínár ngníomhaíocht ar Facebook agus ina dhiaidh sin ar Twitter mar a bhí. Thuigeamar go raibh rud éigin úr agus nuálach anseo. Bhí daoine ag glaoch ‘New Social Media’ ar na hardáin dhigiteacha seo ach go fíorghairid ina dhiaidh, giorraíodh é seo go ‘Social Media’ agus cúpla bliain ó shin giorraíodh siar arís é go ‘Social’ i mBéarla. Agus mairimid, idir óg agus aosta, ar na fóin chéanna nó ar an bhfearann fíorúil mar a bhaist Róisín Ní Dhonncha ar an saol cumarsáideach ar líne. Is chuig an bhfón a théimid anois chun gach eolas a aimsiú, le dul i dteagmháil leis an domhan mór agus bímid, idir óg agus aosta, ag scrolláil de shíor.

Ós rud é go bhfuilimid sáinnithe leis an gcumarsáid seo, leis na bealaí a dtagaimid ar eolas, leis an mbealach a ndéanaimid teagmháil lena chéile agus leis an gcaoi a mbainimid ciall as na blúiríní a chuirtear os ár gcomhair, is cinnte go bhfuil éifeacht ag na meáin shóisialta orainn. Nuair a thugaimid faoi deara an méid ama a chaithimid ar ár bhfóin agus ar an tús áite a thugaimid don fhón i rith an lae (agus fiú thar oíche), is léir gur fiú breathnú ar thionchar na dteachtaireachtaí agus ar thionchar na modhanna cumarsáide digiteacha seo orainn mar dhaoine aonaracha agus mar chuid de mhórphobail. Conas a mhúnlaíonn an saol ina mairimid ar an bhfearann fíorúil sinn? Conas a mhúnlaíonn an chaoi a mbainimid úsáid as na hardáin sinn? Conas a thagaimid ar thuiscint ar an saol mór agus orainn féin mar shaoránaigh agus mar dhaoine ionainn féin ar an bhfearann fíorúil? Ceisteanna móra, fealsúnachta iad seo atá á gcíoradh ag an lucht acadúil ar nós Turkle (2011) agus Verbeek (2020) le fada agus iad ag tarraingt ar leithéidí Heidegger agus Borgmann. Tá súil agam go spreagfaidh an t-alt seo díospóireacht agus taighde orthu.

Nuair a thosnaímid ag breathnú ar mhionobail teanga, tá ceisteanna níos spéisiúla fós le cur leis na ceisteanna thuas. Tá an pobal Gaeilge beag, ní haon phobal amháin é ó thaobh áit chónaithe, aoise srl. agus ní pobal ar aon leibhéal líofachta é ach an oiread (O’Rouke & Walsh, 2020). Tuigeann cách go bhfuil an teanga i mbaol ach tá fás gan chompás le tamall anuas ar líon na dteachtaireachtaí i nGaeilge atá á gcur amach ar líne agus tá líon na n-údar a ghineann iad ag fás chomh maith céanna. An fás agus forbairt ar úsáid na teanga iad seo? Is fiú taighde a dhéanamh ar chaighdeán na Gaeilge agus ar líofacht nó cumas cainte na dtionchairí seo ach ní chuige sin atáim sa phléphaipéar seo. Is iad na luachanna a léirítear sna teachtaireachtaí gairide seo is spéis liom. Is mian liom na haidhmeanna atá taobh thiar díobh agus na feidhmeanna a mbaintear astu a chíoradh ag tarraingt ar an structúrachas agus staidéir chultúrtha. An féidir linn teacht ar thuiscint ar an tionchar atá ag tionchairí na Gaeilge ar shaol agus ar thodhchaí na Gaeilge?

Feictear dom go bhfuil ar a laghad dhá chatagóir d’údair i gceist anseo: iad siúd a bhaineann le heagrais stáit nó deonacha atá ag saothrú chun an teanga a chur chun cinn agus iad siúd a dhéanann cumarsáid trí Ghaeilge, nó go dátheangach, chun a spriocanna féin a bhaint amach – airgead a thuilleamh, clú agus aird a tharraingt orthu féin agus an Ghaeilge in úsáid mar an USP (Unique Selling Point) atá acu le go seasfaidh siad amach i lár aonach na meán sóisialta. Glactar leis gur ag iarraidh an teanga agus an pobal Gaeilge a chothú agus a fhorbairt atá na heagrais dheonacha agus stáit. An ar leas nó ar aimhleas na teanga agus phobal na Gaeilge í an chumarsáid atá á saothrú agus á cothú ag na tionchairí óga atá ag feidhmiú as a stuaim féin?

Is éasca aidhmeanna agus cuspóirí na n-eagras stáit agus na n-eagras deonach a aithint agus iad i mbun a gcuid cumarsáide ar líne. Tá cuid acu luaite, go soiléir ar a shuíomhanna idirlín agus ina bpleananna gníomhaíochta. Ina measc, feicimid na haidhmeanna seo – an Ghaeilge a chaomhnú agus a fhorbairt; tacaíocht a thabhairt agus acmhainní a áiteamh don Ghaeltacht; forbairt phobail ag leibhéil éagsúla líofachta (Féach Foras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge). Agus tá na luachanna ar a dtógtar na haidhmeanna agus na feachtais chumarsáide a riarann siad le sonrú go soiléir ina gcuid teachtaireachtaí ar líne. Luachanna iad seo a gineadh le linn na hAthbheochana agus na Réabhlóide ar nós náisiún úr, neamhspleách a thógáil trí imeachtaí agus cleachtais chultúir trí Ghaeilge; miotais agus ársacht Cheilteach agus tréithe sainiúla na nGael, mar a thuig siadsan iad.

