DOI: https://doi.org/10.13025/29633

Teanga mheafarach Mháire ar nós ‘…mar a bheadh ‘duine/rud/ainmhí’, ‘mar a bheadh ‘duine/rud/ainmhí’ ann’; ‘mar a bheadh ‘duine/rud/ainmhí’ (ann) a bheadh’…agus na téamaí ina léirítear an ghné thábhachtach seo dá stíl liteartha.

Is le húsáid na Gaeilge i ngearrscéalta agus in úrscéalta Mháire (Séamus Ó Grianna), a bhaineann an t-alt seo. Baineann an t-ábhar le tionscadal taighde ag leibhéal máistreachta a cuireadh i gcrích idir Meitheamh 2002 agus Meán Fómhair 2023. Is i mBéarla a scríobhadh ina mhiontráchtas é sa chéad áit ach tiontaíodh go Gaeilge é agus cuireadh go suntasach leis an tsaothar idir Meán Fómhair 2023 agus Eanáir 2025 agus rinneadh tuilleadh léitheoireachta agus machnaimh air dá réir. D’éascaigh próiseas an aistriúcháin agus an mhachnaimh cur i bhfriotal barúlacha agus smaointe chomh maith.

An léitheoireacht

Ag dul i gceann oibre don taighdeoir, baineadh feidhm as paraidím struchtúraíoch i gcur chuige na grinnléitheoireachta (Ó Doibhlin, 1973). Is é atá i gceist leis sin ná léamh téacs le cúram agus le léamh grinn agus cúramach ar an téacs, ag fiosrú gach focail dá bhfuil á léamh. Scríobhadh nótaí ar phointí teanga atá ina n-ábhar suntais ó thaobh na húsáide, na stíle agus na céille de. Is iad Mo Dhá Róisín (MDR), Caisleáin Óir (CO) agus Cioth is Dealán (CD), na téacsanna is mó iomrá de chuid Mháire (Welch, 1996: 435) agus léadh iad sin ina n-iomláine ar dtús. Ina ndiaidh sin, léadh Thiar i dTír Chonaill (TDC), Castar na Daoine ar a Chéile (CDC), Feara Fáil (FF), Fód a’ Bháis agus Gearr-Sgéalta Eile (FB), Nuair a Bhí Mé Óg (NBO), Saoghal Corrach (SC), Bean Ruadh de Dhálach (BRD), Micheál Ruadh (MR), An Draoidín (AD), Tráigh agus Tuile (TT), An Bhratach agus Gearr-Sgéalta Eile (AB), An Clár is an Fhoireann (CF), Fallaing Shíoda (FS), Le Clapsholus (LCS), Ó Neamh go h-Árainn (NA), Ó Mhuir go Sliabh (OMS), Oidhche Shamhraidh agus Scéalta eile (OS), Suipín an Iolair (SI), Rann na Feirste (RF), An Sean-teach (ST), An Teach nár Tógadh (TNT), Báire na Fola (BF), Sgéal Úr agus Sean-Scéal (SU), Úna Bhán (UB), agus Tairngreacht Mhiseoige (TM). Tá an liosta iomlán i ndeireadh an ailt seo. Is sa tseanlitriú a foilsíodh bunús na leabhar sin thuas. San alt seo soláthraítear athfhriotail sa litriú sin agus cuirtear na leaganacha caighdeánacha idir lúibíní faoi na hathfhriotail chéanna.

Ceisteanna taighde

Seo iad na ceisteanna a threoraigh an taighde:

  • Cad is ciall le stíl liteartha?
  • Cad iad na gnéithe is suntasaí de stíl liteartha Mháire?
  • An dtig linn na codanna is tábhachtaí d’úsáid teanga Mháire a aimsiú?
  • An bhfóireann stíl liteartha agus úsáid teanga Mháire dá intinní mar scríbhneoir?

Athbhreithniú ar an litríocht

Rinneadh athbhreithniú ar an litríocht a bhaineann le stíl liteartha agus le saothar Mháire, ag díriú ar úsáid na Gaeilge. Is iad na saothair is mó a bhaineann le hábhar maidir leis an taighde seo ná ‘Teanga Mháire’ (Ó Corráin, 1992) agus A Concordance of Idiomatic Expressions in the Writings of Séamus Ó Grianna (Ó Corráin, 1989), ‘Stíl scríbhneoireachta Mháire’ (Ó Doibhlin, 1992), ‘Struchtúr agus Téamaí in Úrscéalta Mháire’ (Ó Muirí, 1978), ‘An Greann ag Máire’ (Ó Rabhartaigh, 2004 [1928]), Donncha Ó Céileachair (Riggs, 1978) agus ‘Gaeilge Uí Chadhain’ (Ó Béarra, 2007).

Stíl liteartha: a gnéithe agus a feidhm

Is leis na dóigheanna a gcuireann scríbhneoirí an méid atá le rá acu in iúl a bhaineann stíl liteartha, de ghnáth. Tugann Abrams (1999: 303) le fios go mbaineann an anailís a dhéantar ar stíl scríbhneora le suíomh reitriciúil, aidhm, friotal, struchtúr abairtí agus comhréir, agus teanga fháthchiallach. D’éiligh Williams (1990) gurb iad an tsoiléireacht, an comhleanúnachas agus an ghrástúlacht na torthaí a lorgaítear. Mhaígh Baldick (2015) gur féidir cur síos ar stíl údair ach iad seo a leanas a fhiosrú ina shaothar: friotal, comhréir, samhlaoidí, rithim, nó gné ar bith eile den teanga.

Is leis an stílíocht, ceann den iliomad gort atá sa teangeolaíocht, a bhaineann an tábhacht atá le gnéithe teanga i gciallú na litríochta nó an dóigh ar féidir éifeacht liteartha a cheangal le gnéithe teanga (Widdowson, 1996: 131). Scríobh Crystal (1994: 372) gurb é atá sa stílíocht ná, ‘the study of the linguistic characteristics of literature as a genre and of the style of authors’. Mhínigh McArthur et al. (2018) gur craobh den teangeolaíocht í ina ndéantar staidéar ar stíl i dteanga, go háirithe i saothar litríochta. Tá an stílíocht, de réir a dtuigse dírithe ar an téacs, ar an léitheoir agus ar fhoirm na teanga.

Aon uair amháin a bheadh an léitheoir cinnte den chiall atá le téacs liteartha, feasach ar an ton, ar intinní an údair agus in innimh an cineál scríbhneoireachta a aithint, bhí Burton (1986: 17) den bharúil go bhféadfaí tabhairt faoin chéad chéim eile sa bhreithiúnas ar stíl an scríbhneora, mar ‘a blend of various elements’. Agus é ag maíomh go raibh an próiseas a bhaineann leis an léirmheastóireacht ar phrós, casta agus bainteach go mór leis an duine aonair, scríobh sé gurbh iad an friotal, na híomhánna agus an rithim, na príomhghnéithe. I dtaca le Burton (1986: 25–42; 43–65; 66–91) de, is le roghnú focal a bhaineann friotal, le mealladh na gcéadfaí a bhaineann íomhánna agus le cur in ord focal ar mhaithe le cumarsáid, ar aon dul leis an chomhréir, a bhaineann rithim.

Is é tuairim Croft & Cross (1997: 194–5), gurb é atá i stíl ná an dóigh a scríobhann scríbhneoirí, an úsáid a bhaineann siad as teanga lena smaointe a nochtadh agus, ‘the particular combination of literary devices, structures, and vocabulary which a writer uses.’ Maíonn siad gurb é atá ann mar stíl, an toradh a bhíonn ar mhórán roghanna a dhéanann an scríbhneoir fúthu seo a leanas: téama, stór focal, rithim, déanamh na n-abairtí, íomhánna agus fuaim. Níl siad ag rá gur sin gach gné atá i gceist ach go luaitear iad i bhfianaise ceisteanna úsáideacha in iarrachtaí le stíl áirithe scríbhneora a aimsiú: m.sh. An bhfuil an téama ginearálta nó sainiúil? Leamh, seanchaite nó domhain? Furasta a aimsiú nó ceilte? An bhfuil an rithim garbh nó mín? Scaoilte nó staccato? An bhfuil déanamh gearr, fada nó casta ar na habairtí? Éagsúil agus i bpatrún? An físiúil nó céadfach atá na híomhánna? Gléineach nó cáiréiseach? Uathúil nó de réir coinbhinsin? An bhfuil an stór focal simplí nó casta? Filiúnta nó lom? Mothúchánach nó neodrach? An bhfuil an fhuaim géar nó binn? Scornúlach nó siosach? Ceisteanna iad, an dá cheist dheireanacha sin, a aibhsíonn an tábhacht atá leis an chluais, leis na fuaimeanna agus le léamh os ard.

