DOI: https://doi.org/10.13025/29617

Léirmheas ar Ag cur chun fónaimh: Údarás na Gaeltachta ó 1980 i leith

 

á chur in eagar ag Gearóid Ó Tuathaigh & Breandán Mac Suibhne

(Cló Iar-Chonnacht 2023, €20)

Léirmheas le: Honoria Ní Mháille

Is cnuasach aistí atá sa leabhar Ag cur chun fónaimh: Údarás na Gaeltachta ó 1980 i leith, a chuir Gearóid Ó Tuathaigh agus Breandán Mac Suibhne in eagar agus a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht, agus léiríonn an leabhar stair Údarás na Gaeltachta óna bhunú sa bhliain 1980. Ceann de na buntaistí is mó a bhaineann le leagan amach an leabhair ná an chodarsnacht idir ailt atá dírithe ar pholasaithe agus scéimeanna a bhí agus atá ag an Údarás agus ailt a thugann cuntas pearsanta dúinn ó bhéal daoine a raibh tionchar ag na scéimeanna nó na polasaithe seo orthu. Is féidir leis an leitheoir iomhá iomlán a fháil ar thionchar obair an Údaráis.

Tá an leabhar dírithe go príomha ar lucht labhartha na Gaeilge a bhfuil suim acu sa stair agus ar lucht léinn a bhfuil foinse ar stair na heagraíochta uathu. Clúdaíonn na haistí réimse leathan ábhar, stair an stáit, an eacnamaíocht, an fhorbairt pobail, cúrsaí gnó, an tsochtheangeolaíocht agus an phleanáil teanga ina measc.

Tá cúig aiste is fiche ann san iomlán agus i measc na scríbhneoirí tá Éamon Ó Ciosáin, Donncha Ó hÉallaithe, Proinsias Breathnach, Máirtín Ó Conghaile, Máire Seó Breathnach, Tadhg Ó Cuinn, Páidí Ó Lionáird, Emer Ní Bhrádaigh, Áine Ní Chonghaile, Mícheál Ó Domhnaill, Peadar Mac an Iomaire, Máire Mhic Niallais, Pádraig Firtéar, Pádraic Mac Donncha, Seán Ó Coistealbha, Mícheál Ó Cinnéide, Breandán Mac Suibhne, Áine Ní Chiaráin, Seosamh Ó Cuaig, Máirín Ní Ghadhra, Carmel Ní Bhriain, Pádhraic Ó Ciardha, Fionnbarra Ó Muirí, John Walsh agus Finbarr Bradley. Is féidir leis an léitheoir dearcthaí an-difriúil a fháil ar chuid de na heachtraí stairiúla céanna in ailt éagsúla, rud atá an-suimiúil agus cabhrach chun léargas iomlán a fháil ar stair na heagraíochta. 

Déantar plé ar cheann de na fadhbanna is mó atá i mbéal an phobail faoi láthair, is í sin fadhb na tithíochta sa nGaeltacht sa chnuasach. San alt leis an Dr John Walsh ‘Ón bhforbairt thionsclaíoch go dtí an phleanáil teanga’, léiríonn sé go raibh iarrachtaí ar bun ag Údarás na Gaeltachta tithíocht shóisialta a sholáthar sa nGaeltacht chomh fada siar le 2004 agus gur cuireadh stop leis na hiarrachtaí seo mar gheall ar shrianta reachtaíochta (367). Tá sé seo suntasach mar gheall ar an léargas a thugann sé dúinn ar an bpleanáil fhadtéarmach a bhíodh ar bun ag an Údarás. Tá sé mar aidhm ag an mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 cumhacht reachtaíochta a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta talamh a cheannach le haghaidh tithíochta, agus tá ábhar an ailt seo tráthúil dá bharr.

Tugann an leabhar léargas iontach ar an mbaint láidir a bhí ag an Údarás le réimse na forbartha poiblí. Mar a léiríonn Peadar Mac an Iomaire – a bhfuil go leor oibre déanta aige féin sa réimsde seo i gCois Fharraige – san alt ‘Údarás na Gaeltachta agus an Fhorbairt Pobail’, thosaigh an fhorbairt pobail ag teacht chun cinn in Éirinn ag tús na seascaidí i measc daoine óga a raibh dearcadh nua acu: ‘D’fhéach an ghlúin óg ar an bhforbairt pobail mar chur chuige ina mbeidh iarrachtaí an stáit i bpáirt le hiarrachtaí na ndaoine ag oibriú ar mhaithe le saol agus bealaí maireachtála an phobail a fheabhsú’ (190). Cé nach raibh cumhacht ag an Údarás i leith na forbartha pobail go dtí lár na seachtóidí, léiríonn Mac an Iomaire go raibh muinín an phobail iontu ina cúnamh mór dóibh. 

