Réamhrá
Is í an tsuim mhór i gcultúr na tíre a spreagann foghlaimeoirí fásta le clárú i ranganna Gaeilge timpeall na tíre. Spreagtar foghlaimeoirí fosta a mhothaíonn go láidir faoina bhféiniúlacht Ghaelach agus faoina ndualgas leis an teanga a chaomhnú ar bhealach ar féidir leo (Wright & McGrory, 2005: 191). Is baic mhóra iad san fhoghlaim an t-am a ghlactar agus minicíocht úsáid na teanga, rud a fhágann go dtabharfaí cás an fhoghlaimeora suas aici/aige go luath (COGG, 2020). Fágtar an fhoghlaim ag an chéad ghlúin eile, páistí Gaelscoile is minic, leis an dóchas go mbeidh an Ghaeilge mar theanga theaghlaigh faoi athuair (ESRI, 2017). Is ard é líon na ndaoine in Éirinn a bhfuil toil iontu an teanga a fhoghlaim, 67% sa phoblacht agus 45% sna sé chontae (ESRI, 2015). Cuir i gcás an toil sin a chomhtháthú le modhanna seachadta nuálacha do dhaoine fásta leis an bhearna de dhaoine os cionn 20 bliain d’aois (24.4% le Gaeilge idir 20—85+) nach bhfuil Gaeilge acu a líonadh (CSO, 2023). Is é sin an cur chuige atá sa Bhriotáin. San alt seo, cuirfear cás-staidéar i láthair de scoileanna teanga do dhaoine fásta, go sonrach don Bhriotáinis sa Bhriotáin, chomh maith le húsáid an mhodha teagaisc Total Physical Response —TPR posthāc— iontu le hoideachas níos éifeachtaí a chur ar fáil dírithe ar bhuntáistí na teanga labhartha. Is í aidhm an ailt seo ná argóint a chur chun tosaigh ar son ról féideartha an mhodha seo do theagasc na Gaeilge do dhaoine fásta in Éirinn, cúrsaí 6 mhí agus 9 mí leis an sprioc líofacht labhartha sa teanga a bhaint amach gan baic choitianta na scolaíochta, mar atá sa Bhriotáin le cur le leanúnachas an tseachadta teaghlaigh. Is éard is ciall le TPR ná modh teagaisc ina n-úsáidtear orduithe díreacha agus gníomhartha fisiciúla go príomha, ag díriú ar ionchur go mór seachas ar ionchur/aischur láithreach mar atá i dteagasc iondúil teangacha (Audic, 2025). Baintear úsáid as an teanga labhartha lena nascadh go láidir agus go nádúrtha leis an ghníomh fhisiciúil ar an bhealach chéanna a sealbhaíonn páistí teanga. Míneofar cúrsa oiliúna Briotáinise do dhaoine fásta agus an modh teagaisc TPR nó Total Physical Response, mar a chuireann an tOllamh James Asher síos air, (Asher, 1977) agus na buntáistí agus na dúshláin bhunúsacha faoina theagasc go beacht agus a acmhainneacht fhéideartha don Ghaeilge sa chéad chuid den alt. Lena chois sin, pléifear an t-athshealbhú teanga mar choincheap agus bainfear conclúidí amach as an mhachnamh a rinneadh ar an chomparáid idir dhá chás na dteangacha seo.