Tá leabhar sin Riggs (1978) Donnchadh Ó Céileachair, ar cheann de na leabhair is gaolmhaire d’ábhar an taighde seo ó thaobh anailís ar stíl i litríocht na Nua-Ghaeilge. Sa taighde sin, rinne Riggs a machnamh orthu seo a leanas: an reacaireacht, na tuarasálacha, an comhrá, an gearrscéalaí, ceangal (an laochas, an greann, an t-athrú saoil, agus tábhacht an dúchais). Rinne Ó Croiligh (2020: 67–102) a dhianmhachnamh ar an stíl i saothar duine de dheartháireacha Mháire, Seosamh Mac Grianna. Bunaíodh an plé thart timpeall orthu seo: íomhánna, friotal agus téamaí. Is é atá i stíl, dar leis, an bealach pearsanta ina mbaineann scríbhneoir feidhm as na meáin friotail. Agus an chiall a bhain Albert Camus as stíl liteartha ar a intinn ag Ó Croiligh (2020: 67), mhaígh sé gurbh ‘ionann stíl agus an claochlú a dhéanann údar ar an tsaol réalta agus a thugann a aontacht agus a thréithiúlacht don domhan úr a chruthaíonn sé’.

Sárchumas Mháire sa Ghaeilge

D’fhoilsigh Séamus Ó Grianna a chéad aiste thiar sa bhliain 1912 agus choinnigh air ag cur alt agus aistí chuig tréimhseacháin Ghaeilge ar feadh na mblianta (Welch, 1996: 435). Mar sin féin, níor chreid sé gur pearsa mhór litríochta a bhí ann. Agus é ar a dhícheall ag iarraidh a chumadóireacht a dhéanamh suimiúil agus taitneamhach i súile agus i gcluasa na léitheoirí, bhaineadh sé feidhm as stíleanna tuairisciúla, áititheacha agus insinte ina shaothar. Scríobh Ó Doibhlin (1992: 87–8) gur i gCúige Uladh ba mhó a bhí na léitheoirí ba dhúthrachtaí, i sé chontae Thuaisceart Éireann go háirithe agus d’úsáideadh siad téarmaí mar ‘dhraíochtúil’ agus iad ag tabhairt breithiúnais ar a chuid scríbhneoireachta. Mhaígh sé go raibh gnaoi agus aghaidh na ndaoine ar Mháire, taobh le scríbhneoirí eile Gaeilge, mar gheall ar an stíl, a mheall a lán daoine le Gaeilge a léamh. Chreid Máire go diongbháilte ina shárchumas sa Ghaeilge agus san eolas thar na bearta a bhí aige ar fhoirm, ar chora cainte, ar sheanfhocail agus ar natháin chainte na Gaeilge. Is é an sáreolas sin a bhí aige ar an teanga, a bhí leis as broinn, a thug misneach dó agus a choinnigh an drithleog ar lasadh i ndúch a phinn ar feadh achar fada nó mar a chuir Ó Conluain (1992: 36) é:

Chuaigh Séamus Ó Grianna an-fhada ar aon bhealach amháin ina shaol agus ina shaothar araon. Mhair sé ceithre scór bliain go díreach go dtí mí na Samhna 1969, agus más saol corrach a bhí aige, dar leis féin, ba shaol corrach cointinneach fosta é. Ach ba as an saol sin a tháinig cuid de na leabhair is tábhachtaí i stair nualitríocht na Gaeilge agus dá thairbhe sin amháin, táimid uilig faoi chomaoin mhór aige.

Thuairiscigh Ó Corráin (1992: 94) in aiste dar teideal ‘Teanga Mháire’ an dearbhú seo a leanas, ina n-aontaíonn sé go huile is go hiomlán le féinanailís an údair air féin mar scríbhneoir, a luadh cheana:

Níl dochar liom a rá go bhfuil Séamus Ó Grianna ar dhuine de na scríbhneoirí Gaeilge is clúití sa chéad seo. Ach leis an fhírinne a dhéanamh, ní éifeacht mhór litríochta ná doimhneacht ar leith fealsúnachta a d’fhág an chéimiúlacht sin aige ach buanna éagsúlta teanga.

Tá an tráchtaireacht sin ag teacht go mór le tuairimí criticeoirí litríochta amhail Alan Titley, Máirtín Ó Cadhain, Nollaig Ó hUrmoltaigh, Diarmuid Ó Doibhlin, Breandán Ó Doibhlin, Máirín Nic Eoin agus Pól Ó Muirí. Tá laigí éagsúla i gcumas liteartha Mháire aimsithe acu sin uile go léir, ach admhaíonn siad i ndeireadh na dála, go raibh an cumas a bhí ann i dteanga na Gaeilge, dosháraithe, gan chosúlacht, gan chomórtas. Scríobh Titley (2002: 35) ‘cuid de luach úrscéalta Mháire is ea an chanúint Chonallach ina bhfuil siad scríofa’ agus thug cuntas ar an tionchar a bhí ag scríbhneoirí seanaimseartha rómánsúla ar a scríbhneoireacht. Ba dhána an mhaise don Chadhnach (Ó Cadhain, 1969) a rá go bhfeádfadh duine ceann ar bith d’úrscéalta Mháire a léamh lena fháil amach cén dóigh gan úrscéal a scríobh. Mheas sé go raibh seachrán beag céille air mar gur chloígh sé go docht le traidisiún. Mar sin féin, b’éigean dó a admháil go raibh sáreolas ag Máire ar an Ghaeilge nach raibh ag an dara duine. An iomarca frásaí agus clichés ó scéal go scéal a bhí ag dó na geirbe ag Ó Corráin (1992: 106):

Is deas linn an gliogar agus an rithim atá ann nuair a léann muid nach bhfuil léamh nó scríobh no inse béil ar an ghnaoi atá ar chailín éigin. Ach an fichiú huair a chastar an nathán céanna orainn, ní aoibhneas a chuireann sé orainn ach fonn codlata.

Is cinnte gur bhain sé an iomarca úsáide as an nathán áirithe sin nach raibh ‘léamh ná scríobh na inse béil’ ar na finiméin a raibh sé ag trácht orthu: ‘An lúthgháir a bhí ar mo chroidhe, níl léigheamh ná sgríobhadh ná innse béil air.’ (OMS 65/156)(SC 177/202)(OS245)(RF 14)(BF 22)(SU 51; BF 210). Ina dhiaidh sin, bhí a leithéid seo aige, chomh maith le bealaí eile, leis an chiall chéanna a chur in iúl:

canúint a fháil le rud a insint:

Ní féidir canúint a fháil leis an driopás agus an chearthaí a tháinig ar iomlán a inse. (CDC 76)

(Ní féidir canúint a fháil leis an driopás agus an chearthaí a tháinig ar iomlám a inse.)

canúint a chur ar rud:

Nuair atá dhá chroidhe lasta le grádh, agus gan le déanamh acht canamhaint a chur ar rún nár cheil rosg le fada roimhe sin. (NA 63)

(Nuair atá dhá chroí lasta le grá, agus gan le déanamh ach canúiint a chur ar rún nár cheil rosc le fada roimhe sin.)

