DOI: https://doi.org/10.13025/29616

Drámaí Bunscoile – Ceol agus Amhráin le Fil Uí Dhubhghaill, Micheál Ó Dubhghaill & Jane Shimizu

(Cló Iar-Chonnacht, 2023, €20)

Léirmheas le: Dónal Ó Síocháin

Is bailiúchán drámaí é an leabhar Drámaí Bunscoile le Fil Uí Dhubhghaill, Micheál Ó Dubhghaill agus Jane Shimizu a bheadh an-oiriúnach do ranganna Naíonán go Rang a Dó i mbunscoileanna agus i nGaelscoileanna. Tá deich ndrámaí bunscoile nuascríofa sa leabhar. Roinntear na caibidlí  ina dtéamaí agus ina scéalta agus cabhraíonn an leagan amach seo leis an eispéireas léitheoireachta, mar cuireann sé scéalta agus drámaí suimiúla le carachtair agus téamaí éagsúla ar fáil. Tá an ceol agus na hamhráin a théann leis na drámaí sa leabhar Drámaí Bunscoile ar fáil ar leathanach Soundcloud Chló Iar-Chonnacht. Tá an Ghaeilge a úsáidtear sna drámaí an-bhunúsach le go leor athrá, rud a fhágann go bhfuil siad an-oiriúnach do pháistí nach labhraíonn Gaeilge sa bhaile lena dtuismitheoirí. Chomh maith leis sin, áfach, beidh múinteoirí sna scoileanna Gaeltachta agus i nGaelscoileanna in ann an teanga a dhéanamh níos deacra chun cur le caighdeán teanga na bpáistí, tríd an teanga a athrú beagán agus í a dhéanamh níos casta do pháistí a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu.

In Cairde Learaí, téann Learaí ‘ar strae’ (11) an t-am ar fad agus is cosúil go bhfuil sé an-uaigneach agus  go mbíonn imní air i gcónaí. Baintear úsáid as Gaeilge shimplí agus a lán athrá. Is breá le páistí athrá i leabhair agus cabhraíonn sé leo foghlaim níos éasca. Is léir go bhfuil béim mhór ar na séasúir agus ar an gcaoi a dtugann gach séasúr cineálacha éagsúla aimsire dúinn: ‘An samhradh atá ann, tá duilleoga ar na crainn, tá an ghrian sa spéir, tá sé te’ (11). Filleann Learaí abhaile nuair a thagann an t-earrach agus bíonn sé sásta faoi dheireadh. Léiríonn sé go dtugann an t-earrach dóchas dúinn go léir. Múineann sé freisin do na páistí tábhacht na séasúr agus cé chomh difriúil is atá gach séasúr.

Is iomaí téama atá sa dráma An Fear Bréige Sona, mar shampla, cairdeas, brón agus cineáltas. Bíonn Laoire, an Fear Bréige, an-sásta, fiú sa drochaimsir. ‘Níl mise fuar ar chor ar bith. Is breá liom an sneachta’ (17). Oíche amháin tosaíonn an ghaoth ag séideadh mar bhí stoirm mhór ag teacht. Tar éis na stoirme, níl fágtha den Fhear Bréige anois ach géag. Is cosúil go ndearna an feirmeoir Fear Bréige nua agus is crann álainn é Laoire ag deireadh an dráma. Glactar leis gur faoi chiorcal an tsaoil, agus a thábhacht ar an bhfeirm an chuid seo den dráma. Tugann sé seo le fios go n-oibreodh na téamaí agus an teanga sa dráma seo go maith sna Naíonáin Shinsearacha, toisc go bhfuil an teanga simplí agus go mbeadh na téamaí ag teacht le go leor de na topaicí ar an gcuraclam. Tagann sé seo le cur chuige na Roinne Oideachais i gCreatchuraclam na Luath-Óige Aistear maidir leis an bhfiosracht in oideachas na naíonán.