Stummadurioù
Sna 1990idí, tháinig athrú mór ar an bhealach a bhoghlaimíonn daoine fásta an Bhriotáinis nuair a cruthaíodh dianchúrsaí oiliúna sé mhí (Grimault, 2023: 1, 3). Is tumoideachas do dhaoine fásta é an Stummadur, nó dianchúrsa oiliúna, a bhfuil mar phríomhaidhm aige an Bhriotáinis a mhúineadh ar luas níos gasta agus le modh níos éifeachtaí ná modhanna clasaiceacha (Audic, 2025). Stummadur Hir (dianchúrsa oiliúna fada) a thugtar ar chúrsa sé mhí, agus Stummadur Uhel (ardchúrsa oiliúna gairid) a thugtar ar chúrsa 3 mhí, a dhéantar de ghnáth mar thacaíocht líofachta i ndiaidh chúrsa 6 mhí. Is é an rud a thairgtear ná oiliúint neamhchéime. Is mar gheall ar an Diplôme de Compétance en Langue (DCL, DBY sa Bhriotáinis), a chuimsíonn an Bhriotáinis sna teangacha ar a ndéantar measúnú orthu ó bhí 2010 ann, is féidir le hoiliúnaigh teastas cáilíochta agus leibhéal teanga Eorpach Teanga oifigiúil a bheith acu (OPAB, 2011: 29). Is cur chuige é seo atá fréamhaithe i gcoincheap na foghlama gníomhaí agus úsáid leanúnach na teanga sa tsaol laethúil (Féach Aguisíní – sampla den chlár). Is é an tumoideachas príomhghné na Stummadurioù. Is coincheap iad na Stummadurioù atá inchomparáide le hUlpan na Eabhraise, ‘Ar fhágáil an Ulpan dóibh, bíonn go leor Eabhraise acu chun obair a gceard nó a ngairm a dhéanamh go sásúil. Lena chois sin, bíonn tuigse acu do spiorad an Stáit agus eolas acu ar a stair agus a chultúr’ (Ó Canainn, 1963: 12). Tugann an cur chuige seo deis d’fhoghlaimeoirí a bheith báite sa teanga ar feadh tréimhsí fada gan tacaíocht na Fraincise, gné a chiallaíonn gur féidir le daoine a bhfuil teangacha dúchais dhifriúla acu Stummadur a dhéanamh fosta. Bunaítear an tumoideachas ar an choincheap nach mór d’fhoghlaimeoirí fásta an sprioctheanga a úsáid i dtimpeallacht nádúrtha agus i gcásanna praiticiúla le barr feabhais a bhaint amach. Spreagann sé foghlaimeoirí an teanga a mheas mar chuid lárnach de shaol sóisialta an ionaid oiliúna agus tugann sé breis muiníne dóibh í a úsáid.
Tá an clár dírithe ar dhaoine fásta ar mian leo an Bhriotáinis a fhoghlaim go tapa, go háirithe iad siúd atá ag iarraidh an teanga a úsáid go laethúil ina saol pearsanta nó ina gcuid oibre. Mealltar daoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu, idir mhúinteoirí, ghníomhaithe teanga, thuismitheoirí atá ag iarraidh an teanga a sheachadadh dá bpáistí, agus dhaoine a bhfuil spéis ghinearálta acu i gcultúr na Briotáine agus araile. Is spriocghrúpa oiriúnach iad daoine fásta do na haidhmeanna thuasluaite mar gheall go mbíonn cúrsaí taistil, cúrsaí caidrimh agus cúrsaí gairmiúla níos cobhsaí ag an tráth sin den tsaol. Deir Grimault (2023: 9,36–40): ‘L’apprentissage du breton résonne avec une volonté d’ancrage géographique ou professionnel. Il est même un motif pour trouver un emploi en Bretagne ou obtenir des mutations dans l’enseignement public’.
Tá tábhacht faoi leith leis an teagasc seo i gcomhthéacs na Briotáine, áit a bhfuil athbheochan na Briotáinise ag brath go mór ar fhoghlaimeoirí fásta leis an laghdú mór ar sheachadadh teaghlaigh ó ghlúin go glúin (OPAB, 2007: 17). Is í sin an aidhm is tábhachtaí ag Ofis Publik ar Brezhoneg (Oifig phoiblí na Briotáinise), eagraíocht arb ionann í le Foras na Gaeilge in Éirinn. Tá an-tábhacht leis seo maidir le pleanáil teanga, mar go dtugann sé deis do dhaoine fásta an teanga a athshealbhú agus a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile, dar leis an OPAB. Dar le Audic (2025), áfach, bheadh ar na Kreizennoù Stummañ (na hionaid oiliúna) seo na mílte daoine a theagasc achan bhliain le bearna na ndaoine idir 18–49 gan An Bhriotáinis a laghdú (amharc léaráid a 1) gan trácht ar chaighdeán teanga na ndaoine i ndiaidh na gcúrsaí (amharc léaráid a 4). Idir 2010 agus 2023 tháinig ardú 133.1% ar líon na bhfoghlaimeoirí ar Stummadurioù (amharc léaráid a 1, a dó & a trí. OPAB). Is ardchuspóir é, tús a chur le hathbheochan ar sheachadadh teaghlaigh, nach bhfuil réalaíoch agus cúrsaí maoinithe, suim an phobail á gcur san áireamh dar le Audic mar sin féin. Cé go maíonn Grimault ‘gur mó an seans go seachadann tuismitheoirí a d’fhoghlaim agus iad fásta (43%) an Bhriotáinis dá bpáistí ná iad siúd a d’fhoghlaim ar scoil amháin (27.7%)’(2023: 10, 44). Ina theannta sin, is gan líon na bhfoghlaimeoirí ó ranganna oíche san áireamh é seo go fiú. (Aistriúcháin ar fáil i Liosta na Léaráidí)

