DOI: https://doi.org/10.13025/29638

Iniúchadh ar ómós na háite dúchais mar a léirítear é trí theaghlach, theanga, thraidisiún, thírdhreach agus thírghrá san úrscéal Mo Dhá Róisín (1921) le Máire

San alt seo, déanfar tagairt do na teaghlaigh ar daofa é, don Ghaeilge, do na traidisiúin, don tírdhreach agus don tírghrá agus don dóigh a n-aibhsíonn Máire téama an ómós áite ina úrscéal Mo Dhá Róisin, 1921 (MDR). Tá na téamaí thuasluaite fite fuaite ina chéile san úrscéal agus sna saothair dá chuid a lean é. Dar le Titley (2002: 89), d’aimsigh Máire foirmle ar éirigh léi ina chuid scríbhinní tosaigh agus, dá fheabhas iad, níor éirigh leis riamh dul thar scríob na foirmle sin agus saothar níos géarchúisí, níos do-reamhinste nó fiú níos éagsúla a scríobh. D’aontaigh Ó Corráin (1992: 103) le Titley ina léacht ar Mháire a chuir Mac Congáil in eagar nuair a dúirt sé gur chloígh Máire leis an aon mhodh amháin scríbhneoireachta in achan rud dár scríobh sé. Dar le Ó Fiaich (1974) (in Ó Doibhlin, 1992: 168), níor ghá do Mháire mórán cumraíochta a dhéanamh ach an saol a bhí timpeall air a bhreacadh síos go mion le peann an ealaíontóra agus dá dtiocfadh an lá choíche a chaillfí gach foinse staire ó Rann na Feirste, d’fhéadfaí saothar ar stair Rann na Feirste a athchruthú as leabhair Mháire. Maíonn Nic Eoin (1982: 134) ‘Is beag na difríochtaí idir a chéadiarrachtaí agus na saothair dheireannacha dá chuid’. Déanfar iarracht a léiriú san alt seo, áfach, go bhfuil tús áite ag ómós áite léirithe go soiléir in MDR. 

Is den dúiche agus den dinnseanchas an duine agus is fíor an méid sin maidir le Séamus Ó Grianna nó ‘Máire’ mar is fearr aithne air. Léiríonn Kiely (1982: 104), ina alt ‘A Sense of Place’, a thábhachtaí atá an áit dhúchais don duine: ‘Places so loved, names so often repeated as if they were charms and words of power and invocations of the very spirit of place, gathered about them their own sanctities and mythological significance’. Is léir go raibh tearmann agus sanctóir ag Máire i gCeann Dubhrann mar a bhaist sé féin ar Rann na Feirste. Luann Máire Ceann Dubhrann breis agus tríocha uair san úrscéal nach bhfuil ach céad leathanach ann a léiríonn go raibh ceangal láidir aige lena cheantar dúchais agus grá mór aige dó. Is téarma é ‘dúchas’ a áiríonn ceart oidhreachtúil, ceart folaíochta agus oidhreacht. Cuimsíonn sé fosta na gnéithe atá de dhlúth agus d’inneach sa duine; sa teaghlach, sa traidisiún, sa teanga, sa tírdhreach agus sa tírghrá. Is é atá i gceist san alt seo grinnléitheoireacht a dhéanamh ar MDR agus iniúchadh a dhéanamh ar an dóigh ar mhúnlaigh an ceantar ar fhás sé aníos ann, an mhuintir a tháinig roimhe agus an mhuintir ar fhás sé aníos leo, meon agus fealsúnacht Mháire, ag díriú ar an chéad saothar dá chuid a foilsíodh, eadhon MDR. Déanfar tagairt do leagan an úrscéil atá in eager ag Mac Congáil, (2010).

Teaghlach

‘I mbliain a 1736 a tháinig Seán ‘Ac Grianna go Rann na Feirste. Anoir as a ‘Stacarnaigh a tháinig sé, baile atá thoir idir tú is Leitir Ceanainn’, (Ó Grianna, 1942: 1). Thig le Máire stair a shinsir a rianadh siar chuig Pádraig agus Seán Mac Grianna a chuir fúthu i Rann na Feirste sa bhliain 1736. Feilimí Dhónaill Phroinsiais Dhónaill Phádraig Mhic Grianna ar thaobh an athar, agus Máire Eibhlín Neillín Shéamais Róise Sheáin Mhic Grianna ar thaobh na máthar. Baineann Máire úsáid as ainmneacha a mhuintire agus scríbhneoirí a cheantair san úrscéal MDR a léiríonn a ómós orthu – Niall Shéamaisín, Feilimí Dhónaill Phronsís, Fionn Mac Cumhaill agus fiú nach gcuireann sé é féin san úrscéal agus é ag casadh ar Labhras Óg i gCeann Dubhrann. ‘A Mháire,’ ar seisean [Labhras Óg] ag croitheadh láimhe liom, ‘go míle maire tú do shaol úr, chuala mé gur pósadh thú ó d’imigh mé’ (Mac Congáil. 2010: 74).  Bhí an-dúil aige san ainm ‘Máire’, ainm a mháthar, agus an t-ainm a roghnaigh sé mar ainm pinn s’aige. Ní comhtharlú ar bith é gurb í Máire Ní Dhónaill atá ag insint an scéil dúinn in MDR agus ní hiontas ar bith é go gcuireann sé é féin faoin ainm cleite Máire isteach san úrscéal.

Teanga

Tá na carachtair Labhras Óg, Labhras Mór agus Bríd Bheag dála mhuintir Mháire féin agus iad sáite i dtraidisiún na scéalaíochta, na filíochta agus na hamhránaíochta. Deir Mac Congáil (1990: 3), gur de bhunadh an cheantair an bheirt acu [tuismitheoirí Mháire] riamh anall rud a d’fhág dúchas an cheantair go smior iontu araon agus ina gclann.  Tá Máire ag coinneáil nasc i gcónaí le sreang an imleacáin agus leis na glúnta a chothaigh é.

Treisíonn sé an slabhra gan bhriseadh lena mhuintir féin leis na carachtair Labhras Mór agus a bhean Bríd a chruthaíonn sé in MDR. Deir Ó Laoire (2016: 156), nach bréag ar bith é a mhaíomh gur ar a mhuintir féin atá an pictiúr a tharraingíonn Máire de mhuintir Uí Bhaoghaill bunaithe. Deir Mac Congáil, (1983: 14):

Tráchtann na scríbhneoirí Conallacha féin arís agus arís eile ar an saibhreas a bhí thart orthu agus iad ag éirí aníos. Ach ainneoin na gcuntas sin uilig, is deacair linne léargas cruinn iomlán a bheith againn ar réimse agus ar shaibhreas an traidisiúin bhéil sin a bhí mar ‘bhainne cíche’ ag bunús scríbhneoirí an chontae seo.