Is é an trua nach ndearna sé ní ba mhó de sin in ionad bheith ag brath i dtólamh ar an nathán chéanna. Mhínigh Ó hUrmoltaigh (1974: 101) gur úsáid Ó Grianna an fhoirmle chéanna arís is arís eile ina úrscéalta ach thug isteach fosta go raibh an chuid is fearr den Ghaeilge iontu:

…castar na carachtair chéanna orainn arís is arís, ní thagann athrú ná forbairt orthu…tá na húrscéalta lán maoithnis agus ba cheart iad a chur sa 19ú céad….ach is féidir an méid seo a rá faoi úrscéalta ‘Mháire’ – go bhfuil togha na Gaeilge iontu; d’admhaigh Máirtín Ó Cadhain féin sin.

Tá sé le léamh in Ó Muirí (1999: 77) i gcuntas a scríobh sé ar shaol agus ar shaothar Sheosaimh Mhic Grianna, deartháir le Máire, nach raibh lá rúin ag Máire, ‘to engage the reader’s mind’, ach gur bhain sé úsáid as Gaeilge a bhí ag feidhmiú mar ‘narcotic which lulls the reader to sleep while his often inoffensive characters perform their inoffensive feats’. Mar seo a mhínigh Hodgins (2006: xix) an scéal: ‘I gcás “Mháire” is tábhachtaí i bhfad an modh inste, samhailteacha áille, draíocht na teanga agus féith an ghrinn-agus, ar ndóighe an dóigh a gcuireann sé ar ár gcumas éalú ar feadh tamaill’.

Is in dhá ghné-alt nuachtáin a nocht Diarmuid Ó Doibhlin (1988a, b) a bharúil de shaothar Mháire. Sa chéad alt, déanann an criticeoir a mhachnamh ar an bhail uireasach a thugann Máire ar théamaí, an grá san áireamh. Os a choinne sin, díríonn sé ar an chumas fosta a bhí ann an greann a bhí i saol a chuid daoine ar an bhaile, a chur i bhfriotal. Bua, dar leis, a chuireann aoibhneas ar léitheoir. Ní ábhar iontais é mar sin gur mhol sé go mór nádúrthacht, glaineacht, gleoiteacht, tarraingteacht, áilleacht, líofacht agus filiúntacht Ghaeilge an údair:

…an Ghaeilge ghalánta fhiliúnta a bhí chomh nádúrtha sin aige agus a tháinig chomh paiteanta sin leis i gcónaí. Dairíre is í an Ghaeilge ghlan ghleoite sin, is dóigh a tharraingíonn duine chuig leabhair Shéamais Uí Ghrianna agus is í is mó a chruthaíonn pléisiúr dúinn. An sruth sin Gaeilge, a éascaí agus atá sé, a sholúbtha agus a dhúchasaí is atá sé, is é a bhaineann geit aoibhnis as an léitheoir arís agus arís eile, cuma a dhearóile agus a bhíonn an t-ábhar.

Ach an sliocht seo a leanas as gearrscéal dar teidil ‘Teampall Mhachaire Ó gCathalán’ atá sa chnuasach Fód an Bháis agus Gearrscéalta Eile (FB 96), ina dtiteann beirt fhear i ngrá leis an bhean chéanna, a léamh, gheofar amach cad é is ciall don méid sin:

Aon smaoineamh amháin a bhí i n-intinn na beirte. Aon aisling amháin a bhí i n-a gcroidhe. Bean! Bean a raibh áilne na gréine i n-a gnúis. Bean a raibh a folt comh dubh le cleite an fhéich agus súile i n-a ceann mar bheadh dhá réalt de chuid na spéire oidhche shiocáin ann. Bean a raibh a cosa comh geal le sneachta na h-aon oidhche agus a coiscéim comh h-éadtrom is go siubhailfeadh sí ar bhárr an fhéir. Bean a bhí comh sgaolmhar leis an eilit agus nach meallfaidhe choidhche le cluain.

(Aon smaoineamh amháin a bhí in intinn na beirte. Aon aisling amháin a bhí ina gcroí. Bean! Bean a raibh áille na gréine ina gnúis. Bean a raibh a folt chomh dubh le cleite an fhéich agus súile ina ceann mar a bheadh dhá réalt de chuid na spéire oíche shiocáin ann. Bean a raibh a cosa chomh geal le sneachta na haon oíche agus a coiscéim chomh héadrom is go siúlfadh sí ar bharr an fhéir. Bean a bhí chomh scaolmhar leis an eilit agus nach meallfaí choíche le cluain.)

Admhaíonn Ó Doibhlin (1988b) ag deireadh a ailt go raibh an Ghaeilge ar a mhian agus ar a thoil ag Máire agus go mbaineadh sé úsáid dhraíochtúil, bheoga aisti a thabharfadh a chroí do léitheoir:

Ach bhí ag Séamas bua nach raibh ag an dara duine in Éirinn lena linn ná ó shin: bhí teanga chúilrialta éasca aige agus é ina mháistir ar fad uirthi…Is inti sin dar liom, sa teanga sin aige, atá an draíocht agus an tógáil croí, an tsaoirse agus an tseoid sin nach mbíonn luach uirthi. Agus is í dar liom, thar rud ar bith eile, a fhágann dóigh agus gnúis dó féin ar Shéamas Ó Grianna i measc lucht literati na hÉireann anois agus i gcónaí.

Tá na gnéithe tábhachtacha seo dá stíl i measc na gcúiseanna ar mheall sé líon ábhalmhór léitheoirí, sna luathbhlianta go háirithe, thar aon ré eile. Shíl Hodgins (2006: 1) go ndeachaigh an scéalaíocht, fána hiliomad seanraí, a raibh Máire ina fhianaise leo as a óige, go mór i bhfeidhm ar a stíl scríbhneoireachta, a bhí, de réir a bharúla féin, úrshnoite agus dúchasach:

Rud amháin a chuaigh i bhfeidhm go mór air agus é ina ghasúr óg, ná an scéalaíocht. Mhair anáil seo na scéalaíochta i rith a shaoil agus bhí baint mhór aici seo lena stíl scríbhneoireachta gan trácht ar a mhodhanna oibre nó ar a dhearcadh ar an tsaol i gcoitinne.

Breithiúnais eile

Cheistigh Ó Dornáin (2018: 205) dearcadh seo lucht critice a luadh roimhe seo, gur beag fiúntas liteartha atá i saothar Mháire. Tá plé déanta aigesan ar an chiall a bhain Máire as Art Gaelach, i gcomhthéacs na scríbhneoireachta iarchoilíní. Is é a bharúil go bhfuil ionad faoi ardmheas tabhaithe ag Máire mar scothléiritheoir ar stíl pobail ina chuid scríbhneoireachta:

Is gné an-tábhachtach an stíl pobail do shaothar Mháire agus tá impleachtaí ann mar gheall uirthi do Mháire mar scríbhneoir iarchoilíneach. Cé nach léir mórthionchar Uí Chonaire ar stíl Mháire, bhí meas mór ag Máire air go pearsanta agus mar scríbhneoir. Níl mórán cosúlachtaí le sonrú eatarthu nó is leis an ‘nualitríocht’ a chuaigh Ó Conaire, agus saoirse indibhidiúil an ealaíontóra. Is amhlaidh i gcás Sheosaimh Mhic Grianna… Bhí tionchar mór ag Mac Piarais ar Mháire idir fhealsúnacht agus litríocht, go háirithe agus Máire ag forbairt a cheirde. I ndeireadh na dála, scarann Máire le dearcadh Mhic Phiarais lena ealaín féin a fhorbairt. B’fhéidir nach miste a lua gur cosúil le chéile iad nó, in ainneoin ar mhaígh sé faoin nualitríocht, níor scar Mac Piarais an oiread sin é féin ón scéalaíocht dhúchasach.

Thug O’Leary dár n-aire (féach Mac Congáil, 2010: xxviii), ina aiste siúd agus é ag fáiltiú roimh eagrán úr den úrscéal Mo Dhá Róisín ar ‘leabhar gur fiú a léamh’ é, dar leis, gur:

Dearmad glan agus éagóir is ea an mhíthuiscint choitianta gur ar son na Gaeilge saibhre, tíriúla, lúfaire amháin a léifeadh éinne saothar Mháire. Ar an gcéad dul síos, ní féidir beag a dhéanamh de réimse sonrach an ‘oeuvre’ a d’fhág sé againn…níos tábhachtaí fós is fiú go maith na leabhra sin a léamh, agus ní mar gheall ar an nGaeilge cháiliúil sin amháin. Ceannródaí ceart ab ea Máire ina am féin.