Léaráid a 1: OPAB, 2018: 5

Léaráid a 2: OPAB, 2012: 29

Léaráid a 3: OPAB, 2024: 8

Léaráid a 4: OPAB, 2024: 10
Is iomaí dúshlán a bhaineann leis na Stummadurioù, mar a luann Audic (2023), easpa áiteanna an teanga a úsáid sa phobal cuir i gcás (amharc léaráid a 4 do na figiúirí is déanaí). Ar cheann de na príomhdhúshláin, tá an gá le hacmhainní cuí sa phobal féin nuair a chríochnaítear cúrsa oiliúna. Is oide agus bainisteoir oideachais í Morwena Audic in Skol an Emsav sa chathair Roazhon (Rennes), scoil atá ar cheann de na príomhionaid oiliúna don Bhriotáinis sa Bhriotáin. Deir sí go bhfuil ‘géarghá le háiteanna nó gnólachtaí ina labhraítear An Bhriotáinis a d’fhéadfadh tacú lena bhfuil foghlamtha ag na mic léinn i ndiaidh an chúrsa.’ (2025) Is gné í seo a thacaíonn Grimault, ‘sa Bhriotáin, níl aon fáil againn ar ghnéithe a thacódh le húsáid na teanga’[nous ne disposons pas en Bretagne d’éléments de réponse sur cet usage](2023: 9,37), bíonn deacrachtaí ag foghlaimeoirí an Bhriotáinis a úsáid lasmuigh den tseomra ranga, as siocair nach bhfuil sí á labhairt go forleathan i ngach réimse den tsaol phoiblí. Léiríonn roinnt staidéar (Grimault, 2023) go bhfuil na Stummadurioù ag cur le hathbheochan na teanga agus go bhfuil go leor de na rannpháirtithe ábalta an Bhriotáinis a úsáid go cumasach tar éis tamall áirithe tumtha sa teanga. Ina theannta sin, beidh córas pleanála teanga níos leithne sa phobal lasmuigh den tseomra ranga ar aon: don ghnó, don fhostaíocht nach bhfuil múinteoireacht i gceist, agus don tseachadadh teaghlaigh (Audic, 2025). Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil maoiniú ar fáil lena leithéid de chúrsa a dhéanamh ach dóibh siúd sa mhúinteoireacht nó do dhaoine atá dífhostaithe. Tá an cumas ag cláir ar nós na Stummadurioù a bheith mar chuid de ghluaiseacht níos leithne leis an Bhriotáinis a dhéanamh níos infheicthe agus níos úsáidí arís. Dá gcuirfí tuilleadh infheistíochta ar fáil don chóras seo, atá faoi lán seoil cheana féin le 12 ionad sa bhreis ó bhí 2004 ann (amharc Léaráid a 5), d’fhéadfadh sé a bheith ina mhúnla d’athbheochan teanga ar fud na hEorpa.

Léaráid a 5: OPAB, 2024: 7.Comparáid idir na hionaid oiliúna idir 2004 & 2023
Total Physical Response
Níl amhras gurb iontach an rud é leibhéal chomh hard le B2 nó C1 a bhaint amach, rud a bhain 32% d’fhoghlaimeoirí na gcúrsaí amach sa bhliain 2023 (amharc léaráid a 4). Spreagann sé ceist, áfach, faoin bhealach ar féidir sin a bhaint amach a ghasta le sé mhí. Is iontach an t-éacht é, go háirithe leis an oiread a mhaígh Asher sa mheá, ‘less than 5% of adult second language learners gain satisfactory final attainment.’ (Bui, 2018: 1) Is cinnte go mbíonn ról ollmhór ag an tumoideachas i gcaighdeán teanga na bhfoghlaimeoirí ag deireadh an chúrsa mar a luadh cheana féin. Is iomaí modh teagaisc ar an tsaol le teangacha a theagasc, ach dar le Radić-Bojanić (2020: 73), ‘one of the methods of foreign language learning that (falls) in line with both neurolinguistic principles and naturalness is called Total Physical Response.’ D’fhorbair an tOllamh James Asher an cur chuige seo agus é mar aidhm aige go n-aithneofaí foghlaimeoirí teanga trí nasc a dhéanamh idir gluaiseacht choirp agus tuiscint ar an chomhthéacs leis an teanga a shealbhú. Cuireadh i láthair é mar ‘stress-free model for language aquistion’ (Asher: 1993, 16) agus cuirtear béim ar scileanna éisteachta, cainte agus nádúrthacht na teanga. Creidtear gurb éifeachtach an modh é le gnáthfhadhbanna foghlama nó fadhbanna scolaíochta a sheachaint agus aird na bhfoghlaimeoirí ar an ábhar a mhéadú (Sumarni et al, 2022: 29). Is dócha go bhfuil an TPR inchurtha leis an Mhodh Dhíreach a úsáideadh go forleathan i scolaíocht an 20ú haois. Cuir i gcás:
…Make the Direct Method, as we have said, more truly direct by presenting to the child many things of which he need acquire only the Irish name. And it begins a perfectly reliable, but almost insensible, approach to the teaching of other subjects through the medium of the Gaelic. Our chief aim is to impart to children between the ages of four and eight a vernacular command of the language. But we desire also to enable pupils to make an adequate response to our teaching, later, of other subjects. (O’Connor Duffy, 1933: 134)