Is cinnte gurb í seo an áit as ar ól Máire an bainne agus ní amháin gur tógadh leis an Ghaeilge agus na traidisiúin é, ach bhí siad mar shnáithe i scéal a shaoil, agus iad ina chuid ADN. Dúirt Seaghán Bán Mac Grianna (1976: 18), go raibh an oiread sin Gaeilge acu agus an oiread sin filíochta iontu go bhfeádfaí a rá go raibh siad ar maos i bhfilíocht agus go ndeachaigh sí go smior iontu. Is féidir anois léargas áirithe a fháil ar an tsaibhreas sin ó leabhair mar Is fann guth an éin: Seanchas Rann na Feirste le Mac Cionnaith (2005), nó ó Scéalta Draíochta Mhicí Sheáin Néill le Nic Niallais (2021). Bainne cíche a bhí ann agus cothaíodh na páistí idir chorp agus intinn ar ghlún a máthar. Déanann Máire iarracht léargas a thabhairt don léitheoir ar a shaibhre a bhí traidisiúin a mhuintire sna carachtair ina úrscéal. Tagraíonn Máire do shaibhreas na Gaeilge a bhí ag muintir Cheann Dubhrann i gCaibidil II de MDR agus is léir go bhfuil ardmheas aige ar a gcuid Gaeilge agus ar na daoine féin. ‘Áit aistíoch a bhí i gCeann Dubhrann an t-am sin. Ní hé gur mhair an Ghaeilge beo ann i ndiaidh í bás a fháil ins an chuid eile den phobal, ach bhí filíocht agus Fiannaíocht ar bharra a méar ag aosta agus ag óg ann.’ (ibid: 9)

San alt ‘Towards a Literary Ecology’, (2013), maíonn Waldron & Friedman:

The literature of place is a body of literature, a genre, devoted to the representation of specific places. At the same time, the phrase refers to a quality of ‘literariness’ associated with or even arising from a given place, something like the spirit or genius of place.

Léiríonn Máire an t-ómós áite go soiléir in Mo Dhá Róisín agus léiríonn sé meon agus sárbhuanna na ndaoine ar shíolraigh sé uathu. Ina shaothar Rann na Feirste 1942 ríomhann sé stair agus seanchas na háite dúchais. Is minic a bhíonn sé ag maíomh as a cheantar agus as a mhuintir ina chuid scríbhneoireachta, ‘hAibhsíodh domh ar dhóigh éigint nach raibh léann ná litríocht ar bith in Éirinn ach an méid a bhí sa Ghaeltacht. Gur i mbothógaí Rinn na Feirste agus in áiteanna eile mar é a bhí fíoranam na hÉireann,’ (1942: 216)

Cuireann Máire in iúl dúinn in Na Blianta Corracha, (2003: 2) an t-ómós atá aige do mhuintir na Gaeltachta ó thaobh na teanga de; ‘Dá rachadh againn chomh beag le leathscór cainteoirí dúchais a bheith againn i mbliana de bharraíocht ar an bhliain anuraidh, agus dá réir sin, ní bheadh de dhíth orainn ach am leis an teangaidh bheo a chur ar bun ar fud na hÉireann.’

Is é a dhála céanna é in MDR. Nuair a mhothaíonn Labhras Mór nach bhfuil a chuid Gaeilge maith go leor, freagraíonn Niall Shéamaisín agus barúil Mháire á tabhairt dúinn, ar ndóigh: ‘“B’fhéidir gur orthusan an locht is nach orainne”, arsa Niall Shéamaisín. Is beag a bhí a fhios aige cá mhéad bliain a bhí de dhíth orthu sula mbeadh oiread gramadaí acu agus a bhí sa ráite dheireanaigh sin aige féin.’ (Mac Congáil, 2010: 18)

Is cinnte go bhfuil Máire ag labhairt go díreach leis an lucht léitheoireachta agus é ag maíomh as Gaeilge mhuintir na Gaeltachta agus ag léiriú measa ar na hiascairí ag an am céanna. Dúirt Philip O’Leary i réamhrá MDR (in eagar ag Mac Congáil, 2010: xi), gur d’aon turas a chuireann sé isteach píosaí Gaeilge atá casta sa leabhar nach dtuigeadh ach an cainteoir dúchais:

‘Lig do rámha le ceathrú…Teann scód an tseoil tosaigh…Caith an píce as…Corn suas é, a chailleach…A Dhonnchaidh, faigh tusa taomán, A Sheáin, righ an rópa boinn…A Fheilimí, obair thusa an seol deiridh agus fiachfaidh mise lena choinneáil tirim…Tá caorthacha farraige ann…’ ibid (2010:18)

Leanann sé ar aghaidh i gCaibidil III, ‘bhí oiread de lasta inti go raibh an scaileog ag teacht ar bord’. In Na Blianta Corracha (in eagar ag Mac Congáil, 2003: 1), tagraíonn Máire don fhocal ‘scaileog’ agus é ag déanamh idirdhealaithe idir Gaeilig na Leabharthach agus Teangaidh na nDaoine – ‘bíonn na tonnta beaga ag gabháil ina súile’ an áit a mbíonn, ‘an scaileog ag baint na súl’ as an chainteoir dúchais. Is léargas meafarach é seo ar an neart atá i dtraidisiún na Gaeltachta agus chomh lag agus atá traidisiún na hathbheochana teanga, dar le Máire. ‘“Ní thuigim féin an seort Gaeilge atá ach sin a bhíos ar an choláiste,” arsa Labhras Mór agus é ag líonadh a phíopa i ndiaidh a chodach. “Caithfidh sé nach bhfuil maith inar gcuid Gaeilge-inne.”’ (Mac Congáil, 2010: 18).