Léiríonn an dráma An Frogphrionsa scéal faoi Phrionsa leithleach, agus níl meas ar bith aige ar éinne. Is cosúil gur chaith sé go dona le cailleach lá amháin agus chuir sí faoi dhraíocht é. Glactar leis gur athraigh sí ina fhrog é. Buaileann sé le Banphrionsa agus pógann sé í. Fágann sé seo go n-athraíonn an frog ar ais ina Phrionsa arís. Ina dhiaidh sin, titeann siad i ngrá agus pósann an Prionsa agus an Banphrionsa. Is féidir a mhaíomh gurb é an príomhcheacht sa dráma seo ná a bheith diongbháilte. Úsáidtear Gaeilge shimplí sa dráma seo chun téamaí an chineáltais agus an ghrá a phlé. Tá na téamaí seo níos oiriúnaí do Rang a hAon nó Rang a Dó toisc go múintear iad ar bhealach níos doimhne i Rang a hAon ná i ranganna na Naíonán. Is é an chúis atá leis ná go mbeadh tuiscint níos fearr ag na páistí seo ar chastacht na dtéamaí seo.

Is dráma Nollag é Aindí Leisciúil. Is aoire é Aindí ach tá cuma an-leisciúil air, agus díríonn an príomhthéama air seo. Ba chosúil gur thug aingeal cuairt ar Aindí agus dúirt sé leis dul go Beithil. Mar sin, nuair a deir Aindí leis na haoirí eile cad a fheiceann sé, ceapann na haoirí eile go raibh Aindí ag magadh. Ní chreideann na haoirí eile Aindí agus imíonn sé go Beithil leis féin. Buaileann Aindí le Muire, Seosamh agus Íosa. Ansin tagann na haoirí eile isteach agus deir siad ‘Tá brón orainn nár chreid muid tú!’. Feicimid go dtugann Aindí maithiúnas dóibh. D’fhéadfaí a mhaíomh go scrúdaíonn an dráma seo muinín agus maithiúnas, agus mar sin, bheadh sé níos oiriúnaí do Rang a Dó. Bheadh ​​go leor de na páistí seo ag ullmhú dá gcéad fhaoistin agus a gcéad chomaoineach agus bheadh ​​go leor téamaí coitianta ann.

Is léir go bhfuil Daidí na Nollag ag iarraidh gach duine a eagrú don Nollaig sa dráma Panic i dTeach Dhaidí Na Nollag, ach níl daoine eagraithe. Mar gheall air seo, tá Daidí na Nollag ag éirí mífhoighneach ‘Shíl mé go ndúirt sibh go raibh sibh réidh!’ (44). Is cosúil go bhfuil gach rud ag obair ar deireadh ach tá fadhb eile ann, tá na fianna ag caint ar dul ar stailc. Fágann sé seo go gcuireann Rudolf ceist ar Dhaidí na Nollaig an féidir leis é a thabhairt timpeall an domhain. Dá bharr seo, tá áthas ar Dhaidí na Nollag ‘Rudolf le do shrón ghlé, an rachaidh tú ós comhair mo shlé?’ (46). Léiríonn sé seo ceacht an dráma, is é sin an tábhacht a bhaineann le bheith ag obair le chéile fiú nuair a thagann constaicí i do shlí. Is féidir é a athrú chun freastal ar aon rang idir na Naíonáin Shóisearacha agus Rang a Dó.

Is mór na cosúlachtaí idir an dráma An Bhanríon Chliste agus an síscéal An Banphrionsa agus an Pis. Oíche amháin, tarlaíonn stoirm agus cloiseann an Bhanríon cnag ar an doras. Feicimid bean óg ag an doras ‘Is banphrionsa mé. Tá mé ar strae / imithe amú, tá mé buartha, tá mé fuar’ (51). Tugann an Bhanríon leaba don Bhanphrionsa. Is cosúil go bhfuil trua aici di, mar ní chodlaíonn an Bhanphrionsa go maith. Mar sin fáin, tá an Bhanríon sásta ‘Ha Ha! Is banphrionsa í go deimhin!’ (52). Tugann sé seo le fios gurb é an ceacht atá le foghlaim ón scéal ná nach féidir leat rud a mheas ar a dhealramh. B’fhéidir go mbeadh an dráma go maith i Rang a Dó, mar tá brí níos doimhne leis i gcomparáid leis na drámaí eile.

