DOI: https://doi.org/10.13025/29623

An bhfuil éinne fós ag iarraidh freastal ar léachtaí? Tuairimí mac léinn faoi thodhchaí léachtaí in ollscoileanna in Éirinn

(Foilsíodh leagan Béarla den alt seo in Irish Educational Studies, 1–19. https://doi.org/10.1080/03323315.2025.2453737)

Réamhrá

Tá léachtaí mar chuid de thraidisiún na hollscoile le breis is ocht gcéad bliain (Friesen, 2014), agus is gné lárnach den chur chuige teagaisc iad san ollscoil i nach mór chuile dhisciplín. Cé go mbíonn bealaí éagsúla ag léachtóirí chun léacht a reáchtáil, go traidisiúnta, is cineál cumarsáide aontreo a bhíonn i gceist le léachtaí, de ghnáth, ina mbíonn caint gan bhriseadh ó léachtóir agus lucht éisteachta éighníomhach (Bligh, 2000; Twigg, 1999). Sa mheánaois, d’úsáidtí léachtaí mar mhodh teagaisc coitianta, mar go mbíodh leabhair gann agus costasach (Evans, 2022). Mar sin féin, tá an léacht ar cheann de na cuir chuige is mó úsáide san ardoideachas in ainneoin theacht chun cinn teicneolaíochtaí nua agus athruithe ar oideolaíochtaí. Ach, le blianta beaga anuas tá treocht ag fás in ollscoileanna i dtreo na foghlama cumaisc agus teagasc ar an gcampas tacaithe ag Timpeallachtaí Fíorúla Foghlama (TFF), uirlisí amhail taifeadadh ar léachtaí agus córais bhainistíochta foghlama (Robson et al., 2022). Bhrostaigh an phaindéim Covid-19 luas an athraithe seo nuair a cuireadh iallach ar ollscoileanna teagasc a dhéanamh ar líne. I ndiaidh na paindéime, tá go leor Institiúidí Ardoideachais ag ceistiú arís áit na léachta ar an gcampas san oideachas Tríú Leibhéal, agus tá go leor institiúidí ag roghnú curaclaim chumaisc agus léachtaí ar líne. Go deimhin, sa ré iar-Covid, tá fianaise ann ar laghdú ar thinreamh agus ar rannpháirtíocht i léachtaí móra (Uekusa, 2023; Wyatt, 2023). Mar oideachasóirí, tá dualgas orainn inmhianaitheacht agus tairbhe léachtaí sa todhchaí a cheistiú. Chomh maith leis sin, caithfear an cheist a chur: an bhfeiceann mic léinn féin aon luach sa ghné seo dá n-oideachas?

Tá an staidéar seo bunaithe ar thuairimí mac léinn maidir le todhchaí na léachta i gcomhthéacs an Ardoideachais in Éirinn agus go háirithe i réimse na nDán, céim atá fós ina rogha an-choitianta in Éirinn. Is é aidhm an staidéir ná a fháil amach ar dtús, an bhfuil mic léinn fós ag iarraidh freastal ar léachtaí ar an láthair agus an gceapann siad go bhfuil siad úsáideach, agus ar an dara dul síos, cén chaoi ar féidir an taithí foghlama seo a fheabhsú dóibh? Pléifear an léacht hibrideach chomh maith, mar rogha eile atá ag mic léinn sa lá atá inniu ann. Is éard atá i gceist le léacht hibrideach sa stáidéar seo ná léacht a ndéantar é a beoshruthú.

Cúlra

Tá díospóireacht fhorleathan déanta ar úsáid agus éifeachtacht na léachta i litríocht acadúil le blianta fada (Bligh, 2000; Friesen, 2014). Cé go gceistíonn roinnt staidéar luach na léachta mar thaithí teagaisc agus foghlama, cuireann cinn eile béim ar acmhainneacht dhearfach na léachtaí agus bealaí a aimsiú chun an taithí foghlama a chuireann léachtaí ar fáil a fheabhsú. Tá na staidéir seo go léir bunaithe ar an smaoineamh gur cineál spáis í an léacht inar féidir foghlaim fhiúntach a chothú. Tá coincheap an spáis coitianta i ndisciplíní amhail ailtireacht, tíreolaíocht agus fealsúnacht, ach cuireann Wong (2024) béim ar an tábhacht a bhaineann le spás a mheas i gcomhthéacs an Ardoideachais. Míníonn sé nach dtagraíonn spás do spásanna fisiciúla agus campais amháin, ach freisin do spásanna digiteacha, líonraí sóisialta agus cleachtais chultúrtha laistigh d’institiúidí Ardoideachais. Nuair a labhraítear faoin léacht mar spás, táthar, mar sin, ag smaoineamh ní hamháin ar an spás fisiciúil ina dtarlaíonn sé, ach freisin ar conas a oibríonn sé mar spás ina dtarlaíonn foghlaim agus idirghníomhú sóisialta.

Díospóireachtaí maidir le tairbhe na léachta

Cé go luaitear go minic gur buntáiste é nádúr costéifeachtach an teagaisc i ngrúpaí móra (Roberts 2019), ceistíonn staidéir amhaill ceann Wieman (2017), mar shampla, an gá atá le hallaí léachtaí sa chéad áit. Déantar cáineadh go minic ar an bhformáid teagaisc seo mar go gcruthaíonn sé mothúcháin dínasctha agus anaithnideachta i measc na mac léinn. Maíonn Bligh (2000) agus Wieman (2017) gur timpeallacht foghlama neamhéifeachtach í an léacht thraidisiúnta, a spreagann freagairt éighníomhach ó fhoghlaimeoirí. Dar le Bligh (2000), cé go bhfuil léachtaí éifeachtach chun eolas a scaipeadh, níl siad éifeachtach chun mic léinn a spreagadh chun smaoinimh. Léiríonn staidéir amhail ceann Lawrence (2019) go mothaíonn mic léinn go minic anaithnid i gcomhthéacsanna le grúpaí móra, rud is féidir a bheith ina chúis leis an dínascadh, easpa spreagtha agus tinreamh íseal. Feictear na saincheisteanna céanna seo i staidéir ar thuairimí teagascóirí a bhíonn ag streachailt le freastal ar riachtanais éagsúla na mac léinn i ranganna móra (Bligh, 2000). Is féidir le nádúr neamhphearsanta na léachtaí móra cur isteach ar chumas teagascóirí mic léinn atá ag streachailt a aithint agus cabhrú leo. Is féidir leis an easpa idirghníomhaithe idir teagascóirí agus mic léinn a bheith mar chúis le baic rannpháirtíochta mar gur féidir le líon mór daoine sa rang cosc a chur ar rannpháirtíocht na mac léinn mar gheall ar eagla labhairt os comhair lucht féachana mhóir nó an tuairim nach bhfuil an méid atá le rá acu luachmhar (Meguid & Collins 2017). Is feiniméan é seo a mhéadaítear nuair a thugtar léachtaí sa sprioctheanga i modúil teanga iasachta.

Maítear freisin go dtugann léachtaí móra torthaí acadúla éagsúla. Molann Biggs & Tang (2003) agus Zimmerman (2002) araon go bhféadfadh teagasc grúpa mhóir a bheith níos oiriúnaí d’fhoghlaimeoir neamhspleách, féinstiúrtha, agus go mbeadh deacrachtaí ag mic léinn nach mbeadh chomh spreagtha céanna. Go deimhin, is minic a fheictear gurb é méid an ranga an príomhbhac ar an bhfoghlaim. Tá nasc idir na deiseanna laghdaithe chun aiseolas agus idirghníomhú a chur ar fáil mar gheall ar mhéid an ranga agus feidhmíocht acadúil níos ísle (Hattie, 2008). Cé go bhfuil sé lasmuigh de scóip an staidéir seo scrúdú a dhéanamh ar an nasc idir feidhmíocht acadúil agus léachtaí móra, tá sé tábhachtach mar sin féin a admháil go bhfuil taighde ann a thugann le tuiscint gur féidir rang mór a cheangal le torthaí acadúla níos ísle.

Acmhainneacht dhearfach léachtaí ar an láthair

In ainneoin díospóireachtaí forleathana mar a phléitear thuas, áfach, maireann an léacht thraidisiúnta go fóill. Glacann go leor léachtóirí leis an ngá a bhaineann le léachtaí mar gheall ar líon mór mac léinn agus srianta airgeadais (Bligh, 2000). Mar sin féin, áitíonn Ashwin et al. (2020) gur féidir linn déanamh níos fearr trí mhachnamh a dhéanamh ar an acmhainneacht dhearfach atá ag na ranganna móra seo. Ní mór dúinn a mheas go dtairgeann siad cineál difriúil idirphlé agus foghlama, seachas foirm níos laige foghlama (McArthur & Huxham, 2013).