Más rud é nár shíl na hiascairí go raibh a gcuid Gaeilge maith go leor, bhí Máire ag cur in iúl dúinn gurbh acu a bhí scoth na Gaeilge. Is iomaí sampla den tsaibhreas Gaeilge a d’fhoghlaim Máire óna mhuintir atá le tabhairt faoi deara san úrscéal, cuir i gcás; ‘sula dtéadh sé a chailleadh an tsolais’, (ibid: 3), ‘agus a hanál i mbarr a goib léi’, (ibid: 4), ‘ó rinne slat cóta dó’, (ibid: 11),  ‘tá siad in arán chruaidh’, (ibid: 19) agus ‘cad é atá ann ach tuí na hátha a chur ar an mhuileann’, (ibid: 56). Bhailigh Ó Corráin (1989) samplaí den tsaibhreas Gaeilge atá le fáil in MDR mar aon leis na saothair eile ó Mháire ina leabhar A Concordance of Idiomatic Expressions in the Writings of Séamas Ó Grianna. I léacht dá chuid ar Mháire atá i gcló ag Mac Congáil (1992: 102), dúirt Ó Corráin gur scríobh Máire Gaeilge a raibh craiceann uirthi agus Gaeilge a raibh rithim inti a chuirfeadh aoibhneas ar an léitheoir agus comhrá maith i gcuimhne duit. Tá Máire ag léiriú a mheasa ar mhuintir Cheann Dubhrann agus ar a gcuid Gaeilge ina shaothar. Cruthaíonn Máire an carachtar Séamas Mag Loingsigh leis an mheas atá aige ar mhuintir na Gaeltachta a chur i gcomparáid le muintir na cathrach. Ó fuair Mag Loingsigh ardú céime, ‘bhí sé anois os cionn a bheith ag foghlaim Gaeilge’. (Mac Congáil, 2010: 35). Má fuair na máistrí scoile corrléasadh teanga ó Mháire ní dada é le taobh na híde a thugann sé do na cigirí, dar le Ó Gallchóir, (1992: 11). Tugann Máire íde do Mag Loingsigh agus é ina chigire, (Mac Congail, 2010: 35), ‘Bhí gach seort eile aige a raibh a dhíth ar chigire, daille intinne agus díobhail fearúlachta agus ní raibh a dh’fhéim air ach leithscéal Gaeilge nach raibh mór.’

Tá fianaise ina shaothar go raibh Máire aislingeach ina fhear óg as staid na tíre agus as an Ghaeilge. Briseadh ar an aisling a bhí aige, áfach, nuair a b’éigean dó Baile Átha Cliath a thabhairt air féin lena bheatha a thabhairt i dtír.  Is é Pádraig Ó Baoghaill, go ndéana Dia trócaire air, a dúirt liom in agallamh leis, ‘i ndáiríre, ba i Rann na Feirste a bhí a chroí agus an chuid is mó den chaint a bhíodh agam leis, bhí sé faoi Rann na Feirste agus na seandaoine a bhí ansin agus ar a shaibhre a bhí a gcuid Gaeilge.’ Dála W.B. Yeats in ‘The Lake Isle of Inisfree’, agus é as baile, chuala Máire caint na ndaoine ‘in the deep heart’s core’.  Dúirt Máirtín Mac Grianna, go ndéana Dia trócaire air, nia de chuid Mháire, dúirt seisean liom in agallamh go raibh cumhaidh mór ar Mháire i mBaile Átha Cliath agus go mbíodh na smaointe céanna aige féin – sin Máirtín, agus a bhí ag Máire, arbh é a athair Dónall deartháir leis, ‘gurbh fhearr leis an Ghaeilge ina luí i reilig Anagaire ná an cacamas atá ag dul anois. Cá fhad a bheas sé go dtí go mbeidh sé ceart go leor, “tá sé fear” a rá’. Togádh Clann Mhic Grianna le saibhreas Gaeilge agus is léir gur ghoill sé go linn bhuí na gcaolán ar Mháire a leithéid de, ‘go socraí sé i suaimhneas’, agus ‘thug pósadh áit i mBaile Átha Cliath’, mar atá léirithe ag Mac Congáil in Na Blianta Corracha, (2003: 2). 

Is féidir a mhaíomh go raibh sé dolúbtha maidir lena smaointe féin ó thaobh na teanga de agus go raibh a óige i Rann na Feirste mar a bheadh domhnán ann agus é ag iarraidh go mbeadh an tír uilig amhlaidh.  B’fhéidir go raibh an smaoineamh céanna aige agus a bhí ag laoch dá chuid Pádraig Mac Piarais, ‘O wise men riddle me this: what if the dream come true? and if millions unborn shall dwell in the house that I shaped in my heart, the noble house of my thought?’ Shílfeá go raibh Máire ag iarraidh gach duine againn, é féin san áireamh a thabhairt ar ais go Rann na Feirste chuig an teach beag ceann tuí ar bhruach an chladaigh áit a gcothófaí muid cois tine ag éisteacht le Gaeilge shaibhir a mhuintire agus áit a bhfaigheadh muid léargas ar thábhacht na dtraidisiún.

Traidisiún

Aibhsítear gnéithe éagsúla de thraidisiún na ndaoine i Rann na Feirste in MDR. Dar le Ó Fiaich ((1974) in Ó Doibhlin (1992: 168)), ‘maidir le cluichí amuigh faoin spéir is é an rud is spéisiúla i leabhair Mháire, dar liom, an fhianaise a sholáthraíonn sé go raibh an iománaíocht coitianta sna Rosa i ndeireadh na haoise seo caite.’ Tá fianaise ann in MDR go raibh traidisiún na hiomána láidir agus na gasúir á himirt i gCaibidil I, ‘I dtrátha an mheán lae an lá arna mhárach bhí gasraí an bhaile ag iomáin ar an leana ag taoibh na reilige’ (Mac Congáil, 2010: 2). Léirítear fosta na slite beatha a bhíodh ag na daoine; na mná ag cleiteáil agus na fir ag iascaireacht. Is iad an amhranaíocht agus an scéalaíocht, áfach, an dá thraidisiún is mó a aibhsítear san úrscéal. ‘Go háirithe, lánúin iontach a bhí i Labhras Mhór agus ina mhnaoi. Bhí oiread Fiannaíochta aigeasan agus nach mbeadh a dheireadh insithe trí lá de laetha na Féile Eoin, agus casadh seancheol Thír Chonaill uilig ar a teangaidh aicise.’  (Mac Congáil, 2010: 9)

Is léir go bhfuil na carachtair seo bunaithe ar a thuismitheoirí féin. Tugann sé a bharúil ar a dheisbhéalaí a bhí a athair in Rann na Feirste 1942: ‘M’athair an scéalaí is fearr a chuala mé riamh. Is é an cainteoir Gaeilge is fearr a chuala mé’ (Ó Grianna, 1942: 152). Agus maíonn sé as muintir a mháthar in Nuair a Bhí Mé Óg (1942: 111), agus ar an dóigh a ndeachaigh a mbua ceoil i gcion airsean;

Bhí na céadtaí agus na céadtaí amhrán ag muintir Rann na Feirste nuair a bhí mé ag éirí aníos i mo ghasúr. Agus bhí a mbunús agamsa ar mo theanga. Ach níorbh é sin an rud a thug orm toiseacht a dhéanamh ceoil go hóg sa tsaol. Níorbh é ach an dúchas a bhí ionam. An mhuintir a tháinig romham ar thaobh mo mháthar rinne siad amhráin agus dánta chomh maith is a rinneadh in Éirinn lena linn.

