DOI: https://doi.org/10.13025/29637

Cara nó Namhaid? An Intleacht Shaorga Ghiniúnach agus oideolaíocht na Gaeilge ag leibhéal an Ardoideachais

Réamhrá: Anois Teacht na hIntleachta Saorga Giniúnaí

Tá dúshláin shainiúla ag baint le húsáid na hIntleachta Saorga Ghiniúnaí (ISG) sa seomra ranga Gaeilge ag aon leibhéal oideachais. Faoi mar a mhíníonn Ní Chiaráin et al., (2023) thíos dúinn, meastar go forleathan gur radacach an rud é an ISG i réimse an oideachais trí chéile, ach is minic nach dtuigtear na himpleachtaí nó na dúshláin a eascraíonn ón gcineál seo teicneolaíochta sa ghnáthphobal, cé go bhfuil ‘súil an domhain mhóir’ ar an gcineál seo teicneolaíochta:

I gcás na dteangacha atá ar bheagán acmhainní digiteacha, an Ghaeilge ina measc, tá ceisteanna breise le cur san áireamh, mar shampla, tacair theoranta sonraí chun samhlacha iontaofacha teanga / acústaice a thraenáil, agus easpa taighdeoirí leis na scileanna cuí teangeolaíochta, teagaisc agus teicneolaíochta chun na córais a fhorbairt. Ciallaíonn an bhéim atá ar ollsonraíocht sna modhanna nua-aimseartha forbartha go bhfuil sé i bhfad níos deacra córais theagaisc a fhorbairt do theangacha neamhfhorleathana ná mar atá do na mórtheangacha (Ní Chiaráin et al., 2023: 5)

Cé go bhfuil féidearthachtaí móra i gceist le huirlisí ISG-bhunaithe amhail botaí comhrá, an réaltacht fhíorúil, agus ardáin foghlama oiriúnaithe d’fhoghlaimeoirí, is minic a chruthaítear fadhbanna nó dúshláin ar leith toisc go n-úsáidtear é ar bhonn trialach. Anuas air sin ar fad, tagann saincheisteanna chun cinn i dtaca leis an easpa infreastruchtúir teicneolaíochta, oiliúint múinteoirí, costais, imní faoi phríobháideachas sonraí, agus claontaí tuisceana atá leabaithe in aschur an ISG. Bíodh sin mar atá, is cás linn sa pháipéar seo iniúchadh a dhéanamh ar chuid de na himpleachtaí praiticiúla, agus ar na deiseanna, a chuireann ISG ar fáil i gcomhthéacs an teagaisc, na foghlama agus an mheasúnaithe don Ghaeilge ag an tríú leibhéal. Chun na ceisteanna úd a fhiosrú, déanfar anailís ar phríomhfhorbairtí na teicneolaíochta seo a chur in iúl, agus breathnófar ar an dul chun cinn suntasach atá déanta i réimse an ISG a chruthaíonn agus a chothaíonn athruithe móra paraidíme, go háirithe i dtaobh na hoideolaíochta agus an mheasúnaithe. Chuige seo, san alt seo, léireofar cuir chuige nuálacha chun an ISG a chomhtháthú i gcleachtais teagaisc, laistigh agus lasmuigh den seomra ranga, agus muid ag breathnú ar chás-staidéir ar leith. Ar deireadh, caithfear súil ar uirlisí éagsúla ISG trí shamplaí a bheadh cabhrach d’oidí Gaeilge.

Leagfar amach an t-alt seo i gcúig rannóg. I dtosach báire, déanfar scagadh ar na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann leis an ISG in earnáil an oideachais. Ina dhiaidh sin, i gcuid 2, pléifear an ISG i gcomhthéacs teangacha neamhfhorleathana, agus muid ag díriú ar chás sainiúil na Gaeilge. Is i gcuid 3 a bhreathnófar ar chás-staidéar ar leith, agus is i gcuid 4 a bhreathnófar ar ceisteanna oideolaíocha faoin ISG. Ar deireadh, i gcuid 5, déanfar cláracha ISG reatha a mheas trí scrúdú a dhéanamh ar shamplaí ionadaíocha a bheadh oiriúnach don teagasc.