Le blianta beaga anuas, tá corpas suntasach taighde ar an bhfoghlaim mac léinn-lárnach a théann i ngleic le héighníomhaíocht na mac léinn trí bhealaí a aimsiú le mic léinn a bheith rannpháirteach go gníomhach ina bhfoghlaim, chomh maith le bealaí do mhúinteoirí próiseas foghlama níos fiúntaí a dhearadh agus a chur chun cinn (Hoidn, 2017; Weimar, 2013; Wright, 2011). Thar aon rud eile, cuireann taighde ar an bhfoghlaim mac léinn-lárnach béim ar thábhacht ról na mac léinn maidir le cleachtas, curaclam, agus ábhar (Lee & Hannafin, 2016). Tá teicnící amhail teagasc piaraí, tascanna aonair agus grúpa sa rang, measúnú foirmitheach, tráthanna na gceist, foghlaim fadhb-bhunaithe, ‘smaoinigh-péireáil-roinn’, malairt foghlama agus córais freagartha lucht féachana mar bhunús le roinnt staidéar, a thugann le tuiscint gur féidir leo rannpháirtíocht mac léinn a mhéadú agus an taithí foghlama laistigh den léacht a fheabhsú. Mar shampla, tá ailt foilsithe ag an bhfisiceoir, Mazur, san oideachas eolaíochta ar theicnící chun mic léinn a spreagadh le linn léachtaí, ina measc úsáid teagasc piaraí agus clicirí (Mazur, 1997; 2009). Tá obair déanta ag Tormey & Henchy (2008) freisin chun léachtaí a athshamhlú ag úsáid físeáin ghearra ag tús an ranga chun smaointe a chur i láthair agus an chuid eile den am a chaitheamh ar thascanna aonair agus grúpa. Is minic a mholtar foirmeacha foghlama gníomhaí, cosúil le foghlaim bunaithe ar fhadhbanna agus ‘smaoinigh-péireáil-roinn’ mar bhealaí chun mic léinn a spreagadh le páirt ghníomhach a ghlacadh sa rang, agus ag an am céanna a dtuiscint ar shaincheisteanna níos casta a fheabhsú. Ina theannta sin, moladh malairt foghlama mar chur chuige. Is samhail oideolaíoch é seo ina dtugtar teagasc díreach lasmuigh den seomra ranga, rud a chiallaíonn go bhfuil níos mó ama ar fáil do phlé níos doimhne agus comhoibriú piaraí sa rang féin (Francl, 2014). Ina theannta sin, léiríonn Entwistle (2018) go soiléir go bhfuil tionchar domhain ag an measúnú ar na bealaí a dtéann mic léinn i ngleic lena bhfoghlaim agus moltar measúnú foirmitheach rialta i ngrúpaí móra mar bhealach éifeachtach chun rannpháirtíocht a chothú (Black & Wiliam, 1998). Mar sin féin, léiríonn Evans (2013) go gcaithfidh measúnú, bíodh sé foirmitheach nó suimitheach, mic léinn a spreagadh agus a chumasú chun dul i ngleic leis an bhfoghlaim, agus áitíonn Man Sze Lau (2016) go gcaithfidh an measúnú suimitheach agus foirmitheach a bheith nasctha lena chéile, agus leis an timpeallacht foghlama agus teagaisc iomlán. Ina theannta sin, áitíonn sí go gcaithfidh mic léinn a bheith rannpháirteach go gníomhach ina gcuid foghlama féin agus gurb é ról na n-oideachasóirí ná timpeallacht mar sin a chruthú leis an measúnú suimitheach agus foirmitheach araon ag imirt ról lárnach.

Tá na teicnící thuasluaite bunaithe ar úsáid uirlisí nó gníomhaíochtaí éagsúla chun idirghníomhaíocht a spreagadh laistigh den léacht, idir na mic léinn féin nó leis an léachtóir. Cuireann Ashwin et al. (2020, 161) béim ar an tslí ina dtacaíonn cuid mhór den smaointeoireacht chomhaimseartha i dteoiric oideachais leis an smaoineamh gur gníomhaíocht shóisialta í an fhoghlaim, go dtarlaíonn na heispéiris foghlama is éifeachtaí trí idirghníomhú le daoine eile. Cé gur féidir a áitiú gur spás deacair í an léacht chun idirghníomhaíocht a spreagadh, is cinnte gur féidearthacht í, mar a léiríonn na staidéir thuas. Má bhíonn gníomh sóisialta bainteach leis an bhfoghlaim, is spás tábhachtach é an léacht, spás ina gcothaítear an idirghníomhaíocht, is spás sóisialta é. Cuireann Ludvigsen et al. (2019) béim ar an ngá seo le breathnú ar an léacht mar spás sóisialta, chun spásanna idirphlé a oscailt i léachtaí chun idirghníomhaíocht idir mic léinn féin agus léachtóirí a éascú.

Chun rannpháirtíocht mac léinn a éascú, a spreagadh agus chun timpeallachtaí foghlama a chruthú, ba cheart don seomra ranga a bheith ina spás sábháilte (William & Quaid, 2023). Go deimhin, tá aird nach beag léirithe ar an seomra ranga ollscoile mar ‘spás sábháilte’ don fhoghlaim i litríocht oideolaíoch le déanaí a mhaíonn go bhfuil ‘sábháilteacht’ riachtanach don fhoghlaim is fearr (Callan, 2016; Harless, 2018; Holley & Steiner, 2005; Russell & Jarvis, 2019). Cé go bhfuil sé deacair coincheap an ‘spáis shábháilte’ a shainmhíniú, míníonn Holley & Steiner (2005) go léiríonn seomra ranga sábháilte áit inar féidir le mic léinn iad féin a chur in iúl gan bhac, páirt a ghlacadh agus smaointe a roinnt. Tagann an smaoineamh faoin léacht mar spás sóisialta agus spás sábháilte chun cinn go minic inár n-anailís.

Córais freagartha lucht féachana (ARS) agus Vevox

Is cur chuige teicneolaíoch eile iad córais freagartha lucht féachana nó clicirí, mar a thugtar orthu go coitianta, faoina maítear go gcuireann siad go mór le rannpháirtíocht na mac léinn i léachtaí móra. I dtosach, ba ghléasanna meicniúla simplí iad seo a dáileadh ar mhic léinn sa halla léachta, nó ar feadh tréimhse modúil, agus ní raibh siad in ann ach raon freagraí bunúsacha a chur ar fáil. Úsáideadh iad chun pobalbhreith nó vótáil agus ceisteanna simplí den chineál tá/níl a dhéanamh. Rinneadh forbairt orthu de réir a chéile le bheith comhtháite go fisiciúil i hallaí léachta áirithe, agus anois le teacht teicneolaíochtaí na bhfón cliste is féidir iad a úsáid go héasca chun ligean do mhic léinn aiseolas fíor-ama a thabhairt agus dul i ngleic leis an ábhar ar bhealach níos idirghníomhaí. Ciallaíonn sé seo freisin nach bhfuil costas i gceist chun ‘clicirí’ fisiciúla a cheannach, cé go gcaithfear an bogearra a cheannach fós. Tá raon cumais na gcóras freagartha lucht féachana nua-aimseartha leathnaithe go mór agus anois cuimsíonn sé i bhfad níos mó solúbthachta don teagascóir in ullmhú agus múineadh ranga.

Tá roinnt torthaí dearfacha maidir le húsáid na gcóras seo léirithe sa litríocht (Dean et al., 2016; Mantai & Huber, 2021; Hunsu et al., 2015; Kay & LeSage, 2009; Quinlan, 2019; Shapiro et al., 2017). Tá sé seo úsáideach chun go leor de na gníomhaíochtaí foghlama a luadh níos luaithe a chur i bhfeidhm go háirithe, amhail an measúnú foirmitheach agus ‘smaoinigh-péireáil-roinn’ (Wood, 2020). Ligeann an t-aiseolas láithreach a fhaigheann an teagascóir do choigeartú deacrachta ranga bunaithe ar fheidhmíocht, is féidir le mic léinn ábhair imní a ardú nó ceisteanna faoi shaincheisteanna níos casta a chur go hanaithnid, is féidir na saincheisteanna seo a phlé tuilleadh agus mar sin tuiscint níos fearr a chur chun cinn. Léiríonn staidéir gur spreag úsáid ARS (Córais freagartha lucht féachana) rannpháirtíocht mac léinn, mar go raibh siad in ann páirt a ghlacadh gan eagla breithiúnais, gné atá cumasaithe ag anaithnideacht an chórais. Léiríodh freisin gur chuir an córas leis an spreagadh mar gur aistríodh mic léinn ó ról éighníomhach go ról gníomhach sa seomra ranga. Mar shampla, léiríonn Ashwin et al. (2020: 264) nuair a fhéachaimid, mar léachtóirí, timpeall ar amharclann léachta, go bhfeicfimid go leor mac léinn atá gníomhach, ní hé sin le rá go bhfuil siad ag éisteacht leis an léachtóir. Déanann siad cur síos ar fhorleithne fóin phóca agus gléasanna eile mar rud a chruthaíonn saghas ‘crónán faoi thalamh gníomhaíochta’ le foirmeacha éagsúla malartaithe shóisialta agus idirphlé ag tarlú sa seomra. Is acmhainneacht é seo ar féidir í a úsáid trí ligean do mhic léinn páirt a ghlacadh ar bhealaí éagsúla ag baint úsáid as bogearraí amhail  Vevox, atá ar fáil le blianta beaga anuas. Mar shampla, ceadaíonn córais vótála áirithe anaithnideacht i suíomhanna móra ach spreagann siad féinmhachnamh agus idirphlé le piaraí (Game & Metcalf, 2009; Mazur, 1997).