Don TPR, áfach, ‘(it) avoids production by students in the first 10 or more hours of teaching…’ i gcomparáid leis an Mhodh Dhíreach, ‘a production-oriented method, (that) encourages production at earlier levels’ (Jarrell, 1990: 201). Cloíonn na coincheapa seo go daingean le coincheap an tumoideachais, a úsáidtear go mór i gcás na Gaeilge ‘(as) an important means…for reversing or halting the process of extinction.’ (Johnson et al, 1997: 5) Úsáidtear an TPR seo go forleathan i dteagasc teangacha agus tumoideachas nádúrtha i bhfeidhm; sampla mór den úsáid sin is ea athbheochan na hEabhraise, mar gheall ar a tionchar dearfach ar fhoghlaimeoir níos sine, mar bhealach nádúrtha teanga a fhoghlaim ar an bhealach céanna a bhfoghlaimíonn páistí – ag éisteacht, ag coimhéad, agus freagairt go fisiciúil. Ar ábhar na bpáistí, tugann Hounhanou le fios go ‘dtacaíonn an TPR le forbairt chognaíoch páistí; spreagann sé a gcéadfaí, a samhlaíocht agus a gcruthaitheacht’ (2020: 23). In áit na gnáthmhúinteoireachta nuair a bhíonn an múinteoir ag míniú rialacha gramadaí nó foclóra, úsáidtear orduithe agus gluaiseachtaí leis an teanga nua a theagasc. Mar shampla, tugtar orduithe d’fhoghlaimeoirí – ‘seas, suigh, las an solas, taispeáin an chathaoir sin dom’ – ar dtús in éineacht leis an mhúinteoir ach de réir a chéile níos neamhspleáiche agus a dtuiscint ón chomhthéacs agus a stór focal á bhforbairt le tacú na ngníomhartha coirp. Tá sé seo thar a bheith tairbheach d’fhoghlaimeoirí cinéistéiseacha go háirithe (Hounhanou, 2020: 23), as siocair go gceanglaíonn siad an fhoghlaim le gluaiseacht choirp. Tá an modh seo difriúil le modhanna traidisiúnta foghlama teanga a bhraitheann ar léamh agus scríobh na teanga, bunaithe ar scrúdú litearthachta.
Oibríonn an TPR go háirithe le foghlaimeoirí nach bhfuil taithí foghlama teanga acu, toisc go laghdaíonn sé an strus, an imní agus an fhaitíos a bhaineann le teanga nua a fhoghlaim, rud atá coitianta i measc foghlaimeoirí fásta (Radić-Bojanić, 2020: 75). Tugann sé deis do rannpháirtithe an teanga a thuiscint go nádúrtha sula mbíonn orthu í a labhairt go gníomhach, rud a leanann coincheap na ‘tréimhse ciúine’ i bhfoghlaim teanga, ‘when an acquirer’s receptive language far exceeds his expressive language’ (Ray & Seely, 2008: 8). Bíonn éifeacht dhearfach aige seo ar fhoghlaimeoirí fásta agus ar pháistí araon. Tá an TPR an-oiriúnach d’fhoghlaim an dara teanga, mar go n-úsáideann sé próisis nádúrtha na hinchinne le cuimhne agus tuiscint a neartú. Déantar nasc idir an teanga agus na gníomhartha, rud a chabhraíonn le foghlaimeoirí cuimhneamh ar fhocail agus ar struchtúir sa mhodh is nádúrtha dóibh. Spreagann an TPR spraoi agus rannpháirtíocht ghníomhach, rud a ligeann d’fhoghlaimeoirí a bheith ar a suaimhneas agus muinín a bheith acu sa phróiseas foghlama. Dar le Celestino, ‘using TPR commands does not result in teacher control but rather empowers students and permits them…to participate successfully’ (1993: 903). D’fhéadfadh sé a bheith deacair do mhúinteoirí taithí a fháil ar an mhodh teagaisc seo mar gheall go bhfuil sé an-difriúil leis an teagasc clasaiceach, agus bíonn sé scanrúil do roinnt múinteoirí a bhfuil de nós acu bearna a chothú eatarthu féin agus a ndaltaí mar a thugann Audic (2025) le fios. Ceann de na príomhbhuntáistí a bhaineann leis an TPR ná go gcuireann sé béim ar an áthas a bhaineann leis an fhoghlaim. In áit ranganna teanga a bheith ina gcúram teibí agus acadúil, bíonn siad spraíúil, idirghníomhach agus fiú greannmhar. Maíonn Celestino ‘TPR is to create the kind of environment that will help students learn in a way that is not dry or disconnected from reality’ (1993: 903). Spreagann sé seo dearcadh dearfach i leith na teanga, ‘which helps with long-term retention of what has been learned’ (Bui, 2018: 1) agus a spreagann foghlaimeoirí fanacht ar an turas foghlama. Tá an TPR ar cheann de na modhanna is nuálaí i dteagasc teangacha, cé nach modh nua atá ann, níl cáil forleathan bainte amach aige sa ghnáthoideachas. Le tuilleadh taighde agus tacaíochta, d’fhéadfadh sé a bheith mar chuid lárnach de mhodhanna teagaisc teangacha ar fud an domhain.
