DOI: https://doi.org/10.13025/29614

Ekphrasis Spioradálta don Aos Óg: Alt Léirmheasa ar Iontas na nIontas le Gabriel Rosenstock

Foilsithe ag Foilseacháin Ábhair Spioradálta, Baile Átha Cliath, 2023

 (71 leathanach, clúdach bog, ISBN: 978-1-906982-81-2)

Léirmheastóir: Marie Whelton

Réamhrá

Is teach foilsitheoireachta é Foilseacháin Ábhair Spioradálta a bunaíodh sa bhliain 1956 ‘faoi choimirce Ord na nÍosánach, chun leabhair a sholáthar i nGaeilge ar ábhair a bhaineann le creideamh agus leis an gcultúr Críostaí’ (2025) agus is cinnte go dtagann ábhar an ailt léirmheasa seo – Iontas na nIontas –  leis na haidhmeanna sin. Cnuasach de véarsaí nua-chumtha is ea é don aos óg leis an scríbhneoir bisiúil, Gabriel Rosenstock, scríbhneoir a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta bainte amach aige dá shaothar turgnamhach filíochta agus próis do pháistí agus do dhaoine fásta araon. Is cnuasach suaithinseach é Iontas na nIontas toisc na véarsaí ann a bheith curtha i láthair in éineacht le foinsí a n-inspioráide – píosaí ealaíne ón bhFearann Poiblí. ‘Ekphrasis’ a thugann Rosenstock (2024: 13) ar an stíl atá á cleachtadh aige sa chnuasach agus ar an ábhar sin, sa léirmheas seo, tabharfar sainmhíniú ar dtús ar an téarma ekphrasis agus luafar cuid de na ceisteanna eiticiúla is gá do chriticeoirí liteartha dul i ngleic leo agus ekphrasis á mheas acu. Féachfar ansin ar an tslí a gcuireann Rosenstock ekphrasis i láthair an léitheora óig in Iontas na nIontas agus léireofar gur freagairt spioradálta ar an ealaín é saothar Rosenstock atá ag iarraidh freagairt spioradálta a spreagadh sa léitheoir óg.  

Ekphrasis: Sainmhínithe agus Ceisteanna Eitice 

Téarma Gréigise is ea an téarma ekphrasis agus faightear sainmhínithe éagsúla ar an téarma sa scoláireacht liteartha. Is é an sainmhíniú a chuir James Heffernan chun cinn sa bhliain 1993 ná: ‘the verbal representation of visual representation’ (Brosch, 2018: 226) ach glactar leis anois gur sainmhíniú teoranta é sin agus b’fhearr sainmhíniú ina dtugtar suntas do na híomhánna go léir a bhíonn ar fáil sa lá atá inniu ann d’ekphrasis agus ina dtagraítear, freisin, do fhreagairt agus do thuiscint an scríbhneora. Ar an gcúis sin, is é an sainmhíniú a mholann Renate Brosch ar ekphrasis ná: ‘a literary response to a visual image or visual images’ (Brosch, 2018: 227). Molann criticeoirí eile sainmhíniú níos cuimsithí a chuireann córais chomharthaíochta agus freagairtí cruthaitheacha éagsúla san áireamh. I bhfocail Manana Rusieshvili-Cartledge agus Dolidze Rusudan, mar shampla: ‘Ekphrasis is the verbalization, quotation, dramatization of or allusion to real or fictitious texts composed in another sign system’ (2015: 1, 6).

Pé sainmhíniú a úsáidtear, spreagann ekphrasis ceisteanna eiticiúla agus polaitiúla do chriticeoirí liteartha. Ceann de na ceisteanna sin ná ceist na cothromaíochta idir an focal scríofa agus an píosa ealaíne. Seo mar a chuireann Brosch síos ar an gceist: 

Historically, the word was ennobled by its association with scripture as opposed to the inherently deceptive image…Ekphrastic writing, especially when it engages with canonical art objects, often reinstates the traditional hierarchies between the verbal and the visual in order to question or criticize the value-laden beliefs associated with them. (Brosch, 2018: 233)

Ceist eile a spreagtar, baineann sí leis an deighilt ama agus comhthéacs a bhíonn ann idir an t-ealaíontóir agus an scríbhneoir. Mar gheall ar an deighilt sin, bíonn baol ann go gcuirfidh scríbhneoirí údair imní agus cláir pholaitiúla a n-aoise féin i bhfeidhm ar phíosaí ealaíne a cumadh in aois eile.  Ar an taobh eile de, aithnítear, freisin, gur féidir le ekphrasis teorainneacha ama agus staire a shárú chun tairbhe na healaíne agus na scríbhneoireachta araon. I bhfocail Brosch arís: ‘in the global interconnectedness of the digital age, ekphrasis can transcend the limited boundaries of nation or social group.’ (Brosch, 2018: 241)