Go dtí le déanaí, bhí an costas ar cheann de phríomh-mhíbhuntáistí an chórais, ach tá sé seo imithe le teacht theicneolaíocht na bhfón cliste. Baineann an dara ceist le húsáid éifeachtach ARS, mar go dteastaíonn comhtháthú machnamhach sa léacht le bheith rathúil. Tá sé maoithe gur féidir leis a bheith am-íditheach do theagascóirí ceisteanna a dhearadh a spreagann smaointeoireacht chriticiúil, agus atá ailínithe le cuspóirí foghlama (Marty et al., 2022). Cuireadh an méid seo san áireamh agus úsáideadh Vevox go cúramach sa staidéar seo, ag baint úsáid as ceisteanna a dhearadh chun mic léinn a spreagadh le machnamh criticiúil a dhéanamh ar ábhar an mhodúil (i mBlianta a Dó agus a Trí) nó chun dul i ngleic le gnéithe praiticiúla den fhoghlaim teanga (Bliain a hAon).

Cé go léiríonn an taighde na fadhbanna éagsúla a bhaineann le léachtaí agus a dteorainneacha mar thaithí foghlama, tá saibhreas taighde ann freisin, a fhéachann le hathshainiú a dhéanamh ar an léacht thraidisiúnta, le gníomhaíochtaí agus teicneolaíochtaí a úsáid, a chuireann rannpháirtíocht mac léinn chun cinn chun coincheap na léachta a leasú do churaclam nua-aimseartha. An féidir mar sin leis an léacht thraidisiúnta ról leanúnach a imirt san ardoideachas? Tá sé mar aidhm ag an staidéar seo fáil amach, ar an gcéad dul síos, an mian le mic léinn fós léachtaí a bheith mar chuid dá dtaithí foghlama san ardoideachas agus, ar an dara dul síos, cén chaoi, dar leo, ar féidir linn mar léachtóirí an taithí léachta a fheabhsú dóibh? Is é cleachtas inár n-ollscoil féin sa todhchaí a threorú aidhm an staidéir seo agus tá súil againn, freisin, go gcabhróidh foilsiú an ailt seo le cleachtais teagaisc in institiúidí Ardoideachais eile in Éirinn.

Ábhair agus Modhanna

Rinneadh an staidéar le linn na bliana acadúla 2023 agus sular tosaíodh an staidéar seo, lorgaíodh agus bronnadh cead ó Choiste Eitice Ollscoil na Gaillimhe. Níor tástáladh uirlisí taighde mar gur measadh go raibh na treoirlínte a leag an coiste amach soiléir go leor chun ligean dúinn staidéar comhleanúnach agus eiticiúil a dhéanamh. Cloíodh go docht le gach treoirlíne a leag an coiste amach le linn an staidéir.

Chomhlánaigh seachtó a seacht mac léinn fochéime sna Dána in Ollscoil na Gaillimhe a bhí ag foghlaim na Fraincise an ceistneoir. Bhí daichead is a haon de na rannpháirtithe seo sa Chéad Bhliain, fiche sa Dara Bliain agus sé déag sa Bhliain Deiridh (féach Graf 1). Ó tharla go raibh dhá chéad is a trí mac léinn ag staidéar na Fraincise ag an am, léiríonn na torthaí 38% den chohórt seo de mhic léinn sna Dána. Thairg trí mhac léinn déag páirt a ghlacadh sa ghrúpa fócais. Bhí taithí dhifriúil ag na mic léinn seo ar léachtaí. Ag brath ar an mbliain staidéir, bhí idir 50 agus 100 mac léinn sa seomra léachta. Ag brath ar an dara agus an tríú hábhar a bhí acu, bhí taithí ag cuid acu ar sheimineáir / ranganna teagaisc chomh maith. Den chuid is mó, is léachtaí ar an láthair a bhí acu. Bhí taithí ag cuid de na mic léinn ar léachtaí hibrideacha, ach níor bhain eispéireas gníomhach leo siúd. Dhírigh na taighdeoirí ar an eispéireas a bhí ag mic léinn ar an léacht ar an láthair den chuid is mó.

Graf 1: An líon rannpháirtithe a chomhlánaigh an ceistneoir, agus an briseadh síos de réir bliana

Cur chuige modhanna measctha

Don staidéar seo, úsáideadh cur chuige modhanna measctha, ag meascadh ceistneoirí mac léinn le ceisteanna dúnta agus oscailte, mar aon le grúpa fócais chun sonraí a bhailiú agus a mheas. Measadh go gcuirfeadh an cur chuige seo ar ár gcumas sonraí treochtaí leathana a fháil maidir le todhchaí na léachta móire, ach freisin mionsonraí taighde cáilíochtúil chun tuairimí na mac léinn a scrúdú agus a dhearbhú. Is é príomhbhuntáiste an mhodha seo ná tuiscint níos doimhne agus dearbhú fhreagraí na mac léinn a éascú (Johnson et al., 2007), agus bailíocht na sonraí a bailíodh a mhéadú (Zohrabi, 2013). I gcur chuige modhanna measctha, is féidir leis an ualú a thugtar do chur chuige cainníochtúil agus cáilíochtúil athrú (Lund, 2012) agus sa staidéar seo, tá ualú níos láidre ag modhanna cáilíochtúla ná cainníochtúla chun an deis is mó a thabhairt do rannpháirtithe a gcuid tuairimí a mhíniú. Mar sin, táthar ag súil go dtugann ár n-anailís léargas cuimsitheach ar na smaointe a chuir na rannpháirtithe in iúl.

Rannpháirtithe

Is mic léinn sna Dána ón gCéad go dtí an Bhliain Deiridh atá ag staidéar na Fraincise le hábhair Dán eile atá sa chohórt mac léinn sa sampla staidéir seo. Roghnaíodh na mic léinn seo mar go raibh an bheirt phríomhthaighdeoirí ag múineadh na ngrúpaí seo agus mar sin bhí rochtain acu ar an gcohórt. Ina theannta sin, d’úsáid an bheirt phríomhthaighdeoirí Vevox leo i rith na bliana acadúla. Tugadh cuireadh trí ríomhphost mar sin do gach mac léinn a bhí ag staidéar na Fraincise mar chuid dá gcéim sna Dána ceistneoirí anaithnide a chomhlánú tar éis an ranga agus páirt a ghlacadh i ngrúpa fócais 30 nóiméad ar bhonn deonach. Tugadh foirmeacha toilithe agus ráitis i dteanga shimplí do gach mac léinn a chomhlánaigh an ceistneoir, agus dáileadh foirmeacha toilithe agus ráitis teanga shimplí ar an gcaoi chéanna ar gach mac léinn a ghlac páirt sa ghrúpa fócais. Is i mBéarla a bhí na foirmeacha go léir agus i mBéarla a reáchtáladh an grúpa fócais; mar sin, is aistriúcháin a rinneadh chun críche an ailt seo atá in aon aiseolas a phléitear anseo.

Bailiú Sonraí

Dearadh Cuid a hAon den cheistneoir chun eolas cúlra a bhailiú maidir le taithí na mac léinn ar an léacht grúpa mhóir. Iarradh orthu an fhormáid is fearr leo le haghaidh léachtaí a rangú ar scála óna haon go dtí a trí agus ansin iarradh orthu i gceist oscailte cúis a thabhairt leis an rogha seo. D’iarr Cuid a Dó den cheistneoir ar mhic léinn cur síos a dhéanamh ar a dtinreamh ar léachtaí ar an láthair ar scála rangaithe cúig phointe ó 0–29% go 90–100%. Tugadh cuireadh dóibh freisin aon chúiseanna a bhain le teagasc agus foghlaim a mhínigh a leibhéal tinrimh ar léachtaí ar an láthair a roinnt i gceist oscailte. Dhírigh Cuid a Trí ar an mbogearra Vevox, ag iarraidh orthu a léiriú ar scála Likert ceithre phointe ó ‘gan a bheith cabhrach ar chor ar bith’ go ‘an-chabhrach’ a mhéid a mhothaigh siad gur chuir/nár chuir an bogearra seo lena dtaithí ar léachtaí. D’iarr ceist oscailte a lean orthu a bhfreagra a mhíniú agus d’iarr ceist oscailte deiridh orthu an raibh gníomhaíochtaí/teicnící foghlama eile ann, a tháinig siad trasna orthu ina léachtaí, a mhothaigh siad, a chuir lena dtaithí. Thug cuid deiridh an cheistneora cuireadh do rannpháirtithe liosta a dhéanamh de na príomhbhuntáistí agus míbhuntáistí a mheas siad a bhain le léachtaí ar an láthair, agus d’fhiafraigh sí díobh freisin an raibh siad den tuairim gur cheart don léacht ar an láthair leanúint ar aghaidh mar chuid den ardoideachas trí thic a chur le ‘Tá’, ‘Ní’ nó ‘Níl mé cinnte’ i gceist rogha seasta. Mar fhocal scoir, tugadh cuireadh do mhic léinn i gceist oscailte moltaí a thabhairt maidir le conas a d’fhéadfadh léachtóirí a dtaithí ar an léacht thraidisiúnta a fheabhsú.

