DOI: https://doi.org/10.13025/29619

An Mhuc Dhraíochta

Aistriúchán ar shliocht as The Enchanted Pig

Maitilde Warsop a d’aistrigh

Bhí Rí ann tráth a raibh triúr iníonacha aige. Tháinig an lá a raibh ar an Rí dul chun troda, mar sin chuir sé fios ar a iníonacha agus dúirt sé leo:

‘A chailíní, caithfidh mé dul chun cogaidh. Tá arm mór an namhad ar an mbealach. Is údar mór bróin dom é sibh a fhágáil, ach tabharfaidh sibh aire díobh féin agus mé imithe. Bígí go maith, agus tugaigí aire don teach. Féadfaidh sibh dul ag siúl sa ghairdín agus beidh cead bhur gcoise agaibh sa phálás, seachas an t-aon seomra amháin ar chúl ar an taobh thuaidh. Ná téigí isteach ansin ar bhur mbeo; ní fios cén dochar a dhéanfaí daoibh.’

‘Ná bí buartha, a athair,’ arsa na hiníonacha. ‘Tugaimid aird ort i gcónaí, agus ní stopfaimid anois. Ar aghaidh leat chun troda, agus go bhfaighe tú an lámh in uachtar ar an namhaid gan mhoill!’

Agus é réidh le himeacht, bhronn an Rí eochracha na seomraí ar na hiníonacha agus chuir sé fainic orthu arís maidir leis an seomra ó thuaidh. Phóg a iníonacha a lámha agus deora ina súile. Ghuigh siad gach rath air agus shín sé na heochracha chuig an iníon ba shine.

Fágadh na hiníonacha leo féin ansin, agus iad trína chéile ar fad. Bhí siad díomhaoin ar dtús gan an rí, ach sa deireadh tháinig siad ar bhealach chun an t-am a líonadh. Shocraigh siad cuid den lá a chaitheamh ag obair, cuid eile ag léamh, agus cuid eile amuigh faoin aer sa ghairdín. D’imigh an t-am agus iad ina bhun sin, agus d’éirigh siad cleachtach ar an saol gan an Rí. Ach bhí na hiníonacha fiosrach i gcónaí.

‘A dheirfiúracha,’ arsa an Banphrionsa ba shine, ‘ní dhéanaimid tada ach fuáil, sníomh, agus léamh. Táimid linn féin le cúpla lá anuas anois, agus níl sa ghairdín ach na seanphlandaí céanna. Táimid tar éis chuile chearn den phálás a fheiceáil, agus staidéar a dhéanamh ar gach cathaoir ornáideach agus gach taipéis ghalánta. Níl fágtha anois ach an t-aon seomra amháin: an seomra nach bhfuil cead againn dul isteach ann. Cén fáth nach rachaimis isteach?’

‘A dheirfiúr,’ arsa an iníon ab óige, ‘ní fhéadfaimid smaoineamh ar dhul isteach ansin fiú. Is cinnte go bhfuil cúis leis an méid a dúirt ár n-athair. Dúirt sé linn fanacht glan ar an seomra, agus ní fhéadfaimid neamhaird a dhéanamh de.’

‘Ní fhéadfadh sé go bhfuil aon rud ró-olc istigh ansin’, arsa an dara banphrionsa. ‘Ní bheadh aon rud a ghortódh muid ann cosúil le harracht nó le hainsprid. Agus má théimid isteach, cén chaoi a mbeadh a fhios ag ár n-athair ar aon nós?’

Lean na hiníonacha orthu ag cur agus ag cúiteamh go dtí gur shroich siad an seomra. Faoin am sin bhí siad spreagtha chun misnigh, agus chuir an iníon ba shine an eochair sa doras. D’oscail an doras le díoscán ard agus isteach leis na cailíní.

Seomra folamh a bhí os a gcomhair. Ní raibh breáthán ná ornáid ann, agus bhí an seomra lom, seachas bord mór trom i lár an tseomra. Bhí éadach gréasach galánta ar an mbord, agus ar a bharr sin bhí leabhar mór ar oscailt.

Mhúscail an leabhar spéis na gcailíní fiosracha, agus thosaigh an iníon ba shine ag léamh a raibh scríofa ann.

‘An iníon is sine atá ag an rí, pósfar le prionsa ón Oirthear í.’

Anonn leis an dara hiníon, agus chas sí an leathanach.

‘An dara hiníon atá ag an rí, pósfar le prionsa ón Iarthar í.’