Deir O’Donohue (1998: 56): ‘The child’s sensibility is like a sponge. It absorbs everything. At that stage, without knowing it, we drink in the voices of our parents’, agus is é a dhála céanna é ag Máire. Chan a ghoid ná a fhuadach a rinne sé, bhí sé ann ó thaobh na dtaobhann, mar a déarfadh sé féin. Is follasach gur tháinig na hamhráin anuas ó ghlúin go glúin agus gur coinníodh beo iad ar bhéil na ndaoine. Síos fríd an úrscéal tagraítear do na hamhráin agus do na scéalta a chuaigh i bhfeidhm air ina óige. Chum muintir Mháire amhráin a choinnigh a gcuimhne buan. Chum Máire féin cúig amhrán a bhfuil tagairt dóibh in Mac Congáil (1990: 81). Tagraíonn O’Donohue, (2003: 76) d’áilleacht agus do thábhacht an cheoil do chine an Ghaeil. Deir sé: ‘The music of a people offers a unique entry into their unconscious life. The tenor of what haunts and delights them becomes audible there.’ Ní comhtharlú ar bith é go dtosaíonn Máire gach caibidil in MDR le sliocht as scéal nó le véarsa as amhrán nó dán. Tá Máire ag maíomh as a mhuintir agus ag cur in iúl don léitheoir ina shaothar go bhfuil amhrán nó scéal súite isteach ina chuimhne aige a d’fhóirfeadh d’ócáid ar bith.

Léiríonn na samplaí de na hamhráin san úrscéal an meas a bhí ag Máire ar an oidhreacht a bronnadh air agus tá sé ag léiriú ómós dá mháthair agus dá cheantar agus é á gcur san úrscéal. Tagraíonn Máire do sheanamhrán, ‘Uaillchumha Chearulláin os cionn uaigh Mhic Cába’ ag tús na chéad chaibidle. Tá leagan de ag An Dr Séamas Mac Gabhann in An Cruitire (2016: 16). Tá an t-amhrán ag tuar an éadócháis agus an bháis a thiocfaidh ag deireadh an úrscéil agus é fóirsteanach do théama na caibidle. Maíonn Titley, (2002: 89), go bhfuil instealladh in aghaidh an dóchais agus an áthais i ndán don té a ardaíonn úrscéal de chuid Mháire. Tagraíonn Máire do Cheann Dubhrann na nDumhchann Bán sa chéad líne den úrscéal ag léiriú an ómóis dá cheantar dúchais agus is é a bhaist an t-ainm ceana air. Dar le Ó Laoire (2016: 156), bhí Máire ar maos sa cheol agus dúil ar leith aige ann agus údarás ar leith aige i saol na Gaeilge agus i gcúrsaí ceoil dá réir sin. Chuir an cúlra a bhí aige ar a chumas amhráin a chumadh. Chum sé amhrán dar teideal ‘Meilte Cheann Dubhrann’, a bhfuil leagan de ag Ó Conghaile, (2012: 454). Amhrán cumhúil atá ann agus é ag cur síos ar Chormac John ‘Ac Gairbheá as Rann na Feirste a d’imigh go Meiriceá, agus faoi Dhonnchadh, mac a dhearthára, Aodh, a chuaigh ar cuairt chuige blianta ina dhiaidh sin in San Francisco. (Ó Laoire, 2016: 156). Tosaíonn Máire Caibidil II le hamhrán grá, ‘Ainnir Dheas na gCiabhfholt Donn’ a bhfuil leagan de ag Ó Conghaile (2012: 71). Deir Ó Laoire (2012: 619) in Leabhar Mór na nAmhrán go bhfuil tuairim ag daoine i Rann na Feirste gur dhuine de mhuintir Fheilimí Dhonaill Phroinsias a chum an t-amhrán. Bunaíodh an tuairim sin ar fhonn binn an amhráin agus ar chumas na bhfocal. Tá cosúlachtaí idir é agus amhráin Shéamuis Uí Ghrianna ó thaobh neart na mothúchán agus bhinneas an cheoil de, dar le Ó Laoire. Fóireann an t-amhrán do na mothúcháin atá ar Labhras Óg nuair a chéadbhuaileann sé le Róise. Is minic síos fríd an úrscéal go dtuagann Labhras Óg Ainnir dheas nó an Cailín Donn ar Róise.  Tá Caibidil III dírithe ar an iascaireacht agus don té a bhfuil cur amach aige ar shaothar Mháire, tuigfidh sé an meas atá ag Máire ar na hiascairí agus an t-ómós a thugann sé dóibh. Tugann Máire le fios don léitheoir arís eile go bhfuil amhrán aige a fhóireann do théama ar bith. Tosaíonn sé an chaibidil le véarsa as ‘An Caiptín Ó Máille’, a bhfuil leagan de i gcló ag Ó Conghaile (2012: 168). Tá cur síos cuimsitheach ag Liam Mac an Iomaire in Leabhar Mór na nAmhrán (2012: 661) ar stair agus ar chúlra an amhráin. Cuirtear tús le Caibidil X le tagairt do sheanscéal agus do sheanamhrán. Deir Ó Laoire (2012: 839) in Leabhar Mór na nAmhrán go mbíodh nath coitianta i Rann na Feirste ag bean cháiliúil de chuid an bhaile, Máire John Nic Gairbheith, ‘A Rí na gCarad nár lách ár n-ealaín, murab é nach mairfeadh sé a choíche’. Dhealródh sé go raibh ábhair an amhráin, ‘Thíos i lár an Ghleanna’, ag fiabhriú i gceann Mháire agus é ag scríobh an úrscéil Mo Dhá Róisín. Scríobh Ó Laoire (2016: 154–76) alt cuimsitheach ar an dóigh ar tháinig ann don amhrán agus ar na saothair a raibh tionchar acu air. Cuireann Ó Laoire (2016: 160) in iúl go bhfuil fonn an amhráin bunaithe ar ‘The Heather Glen’, amhrán a chum an tírghráthóir George Sigerson (1836–1925). Rinne Máire a leagan féin den amhrán as Gaeilge agus ina cheannsa, murab ionann agus, ‘The Heather Glen’, tá deireadh dúile bainte ag an reacaire den chumann. Cumann gearr a bhí ann nach dtiocfaidh bláth ar an ghrá ann. Is é a dhála céanna é ag an chumann idir Labhras Óg agus Róise agus tagann deireadh leis an aisling go mbeidh caidreamh buan eatarthu:

Is glas is fiú duit an oíche anocht nó tiocfaidh athrach ar an athrach. Ní bheidh an aimsir i gcónaí mar atá sí anois. Ní bheidh na spéarthaí i gcónaí chomh maranta, ná an fharraige i gcónaí chomh mín, ná na srutháin chomh ceolmhar, ná an t-aer chomh cumhra. Tiocfaidh smúid ar an ghealaigh. Éireochaidh an fharraige dúranta, éireochaidh na spéarthaí duibhnéaltach agus an ghrian báiteach. Ach, a Labhrais, a thaiscaidh, is leor a luas. Is mairg a bhrisfeadh ar d’aisling go músclaí tú féin.’ (Mac Congáil, 2010: 66)