Tuigeann eagrais stáit agus eagrais fhorbartha teanga an chumhacht agus na buntáistí a bhaineann leis na meáin shóisialta. Tá feachtais shnasta á rith ag Foras na Gaeilge agus ag Conradh na Gaeilge le cúpla bliain anuas ar Instagram, Facebook agus X (Féach: https://www.tiktok.com/@cnagaeilge agus https://www.instagram.com/cnagaeilge/). Glacfaimid leis go bhfuil polasaithe ag múnlú na dteachtaireachtaí atá á gcur amach acu agus go bhfuil cúram á thabhairt acu do chaighdeán na Gaeilge sna teachtaireachtaí sin. Is eagrais údarásacha, sheanbhunaithe iad seo a bhfuil stair agus freagrachtaí ó thaobh chaomhnú agus fhorbairt na teanga orthu le fada an lá. Tarraingíonn siad ó thobar na seantróp ina samhlaíonn muintir na tíre seo iad féin mar chine faoi leith nó mar náisiún nach bhfuil ar aon dul le muintir Shasana agus leis an domhan mór. Fiú dóibh siúd gan Ghaeilge, is cuid den siombalachas a ghabhann leis an teanga i samhlaíocht an phobail go náisiúnta an ceangal idir na tréithe seo agus Éire agus ‘Éireannachas’. Feicimid iad seo sa sampla seo ó Sheachtain na Gaeilge, 2021 le Imelda May. Agus baintear úsáid as a bhfuil bainte amach ag na heagrais go dtí seo sa cheann seo ó Choláiste na bhFiann agus Cumann na bhFiann, 2019, ina gcuireann siad an bród as comhaimsearthacht na Gaeilge agus a bhfuil bainte amach ó thaobh chearta teanga chun tosaigh.

Ach cad faoi na daoine aonaracha a chuireann míreanna agus físeáin ghairide amach go rialta? Cé na luachanna atá acu sin? Tionchairí a ghlaoitear orthu seo go hiondúil agus ar nós tionchairí i saol an Bhéarla, is daoine óga, a bhfuil spriocanna pearsanta acu iad seo ar an mórchuid. Téann daoine i ngleic le hardáin ar líne chun leantóirí a chruinniú ar chúpla cúis – go príomha chun airgead a dhéanamh dóibh féin nó chun cáil agus aird a tharraingt orthu féin. Ag an leibhéal is bunúsaí, ní aidhmeanna teanga ná pobail sa tseanchiall mar a thuig lucht na hAthbheochana atá acu ach aidhmeanna pearsanta chun a saol féin a mhaoiniú tríd airgead a thuilleamh agus a mbranda féin a chur chun cinn. Tá an difríocht seo chomh bunúsach leis an difríocht idir an caipitleachas agus an t-altrúchas.

Tá rian láidir de na luachanna a bhrúnn Foras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge le sonrú i dteachtaireachtaí gairide thionchairí óga na linne seo ar Instagram srl. ach tá luachanna comhaimseartha le feiceáil iontu chomh maith. Luachanna a spreagann iad mar ghlúin agus tá na cúiseanna móra a ghoilleann ar an nglúin a thugaimid na Mílaoisigh orthu le feiceáil sna postálacha a chrochann siad ar líne. Ina measc tá an Ghluaiseacht Ghlas, cúraimí aeráide, cearta daonna, féinmhuinín agus féinchothú.

Tá an-chuid samplaí de dhaoine ag cur teachtaireachtaí go dátheangach amach a cheanglaíonn spéis sa dúlra agus an teanga, mar shampla, ag ‘Slí_na-ruadh’ as Cill Mhantáin atá ar Instagram. Sa cheann seo tá sé ag fógairt bealaí le daoine le spéis sa Ghaeilge agus sa dúlra a thabhairt le cheile i nGleann Dá Loch. Tá an bhuairt faoi athruithe aeráide le sonrú go láidir i go leor acu, mar shampla, postálacha ó Éinne Ó Cathasaigh, ón Rinn agus ‘An Bord Dúlra’ ar Instagram agus TikTok.

Tá cearta daonna mar chloch ard ar phaidrín na dtionchairí óga seo. Baineann siad leas go rialta as an ardán atá cruthaithe acu chun tacaíocht a earcú d’fheachtais éagsúla a bhaineann le daonnúlachas ar nós síochána nó feachtais fhrithchogaidh. Mar shampla, Eoin P. Ó Murchú, AKA Murchadh Mór agus a thacaíocht á léiriú aige ar X do mhuintir na Palaistíne. Ó chroch sé é sin in airde, tá an-chuid eile postálacha crochta ag Gaeilgeoirí eile agus san earrach 2025, tá feachtas tacaíochta á fhógairt ag Conradh na Gaeilge, ag tógáil ar thacaíocht na glúine óige do mhuintir na Palaistíne. Nó d’fhéadfaí breathnú ar go leor postálacha a chrochann Ciara Ní É in airde a bhaineann le cearta muintir LGBTQ+.