Chuir an tairngreacht gliondar agus lúcháir ar an mbeirt ba shine, ach ní raibh fonn ar an mbanphrionsa ab óige dul i bhfoisceacht urchar méaróige den bhord ná den leabhar. Ach ní raibh na hiníonacha ba shine sásta an seomra a fhágáil gan deireadh an tuair a chloisteáil. Tharraing siad an iníon ab óige anonn chuig an mbord i gcoinne a tola. Chas sí an leathanach arís agus scanradh a hanama uirthi. Is éard a bhí scríofa ann:

‘An iníon is óige atá an rí, pósfar le muc ón Tuaisceart í.’

Thug an iníon ab óige deirge ar bháine agus eagla a croí uirthi. Ba bheag nár thit sí ina laige, murach gur choinnigh a deirfiúracha ina seasamh í.

Nuair a tháinig sí chuici féin arís tar éis an drochscéala a fháil, rinne a deirfiúracha iarracht sólás a thabhairt di.

‘Seafóid amach is amach atá ansin,’ arsa deirfiúr amháin, ‘Ní phósann banphrionsaí muca.’

‘Ná creid an raiméis sin,’ arsa an deirfiúr eile, ‘is iomaí saighdiúir atá ag ár n-athair a chosnódh thú ó thruán mar sin ar aon nós.’

Bhí an banphrionsa ab óige ag iarraidh an méid a dúirt a deirfiúracha a chreidiúint, ach ghoill sé go mór uirthi. Rinne an leabhar buairt di, agus í ag smaoineamh go mbeadh a deirfiúracha sona sásta agus míchinniúint roimpi féin nár chualathas a leithéid fúithi riamh.

Bhí sé ag dó na geirbe aici chomh maith nach ndearna sí beart de réir a briathair nuair nár lean sí treoracha a hathar. Buaileadh tinn í, agus tar éis cúpla lá bhí sí athraithe as cuimse. Bhíodh sí gealgháireach greadhnach, ach de réir a chéile d’éirigh sí mílítheach meirtneach. D’éirigh sí as an spraoi sa ghairdín, stop sí ag cur bláthanna ina gruaig, agus stad sí den cheol binn agus í ag sníomh agus ag fuáil lena deirfiúracha.

Idir an dá linn, d’éirigh leis an Rí an ceann is fearr a fháil ar an namhaid, agus é tar éis slad agus marú a dhéanamh ar an arm. Ní raibh sé tar éis a iníonacha a fheiceáil le ceithre mhí anuas, mar sin bhí sé ag tnúth go mór le filleadh ar an bpálás. Cuireadh fáilte agus fiche roimhe, agus bhí ceiliúradh mór ann ar feadh na hoíche, le ceol, bia agus iontlas. Ar fhilleadh dó, ghabh an Rí buíochas mór le Dia go raibh an bua aige, agus go raibh sé slán sábháilte arís. Isteach leis sa phálás ansin, agus tháinig an triúr banphrionsaí chun fáilte a chur roimhe. Rinne an iníon ab óige a seacht ndícheall cuma shona fholláin a chur uirthi féin, agus bhí lúcháir ar an Rí a fheiceáil go raibh a iníonacha i mbarr a sláinte.

In ainneoin chur i gcéill na hiníne ab óige, ba ghearr gur thug an Rí faoi deara go raibh sí ag éirí fíorthanaí agus brónach. Rith sé leis go tobann gur dócha go raibh sí tar éis an leabhar a fheiceáil, agus nár lean sí a threoracha. Is beag nach raibh sé cinnte dearfa de, ach chun go mbeadh sé iomlán cinnte, ghlaoigh sé ar a iníonacha, cheistigh sé iad, agus dúirt sé leo an fhírinne a insint dó. D’inis siad an scéal ar fad dó, ach níor admhaigh siad dó cé acu a spreag an cathú sa bheirt eile.

Bhí an Rí trína chéile ar fad faoin am go raibh an scéal ar fad inste acu. Baineadh suaitheadh mór as. Mar sin féin, chuir sé guaim air féin agus rinne sé iarracht sólás a thabhairt dá iníonacha. Bhí eagla a gcroí orthu, ach thuig an Rí go raibh siad tar éis an leabhar a fheiceáil, agus nach ndéanfadh sé aon mhaith pionós a chur orthu ná tabhairt amach dóibh.

Le himeacht ama rinne gach duine dearmad ar an scéal. Ach ansin, lá amháin tháinig prionsa ón Oirthear chuig an bpálás. D’fhiafraigh sé den Rí an bhféadfadh sé an iníon ba shine a phósadh. Ní raibh drogall dá laghad ar an Rí cead a thabhairt dó. Réitigh siad i gcomhair ceiliúradh mór a mhair ar feadh trí lá, agus tar éis na bainise tugadh an lánúin chomh fada leis an teorainn agus gliondar orthu.