Bhí sé le rá ag de Blácam (1973: 381) gur bhain Máire an barr in amanna de Pheadar Ó Laoghaire maidir le croí, aigne agus beogacht sa teanga Ghaeilge agus thagair do bhuanna eile a bhí aige mar scríbhneoir, an friotal cumhachtach, an cur síos, an léiriú, na cora cainte, na leaganacha agus na natháin, an dea-chaint agus an rithim, nár sháraigh aon údar eile:

Ó Grianna equals, and sometimes even excels O’Leary in the racy strength of his language. He has demonstrated that Ulster Irish still is undecayed in the power of drawing scenery and men, in pregnant idiom, in witty concision, in rhythm. His writings add to O’Leary’s store of golden phrases. Like O’Leary, however, and unlike O’Conaire, he lies open to the criticism that he is anxious to be racy at all costs – yet who can excel him? Only the few can hope to emulate such muscular diction; but sometimes we feel the need for a quiter mode of expression.

Rinne Ó Searcaigh (1934: 117) tagairt d’fheabhas agus do ghlaineacht na Gaeilge i saothar Mháire: ‘Ach is é an moladh is mó atá tuillte aige gur sgríobh sé leabhra ina bhfuil an Ghaedhilg is fearr agus is glaine dá bhfuil sa Nua-Ghaedhilg.’ Is focail shoilseacha iad sin a léiríonn meas, urraim, creidbheáil agus dóchas. Agus roimhe sin arís, bhí se le rá ag léirmheastóir eile, ‘Lámh Dhearg’ ar The Derry Journal, 28/10/1921, nuair a foilsíodh Mo Dhá Róisín, go raibh san úrscéal sin:…a wealth of idiom…the pure idiom as one hears it falling from the lips of the people of Tirchonaill’s great Gaeltacht of the West. (luaite ag Mac Congáil, 2010: 102–4)

Fear eile a raibh meas mór aige ar Mháire ná Peadar O’Donnell, agus chreid seisean mar a scríobh Mac an Bheatha (1992: 22) gur scríbhneoir a bhí i Máire ‘a raibh éifeacht ar leith ina pheann’.

Stíl mhealltach a tharraing na léitheoirí

Scríobh Breandán Ó Doibhlin (1992: 88), gurbh í stíl liteartha Mháire an ghné is tábhachtaí agus muid ag féacháil le míniú a thabhairt ar na fáthanna a raibh gnaoi mhuintir Ghaeltacht Thír Chonaill agus aghaidh na ndaoine taobh amuigh den chontae sin, ar a shaothar. D’admhaigh an tráchtaire nárbh ann do shaothar liteartha scríofa ar bith Gaeilge, a bheadh mar eiseamláir ag Máire, a dtiocfadh leis a stíl féin a bhunú air, ach go raibh san fhear, cumas dosháraithe Gaeilge. Thagair Ó Doibhlin (1992: 90) fosta don chumas a bhí i Maire scéal a inse go fíormhaith agus comhrá idir carachtair a chur i bhfriotal ar sheanmhodh na scéalaíochta traidisiúnta. An t-adhmad a bhain Ó Doibhlin (1992: 92) as na cúinsí sin faoina raibh Máire ag saothrú, ná go raibh sé mar aidhm aige: ‘…ábhar léitheoireachta gan dua gan dualgas a chur ar fáil do dhaoine ar mhó a spéis i gcúrsaí teangan ná i gcúrsaí na samhlaíochta.’

Breithiúnas Uí Chorráin (Ó Corrain, 1992) ar stíl liteartha Mháire

Is é a mhaígh Ó Corráin (1992: 95) agus é i mbun anailíse ar leabhar a scríobh Máire faoi stair a bhaile féin, Rann na Feirste (Ó Grianna, 1942: 214) ná a rá go raibh ceithre ghné le sonrú a bhain leis an stíl a chleacht an scríbhneoir:

  • simplíocht chomhréire;
  • rithim láidir;
  • siméadracht nó comhchruthaíocht; agus
  • tráthúlacht.

Is é a bhí i gceist aige leis an tsimplíocht chomhréire, beagán abairtí casta le clásail ná fochlásail. Bhí an méid seo a leanas le maíomh ag Ó Corráin (1992: 96) faoi gach aon fhocal dár scríobh Máire agus gur geall a shaothar scríofa le teanga ó bhéal a bheadh á bláthú agus á maisiú ag lámh an ealaíontóra: ‘Bíonn rithim thomhaiste dea-chumtha i gcónaí aige, rithim a chuirfeadh an teanga labhartha i gcuimhne duit ach a bhfuil lámh an ealaíontóra insonraithe taobh thiar di’.

Anafara

Agus é ar lorg rithim fhoirfe agus ag iarraidh abairtí a nascadh, chleacht Máire an anafara. Is é atá i gceist mar a mhínigh Ó Corráin (1992: 97) ‘an focal nó an frása céanna a chur ag tús abairtí atá ag teacht i ndiaidh a chéile.’ Tairgeann Ó Corráin (1992: 97) dhá shliocht ina bhfuil an teicníc seo le sonrú. Bhain sé an sampla seo as Rann na Feirste (RF 185), leabhar faoi stair a bhaile dhúchais féin, agus tá an éifeacht bunaithe ar an fhrása is iomdha uair agus ar an fhoirm bhriathrach ní dhéanadh sé:

is iomaí uair

is iomdha uair a chuir sé fearg ar a athair. Is iomdha uair a chuir sé imnidhe air. Agus is iomdha uair a chuir sé bród air…ní dhéanadh sé éileamh nuair a chuireadh an mac fearg air. Ní dhéanadh sé mairgneach nuair a chuireadh sé imnidhe air, nó mórtas nuair a chuireadh sé bród air…’

An tSiméadracht

Is é a bhí i gceist ag Ó Corráin (1992: 99) leis an tsiméadracht sa chomhréir ná cothrom, cruinneas, athrá seimeantach agus uaim mar atá sna frásaí seo a leanas:

  • níl brón [bro:n] ná buair/eamh [‘buər´u:] orthu;
  • níl lúth [Lu:h] ná láth/air [‘Lɑ:hir´] sa chréatúr’;
  • beag buí/deach [b´ag ‘bwi:d´əx];
  • méid [m´e:d´] ná meá/chon [‘m´a:xən].

Má bhíonn ceann de dhá aidiacht nó de dhá ainmfhocal níos faide ná an ceann eile, is é an dara focal i dtólamh a bheas níos faide:

  • fann fol/amh [fɑN ‘fᴐlu:];
  • buíoch beann/acht/ach [‘bwi:əx ‘b´aNɑxtəx];
  • i gcruth [gruh] agus i gcos/amhl/acht [‘gᴐsu:lɑxt].

 

An Tráthúlacht

Bhain an chuid is mó den alt (Ó Corráin, 1992) leis an ghné eile seo de stíl scríbhneoireachta Mháire ar thug seisean ‘tráthúlacht’ uirthi. Is é a bhí á mhaíomh ag Ó Corráin (1992: 100–1) ná go mbíonn an focal ceart, an abairt cheart nó an frása ceart san áit cheart agus san am cheart i gcónaí ag Ó Grianna le:

  • cur síos ar dhuine: ranglamán; smugachán;
  • comparáid a dhéanamh trí úsáid samhlacha: comh buí le cos lacha; comh caoch le cloich; nó le
  • daoine a bheannú, a mhallú, a dhamnú, nó le bheith ag sciolladh orthu, nó le buíochas nó maithiúnas a thabhairt dóibh:

Go dtugaidh Dia saoghal agus sláinte duit! Go saoluighe Dia thú agus go lige Sé do shláinte duit! Sgrios ón Rígh air! Marbhfáisc air agus fíor-sgrios Dé air!

