DOI: https://doi.org/10.13025/29622

An grúpa amharclainne na Fánaithe agus a bhfuil le foghlaim óna gcartlann faoin drámaíocht a bhain leo

 

(Cuireadh leagan den pháipéar seo i láthair ag comhdháil CARTLANN – ‘Gníomhaíochas, an Ghaeilge agus na Meáin’ in Ollscoil na Gaillimhe ar 13 Aibreán, 2024.  An tÚdarás um Ard-Oideachas, faoin gClár Taighde Thuaidh-Theas, a mhaoinigh CARTLANN.)

Figiúr 1: Aodh Ó Coileáin i mbun puipéadóireachta ag Expo ’92 in Sevilla, Lúnasa 1992

Tá tuairisc anseo ar chartlann a bhaineann leis an ngrúpa amharclainne Na Fánaithe (1987–1993).  Cuimsíonn an chartlann foinsí éagsúla: cuimhní pearsanta, gearrthóga ó nuachtáin éagsúla, ábhar clóite eile, clár faisnéise agus píosaí físe. Áitítear go dtugann cartlann na bhFánaithe léargas áirithe ar an amharclannaíocht, ar chúrsaí gníomhaíochais agus ar an luach oidhreachta agus staire a bhaineann le hábhar na cartlainne áirithe seo. Cíortar chomh maith cuid de na deiseanna a sholáthraíonn teicneolaíochtaí digiteacha don chartlannaíocht.

Ba in 1938 a foilsíodh den gcéad uair an leabhar Cladaí Chonamara. Bhí an t-údar Séamus Mac an Iomaire ó Mhaínis, Carna, Conamara  ar fhleasc a dhroma leis an eitinn, in ospidéal i Nua-Eabhrac nuair a chuir sé an lámhscríbhinn i dtoll a chéile. Cur síos atá sa leabhar ar iascáin trá, iasc farraige agus plandaí farraige a cheantair dhúchais féin i gConamara agus ar chúrsaí bádóireachta agus iascaireachta mar a bhí siad le linn dó a bheith ag éirí aníos. Bhí cartlannaíocht ar leith ar bun ag Séamus.  Is mar seo a chuireann sé síos ar an bpróiseas a bhain le teacht ar an eolas, trína óige a thabhairt chun cuimhne:

Bhí orm a ghabháil siar sna blianta go dtí an t-am a raibh mé deich mbliana nó mar sin; is ea, ansin bhí mé mar a bheinn ag féachaint isteach i scáthán le súile m’intinne.  Bhreac mé síos, ansin, chomh mionchruinn is ab fhéidir liom na pictiúir ab fhacthas dom a chonaic mé sa ngloine sin.  Is minic a bhínn chomh domhain ar chosán na smaointí mianúla sin is go ndéanfainn dearmad glan go raibh mé i dtír choimhthíoch i mo luí ar shlat mo dhroma leis an eitinn. (Mac an Iomaire, 1985: viii)

Is sampla de chartlann phearsanta an duine atá anseo.  D’éirigh leis an údar a chuid smaointe a bhailiú ar bhealach físiúil agus ansin iad a bhreacadh ar phár.  Bhíodh sé, mar a deir sé féin: ‘…ag féachaint isteach i scáthán le súile a intinne agus cuntas a scríobh ar na pictiúir a chonaic sé ansan istigh’.

Eascraíonn an cuntas thíos faoi chúrsaí cartlannaíochta as caint a thug mé ag comhdháil in Ollscoil na Gaillimhe, Gníomhaíochas, an Ghaeilge agus na Meáin, i mí Aibreáin 2024. Tá an cur síos bunaithe ar ábhar cartlainne ar leith a théann siar chomh fada le 1987 agus atá coinnithe slán, a bhuíochas do dhuine aonair. Cuimsíonn an chartlann sin agus le mo chuimhní pearsanta, an amharclannaíocht, an gníomhaíochas, na meáin, an Ghaeilge agus ról na cartlannaíochta i solas a chaitheamh ar na nithe seo ar fad a thit amach beagnach dhá fhichead bliain ó shin. Léirigh Scothógfíse (ainm corpraithe na cuideachta nach ann di níos mó), comhlacht léiriúcháin teilifíse de mo chuid, clár faisnéise faoi na Fánaithe a chraol RTÉ i mí Lúnasa 1993.