Is díol spéise é sa chomhthéacs sin, go n-áitíonn Pádraig de Paor go bhfuil ómós ‘do

mhisteachas…na healaíne ina chomhartha sóirt d’fhilíocht Rosenstock’ (de Paor, 2023:102). Dar le de Paor, tarraingíonn Rosenstock ar an ealaín chun dul i ngleic le ‘dídhraíochtú’ an chultúir chomhaimseartha agus chun dul i ngleic go háirithe le fadhb an ama (de Paor, 2023: 100). Seachas cláir agus sainfhadhbanna na haoise seo a chur i bhfeidhm ar an ealaín, déanann Rosenstock iarracht teagmháil a dhéanamh le foinse inspioráide ealaíontóirí eile ó thréimhsí staire éagsúla agus cabhraíonn an ealaín leis gnó ionchuimsitheach spioradálta a chur i gcrích (de Paor, 2023:107). Luann Gabriel Rosenstock an tairbhe spioradálta sin freisin agus an teagmháil a dhéanann sé le tobar síoraí na cruthaitheachta le cúnamh ekphrasis:

ekphrasis tar éis mo shaol liteartha a athrú […] Féachaim ar phictiúr. Uaireanta is leor breathnú ar an bpictiúr ar feadh soicind. Uaireanta eile is féidir stánadh go machnamhach ar an bpictiúr agus súitear isteach ann thú. As an bpróiseas sin a thagann an dán […].

Creidimse gur féidir tairbhe spioradálta a bhaint as an ealaín agus nach díreach sásamh mothúchánach nó sásamh don tsúil amháin é. Is mar seo a thuigimse an scéal: nuair a fhéachann tú ar shaothar ealaíne, do chroí agus d’aigne lánoscailte agat, tá tú ag dul i dteagmháil le foinse na cruthaitheachta sa duine eile agus, ar shlí, níl ach aon fhoinse amháin inspioráide agus cruthaitheachta sa chruinne. Is é gnó agus dualgas an ealaíontóra a bheith i dtiúin leis sin, ag triall ar an tobar sin go síoraí seasta. (Rosenstock, 2024: 13; feic 2023b, freisin)

 Lámhleabhar Ekphrasis: Freagairt Spioradálta a Spreagann Nóiméad Machnamhach  

In Iontas na nIontas tugann Rosenstock treoir don aos óg, agus dóibh siúd a bhíonn ag déileáil leis an aos óg, maidir le dul i ngleic le ekphrasis. Tá tréithe an lámhleabhair oideachasúil le feiceáil ar a struchtúr. Sa chéad chuid, tá ‘Nóta d’Oidí is do Thuismitheoirí’ áit a molann Rosenstock modheolaíocht chun dul i ngleic le hábhar an leabhair agus áit a dtugann sé le fios gurb é an aidhm atá aige ná ‘nóiméad machnamhach’ (6) a chruthú in aigne an léitheora / an bhreathnóra d’fhonn tairbhe spioradálta (sólás, séimhe, iontas, grásta) a bhaint amach. Sa dara cuid (corp an leabhair), cuirtear trí ábhar machnaimh san iomlán os comhair an léitheora / an bhreathnóra ar gach leathanach: 1) an píosa ealaíne le healaíontóir ainmnithe; 2) haiku Rosenstock ar freagairt spioradálta é ar an bpíosa ealaíne; agus 3) an cumasc den ealaín agus den fhilíocht le chéile. Sa tríú cuid den leabhar, faightear gluais d’fhoghlaimeoirí teanga ina gcuirtear na haikuanna i láthair leo féin i nGaeilge agus i mBéarla. Sa cheathrú cuid, tá nóta mínitheach ón údar dar teideal: ‘Siombailí san Ealaín Chríostaí’ agus sa chuid dheireanach tugtar liosta de na healaíontóirí a bhfuil ealaín leo san áireamh sa leabhar.

Meascán de mhósáicí, de phictiúir ó leabhair agus de phíosaí ealaíne iad na híomhánna a chuirtear i láthair sa dara cuid den leabhar – ealaín i stíleanna éagsúla ó thréimhsí staire éagsúla. Cé gurb íomhánna Críostaí iad cuid mhaith de na híomhánna, cuireann Rosenstock béim ar nádúr uileghabhálach na healaíne agus áitíonn sé gur féidir leis an ealaín ‘na baic chreidimh agus chultúir a dhéanann daoine a dheighilt óna chéile rómhinic’ (5) a thrasnú. Tá teideal na híomhá, ainm an ealaíontóra mar aon le foinse an phictiúir tugtha i gcló beag taobh le gach íomhá agus tugtar freagairt fhileata Rosenstock don phictiúr faoi bhun gach pictiúir. Seasann caighdeán ard an chló agus na ndathanna sna híomhánna féin amach agus níl amhras faoi ach go bhfuil an píosa ealaíne agus an focal scríofa ar chomhchéim lena chéile sa leabhar seo.