Níor mhair a gcumann ach seal beag gairid agus mar a mhaíonn Ó Laoire (2016: 166), ‘Tugtar le tuigbheáil nach mbeidh a leithéid de choinne arís ann, gur teagmháil aon uaire a bhí i gceist, nach féidir a thabhairt in éifeacht arís.’ Is léir go bhfuil na mothúcháin chéanna ar Labhras Óg agus na mothúcháin atá ar reacaire an amhráin: ‘Chaith Labhras an lá uilig i mBun Dobhráin mar i ndúil is go mbeadh tráthnóna eile aige mar aréireanas ann i gcuideachta an Chailín Donn. Ach ní bhfuair sé an scéal ar a mhian féin an dara lá. Bhí claochló ag teacht ar na spéarthaí cheana féin.’ (Mac Congáil, 2010: 70). Dar le Hodgins (2006: 37) go raibh aisling ag Máire agus go raibh an port seo go minic aige. Bhí an aisling chéanna aige in Saol Corrach (1945: 56): ‘Chonaic mé mé féin an oíche sin agus na blianta glórmhara a bhí romham. Bhí mé i m’ardmháistir ar a leithéid seo de scoil…mé féin agus ainnir dheas na gciabhfholt donn’, agus a bhí aige in MDR (2010: 30).

Stáin sé ar an luí gréine. An bhfaca sé pioctúirí ar bith sna néaltaí? An bhfaca sé teach glan, ordúil, tinidh mhaith ar an teallach oíche gheimhridh, an ghaoth ag búirthí ina an tsimleoir, é fein ag inse fán troid mhór a bhí ann sula dtáinig saoirse, gasúr beag ag fiafraí ar chuir a athair báire agus, ar an taobh eile den tine – an Cailín Donn?

Is léir ón dá shliocht thuas go raibh Máire go mór faoi thionchar a cheantair dhúchais agus saol a óige ina aisling don tsaol ina dhuine fásta. Cuireann Máire tús leis an chaibidil dheireanach leis an tseanamhrán; ‘Donncha Bán’. Dar le Ó Con Cheanainn, (2012: 744–5), caoineadh máthar ar a mac a crochadh go héagórach atá ann. Fóireann ábhar an amhráin do chruachás Bhríd Bheag, máthair Labhrais Óig atá ag caoineadh a mic. Fóireann sé fosta don bhriseadh ar an aisling go mbeadh Labhras Óg agus Róise le chéile. 

Maíonn Hodgins, (2006: 1), go ndeachaigh traidisiún na scéalaíochta go mór i bhfeidhm ar Mháire fosta agus é ina ghasúr óg agus gur mhair anáil na scéalaíochta i rith a shaoil. Maíonn sé go raibh baint mhór aici lena stíl scríbhneoireachta agus ar a dhearcadh ar an tsaol. Cé gur chaith sé bunús a shaoil ina dhuine fásta ina chónaí i mBaile Átha Cliath, lean sé air ag scríobh faoina cheantar féin. Dar le Ó Fiaich, (1974: 29–30):

Is annamh a shuíonn sé scéal taobh amuigh dá cheantar féin, cibé acu Rann na Feirste nó Ceann Dubhrann nó Lag a’tSeantoighe nó Rinn na bhFaoileann etc, a thugann sé ar an áit, nó An Clochán Liath nó an Clochán Dubh nó An Clochán Bán ar an sráidbhaile is cóngaraí di. Nuair a thugann an scéal i bhfad ó bhaile é, cailleann sé a spéis sa timpeallacht go minic.

Is féidir a mhaíomh ón sliocht thuas go raibh a chroí agus a aisling sa bhaile aige agus é ag amhránaíocht agus ag scéalaíocht cois teallaigh.

Tugtar léargas glinn ar thraidisiún na scéalaíochta in MDR agus Eoghainín Thuathail ag inse faoin chluiche mhór iomána a bhí idir buachaillí Cheann Dubhrann agus muintir na Brád:

… thóg an gasúr a cheann agus d’éist sé. Agus d’éist a raibh istigh chomh maith leis. Nó dar leo go bhfaca siad na himearthóirí ina rith anonn is anall i ndiaidh na liathróide, agus go gcuala siad na camáin ag teacht in éadan a chéile, an gleo agus an callán, an trup agus an tormán, agus an gháir a d’éirigh nuair a bhuaigh muintir Cheann Dubhrann an lá sin. (Mac Congáil, 2010: 26)

Tugann Ó Grianna, (1942: 22) léargas don léitheoir ar thraidisiún na scéalaíochta agus é ag teacht i méadaíocht. ‘Bhí m’athair iontach maith ag scéalaíocht. Is minic a shuíomar thart fán tine oíche fhada gheimhridh agus gan smid asainn ach ag éisteacht leis. Chuirfeadh sé ceo ar do chluasa ag caint ar Ned agus ar Mhicheál Rua agus ar Mhicí Bheil.’ Is léir go raibh tobar lán ag Máire le tarraingt as agus é ag cumadh an charachtair Eoghainín Thuathail. Tharraing Séamas as tobar a mhuintire agus é ag tagairt don toirtín mór agus don mhallacht i gCaibidil X den úrscéal MDR. Tagann sé as an scéal béaloidis, Triúr Mac, a scríobh Cáit Ní Ghallchóir, agus a d’aithris a hathair mór Dónall Ó Dónaill as Rann na Feirste. Tá an scéal i gcló i Rann na Feirste Seanchas ár Sinsear, (Ó Grianna, 1998: 119). Dúirt Máire, (1942: 87) go raibh glór an tseanchaí le cluinsitn aige mar a bheadh glór ann a thiocfadh aniar ón tseansaol. Tá tréan fianaise in MDR gur thug sé toighis don scéalaíocht. Tá an Fhiannaíocht ar bharr a méar ag na carachtair ann go díreach mar a bhí ag a mhuintir féin. Bhí an méid seo le rá aige faoin Fhiannaíocht in Rann na Feirste (1942: 211):

Na scéaltaí Fiannaíochta atá ag muintir Rann na Feirste tá siad iontach maith.  Bheir siad ort suim a chur i seanchas na Féinne i bhfad níos fearr, ná dá mba iad na laoithe an chéad rud a chluinfeá.  Instear an scéal i nGaeilig dheas bheacht…  Má théid tú choíche go Rann na Feirste cuir Johnny Sheimisín ar obair ar scéal Fiannaíochta.  Agus cuirfidh mé geall leat go bhfaighidh tú aige mar a dúirt mé.