Baineann an t-ábhar cartlainne leis an ngrúpa amharclainne Na Fánaithe (1987–1993), a d’eascair as Cumann Drámaíochta Ollscoil na Gaillimhe.  Baineann sé freisin leis an mbealach ar féidir an chartlann a úsáid chun obair ghníomhaíochais agus tionchar an chompántais a mheas. Tríd an gcartlannaíocht seo cruthaítear naisc idir an amharclannaíocht Ghaeilge agus sochaí chomhaimseartha na hÉireann. Déantar an cás do bhealaí áirithe ina bhféadfaí, le cúnamh teicneolaíochtaí digiteacha, réimse luachmhar acmhainní a chur ar fáil don phobal, acmhainní ar féidir teacht orthu ag am ar bith in áit ar bith.

Ba chomhaimsirigh iad Séamas Mac an Iomaire a rugadh i gConamara in 1891 agus an scríbhneoir Spáinneach Federico García Lorca a saolaíodh san Andalúis sa bhliain 1898.  Ar ndóigh, mhair fear Mhaínse go dtí go raibh sé bliana déag is trí fichead slán aige, dúnmharaíodh Lorca in 1936 agus gan é ach ocht mbliana déag ar fhichead.

Bhí baint ag na Fánaithe le cuid de shaothar drámaíochta Lorca agus thug an grúpa cuairt ar an Andalúis sa Spáinn in 1992. Ar ndóigh, cuireann cartlann ar bith ar ár gcumas filleadh ar thréimhse agus ar eachtraí atá faoi cheilt in imeacht na mblianta. 

An Drámaíocht san Ollscoil

Tháinig mé go dtí an Ollscoil mar mhac léinn i bhfómhar na bliana 1986 nuair ba Choláiste na hOllscoile, Gaillimh nó UCG a bhíodh mar ainm air. Bhí an Cumann Éigse is Seanchais láidir ag an am agus díospóireacht gach oíche Dé Máirt. Má bhí, ba láidre arís an Cumann Drámaíochta agus flosc ar mhic léinn spás féilire a aimsiú thíos staighre san Aula Maxima sa Chearnóg d’fhonn a gcuid léiriúchán a chur ar stáitse. Ar ndóigh, ba as an Ollscoil a tháinig Amharclann an Druid, beagán le cois deich mbliana roimhe sin nuair a bhunaigh Garry Hynes, Mick Lally agus Marie Mullen an compántas i gcathair na Gaillimhe in 1975.  Faoin mbliain 1986 bhí Druid tar éis drámaí a thabhairt ó Chathair na dTreabh go háiteanna fearacht West End Londan.

Bhí grúpa láidir cainteoirí Gaeilge ag plé leis an gCumann Drámaíochta arbh í an Ghaeilge an teanga nádúrtha a bhíodh á labhairt eatarthu. Tharla sé ar shlí orgánach gur nascadh ealaíon na hamharclainne agus an Ghaeilge le chéile ar Champas na hOllscoile. Ní bhíodh scrúduithe faoi dhó sa bhliain, rud a d’fhág go raibh aga ag mic léinn iad féin a eagrú agus taispeántais a chur ar stáitse. Tá an bhliain acadúil reatha bunaithe ar dhá sheimeastar, dhá sheachtain déag an ceann agus scrúduithe ag deireadh gach seimeastair.

An bhliain chéanna, 1986, osclaíodh Club-Áras na nGael, Conradh na Gaeilge, 45 Sráid Dominic, sa bhfoirgneamh ina mbíodh duine de bhunaitheoirí Amharclann na Mainistreach, Lady Gregory nuair a thagadh sí ó Pháirc an Chúil go dtí an baile mór. I ndáiríre, is mar gheall ar an nasc a bhí ag na Fánaithe le 45 Sráid Dominic an uair úd a coinníodh an t-ábhar cartlainne slán agus a bhfuil trácht inniu ar ghníomhaíochas an ghrúpa.

Na Fánaithe: grúpa amharclainne

In aimsir na Cásca, 1987, bhunaigh Trevor Ó Clochartaigh, mac léinn le tráchtáil as an Aird Mhóir in Iorras Aithneach agus mé féin an grúpa na Fánaithe.  Is cúigear a bhí rannpháirteach an chéad bhliain sin. Ar shlí, do bhain iarrachtaí an ghrúpa leis an obair a bhí ar bun ag an gCumann Drámaíochta san Ollscoil. Mhair na Fánaithe ar fhuinneamh na hóige agus ar bheagán maoinithe ó 1987 go 1993.  Le linn na tréimhse sin, léirigh Na Fánaithe naoi ndráma fhada, ceithre ghearrdhráma, dráma suíomhoiriúnaithe amháin agus seó sráide amháin.  Chomh maith leis sin cuireadh ocht sraith ceardlann ar fáil i scoileanna as a léiríodh 40 dráma féinchumtha.  Cuireadh ceardlanna aonair ar fáil i scoileanna ar fud na tíre freisin. 