Cé go raibh ceisteanna dúnta agus oscailte sa cheistneoir, an cleachtas is fearr, a mheastar, chun ligean do cheisteanna feidhmiú níos fearr le chéile (Zohrabi, 2013), ba cheisteanna oscailte iad formhór na gceisteanna a cuireadh. Cé gur féidir a rá go spreagann ceisteanna oscailte sonraí atá níos deacra a chainníochtú agus a anailísiú (Alderson & Scott, 1996), tá sé cinnte go léiríonn siad níos cruinne an méid atá le rá ag an bhfreagróir (Nunan, 1999) agus cuireann Harland & Holey (2011) béim ar chumas na gceisteanna oscailte sraith bhreise sonraí níos saibhre a sholáthar. Ós rud é go bhfuil an staidéar seo bunaithe ar thaithí na mac léinn ar an léacht thraidisiúnta, theastaigh uainn gach deis a thabhairt dóibh a bpeirspictíochtaí féin a sholáthar seachas freagra a thabhairt ar shraith roghanna réamhchinntithe. Bhraitheamar go nochtfadh an cur chuige seo gnéithe dá n-eispéireas foghlama nár clúdaíodh le roghanna seasta agus ligfeadh sé dúinn chomh maith réimsí spéise a aithint le hiniúchadh sa ghrúpa fócais.

Riaradh an ceistneoir i bhfoirm páipéir sa seomra léachta. Tugadh cuireadh do mhic léinn a bhí sásta páirt a ghlacadh sa staidéar fanacht ag deireadh a léachta chun an ceistneoir a chomhlánú. Níor leagadh aon teorainn ama ar chomhlánú an cheistneora, ach chaith formhór na mac léinn thart ar 15 nóiméad ag comhlánú a bhfreagraí. Tionóladh an grúpa fócais le linn seisiún 30 nóiméad le duine de phríomhthaighdeoirí an staidéir seo. Tugadh cuireadh do mhic léinn a dtuairimí a roinnt faoin léacht thraidisiúnta in agallamh grúpa leathstruchtúrtha. Roghnaíodh an fhormáid seo mar nach bhfuil an t-agallamh leathstruchtúrtha ródhocht ná ró-oscailte agus ligeann sé do shonraí ábhartha a fháil ó na hagallaithe (Zohrabi, 2013). Bhí sé mar aidhm ag an seisiún seo roinnt de na pointí a aithníodh i réamhanailís an cheistneora a iniúchadh níos doimhne agus roinnt de na torthaí tosaigh seo a dhearbhú. Ag tús an tseisiúin, tugadh cuireadh do mhic léinn labhairt go saor agus a bheith oscailte agus macánta. Níor cuireadh aon cheisteanna iolracha ná treoracha, chun mearbhall a sheachaint agus gan na hagallaithe a threorú (Merriam, 1998). Ina áit sin, iarradh ar an ngrúpa a dtuairimí a roinnt maidir lena dtaithí ar an léacht thraidisiúnta, conas a bhraith siad a d’fhéadfaí an t-eispéireas foghlama a fheabhsú agus ar bhraith siad gur chuid lárnach dá n-oideachas ollscoile í. De réir mar a ardaíodh pointí nó saincheisteanna éagsúla, tugadh cuireadh do mhic léinn forbairt a dhéanamh orthu. Ceapadh na ceisteanna go cúramach chun claontacht a sheachaint. D’fhorbair an plé ar bhealach nádúrtha agus neamhfhoirmiúil agus bhí an t-éascaitheoir cúramach gan aon tuairim a nochtadh faoi na tráchtanna a rinneadh. Rinneadh taifeadadh fuaime ar an seisiún le toiliú na mac léinn.

Anailís Sonraí

Rinneadh anailís ar dtús ar na sonraí cainníochtúla ón gceistneoir chun an fhormáid is fearr leis na rannpháirtithe do léachtaí, leibhéal tinrimh ag léachtaí, a mhéid a bhraith siad gur chuir an bogearra Vevox feabhas ar a n-eispéireas agus ar bhraith siad gur cheart don léacht leanúint ar aghaidh mar chuid den ardoideachas a aithint. Úsáidtear céatadáin agus graif chun na sonraí ó na ceisteanna dúnta a chur i láthair. Rinneadh staidéar cúramach ansin ar na sonraí cáilíochtúla ó na ceisteanna oscailte sa cheistneoir agus ón ngrúpa fócais agus roinneadh iad ina gceithre rannóg sa chuid thíos bunaithe ar théamaí leathana a d’eascair as an anailís. Cuirtear sonraí cáilíochtúla i láthair i bhformáid níos tuairisciúla, ag léiriú treochtaí i bhfreagraí rannpháirtithe agus ag úsáid samplaí ó na sonraí a gineadh.

Torthaí agus Plé

Tá na torthaí a chuirtear i láthair agus a phléitear thíos bunaithe ar sna sonraí cainníochtúla a bailíodh ón gceistneoir agus na sonraí cáilíochtúla a bailíodh ón gceistneoir agus ón ngrúpa fócais araon. Cuireann an chéad chuid na torthaí ó na sonraí cainníochtúla a bailíodh i láthair, agus déanann an dara cuid iniúchadh ar na torthaí ó na sonraí cáilíochtúla a ndearnadh anailís orthu.

Sonraí Cainníochtúla

Dearadh ceithre cheist sa cheistneoir chun sonraí cainníochtúla a fháil bunaithe ar cheithre phríomhghné sa staidéar.

Mar a léiríonn an tábla thíos, cuireann na torthaí an léacht ar an láthair chomh maith leis an léacht hibrideach chun tosaigh go mór mar an rogha is fearr leis na mic léinn. Ós rud é go bhfuil an léacht thraidisiúnta mar chuid den léacht hibrideach le rogha sruthaithe, is léir láithreach go bhfuil léachtaí ar an lathair an-tarraingteach i measc na mac léinn. Chomh maith leis sin, tá sé spéisiúil nár roghnaigh oiread agus mac léinn amháin an léacht ar líne.

Graf 2: An fhormáid is fearr le mic léinn le haghaidh léachtaí

In ainneoin go léiríonn siad tosaíocht do léachtaí hibrideacha, taispeánann Graf 3 go raibhos cionn 77% de mhic léinn ag freastal ar níos mó ná 70% dá gcuid léachtaí ar an láthair.

Graf 3: Tinreamh ar léachtaí ar an láthair

Bhí na freagraí maidir le húsáid an bhogearra Vevox dearfach chomh maith, agus níor léirigh ach 1% de na mic léinn nár bhain siad tairbhe as.

Graf 4: Torthaí dearfacha maidir le húsáid an bhogearra Vevox

Ar deireadh, nuair a fiafraíodh de mhic léinn ar bhraith siad gur cheart don léacht thraidisiúnta leanúint ina cuid den ardoideachas, ba é ‘sea’ an freagra dearfach, agus 100% de na mic léinn ag ticéail an bhosca seo.

Mar sin, léiríonn na sonraí cainníochtúla a gineadh an léacht thraidisiúnta mar eispéireas a bhfuil luach ag mic léinn air agus léiríonn sé chomh maith go bhfuil tionchar dearfach ag bogearraí ar nós Vevox ar eispéireas foghlama na mac léinn. Déanann na sonraí cáilíochtúla a bailíodh tríd an gceistneoir agus an grúpa fócais araon scrúdú ar na cúiseanna is bunús le rogha na mac léinn maidir leis an léacht thraidisiúnta agus déanann sé iniúchadh níos doimhne ar conas is féidir an t-eispéireas foghlama seo a fheabhsú dóibh.

Sonraí Cáilíochtúla

Tá torthaí ó na sonraí cáilíochtúla roinnte sna ceithre rannóg seo a leanas bunaithe ar na téamaí leathana a d’eascair ón anailís: dearcthaí dearfacha ar an léacht thraidisiúnta; gnéithe diúltacha den léacht thraidisiúnta; tionchar bhogearraí ar eispéireas foghlama na mac léinn; conas is féidir an t-eispéireas foghlama a fheabhsú sa todhchaí.

Dearcthaí dearfacha ar an léacht thraidisiúnta: an léacht mar spás sóisialta

Chuir na chéad torthaí ó na sonraí cainníochtúla an léacht hibrideach agus thraidisiúnta chun tosaigh go mór mar an rogha is fearr ag na mic léinn agus an léacht thraidisiúnta mar eispéireas ar mhian le mic léinn a choinneáil sa todhchaí. Nuair a rinneadh iniúchadh ar na cúiseanna leis an bhfreagra seo, tháinig dhá phríomhghné chun cinn; bhain an chéad cheann leis an léacht mar spás sóisialta, agus an dara ceann leis an léacht mar spás foghlama.