Dúshláin agus/nó Deiseanna

Mar oideachasóirí ag leibhéal ar bith, tuigtear gur minic a bhíonn an teicneolaíocht agus an t-oideachas fite fuaite ina chéile. Go bunúsach, is teicneolaíocht nua bhunathraitheach é an ISG, ach go stairiúil, bhíodh comhráite móra ar bun, a gcuirfeadh an dioscúrsa nua faoin ISG i gcuimhne duit, nuair a tháinig an clódóir chun cinn sa chúigiú haois déag. Ina dhiaidh sin, ba é an clár dubh beag soineanta féin a chruthaigh aighneas san ochtú haois déag (Fawns, 2022; Weller, 2020). Baineann an ISG le dúshláin, go cinnte, ach le deiseanna dúinne atá ag plé leis an oideachas ar an tríú leibhéal. Mar oidí teanga, ba cheart dúinn glacadh leis an teicneolaíocht nua seo inár gcleachtais teagaisc agus foghlama agus é mar chuid de chontanam níos leithne oideachasúil. Sin ráite, is gá meon criticiúil a fhorbairt ina leith agus a bheith airdeallach faoin áibhéil laethúil a thagann aníos go minic i gcomhráite faoin ISG mar theicneolaíocht nuálach chlaochlaithe.

Ó tháinig an ISG chun cinn go forleathan sa phobal in 2022, bhí fuadar faoi chórais oideachais ar an tríú leibhéal san Eoraip agus in Éirinn teacht ar bhealaí chun dul i ngleic leis an teicneolaíocht nua seo: ba é an namhaid nua é a chuir Google Translate i gcuimhne dúinn. I dtéarmaí polasaí, tugann acmhainní amhail Recommendations de chuid UNESCO (2023) agus Recommendations on the ethical use of Artificial Intelligence in Education a thagann ón nGréasán Eorpach don Mhacántacht Acadúil (2023), treoir úsáideach d’oideachasóirí. Sna hacmhainní thuasluaite, tugtar tacaíochtaí atá fréamhaithe i dtaighde, agus a mholann bealaí ar féidir le hoidí an ISG a leabú ina gcleachtas gairmiúil go heiticiúil.

I gcomhthéacs Phoblacht na hÉireann, tugann Gréasán Náisiúnta don Mhacántacht Acadúil (NAIN) de chuid QQI, tacaíocht agus eolas luachmhar dúinn, anuas ar an taighde is nuaí i dtaca le ISG. Múnlaíonn a saothar Generative Artificial Intelligence: Guidelines for Educators (2023) polasaithe maidir leis an dea-chleachtas d’úsáid ISG anuas ar na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann leis.

Cé na dúshláin?

Is é an príomhdhúshlán a chuireann an ISG romhainn san oideachas ar an tríú leibhéal ná bailíocht mheasúnaithe agus cinntiú foghlama (Kelly, 2025). Is féidir leis an ISG measúnuithe traidisiúnta, amhail aistí agus téacsanna nó tascanna eile scríofa, a ghiniúint go fíorthapa, agus is minic a bhíonn an saothar ginte ag caighdeán réasúnta maith, cé go mbíonn an t-aschur ag brath ar an ábhar nó ar an teanga ar baineadh leas aisti. Spreagann sé seo ceisteanna iomadúla d’institiúidí ardoideachais faoi chúrsaí eitice agus an chaoi ar féidir le mic léinn leas a bhaint as uirlisí ISG. Is minic a dhéantar trácht ar an macántacht acadúil i gcomhthéacs na ceiste seo, go háirithe i dtaobh na bradaíola acadúla, agus seo le feiceáil go mion minic sa litríocht reatha (Eaton, 2023). Tagann ceisteanna rialta aníos dá bharr faoi athshámhlú an oideachais trí chéile agus go bhfuil an seomra ranga traidisiúnta níos póiriúla ná mar a bhí riamh agus na tionchair seo i gceist (Godwin-Jones et al., 2024).

Agus muide, mar oidí teanga, ag dul i ngleic leis an dúshlán áirithe úd, is ag crosbhealaí atá muid. Seo a leanas roinnt moltaí a bhaineann leis an gceist chéanna chun na dúshláin a shárú:

  • Forbairt theicniúil a dhéanamh ar uirlisí le saothar a ghin ISG a aithint.
  • Athshamhlú a dhéanamh ar mheasúnuithe ó bhonn agus cuir chuige nua do mheasúnuithe a aimsiú.
  • Cead a thabhairt d’oidí agus do mhic léinn uirlisí ISG a úsáid go heiticiúil sa teagasc, san fhoghlaim agus i measúnuithe.