Is léir go bhfuil ceacht tábhachtach le foghlaim ag páistí sa dráma An Teach a Bhí Róbheag – ní mór duit a bheith buíoch as a bhfuil agat. Mar a deir an seanfhocal, níl aon tintéan mar do thintéan féin. Is dráma faoi Mhamaí agus Dhaidí atá ann agus ceapann siad go bhfuil a dteach róbheag. Táthar ag gearán agus ag iarraidh comhairle a fháil ó dhaoine éagsúla faoin teach. Mar sin féin, ceapann na daoine eile go bhfuil an teach go hálainn, agus de réir a chéile tuigeann siad go bhfuil an t-ádh orthu. Ina theannta sin, tá a lán athrá agus Gaeilge shimplí ann. Mar sin, bheadh an dráma oiriúnach do Rang na Naíonán.

Déantar tagairt don seanfhocal Gaeilge Tír gan teanga, Tír gan anam, sa dráma Tír Gan Sorchas Tír Gan Anam. Is léir go bhfuil an t-údar ag iarraidh cur in iúl dúinn go gcaithfidh daoine spraoi agus taitneamh a bheith acu ina saol. Is ceacht tábhachtach é seo do pháistí. Is iomaí téama deas atá sa dráma agus is féidir mothúcháin eagsúla a fheiceáil anseo. Tá an dráma seo oiriúnach do Rang a Dó, mar go bhfuil teanga níos casta agus brí níos doimhne leis.

Is dráma faoi ollphéist a bhfuil an chuma air gur duine olc é agus atá an-uaigneach é An Ollphéist. Arís bíonn ceacht tábhachtach le foghlaim anseo, agus is léir go bhfuil sé cosúil leis an seanfhocal ní mar a shíltear a bhítear. Is cosúil go bhfuil an ollphéist an-uaigneach mar ceapann daoine go bhfuil sé dainséarach. Feicimid ag deireadh an dráma go ndéanann an ollphéist cairdeas le páiste agus sa deireadh leis muintir an bhaie ar fad. Tugann sé seo le fios an tábhacht a bhaineann le cairdeas. Tá an teanga agus na téamaí níos deacra anseo ná sna drámaí eile. Mar sin, bheadh an dráma seo oiriúnach do Rang a hAon nó Rang a Dó.

Tá a lán téamaí agus mothúchán sa dráma An Patrún Saileach. Léiríonn an dráma gur féidir leis an ngrá constaicí a shárú. Insítear dúinn gur mhaith leis an Impire go bpósfadh a iníon, Li Chi, fear saibhir ach titeann sí i ngrá le seirbhíseach, Chang. Mar sin, caithfidh siad éalú ón Impire. Deirtear linn go gcuireann an tImpire an droichead trí thine agus faigheann Li Chi agus Chang bás. Gan dabht, is críoch bhrónach í seo, ach críochnaíonn an dráma le roinnt dóchais. Is taibhsí Li Chi agus Chang an dá éan a eitlíonn thar an droichead. Tugann sé seo le fios go mbeidh siad le chéile go deo. Is ceacht tábhachtach é, go háirithe nuair a smaoinímid ar an ngrá agus ar an mbás. Bheadh an dráma seo oiriúnach do Rang a Dó.

Mar fhocal scoir, b’fiú go mór an leabhar Drámaí Bunscoile a léamh. Tá múinteoirí ag gearán le fada faoi easpa drámaí / leabhar i nGaeilge do dhaoine óga. (Pléadh é seo i bhfoilseachán De Brún ‘Leabhair Ghaeilge do Pháistí’, áit a ndearna sí suirbhé ar chomh fada siar le 2007.) Is acmhainn iontach é Drámaí Bunscoile d’aon mhúinteoir bunscoile. Tá an Ghaeilge simplí, tá go leor athrá ann agus clúdaítear go leor téamaí. Bheadh ​​sé an-úsáideach i suíomh na Naíonán Sóisearacha go Rang a Dó, agus do pháistí nach bhfuil Gaeilge líofa acu ach ag an am céanna is féidir é a dhéanamh níos dúshlánaí más gá. Is féidir leis an múinteoir úsáid a bhaint as an leabhar seo nuair a bhíonn gnéithe eile de churaclam na bunscoile á ndéanamh acu, mar shampla na séasúir, na huimhreacha, fiú amháin na briathra. Tá ardmholadh tuillte ag na húdair as an mbailiúchán sármhaith seo de dhrámaí Gaeilge. Ní fhéadfadh sé ach cur le saibhreas Gaeilge na nglún óg.