An léacht mar spás sóisialta

I gcuid deiridh an cheistneora, úsáideadh ceiseanna oscailte chun iarraidh ar mhic léinn liosta a dhéanamh de na buntáistí agus míbhuntáistí a bhraith siad a bhain le léachtaí ar an láthair.

Graf 5: Na príomhbhuntaistí a bhaineann le léachtaí aghaidh ar aghaidh

Maidir leis na buntáistí, bhain an buntáiste is minice a luadh leis an léacht mar spás sóisialta. Luaigh tríocha is ceathrar as seachtó is seachtar mac léinn a ndearnadh suirbhé orthu an deis a bheith lena bpiaraí agus comhrá a dhéanamh leo mar bhuntáiste leis an léacht thraidisiúnta. Measann 44% mar sin gurb é a bheith sa spás céanna lena bpiaraí an buntáiste is mó leis an léacht thraidisiúnta. Luaigh seacht mac léinn déag eile (22%) go sonrach an halla léachtaí mar spás chun cairde a dhéanamh agus aithne a chur ar a gcomhscoláirí, ag treisiú arís an smaoinimh faoin léacht mar áit teagmhála. Bhraith fiche mac léinn (26%) freisin gur thug an léacht deis dóibh caidreamh a fhorbairt lena léachtóir agus teagmháil a bheith acu leo. Is léir mar sin gur buntáistí suntasacha do mhic léinn iad na deiseanna a thugann an léacht thraidisiúnta ceangal le léachtóirí agus piaraí. Luaigh seisear mac léinn go raibh freastal ar léachtaí tábhachtach dá meabhairshláinte agus mhínigh triúr eile gur laghdaíodh ar a gcuid uaignis nuair a d’fhreastail siad ar léachtaí. Bhí an ghné shóisialta den léacht thraidisiúnta feiceálach freisin sa phlé sa ghrúpa fócais le go leor mac léinn ag cur síos ar an mothú pobail a bhraitheann siad nuair a shuíonn siad síos i léacht mhór lena bpiaraí, an deis a thug an léacht cairde a dhéanamh agus ábhar an mhodúil a phlé lena bpiaraí. Tagann an dearcadh seo salach ar na hargóintí atá déanta ag Lawrence (2019) agus Bligh (2000), a léiríonn léachtaí mar spásanna anaithnide le beagán idirghníomhaíochta. Is cosúil go gcuireann mic léinn luach ar pé idirghníomhaíocht a thugann an léacht mhór, mar a phléann Ashwin et al. (2020) a chuireann béim ar an bhfíric go dtacaíonn formhór den smaointeoireacht chomhaimseartha i dteoiric an oideachais leis an smaoineamh ar an bhfoghlaim mar ghníomhaíocht shóisialta. Is cosúil go bhfuil rannpháirtithe an staidéir seo ag baint tairbhe as leibhéal idirghníomhaíochta a gcuireann siad luach air, idir a bpiaraí agus lena léachtóirí le linn léachtaí.

An léacht mar spás foghlama

Nuair a iarradh ar mhic léinn i gCuid a hAon den cheistneoir an fhormáid léachtaí is fearr leo a mhíniú, i measc na ndaoine a luaigh an léacht thraidisiúnta mar a gcéad rogha, ba é an chúis is minice a tugadh ná an deacracht díriú i gceart ar léachtaí ar líne. Mhínigh mic léinn go raibh sé níos éasca a n-aird a chailliúint agus go raibh seans ní ba mhó a bheith ag brionglóideach ar rudaí eile le linn léachtaí ar líne. Luadh deacrachtaí teicniúla agus idirlín le linn léachtaí ar líne mar bhac ar an gcineál seo foghlama freisin. Ba iad na cúiseanna eile is minice a tugadh (ar scála aistritheach ón gcúis is coitianta go dtí an ceann is neamhchoitianta) ná go raibh léachtaí ar an láthair níos tarraingtí, níos éasca le leanúint agus gur thug siad taithí foghlama níos fearr, ag ligean do mhic léinn páirt a ghlacadh agus ceisteanna a chur go héasca. Cé gur aimsigh Meguid & Collins (2017) ina staidéar gur chuir an léacht mhór cosc ar rannpháirtíocht mac léinn, is cosúil nach bhfuil sé amhlaidh do gach mac léinn.

Aimsíodh an toradh céanna, nuair a iarradh ar mhic léinn cúiseanna a bhain le teagasc agus foghlaim a thabhairt, a mhínigh an leibhéal tinrimh a léiríodh; ba iad na príomhchúiseanna a tugadh le freastal ná ar dtús go ndúirt mic léinn go simplí gur fhoghlaim siad níos mó trí fhreastal agus go raibh sé níos éasca coinneáil suas le hábhar an chúrsa. Chomh maith leis seo, luaigh roinnt mac léinn eagla go mbeadh siad fágtha ar lár nó go dtitfidh siad siar mar chúis le freastal agus dúirt beirt mhac léinn gur sna léachtaí bhí seans ann go dtabharfaí leideanna do scrúduithe.

Sa cheist oscailte i gcuid dheireanach an cheistneora, áit ar tugadh cuireadh do mhic léinn buntáistí na léachtaí a liostú, cé gur bhain an chéad tacar buntáistí a tugadh leis an léacht mar spás sóisialta, bhain an chéad tacar eile le buntáistí a luadh go coitianta leis an léacht mar spás foghlama. Thug ocht mac léinn is fiche (36%) faoi deara go raibh sé níos éasca aird a thabhairt agus fanacht dírithe le linn léachtaí, agus bhraith triúr mac léinn is fiche (30%) go raibh tuiscint níos fearr acu ar an ábhar trí fhreastal ar léacht thraidisiúnta. Fuair fiche mac léinn (26%) léachtaí níos tarraingtí agus luaigh ochtar eile go raibh níos lú rudaí ag cur isteach orthu i léacht. Ina theannta sin, liostaigh triúr mac léinn is tríocha (43%) an fhéidearthacht ceisteanna a chur agus freagra láithreach a fháil mar bhuntáiste. I measc na mbuntáistí eile a luaigh líon níos lú mac léinn bhí tábhacht an tinrimh léachta chun gnáthamh a choinneáil, an fhéidearthacht a thug léachtaí do léachtóirí an seomra a léamh agus luas agus leibhéal deacrachta a leasú más gá agus go raibh sé go deas a bheith ar an gcampas.

Léiríonn sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla araon dearcadh dearfach i measc mac léinn i leith léachtaí. Mar sin féin, nuair a dhéantar scrúdú ar na bunchúiseanna leis an dearcadh seo, is cosúil gurb í an phríomhghné dhearfach ná an léacht mar spás sóisialta chun ceangal le piaraí agus léachtóirí. Cé go luaitear an taithí dhearfach foghlama a thugann léachtaí freisin, tá an ghné seo tánaisteach i gcomparáid leis an ngné shóisialta a bhaineann le freastal ar léachtaí ar an láthair.

Na gnéithe diúltacha a bhaineann le léachtaí ar an láthair: easpa solúbthachta agus léachtaí ‘úsáideacha’ i gcomparáid le léachtaí ‘neamhúsáideacha’

Fuair an ceistneoir agus an grúpa fócais tuairimí na mac léinn faoi na míbhuntáistí a bhaineann le léachtaí ar an láthair. Is féidir torthaí ón gcuid seo den anailís a ghrúpáil go leathan i dtrí chatagóir: an easpa solúbthachta a bhaineann le léachtaí ar an láthair; deacracht le díriú isteach, agus ant-idirdhealú a rinne mic léinn idir léachtaí ‘úsáideacha’ agus ‘neamhúsáideacha’.

Easpa solúbthachta

Nuair a iarradh ar mhic léinn an cineál léachta ab fhearr leo a phiocadh, phioc beagnach gach mac léinn an léacht hibrideach. Cé gurbh fhearr leo an taithí aghaidh ar aghaidh, thug an léacht hibrideach solúbthacht luachmhar dóibh trí rogha a thabhairt dóibh freastal más rud é nach raibh siad in ann teacht go dtí an léacht fhisiciúil ar chúis éigin. Tugadh roinnt fachtóirí suimiúla mar chúiseanna nach mbeadh siad in ann freastal, cúiseanna a thugann léargas ar na dúshláin deacra atá os comhair go leor dár gcuid mac léinn in am seo na hiar-phaindéime. Luaigh go leor mac léinn an ghéarchéim tithíochta agus an deacracht áit chónaithe a aimsiú mar chúis a raibh orthu turais fhada a dhéanamh go dtí an ollscoil. Mar sin, luadh an rogha freastal ar líne ar lá nuair nach raibh ach léacht nó dhó acu mar bhuntáiste leis an bhformáid hibrideach. I measc na bhfachtóirí eile a luadh, bhí dualgais teaghlaigh agus oibre, drochaimsir, córas iompair lag, míchumais mac léinn agus brú airgeadais. Dúirt beagnach gach mac léinn anseo gurb í an fhoghlaim aghaidh ar aghaidh ab fhearr leo, ach gur thug an cur chuige hibrideach solúbthacht dóibh.