Is tairbheach cúig shampla éagsúla a phlé ó chorp sin an leabhair chun blaiseadh a thabhairt do léitheoirí d’ekphrasis Rosenstock. Faoi bhun ‘Naomh Froinsias ag Seanmóireacht leis na hÉin’ le Giotto, mar shampla, tá an haiku seo:

Froinsias…
an té a labhraíonn
leis an éanlaith (Rosenstock 2023a: 16).

Tá plé déanta ag Pádraig de Paor (2023: 112-3) ar thábhacht na teanga agus na gcréatúr mar mhóitífeanna i saothar Rosenstock agus is léir go spreagann an píosa ealaíne le Giotto an file chun an dá mhóitíf sin a thabhairt le chéile arís sa haiku seo. Féachtar ar Naomh Froinsias mar dhuine a bhfuil de bhua míorúilteach aige labhairt leis na héin. In ainneoin nach bhfuil cumas teanga ag na héin, glacann Rosenstock le spiorad an iontais agus cruthaíonn sé nóiméad machnamhach urnaitheach ar an míorúilt anseo. Spreagann sé an léitheoir chun machnamh a dhéanamh ar Naomh Froinsias mar naomh a raibh draíocht chumarsáideach éigin ag baint leis agus mar naomh a bhí báúil leis an nádúr.

Is é an haiku atá faoi bhun an phíosa ealaíne, ‘Breith Chríost’ le Giovanni da Milano Duccio, ná:

saolaítear leanbh…
nach teolaí í
anáil an asail (19).

Leis an haiku ceisteach seo, éiríonn le Rosenstock an léitheoir a tharraingt isteach i suíomh an phictiúir. Glacann Rosenstock leis go bhfuil an léitheoir in ann teas anáil an asail a aireachtáil. Is é an toradh ná go spreagtar an léitheoir óg chun é / í féin a shamhlú i láthair ag breith Chríost. Tá na buntáistí spioradálta a bhaineann leis an gcleachtas sin pléite ag go leor scríbhneoirí eile (feic Ó Dúshláine, 1987: 173-179, mar shampla). Tríd an ealaín, agus a fhreagairt féin don ealaín, a chur i láthair le chéile, déanann Rosenstock iarracht freagairt spioradálta mhachnamhach a spreagadh sa léitheoir / sa bhreathnóir.  

Haiku ó pheirspictíocht na todhchaí atá faoin bpictiúr, ‘Gabháil Chríost’ ó Leabhar Cheanannais:

Lochlannaigh ag treabhadh na dtonn…
níor chualadar trácht fós
ar shíth Dé (20).

Déanann Rosenstock comparáid idir ‘Gabháil Chríost’ agus an creachadh a rinne na Lochlannaigh ar na mainistreacha in Éirinn. Tá tuiscint agus míniú sa haiku ar neamh-Chríostaíocht na Lochlannach agus ar an easpa taithí a bhí acu ar shíocháin agus ar mhaithiúnas Dé. Is féidir go spreagann an cumasc den ealaín agus de fhreagairt Rosenstock don ealaín an léitheoir / breathnóir chun machnamh a dhéanamh ar an gceangal spioradálta atá ann idir tréimhsí staire éagsúla, ar oidhreacht shuaithinseach ealaíne na mainistreacha, ar an ionannú is féidir a dhéanamh idir Críost agus Críostaithe agus ar an tuiscint a thagann le gaois na staire.

Faoi ‘Túr Bháibil,’ le Pieter Mór Bruegel, tá an haiku seo:

Túr Bháibil…
murach é
ní bheadh aon fhocal Gaeilge againn (32).

Is léir ón ekphrasis áirithe seo faoi ‘Túr Bháibil,’ gur ábhar ceiliúrtha don fhile é go bhfuil go leor teangacha sa domhan agus go bhfuil an Ghaeilge ina measc. Tá mínithe ag Pádraig de Paor go bhfuil ‘an-mhórán dánta leis an fhile a chíorann ceisteanna teanga go fealsúnach…’ (de Paor, 2023: 112) agus gur uirlis í an teanga chun ‘focail a chur ar eispéireas na beatha, chun cuntas a thabhairt air, chun freagairt dó’ (113). San ekphrasis thuas, spreagann Rosenstock an léitheoir / breathnóir chun machnamh a dhéanamh ar thábhacht shainiúil iontach na Gaeilge i measc theangacha uile an domhain. Is féidir, freisin, go spreagfaidh an ceann áirithe seo léitheoirí / breathnóirí chun machnamh a dhéanamh ar ‘Túr Bháibil’ i dtraidisiún liteartha na Gaeilge i gcoitinne, traidisiún a bhfuil tagairtí ann do ‘Túr Bháibil’ chomh fada siar le Lebor Gabála Érenn

‘An Tuama Folamh,’ le Julia Stankova, a spreag an haiku seo:

tuama folamh…
a líon
gach croí (55).