Ar an lámh eile, bíonn an-fhreagracht ar oidí a bheith lán le fuinneamh agus spreagadh a fhad an teagaisc dar le Audic agus is cinnte go bhfuil ‘a lack of any training courses related to TPR’ (Xie, 2021: 301). Is modh an-tuirsiúil é dar le Audic (2025) ina mbíonn ar oidí tuilleadh a ullmhú ná mar a bhíonn i gceist le gnáthmhodhanna oideachais. Is féidir réimse ollmhór gníomhaíochtaí a dhéanamh i mbeagán ama agus cuirtear ualach mór oibre ar oidí ag baint úsáid as an TPR i gcomparáid leis an ghnáth-theagasc. Ina theannta sin, bíonn bac ar fhoghlaimeoirí réimse leathan teanga a fhoghlaim agus castacht ghramadaí, dar le Radić-Bojanić (2020: 80):
In the TPR method, or otherwise, it is fairly difficult to give instructions without using imperatives, so the language input is basically restricted to this single form. This leads to another problem: students are also not generally given the opportunity to express their own thoughts and ideas in a creative way.
Maítear go forleathan nach féidir ardleibhéil teanga a bhaint amach leis an TPR, ‘not everything (not even verbs like “need” and “seem”) can be performed by physical actions’ (Bui, 2018: 3), agus go mbaineann sé le foghlaim an-bhunúsach ag tús aistear an fhoghlaimeora. Ní aontaíonn Asher (1966: 84) leis an chur amach seo, ag moladh a éifeachtaí atá an modh ó thús deireadh an aistir foghlama: ‘When the training is extended for many weeks, acting-out in training seems to have intense motivational power which sustains student interest and effort.’ Go deimhin, cuireadh fianaise ar fáil gur sháraigh mic léinn a bhí oilte ag úsáid an TPR iad siúd a bhí ag freastal ar ghnáthranganna teanga sna ceithre scil úsáide teanga (Asher, 2009). Féach torthaí taighde Gerht ar an ábhar:
Students with no or very little literacy appeared to learn vocabulary taught via TPR more quickly than peers with more developed literacy skills. In addition, students who were not yet literate appeared to be especially proficient in recalling and executing in order a long string of TPR commands…There were numerous instances recorded of students laughing, participating in story creation, helping their fellow classmates, asking questions, initiating discussion and seeking out opportunities to tell their own stories. These students all began the class with very little knowledge of spoken English. It may be that these students benefited from the emphasis on the development of listening and speaking skills that were the core of my implementation of TPR.
In ainneoin na míbhuntáistí a luadh cheana féin, aontaítear go forleathan gurb éifeachtach agus sultmhar an modh teagaisc sa tseomra ranga é an TPR.