Chomh maith leis seo, nuair a iarradh orthu sa cheist oscailte ag deireadh an cheistneora míbhuntáistí na léachtaí ar an láthair a liostáil, ba é an príomh-mhíbhuntáiste a luadh ná an deacracht freastal de bharr cúiseanna éagsúla agus mar thoradh air sin a bheith fágtha ar lár. Luaigh 42 mac léinn (55%) an deacracht seo.

Graf 6: Na príomh-mhíbhuntáistí a bhaineann le léachtaí traidisiúnta

Luadh réimse leathan cúiseanna mar fhachtóirí a chuir bac ar fhreastal ar léachtaí ar an láthair, lena n-áirítear tinneas, córas iompair lochtach, taisteal achair fhada (trí mhac léinn déag) agus imní. Luaigh 12% de na mic léinn deacrachtaí taistil freisin mar bhac ar a gcumas freastal ar léachtaí ar an láthair.

Is ceist thábhachtach do mhic léinn mar sin í neamhsholúbthacht na léachtaí ar an láthair. In ainneoin gur fearr leo an cur chuige seo, ní thagann sé gan bhaic.

Cur isteach agus díriú

Ba é an dara míbhuntáiste a luadh sa cheist oscailte ná go raibh sé éasca dul ar strae i léacht mhór, díriú agus aird a chailleadh (23%) go háirithe má bhí daoine eile ag caint. Cé gur luaigh 43% de na mic léinn an deis ceisteanna a chur mar bhuntáiste sa chuid roimhe seo, anseo dúirt 21% de na mic léinn go raibh sé deacair/imeaglach ceisteanna a chur i suíomh grúpa mhóir. I measc na míbhuntáistí eile a luadh dúradh go bhféadfadh léachtaí a bheith leadránach (10%) agus go bhfágann amchláir na mac léinn uaireanta go mbíonn barraíocht léachtaí le chéile acu, nó an iomarca bearnaí idir léachtaí (8%). Ina theannta sin, thug 9% de na mic léinn faoi deara go bhféadfadh léachtaí móra a bheith neamhphearsanta. Sa ghrúpa fócais, treisíodh go leor de na torthaí seo. Luaigh beagnach gach mac léinn go bhféadfadh léachtaí a bheith leadránach, go raibh sé deacair orthu díreach suí agus éisteacht ar feadh caoga nóiméad agus gur tharla sé gur chaill siad aird sa chás seo.

Léachtaí ‘úsáideacha’ i gcomparáid le léachtaí ‘neamhúsáideacha’

Nuair a iarradh orthu a bhfreagraí ar an gceist faoi thinreamh ar léachtaí a mhíniú, ba í an phríomhchúis a tugadh gan freastal ná go raibh léachtaí áirithe ann nach raibh siad ag freastal orthu mar nach raibh siad úsáideach, dar leo. Mar sin, ba chosúil go raibh siad ag déanamh idirdhealú idir ‘léachtaí úsáideacha’ agus ‘léachtaí neamhúsáideacha’. Mar shampla, luaigh seisear mac léinn má bhí léachtóirí díreach ag léamh ó shleamhnáin, gur bhraith siad go raibh sé níos tairbhí an t-am a úsáid ag dul trí na sleamhnáin léachta a postáladh ar an TFF iad féin sa bhaile. Léirigh triúr mac léinn murar bhraith siad go raibh ábhar na léachta bainteach lena raibh ag teastáil uathu don scrúdú/measúnú, ní dheachaigh siad ann, agus dúirt beirt mhac léinn nach ndeachaigh siad ach chuig léachtaí nuair a bhí ‘gá le rudaí a mhíniú’.

Tháinig an t-idirdhealú idir léachtaí ‘úsáideacha’ agus ‘neamhúsáideacha’ chun cinn sa ghrúpa fócais freisin le roinnt mac léinn ag míniú má fuair siad amach go raibh léachtóirí i modúl ar leith ag léamh sleamhnán, nach ndeachaigh siad chucu agus go ndeachaigh siad trí na sleamhnáin iad féin sa bhaile. Léiríonn na tuairimí seo, is cosúil, go mbaineann ‘léacht úsáideach’ le taithí i bhfad níos tarraingtí ná sleamhnáin a bheith á léamh, go bhfuil gné den mhíniú tábhachtach mar atá ábhar na léachta le haghaidh mheasúnú an mhodúil. Treisíonn na tuairimí seo argóint Bligh (2000) agus Wieman (2017) go bhfuil an léacht thraidisiúnta, a spreagann éighníomhach ó fhoghlaimeoirí, ina timpeallacht foghlama neamhéifeachtach.

Vevox: ag feabhsú rannpháirtíochta agus idirghníomhaíochta

Dearadh cuid a trí den cheistneoir chun meastóireacht a dhéanamh ar thaithí na mac léinn ar Vevox a úsáid sa léacht thraidisiúnta. Úsáideadh Vevox chun tuairimí na mac léinn a fháil ar réimse leathan ceisteanna. Ba í an phríomhsprioc a bhain leis ná idirghníomhú i measc na mac léinn a spreagadh. Léirigh sonraí cainníochtúla freagra dearfach láithreach ar úsáid na huirlise seo.

Nuair a iarradh orthu a bhfreagra a mhíniú, leag mic léinn béim ar fhachtóirí luachmhara maidir le conas a oibríonn an uirlis seo chun rannpháirtíocht agus idirghníomhaíocht a spreagadh ar bhealach ar leith laistigh den léacht. Dúirt ceithre mhac léinn déag freisin gur lig Vevox dóibh cur leis an rang gan labhairt os ard, agus chuir trí mhac léinn déag béim ar an gcaoi a n-éascaíonn Vevox idirghníomhaíocht laistigh den rang agus a gcruthaíonn sé comhráite i measc na mac léinn. Léirigh trí mhac léinn déag eile gur lig Vevox dóibh tuairimí agus smaointe daoine eile a fheiceáil. Mar sin, is cosúil gurb é an buntáiste is mó a bhraitheann mic léinn ná an ról a imríonn Vevox i gcruthú spáis inar féidir smaointe agus tuairimí a roinnt ar bhealach sábháilte, agus inar féidir le mic léinn idirghníomhú le hábhar léachta agus lena chéile mar a thuairiscigh Kay & LeSage (2009). Is cosúil gurb é an buntáiste eile ná go ndéanann Vevox léachtaí níos tarraingtí (cúig mhac léinn déag) mar a d’áitigh Hunsu et al. (2015) agus freisin go mbriseann sé suas an léacht (aon mhac léinn déag). Ar an nóta seo, rinne cúigear mac léinn cur síos ar Vevox mar rud ‘spraíúil’ agus luaigh beirt eile go ndearna sé an léacht ‘níos spéisiúla’. Is suimiúil go mbaineann na príomhchúiseanna a tugadh maidir le conas a fheabhsaíonn an uirlis seo taithí an mhic léinn ar an léacht leis an spás sóisialta laistigh den léacht le chéile agus a chumas leadrán léachta mar thaithí foghlama a bhriseadh. Pléann Quinlan (2019), Dean et al. (2016), Mantai & Huber (2021) agus Voelkel & Bennett (2014) go léir an fachtóir seo tuilleadh. Níor luaigh ach ceathrar mac léinn gur fheabhsaigh Vevox a gcuid foghlama, agus chuir beirt leis go raibh sé cabhrach don tuiscint. Mhínigh triúr mac léinn cé nár chabhraigh Vevox leis an bhfoghlaim, gur chruthaigh sé atmaisféar deas laistigh den rang. Mar sin, ó dhearcadh na mac léinn, ní luíonn luach Vevox lena chumas foghlaim nó tuiscint a fheabhsú, ach ina áit sin ina chumas rannpháirtíocht, idirghníomhaíocht, agus malartú smaointe a fheabhsú. Mar sin, b’fhéidir nach bhfuil aidhm Vevox riachtanach chun sealbhú agus tuiscint ábhar léachta a fheabhsú ach chun an timpeallacht shóisialta ina dtarlaíonn an fhoghlaim a fheabhsú.