Is é an t-imeartas agus an tslí a mbíonn Rosenstock ag súgradh agus ag spraoi leis an teanga a thagann chun cinn sa haiku. ‘Súgradh dáiríre’ (de Paor 2006: 199) a thugann Pádraig de Paor ar an nós a bhíonn ag Rosenstock dul i ngleic le tragóid agus le lúcháir na beatha ag an am céanna. Tá an t-imeartas sa haiku thuas bunaithe ar an gcodarsnacht idir an fhoilmhe agus an lánmhaireacht. Tógtha le chéile, spreagann an ealaín, agus freagairt scríofa Rosenstock don ealaín, machnamh ar an lúcháir agus ar an ngliondar a thugann aiséirí Chríost ón mbás do dhaoine.

 Conclúid

Is léir ón gcúig shampla sin go dtuilleann ekphrasis Gabriel Rosenstock tuilleadh taighde agus anailíse. Sna samplaí a scrúdaíodh thuas, tugann an t-údar cothromaíocht don íomhá agus do théacs an haiku ina chur i láthair agus iompraíonn sé an léitheoir / breathnóir go spás machnamhach cruthaitheach ina sáraítear teorainneacha ama agus staire. Is lámhleabhar é Iontas na nIontas ina gcuirtear freagairt spioradálta Rosenstock ar an ealaín i láthair ar bhealach a lorgaíonn freagairt spioradálta ón léitheoir óg. Ar an ábhar sin, is cuireadh chuig an machnamh spioradálta é agus is cinnte go bhfuil ‘cothú anseo don anam agus don tsúil’ (6). D’fhéadfadh múinteoirí úsáid a bhaint as an leabhar le déagóirí i ranganna ealaíne agus i ranganna i léann an reiligiúin araon. Bheadh sé spéisiúil, sa chomhthéacs oideachasúil sin, cás staidéir a dhéanamh ar an tairbhe spioradálta a bhaineann déagóirí as an modheolaíocht atá molta ann le fáil amach an gcomhlíonann an leabhar an fheidhm a chuireann sé roimhe maidir leis an aos óg. Níl amhras faoi ach go soláthraíonn doimhneacht spioradálta an leabhair álainn spreagúil seo deiseanna éagsúla d’oideachasóirí agus do thaighdeoirí araon. Tá ardmholadh tuillte, freisin, ag na foilsitheoirí, Foilseacháin Ábhair Spioradálta, as caighdeán na clódóireachta san ealaín, as an dua a caitheadh le creidiúintí iomláine a thabhairt do na healaíontóirí agus as tabhairt faoi thionscnamh atá chomh húr turgnamhach.

 

 Leabharliosta

Brosch, Renate (2018) ‘Ekphrasis in the Digital Age: Responses to Image.’ In: Poetics Today 39(2). 225-43. 

de Paor, Pádraig (2006) Na Buachaillí Dána. BÁC: An Clóchomhar.

de Paor, Pádraig (2023) ‘Gabriel Rosenstock, Cleasaí.’ Ní Ghearbhuigh, Ailbhe agus Rosenstock, Tristan (eag.)  Inside Innti:  A new wave in Irish poetry. Cork: Cork University Press: 99-115.

Foilseacháin Ábhair Spioradálta (2025) ‘Eolas Fúinn.’ https://www.timire.ie/.

 Ó Dúshláine, Tadhg (1987) An Eoraip agus Litríocht na Gaeilge 1600-1650: Gnéithe den Bharócachas Eorpach i Litríocht na Gaeilge. BÁC: An Clóchomhar Tta.

Rosenstock, G. (2023a) Iontas na nIontas. BÁC: Foilseacháin Ábhair Spioradálta.

Rosenstock, G. (2023b) Bláth Draíochta: 100 Dán Don Aos Óg. Nua-Eabhrac: Cross-Cultural Communications.

Rosenstock, G. (2024) ‘Foinse na Cruthaitheachta.’ In: Inis: The Children’s Books Ireland Magazine, 70, Eanáir. 13-15.

Rusieshvili-Cartledge, M. & Rusudan, D. (2015) ‘Ekphrasis and Its Multifaceted Nature: Ways of Its Usage in Literature and Cinematography.’ The International Journal of Literary Humanities 13(3). 1-8.