(Go dtuga Dia saol agus sláinte duit! Go saolaí Dia thú agus go lige Sé do shláinte duit! Scrios ón Rí air! Marbhfáisc air agus fíorscrios Dé air!)

Samhlacha, samhlaoidí agus teanga mheafarach

Tá saothar Mháire líon lán le samhlacha traidisiúnta: chomh ‘x’ le ‘y’: m.sh. comh géar le snathaid (TDC 3); comh mín le plúr (LCS 284); comh modhamhail le h-uan caorach (AB 28).

Chomh maith leo sin, mar sin féin, faightear leaganacha éagsúla den struchtúr meafarach ‘mar a bheadh duine/rud/ainmhí (ann)…’ agus struchtúir níos casta arís, síos trí shaothar Mháire agus iad in úsáid taobh istigh den iliomad téamaí. Anseo thíos tá samplaí iomadúla le léamh ina bhfaightear an leagan is neamhchasta go dtí an leagan is casta den struchtúr:

mar (dhuine/rud/ainmhí)’ m.sh.

    • ‘Tá, maise, cailín beag catach donn-ruadh as Baile an Chladaigh a raibh glór a cinn mar ghuth a’ smaolaigh agus a súile mar dhrithleogaí teineadh. (UB 60)
    • (‘Tá, maise, cailín beag catach donnrua as Baile an Chladaigh a raibh glór a cinn mar ghuth an smaolaigh agus a súile mar dhrithleoga tine).

‘mar a bheadh (duine/rud/ainmhí) ann’ m.sh.

    • Bhí sí (bád) ag éirghe beag is ag éirghe beag go dtí nach raibh ann ach mar bheadh éan ann. (OMS 121)
    • (Bhí sí (bád) ag éirí beag is ag éirí beag go dtí nach raibh ann ach mar a bheadh éan ann.)

‘mar a bheadh (duine, rud, ainmhí) ann a bheadh…’ m.sh.

    • Acht chonnacthas dó go raibh an barra ag éagcaoin go léanmhar, mar bheadh duine ann a bheadh i bpianpháis. (FB 75)
    • (Ach chonacthas dó go raibh an barra ag éagaoin go léanmhar, mar a bheadh duine ann a bheadh i bpianpháis.)

‘mar a bheadh (duine/rud/ainmhí (ann) a mbeadh/nach mbeadh…’

    • mar bheadh fear ann a mbéadh obair mhór idir lámha (BF 191)
    • (…mar a bheadh fear ann a mbeadh obair mhór idir lámha aige)

‘mar bheadh (duine/rud/ainmhí) (ann) a bhuailfí, a chuirfí…’

    • Bhí Mághnus Ó Dómhnaill mar bheadh duine ann a bhuailfidhe le buille d’ord. (ST 101; 194)
    • (Bhí Mánas Ó Dónaill mar a bheadh duine ann a bhuailfí le buille d’ord.)

‘mar bheadh (duine/rud/ainmhí) (ann) a mbuailfí buille air, a ndéanfaí trua de…’

    • Tá sé anois mar bheadh duine ann a mbuailfidhe buille sa cheann air. (SI 208).
    • (Tá sé anois mar a bheadh duine ann a mbuailfí buille sa cheann air.)

Anseo thíos, tá na samplaí iad féin rangaithe de réir téamaí atá in ord aibitíreach, aineolasáthasbrón… Tugtar na samplaí agus an ghramadach agus litriú go díreach mar atá sna foinsí ina bhfuarthas iad. Ansin, tugtar na samplaí céanna, iad caighdeánaithe i litriú an lae inniu. Tugadh an léitheoir faoi deara gur fhág Máire an mhír choibhneasta ‘a’ ar lár a bheadh le cur isteach idir ‘mar’ agus ‘bheadh’ sa lá atá inniu ann. Is léiriú é sin ar an chuspóir a bhí aige a chur in iúl don léitheoir cad é an dóigh leis an struchtúr a léamh de réir urlabhra an chainteora dúchais. Is leid é an cleachtas sin, dar leis an taighdeoir, a thugann ‘Máire’ faoin chaoi ar mhaith leis go léifeadh an léitheoir a shaothar. Leideanna eile don léitheoir; an uaschamóg san alt: a’ in ionad ‘an’ (a’ bealach) agus a’ (a’ tarraingt) in áit ‘ag’ roimh ainm briathartha. Is é an fuaimniú a bheadh ar an dá chás sin ná an guta neodrach /ə/.

  • ainmhithe

Rith an ama seo bhí mé mar bheadh cú ann a bhéadh a’ righe na héille ag iarraidh imtheacht ‘un seilge. (SC 263)

(I rith an ama seo bhí mé mar a bheadh cú ann a bheadh ag rí na héille agus ag iarraidh imeacht chun seilge)

  • aineolas

Bhí sé ag tarraingt anuas ar a’ tsean-bhealach mhór agus coiscéim corrach leis mar bheadh le duine a bhéadh aineolach ar na clocha móra is ar na slodáin atá ar a’ bhaile s’againne. (TNT 198)

(Bhí sé ag tarraingt anuas ar an tseanbhealach mhór agus coiscéim leis mar a bheadh le duine a bheadh aineolach ar na clocha móra is ar na slodáin atá ar an bhaile s’againne)

  • áthas

Bhí sé mar bheadh duine ann a mbeadh áthas ar a chroidhe. (ST 61)

(Bhí sé mar a bheadh duine ann a mbeadh áthas ar a chroí)

Ba ghoirid gur thoisigh an ‘Cailín Bán’ dh’ ísliughadh, mar bheithidhe a’ cur lasta inntí. Bhí sí ag ísliughadh léithe go suaimhneach mar bheadh an fhairrge ‘á diúl. (SI 207)

(Ba ghairid gur thosaigh an ‘Cailín Bán’ a ísliú, mar a bheifí ag cur lasta inti. Bhí sí ag ísliú léithe go suaimhneach mar a bheadh an fharraige á diúl.)

  • breithiúnas Dé (mall ag)

Nach mbeinn mar bheadh duine ann a bheadh beo i ndiaidh Lá an Bhreitheamhnais agus a’ chuid eile de’n chineadh daondha sa tsíorruidheacht. (ST 103)

(Nach mbeinn mar a bheadh duine ann a bheadh beo i ndiaidh Lá an Bhreithiúnais agus an chuid eile den chine daonna sa tsíoraíocht.)

  • brón

Agus ar feadh chúig mbomaite ‘na dhiaidh sin bhí an teach mar bhéadh teach tórraimh ann nuair a bhéithidhe ag cur a’ chuirp i gcómhnair. (RF 149–50)

(Agus ar feadh cúig bhomaite ina dhiaidh sin bhí an teach mar a bheadh teach tórraimh ann nuair a bheifí ag cur an choirp i gcónair.)

  • bualadh

…agus thuit sé ag mo chosa mar bheadh gamhain ann a gheobhadh buille d’ord. (UB 28)

(…agus thit sé ag mo chosa mar a bheadh gamhain ann a gheobhadh buille d’ord)

  • céilí comhraic

Ar feadh na mbliadhantach bhí an bheirt mar bheadh dhá cheannphort airm a bheadh i n-éadan a chéile i gcogadh. (OS 213)

(Ar feadh na mblianta bhí an bheirt mar a bheadh dhá cheannfort airm a bheadh i n-éadan a chéile i gcogadh.)

  • ciall nó cuimhne (a chailleadh)

An Domhnach roimh lá Aonaigh an tSamhraidh bhí Conall mar bheadh duine ann a mbeadh a chiall ag imtheacht ‘un seachráin. (OS 297)

(An Domhnach roimh lá Aonaigh an tSamhraidh bhí Conall mar a bheadh duine ann a mbeadh a chiall ag imeacht chun seachráin.

  • cluasa

Ní fhaca mé a dhath ba lugha orm ná cluasa fada marbha mar bheadh duilleógaí báidhte ann. (OS 285)

(Ní fhaca mé a dhath ba lú orm ná cluasa fada marbha mar a bheadh duilleoga báite ann)

  • codladh

Bhí sí mar bheadh duine ann a bheadh a’ cainnt i n-a chodladh. (UB 10)

(Bhí sí mar a bheadh duine ann a bheadh ag caint ina chodladh.)