Conas is féidir an taithí a fheabhsú?: timpeallacht shóisialta shábháilte

I gCuid a Dó den cheistneoir, tugadh cuireadh do mhic léinn aon ghníomhaíochtaí nó teicnící foghlama eile ar tháinig siad trasna orthu ina léachtaí a roinnt, a bhraith siad a d’fheabhsaigh a dtaithí. Anseo bhí muid ag iarraidh na teicnící, teicneolaíochtaí agus gníomhaíochtaí a aithint a bhraitheann mic léinn gur féidir leo cabhrú. An rud a tháinig chun cinn ón gceist seo ná mian ollmhór i measc na mac léinn le haghaidh idirghníomhaíocht le daoine eile le linn léachtaí. Luaigh dhá mhac léinn is fiche plé i ngrúpaí beaga, liostaigh seacht mac léinn déag obair ghrúpa agus labhair sé mhac léinn is fiche oibriú i mbeirteanna. D’fhorbair roinnt mac léinn é seo tuilleadh trína rá gur lig na gníomhaíochtaí seo dóibh smaointe daoine eile a chloisteáil, agus freisin bualadh le daoine agus cairde, fachtóirí a chuireann an fhoghlaim i láthair dúinn arís mar spás, nach mbaineann léacht leis an bhfoghlaim amháin, ach freisin le bheith le daoine agus idirghníomhú leo. I measc na nithe eile a luadh bhí tráthanna na gceist, Padlet, pobalbhreitheanna, suirbhéanna, ransú smaointe agus malairt foghlama ach luadh na nithe seo i bhfad níos lú ná obair ghrúpa agus obair i mbeirteanna. Is cosúil go dtugann na torthaí seo, i gcomhar leis na freagraí ar na ceisteanna faoi Vevox le tuiscint gurb é an rud is mó a theastaíonn ó mhic léinn le linn léachtaí ná a bheith in ann idirghníomhú le hábhar na léachta agus lena chéile, ar bhealach sábháilte agus neamhbhagarthach, mar atá pléite ag McArthur & Huxham (2013: 99) a mholann go dtugann léachtaí réimse taithí foghlama do mhic léinn ar bhealach sábháilte agus inrochtana. B’fhéidir gur féidir le Vevox agus córais ARS eile a bheith ina n-uirlisí luachmhara agus sábháilte do mhic léinn é seo a dhéanamh. Sa ghrúpa fócais, dhearbhaigh roinnt mac léinn nár thaitin sé leo a bheith curtha ar an spota trí cheisteanna a chur orthu. Mar sin, is cosúil go soláthraíonn Vevox bealach dóibh páirt a ghlacadh go sábháilte mar léiríonn torthaí ón gceistneoir agus ón ngrúpa fócais go bhfuil mic léinn ag iarraidh smaointe a roinnt, aithne a chur ar a gcomhscoláirí agus tuairimí agus smaointe a bpiaraí a fheiceáil. Treisíonn na torthaí seo an smaoineamh ar an bhfoghlaim mar ghníomhaíocht shóisialta agus an gá atá leis an seomra ranga a bheith ina ‘spás sábháilte’ chun an fhoghlaim is fearr a éascú.

D’iarr an cheist dheireanach sa cheistneoir moltaí faoi conas a d’fhéadfadh léachtóirí a dtaithí ar an léacht thraidisiúnta a fheabhsú. Níor fhreagair ach 58% de na mic léinn an cheist seo. Ba iad na moltaí ba mhinice a tháinig chun cinn (agus a cuireadh i láthair ar scála aistritheach ón gcúis is coitianta go dtí an ceann is neamhchoitianta) ná níos mó gníomhaíochtaí grúpa a thabhairt isteach, Vevox agus bogearraí pobalbhreithe eile a úsáid níos minice, níos mó gníomhaíochtaí idirghníomhacha a úsáid agus níos mó idighníomhaíochta a dhéanamh leis na mic léinn. I measc na moltaí eile a luadh bhí níos mó cluichí a úsáid, gníomhaíochtaí spraíúla, gan léamh ó shleamhnáin, agus ainmneacha na mac léinn a úsáid níos minice.

Ar an gcaoi chéanna, ag deireadh an ghrúpa fócais, tugadh cuireadh do mhic léinn moltaí a thabhairt faoi conas an taithí léachta a fheabhsú. Mar ghrúpa, mheas siad gurbh é an ghné ba thábhachtaí ná an léacht a bhriseadh suas, an leadrán éisteachta a bhriseadh suas, gné a léirigh Price (2022). Mhol siad gníomhaíochtaí ar nós pobalbhreitheanna, ceistneoirí gearra, plé. Mar sin féin, d’aontaigh siad go léir go raibh sé tábhachtach gan daoine a chur ar an spota, bealaí a aimsiú chun mic léinn a mhealladh gan é a bheith imeaglach, rud a dearbhaíodh arís in Wood (2020). Tá litríocht ann faoi conas is féidir le clicirí imní sa seomra ranga a laghdú (Stowell & Nelson, 2007; Aljaloud et al., 2019; Barr, 2017; Florenthal, 2018) agus tugann ár dtorthaí le tuiscint go bhfuil laghdú ar imní agus timpeallacht shóisialta shábháilte a chruthú ríthábhachtach agus muid ag smaoineamh ar an léacht thraidisiúnta na todhchaí.

Conclúid

Cé go bhfuil léachtaí ina ngné sheanbhunaithe de thraidisiún na hollscoile, tá ceist ardaithe faoi thairbhe na léachta ar an láthair le blianta beaga anuas. Dearbhaíonn an staidéar seo áit na léachta ar an láthair san ardoideachas mar léiríonn na torthaí go bhfuil ardmheas ag na mic léinn a ghlac páirt sa taighde seo ar léachtaí (idir léachtaí ar an láthair agus léachtaí hibrideacha), agus go dteastaíonn uathu iad a fheiceáil ina bpríomhghné i dtírdhreach an ardoideachais sa todhchaí. Ó dhearcadh na mac léinn, tá luach na léachta go príomha sna deiseanna a thugann sí mar spás sóisialta: an deis a thugann sé do mhic léinn a bheith lena bpiaraí, comhrá a dhéanamh leo, cairde a dhéanamh, aithne a chur ar a gcomhscoláirí agus caidreamh a fhorbairt lena léachtóirí. Dearbhaíonn an staidéar coincheap na foghlama mar eispéireas sóisialta agus léiríonn sé chomh maith go gcaithfidh taighde amach anseo díriú ar an bpríomhghné seo den taithí léachta.

Athshocraíonn an staidéar, mar sin, luach na léachta ar an láthair san ardoideachas ó dhearcadh na mac léinn, agus comhdhlúthaíonn sé taighde a léiríonn acmhainneacht dhearfach na léachtaí agus an gá le dul i ngleic le héighníomhaíocht na mac léinn. Mar sin féin, tugann sé an taighde seo céim amháin níos faide trí scagadh a dhéanamh ar an gcineál léachta atá ag teastáil ó mhic léinn. Léiríonn na torthaí gur léirigh mic léinn mianach láidir a bheith in ann idirghníomhú laistigh den léacht mhór, páirt a ghlacadh agus smaointe agus tuairimí a chéile a chloisteáil, ach ar bhealach ‘sábháilte’, ag baint úsáid as teicneolaíochtaí agus gníomhaíochtaí a lig dóibh a dtuairimí agus a smaointe féin a roinnt go compordach, ach a chuir ar a gcumas freisin tuairimí agus smaointe a bpiaraí a chloisteáil.

Ní mór do thaighde amach anseo níos mó teicnící a fhiosrú chun an t-idirghníomhú sóisialta sábháilte a theastaíonn uathu a sholáthar do mhic léinn laistigh de léachtaí. Cé go dtugann an staidéar chun suntais an acmhainneacht a thugann uirlisí cosúil le Vevox chun cur le forbairt an spáis shóisialta idirghníomhaigh shábháilte seo laistigh den léacht, ní hé sin an t-aon mheicníocht lenar féidir é seo a dhéanamh. Mar a léiríodh sa chéad abairt den alt seo, tá léachtaí mar chuid de thraidisiún na hollscoile le breis agus ocht gcéad bliain. Más féidir linn an léacht a mhúnlú ina háit shóisialta shábháilte ach bhríomhar, níl aon chúis nach féidir a n-úsáid leanúint go ceann ocht gcéad bliain eile.

 

Tagairtí

Alderson, J.C. & Scott, M. (1996) ‘Insiders, outsiders and participatory evaluation.’ J.C. Alderson & A. Beretta (eds.).  Evaluating second language education. Cambridge: CUP: 25–60.

Aljaloud, A. S., Gromik, N., Kwan, P., & Billingsley, W. (2019) ‘Saudi undergraduate students’ perceptions of the use of smartphone clicker apps on learning performance.’ Australasian Journal of Educational Technology 35(1). 85–99.

Ashwin, P., Boud, D., Calkins, S. Coate, K., Hallett, F., Light, G., Luckett, K., MacLaren, I., Mårtensson, K., McArthur, J., McCune, V., McLean, M. and Tooher, M. (eds.) (2020)  Reflective Teaching in Higher Education. London; New York; Oxford; New Delhi; Sydney: Bloomsbury Academic.

Barr, M.L. (2017) ‘Encouraging college student active engagement in learning: Student response methods and anonymity.’ Journal of Computer Assisted Learning 33(6). 621–32.

Biggs, J. & Tang, C. (2003) Teaching for Quality Learning at University. Maidenhead: McGraw-Hill Education.