I láthair na huaire, is deacair a bhíonn sé ar oide saothar a ghin ISG a aithint (nó ligeann an t-oide air go n-aithníonn sé a leithéid), agus cruthaíonn sé seo brú as cuimse ó thaobh ama agus aighnis sa chóras measúnaithe. Is amhlaidh atá an scéal i dtaobh na n-uirlisí reatha teicniúla atá ar fáil chun a leithéid de shaothar ginte a aithint (Waltzer et. al., 2024; Weber-Wulff, 2023). Dá mhéad uirlisí teicniúla agus drochmheon den chineál seo in úsáid ag institiúidí oideachais is ea is diúltaí an dearcadh a théann sa treis. Tagann droch-chultúr áirithe acadúil chun cinn, dá thoradh air sin, ina bhfuil an t-amhras i gcroí an phobail foghlama lasmuigh agus laistigh den seomra ranga.

Cé na deiseanna?

Deis mhór is ea an ISG le tús a chur le comhráite criticiúla faoi bhailíocht measúnuithe, go háirithe i bhfianaise na teicneolaíochta nua seo. Athrú treo agus athshamhlú atá i gceist le teacht an ISG, agus ba cheart fáilte a chur roimhe seo chun measúnuithe níos oiriúnaí do mhic léinn a chruthú atá ailínithe níos fearr leis an bhfoghlaim féin. Is éard atá i gceist leis seo na measúnuithe a dhearadh a ullmhaíonn na mic léinn don suíomh oibre agus do thodhchaí éiginnte (O’Rourke, 2025). Tá uirlisí ISG lárnach cheana féin i saol na hoibre agus í in úsáid go forleathan in earnálacha éagsúla gairme. Dá bhrí sin, ní mór do mhic léinn a bheith eolach ar an gcaoi is fearr agus is éifeachtaí an ISG a úsáid go heiticiúil.

D’fhéadfaí a mhaíomh, chomh maith, go rachaidh úsáid an ISG sa teagasc agus san fhoghlaim chun sochair do na mic léinn. Mórcheist is ea freisin an tslí a bhféadfadh an ISG an chruthaitheacht a chur chun cinn i measc na mac léinn, chun aiseolas pearsantaithe a chruthú dóibh bunaithe ar a sainriachtanais foghlama agus chumais féin, agus chun acmhainní foghlama inrochtana a chur ar fáil do speictream níos mó daoine (Kelly, 2025).

Ach céard atá i gcroí na mórcheiste thuas? Más mian le hoidí teanga ar an tríú leibhéal an ISG a chur san áireamh in éiceachóras na hollscolaíochta, is gá forbairt a dhéanamh ar litearthacht na ISG, agus feasacht i leith úsáid eiticiúil na teicneolaíochta seo a fheabhsú. Thacódh na céimeanna seo le cultúr maith acadúil ina bhfuil an mhacántacht acadúil chun tosaigh i gcónaí a chruthú (Eaton, 2023 719; Southworth et al., 2023: 4).

Teangacha neamhfhorleathana agus mionlaithe i gcomhthéacs ISG

Is go rómhinic a dhéantar faillí i dteangacha neamhfhorleathana nó i dteangacha mionlaithe i ndul chun cinn na teicneolaíochta. Mar chainteoirí Gaeilge, is minic a bhíonn ar úsáideoirí laethúla na teanga glacadh le bearnaí seirbhísí agus soláthair i ngnéithe éagsúla dá saol laethúil, cé go bhfuil obair ar siúl chun an scéal a leigheas tríd an An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024–2030. Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta maidir le hacmhainní teanga don teagasc, amhail www.snas.ie (de chuid Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad) agus www.ceimaraghaidh.ie (le hAntain Mac Lochlainn agus Siuán Ní Mhaonaigh), tá bearnaí suntasacha fós ann sa taighde ar na bearnaí teangeolaíochta a bhaineann leis an nGaeilge i gcomhthéacs an ISG.

Dar leis an mbota beag comhrá seo ar a bhfuil muid ag caint, tá os cionn caoga teanga ag ChatGPT4.0. Maíonn an clár féin go bhfuil na teangacha Ceilteacha ar a thoil aige, agus í mar aidhm aige freagraí nádúrtha, cruinne a thabhairt chomh fada agus is féidir leis. Bíodh sin mar atá, is é an Béarla fós an teanga is láidre atá ag an gclár seo ó thaobh chruinneas teanga agus i dtaca leis an bhfeasacht shoch-chultúir de. Dá bharr seo, bíonn tionchar nach beag aige seo ar an aschur a ghintear, fiú nuair a úsáidtear teangacha eile a bhfuil líon mór cainteoirí acu. Athrú paraidíme atá i gceist leis an ISG agus muid ar thairseach nua dhigiteach agus i ré nua theicneolaíochta agus an baol ann fós go bhfágfar an Ghaeilge in áit na leathphingine. Tógadh ChatGPT trí bhailiúcháin mhóra sonraí ar a dtugtar tacair shonraí. Agus é ag breathnú ar chás na Maoraise, tuigtear do Bjork (2023) go bhfuil na bailiúcháin sonraí, nó na tacair shonraí seo, bunaithe ar ábhar a scríobhadh cheana ar líne. Mar sin, neartaíonn na tacair shonraí seo ceannas an Bhéarla san aschur a ghintear.