An TPR agus na Stummadurioù
Is dá bhrí sin go mbaintear úsáid as an mhodh teagaisc TPR a bunaíodh ar phrionsabal na foghlama trí ghníomhaíochtaí fisiciúla in Skol an Emsav agus in Roudour ach go háirithe. Cé nach bhfuil clár staidéir oifigiúil don teanga leis an OPAB, tá cláir phearsanta ag achan ionad féin; a bheag nó a mhór níl éagsúlacht eatarthu seachas i dtaobh modh seachadta. (Sampla de chlár staidéir Skol an Emsav san Aguisín). I gcomhthéacs na Briotáine, úsáidtear an TPR ó thús na 2000í le linn chúrsaí na bhfoghlaimeoirí fásta leis an Bhriotáinis a shealbhú ar bhealach níos nádúrtha agus níos taitneamhaí (Audic, 2025). Deir Audic go ndírítear ar an ionchur ar an chéad dul síos seachas ag iarraidh ‘aschur’ ón chéad lá mar a dhéantar le gnáthmhodhanna foghlama. Tá an cur chuige seo bunaithe ar an néareolaíocht, a thugann le fios go mbíonn idirghníomhaíocht fhisiciúil agus eispéiris phraiticiúla níos éifeachtaí le cuimhne fhadtéarmach a fheabhsú (Asher: 1977). Is é sin le rá go gcaitear an-chuid ama, trí mhí i gcas Skol an Emsav, le forbairt scileanna éisteachta agus tuisceana na bhfoghlaimeoirí sula n-iarrtar orthu féin an teanga a labhairt nó a scríobh i gcomhthéacsanna éagsúla. Tá an tacaíocht i bhfad níos teoranta sa Bhriotáin don TPR ná mar a shílfeá. Is díol suntais nó ‘important development’ (Van der Schaaf et al, 2003) iad na Stummadurioù de chuid Stumdi, Skol an Emsav agus Roudour i dteagasc na Briotáinise. Ní bhíonn mórán comhoibrithe idir na hionaid oiliúna – Kelenn, Mervent, Roudour, Stumdi agus Skol an Emsav – rud a chiallaíonn go mothaíonn mic léinn na gcúrsaí seo nach bhfuil nasc ná pobal idir foghlaimeoirí úra agus lucht labhartha na teanga. (Mic léinn SAE, 2025) Is léir go bhfuil an treocht seo le hathrú agus comhoibriú níos coitianta le tionscadail nua éagsúla idir Stumdi agus Skol an Emsav ar na saolta seo. Is féidir, áfach, an easpa pobail seo teorainn a chur le húsáid na teanga chomh maith le heaspa áiseanna pobail nó ‘breathing spaces’ (O’Rourke & Dayán-Fernández, 2024) do lucht na Briotáinise.
An tAthshealbhú Teanga
Is coincheap lárnach sa teangeolaíocht agus san athbheochan teanga é an t-athshealbhú teanga. Tagraíonn sé don phróiseas ina ndéantar iarracht teanga a fhoghlaim, a athbheochan agus ciall shoch-chultúrtha a thabhairt di i measc an phobail ina ndeachaigh sí in éag go háirithe mar gheall ar impleachtaí coilíneacha (Leonard, 2017: 15). Go minic, is iad na daoine a bhfuil ceangal cultúir acu leis an teanga, ach nach bhfuair an deis í a fhoghlaim mar theanga dhúchais, is mó a bhíonn páirteach san athshealbhú. Tá an Ghaeilge, agus an Bhriotáinis i lár phróiseas athbheochana i gcomhthéacsanna éagsúla. In Éirinn, cé go bhfuil stádas oifigiúil ag an Ghaeilge, tá dúshláin mhóra roimpi maidir leis an tseachadadh teaghlaigh agus a húsáid laethúil. Cé go bhfuil líon na nGaelscoileanna agus na gclár foghlama do dhaoine fásta ag méadú (ESRI, 2022), tá gá le straitéisí níos éifeachtaí le húsáid na teanga taobh amuigh den chóras oideachais a leathnú. Sa Bhriotáin, tá an Bhriotáinis i mbaol suntasach mar gheall ar stair fhada imeallaithe agus ar an bhéim ar an bhFraincis. Tá athshealbhú teanga riachtanach le teangacha mionlaigh atá i mbaol báis a chaomhnú. Is minic a chruthaíonn teangacha atá faoi bhrú timpeallacht neamhfhabhrach dóibh féin – mura labhraítear an teanga go nádúrtha sa phobal, bíonn sé deacair í a sheachadadh chuig na glúnta atá le teacht. Tá ról lárnach ag teaghlaigh sa phróiseas seo, go háirithe iad siúd nach bhfuil an teanga mar ghnáth-theanga labhartha acu ach ar mian leo í a thabhairt dá gcuid páistí (Ó hIfearnáin, 2007). Is minic, áfach, nach mbíonn muinín ag tuismitheoirí astu féin mar chainteoirí, rud a chuireann bac ar an athshealbhú (Comer, 2007). Is amhlaidh an dá chás pé teanga atá i gceist, tá modhanna fearacht an TPR, de dhíth le foghlaimeoirí fásta agus teaghlaigh a mhealladh agus oideachas a chur orthu go gasta. ‘In language acquisition, it happens spontaneously and unconsciously. Meanwhile, language learning refers to the processes which occur when a certain language is introduced.’ (Mariyam & Musfiroh, 2019: 257). B’aidhm Asher, áfach, ná nádúrthacht an tsealbhaithe teanga a chumasc le foghlaim na teanga. Le tacaíocht chuí agus le modhanna teagaisc a oireann don fhoghlaimeoir, is féidir leis an athshealbhú cur go mór le hathbheochan na dteangacha seo agus lena n-úsáid mar theangacha pobail in athuair.