Black, P., & Wiliam, D. (1998) ‘Assessment and classroom learning.’ Assessment in Education: principles, policy & practice 5(1). 7–74.

Bligh, D. (2000)  What’s the Use of Lectures? Bristol: Intellect Books.

Callan, E. (2016) ‘Education in safe and unsafe spaces.’  Philosophical Inquiry in Education 24(1). 64–78. 

Dean, T., Lee-Post, A., & Hapke, H. (2017) ‘Universal design for learning in teaching large lecture classes.’ Journal of Marketing Education 39(1). 5–16.

Entwhistle, N. (2018) Student Learning and Academic Understanding: A Research Perspective with Implications for Teaching.  London: Academic Press.

Evans, D.J.R. (2022) ‘Has pedagogy, technology, and Covid-19 killed the face-to-face lecture?’  Anatomical Sciences Education 15(6). 1145–51.

Evans, C. (2013) ‘Making sense of assessment feedback in Higher Education.’ Review of Educational Research 83. 70–120.

Florenthal, B. (2018) ‘Student perceptions of and satisfaction with mobile polling technology: An exploratory study.’ Journal for Advancement of Marketing Education 26(2). 44–57.

Freeman, S., Eddy, S. L., McDonough, M., Smith, M. K., Okoroafor, N., Jordt, H., & Wenderoth, M. P. (2010) ‘Active learning increases student performance in science, engineering, and mathematics.’ Proceedings of the national academy of sciences 111(23). 8410–15.

Francl, T.J. (2014) ‘Is flipped learning appropriate.’ Journal of Research in Innovative Teaching 71. 119– 28. 

Friesen, N. (2014)  ‘A brief history of the lecture: a multi-media analysis.’ Educational Media Ecologies: 135–53.

Game, A. & Metcalfe, A. (2009) ‘Dialogue and team teaching.’  Higher Education Research and Development 28. 45–57.

Harland, N. & Holeyk, E. (2011) ‘Including open-ended questions in quantitative questionnaires – theory and practice.’ International Journal of Therapy and Rehabilitation 18(9). 482–6.

Harless, J. (2018) ‘Safe space in the college classroom: contact, dignity and a kind of publicness.’ Ethics and Education 13(3). 329–45.

Hattie, J. (2008) Visible learning: A synthesis of over 800 meta-analyses relating to achievement. Routledge.

Hoidn, S. (2017) Student-Centered Learning Environments in Higher Education Classrooms.  New York: Palgrave Macmillan.

Holley, L.C. & Steiner, S. (2005) ‘Safe space: student perspectives on classroom environment.’ Journal of Social Work Education 1. 49–64.

Hunsu, N. J., Adesope, O., & Bayly, D.J. (2021) ‘A meta-analysis of the effects of audience response systems (clicker-based technologies) on cognition and affect.’ Computers & Education 94. 102–19.

Johnson, R.B., Onwuegbuzie, A.J. and Turner, L.A. 2007. ‘Toward a definition of mixed methods research.’ Journal of Mixed Methods Research 1. 112–33.

Lawrence, J. E. 2019. ‘Teaching large classes: Engaging students through active learning practice and interactive lecture.’ International Journal of Teacher Education and Professional Development (IJTEPD) 2(1). 66–80.

Lee, E., and Hannafin, M.J. 2016. ‘A design framework for enhancing engagement in student-centered learning: Own it, learn it, and share it.’ Educational Technology Research and Development 64(4). 707–34.

Ludvigsena, K., Nessb, I.J., Timmisc, S. (2019) ‘Writing on the wall: How the use of technology can open dialogical spaces in lectures.’ Thinking Skills and Creativity. 34. 1–18.

Lund, T. (2012)  ‘Combining Qualitative and Quantitative Approaches: Some Arguments for Mixed Methods Research.’  Scandinavian Journal of Educational Research, 56(2). 155–65.

Man Sze Lau, A. 2016 ‘Formative good, summative bad?’ – A review of the dichotomy in assessment literature.’ Journal of Further and Higher Education, 40(4). 509–25.

Mantai, L., & Huber, E. (2021) ‘Networked teaching: Overcoming the barriers to teaching experiential learning in large classes.’ Journal of Management Education 45(5). 715–38.

Marty, M., Joniot, S., Pomar, P., Bailleul-Forestier, I. & Monsarrat, P. (2022) ‘Perception of smartphone use as clicker in lectures: a student-teacher perspective.’  Technology, Pedagogy and Education, 31(1). 35–44.

Mazur, E. (1997)  Peer Instruction: A User’s Manual.  Englewood Cliffs, CA: Prentice Hall.

Mazur, E. (2009) ‘Farewell lecture.’  Science 323. 50–1.

McArthur, J. & Huxham, M. (2013) ‘Feedback unbound: From master to usher.’  Merry, S., Carless, D., Price, M. & Tara, M. (eds).  Reconceptualising Feedback in Higher Education.  London: Routledge.

Meguid, E.A. & Collins, M. (2017)  ‘Students’ perceptions of lecturing approaches: traditional versus interactive teaching.’  Advances in Medical Education and Practice. 229–41.

Merriam, S.B. (1998) Qualitative Research and Case Study Applications in Education. San Francisco: Jossey-Bass.

Ní Uigín, D., & Ó Cofaigh, É. (2021) ‘Blending learning – from niche to norm.’ Irish Educational Studies, 40(2). 227–33.

Nunan, D. (1999) Research methods in language learning. Eighth printing. Cambridge: CUP.

Price, T.J. (2022) ‘Real-time polling to help corral university-learners’ wandering minds.’ Journal of Research in Innovative Teaching & Learning 15 (1). 98–109.

Pritchard, D. (2010) ‘Where learning starts? A framework for thinking about lectures in university mathematics.’ International Journal of Mathematical Education in Science and Technology 41. 609–23.

Quinlan, K.M. (2019) ‘What triggers students’ interest during higher education lectures? Personal and situational variables associated with situational interest.’ Studies in Higher Education 44(10). 1781–92.

Roberts, D. (2019). ‘Higher education lectures: from passive to active learning via imagery?’  Active Learning in Higher Education 20 (1). 63–77.

Robson, L., Gardner, B. & Dommett E.J. (2022) ‘The post-pandemic lecture: views from academic staff across the UK.’  Education Sciences 12. 123.

Russell, L. & Jarvis, C. (2019) ‘Student withdrawal, retention and their sense of belonging: their experience in their words.’  Research in Educational Administration and Leadership 4(3). 494–525.

Shapiro, A. M., Sims-Knight, J., O'Rielly, G. V., Capaldo, P., Pedlow, T., Gordon, L., & Monteiro, K. (2017) ‘Clickers can promote fact retention but impede conceptual understanding: The effect of the interaction between clicker use and pedagogy on learning.’ Computers & Education 111. 44–59.

Stowell, J.R. & Nelson, J.M. (2007) ‘Benefits of electronic audience response systems on student participation, learning, and emotion.’ Teaching of psychology 34(4). 253-258.

Thesen, L. (2009) ‘Researching ideological becoming in lectures: Challenges for knowing differently.’  Studies in Higher Education 34. 391–402.

Tormey, R. & Henchy, D. (2008) ‘Re-imagining the traditional lecture: An action research approach to teaching student teachers to do philosophy.’  Teaching in Higher Education 13. 303–14.

Twigg, CA. (1999)  Improving Learning and Reducing Cost: Redesigning Large-Enrollment Courses.  1st Ed. New York: Center for Academic Transformation, Rensselaer Polytechnic Institute.

Uekusa, S. (2023) ‘Reflections on post-pandemic university teaching, the corresponding digitalisation of education and the lecture attendance crisis.’  New Zealand Geographer, 79(1). 33–8.

Voelkel, S. & Bennett, D. (2014) ‘New uses for a familiar technology: introducing mobile phone polling in large classes.’ Innovations in Education and Teaching International, 51(1). 46–58.

Weimar, M. (2013) Learner-Centered Teaching: Five Key Changes to Practice. 2nd Ed. San Francisco: Jossey-Bass.

Wieman, C. (2017) Improving How Universities Teach Science: Lessons from the Science Education Initiative. Harvard, CT: Harvard University Press.

Wong, B. (2024) ‘Exploring the spatial belonging of students in higher education.’ Studies in Higher Education, 49 (3). 546–48.

Wood, A. (2020) ‘Utilizing technology-enhanced learning in geography: testing student response systems in large lectures.’ Journal of Geography in Higher Education, 44 (1). 160–70.

Wright, G.B. (2011) ‘Student-centered learning in higher education.’ International journal of Teaching and Learning in Higher Education, 23(1).  92–7.

Wyatt, P. (2023) ‘Encouraging student attendance and engagement in lectures and workshops in the pre- and post-Covid world.’ CHIMIA 77(10). 663–7.

Zimmerman, B.J. (2002) ‘Becoming a self-regulated learner: An overview.’ Theory into practice, 41(2). 64–70.

Zohrabi, M. (2013) ‘Mixed method research: instruments, validity, reliability and reporting findings.’  Theory and Practice in Language Studies 3(2). 254–62.