Ina dhiaidh seo, mar a deir Nguyen (2024), agus í ag tagairt d’éagsúlacht theangeolaíoch an chláir, maíonn sí go mbeadh infreastruchtúr ar ardchaighdeán ag teastáil ó ChatGPT chun freastal ar theangacha mionlaithe ina bhfuil na hacmhainní daonna ó réimsí éagsúla léinn ag teastáil chun údarás agus caighdeán na bhfoinsí seo a chinntiú. Dá bhrí sin, cé go dtuigeann ChatGPT ionchur an úsáideora i dteangacha áirithe cosúil leis an Ioruais, faoi mar a phléann Rettberg (2022), ní féidir leis an ISG freagraí bunúsacha a fhreagairt. Mar sin, tugann tuairimíocht na dtráchtairí thuas le fios go bhfuil ChatGPT bunaithe ar thacair shonraí a tharraingíonn ó dhomhan agus ó chultúr Angla-Mheiriceánach. Cé gur prionsabal lárnach de chuid ChatGPT é rochtain dhaonlathach a bheith ar uirlisí ISG, beidh tuilleadh infheistíocht spriocdhírithe riachtanach chun tacú le teangacha mionlaithe amhail an Ghaeilge.

Ach cé chomh hinniúil is atá ChatGPT i láthair na huaire ó seoladh leagan 4.0 in 2023? Is cinnte go dtuigeann ChatGPT leideanna (an t-ionchur) i nGaeilge, bíonn mearbhall rialta ar an gclár agus gintear freagraí, nó aschur, aisteacha ag brath ar an leid a thugtar dó. Speabhraídí a thugtar orthu seo, agus go leor ábhar neamhchaighdeánach agus neamhchaighdeánaithe le feiceáil san aschur. Mar shampla, nuair a lorgaítear liosta d’ainmfhocail bhaininscneacha ón gclár ISG seo, tugann sé freagraí míchearta don úsáideoir agus sraith ainmfhocail fhirinscneacha le feiceáil ann ar nós ‘cailín’, ‘clog’, agus ‘béal’.

Déantar tagairt dhíreach don IS agus don ISG sa Plean Digiteach don Ghaeilge (2022), plean a bhfuil sé mar aidhm aige bearnaí taighde a aithint i réimse na teicneolaíochta Gaeilge. Faoi mar a nochtann scríbhneoirí an phlean, níl sé i gceist go dtiocfadh an fhoghlaim ríomhchuidithe in áit oidí daonna ach go bhfuil acmhainní agus maoiniú ag teastáil chun feabhas a chur ar an oideolaíocht ag gach leibhéal cumais. Sa mhullach air sin, aithnítear sa phlean an tábhacht a bhaineann le hardáin chasta a dhearadh le go mbeidh ról gníomhach ag foghlaimeoirí agus ag múinteoirí araon in úsáid acmhainní teanga. Ach céard is féidir le hinstitiúid ar leith a dhéanamh? Gheofar thíos cás-staidéar a bhaineann le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) le tuiscint a fháil ar an gcaoi a ndeachaigh agus a dtéann institiúid ardoideachais i ngleic leis an teicneolaíocht seo.

Cás-staidéar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Amhail go leor institiúidí eile oideachais, thug DCU aghaidh ar cheist na ISG go foirmiúil thiar in 2022 nuair a tháinig grúpa cleachtóirí ó ranna uile na hOllscoile le chéile chun dréachtcháipéis a scríobh bunaithe ar pholasaithe úsáid na ISG. Sa cháipéis úd, leagtar amach fís straitéiseach na hOllscoile maidir le húsáid ISG, ag leagan béim ar an ailíniú struchtúir a bhí ag teastáil chun ISG a chur san áireamh. Deirtear a leanas ann:

[it is] part of our commitment to prepare our students for a world in which AI tools will be used in a variety of ways, DCU will conduct an analysis of the current portfolio of programmes to ensure that 1) each programme is anticipated to remain relevant and demand for the numbers of graduates to be strong and 2) content reflects the emphasis on knowledge frameworks, competency over information etc which will ensure our graduates will continue to be relevant and ready for an AI-infused world. (Teaching Enhancement Unit [TEU], DCU, 2022)

Sin ráite, is minic a luann cleachtóirí ó réimsí éagsúla gurb é an measúnú an chloch is mó ar a bpaidrín: cén chaoi ar féidir measúnachtaí a dhearadh i gcomhthéacs ISG? Molann an TEU dhá mhúnla, nó dhá chur chuige, maidir le húsáid ISG i measúnuithe.