Tá féinmhuinín ag na tionchairí seo astu féin go pearsanta agus mar ghlúin, aithníonn siad iad féin mar shaoránaigh den domhan mór, gan eagla, gan náire. Casann siad a gcúl leis an easpa muinín iarchoilíneach a choinnigh go leor dá sinsir thíos. Coinníonn siad cuid de na seanluachanna thuasluaite ina dteachtaireachtaí ach tá athruithe le tabhairt faoi deara ar an gcaoi a láimhseálann siad iad. Mar shampla, nuair a bhíonn siad ag tarraingt ar mhiotais agus ársacht, go háirithe ar an ‘gCeilteachas’ is ar bhealaí an fhaisin idirnáisiúnta ‘Nua-aoiseachas’ a dhéanann siad iad seo a ionramháil. Cuireann siad béim ar chothú pobail ach is leantóirí atá uathu seachas pobal sa tseanchiall mar a thuig a dtuismitheoirí é. Tá tús áite tugtha don dátheangachas, ar úsáid an chúpla focal, fiú ag tionchairí atá líofa. Téann siad i muinín na steireotípeanna den seanchleachtas ag brath ar theachtaireachtaí faoi ‘cheol agus craic’ nó le dreach tíre ‘An tOileán Glas’ le tithe ceann tuí srl. Mar shampla, an ceann seo ó thionchaire óg atá ag taisteal mórthimpeall an domhain faoi láthair, #GaeilgeleGrace. Ach tugann siad faoi shiamsaíocht níos nua-aimseartha chomh maith, mar shampla, rap Kneecap @kneecapceol agus greann ‘stand up’, mar shampla ag Bláithín de Búrca @beingbla.

Is fiú aird a tharraingt ar dhá chineál postálacha ar Instagram agus TikTok mar fheiniméin spéisiúla iontu féin: na teachtaireachtaí a chuireann tionchairí atá ‘ag múineadh Gaeilge’ ar líne agus na teachtaireachtaí ó thionchairí atá ag baint úsáid as an méid Gaeilge atá acu ag súil go gcuirfidh siad leis an méid leantóirí atá acu. Sa dá chineál seo táimse ag díriú ar thionchairí le réimse líofachta ó dhaoine a d’fhoghlaim Gaeilge agus a labhraíonn go maith í go daoine le Gaeilge fíorlíofa.

Tá ar a laghad duine in aghaidh na seachtaine ag teacht ar Instagram agus ar TikTok faoi láthair ag tairiscint cabhrach do dhaoine atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim. Beirt atá ag treabhadh an ghoirt seo ná Mollie Guidera, #Irish with Mollie agus Molly Nic Céile nó #Gaeilge I mo Chroí. Tá cúrsaí bunúsacha Gaeilge á dtairiscint acu beirt le cúpla bliain anuas. D’eisigh Nic Céile leabhar crua um Nollaig 2024 Gaeilge i mo Chroí a bhuaigh gradam ag Gradaim Leabhar An Post 2024. Sa nasc seo feicimid í ag múineadh an natha chainte ‘tá an ceart agat’. Níl ann ach nath amháin agus is postáil ghairid í. Labhraíonn Guidera níos mó Béarla ina cuid postálacha ná a labhraíonn Nic Céide. Cuireann sí giotaí gairide in airde ar Instagram chun daoine a mhealladh chuig a cuid ranganna, ranganna a n-íocann siad astu. Tugann sí tairiscint do dhaoine rang iomlán a thriail saor in aisce ar dtús, mar bhlaiseadh den chúrsa iomlán agus iarrann sí ar dhaoine cliceáil agus clárú do na ranganna ar an mbealach sin. Feicimid cuid de na luachanna thuasluaite i bpostálacha Guidera. Go minic tugann sí seanfhocal amach i mBéarla agus i nGaeilge agus tarraingíonn sí aird an leantóra ar áilleacht agus ar ársacht na teanga. Ceanglaíonn sí iad seo leis an nua-aoiseachas freisin, mar shampla, tugann sí cuireadh do dhaoine freastal ar Master classes in Irish…where I will guide you through this healing and revealing journey, nó sa phodchraoladh seo uaithi.

Is samplaí iad an dá Mholly de dhaoine le Gaeilge, a aithníonn go bhfuil margadh ann chun an teanga a mhúineadh agus tá siad ag soláthar ábhair dá réir. Tá Gaeilge chaighdeánach acu agus an bhunfhoghraíocht cruinn acu. Deineadh a leithéid ó chianaibh san fhíorshaol, níl aon ní úr faoi seo ach amháin go bhfuil teacht acu ar níos mó scoláirí ar líne toisc gur páirc dhomhanda é an fearann fíorúil.

Cuid den strus a bhaineann le bheith i do thionchaire ná go mbíonn orthu físeáin ghairide a chrochadh ar líne go han-mhinic chun a gcuid leantóirí a shásamh agus a choinneáil agus chun leantóirí nua a mhealladh chucu. Bíonn sé deacair smaoineamh ar ábhair agus ar chur chuige úr gach babhta. Déanann siad aithris ar na tionchairí a leanann siad féin, d’fhéadfaí ‘feiniméan na haithrise’ a ghlaoch air mar is faisean nó cleachtas coitianta é. Pé teachtaireacht nó físeáin a chrochann tionchaire mór le rá a chruinníonn leantóirí chucu, beidh daoine ar an bhfearann fíorúil ag déanamh aithris orthu scun scan. Tá an-chuid daoine ag dul ar líne ag tairiscint cabhrach le Gaeilge a fhoghlaim agus is aithris dhíreach atá ar siúl acu ach níl cumas teanga ná bunús oideolaíoch ag baint leis na físeáin a chuireann cuid acu suas. Mar shampla #Heyitsstuart ar TikTok (a mhaíonn milliún leantóirí) nuair a insíonn sé dá lucht leanúna go ndeirtear ‘Céad míle fáilte’ chun ‘Hello’ a rá i nGaeilge.