Cás na Gaeilge
Le blianta beaga anuas, tá laghdú tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge, go háirithe i measc daoine fásta (CSO, 2022). Ina ainneoin sin, tá an Ghaeilge ag fáil tacaíochta mar chuid de bheartais phleanála teanga, agus déantar iarracht foghlaimeoirí nua a mhealladh agus an teanga a chothú i measc pobail éagsúla. Creideann OBAP na Briotáine go láidir gurb é oideachas foghlaimeoirí fásta agus tuismitheoirí is tábhachtaí leis an bhearna sa tseachadadh teaghlaigh idirghlúine (Broek, 2020: 7) a dhruidim. Agus laghdú tagtha ar mhéid an tseachadta teaghlaigh, (Ó hIfearnáin, 2007) d’fhéadfaí Stummadurioù a chur i bhfeidhm le haghaidh foghlaim neamhfhoirmiúil, ina mbeadh daoine ag foghlaim na teanga go lánaimseartha ar chúrsa 6–9 mí do dhaoine fásta agus do ghrúpaí teaghlaigh. D’fhéadfadh tumoideachas i suíomhanna pobalbhunaithe cur le feidhmiúlacht an mhodha seo, ag cruthú taithí fheidhmiúil don teanga lasmuigh den tseomra ranga, mar a fheictear i gcultúrlanna na tíre. Luaitear go minic an líofacht a bhaineann foghlaimeoirí fásta amach, fearacht tuairim Flynn (2020: 1992): ‘any significant contribution by adult learners to the revitalization of Irish depends on them achieving a level of proficiency which would allow them to interact with other proficient speakers’.
Tabharfar suntas anseo do thaighde pleanála teanga an Charn, i measc an phobail Ghaeilge, inar cíoradh ceisteanna foghlama do dhaoine fásta chomh maith. Is sampla breá é gníomhaíocht Choiste Forbartha Charn Tóchair atá dírithe ar fhoghlaim na Gaeilge do dhaoine fásta ar aon leis an óige ar bhealach nuálach, niamhrach. Is minic a lochtaítear, áfach méid an ama foghlama i gcomparáid le leibhéal na líofachta don mheánaois. Luaigh rannpháirtí amháin de taighde Choiste Forbartha Charn Tóchair: ‘I do not want to give the amount of time necessary to become fluent in a language’ (Comer, 2015: 69). Is dearcadh é seo a roinntear go láidir i measc an phobail (ESRI, 2025). Ina theannta sin, tá brú ollmhór ar an chóras scolaíochta in Éirinn tacaíocht aonarach a thabhairt do Ghaeilge na nglúnta atá le teacht. Deir Broek (2020: 16): ‘promoting the use of the language at home by advising both adults and parents, ensures that children take the acquired home language with them to school and relieves some of the pressure of schools having to act as the prime Múinteoir of the language’. Má spreagtar daoine fásta an Ghaeilge a fhoghlaim, líonfaidh sé bearna eile in ‘éiceachóras’ (Romane, 2013) na Gaeilge. Dá gcuirfí cúrsaí oiliúna ar nós na Stummadurioù ar fáil in Éirinn, tá seans ann go bhfaighfí réiteach na faidhbe seo, le héifeachtacht agus luas na gcúrsaí mar dhíol suntais. Ceann de na dúshláin is mó d’fhoghlaimeoirí fásta is ea na modhanna teagaisc traidisiúnta, a bhíonn dírithe go príomha ar an ghramadach agus ar an fhoghlaim fhoirmiúil. D’fhéadfadh cur chuige oiliúna na Stummadurioù agus cleachtais eile tacaíocht bhreise a thabhairt do dhaoine a bhfuil fonn orthu an Ghaeilge a shealbhú ach nach bhfuil bealaí feidhmiúla acu leis sin a dhéanamh. Le go mbeadh an TPR agus modhanna teagaisc eile rathúil i dteagasc na Gaeilge, caithfear infheistiú i gcúrsaí oiliúna do mhúinteoirí agus i bhforbairt modhanna oideachais níos ilghnéithí a chumascadh le modhanna traidisiúnta. D’fhéadfaí cás-staidéir a scrúdú ó theangacha eile, mar shampla ón Bhriotáinis, agus modhanna oideachais a fheabhsú agus a chur in oiriúint do riachtanais fhoghlaimeoirí Gaeilge. Tá buntáiste againn in Éirinn, nach roinntear leis an Bhriotáin, áfach, is é an aithne mhaith agus an t-ardmheas atá ag pobal na hÉireann ar an teanga. Dar le Barry (2023: 262) ‘“relearning” Irish could and should be reframed as a process of reactivating existing reserves of Irish language knowledge.’