Dearaimis isteach:

  • Tugann an mac léinn leideanna ISG don teagascóir a léiríonn an próiseas foghlama.
  • Ábhar ISG a mheas agus é a chur i gcomparáid le saothar eile a scríobh an mac léinn.
  • Saothar ISG a léamh go criticiúil agus sin a úsáid mar chuid den fhoghlaim agus den mheasúnú.

Dearaimis amach:

  • Áit níos lárnaí a thabhairt do chuir i láthair agus do scrúduithe cainte (cur chuige an viva).
  • Taifeadtaí cainte a úsáid in áit measúnachtaí scríofa.
  • Tuairiscí faoin dul chun cinn sa mheasúnú a thabhairt mar chuid d’anailís foghlama.
  • Tús áite a thabhairt don phróiseas oibre in áit an tsaothair deiridh a leagtar isteach.

Ag cloí leis an dearadh amach, tugadh tasc cainte i bhfoirm phodchraolta do mhic léinn na chéad bhliana ar an gclár Baitsiléara san Oideachas i nGaeilge agus Teangacha – clár atá dírithe ar ábhair oide ag an dara leibhéal – agus an tasc féin ag teacht le prionsabail mheasúnaithe an TEU. Ligeadh do na mic léinn topaic dá rogha féin a phlé go mion sa taifead cainte, a sheachnódh úsáid na ISG. Bíodh sin mar atá, tháinig roinnt dúshlán chun solais lena linn:

  • Nach bhféadfadh mic léinn scripteanna a ullmhú ag baint úsáid as ISG?
  • Nach bhféadfadh mic léinn script Bhéarla a ghin clár ISG a aistriú go Gaeilge trí úsáid a bhaint as Google Translate nó eile?

Dá bhrí sin, cuireann measúnuithe leanúnacha dúshláin inár láthair, agus go leor oidí teanga ar an tríú leibhéal ag filleadh ar scrúduithe suimitheacha sa halla scrúdaithe.

ISG agus an oideolaíocht

Ós rud é nach éasca an rud é úsáid ISG i measc na mac léinn a sheachaint, is mithid an cheist a chur: cén caoi ar féidir an ISG a úsáid go héifeachtach in ainneoin gur minic a bhíonn an Ghaeilge a ghineann sé míchruinn nó mínádúrtha? Tá tábhacht nach beag ag baint le cur chuige aontaithe maidir le húsáid ISG a lua go luath in aon chlár staidéir ag an tríú leibhéal. Le linn an ionduchtaithe, tugadh treoir do mhic léinn an Bhaitsiléara san Oideachas i nGaeilge agus Teangacha maidir le húsáid cláir amhail ChatGPT, agus cuireadh na síolta seo le go mbeidh siad in ann uirlisí ISG a úsáid go cúramach agus go criticiúil ina gcuid oibre.

Is léir ón taighde go bhfuil go leor teagascóirí teanga L2 sásta an ISG a chur i bhfeidhm ina gcleachtas gairmiúil féin. Maíonn Ohashi & Alm (2022) ina staidéar ar úsáid ISG, a raibh níos mó ná 300 teagascóir teanga páirteach ann, go bhfuil fonn ar an-chuid oidí teanga an ISG a úsáid i ndearadh ábhair. Feictear sa staidéar céanna, go gceaptar gur cúntóir teagaisc atá san ISG le quizeanna meicniúla gramadaí a scríobh agus chun ábhair phlé a scríobh bunaithe ar thopaic ar leith chumarsáide. Cé nach féidir brath ar aschur ChatGPT go minic, tugtar bunús d’oidí teanga agus gníomhaíochtaí á bhforbairt acu don seomra ranga. Ar deireadh, má tá sé i gceist ag an oide teanga leas éifeachtach a bhaint as ISG, beidh orthu an oiliúint chuí a fháil ar mhaithe le dearbhú caighdeáin. Is gá, mar thoradh air sin, tuilleadh maoinithe is taighde i dtaobh na ISG i gcomhthéacs na Gaeilge.

