DOI: https://doi.org/10.13025/29625

Breandán Ó hEithir, Reg Hindley agus a gcuid tuartha teangeolaíochta: foinsí agus cartlanna

(Cuireadh le leagan den pháipéar seo i láthair ag comhdháil CARTLANN – ‘Gníomhaíochas, an Ghaeilge agus na Meáin’ in Ollscoil na Gaillimhe ar 13 Aibreán, 2024. An tÚdarás um Ard-Oideachas, faoin gClár Taighde Thuaidh-Theas, a mhaoinigh CARTLANN.)

Tháinig dhá chonspóid phoiblí chun cinn maidir le bisiúlacht na Gaeilge sa nGaeltacht le linn na mblianta 1990 agus 1991. Foilsíodh The Death of the Irish Language: A Qualified Obituary le Reg Hindley (1929–2017) in 1990. Bliain ina dhiaidh sin, sceitheadh tuarascáil phríobháideach le Raidió na Gaeltachta a bhí scríofa ag Breandán Ó hEithir (1930–1990) maidir le Staid Láithreach na Gaeltachta a bhí coimisiúnaithe ag Cathaoirleach Bhord na Gaeilge, Proinsias Mac Aonghusa (1933–2003). Féachfaidh an páipéar gairid seo le léiriú a dhéanamh ar an gcaoi a ndearnadh seachadadh agus glacadh ar na teachtaireachtaí dioscúrsa a bhain leis an dá chonspóid i measc an phobail teanga.

Baineann foinsí an pháipéir seo le tréimhse shonrach idir samhradh na bliana 1987 agus 1991, tréimhse ghairid ach spéisiúil maidir leis an stair pholaitiúil. Bhí Cathal Ó hEochaidh (1925–2006) ina Thaoiseach idir an 10 Márta 1987 agus an 11 Feabhra 1992, idir rialtas mionlaigh agus chomhrialtas leis an bPáirtí Daonlathach. Shocraigh sé freisin a bheith mar Aire na Gaeltachta i gcaitheamh na tréimhse céanna agus ba é Donncha Ó Gallchóir (1922–2001) as Acaill a bhí ina Aire Stáit Gaeltachta nó gur éirigh sé as roimh olltoghchán 1989. Ceapadh Ó Gallchóir ina chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta ina dhiaidh sin agus d’éirigh seisean as an gcúram úd in 1991. Toghadh Proinsias Mac Aonghusa ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge don tríú huair as a chéile ag Ard-fheis an Chonartha a bhí i gCaisleán an Bharraigh i dtús na Bealtaine 1991. Tháinig Mac Aonghusa i gcomharbacht ar Helen Ó Murchú mar chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge i mí Aibreáin 1990 agus ba é a rinne coimisiúnú ar thuarascáil cháiliúil Uí Eithir maidir le staid láithreach na Gaeilge sa nGaeltacht. Cuireadh an tuarascáil seo ar fáil do Bhord na Gaeilge achar gairid míonna ina dhiaidh sin, faoi Mheitheamh na bliana 1990. Toghadh Máire Mhic Róibín mar Uachtarán na hÉireann i mí na Samhna 1990, an bhliain chéanna inar foilsíodh leabhar Reg Hindley maidir le bás na Gaeilge sa nGaeltacht, mar a chonacthas dósan é.

Tarraingeoidh mise ar cheithre cinn de chineálacha foinsí sa bpáipéar seo: cartlanna nuachtán, cartlanna fuaime, cartlanna irisí agus beidh cartlanna eagraíochtúla á lua agam freisin ach ní bheidh grinniniúchadh ar bun ar ábhar astu siúd. Is iad cartlanna Chonradh na Gaeilge agus cartlann Phléaráca Chonamara is mó atá i gceist leo siúd. Maidir le fuaim, tabharfaidh mé tús áite do shraith raidió a craoladh ar RTÉ Raidió 1 ar feadh seacht seachtaine as a chéile ó dheireadh mhí Iúil 1987 go dtí tús Mheán Fómhair 1987 – An Ghaeltacht Inniu. Ba é Cathal Goan léiritheoir na sraithe agus ba é Breandán Ó hEithir an láithreoir/tuairisceoir.

Cláir 40 nóiméad nó mar sin a bhí i gceist a craoladh ar sceideal samhraidh RTÉ Raidió 1 agus atá ar fáil i gCartlann Fuaime RTÉ. Scrúdaíodh na téamaí seo a leanas le linn na sraithe: An Ghaeltacht mar a bhí; Gaeltachtaí Chúige Mumhan; Conamara agus Árainn; Gaelscoileanna; Gaeltacht Dhún na nGall; Gaeltacht Mhaigh Eo agus Gaeltacht na Mí; Athbheochan na Gaeilge. Baineann an tsraith seo le traidisiún agus ré léiriúcháin ar leith in RTÉ Raidió 1 nuair a tuigeadh gurbh fhiú cláir mhóréisteachta i nGaeilge a chraoladh ar an stáisiún sin le linn buaicuaireanta craolta.

Is sraith faisnéise ar leith é An Ghaeltacht Inniu. Tá an-slacht ar an gcaoi a bhfuil na míreanna agallaimh curtha i ndiaidh a chéile agus baintear úsáid spéisiúil indíreach as ceol sna cláir ar fad, beagnach. Tá líon mór cuiditheoirí spéisiúla le cloisteáil le linn na sraithe, go leor acu anois ar shlí na fírinne, trócaire orthu. Is é Ó hEithir is mó a chuireann na ceisteanna le linn na n-agallamh ach cloistear glór Chathail Goan corruair. Déanann Ó hEithir láithriú ar script neodrach go maith ar feadh na sraithe nó go mbaintear an clár deireanach amach agus déantar suimiú ar chomharthaí sóirt dóchais agus éadóchais na sraithe go dtí sin, fionnachtana nó torthaí taighde más maith leat:

Ós rud é gur guthanna na hoifigiúlachta is mó a bheas le cloisteáil sa gclár deiridh seo sa tsraith, mheasamar go mb’fhearr tosaí trí shuimiú a dhéanamh ar a bhfaca mé féin agus an léiritheoir Cathal Goan de chomharthaí dóchais agus éadóchais le linn ár dturais.