Tagraíonn sé do na scéalta Fiannaíochta in MDR, (2010: 9);

Níor throid Ridirí na Craoibhe Ruaidhe aon chath, ná ní raibh aon fhear acu in aon ghábhadh ó chuaigh Cú na gCleas chun sleanntrach ina mhullachán gasúra, go dtí an tsleá dheireanach a chaith sé; a choscair Goll Mór Mac na Móirne Mac-a-Duibhe na n-each seang go dtí an lá a thit sé le láimh Mhic Smola, nach raibh a fhios uilig ag Labhras Óg.

Tá cosúlachtaí láidre idir an carachtar Labhras Óg agus Máire. Tá sé luaite ag Mac Congáil in Feasta, (2002: 14–8) an dúmheas a bhí ag Máire ar Scian go mBuaidh:

…  hIarradh air scéal a inse fán Scian go mBuaidh.  Tháinig lúcháir ar mo chroí féin, mar shíl mé go gcluinfinn an scéal breá seo ar ais – go gcluinfinn é mar a d’inseadh Donnchadh Chathail é – go gcluinfinn cad é mar a chaill an Fhéinn an scian i dteach na coirme, mar a chruinnigh an namhaid ar Gholl, agus mar a thug sé na sála leis eadar cleith agus ursa; mar a bhain sé amach Scian go mBuaidh le neart coirp agus treise lámh; mar a cuireadh cuireadh feille chuige ina dhiaidh sin, mar a thug sé leis Conán agus an scian, agus mar a shábháil an fear maol agus an lann a bheo dó.  Tá mé ag inse duit go dtáinig coinnle ar mo shúile le lúcháir nuair a chuala mé iomrá ar an scéal. 

Úsáideann Máire an carachtar Róise le hinsint don léitheoir gurb é an cainteoir dúchais amháin a thuigfidh Scian go mBuaidh agus go bhfuil a leithéid de scéal róchrua ag na foghlaimeoirí agus go mbainfidh sé cár astu. Nuair a chasann Labhras Óg ar Róise i gCaibidil II cuireann sí in iúl dó go bhfuil scéal Fiannaíochta ar an chlár agus go bhfuil an Ghaeilge ann ródheacair di; ‘Lá de na laetha agus uair de na huaire dá raibh Fianna Éireann amuigh an seilg.’ Mac Congáil (2010: 11). Is é sin go díreach an dóigh chéanna a gcuirtear tús leis an scéal An Óige is an saol Mór agus an Bás in Maith Thú a Mhicí, (1973: 1). Is léir gur thug Máire ómós do na hamhráin agus do na scéalta san úrscéal agus gur fhág siad a rian air, go díreach mar a d’fhág an tírdhreach a rian air.

Tírdhreach

Cuirtear ómós áite i leith an léitheora ar an chéad leathanach den úrscéal agus béim mhór ar an tírdhreach. Dar le Ó Gallchóir (1990: 94), seasann an t-alt seo a leanas taobh le sleachta as Mo Bhealach Féin agus An Grá agus an Ghruaim, le Seosamh Mac Grianna, deartháir le Máire, mar shleachta móra litríocht Ghaeilge Chuige Uladh.

Áit dheas, lá ar bith sa bhliain, Ceann Dubhrann na nDumhchann Bán. Cé b’acu tá dúlaíocht geimhridh ann, agus an fharraige ag éirí ar an fhéar, nó marbhán samhraidh agus aoibhneas ar muir agus ar tír, ní thiocfadh leat áit a fháil ní ba deise ná Ceann Dubhrann. Rannaí mhór, ard, fhada atá inti, í sínte i lár na farraige… (Mac Congáil, 2010: 1)

Maíonn Ó Doibhlín (1992: 90) in Johneen Khordaroy Answers Critics in eagar ag Mac Congáil; tá ciútaí an rómánsachais go flúirseach tríd an chur síos: radharc fiáin farraige  – agus tíre, logainmneacha a bhfuil macalla leo, mothú á oibriú isteach i ndreach na tíre leis an reilig uaigneach agus éagaoin na gaoithe, an béaloideachas á úsáid chun cur le rúndiamhar na háite. Deir Hannan, (1991:19–31) go n-imríonn an tírdhreach agus logainmneacha tionchar nach beag ar litríocht na nGael:

Attachment to place is among the strongest human emotions, explicitly revealed in literature. Celtic literature is saturated with images of landscape and preoccupied with places and their names, landscape is constantly present in ancient sagas and bardic poetry, modern drama, short stories, novels and essays.

Is cinnte go raibh dlúthcheangal ag Máire lena cheantar féin, Rann na Feirste, nó Ceann Dubhrann na nDumhchann Bán mar a bhaist sé air. Tá Ceann Dubhrann na nDumhchann Bán luaite sa chéad líne den úrscéal agus tá Ceann Dubhrann luaite seacht n-uaire ina dhiaidh sin sa chéad chaibidil. Tá sé luaite trí huaire is tríocha taobh istigh de 100 leathanach. Luann sé logainmneacha tríd síos an úrscéal, ‘Gaoth Dobhair, Gaoth Beara, Na Rosa,Machaire Loiscthe,  Oileán Eala, Oileán na gCónrach, An Fhiacail Daraí, Gob na Dumhcha, Oileán Bó, Clochar an Fhir Mhóir, Srath na Corcrach agus Tóin an Aird Dealfa’, a léiríonn a ghaire atá an t-údar dá ábhar agus a eolaí atá sé ar a cheantar dúchais. Is é Máire féin a chum an t-amhrán ‘Meilte Cheann Dubhrann’. Léiríonn na línte seo a leanas as an amhrán an t-ómós áite maidir leis an tírdhreach go soiléir;

Nach sna meilte údaí a chaith mé seal aoibhinn gan ghruaim,
Ag buachailleacht eallaigh ar imeall an chuain,
‘S ann a bogadh mo chliabhán nuair a bhí mé beag óg’ (Ó Conghaile, 2012: 454)

Dar le Ó Laoire (2012: 785) in Leabhar Mór na nAmhrán, is amhrán cumhúil é a léiríonn an cumha a bhí ar an aos óg arbh éigean dóibh a mbaile dúchais a fhágáil, an áit ar chaith siad laethanta neamhbhuartha na hóige leis an choigríoch a thabhairt orthu féin, gan iad ábalta pilleadh uirthi. Léirigh Labhras Óg an cumha i ndiaidh na háite dúchais a bhí air agus é ag obair i mBaile Átha Cliath, ‘sílim go gcaithfidh mé uaim an obair seo ar fad agus go rachaidh mé chun an bhaile ag iascaireacht.’ (Mac Congáil, 2010: 43). Cé gur chaith sé bunús a shaoil i mBaile Átha Cliath, bhí tarraingt láidir ag a cheantar féin air i gcónaí.