  • cosaint (in easnamh)

Agus sheasuigh sé annsin mar bheadh duine ann a tchífeadh buille a’ tarraingt air agus gan cosg ná cosnamh aige. (ST 115)

(Agus sheas sé ansin mar a bheadh duine ann a tchífeadh buille ag tarraingt air agus gan cosc ná cosaint aige.)

  • cosúlacht (duine)

Breitheamhnas Dé ar m’anam go raibh cloigeann air mar bhéadh piléar gunna mhóir ann, easnacha mar bhéadh slata pota ann agus ailt mar bhéadh fiacla cleith fhoirste ann. Acht bhuail mé é. (AD 231)

(Breithiúnas Dé ar m’anam go raibh cloigeann air mar a bheadh piléar gunna mhóir ann, easnacha mar a bheadh slata pota ann agus ailt mar a bheadh fiacla cléith fhoirste ann. Ach bhuail mé é.)

  • cráifeacht

…ar a ghabháil isteach domh bhí na saighdiúirí i n-a suidhe…mar bheadh daoine cráithbheacha ann a tchífeá i dteach a’ phobail...(OS 392–3)

(…ar ghabháil isteach dom bhí na saighdiúirí ina suí…mar a bheadh daoine cráifeacha ann a tchífeá i dteach a’ phobail.)

  • creideamh

Bhí mé mar bheadh fear ann a chaillfeadh a chreideamh agus a gheobhadh taisbeánadh ó neamh a bhéarfadh chuige féin é. (TNT 50)

(Bhí mé mar a bheadh fear ann a chaillfeadh a chreideamh agus a gheobhadh taispeáint ó neamh a thabharfadh chuige féin é.)

  • dídean

Tú ‘do shuidhe annsin ag éisteacht leis a’ ghaoith ag éagcaoin ag an fhuinneóig, mar bheadh duine ann a bheadh ag iarraidh dídin…(ST 127)

(Tú i do shuí ansin ag éisteacht leis an ghaoth ag éagaoin ag an fhuinneog, mar a bheadh duine ann a bheadh ag iarraidh dídine…)

  • dorchadas

Bhí sé roimhe sin mar bhéadh fear a bhéadh leis féin sa dorchadas. (SC 265)

(Bhí sé roimhe sin mar a bheadh fear a bheadh leis féin sa dorchadas.)

  • éidtreoireacht

‘Nach bhfuil mo chroidhe briste ag amharc air,’ ars’ an seanduine. ‘A’ gabháil thart annsin mar bheadh fear ann nach mbainfeadh is nach gcaillfeadh…(ST 112)

(‘Nach bhfuil mo chroí briste ag amharc air,’ arsa an seanduine. ‘Ag gabháil thart ansin mar a bheadh fear ann nach mbainfeadh is nach gcaillfeadh…)

  • fágtha (gan focal)

Bhí sé mar bheadh duine ann a mbeadh rud éigin le rádh aige agus nach mbeadh a’ chainnt a’ teacht leis. (ST 236)

(Bhí sé mar a bheadh duine ann a mbeadh rud éigin le rá aige agus nach mbeadh an chaint ag teacht leis.)

  • farraige (cuma)

Bhí an fhairrge mar bheadh sí i n-a luighe i suan agus stáid gheal dhrithleógach i n-a craiceann aniar ó bhun na spéire go béal na Trágha Báine. (OMS 5)

(Bhí an fharraige mar bheadh sí ina luí i suan agus stáid gheal dhrithleogach ina craiceann aniar ó bhun na spéire go béal na Trá Báine.)

  • fearg

Annsin thoisigh sé a chur thairis mar bheadh fear ann a mbeadh racht feirge air. (UB 39)

(Ansin thosaigh sé a chur thairis mar a bheadh fear ann a mbeadh racht feirge air.)

  • glór (cinn)

Tá, maise cailín beag catach donn-ruadh as Baile an Chladaigh a raibh glór a cinn mar ghuth a’ smaolaigh agus a súile mar dhrithleogaí teineadh. (UB 60)

(Tá, maise cailín beag catach donnrua as Baile an Chladaigh a raibh glór a cinn mar ghuth an smaolaigh agus a súile mar dhrithleoga tine.)

  • greim (daingean)

Tháinig racht mire ar Thuathal agus thug sé iarraidh a crathadh de. Acht ní raibh gar ann. Bhí sí i bhfastódh ann mar bheadh báirneach ar carraig. (AB 164)

(Tháinig racht mire ar Thuathal agus thug sé iarraidh a croitheadh de. Ach ní raibh gar ann. Bhí sí i bhfostú ann mar a bheadh báirneach ar carraig.)

  • grian (cuma)

Bhí sí mar áilne na gréine ann. (FS 132)

(Bhí sí mar áille na gréine ann.)

  • grian (teas na gréine)

Muircheartach a’ bárcadh allais i gcionn a speile agus é mar bheadh sé a’ coimhlint leis a’ ghréin. (OS 347)

(Muircheartach ag barcadh allais i gceann a speile agus é mar a bheadh sé ag coimhlint leis an ghrian.)

  • imeacht (as amharc)

Gur imthigh sí mar d’imtheóchadh ceo samhraidh de shleasaibh an Eargail le teas na gréine…(LCS 32)

(Gur imigh sí mar a d’imeodh ceo samhraidh de shleasa an Eargail le teas na gréine…)

  • labhairt (mar cheann feadhna srl.)

‘Cuiridh cupla céad meadhchain inntí,’ arsa Cuidín. Agus labhair sé mar labhairfeadh caiphtín luinge nó ceann feadhna cogaidh. (SU 105)

(‘Cuirigí cúpla céad meáchain inti,’ arsa Cuidín. Agus labhair sé mar a labhródh caiftín loinge nó ceann feadhna cogaidh.)

  • laghad (dul i)

Bhí sí (bád) ag éirghe beag is ag éirghe beag go dtí nach raibh ann ach mar bheadh éan ann. (OMS 121)

(Bhí sí (bád) ag éirí beag is ag éirí beag go dtí nach raibh ann ach mar a bheadh éan ann.)

  • leagan (marú)

Go dtuigfeadh sé go mbeadh sé peacach aige sluagh fear a chruinniughadh i gcuideachta a chéile go dtí go leagfaidhe iad mar leagfadh lann speile gasracha coirce lá fóghmhair. (TNT 216)

(Go dtuigfeadh sé go mbeadh sé peacach aige slua fear a chruinniú i gcuideachta a chéile go dtí go leagfaí iad mar a leagfadh lann speile gais choirce lá fómhair.)

  • luas

Roimh cheithre h-uaire fichead bhí sgéal a’ taidhbhse i mbéal gach aon duine sa phobal. Chuaidh sé ó dhuine go duine mar rachadh fallsgaoith i bhfraoch sléibhe i dteasbhach samhraidh. (NA 155)

(Roimh cheithre huaire fichead bhí scéal an taibhse i mbéal gach aon duine sa phobal. Chuaigh sé ó dhuine go duine mar a rachadh fallscaí i bhfraoch sléibhe i dteasbhach samhraidh.)

  • meabhair (gan ~, gan stuaim)

Bhí sé mar bheadh duine ann nach mbéadh meabhair nó stuaim aige. (RF 80)

(Bhí sé mar a bheadh duine ann nach mbeadh meabhair nó stuaim aige.)

  • meabhrú (go domhain ina chroí)

Bhí óig-fhear i n-a shuidhe ar a’ chladach agus a cheann leath-chrom aige, mar bheadh sé a’ meabhrughadh i n-a chroidhe. (OMS 5)(SI 143)

(Bhí ógfhear ina shuí ar an chladach agus a cheann leathchrom aige, mar a bheadh sé ag meabhrú ina chroí.)

  • míshuaimhneas

Tá sé mar bheadh duine ann a mbeadh rud éigin ag ithe an chroidhe as agus nach mbeadh suaimhneas le fagháil aige. (SI 271)

(Tá sé mar a bheadh duine ann a mbeadh rud éigin ag ithe an chroí as agus nach mbeadh suaimhneas le fáil aige.)