Samplaí den Dea-Chleachtais

Sampla 1: Ábhar teagaisc

Tá modúil Ghaeilge (is é sin le rá, modúil ar labhairt agus ar scríobh na Gaeilge) in DCU ailínithe go ginearálta leis an siollabas náisiúnta do mhúineadh na Gaeilge ar an tríú leibhéal a bunaíodh in 2011 trí obair An Mheitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal. Cuireann an siollabas teanga ábhar samplach foghlama ar fáil do chomhordaitheoirí modúl agus an siollabas céanna ailínithe le leibhéil chuí chumais de réir an Creatlach Comónta na hEorpa maidir le Teangacha: Foghlaim, Teagasc agus Measúnú (CEFR) (Comhairle na hEorpa, 2001). Is léir go bhféadfaidh an CEFR a bheith mar threoir chun inniúlachtaí foghlaimeoirí a phróifíliú agus chun dul chun cinn a mheas bunaithe ar na critéir a leagadh síos sa CEFR (Ní Ghloinn, 2020: 119). Pléann mic léinn Ghaeilge le téacsanna dílse éagsúla agus múintear seimineáir theanga i gcomhthéacs cumarsáideach. Deis is ea an seimineár teanga chun litearthacht ISG a chothú chomh maith ina leagtar amach cuspóirí cinnte foghlama agus teanga go soiléir. Mar shampla, in Aonad 6 de chúrsa an dara bliain don Bhaitsiléir san Oideachas i nGaeilge agus Teangacha, úsáidtear téacsanna dílse ó www.snas.ie chun plé a éascú faoin ISG. Tugann sé seo deis don oide teanga dhá aidhm a bhaint amach: stór focal, struchtúir theanga, agus topaicí faoin ISG a shealbhú anuas ar mhachnamh a dhéanamh ar ISG go ginearálta. Gheofar thíos cuid de sheisiún samplach bunaithe ar acmhainní www.snas.ie:

Aonad 6: An Intleacht Shaorga Ghiniúnach 

Cleachtadh A: Réamhphlé

Déan na pointí thíos a phlé leis an duine in aice leat.

  • Cad iad na hathruithe is mó a tháinig ar an teicneolaíocht le linn do shaoil go dtí seo?
  • Cad é an chéad dul chun cinn mór teicneolaíochta eile atá le teacht, dar leat?
  • An bhfuil aon chuid den teicneolaíocht a rinne dochar don domhan? Mínigh.
  • An bhfuil cur amach agat ar an intleacht shaorga agus ar ChatCPT?

Cleachtadh B: Stór focal (bunaithe ar Vifax/www.snas.ie)

Beidh na focail thíos le cloisteáil sa mhír ar ball. An féidir leat na leaganacha Gaeilge a aimsiú anois sula bhféachfaidh tú ar an mír? Bain úsáid as www.focloir.ie chun cuidiú leat, más gá.

computer scientist:
boss:
retiring:
regret:
intense competition:
computer companies:
breakneck speed:
committed to:
responsible approach:
pioneering:

Cleachtadh C: An Mhír Físe (bunaithe ar Vifax/www.snas.ie)

Anois féach ar an mír agus freagair na ceisteanna thíos:

  1. Féach ar an mír den chéad uair. An raibh na focail chéanna agat féin?
  2. An bhfuil leagan eile agat de na focail seo – baol / scanrúil / i dtaca le?
  3. Cén uimhir iolra atá ag na focail ‘suíomh’ agus ‘post’?

Cleachtadh D: An Mhír Físe (bunaithe ar Vifax/www.snas.ie)

Anois féach ar an mír arís agus freagair na ceisteanna thíos:

  1. Cé hé Geoffrey Hinton agus cén aois atá sé?
  2. Cén fáth a bhfuil sé sa nuacht faoi láthair?
  3. Cén fáth a bhfuil aiféala ar Geoffrey?
  4. Cén fáth, dar leis, a bhfuil comhlachtaí móra ag cur amach córais nua intleachta saorga go han-tapa?
  5. Cad iad na contúirtí a bhaineann leis na botaí comhrá, dar leis?
  6. Cad a bhí le rá ag Emmet Ryan?
  7. Tugann James McDermott liosta dúinn de na rudaí ar fad is féidir leis na botaí a dhéanamh. Cad iad?
  8. Cén imní atá ar go leor taighdeoirí, dar leis?
  9. Cad a dúirt Jeff Dean?

Sampla 2: Forbairt litearthachta don ISG

Mar chuid den Bhaitsiléir san Oideachas i nGaeilge agus Teangacha, díríonn na hábhair oide ar an teoiric oideachais, agus déantar scagadh socheolaíoch ar dhigitiú an oideachais in Éirinn. Ar cheann de na téamaí a phléifear is ea úsáid ISG sa seomra ranga ar an dara leibhéal. Tá an téama seo bunaithe ar Chéimeanna na Múinteoirí i gComhtháthú ISG de réir Kaplan-Rakowski et. al (2023). Féach Figiúr 1 thíos.