Ar dtús, mar a deirtear, an drochscéal: donacht na mbóithre sna Gaeltachtaí go léir; easpa seirbhísí trí mheán na Gaeilge ó ionadaithe stáit, eaglasta agus comhlachtaí státurraithe; tuismitheoirí ag labhairt Bhéarla lena gclann amhail is nach raibh Béarla ina ábhar éigeantach sna bunscoileanna; dá thoradh sin agus toscaí eile, Béarla le coimhlint le Gaeilge i gclós na scoile sna Gaeltachtaí anois; imirce ag dul i méid arís; donacht na meán cumarsáide, RTÉ, na nuachtáin idir laethúil is áitiúil mar thacaí don teanga, agus a laghad éilimh atá ar an nuachtán Anois; deireadh nach mór le hoideachas tríú leibhéal in Ollscoil na Gaillimhe áit ar cothaíodh é; agus an rud is measa ar fad b’fhéidir, tacaíocht chlaon rialtais i ndiaidh rialtais leis an mbréag-Ghaeltacht agus an soiniciúlacht a chothaíonn sé mar gur eol do chách nach bhfuil de bhun leis ach ceannacht vótaí le hairgead poiblí.

Ach anois an chuid den ghloine atá fós lán agus b’fhéidir i gcásanna áirithe dá hathlíonadh: Raidió na Gaeltachta a bhfuil éirithe thar barr leis agus neart talaimh báin le treabhadh fós aige; na gaelscoileanna in ainneoin na ndeacrachtaí atá le sárú ag tuismitheoirí ina bplé le húdaráis stáit, eaglasta agus Cumann na mBunmhúinteoirí; gaelú follasach an Daingin agus chomh nádúrtha is a ghlactar leis an teanga anois i gcathair na Gaillimhe; féinmhuinín nua a bhraitear go háirithe i bpáirteanna de Chonamara agus go sonrach i Ráth Chairn; oideachas den dara leibhéal a bheith ar fáil i nGaeltacht Thír Chonaill trí mheán na Gaeilge; agus thar aon rud eile b’fhéidir, tuiscint nua fhorleathan ar pháirt an aonaid is lú sa bpobal, an lánúin atá ag tógáil clainne, i mbuanú na teanga labhartha. An Ghaeltacht Inniu (1987) RTÉ Raidió 1, 3 Meán Fómhair.

Bhíodh colún rialta ag Ó hEithir ar an Irish Times le linn an ama seo chomh maith agus déantar corrthagairt don obair raidió ann. Tamall gairid seachtainí i ndiaidh na sraithe scríobhann sé píosa ar fiodmhagadh i ndeireadh na cúise é, i riocht tuairisc oifigiúil d’Aire na Gaeltachta. An t-ábhar spéise domsa ná an cur síos a dhéanann sé ar mhodh oibre na sraithe:

Chaith mé féin agus an té a bhí ag léiriú na gcláracha (agus a chuimhnigh ar an sraith  (sic) cláracha i dtús ama), Cathal Goan, píosa den samhradh ag dul trí Ghaeltachtaí na hÉireann d’fhonn a staid láithreach a chur i láthair éisteoirí raidió. Craoladh an sraith (sic) agus measaim go bhfuil na cláracha le hathchraoladh go gairid. Barúla ó dhaoine éagsúla agus tuairimí uainn féin ar an méid adúradh agus ar a bhfacamar féin a bhí sna cláracha agus beidh sé thar a bheith suimiúil éisteacht leo faoi cheann fiche bliain eile. (Ó hEithir, 1987c)

Leagtar cuid mhaith béime sa tsraith trí chéile agus sa gclár deireanach go háirithe ar an nGaeilge mar theanga tí agus ar an teaghlach mar phríomhláthair sheachadta teanga. Amach sa tsraith agus é i lár agallaimh, tagraíonn Ó hEithir do ‘fhianaise na cluaise’ cé go gcuireann sé cáilíocht leis láithreach – ‘fianaise den dara grád’. Cuirtear na fionnachtana nó an forléargas eagarthóireachta i láthair ar bhealach cothrom, neamhchlaonta. I measc ghuthanna na hoifigiúlachta sa gclár deireanach, tá Donncha Ó Gallchóir ann ina cháilíocht mar Aire Stáit na Gaeltachta. Fiafraítear de cé mar a fheiceann sé féin a bhfuil i ndán don Ghaeltacht go mór mór i bhfianaise an bhail atá ar cheantair Ghaeltachta i gContae Mhaigh Eo:

Ní fheicimse go mbeidh sé furasta acu a theacht slán. Ag dul chun donachta atá sé agus ní maith liom a bheith á rá seo ach sin é an chaoi a bhfuil an scéal. Caithfidh duine a bheith fírinneach agus labhairt faoi rudaí go díreach mar atá siad. An Ghaeltacht Inniu, Donncha Ó Gallchóir, RTÉ Raidió 1, 03.09.1987.

Bhí an-ómós i measc phobal na Gaeltachta féin do Dhonncha Ó Gallchóir agus ní raibh gar á shéanadh go raibh scéal na Gaeltachta in Acaill ina chiseach ó rinne Paddy Lindsay (1914–1993) atarraingt shoiniciúil ar na teorainneacha le linn dó siúd a bheith ina Aire Gaeltachta idir Deireadh Fómhair 1956 agus Márta 1957. Admháil de chineál ar an ngéarchéim inti féin. Maidir le foinsí, feiceann muid cé mar a shaibhríonn foinsí meáin a chéile, idir fhuaim agus nuachtáin, ach i dtéarmaí sheachadadh teachtaireachtaí níorbh ionann fionnachtana na sraithe agus tuar éadóchais amach is amach.

Scaitheamh beag blianta ina dhiaidh sin, foilsíodh The Death of the Irish Language: A Qualified Obituary, saothar acadúil taighde a rinne dealú áirithe ar staidrimh dhaonáirimh. 8751 an líon cainteoirí dúchais Gaeilge a bhí ann, de réir bhreithiúnas Hindley, a bhí ag teacht ar thurais taighde páirce chun na Gaeltachta le tamall maith blianta cé nach raibh an Ghaeilge ar a thoil aige.

Budding linguistic statisticians should note that 8751 is the figure finally preferred as the most likely residual of native Irish speakers living in communities with sufficient attachment to Irish to transmit it to a substantial majority of their children as language of the home and community. They alone are living in circumstances in which continued transmission seems possible or even probable in the light of experience.  (Hindley, 1990: 251)

De réir shonraí bibleagrafaíochta na bhfoilsitheoirí Routledge, foilsíodh an leabhar ar an 7 Márta 1990. Bunaithe ar na tagairtí comhaimseartha déanaim amach gur cuireadh an leabhar ar an margadh am éigin sa dara ráithe de 1990 agus gach seans go raibh sé le fáil ó mhí Aibreáin amach. Ní mór a mheabhrú go raibh Institiúid Teangeolaíochta Éireann ar an bhfód go fóill agus go raibh anailís agus foilseacháin ag teacht ó fhoireann taighdeoirí na hInstitiúide go tráthrialta maidir le meon an phobail i leith na teanga agus an inniúlacht teanga sa gcóras oideachais. Idir 1973 agus 1993 bhí tacaíocht an mhóraimh i measc an phobail le polasaithe Gaeltachta, craoladh Gaeilge ar stáisiúin chraolta náisiúnta, le comharthaí agus fógraí poiblí i nGaeilge, le hoifigigh a raibh Gaeilge acu sa Státseirbhís agus le gníomhaireachtaí stáit agus eagraíochtaí deonacha na teanga. Tá Pádraig Ó Riagáin den tuairim go raibh méadú tagtha ar an tacaíocht seo fiú:

Successive surveys have shown that a majority of the public support policies to maintain Irish in the Gaeltacht, to provide Irish language services on the national television channels, to use Irish on public notices, to provide state services in Irish and officials who can speak Irish, and to support the voluntary Irish language organizations. In all of these matters, there was an increase in public support between 1973 and 1993. (Ó Riagáin, 1997: 279)

I mbeagán focal, bhí traidisiún dioscúrsúil socheolaíochta aibí ann maidir le staid na teanga. A shliocht sin ar an bhfoilseachán Why Irish? Language and Identity in Ireland Today a scríobh foireann socheolaithe – Hilary Tovey, Hal Abramson agus Damian Hannan – ar choimisiún ó Bhord na Gaeilge, leabhar dátheangach a tháinig amach in 1989. Tamall gairid ina dhiaidh sin d’fhoilsigh Institiúid Teangeolaíochta Éireann páipéar ócáideach le Gearóid Ó Tuathaigh – The Development of the Gaeltacht as a Bilingual Entity – ina ndéantar cúram ar leith de thosca na Gaeltachta:

In conclusion we do not propose to give a balance sheet on the current state of bilingualism in the Gaeltacht. It would be difficult to find an informed commentator who takes an optimistic view of the prospects for the continued vitality of Irish as the main community language even in the core areas of the Gaeltacht, if present policies and trends continue very much longer. (Ó Tuathaigh, 1990: 16)

Ba dheacair easaontú le hanailís mheáite Uí Thuathaigh agus is léir go raibh an fhírinne lom á saothrú sa dioscúrsa acadúil tríd is tríd. San am céanna, ba iad teachtaireachtaí Hindley ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar dhioscúrsa na meán.

Níl ach 8751 duine sna ceantracha a áiríonn sé mar fhíor-Ghaeltacht, áit a thabharfaidh na tuistí Gaeilge mar ghnáth-theanga an bhaile do na páistí, agus is í an teilifís is mó atá ciontach as drochstaid seo na teanga, deir sé. (Mag Cuill, 1990)

 

It could be argued that the book is misnamed and would be more accurately titled ‘The Death of the Gaeltacht’. (de Bréadún, 1990) 

 

Seo iad an dream a d’fháiltigh chomh croíúil roimh leabhar Reg Hindley ‘The Death of the Irish Language’ (gur foilsíodh léirmheas an-mhaith air sa nuachtán seo coicíos ó shin) mar gur mheasadar go raibh toradh scrúdaithe iar-bháis le fáil ann. Níl, mar a tharlaíonn. Tá fianaise go leor ann gur féidir an Ghaeilge a tharrtháil fós ach an toil chuige sin a bheith ann. (Ó hEithir, 1990a)

 

It is this Irish unwillingness to cast aside symbols, while ignoring them in practice, that has given us an aspirational constitution and an impractical language policy. Unattainable objectives promote a sense of failure. This leads to inertia. A realistic language policy, with more limited cultural, rather than revivalist objectives, might actually get somewhere. (Bruton 1990)

Is léiriú ionadaíoch go maith iad na sleachta seo ar chineál na tráchtaireachta atá le fáil sna cartlanna éagsúla meán. Is fiú a lua arís gur scríobhadh Tuarascáil Uí Eithir ar Staid Láithreach na Gaeilge sa nGaeltacht idir Aibreán agus Meitheamh 1990 i ndiaidh cheapachán Mhic Aonghusa mar chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge. Is é an t-aon tagairt do leabhar Hindley ar éirigh liomsa a theacht air i gcartlann Raidió na Gaeltachta ná tuairisc a rinne Máiréad Uí Dhomhnaill do Raidió na Gaeltachta ar Adhmhaidin ar an 19 Meitheamh 1991 – bliain mhór fhada i ndiaidh a fhoilsithe. An lá roimhe bhí díospóireacht i dtigh Bewley ar Shráid Grafton i mBaile Átha Cliath idir Reg Hindley agus Éamon Ó Ciosáin a raibh paimfléad fada anailíse scríofa aige ar leabhar Hindley – Buried Alive (Ó Ciosáin, 1991). Gearóid Ó Tuathaigh a bhí mar chathaoirleach ar an ócáid agus tuairiscíodh ar an Irish Times go raibh ‘suas le 200 duine’ i láthair ann:

Suas le 200 duine a tháinig le chéile i gcaife Bewley, Baile Átha Cliath an tseachtain seo caite chun leabhar Reg Hindley, ‘The Death of the Irish Language: A Qualified Obituary’ agus freagra Éamon Uí Chiosáin ar an leabhar, ‘Buried Alive’ a phlé. […] Deir ár dtuairisceoir go raibh beocht agus fuinneamh san ócáid nach raibh le mothú ag cruinniú faoin teanga i mBaile Átha Cliath le tamall fada – ná ag ard-fheis Chonradh na Gaeilge i gCaisleán an Bharraigh níos luaithe i mbliana – agus ba léir go raibh formhór na ndaoine a bhí i láthair buartha i ndáiríre faoina bhfuil i ndán don teanga.’  (de Bréadún, 1991a)        

Seoladh paimfléad Uí Chiosáin trí mhí roimhe sin ag seimineár dátheangach faoin nGaeilge in Óstán an Clarence i mBaile Átha Cliath ar an 6 Márta 1991, ócáid a bhí eagraithe ag Dáil Uí Chadhain – ‘An Ghaeilge sa Dioscúrsa Poiblí: The Irish Language in the National Consciousness’ téama an lae. Bhí an grúpa stocaireachta Dáil Uí Chadhain i ndiaidh a bheith gníomhach ar an ábhar seo cheana óir eagraíodh seimineár lae faoina choimirice i mBéal Feirste ar oíche Shamhna 1990. Craoladh eagrán de Dhialann Gheimhridh ar Raidió na Gaeltachta an lá ina dhiaidh sin – 1 Samhain 1990 –  ina ndéantar plé ar dhán na Gaeilge  agus páirteach sa gclár bhí Albert Fry (1940–2021), Gearóid Ó Cairealláin (1957–2024), Éamon Ó Ciosáin, Liam Ó Cuinneagáin agus Tomás Mac Síomóin (1938–2022). Maidir leis an bpaimfléad, freagra criticiúil ar mhodheolaíochtaí agus cur chuige anailíse Reg Hindley atá in Buried Alive agus aithníonn Ó Ciosáin goilliúnacht an phobail maidir le ceisteanna staidrimh:

The fact that the truth about language statistics in Gaeltacht areas has been told in this book may make people loath to criticise it, as it is fairly sound in its local information in general (with notable exceptions mentioned above). (Ó Ciosáin 1991: 25)

Roimhe sin fós, bhí Reg Hindley agus an tOllamh Tomás de Bhaldraithe i ndiaidh labhairt ar ábhair an leabhair ag cruinniú den Philosophical Society i gColáiste na Trionóide ar an 19 Feabhra 1991. Tuairiscíonn Dave Duggan gur fhreastail 200 duine ar ócáid a d’eagraigh seisean i Leabharlann Dhoire a raibh Reg Hindley agus Alan Titley mar chainteoirí ann i gcaitheamh na tréimhse céanna seo (Duggan 2022). Is léir go mba chás go mór leis an bpobal teanga taobh amuigh den Ghaeltacht éirim na teachtaireachta go raibh an bás i ndán do lucht a labhartha sa nGaeltacht féin.

Is fiú a thabhairt faoi deara leagan amach Uí Eithir i mí Iúil na bliana roimhe sin – 1990 – agus tuarascáil Bhord na Gaeilge curtha i gcrích go raibh ‘fianaise go leor ann gur féidir an Ghaeilge a tharrtháil fós ach an toil chuige a bheith ann’, téad smaointeoireachta a bhí saothraithe aige sa tuarascáil. Trí shaothar a bhí in ainm is a bheith faoi chaibidil ag Ó hEithir i léirmheas a foilsíodh ar Comhar i mí Mheán Fómhair 1990: The Death of the Irish Language le Hindley, Language Shift among Schoolchildren in Gaeltacht Areas idir 1974–1984 le Micheál Ó Gliasáin agus páipéar Ghearóid Uí Thuathaigh maidir le forbairt na Gaeltachta mar eintiteas dátheangach. Is plé sách ginearálta a dhéantar sa léirmheas céanna ach tugann sé aird ar phatuaire an phobail:

‘Dúirt scríbhneoir Éireannach go ngéaraíonn cinnteacht a chrochta oibreacha intinne an té atá le crochadh. An t-aon seans atá ag an nGaeilge go músclódh an gábh ina bhfuil sí sciar maith éigin den phobal atá patfhuar ina taobh faoi láthair.’ (Ó hEithir, 1990b: 19)

Ba léir go raibh éirim theachtaireacht Hindley go háirithe tar éis dul i bhfeidhm ar an bpobal teanga i mBaile Átha Cliath idir Márta 1990 agus Meitheamh 1991, tráth a raibh cruinniú mór Bewleys ann. Nuair a chuartaítear an Irish Newspaper Archive tagann muid ar roinnt tagairtí ina ndéantar trácht gairid de chineál éigin ar fhoilseachán Hindley san Irish Independent, sa Sunday Independent, ar Scéala Éireann agus, mar atá feicthe againn, ar an Irish Times le linn mhí na Bealtaine agus mí an Mheithimh 1990. Is cinnte go bhféadfaí tuilleadh ransaithe fós a dhéanamh ar Chartlann Fuaime RTÉ agus míreanna cláir irise a aimsiú ar chraoladh RTÉ Raidió 1 ach ní hé léamh phobal an Bhéarla ar an scéal is ábharthaí don phlé seo.

Cailleadh Breandán Ó hEithir ar an 26 Deireadh Fómhair 1990. Tá cuntas ag Liam Mac Con Iomaire (1937–2019) i mbeathaisnéis Uí Eithir faoin gcaoi a ndearna cóip den tuarascáil a bealach go barr uisce ar Adhmhaidin ar an 1 Bealtaine 1991 (2000: 658, 670). Ba iad Tomás Mac Con Iomaire agus Pól Mac Donncha a d’fhéach le gach a raibh sa tuarascáil a thabhairt amach in achar 7 nóiméad nó mar sin. Ní fhoilseofaí cóip iomlán den tuarascáil féin go dtí mí an Mheithimh nuair a chuir Tomás Mac Síomóin i gcló ina hiomláine ar Comhar é:

Níl sa 10,000 nó mar sin cainteoirí dúchais atá fanta sa tír ach an gnáth-thinreamh ag cluiche ceannais contae bhig agus níl sé ach beagán níos mó ná ballraíocht láithreach Pháirtí Cumannach na Breataine. Níos measa fós, ó thaobh a bhfuil i ndán don teanga, tá cónaí ar cuid mhaith de na cainteoirí seo i bpócaí scáinte atá go dearfa ar an leabhar ag an bhfiach agus gur deacair pobail Gaeilge a thabhairt orthu ar chor ar bith m.sh. Béal Átha an Ghaorthaigh, Uíbh Ráthach fré chéile agus formhór na mBréag-Ghaeltachta i dTuaisceart Mhaigh Eo. (Ó hEithir, 1991: 8)

Ba léir go ndeachaigh figiúr Uí Eithir – 10000 cainteoir dúchais, figiúr a bhí rud beag níos airde ná figiúr Hindley – go mór i bhfeidhm ar phobal na Gaeltachta agus pobal Chonamara agus Árann go háirithe. Taobh leis an tuairisceoireacht bhéil ar Raidió na Gaeltachta a bhí coistí pobail ar fud Chonamara Theas a tháinig le chéile agus a phléigh ábhar na tuarascála seo ag cruinniú ar an gCeathrú Rua. Eisíodh ráiteas mar thoradh ar an gcruinniú agus ba é Colm Ó Cinnseala a bhí faoi agallamh thar ceann na gCoistí Pobail ag Tomás Ó Ceallaigh ar Adhmhaidin trí seachtaine i ndiaidh don scéal a theacht chun solais.

Tá muid ag smaoineamh ar fhéile mhór Ghaeltachta a eagrú ag deireadh an samhradh agus is dóigh liom go mbeidh chuile dhuine anseo i gConamara agus beidh fáilte roimh chuile dhuine ó na Gaeltachtaí eile ag teacht aniar, aneas agus aduaidh chugainn agus feicfidh muid…beidh sé soiléir go bhfuil na mílte daoine anseo i gConamara gur féidir leo saol iomlán a chaitheamh i nGaeilge agus gur Gaeltacht beo bríomhar muid anseo i gcónaí.