  • mothú (as áit)

Tráthnóna Dia Domhnaigh sin a bhí chugainn bhí Cormac ‘Ac Suibhne a’ siubhal cois trágha go fann, mar bheadh roithleach gan snámh ann. (OS 264)

(Tráthnóna Dé Domhnaigh sin a bhí chugainn, bhí Cormac Mac Suibhne ag siúl cois trá go fann, mar a bheadh roilleach gan snámh ann.)

  • mothú (croí)

Bhí sí mar bheadh a croidhe ag innse díthe nárbh é an deagh-sgéala a bhí leis an mhnaoi choimhighthigh seo chuca. (OMS 241)

(Bhí sí mar a bheadh a croí ag inse di nárbh é an dea-scéala a bhí leis an bhean choimhthíoch seo chuca.)

  • múscailt

Bhí sé mar bheadh duine ann a dtarrónaidhe an biorán suain as a cheann, mar a deireadh lucht na sgéalaidheachta. (ST 178)

(Bhí sé mar a bheadh duine ann a dtarraingeofaí an biorán suain as a cheann, mar a deireadh lucht na scéalaíochta.)

  • obair

mar bheadh fear ann a mbéadh obair mhór idir lámha aige. (BF 191)

(…mar a bheadh fear ann a mbeadh obair mhór idir lámha aige.)

  • oideachas (in easnamh)

Ba é an dearcadh a bhí aige gur náire shaoghalta dó a mhac a bheith ag obair i n-Albain mar bheadh fear ann nach bhfuair aon lá sgoile riamh. (SI 243)

(Ba é an dearcadh a bhí aige gur náire shaolta dó a mhac a bheith ag obair in Albain mar a bheadh fear ann nach bhfuair aon lá scoile riamh.)

  • pian

Acht chonnacthas dó go raibh an barra ag éagcaoin go léanmhar, mar bheadh duine ann a bheadh i bpianpháis. (FB 75)

(Ach chonacthas dó go raibh an barra ag éagaoin go léanmhar, mar a bheadh duine ann a bheadh i bpianpháis.)

  • príosún (agus párdún)

Bhí sé mar bheadh fear ann a bheadh i bpríosún agus breith bháis air. h-Innseadh dó nach mbeadh párdún i ndán dó…Agus annsin tháinig oifigeach de chuid a’ phríosúin isteach agus a’ párdún leis! (UB 19–20)

(Bhí sé mar a bheadh fear ann a bheadh i bpríosún agus breith bháis air. Insíodh dó nach mbeadh párdún i ndán dó…Agus ansin tháinig oifigeach de chuid an phríosúin isteach agus an párdún leis!)

  • sásamh (sa tsaol)

Bhí seisean ina luighe ar leabaidh a bhí sa taobh thall den tseomra, agus é ina chodladh go sáimh, mar bhéadh fear ann a bhéadh sásta leis féin agus leis an tsaoghal. (TNT 158)

(Bhí seisean ina luí ar leaba a bhí sa taobh thall den tseomra, agus é ina chodladh go sámh, mar a bheadh fear ann a bheadh sásta leis féin agus leis an tsaol.)

  • snámh (gan stró)

Chaith sé de an gharbh-chuid dá cheirteach agus chuaidh sé i bhfairrge mar bheadh rón ann. (OS 201)

(Chaith sé de an gharbhchuid dá cheirteach agus chuaigh sé i bhfarraige mar a bheadh rón ann.)

  • solas

Bhí mar bhéadh fáinne soluis thart ar an bheirt agaibh. (SU 84)

(Bhí mar a bheadh fáinne solais thart ar an bheirt agaibh.)

  • solas (á chur as)

I gcionn tamaill thoisigh na réalta a chailleadh an tsoluis. Sa deireadh thoisigh siad dh’imtheacht ón spéir, ceann i ndiaidh a’ chinn eile, mar bheadh caisleán ann a mbeadh na soluis dá gcur as ann…(OS 11)

(I gceann tamaill thosaigh na réalta a chailleadh an tsolais. Sa deireadh thosaigh siad a imeacht ón spéir, ceann i ndiaidh an chinn eile, mar a bheadh caisleán ann a mbeadh na soilse á gcur as ann.)

  • stacán (cloiche)

Acht é ina shuidhe annsin mar bheadh stacán cloiche ann, agus é a’ stánadh ar a’ gha gréine a bhí ar bhun an urláir. (CF 137-8)(OS 298)(ST 210)

(Ach é ina shuí ansin mar a bheadh stacán cloiche ann, agus é ag stánadh ar an gha gréine a bhí ar bhun an urláir.)

  • suí (ar bharr na farraige)

‘Do shuidhe annsin agus a’ Spindrift a’ léimnigh ó thuinn go tuinn mar bheadh faoileann ann.’ (SI 40)

(‘Do shuí ansin agus an Spindrift ag léimneach ó thonn go tonn mar a bheadh faoileann ann.)

  • súile

Fear caol árd a bhí ann a raibh ceann dubh gruaige air, fiacla fada geala aige, agus dhá shúil i n-a cheann mar bheadh dhá choinnil ann. (AD 20)

(Fear caol ard a bhí ann a raibh ceann dubh gruaige air, fiacla fada geala aige, agus dhá shúil ina cheann mar a bheadh dhá choinneal ann.)

Focal scoir

Is é a rinneadh san alt seo, athbhreithniú a sholáthar ar an litríocht a bhaineann leo seo: an stíl liteartha i gcoitinne, úsáid teanga agus stíl phearsanta Mháire agus a shárchumas sa Ghaeilge. Léiríodh le samplaí castacht an struchtúir atá i gceist san alt seo agus rangaíodh na samplaí de réir téamaí in ord aibitíreach ó ainmhithe go súile. Tugadh léiriú ar a fheabhas a bhí Ó Grianna mar stílí agus mar cheardaí focal agus díríodh ar an chaint mheafarach i struchtúir éagsúla níos casta ná a chéile ag tosú le ‘mar dhuine/ainmhí/rud ann’ agus ‘mar a bheadh duine/ainmhí/rud ann…’ agus ‘mar a bheadh duine/ainmhí/rud ann a bheadh/nach mbeadh…’.

Is léir go raibh Máire ag díriú ar shúil, ar theanga agus ar chluais an léitheora nuair a d’fhágadh sé an mhír choibhneasta ‘a’ ar lár idir ‘mar’ agus ‘bheadh’ mar shampla, agus nuair a d’úsáideadh sé an litriú ‘a’ /ə/ ar ‘an’ m.sh. a’ bealach agus ar ‘ag’ ‘a’ tarraingt’. Ba mhian leis a insint don léitheoir cad é mar ba chóir a shaothar a léamh, is é sin, mar a léifeadh cainteoir dúchais Gaeilge é. Is as tionscadal taighde ar stíl liteartha Mháire a tarraingíodh ábhar an ailt seo agus mar sin, tá tuilleadh leideanna a thugadh sé uaidh le tabhairt chun solais, agus déanfar sin i monagraf a fhoilseofar gan mhoill.

Roghnaigh Máire gach focal le cúram agus le haird, leathshúil ar chaint a mhuintire mar fhoinse agus an tsúil eile ar fhorbairt a stíle pearsanta féin ina Art Gaelach (Ó Dobhráin, 2018). Léiríonn na samplaí a soláthraíodh anseo nádúr casta na struchtúr atá i gceist agus cuidíonn siad linn a thuiscint gur tobar róshaibhir Gaeilge go fírinneach atá ina shaothar, a bhfuil mórán le rá fós ina thaobh maidir le nádúr, leagan amach agus gaois agus ‘rún’ na Gaeilge (Ó Corráin, 1992; Mac Corraidh, 2025 (le foilsiú)). Is é an rud is measa nach bhfuil an chuid is mó dá shaothar ar fáil fós féin sa litriú úr. Ba chóir na leabhair sin a sholáthar faoi eagarthóireacht thuisceanach, mar a rinneadh leis na cinn a foilsíodh go dtí seo, do léitheoirí óga nach mbeadh sé de chumas iontu litriú réamhchaighdeánach a léamh. Is ansin a thiocfadh leo cuid d’fhíoruisce thobar Mháire, mar atá sna samplaí san alt seo, a bhlaiseadh ar chaoi níos iomláine.