Tírghrá

Tugann an t-úrscéal léargas don léitheoir ar dhearcadh polaitiúil ‘Mháire’ ag an am agus is féidir a mhaíomh ó ábhar an úrscéil go bhfuil sé báúil leis na fir agus leis na mná a throid san Éirí Amach.  Deir Titley (2002: 362), ‘más beag úrscéal de chuid Mháire nach bhfuil imir éigin den pholaitíocht tríd, gabhann sé cosán níos dírí chuici in Mo Dhá Róisín.’ Léirítear ómós áite agus grá dá thír dhúchais nó tírghrá i dteideal an úrscéil féin. Baineann sé úsáid as Filíocht na nDaoine leis an dán Róisín Dubh, a bhfuil leagan de agus aistriúchán ar fáil in Ó Tuama & Kinsella (1981: 308) agus coinníonn sé nasc leis an slabhra gan bhriseadh beo leis an mhuintir a chuaigh roimhe agus leis an tréimhse sin staire. Seo mar a chuirtear síos ar an amhrán ‘Róisín Dubh’ in Leabhar Mór na nAmhrán, (2012: 819), ‘…ach is cosúil gur amhrán grá a bhí i gceist ar dtús agus gur baineadh brí pholaitiúil as níos déanaí’, agus cuireann Ó hAodha in Óir Chiste, (1922: 11) síos air mar, ‘an t-amhrán grá (grá d’Éirinn) is paiseanta dá bhfuil againn’.  Ainm ceana nó ainm fáthchiallach ar Éirinn atá sa dán agus d’aithin an Piarsach a chumhachtaí a bhí sé ina óráid chlúiteach ag uaigh Uí Dhonnabháin Rosa. Tá macalla Róisín Dubh ina óráid féin, ‘a chairde, ná bíodh brón ar éinne’, agus ‘a chairde ná bíodh brón orainn’, mar atá curtha i láthair ag Ó Tuama, (1981: 308).  Is léir ón úrscéal go raibh Máire faoi thionchar an Phiarsaigh agus gur aontaigh sé lena dhearcadh ar shaoirse na tíre agus ar thírghrá. Tá prionsabal an Phiarsaigh scaipthe ar fud shaothar Mháire. Luann Róise, an príomhcharachtar, luann sise an Piarsach san úrscéal agus cé go ndeir sise na focail, is díreach as béal Mháire a thagann siad. Cuireann Máire focail an Phiarsaigh i mbéal Roise síos tríd an úrscéal a léiríonn go raibh sé ar aon ogham leis; ‘caithfear an Ghaeilig a shábháil, sin nó ab tír a chailleadh. Tír gan anam tír gan teangaidh. Ní bheadh Éire leath an ama faoi chrann smola ag Sasain mar atá sí ach go b’é gur ligeadh bás na Gaeilge.’ (Mac Congáil, 2010:29). Chonacthas do Mháire go raibh dlúthcheangal idir cúrsaí oideachais agus cúrsaí tírghrá agus teanga. Is í Róise a dhiúltaíonn rialacha an Bhord Náisiúnta a chur i bhfeidhm ina scoil. Ba é an carachtar Mac Caoláin a dúirt, “Is í Róise an chéad duine a d’fhulaing buille ar son an Chonartha,” nuair a briseadh as a post í. Cuirtear fealsúnacht an Phiarsaigh maidir le cúrsaí oideachais in iúl in The Murder Machine tríd an charachtar Róise. Ina alt, The Language in Tírchonaill, in eagar ag Mac Congáil (2003: 134), scríobh Máire:

The sooner the people of Ireland realise the havoc which the present system of education is working on their children, the better for Ireland. They should understand the situation fully. The present system of education is the last straw on the back of Irish nationality. Slowly and quietly, it is doing what fire and sword could never do. It is anglicizing the rising generation and moulding their bodies and minds on anti-Irish lines. English language, English history, English things in general occupy prominent places in the school life of the children.

Tá an dearcadh ceanann céanna ag Róise nuair a deir sise, ‘Déanadh an Bord a rogha rud, ní theagascóchaidh mise stair na Sasana; agus déanadh sé a rogha rud arís ní stadfaidh mé de theagasc Gaeilge. Agus déanadh sé a rogha rud an tríú huair, ní scarfaidh mé ó Chonradh na Gaeilge. Má tá deor fola i gcuid oidí na hÉireann troidfidh siad an cás amach’ (Mac Congáil, 2010: 53). Tá sé ráite ag Breandán Ó Conaire, scoláire ar de hÍde, sa chlár Uachtaráin ar TG4 (2007), go ndúirt de hÍde go minic an rud a bhí ráite ag an bPiarsach agus ag an gCoileánach; gurbh as an gConradh a d’fhás na hÓglaigh agus gurbh as na hÓglaigh a d’fhás Saoirse pholaitiúil na hÉireann. Is léir gur imir an Conradh tionchar mór ar thuairimí Mháire agus go bhfaca sé an aisling a bhí aige; ‘mairfidh an spiorad a mhuscail an Conradh ins na daoine.’ (ibid: 60). Críochnaítear an chéad chaibidil le cineál d’fhorógra a bhfuil tionchar an Phiarsaigh air, ‘A uaisle Gael a léifeas an scéilín seo, cuimhnígí, má tá go bhfuil Éire saor anois, nárbh amhlaidh a bhí i gcónaí. Tháinig sibhse chun an tsaoil i saorsacht. Bhí an Sasanach buailte agus an tír agus teangaidh slánaithe réidh fá bhur gcoinne ag teacht daoibh’, (Mac Congáil, 2010: 7). Luaitear an Piarsach go díreach níos faide anonn san úrscéal, ‘Ardmháistir Scoil Éanna, agus an Gael is fearr againn’, (2010: 46), agus ‘Bhí a fhios ag an Phiasrach gur shábháil obair na seachtaine Éire ar feadh líne eile daoine’, (2010: 86). Tagraítear fosta do Robert Emmet (2010: 47) agus do Shéamas Ó Conghaile (2010: 47, 48) a léiríonn meas Mháire ar thírghráthóirí na tíre. Chríochnaigh Máire an t-úrscéal leis na focail, ‘a fhad is a bheas na huaigheannaí seo in Éirinn, ní bheidh suaimhneas inti gan saoirse’, aistriúchán díreach ar fhocail an Phiarsaigh ag uaigh Uí Dhonnabháin Rosa, ‘…and while Ireland holds these graves, Ireland unfree shall never be at peace’ (in eager ag Doherty, 2012: 112). Mar sin de, léirítear ómós áite tríd an tírghrá agus tríd an ghrá do laochra na tíre go soiléir san úrscéal. Aibhsíonn Nic Eoin, (1982: 182) go bhfuil náisiúnachas rómánsúil a linne le mothú tríd síos an úrscéal. Deir sí go bhfuil Róise mar bhanlaoch an scéil agus ina carachtar atá lán le tírghrá. Dar le Ó Gallchóir (1992: 18), ‘Tá a shaothar uilig saillte le politíocht thús an chéid. Dearcadh náisiúnta a bhí aige. Ba iad an Piarsach agus Mitchel a chuid laochra.’ Dúirt Ó Gallchóir in Scríbhneoireacht na gConallach (in eagar ag Mac Congáil, 1990: 101), gurbh é tírghrá an dara téama mór i saothar Mháire – an tírghrá agus a chuid ruball – an pholaitíocht, an t-oideachas agus an teanga.