Déantar plé sa leabhar freisin ar na bealaí a dtugann an tÚdarás cúnamh do mhuintir na Gaeltachta lena ngnólachtaí féin a fhorbairt agus ar an gcaoi ar thug siad faoi cheist na fostaíochta thar na blianta. Déanann an Dr Emer Ní Bhradaigh cur síos cuimsitheach air seo san alt s’aici ‘Fiontraíocht na Gaeltachta’. Léirítear roinnt eolais faoi na tionscadail chlosamhairc agus faoi na tionscail mhara agus faoi mhúnla na fiontraíochta sóisialta anseo (127–50). Chomh maith leis sin, faightear léargas ar an gcaoi a gcaitear leis na heagraíochtaí a fuair cúnamh ón Údarás san alt ó pheann Áine Ní Chonghaile  – duine de bhunaitheoirí Chomhlacht Aistriúcháin Europus ina halt siúd darb ainm ‘Lámh an Charad’ (151–7).

 I dtaca leis na tionscadail chlosamhairc, déanann Carmel Ní Bhriain cur síos cuimsitheach air seo ina halt ‘Údarás na Gaeltachta agus laetha tosaigh thionscal closamhairc na Gaeltachta (1987–1996)’. Tagraíonn sí do bhunú TG4 agus don ról tábhachtach a bhí ag an Údarás le cinntiú go mbeadh na scileanna cuí ag muintir na Gaeltachta chun an deis iontach seo a thapú (308). Bhí sé de chiall ag an Údarás cúrsaí oiliúna i scileanna teilifíse a chur ar fáil agus thuig siad ‘go raibh sé riachtanach daoine Gaeltachta a oileadh i gcúrsaí léirithe clár má bhíothas chun sprioc na teilifíse a bhaint amach’ (309). Tá sampla maith den dea-éifeacht a bhí aige seo le feiceáil in alt Mháire Seó Breathnach ‘Údarás na Gaeltachta agus Gaeltacht na nDéise’ freisin. Déanann Máire tagairt don chomhlacht léirithe ‘Nemeton’, comhlacht a fuair ‘infheistíocht shuntasach’ ón Údarás agus dar léi ‘le tacaíocht ón Údarás, tá timpeall is caoga duine fostaithe acu anois ar bhonn lánaimseartha’ (103).

Is cúis iontais é, seans, nach bhfuil níos mó ábhair sa leabhar seo maidir leis an bpleanáil teanga – ceann de na freagrachtaí is mó atá ar an Údarás le blianta beaga anuas, ach is dóigh nach bhfuil athbhreithniú déanta ar éifeacht na bpleananna teanga fós.

Mar sin féin, tá an-chuid eolas luachmhar ann faoin obair a bhí agus a bhíonn ar siúl ag Údarás na Gaeltachta. Chomh maith leis sin, is leabhar úsáideach é le comhthéacs a fháil ar obair an Údaráis thar na blianta agus an chaoi a bhfuil freagrachtaí na heagraíochta athraithe ó bunaíodh é.

Bheadh an leabhar an-fheiliúnach do dhaoine nach mbeadh mórán ar eolas acu faoi stair na Gaeilge sa 20ú haois. Tugtar go leor eolais faoin gcúlra eacnamaíochta, sóisialta agus polaitíochta a bhfuil tionchar acu fós ar stádas na teanga agus na Gaeltachta sa lá atá inniu ann. Léiríonn an leabhar an tionchar a bhí ag Údarás na Gaeltachta ar mhuintir na Gaeltachta ar bhealach atá cuimsitheach ach pearsanta ag an am céanna agus stíl scríbhneoireachta éagsúil ag ’chuile scríbhneoir. Coinníonn sé seo aird an léitheora agus fágann an leagan amach gur féidir na haistí a léamh neamhspleách ar a chéile.