Tá muide ag rá go bhfuil an Ghaeilge…an Ghaeltacht slán faoi láthair, is cuma céard a deireann an tuarascáil sin. Tá sí faoi bhrú, maith go leor, agus aontaíonn chuile dhuine leis sin ach ní ghlacann muid leis go bhfuil an Ghaeilge caite. Tá sé beagáinín róluath agus tá sé seo ag tarlú le blianta. Chuile bhliain a thagann tuarascáil nua amach le rá go bhfuil an Ghaeltacht caite ach tá sé soiléir do chuile dhuine atá ag éisteacht leis seo go bhfuil an Ghaeilge beo beathaitheach timpeall orthu. So, sin an rud ba mhó a ghoill orainn, go bhfuil an cónra á chur i dtalamh arís. Agus tá muide ag rá go bhfuil sé róluath agus go bhfuil beocht agus beatha anseo i gcónaí. Adhmhaidin (1991) Raidió na Gaeltachta, 21 Bealtaine.

Iarrann Colm Ó Cinnseala san agallamh chomh maith go bhfoilseofaí an tuarascáil ina hiomláine nó go bhfeicfí an raibh bunús eolaíochtúil leis an anailís. An deireadh seachtaine díreach roimhe sin, sa gcolún rialta a bhíodh aige ar Anois, admhaíonn Proinsias Mac Aonghusa go mba é a rinne coimisiúnú air agus nach raibh an tuairisc cóirithe don phobal. ‘Is de bharr na gclár raidió a rinne sé féin agus Cathal Goan faoi na Gaeltachtaí roinnt blianta roimhe sin a thuig mé gurbh eisean an té ab fhearr le fíricí faoi na Gaeltachtaí a chur ar phár.’ (Mac Con Iomaire, 2000: 671)

Leanadh den ábhar i dTeach Laighean ar an 29 Bealtaine 1991 agus craoladh freagraí ar cheisteanna Dála ar Adhmhaidin an lá ina dhiaidh. Bhí an Taoiseach agus Aire na Gaeltachta go láidir den bharúil go raibh ‘cúram speisialta’ á dhéanamh den Ghaeltacht agus freagra á thabhairt aige ar Cheist Pharlaiminte ó Phroinsias de Rossa TD faoina raibh i ndán don Ghaeltacht:

‘Ní raibh cúrsaí na Gaeltachta faoi chúram chomh speisialta agus atá siad sa lá atá inniu ann. Tá mé féin agus an tAire Stáit (Pat the Cope Ó Gallchóir) díograiseach ar fad ag cur cúrsaí na Gaeilge ar aghaidh i ngach aon slí agus is féidir.’ Adhmhaidin (1991) Raidió na Gaeltachta, 30 Bealtaine.

Is deacair linne sprioc chinnte a shamhlú le Tuarascáil Uí Eithir ag an bpointe seo (seachas mar tuairisc phríobháideach a coimisiúnaíodh do Bhord na Gaeilge) ach níl aon amhras ach gur cuireadh olc ar choistí pobail i gConamara Theas go háirithe:

Tá dúshlán Bhord na Gaeilge tugtha ag grúpa coistí pobail agus forbartha i nGaeltacht Chonamara. I measc rudaí eile atá ag cur as dóibh, tá an ráiteas nach bhfuil níos mó ná ‘10,000 cainteoirí dúchais fágtha sa tír’. […] Deich gcoiste atá ag gearán faoi thuairimí Bhreandáin Uí Eithir dar leis an bpreasráiteas: Coiste Forbartha Chois Fharraige; Comhchoiste na bhForbacha; Cósta Chonamara; Coiste Pobail Ros a’ Mhíl/Casla; Muintearas; Fiontar na nOileán; Meitheal Oibre Theilifís na Gaeltachta; Coiste Pobail Chamuis; Coiste Forbartha Charna; Comharchumann Shailearna.’ (de Bréadún 1991b)

 

Chairperson of the Festival Donncha Ó hÉallaithe said that the idea for the festival was born following Bord na Gaeilge’s publication of a specially commissioned report in which the vibrant Irish speaking community of Conamara was written off. It also suggested that they had no pride in their own language. ‘Pléaráca Chonamara 91’ was the community’s answer arising out of a public meeting which was attended by representatives from a number of organisations based in the Gaeltacht, according to Mr Ó hÉallaithe. (An Curadh Connachtach, 1991)

 

Tá pobal Dheisceart Chonamara dúisithe. Níl muid sásta níos mó le easpa seirbhísí, droch bhóithre, easpa fostaíochta sa mbaile. Níl muid sásta ach oiread go ndéanfadh tuarascáil, a scríobhadh le haghaidh Bhord na Gaeilge, muid a mhaslú mar a rinne tuarascáil Uí Eithir. (Iris an Phléaráca, 1991: 2)

Níl sa sliocht gairid thuas ó eagarfhocal Iris an Phléaráca ach barr an bhainne. Tour de force atá san alt agus léiríonn an chaint thréan fhorránach go raibh faoi phobal Chonamara agus Árann dúshlán na tuarascála a thabhairt. Nuair a tháinig an raic chun cinn i mí na Bealtaine, bhí léamh níos caolchúisí ag Donncha Ó Gallchóir a bhí éirithe as mar Theachta Dála faoi seo agus a bhí ina chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta:

B’fhéidir go bhfuil buntáiste amháin sa mhéid atá ráite ag Breandán Ó hEithir cé go bhfuil…cé nach nglacaimse go hiomlán leis an méid atá ráite aige. B’fhéidir go raibh Breandán ina bhealach féin, beannacht Dé lena anam, ag iarraidh scéal a chur chuig muintir na Gaeltachta agus chuig pobal na Gaeltachta agus ag iarraidh inseacht dóibh tá sé thar am agaibh, thar am againn b’fhéidir cur le chéile níos fearr agus ár n-aighthe a dhíriú ar céard atá i ndán don Ghaeilge sna blianta atá romhainn. Adhmhaidin (1991) Raidió na Gaeltachta, 23 Bealtaine.

In ainneoin nach raibh cóip iomlán den tuarascáil ar fáil go dtí mí Mheithimh 1990 tá tagairtí fánacha do cheannlínte thuarascáil Uí Eithir sna nuachtáin náisiúnta agus réigiúnacha seo a leanas i mí na Bealtaine, mí an Mheithimh den chuid is mó: Andersonstown News, Anglo-Celt, Donegal Democrat, Evening Herald, Irish Independent, Scéala Éireann, Nenagh Guardian, Sunday Independent, Sunday Press agus an Western People.