Faisean eile aithrise atá le sonrú go láidir ar TikTok agus ar Instagram agus mé ag scríobh an ailt seo (earrach 2025) ná liosta focal a thabhairt amach, go mall ‘mar chabhair’ do dhaoine a shamhlaíonn na tionchairí ar mhaith leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Ní mar chuid de chúrsa foghlama a chuirtear iad seo in airde ar na meáin shóisialta, níl taighde ná ullmhúcháin ná oideolas mar bhunús acu mar atá ag leithéidí Duolingo. Go hiondúil is postálacha aonaracha iad agus ní thagann aon ní ina ndiaidh chun cur leis an bpróiseas foghlama. Tugann siad liosta focal a bhaineann le réimse áirithe amanna nó níos minice fós, níl aon cheangal eatarthu mar shampla ó #GaeilgeleGrace nó an sampla seo ó Eadaoin Fitzmaurice, Éireannach san Ástráil, agus í ag tabhairt liosta frásaí i nGaeilge a bheidh úsáideach do ghlúin na Mílaoiseach, dar léi, mar shampla conas ‘Báinín’ (Flat White) a ordú agus ‘Táim gafa le m’fheisteas an lae’ (I’m obsessed with my outfit of the day).

Déanann tionchairí eile ceap magaidh astu ar nós Eoin P. Uí Mhurchú, #Murchadh Mór. Ach go minic, níl aon íoróin ná féinbhreithniú á chur acu lena gcuid aineolais agus tá neart samplaí de sin le fáil. Má chuireann an léitheoir #GAEILGE nó @Gaeilge mar lorgfhocal isteach in Instagram nó TikTok, tiocfaidh deich nó fiche sampla suas láithreach bonn.

Ar ndóigh tá tionchairí ann atá níos díograisí agus níos inniúla leis an gcineál úineadh’ seo agus cruthaíonn siad sruth de ‘chláracha’ gairide ina bhfuil loighic agus comhthéacs le sonrú iontu. Mar shampla, mar atá á dhéanamh ag Molly Nic Céide (#Gaeilgeimochroí) thuasluaite nó ag Megan O’Connor, (#MúinteoirMeg) agus iad amuigh ag siopadóireacht agus ag tabhairt ainmneacha na gcineálacha bia a fheiceann siad dá leantóirí. Féach na samplaí seo ó#GaeilgeleJane nuair a thugann sí an cuireadh seo dá leantóirí ‘Tar ag siopadóireacht liom’ san fhíseán seo ar TikTok agus ó Mhúinteoir Meg nuair a thugann sí cuireadh do dhaoine breathnú uirthi i mbun ghnáthimeachtaí an tSathairn.

Nílimse ag plé ceisteanna caighdeáin ná fiúntas na ‘modhanna múinte’ anseo ach is mian liom aird a tharraingt ar na cúiseanna a ngineann tionchairí na teachtaireachtaí seo agus ar na luachanna a mbaineann siad feidhm astu. Tuigimid gur chun líon a leantóirí a mhéadú ar mhaithe le hairgead a thuilleamh nó le cur lena gclú a théann siad i mbun na hoibre ar líne agus ar ndóigh, cuireann clú – le líon leantóirí – le hairgead a charnadh. Agus tá an ceart ag éinne sa chóras eacnamaíochta atá againn in Éirinn, an caipitleachas, é sin a dhéanamh. É sin ráite, an gá dúinn a bheith buartha fúthu?

Is iad na luachanna agus na tuiscintí cultúrtha as a dtarraingíonn siad a dteachtaireachtaí is mó a bhfuil spéis agam iontu. Cuid acu seo, baineann siad le heispéireas agus saol an duine óig san 21ú haois, is cuma cén teanga a labhraíonn siad. Tá dearcthaí, próisis smaointe agus múnlaí cumarsáide idirnáisiúnta, go príomha cinn Mheiriceánacha, le feiceáil iontu. Mar a bhíonn á dhéanamh ag tionchairí mhórshaol an Bhéarla, bíonn téamaí fitspo / fitspiration, aiste bia agus smideadh á ionramháil acu agus go mion minic, is aithris lom ar an teachtaireacht agus ar mhúnla na teachtaireachta a chonaic siad i mBéarla atá in úsáid acu. An leisciúlacht í seo? An é nach bhfuil na tionchairí seo in ann smaoineamh ar fhíseáin nuálacha dá gcuid féin a cheapadh nó an comhartha é go bhfuil siad, ar nós thromlach an aosa óig thar na glúnta, ag iarraidh a bheith cosúil le gach éinne eile ina nglúin féin agus nach bhfuil siad ag iarraidh a bheith éagsúil ar aon slí?