Conclúid

Is tríd na teaghlaigh ar daofa é, an teanga, na traidisiúin, an tírdhreach, agus an tírghrá a léiríonn Máire a ómós dá áit dhúchais in MDR. Rinneadh iarracht na téamaí éagsúla a scagadh ina n-aonar ach is minic a thagann siad trasna ar a chéile go nádúrtha. Chaith Máire a shaol ina dhuine fásta ar lorg an dúchais agus é as baile. Ina chuid aistí critice agus cultúir, cuireann Ó Doibhlin (1964: 200) síos ar a dheacra atá sé an téarma dúchas a mhíniú. Deir sé, ‘ní haon iontas, is dócha, oiread sin tábhacht a bheith le focal inar inchollaíodh ceann de na gothaí is bunúsaí i dtraidisiún cultúrtha na tíre seo, is é sin, an meas ar an rud ársa, ar an rud a rug bua ar imeacht aimsire, ar an tseanchuimhne; [ba dhual dúinn riamh an tsúil siar]’. Is léir go raibh meas ag Máire ar an oidhreacht a bronnadh air agus leirítear sin go soiléir tríd an teaghlach, an teanga, na traidisiúin, an tírdhreach agus an tírghrá in MDR.

 

Tagairtí

Doherty, G. (eag.) (2012) The Coming Revolution. The Political Writings and Speeches of Patrick Pearse. Cork: Mercier Press.

Hannan, R. (1991) ‘An Ball Uaigneach Seo: Attachment to place in Gaelic literature.’nÉire-Ireland 36(2). 19–31.

Hodgins T. (2006) ‘Máire’: an fear á léiriú féin. BÁC: Coiscéim.

Kiely, B. (1982) ‘A Sense of Place.’ Mac Réamoinn, S. (ed.) The Pleasures of Gaelic Poetry. Harmondsworth: Allen Lane, Penguin Books.  93–109.

Mac Congáil, N. (2002) ‘Fiannaíocht: Scian go mBuaidh le Fionn Mac Cumhaill.’ Feasta, Iml. 55, Uimh. 1. 14–8.

Mac Gabhann, S. (2016) An Cruitire. https://www.cairdenacruite.com/wp-content/uploads/2016/07/AnCruitire_2016.pdf

Mac Cionnaith, M. (2005) Is fann guth an éin: Seanchas Rann na Feirste. BÁC: Coiscéim.

Mac Congáil, N. (1983) Scríbhneoirí Thír Chonaill. Maigh Eo: Foilsiúcháin Náisiúnta Tta.

Mac Congáil, N. (1990) Máire – Clár saothair. BÁC: Coiscéim.

Mac Congáil, N. (1990) Scríbhneoireacht na gConallach. BÁC: Clóchur.

Mac Congáil, N, (eag.) (1992) Johneen Khordaroy Answers Critics. BÁC: Clóchur: Peanntrónaic Teo.

Mac Congáil, N. (eag.) (2003) Na Blianta Corracha. BÁC: Coiscéim.

Mac Congáil, N. (eag.) (2010) Mo Dhá Róisín le ‘Máire’.  BÁC: Coiscéim.

Mac Grianna, S.B. (1976) Ceoltaí agus Seanchas. Rann na Feirste: Coiste Choláiste Bhríde.

Maguidhir, S. (eag.) Maith thú a Mhicí Roinn de chuid Scéalta Mhicí Sheáin Néill rann na Feirste. Muineachán: Cló Oirghialla.

Nic Eoin, M. (1983) An Litríocht Réigiúnach. BÁC: An Clóchomhar Tta.

Nic Niallais, C. (2021) Scéalta Draíochta Mhicí Sheáin Néill. Tír Chonaill: Eabhlóid.

Ó Corráin, A. (1989) A Concordance of Idiomatic Expressions in the Writings of Séamas Ó Grianna. The Institute of Irish Studies

Ó Conghaile, M. (2012) Leabhar Mór na nAmhrán.  Indreabhán, Co. na Gaillimhe: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Doibhlin, B. (1964) Aistí Critice agus Cultúir. BÁC: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.

Ó Doibhlin, B. (1992) Ón Chreagán go Ceann Dubhrann. BÁC: An Clóchomhar Tta.

O’Donohue, J.,(1998) Eternal Echoes. Bantam Press.

O’Donohue, J. (2003) Divine Beauty. Bantam Press.

Ó Gallchóir, S. (1992) Peigí ar ‘Mháire’. BÁC: Coiscéim.

Ó Grianna, C. (1998) Rann na Feirsde, Seanchas ár Sinsear. Tír Chonaill: Cló Cheann Dubhrann.

Ó Grianna, S. (1921) Mo Dhá Róisín.  BÁC: Faoi chomhartha na dtrí gcoinneal.

Ó Grianna, S. (1942) Rann na Feirste. BÁC: An Preas Náisiúnta.

Ó Grianna, S. (1945) Saol Corrach.  BÁC: Cló Mercier.

Ó hAodha, S. (1922) Óir-Chiste.  BÁC: Comhlacht Oideachais na hÉireann.

Ó Tuama, S. & Kinsella, T. (1981) An Duanaire 1600–1900. Poems of the Dispossessed. BÁC: The Dolmen Press.

Pearse, P. (1976) The Murder Machine and other essays. Cork: Mercier Press.

Titley, A. (2002) An tÚrscéal Gaeilge. BÁC: An Clóchomhar Tta.

Agallaimh

Pádraig Ó Baoghaill, 21.11.18

Máirtín Mac Grianna, 28.11.18

Suíomh idirlín

Waldron, K.E., & Friedman, R. (2013) Literature of Place – Aarhus Universitet. Arbejdspapir nr. 13 Institutu for Litteraturhistorie Aarhus Universitet. https://cc.ac.uk.

Clár teilifíse

Uachtaráin, Dubhghlas de hÍde, TG4. 18.04.07.