Tagairtí

Abrams, M.H. (1999) [1941] (7th Ed.) A Glossary of Literary Terms. Orlando: Harcourt Brace College Publishers.

Baldick, C. (2015) (4th Ed.) The Oxford Dictionary of Literary Terms. Oxford: Oxford University Press.

Burton, S.H. (1986) [1973] The Criticism of Prose. Essex, England: Longman.

Croft, S. & Cross, H. (1997) Literature, Criticism, and Style. Oxford: Oxford University Press.

Crystal, D. 1994 (1992) An Encyclopedic Dictionary of Language and Languages. London: Penguin Books.

de Blácam, A. (1973) [1929] Gaelic Literature Surveyed. Dublin: The Talbot Press.

Hodgins, T. (2006) Máire: An Fear á Léiriú Féin. BÁC: Coiscéim.

Mac Congáil, N. (eag.) (2010) Mo Dhá Róisín, le Máire. BÁC: Coiscéim.

Mac Corraidh, S. (2025) (le foilsiú) Saothar ‘Mháire’ agus rún na Gaeilge, Gaoth Dobhair: Éabhlóid.

McArthur, T., McArthur, J. Lam, Fontaine, L. (2018) (2nd Ed.) Oxford Companion to the English Language, Oxford: Oxford University Press.

Ó Béarra, F. (2007) ‘Gaeilge Uí Chadhain’, in Ní Earracháin, M. (Eag.) Léachtaí Cholm Cille XXXVII. Maigh Nuad: An Sagart. 103–30.

Ó Cadhain, M. (1969) Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca. BÁC: An Clóchomhar.

Ó Conluain, P. (1992) ‘Saol Corrach Cointinneach’, Mac Congáil, N. (1992) (Eag.) Jonneen Khordaroy Answers Critics. BÁC: Coiscéim. 23–36.

Ó Corráin, A. (1989) A Concordance of Idiomatic Expressions in the Writings of Séamus Ó Grianna. Belfast: Institute of Irish Studies, The Queen’s University of Belfast.

Ó Corráin, A. (1992) ‘Teanga Mháire.’ Mac Congáil, N. (Eag.) Jonneen Khordaroy Answers Critics. BÁC: Coiscéim. 94–107.

Ó Croiligh, O. (2020) An Crith Beo: Scríbhneoireacht Sheosaimh Mhic Grianna. BÁC: Coiscéim.

Ó Doibhlin, B. 1973 Litríocht agus Léitheoireacht. BÁC: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.

Ó Doibhlin, B. (1992) ‘Stíl Scríbhneoireachta Mháire’. Mac Congáil, N. (eag.) Jonneen Khordaroy Answers Back. BÁC: Coiscéim: 85–93.

Ó Doibhlin, D. (1988a) ‘Is cleasach an peata – saothar Shéamais Uí Ghrianna.’ (cuid de shraith dar teideal ‘Is fiú é’). Anois.

Ó Doibhlin, D. (1988b) ‘Saothar Mháire.’ (cuid de shraith dar teideal ‘Is fiú é’). Anois.

Ó Dornáin, C. (2018) Saothar Mháire agus Dúshlán an Fichiú Céad, tráchtas PhD neamhfhoilsithe, Ollscoil Uladh, Béal Feirste.

https://pure.ulster.ac.uk/ws/portalfiles/portal/12686753/Ciar_n_Dorn_in_Trachtas_31.5.18_Irish.pdf

Ó hUrmoltaigh, N. (1974) ‘Úrscéalaíocht na Gaeilge.’ Mac Giolla Chomhaill, A. (eag.) Meascra Uladh, Coiste An tUltach. 97–105.

Ó Muirí, D. (1978) ‘Struchtúr agus téamaí in úrscéalta Mháire.’ Irisleabhar Mhá Nuad: 49–57.

Ó Muirí, P. (1999) A Flight from Shadow: The Life and Work of Seosamh Mac Grianna. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Rabhartaigh, T. (2004) [1928] ‘An greann ag Máire.’ An tUltach, Iml. 5, Uimh. 10–1 agus Mac Giolla Chomhaill, A. (eag.) Meascra Uladh. Dún Geanain., An tUltach: 30–1.

Ó Searcaigh, S. (1934) [1933] ‘Séamus Mac Grianna.’ Nua-sgríbhneoirí na Gaedhilge. Dublin: Brún & Nualláin, Teo.: 115–36; 216–25.

Riggs, P. (1978) Donncha Ó Céileachair. BÁC: Oifig an tSoláthair.

Titley, A. (2002) [1991] An tÚrscéal Gaeilge. BÁC: An Clóchomhar.

Welch, R. (1996) The Oxford Companion to Irish Literature. Oxford: Oxford University Press.

Widdowson, H.G. (1996) Linguistics. Oxford: Oxford University Press.

Williams, J. (1990) Style: Toward Clarity and Grace. Chicago: University of Cicago Press.

Saothar Mháire

AB An Bhratach agus Gearr-Sgéalta Eile, BÁC, Oifig an tSoláthair, 1959

AD An Draoidín, BÁC: Oifig an tSoláthair, 1959

BF Báire na Fola, BÁC: Arlen House, 2023

BRD Bean Ruadh de Dhálach, BÁC: Oifig an tSoláthair, 1966

CD Cioth is Dealán, BÁC: Faoi Chomhartha na dTrí gCoinneal, 1949 (1927)

CDC Castar na Daoine ar a Chéile, BÁC: Coiscéim, 2002 (1915)

CF An Clár is an Fhoireann, BÁC: Oifig an tSoláthair, 1955

CLM Cúl le Muir agus Scéalta Eile, BÁC: Oifig an tSoláthair, 1961

CO Caisleáin Óir, BÁC: Faoi Chomhartha na dTrí gCoinneal, 1938 (1924)

FB Fód a’ Bháis agus Gearr-Sgéalta Eile, BÁC: Oifig an tSoláthair, 1955

FF Feara Fáil, Dún Dealgan: Cló-lucht an Scrúduightheoir, 1933

FS Fallaing Shíoda, BÁC: Oifig an tSoláthair, 1950

LCS Le Clap-Sholus, BÁC: Oifig an tSoláthair, 1967

MDR Mo Dhá Róisín, BÁC: Faoi Chomhartha na dTrí gCoinneal, 1942 (1920)

MR Micheál Ruadh, Béal Feirste: Clódóirí Feirste, 1977 (1925)

NBO Nuair a Bhí Mé Óg, BÁC: Clólucht an Talbóidigh Teo., 1942

NA Ó Neamh go hÁrainn, BÁC: Oifig an tSoláthair, 1953

OMS Ó Mhuir go Sliabh, BÁC: Oifig an tSoláthair, 1961

OS Oidhche Shamhraidh agus Scéalta Eile, BÁC: Oifig an tSoláthair, 1968

RF Rann na Feirste, BÁC: An Press Náisiúnta, 1942

SC Saoghal Corrach, BÁC: An Press Náisiúnta, 1945

SI Suipín an Iolair, BÁC: Oifig an tSoláthair, 1962

ST An Sean-Teach, BÁC: Oifig an tSoláthair, 1968

SU Scéal Úr agus Sean-Scéal, BÁC: Oifig an tSoláthair, 1952 (1945)

TDC Thiar i dTír Chonaill, BÁC: Faoi Chomhartha na dTrí gCoinneal, 1940

TM Tarngaireacht Mhiseóige, BÁC: Oifig an tSoláthair, 1953

TNT An Teach nár Tógadh agus Scéalta Eile, BÁC: Oifig an tSoláthair, 1948

TT Tráigh is Tuile, BÁC: Oifig an tSoláthair, 1955

UB Úna Bhán agus Scéalta Eile, BÁC: Oifig an tSoláthair, 1962