Cruthú air seo ná an raidhse físeáin ghairide a cuireadh amach aimsir Sheachtain na Gaeilge 2024 ag déanamh aithrise lom ar an bhfeiniméan TikTok agus Instagram ‘Get Ready with Me’. Sna físeáin seo feicimid an fhéinmhuinín as a n-áilleacht atá mar shuaitheantas ag mná óga na linne seo – ar an bhfearann fíorúil, pé scéal é. N’fheadar an fíor go bhfuil an fhéinmhuinín chomh láidir seo iontu agus a chuireann siad in iúl ach ní i mbun cúrsaí síceolaíochta atáim anseo ach ag iarraidh aird a tharraingt ar fheiniméan cultúrtha agus daoine a chur ag machnamh ar na himpleachtaí atá aige ar mheon agus ar fhéinaitheantas an phobail a leanann na tionchairí seo. Tugann an tionchaire cuireadh dá leantóirí breathnú uirthi agus í ag cur a cuid smideadh ar a haghaidh agus déanann sise fógraíocht ar bhrandaí agus ar earraí a fuair sí saor in aisce (nó íocann na comhlachtaí í go díreach chun iad a thaispeáint). Ní hamháin go ndéantar aithris lom díreach ar an ngnás seo – bean óg ag caint lena leantóirí agus í ag breathnú isteach sa scathán / san fhón ceamara agus í ag díol earraí na háilleachta dóibh – ach déantar aistriúchán díreach ar an mBéarla a chloistear ó na tionchairí idirnáisiúnta chomh maith. An chéad chruthú air seo ná an teideal a thugann na tionchairí ar an bpostáil faoin bhféinchothú a chuireann siad ar líne. Aistríonn siad ‘Get ready with me’ go ‘Faigh réidh liom as Gaeilge’, nath nach n-úsáidfeadh cainteoir líofa mar thuigfidís é mar chuireadh do dhuine eile chun iad a dhíbirt uathu nó níos measa. Aistrúchán lom díreach ar an nath Béarla gan buntuiscint ar an nGaeilge is ea é seo agus feicimid an feiniméan céanna sa chur chuige – aithris lom díreach ar an gcaoi a ndíolann tionchairí cáiliúla smideadh agus earraí féinchothaithe dá leantóirí. Féach mar shampla Miriam Mullins, a bhfuil 20,000 leantóir aici. Rinne sí aithris díreach ar Laura Whelan, a bhfuil 164,000 leantóir aici. ‘Aistriú’ a deirim seachas ‘a dhéanamh’ trí Ghaeilge mar is aistriú agus aithris go huile is go hiomlán atá ar siúl anseo, gan smaoineamh, gan phearsanú. Tá an aithris seo cosúil leis an gcluiche ‘Chinese Whispers’ nuair a chuirtear an rud a chloistear ar aghaidh gan tuiscint, gan smaoineamh ar an mbrí. An chúis bhuartha dúinn í go bhfuil na teachtaireachtaí céanna atá á gcur amach ag na tionchairí móra, idirnáisiúnta á n-athchúrsáil sna físeáin ‘Ghaeilge’ seo? An teachtaireachtaí Gaeilge iad seo, ní ó thaobh dhonas na Gaeilge atá le cloisteáil iontu, ach an bhfuil aon ní iontu a bhaineann le bheith i do Ghael, nó i d’Éireannach ag baint leo? An bhfuil aon ní sainiúil iontu a bhaineann leis an bpobal a labhraíonn Gaeilge nach féidir leo a aimsiú sna mílte teachtaireacht i mBéarla? Muna bhfuil, an bhfuil aon dochar iontu ó thaobh chaomhnú teanga agus cothú pobail ar leith? An bhfuil fiúntas in aon chor iontu?

Seans go bhfuil – do na tionchairí iad féin agus iad ag lorg an USP sin a luaigh mé thuas. Feictear dom go bhfuil na tionchairí ar bheagán Gaeilge ag baint úsáid chliste as an nGaeilge ar an gcaoi chéanna is a bhaineann siad úsáid as aon fhaisean eile a fheiceann siad ag dul viral, mar shampla ‘Damhsa Iarúsailéim’ mar a bhí againn le linn Covid nó ‘Dúshlán na Leac Oighir’ mar a bhí againn roimhe sin. An cóir dúinn a bheith bródúil go bhfuil an Ghaeilge anois ‘cool’ nó ‘hip’ go leor chun a bheith in úsáid mar fheithicil ag tionchairí atá faiseanta, saibhir agus cumhachtach? Is fiú breathnú ar dhá shampla anseo. Sa cheann seo ó #BabyEmzo, baineann Emma Kearney, a bhfuil 251,000 leantóir aici, úsáid as an nGaeilge a d’fhoghlaim sí ar scoil, san fhoirmle chéanna ach le greann agus le roinnt féinmhagaidh.

Sa dara shampla a phioc mé ó rogha an-fhairsing, tá na tionchairí #AndreaandLewis, a bhfuil 1.1 milliún leantóir acu, ag déanamh an ruda chéanna. Is as Phórtó Ríce d’Andrea agus is as Éirinn dá fear céile, Lewis. Tabhair faoi deara go bhfuil Gaeilge níos cruinne in úsáid ag bean Phórtó Ríce a chuaigh ar líne chun ullmhú don fhíseán seo ná mar atá ag a fear céile a labhraíonn an teanga, dar léi. Ní hamháin sin, ach tá a cuid Gaeilge níos fearr ná an méid a chualamar ó roinnt de na tionchairí thuas a chuaigh ar scoil in Éirinn agus a bhí ag fógairt ‘Tá sé Seachtain na Gaeilge’.