Dé Céadaoin an 1 Bealtaine 1991 a cuireadh an scéal os ard ar Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta. Bhí Ard-fheis Chonradh na Gaeilge le reáchtáil i gCaisleán an Bharraigh Dé hAoine 3 Bealtaine go dtí Dé Domhnaigh an 6 Bealtaine. Ba í Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Róibín, a d’oscail an Ard-fheis agus labhair Peadar Ó Coinn, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael le toscairí chomh maith céanna faoi chomhpháirtíocht mhór a bhí beartaithe idir an dá eagras. Bhí atoghadh déanta ar Phroinsias Mac Aonghusa mar Uachtarán ar an gConradh agus chraol Seán Ó hÉalaí as Acaill (1938–2017 ) óráid an Uachtaráin ina hiomláine ar Seo Mhaigh Eo ar an 4 Bealtaine. Isteach is amach le ceithre nóiméad ó thús na cainte a dhéantar an chéad phíosa tráchtaireachta ar an nGaeltacht. Is é an freagra atá ag Mac Aonghusa ar chruachás na Gaeltachta ná seirbhís neamhspleách teilifíse Gaeilge den scoth:

Ní hionann fadhbanna teangan, fadhbanna cultúrtha agus fadhbanna náisiúnachais an lae inniu agus fadhbanna an chéid seo caite nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge mar tá dul chun cinn mór déanta ar a lán slite faoi bhrat an Chonartha. Agus faraor géar tá titim ar gcúl tarlaithe ar bhealaí móra freisin agus go háirithe in sna ceantair Ghaeltachta. Seans gur mó daoine sa tír seo anois ná céad bliain ó shin a bhfuil Gaeilge labhartha agus scríofa acu ach is lú go mór fada an méid daoine a labhraíonn an Ghaeilge mar ghnáth-theanga teaghlaigh. Is léir gá práinneach a bheith ann le tacaíocht fheiceálach leanúnach a thabhairt don Ghaeilge sa nGaeltacht féin agus ar fud na tíre. Agus níl slí is fearr leis seo a dhéanamh ná seirbhís teilifíse Gaeilge den scoth a thionsclú go luath. (Mac Aonghusa, 1991)

Is fiú cuimhneamh go raibh Proinsias Mac Aonghusa agus Pádraig Ó Muircheartaigh nó Paddy Moriarty (1926-1997) ar bhuíon bheag saoithe nó saineolaithe, mar a tugadh orthu ag an am, a bhí ag cur comhairle ar Chathal Ó hEochaidh faoi bhunú stáisiúin teilifíse Gaeltachta, seirbhís a bhí geallta go poiblí ag Ó hEochaidh an bhliain roimhe sin ag Ard-fheis Fhianna Fáil. Díreach roimh chríoch na hóráide, fiche nóiméad ina dhiaidh sin, a dhéantar an dara mír thráchtaireachta ar an nGaeltacht:

Tá súil agam gur i Ros Muc i ndeireadh Iúil na bliana seo a bheas an chéad Tionól Gaeltachta ag Conradh na Gaeilge agus go mbeidh tarraingt mhaith Conraitheoirí ar an áit. Creidim tábhacht ar leith a bheith in ócáid Ghaeltachta bhliantúil do Chonraitheoirí faoi scáth Chonradh na Gaeilge féin. (Mac Aonghusa, 1991)

D’fhéadfadh cuid mhaith ábhair eile a bheith tarraingthe isteach agam sa bplé seo ar fhoinsí agus mé ag féachaint le hinsint scéalaíoch a chur ar sheachadadh agus glacadh na dteachtaireachtaí éagsúla a bhain le tuartha teangeolaíochta Hindley agus Uí Eithir. I gcás Hindley, is léir go ndeachaigh foilseachán agus scagadh an leabhair i bhfeidhm ar an dioscúrsa náisiúnta agus ar an bpobal teanga sna mórcheantair uirbeacha (m.sh. Baile Átha Cliath, Béal Feirste, Doire). Ní léir domsa, bunaithe ar an ransú cartlainne atá déanta agam ar chatalóg chartlann Raidió na Gaeltachta idir 1990-1991 go bhfuil aon tuairisc ar fáil maidir le caibidil faoin saothar ar mhórchláir irise ná nuachta Raidió na Gaeltachta. Os a choinne sin, rinneadh leagan béil de thuarascáil Uí Eithir – a raibh a bheag nó a mhór den anailís chéanna inti – a scaoileadh amach ar an aer ar an 1 Bealtaine ar Adhmhaidin agus faoin 21 Bealtaine bhí coistí pobail tagtha le chéile agus dlús curtha le féile agus eagraíocht láidir phobail – Pléaráca Chonamara – a mhair idir 1991 agus 2014.

Bhí dea-thionchar fadtréimhseach ag bunú an Phléaráca ar fhorbairt an dioscúrsa chultúrtha agus sóisialta, idir imeachtaí ealaíne agus iarrachtaí stocaireachta, maidir le bisiúlacht agus inbhuanaitheacht an phobail teanga i gConamara Theas agus Árainn. Tá a shliocht ar na heagráin uile d’fhoilseachán bliantúil na heagraíochta atá ar fáil ar Chartlann Ghaeltacht Chonamara www.cartlann.ie. Is ábhar fiosraithe eile é toradh na stocaireachta a rinne Pléaráca ach is fiú suntas a thabhairt do chinneadh Rialtas na hÉireann an dara Coimisiún Gaeltachta a bhunú, coimisiún stáit a d’fheidhmigh idir Aibreán 2000 agus Márta 2002. Nuair a foilsíodh tuarascáil an Choimisiúin (2002), foilsíodh alt anailíse ar Iris an Phléaráca:

Rinne an eagraíocht Pléaráca stocaireacht leanúnach sna blianta 1997 go 1999 ar an Aire Éamon Ó Cuív ag iarraidh air tascfhórsa a bhunú a dhéanfadh scrúdú eolaíoch fuarchúiseach ar staid reatha na Gaeilge sa Ghaeltacht agus a thiocfadh aníos le straitéis chuimsitheach réadúil leis an nGaeilge a shlánú sna ceantracha sin ina raibh sí fós in úsáid mar ghnáth-theanga phobail. (Ó hÉallaithe, 2002: 13)

Rinneadh cáineadh an-ghéar san alt ar thuarascáil an Choimisiúin agus lochtaíodh beagnach na moltaí ar fad as éadan ach tugadh aitheantas do thátal suntasach amháin de chuid an Choimisiúin mar sin féin: ‘Tá rud amháin maith faoin tuarascáil. Deireann sé go neamhbhalbh go dtiocfaidh deireadh leis an nGaeltacht má leanann an creimeadh leanúnach, atá ar bun ó bhunú an Stáit.’ (Ó hÉallaithe, 2002: 15)

Ní tátal é seo atá i bhfad ón léargas duairc a bhain le tuartha teangeolaíochta Hindley agus Uí Eithir faoi seach ach go raibh deich mbliana eile caite agus gan dé ar idirghabháil mhór stáit a shlánódh seachadadh idirghlúine na Gaeilge sa nGaeltacht. Ina dhiaidh sin féin, d’fheidhmigh tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta (2002) mar ionstraim éifeachtach bheartais sa gcaoi is gur foilsíodh sraith staidéar taighde a bhí préamhaithe i dtraidisiún intleachtúil na n-eolaíochtaí sóisialta maidir leis an nGaeilge sa nGaeltacht le linn imeachtaí breithnithe Choimisiún na Gaeltachta (Ó Cinnéide et al, 2001) agus sna blianta beaga ina dhiaidh (Mac Donnacha et al, 2004; Ó Flatharta, 2007; Ó Giollagáin et al, 2007). Níl gar a shéanadh gur bunaíodh cuid mhór den mheatanailís seo ar dhealú staitistiúil sonraí daonáirimh. Is de bhun na hanailíse céanna seo a beartaíodh coincheap na Limistéar Pleanála Teanga atá le fáil in Acht na Gaeltachta, 2012.