Figiúr 1: Kaplan-Rakowski et. al (2023): comhtháthú ISG do mhúinteoirí.

Bhain an seisiún seo le réimse leathan gníomhaíochtaí ina raibh an litearthacht ISG i gcroí an cheachta. Mar chuid den seisiún, bhí plé ann faoin ISG, rinneadh anailís chriticiúil ar an ISG agus léadh pleananna ceachta a ghin an ISG. Bhí turgnaimh éagsúla eile ann a bhain le dearadh acmhainní teagaisc don dara leibhéal. Ba é an ghníomhaíocht ba rathúla, sin ráite, ná ‘an aincheist eitice’, féach an sampla thíos.

Gníomhaíocht faoin ISG: Aincheist Eitice

Is dalta í Máire atá sa dara bliain i nGaelcholáiste Áine. Mar chuid den obair bhaile, d’iarr an múinteoir uirthi roinnt taighde a dhéanamh ar chultúr na Gearmáine a bhí mar chuid den mheasúnú rang-bhunaithe (MRB). Chuaigh Máire ag póirseáil trí shuímh éagsúla ar líne agus bhain sí leas as ChatGPT. Tharraing sí na píosaí eolais le chéile go néata dá múinteoir agus leag sí isteach an obair.

Agus sibh ag obair i grúpaí, déan plé ar an ‘aincheist eitice; seo agus ullmhaigh píosa cainte bunaithe ar na pointí thíos:

  1. An raibh cur chuige Mháire inghlactha? Cén fáth a raibh nó cén fáth nach raibh?
  2. Cén chaoi a mbeadh an múinteoir in ann a chruthú gur bhain sí leas as ISG?
  3. An bhfuair Máire cead óna múinteoir ISG a úsáid? Cá seasann an scoil ina leith? Céard faoi Choimisiúin na Scrúduithe Stáit nó faoin Roinn Oideachais?

 

Conclúid: Cá bhfuil ár dtriall?

Tá idir dhúshláin agus deiseanna i gceist le húsáid na ISG i dteagasc agus i measúnú na Gaeilge faoi mar a pléadh thuas. Cé go raibh iarrachtaí ar bun an ISG a fhiosrú in aipeanna teanga ar nós Cén Scéal?, ba léir nach raibh rath orthu agus an locht ar na tacair lochtacha shonraí ISG a bhí ar fáil ag an am (Ní Chiaráin et al., 2023: 178). Méadaíonn sé seo an géarghá a bhaineann le hinfheistíocht náisiúnta spriocdhírithe sa teicneolaíocht teanga.

Cé go bhfuil ceisteanna móra fós le cur faoin macántacht acadúil, faoin gcruinneas teanga san aschur ISG, agus ceisteanna eile eitice, is léir gur féidir le hinstitiúidí fadradharcacha tríú leibhéal deiseanna a thapú sa réimse seo. Tuigtear go bhfuil an ISG ag dul i bhfeabhas ó lá go lá maidir leis an aschur Gaeilge a chuirtear ar fáil agus cláir nua ar nós DeepSeek anois ar an bhfód. Agus an tírdhreach teicneolaíochta seo ag athrú ó lá go lá, agus tionscadail Údarás na Gaeltachta faoin ‘Ardintleacht’ ar bun, an gá dúinn in earnáil an ardoideachais Ghaeilge dul i ngleic leis an teicneolaíocht seo go trasinstitiúideach, amhail obair An Mheitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal faoi mar a mholann Choudhury (2023: 1903): ‘This is a complex sociotechnical challenge that necessitates a coordinated effort from several stakeholders, including technology developers, companies, governments and language communities’. Dar linne, is fiú go mór a mhacasamhail a chur ar bun agus muid ag feidhmiú i gcóras oideachais iar-bhradaíola ina mbeidh obair ‘hibrea-dhaonna’ i gceist leis (Eaton, 2023). Tá deis ag oidí teanga tacú le mic léinn chun iad a ullmhú do na hathruithe suntasacha atá anois le feiceáil in earnálacha agus i gcomhthéacsanna éagsúla oibre. Is gá, mar sin, a chinntiú mar oidí ar an tríú leibhéal go gcuirtear ar fáil an timpeallacht cheart foghlama chun scileanna criticiúla agus teicniúla a chothú agus ré na ISG anois linn. 

Tagairtí

Bjork, C. (2023) ‘ChatGPT Threatens Language Diversity: More needs to be done to protect our differences in the age of AI.’ https://theconversation.com/chatgpt-threatens-language-diversity-more-needs-to-be-done-to-protect-our-differences-in-the-age-of-ai-198878.