Tá a fhios againn go múnlaíonn múnlaí cumarsáide múnlaí smaointe. Go minic cruthaíonn an cleachtadh ar úsáid na teicneolaíochta an cur chuige a mbainimid úsáid as chun smaoineamh ar conas tasc a chur i gcrích leis an teicneolaíocht chéanna. Mar shampla, na hathruithe a tháinig ar an gcaoi a gcumann scoláirí ailt nó údair leabhair ó tháinig bogearraí próiseála focal in áit pháir agus pinn. Is féidir dréacht i ndiaidh dréachta a chumadh agus tosnú ar scríobh i lár an téacs seachas téacs leanúnach a chumadh ón uair go bhfuaireamar ríomhairí a ligeann dúinn codanna a athrú ó áit go háit agus muid ag scríobh (Turkle, 1996). Is léir go mbaineann tionchairí óga úsáid as na múnlaí agus as an gcur chuige a fheiceann siad in úsáid ag na tionchairí móra a leanann siad. An bhfuil impleachtaí ann do mheon agus dearcadh na leantóirí? Má tá, an bhfuil aon rud sainiúil ag baint le teachtaireachtaí na dtionchairí a dhéanann cumarsáid trí Ghaeilge nach bhfuil líofa nó dhátheangach? An bhfuil siad eagsúil leis na tionchairí Béarla? An bhfuil peirspictíocht nó léargas agus tuiscintí éagsúla á nochtadh acu sa chumarsáid a dhéanann siad linn mar a theastaigh ó TG4 a chruthú tríocha bliain ó shin nuair a roghnaigh siad an mana ‘Súil Eile’? An bhfuil aon rian den ‘súil eile’ seo le feiceáil i dteachtaireachtaí na dtionchairí seo agus an gá dúinn a bheith buartha muna bhfuil? An bhfuil cúis bhuartha anseo don teanga nó don fhéiniúlacht Éireannach? Nó an comhartha iad na teachtaireachtaí seo go bhfuil an teanga beo bisiúil toisc go bhfuil sí ag athrú agus ag iompú níos gaire do mhúnlaí cainte agus múnlaí smaointe an oird hegomanaigh, Anglo-Mheiricánaigh?

Ar an lámh eile, ní féidir a shéanadh go bhfuil leantóirí á gcruinniú chucu ag na tionchairí seo agus tá méid na ndaoine a chuireann teachtaireachtaí i nGaeilge bhacach ag méadú go laethúil. Ar ndóigh, tá roinnt daoine a bhfuil Gaeilge líofa acu ag cur ábhar ar líne go dhátheangach chomh maith ach labhraíonn siad níos mó Béarla ná Gaeilge sna postálacha seo go hiondúil. Tá an tuiscint acu go bhfuil Béarla ag gach uile dhuine a thuirlingeoidh ar a shuíomhanna agus is fiú do theangeolaithe breathnú ar na himpleachtaí a ghabhann leis seo chomh maith. Feictear dom go bhfuil contrárthacht bhunúsach sna físeáin dhátheangacha seo – cuirtear an Ghaeilge, an éagsúlacht a eascraíonn as teanga eile a úsáid, ar bharr na dteachtaireachtaí. Ach is seift í seo go hiondúil chun an USP sin a úsáid mar is i mBéarla atá pé cumarsáid thábhachtach á thabhairt. Nó déantar aistriú ar gach a ndeirtear i nGaeilge ach ní dhéantar amhlaidh ar a ndeirtear i mBéarla, toisc an tuiscint gur trí Bhéarla a fheidhmíonn an pobal seo a chothaítear. Tuigtear an Ghaeilge mar rud siombalach, mar shuaitheantas le go seasfaidh an tionchaire agus a leantóirí amach ó na tionchairí agus leantóirí eile ar an bhfearann fíorúil. Sampla maith den chur chuige seo ná an podchraoladh ‘How to Gael’ a tháinig ar an bhfód in 2024 agus atá tar éis fás go tréan le gigeanna beo agus trí dheiseanna teilifíse a fhorbairt chomh maith, mar shampla an promo seo ó Instagram.

Podchraoladh eile ar an bhfoirmle chéanna ná ‘Na Gael Gals’ ar Raidió RíRá. Cé nach labhraíonn ‘Na GaelGals’ Béarla, tá múnlaí an Bhéarla go láidir ar an-chuid dá gcuid cainte. Is aithris ar mhodhanna cumarsáide an Bhéarla agus múnlaí cainte an Bhéarla a chloistear go minic sa phodchraoladh. Ní hionann sin agus an clár agus podchraoladh ‘Beo ar Éigean’. Cuireadh tús leis mar chlár raidió de chuid RTÉ agus is dóigh liom gur eiseamláir é do ‘How to Gael’ agus do ‘Na Gael Gals’. Foirmle úr de chlár Gaeilge a bhí in ‘Beo ar Éigean’ ina labhraíonn triúr ban, a bhfuil Gaeilge ó dhúchas nó ar ardchaighdeán acu, ar an gcaoi a labhródh siad lena chéile agus iad amuigh ag ól nó sa bhaile thar phota tae. Caint nádúrtha agus plé ar nithe ar spéis leo idir thopaicí troma agus éadroma ach is léir go bhfuil réamhphleanáil agus smaoineamh déanta acu sula dtosaíonn siad ar thaifead. Is fiú don léitheoir éisteacht leis na trí phodchraoladh chun na ceisteanna atá á n-ardú agam san alt seo a thomhas agus a mheas dó / di féin. Tá an cheist chéanna le cur: an comhartha iad seo de bhisiúlacht na teanga i measc na n-óg agus ar fhéinmhuinín na mban óg seo astu féin mar mhná, mar shaoránaigh Éireannacha agus mar Ghaeil? Nó an é go bhfuil aghaidh fidil Ghaeilge á caitheamh ag mná óga atá ar gach aon chaoi cosúil le mná an domhain fhorbartha Anglo-Mheiriceánaigh?