Má táthar ag féachaint le tátail nó léargais a bhaint as ábhar na gcartlann éagsúil meán ar leagan amach agus meon phobal na teanga i ndeireadh na 1980idí agus ar chasadh na 1990idí – sa nGaeltacht agus taobh amuigh di – céard is fearr dúinn a dhéanamh? Mar a míníodh cheana, is é an modh oibre a chleacht Breandán Ó hEithir agus Cathal Goan ná ‘barúla ó dhaoine éagsúla agus tuairimí uainn féin ar an méid adúradh agus ar a bhfacamar féin a bhí sna cláracha…’ (An Ghaeltacht Inniu, 1987). Ghlacadar féin páirt ghníomhach sa bhfaireoireacht agus mar a léiríodh i ndeireadh na sraithe níorbh iad ab fhaillí maidir le géarchúis agus an chamchuairt curtha i gcrích acu. B’fhéidir go mba é samhail na heitneagrafaíochta nó na hantraipeolaíochta teanga is fóintí i gcásanna den sórt seo nuair a dhéantar scaipeadh agus comhshamhlú ar theachtaireacht ó bhéal bunaithe ar thuarascáil scríofa a bhfuil cúrsaíocht an-teoranta léi. Sin é atá i gceist ag Alessandro Duranti a bheag nó a mhór: ‘…a dialogue between different viewpoints and voices, including those of the people studied, of the ethnographer, and of his disciplinary and theoretical preferences.’ (Duranti, 1997: 87)

Ach ní mór toise bhreise an traidisiúin bhéil a chur leis chomh maith. Maidir le hanailís ar ábhair mheán a bhaineann le teanga agus le cultúr, is deacair gan dul thar an scrúdú oilte a rinne Stiofán Ó Cadhla ar iriseoireacht Sheáin Uí Ríordáin. Tráchtann seisean ar an ‘dioscúrsa criticiúil freasúrach’ (Ó Cadhla, 1999: 39) a bhí ag an Ríordánach sa bprós agus tá an dearcadh saoil a nochtaítear san iriseoireacht thar a bheith scóipiúil agus préamhaithe go láidir i gcreidimh áirithe teanga agus luachanna cultúrtha. Ní fearacht Hindley é a shaothraigh traidisiún áirithe léinn a bhí bunaithe ar mhodhanna oibre páirce na tíreolaíochta, ba mar sin a bhí an scéal ag Ó hEithir agus ag pobal Gaeilge Uí Eithir, bídís thoir i mBaile Átha Cliath nó thiar i gConamara agus Árainn. Ní raibh úire thar na bearta ag baint leis an teachtaireacht bhunaidh féin. Tá cuimse samplaí ar fáil dúinn den anailís dhuairc ar chor na teanga sa nGaeltacht – Ó Tuathaigh, Ó Gliasáin, Tovey et al srl – ach bhí glacadh na dteachtaireachtaí úd taobh le dioscúrsa liteartha, oifigiúil agus/nó acadúil. Níorbh fhéidir na teachtaireachtaí dioscúrsúla seo a dhíleá chomh réidh céanna. Abraíonn Ó Cadhla freisin nach mór don traidisiún scríofa:

… dul siar arís is arís eile ar an am agus ar an spás céanna de réir na peirspeictíochta is déanaí a d’fhág an cuan; ní mar sin don traidisiún béil nó don chuimhne shóisialta a chuireann de bloghanna áirithe de réir mar a oireann di féin. De réir mar a mhéadaíonn ar an stair scríofa tagann sí tiubh agus iompaíonn sí ina constaic ar an tuiscint.’

‘Eadarnaí is ea é [an traidisiún béil] a scagann a bhfuil ann tríd an gcuimhne aige féin, coinníonn sé seo agus cartann sé siúd, próiseas díleáite sóisialta is ea é. (Ó Cadhla, 1999: 46–7)

Ní raibh constaic dá laghad roimh choistí pobail Chonamara éirim cheannlíne thuarascáil Uí Eithir a thabhairt leo bunaithe ar an bplé ar Raidió na Gaeltachta, dá laghad é, agus bhíodar fós ar fiuchadh faoin am ar scríobhadh eagarfhocal Iris an Phléaráca i mí Mheán Fómhair 1991. Cheisteoinn ar tháinig an tuarascáil féin ‘tiubh’ orthu faoin am go raibh fáil uirthi i mí an Mheithimh agus an raibh an priocadh nó an bearrán chomh géar inti agus a síleadh i dtosach. Ceist thánaisteach í sin ina dhiaidh sin agus uile. Is é an tátal a bhainimse as an gcaoi a ndearnadh na teachtaireachtaí a sheachadadh agus a shreabhadh tríd na cartlanna éagsúla ná nár mhiste dúinn gan frámaí tagartha líneacha agus díreacha a úsáid i gcaitheamh an ama ach slata tomhais atá i bhfeiliúint don ábhar cartlainne féin.

Tá saothar spéisiúil curtha ar fáil ag Dáithí de Mórdha maidir le cartlann Raidió na Gaeltachta agus samhlaítear craoladh an Raidió féin (taifeadadh > léiriú) i dtéarmaí an bhéaloidis (taifeadadh > caomhnú). Is samhail spéisiúil agus tharraingteach é agus áitíonn sé go bhfuil ábhar cartlainne Raidió na Gaeltachta: ‘… mar a bheadh idir eatarthu idir ‘céad saol’ an bhéaloidis agus a ‘dhara saol’’. (de Mórdha, 2022: 349)

Tá an scagadh seo bunaithe ar theoiricí Lauri Honko (2013: 39, 48). Is é an chéad saol a bhíonn ag ábhar béaloidis ná an insint agus taifeadadh bunaidh. Is é an t-athshaol nó an dara saol a bhíonn aige ná cibé cén earraíocht a bhaintear as arís eile i measc an phobail. Tráchtann Ó Tuairisg et al (2017) ar an ‘úsáid threallach’ a bhaintear as ábhar cartlainne Raidió na Gaeltachta agus téann Dáithí de Mórdha céim eile fós nuair a mhaíonn sé go bhfuil: ‘…na cartlanna is mó ina bhfuil tuairisc ar eolas dúchasach na muintire in íoslach ollscoile (CBÉ) agus in áiteanna nach bhfuil aon tarrac orthu (cartlann RnaG). Tá siombalachas millteach ag baint leis.’ (de Mórdha, 2022: 351)

Níl aon dabht ach go léiríonn na conspóidí a bhain le tuartha teangeolaíochta Hindley agus Uí Eithir cén saibhreas eolais atá i bhfoinsí iontaofa príomha na gcartlann éagsúla meán. Is ann freisin sna cartlanna céanna do léargais thairbheacha ar dhinimicí seachadta dioscúrsa sainphobail freisin ach glas na hanailíse a scaoileadh.