Choudhury, M. (2023) ‘Generative AI has a language problem.’ Nature human behaviour 7(11). 1802–3. https://doi.org/10.1038/s41562-023-01716-4.

Eaton, S.E. (2023) ‘Postplagiarism: transdisciplinary ethics and integrity in the age of artificial intelligence and neurotechnology.’ Int J Educ Integr, 19. 23.  https://doi.org/10.1007/s40979-023-00144-1

Fawns, T. (2022) ‘An Entangled Pedagogy: Looking Beyond the Pedagogy – Technology Dichotomy’. Postdigit Sci Educ, 4, 7. 11–28. https://doi.org/10.1007/s42438-022-00302-7

Foltynek, T. Bjelobaba, S. Glendinning, I. et al (2023). ‘ENAI Recommendations on the ethical use of Artificial Intelligence in Education;. Int J Educ Integr, 19. 12. https://doi.org/10.1007/s40979-023-00133-4

Godwin-Jones, R. (2024) ‘Distributed agency in language learning and teaching through generative AI. Language Learning & Technology, 28(2). 5–30. https://doi.org/10125/73570

Kaplan-Rakowski, R., Grotewold, K., Hartwick, P. & Papin, K., (2023) ‘Generative AI and Teachers’ Perspectives on Its Implementation in Education.’ Journal of Interactive Learning Research, 34(2). 313–8. Waynesville, NC: Association for the Advancement of Computing in Education (AACE). https://www.learntechlib.org/primary/p/222363/.

Kelly, B. (2025) ‘GenAI in Higher Education: Key Considerations.’ Schalk Quintanar & Rooney (Eds), Using GenAI in Teaching, Learning and Assessment in Irish Universities.

Li, L. et al. (2023) ‘ChatGPT in education: a discourse analysis of worries and concerns on social media.’ Education and Information Technologies, 20.1.

NAIN, (2023) Generative Artificial Intelligence: Guidelines for Educators.

Ní Chiaráin, N. Nolan, O. Robinson Gunning, N. Comtois, M. (2023) ‘Filling the SLaTE: examining the contribution LLMs can make to Irish iCALL content generation.’ Proc. 9th Workshop on Speech and Language Technology in Education (SLaTE). 176–81. https://doi.org/10.21437/SLaTE.2023-34

Ní Ghloinn, A. (2020) ‘Corpas Foghlaimeora TEG agus an Próifíliú Cumais sa Ghaeilge’. Ó Raghallaigh, E. (eag.), Léachtaí Cholm Cille L: Téamaí agus Tionscadail Taighde. Maigh Nuad: An Sagart, 119‒56.

Ohashi, L. and Alm, A., (2023) ‘ChatGPT and Language Learning: University Educators’ Initial Response.’ EuroCALL 2023. CALL for all Languages – Short Papers. 31–6.

O’Rourke, K. (2025) ‘What is Intelligence Anyway? AI and Higher Education in the 21st Century.’ Schalk Quintanar & Rooney (Eds), Using GenAI in Teaching, Learning and Assessment in Irish Universities.

Phong ANH, N. (2024) ‘Artificial Intelligence and the threat of minority language extinction.’ Vietnam Times. https://vietnamtimes.org.vn/artificial-intelligence-and-the-threat-of-minority-language-extinction-69515.html.

Rettberg, J. (2022) ‘ChatGPT is multilingual but monocultural, and it’s learning your values.’  https://jilltxt.net/right-now-chatgpt-is-multilingual-but-monocultural-but-its-learning-your-values/.

Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán, (2022) Plean Digiteach don Ghaeilge Teicneolaíochtaí Urlabhra agus Teanga 2023–2027. https://www.gov.ie/en/publication/a880c-plean-digiteach.

Southworth, J. et al. (2023) ‘Developing a model for AI Across the curriculum: Transforming the higher education landscape via innovation in AI literacy.’ Computers and Education. Artificial Intelligence, 4. https://doi.org/10.1016/j.caeai.2023.100127.

UNESCO. (2023) Guidance for generative AI in education and research.

Waltzer, T. Pilegard, C. & Heyman, G.D. (2024) ‘Can you spot the bot? Identifying AI-generated writing in college essays.’ Int J Educ Integr, 20. 11.  https://doi.org/10.1007/s40979-024-00158-3

Weber-Wulff, D., Anohina-Naumeca, A., Bjelobaba, S. et al. (2023) ‘Testing of detection tools for AI-generated text.’ Int J Educ Integr, 19. 26. https://doi.org/10.1007/s40979-023-00146-z

Weller, M. (2020) 25 years of ed tech. Athabasca University Press.