Ag breathnú ar na postálacha ar Instagram agus ar TikTok is léir gur chúis bhuartha ar leibhéal éigin d’aos óg na linne a bhféinaitheantas (/féiniúlacht?) mar chuid den chine Éireannach. Déanann siad iarrachtaí teacht ar bhealaí le cruthú gur Gaeil nó gur Éireannaigh iad agus a léiriú nach Sasanaigh ná Méiriceánaigh iad. Mar a rinne Conradh na Gaeilge breis agus céad bliain ó shin agus stát na hÉireann ina dhiaidh, déanann siad an ceangal idir teanga agus sainiúlacht. Tá teachtaireachtaí ag beagnach gach uile thionchaire a bhaineann úsáid as an nGaeilge le haimsiú ar an sruth ina ndéanann siad ráiteas ar thábhacht, ar áilleacht nó ar ársacht na teanga agus luann siad cé chomh tábhachtach is atá sí dóibh agus dúinn mar Éireannaigh. Ní luaim seo ar mhaithe le bheith ciniciúil ach is feiniméan é seo ann féin agus is fiú machnamh a dhéanamh air amach anseo. An é gur éirigh chomh maith sin le hiarrachtaí an stáit agus na n-eagras Ghaeilge le céad bliain anuas is go bhfuil an teachtaireacht sin inghlactha ag daoine óga nó an é go bhfuil siad ag teacht ar an tuiscint seo ar bhealach eile? Tugaim faoi deara go bhfuil níos lú teachtaireachtaí den chineál seo á chur amach ag na tionchairí is líofa a phostálann trí Ghaeilge ná mar a chuireann na tionchairí ar bheagán Gaeilge amach agus ní gan ionadh. Tá níos lú den bhuairt agus den easpa muiníne a eascraíonn as an iarchoilíneachas le brath sna físeáin acu sin. Tá féinmhuinín acu astu féin mar chuid den domhan mór le brath iontu. Ach dóibh siúd atá ar bheagán Gaeilge, bíonn siad ag impí ar a leantóirí filleadh ar an teanga agus déanann siad é seo ar bhealaí traidisiúnta nuair a luann siad na luachanna a luadh ó thús na hathbheochana: ársacht; Ceilteachas, draíocht agus miotaseolaíocht, mar shampla.

Cé go ndearna mé idirdhealú idir ghníomhaíocht na n-eagras stáit agus deonach ar líne agus gníomhaíochtaí na dtionchairí aonaracha, is cóir a rá nach bhfuil deighilt dhaingean, dhothrasnaithe eatarthu. Tá na láithreoirí, na luachanna agus an cur i láthair ag teacht le chéile i dtionscnaimh atá urraithe ag na heagrais stáit agus dheonacha toisc go n-aithníonn siad go bhfuil éileamh ar thionchairí áirithe. Íocann siad as daoine cáiliúla chun páirt a ghlacadh ina bhfeachtais agus tugann siad urraíocht do dhreamanna eile chun a dtionscnaimh féin a chur chun cinn, mar a chonaiceamar thuas le feachtas Chonradh na Gaeilge (agus Energia) le linn Sheachtain na Gaeilge, 2021 nó an urraíocht atá á déanamh ag Foras na Gaeilge ar Éinne Ó Cathasaigh chun ranganna Gaeilge a eagrú sa leabharlann i bPort Láirge. Ceann spéisiúil is ea an urraíocht atá á tabhairt ag Foras na Gaeilge do Mhanchán Magan dá Scoil Scairte leis The Trail Blazery. Sa cheann seo ó Facebook mar shampla, tagann gach téama a luadh san alt seo le chéile nach mór, ach gan ach corr focal Gaeilge in úsáid.

Cuid de na samplaí seo, is fógraí iad sa tseanchiall traidisiúnta. Daoine ag cur earraí nó seirbhísí os ár gcomhair ag iarraidh go dtabharfaimid airgead dóibh agus tá cuid acu eagraithe go snasta, go proifisiúnta agus go glic. Tá samplaí The Trailblazery an-spéisiúil. Feicimid conas a dhéantar go leor de na luachanna a luaim thuas a shníomh isteach sa chur i láthair agus sa bhranda. Le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge, tá an comhlacht seo ag tairiscint cúrsaí ióga, aireachas, spioradáltachtas srl. mar a dhéanann na céadta in Éirinn inniu. Ach tá siad ag cothú ceangail le hársácht agus le miotais na gCeilteach agus leis an nGluaiseacht Ghlas agus leis an nGaeilge chun breith ar chuid den mhargadh nach bhfuil aimsithe, tá súil acu, ag daoine eile. Is é Manchán Magan an duine a chuireann é seo os ár gcomhair sna fógraí a phostáiltear. Mar dhuine atá aitheanta óna chláracha teilifíse agus óna chuid leabhar, tarraingíonn sé aird orthu. Mar dhuine a scríobhann faoina phaisean do chaomhnú an phlainéid agus a mhaireann dá réir, mar dhuine den Ghluaiseacht Ghlas, seasann sé mar chomhartha nó mar shiombail de go leor de na luachanna seo. Tugann sé leis iad, go corpartha ann féin, nuair a labhraíonn sé le lucht scrollála Instagram, TikTok agus Facebook. Tabhair faoi deara, áfach, gur i mBéarla den chuid is mó a labhraíonn na láithreoirí anseo mar a chonaiceamar á dhéanamh ag na tionchairí aonaracha thuas. Baintear úsáid as an nGaeilge, ní chun cumarsáid fheidhmiúil a dhéanamh, sé sin chun eolas a thabhairt dúinn, ach chun atmaisféar Gaelach agus draíocht de shaghas éigin a tharraingt isteach sna físeáin. Is chun atmaisféar agus mothú ‘Ceilteach’ draíochtúil, ársa a chothú a úsáidtear an Ghaeilge.