 

Tagairtí

Adhmhaidin (1991) Raidió na Gaeltachta. 21 Bealtaine. [Colm Ó Cinnseala (thar ceann na gCoistí Pobail) faoi agallamh ag Tomás Ó Ceallaigh]

Adhmhaidin (1991) Raidió na Gaeltachta. 23 Bealtaine. [Donncha Ó Gallchóir, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta faoi agallamh ag Tomás Ó Ceallaigh]

Adhmhaidin (1991) Raidió na Gaeltachta. 30 Bealtaine. [Ceist pharlaiminte á freagairt ag an Taoiseach agus Aire na Gaeltachta, Cathal Ó hEochaidh TD]

An Curadh Connachtach (1991) ‘De Danann and Macnas at Pléaráca.’ 29 Lúnasa, 22.

Bruton, J. (1990) ‘The Death of the Irish Language.’ Irish Independent. 11 Lúnasa, 15.

Coimisiún na Gaeltachta (2002) Tuarascáil | Report. BÁC: Oifig an tSoláthair.

de Bréadún, D. (1990) ‘Irish is dead, long live Irish.’ Irish Times. 23 Meitheamh, 30.

de Bréadún, D. (1991a) ‘Ciúnas na hUaighe.’ Irish Times. 26 Meitheamh, 10.

de Bréadún, D. (1991b) ‘Coistí corraithe faoi thodhchaí na Gaeltachta.’ Irish Times. 29 Bealtaine, 11.

de Mórdha, D. (2022) Raidió na Gaeltachta: Cultúr & Pobal. An Spidéal: Cló Iar-Chonnacht.

Dialann Gheimhridh (1990) Raidió na Gaeltachta. 1 Samhain. [Arna láithriú ag Timlín Ó Cearnaigh & arna léiriú ag Áine Ní Churráin.]

Duggan, D. (2022) ‘Not Dead Yet.’ Dublin Review of Books, Márta. https://drb.ie/not-dead-yet/.

Duranti, A. (1997) Linguistic anthropology. Nua-Eabhrac: Cambridge University Press (Cambridge textbooks in linguistics).

Hindley, R. (1990) The Death of the Irish Language: A Qualified Obituary, Londain: Routledge.

Hakamies, P., & Honko, A., (eag.) (2013) Theoretical Milestones, Selected Writings of Lauri Honko. Helsinki: Folklore Fellows’ Communications 304.

Iris an Phléaráca (1991) ‘Eagarfhocal na hIrise.’ Meán Fómhair, 2.

Mac Aonghusa, P. (1991) ‘Óráid an Uachtaráin ag Ard-fheis Chonradh na Gaeilge.’ Seo Mhaigh Eo, Raidió na Gaeltachta, 4 Bealtaine. [Arna léiriú ag Seán Ó Héalaí]

Mac Con Iomaire, L. (2000) Breandán Ó hEithir: Iomramh Aonair. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Mac Donnacha, S., et al (2004) Staid Reatha na Scoileanna Gaeltachta. BÁC: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta.

Mag Cuill, D. (1990) ‘An Ghaeilge – ar tí bás a fháil.’ Irish Times. 2 Bealtaine, 8.

Ó Cadhla, S. (1998) Cá bhfuil Éire?: Guth an Ghaisce i bPrós Sheáin Uí Ríordáin. BÁC: An Clóchomhar.

Ó Cinnéide, M., et al (2001) Polasaithe agus Cleachtais Eagraíochtaí Éagsúla le Feidhm sa Ghaeltacht : Tuarascáil Chríochnaitheach. Gaillimh: An tIonad Taighde sna hEolaíochtaí Sóisialta, Ollscoil na hÉireann i gcomhar le Brian de Bairéad, de Bairéad & Co., Gaillimh.

Ó Ciosáin, É. (1991) Buried Alive: a reply to The Death of the Irish Language. BÁC: Dáil Uí Chadhain.

Ó Flatharta, P. (2007) Struchtúr Oideachais na Gaeltachta. BÁC: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta.

Ó Giollagáin, C., et al (2007) Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. BÁC: Oifig an tSoláthair.

Ó Gliasáin, M. (1990) Language shift among schoolchildren in Gaeltacht areas, 1974–1984: an analysis of the distribution of £10 grant qualifiers. BÁC: Institiúid Teangeolaíochta Éireann (Tuarascáil Taighde 16).

Ó hÉallaithe, D. (2002) ‘Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta – Trumpa gan Teanga.’ Iris an Phléaráca. 13–5.

Ó hEithir, B. (1987a) ‘Teilifís nó Bóithre don Ghaeltacht?’ Irish Times. 20 Lúnasa, 10.

Ó hEithir, B. (1987b)  An Ghaeltacht Inniu. RTÉ Raidió 1. 3 Meán Fómhair.

Ó hEithir, B. (1987c) ‘Tuairisc do Aire na Gaeltachta.’ Irish Times. 22 Deireadh Fómhair, 12.

Ó hEithir, B. (1990a) ‘Ar ais i dTír na Mailíse.’ Irish Times. 5 Iúil, 8.

Ó hEithir, B. (1990b) ‘The Death of the Irish Language: Fáilteoidh lucht tórraimh roimh Hindley.’ Comhar Meán Fómhair 49(9). 19.

Ó Riagáin, P. (1997) Language policy and social reproduction : Ireland, 1893–1993. Oxford: Oxford University Press (Oxford studies in language contact).

Ó Tuairisg, S., Ó Comhraí, C., & Nic Dhonncha, B. (2017) ‘Ag Saothrú Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta mar acmhainn taighde.’ Léann Teanga: An Reiviú, DOI: https://doi.org/10.13025/hm1q-2f05

Ó Tuathaigh, G. (1990) The development of the Gaeltacht as a bilingual entity. Baile Átha Cliath: Institúid Teangeolaíochta Éireann (Páipéar Ócáideach 8).

Tovey, H. et al. (1989) Why Irish?: language and identity in Ireland today. Baile Átha Cliath: Bord na Gaeilge.