DOI: https://doi.org/10.13025/29642

Eagarfhocal

Tá lúcháir orainn, Coiste Eagarthóireachta na bliana 2025, fáilte a chur romhaibh chuig an tríú heagrán déag den iris phiarmheasúnaithe An Reiviú. Bíonn an iris seo á foilsiú ag mic léinn an chúrsa MA sa Léann Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe gach bliain. Tá muid thar a bheith sásta leis an líon alt agus léirmheasanna a fuair muid i mbliana agus tá muid fíorbhuíoch de chách a bhí sásta alt nó léirmheas a sholáthar dúinn. Ní bheadh sé ar ár gcumas an obair seo a chur i gcrích murach dílseacht na bpiarmheasúnóirí, foireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Áras na Gaeilge. Ar ndóigh ní bheadh an iris seo ann murach iad.

Gabhaimid buíochas leis an Ollamh Alan Titley as réamhrá na hirise a scríobh agus an iris a sheoladh i nGaillimh i mbliana. Ba mhór an onóir dúinn gur ghlac sé lenár gcuireadh.

Tá buíochas tuillte ag Anna Davitt ó Fhoras na Gaeilge agus ag an bhForas as an tacaíocht leanúnach a chuireann siad ar fáil do An Reiviú ó bunaíodh an iris in 2013.

Anuas air sin, ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis an dearthóir Shannon Reeves atá ag plé le dearadh na hirise ó bunaíodh í freisin. Is mór againn an tacaíocht dhílis seo.

Ní mór dúinn buíochas a ghabháil leis an Dr Dorothy Ní Uigín. Tá muid go mór faoi chomaoin ag Dorothy as an tacaíocht agus an treoir a chuir sí ar fáil dúinn nuair a tháinig an crú ar an tairne. Ní raibh aon cheist róbheag ná róchasta di agus rinne sí obair na gcapall ag cuidiú linn leis an togra seo a chur i gcrích.

Tá réimse leathan ábhar san iris i mbliana – teicneolaíocht, pleanáil teanga, oideachas, teagasc na Gaeilge, stair na teanga, filíocht, litríocht, aistriúchán, sochtheangeolaíocht agus eile. Tá muid ag siúl go mbainfidh sibh idir thaitneamh is thairbhe as an gcnuasach aistí seo.

An Coiste Eagarthóireachta 2025

Bróna Nic Dhiarmada, Honoria Ní Mháille, Dónal Ó Síocháin, Joanne Uí Loingsigh