Tá meascán spéisiúil de luachanna seanbhunaithe agus luachanna a bhaineann go príomha le glúin na Mílaoiseach le feiceáil sna méimeanna agus físeáin ghairide a chrochann tionchairí óga ar líne faoi láthair (2024–25). Ina measc tá deireadh ag teacht le buairt an iarchoilíneachais agus féinmhuinín ag teacht i réim iontu. Tá miotaseolaíocht, spioradáltacht, nua-aoiseachas, Ceilteachas le feiceáil in úsáid mar thróip chun na tionchairí iad féin a dhíol. Tá luachanna na Gluaiseachta Glaise agus na daonnúlachta mar théamaí i go leor de na postálacha a fheicimid agus ar an lámh eile tá ábharachas agus caipitleachas ag spreagadh na dtionchairí óga. Níl na seanluachanna imithe ach an oiread mar tá tuiscint ar thábhacht shiombalach na Gaeilge á léiriú in an-chuid de na físeáin agus tá bród as féiniúlacht shainiúil mar Éireannaigh le Gaeilge (seachas mar Ghaeil) in úsáid go mion minic ag an gcuid is mó acu.

Is feiniméan úr go maith é seo – ré na dtionchairí a phostálann i nGaeilge. Is ceann é gur fiú machnamh a dhéanamh air – an gcuireann tionchar na dtionchairí seo le forbairt na teanga nó an dtógann sé uaithi? An ndéanann iad siúd ar bheagán Gaeilge lochtach níos mó damáiste ná maitheas ó thaobh chaighdeán teanga agus tuiscint daoine ar cad is Gaeilge ann? Nó an comharthaí iad na tionchairí seo ar bhisiúlacht agus ar sholúbthacht na Gaeilge i measc an aosa óig a tógadh san 21ú haois? Agus muid ag maireachtáil sa ré dheiridh den chaipitleachas (Jameson, 1992), an comharthaí iad ar chomhaimsearthacht agus ábharthacht ár ndaoine óga agus iad ag riar feachtais trí Ghaeilge chun iad féin a chur chun cinn agus chun airgid a shaothrú dóibh féin?

Ní gá go n-aontófaí le gach a bhfuil ráite agam thuas. Athraíonn faisean agus cleachtas ar na hardáin dhigiteacha chomh tapaidh sin go dtuigim go mbeidh go leor de na samplaí atá tugtha agam imithe as dáta go luath. Ach feictear dom go bhfuil athruithe móra le sonrú sa chumarsáid ar líne gur fiú a iniúchadh. Is gá dul i ngleic leo ó thaobh pleanála teanga de. Caithfimid iarracht a dhéanamh mar lucht léinn, mar ghníomhairí teanga agus mar phobal Gaeilge teacht ar thuiscint ar an staid ina bhfuil an Ghaeilge san áit agus sa chaoi a mbaintear úsáid aisti i saol an lae inniu, sé sin, ar an bhfearann fíorúil.

Tagairtí

Bloc. (2025) Bloc TG4. https://bloc.tg4.ie/

Conradh na Gaeilge. (2025) Conradh na Gaeilge. https://cnag.ie/ga/eolas/conradh-na-gaeilge/cade-conradh-na-gaeilge.html

Foras na Gaeilge. (2025) Foras na Gaeilge. https://www.forasnagaeilge.ie/maidir-le-foras-na-gaeilge/

IMAGE. (2025) https://www.tiktok.com/@muinteoirmeg/photo/7462469341393521952

Jameson, F. (1992) Postmodernism, or, The Cultural Logic of Late Capitalism. Durham: Duke University Press.

Molscéal. (2025) Molscéal. https://www.molsceal.ie/

O’Rourke, B. & Walsh, J. (2020) New Speakers of Irish int eh Global Context: New Revival? New York: Routledge.

Reuters. (2024) Reuters Digital News Report, 2024. https://reutersinstitute.politics.ox.ac.uk/digital-news-report/2024/ireland

Turkle, S. (2011) Alone Together: Why we expect more from technology and less from each other. New York: Basic Books.

Turkle, S. (1996) Life on the Small Screen: Identity in the Age of the Internet. New York: Simon & Schuster.

Verbeek, P.P. (2005) What Things Do, Philosophical Reflection on Technology, Agency and Design. Pennsylvania: The Pennsylvania State University Press.