As siocair an ardstádais agus an t-aitheantas atá ag an Ghaeilge sa tír, (ESRI, 2022) agus an bunús eolais fúithi atá ag formhór na tíre, is réalaíoch an cur chuige é Stummadurioù a bhunú le tacaíocht stáit agus le scéimeanna éagsúla ar nós pleanáil áitiúil don teanga. Tá an Ghaeilge ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin mhóra maidir lena sealbhú i measc daoine fásta. Mar sin féin, tá deiseanna agus féidearthachta ann fosta le cur chuige cruthaitheach, amhail Stummadurioù, a chur i bhfeidhm. Is réimse taighde arbh fhiú tuilleadh suim a chur ann sa todhchaí, cuir i gcás grúpa tástála, anailís ar úsáid an mhodha TPR trí mheán na Gaeilge le héifeacht na Stummadurioù agus an TPR a thaispeáint go sonrach i gcás na Gaeilge.
Conclúid
Mar fhocal scoir, d’fhéadfaí roinnt ceachtanna a fhoghlaim ó chás na Briotáine maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Is córas rathúil é an Stummadur a chuidíonn le hathbheochan na Briotáinise, cé gur léir go bhfuil tuilleadh tacaíochta agus infheistíochta riachtanach lena thionchar a leathnú, agus le cinntiú go mairfidh úsáid na teanga sa phobal. Cé go bhfuil tacaíocht pholaitiúil ann agus pobal báúil don Ghaeilge, ní minic a bhíonn an bhéim a láidre céanna ar fhoghlaim na ndaoine fásta, ná ar mhodhanna nuálacha teagaisc dóibh. D’fhéadfadh cur chuige níos praiticiúla cosúil leis an TPR cuidiú le foghlaimeoirí fásta muinín agus líofacht a bhaint amach níos tapa (Asher: 1977). Dar le Audic (2025), áfach, níl luas na foghlama ina dhíol suntais ach éifeachtacht an mhodha sa líofacht chainte agus sa bhuaine chuimhne. Is modh thar a bheith éifeachtach an TPR le foghlaimeoirí a spreagadh, strus a laghdú, agus sealbhú nádúrtha teanga a éascú. In ainneoin go maítear go bhfuil easnaimh ann maidir le castacht ghramadaí agus léiriú cruthaitheach na bhfoghlaimeoirí, úsáidtear an TPR go rathúil in Stummadurioù na Briotáine. Tá easpa comhoibrithe idir na hionaid oiliúna ann, rud a threoraíonn nascadh pobail agus úsáid na teanga, is féidir linn foghlaim ón mhéid seo. Is riachtanach é an t-athshealbhú teanga i measc daoine fásta na tíre seo leis an Ghaeilge a neartú. Cé gur léir a éifeachtacht i gcásanna eile, tá an TPR fós réasúnta neamhfhorleathan i dteagasc na dteangacha mionlaigh (Duran, 1993: 136). D’fhéadfadh an TPR a bheith tairbheach go háirithe in ionaid tumoideachais do dhaoine fásta, cosúil le Gaelchultúr nó Coláiste na Rinne. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh taighde agus forbartha ar an dóigh ar féidir é a chur in oiriúint go héifeachtach d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge. Tá sampla an-mhaith sa Bhriotáin maidir le húsáid an mhodha seo agus sa teagasc do dhaoine fásta. Tá an deis ann fós do mhionteangacha eile, an Ghaeilge ina measc, ceacht a fhoghlaim ón tsampla seo agus a lochtanna fosta: easpa saoil sa teanga taobh amuigh den tseomra ranga, easpa fostaíochta agus araile. Mar a luann Straitéis Fiche Bliain na Gaeilge, ‘The goal is to create more opportunities for adults interested in the Irish language’ (Broek, 2020: 12), go gcruthaí muid iad mar sin de. Tá gá le cur chuige difriúil agus tumoideachas struchtúrtha, cosúil le Stummadurioù, le foghlaim na Gaeilge i measc daoine fásta a fhorbairt, a chothú agus a fheabhsú in Éirinn.