D’fhás dhá chomhléiriú le Pléaráca Chonamara as an ngrúpa, agus dhá scéim chónaitheacha traenála drámaíochta: ceann i mBaile Chonaill ar an bhFál Carrach, agus ceann in Ullapool ar chósta thiar na hAlban. (Ní Mhuircheartaigh et al, 2021: 299).  Féile Ealaíon Phobail na Gaeltachta ab ea Pléaráca Chonamara a thosnaigh in 1991 agus a lean go dtí 2015.

Bhí trí aidhm ar leith fite fuaite leis an bhfís a bhí an na Fánaithe:

  1. Léirithe proifisiúnta a dhéanamh (is é sin, daoine a bheith ag obair go lánaimseartha ar na léirithe agus na léirithe a bheith ar a laghad ar bith ar chomhchéim le rud ar bith a bhí le fáil i mBéarla).
  2. Na léirithe agus an obair ar fad a bhain leo a dhéanamh trí Ghaeilge.
  3. Freastal a dhéanamh ar phobal iomlán Gaeilge na tíre idir Ghaeltacht agus Ghalltacht. (Ní Mhuircheartaigh et al, 2021: 142)

Ón mbliain 1988 ar aghaidh bhí oifig ag na Fánaithe i bhfoirgneamh Chonradh na Gaeilge, 45 Sráid Dominic i gcathair na Gaillimhe. I samhradh na bliana sin cóiríodh amharclann bheag i gceann de na seomraí thíos staighre ina mbíodh seomra suí Lady Gregory tráth dá raibh.  Ní raibh baill an ghrúpa dall ar an nasc le Augusta Gregory (1852–1932) agus an obair cheannródaíoch a rinne sí i mbunú na hAmharclainne Náisiúnta, ceithre fichead bliain roimhe sin.

An Chartlann

I ngan fhios dúinn, ó 1988 ar aghaidh, choinnigh Peadar Mac Fhlannchadha, a bhí i bhfeighil Chonradh na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe sna blianta úd, gach ar bhain leis na Fánaithe: póstaeir, na cláir le haghaidh na ndrámaí, píosaí ón bpreas, grianghraif, comhfhreagras.  Cartlann phointeáilte atá ann – nár tuigeadh a luach i gceart go dtí gur tháinig an grúpa ar ais le chéile in Áras na nGael i mí Mheán an Fhómhair 2017 chun 30 bliain ó bunaíodh na Fánaithe a chomóradh agus a cheiliúradh. A bhuíochas don gcartlann a chuir Peadar Mac Fhlannchadha le chéile, tá na seanphóstaeir ar fáil, an seó a chuaigh go Sevilla in 1992:  Misiún ar Muir ar cheann acu. Tá póstaer de Páidín Mháire, Páidín Mire ann, leagan stáitse den ngearrscéal Páidín Mháire le Pádraic Ó Conaire cóirithe don amharclann ag Charlie McBride agus Conor Maguire agus a léiríodh sa Taibhdhearc i mí Feabhra 1992.

Figiúr 2: Misiún ar Muir ’92

Tá comhfhreagras de chuid an ghrúpa thar thréimhse cheithre nó cúig bliana coinnithe slán – na hiarrachtaí móra a déanadh maoiniú a aimsiú do na tograí, an Chomhairle Ealaíon go láidir ina measc.  Maireann bailiúchán grianghraf agus píosaí ó na nuachtáin áitiúla agus náisiúnta. Níor éirigh leis na Fánaithe maoiniú ceart a bhaint amach riamh.  Tháinig an Chomhairle Ealaíon ar bord in 1990 le deontas £6000 ach ba ag brath ar urraíocht a bhí an grúpa den chuid ba mhó: Telecom Éireann, Bus Éireann, ISPG (Cumann Tairgreoirí Éisc na hÉireann a bhí lonnaithe i gCill Chiaráin i gConamara), comharchumainn agus comhlachtaí áitiíúla. Ba mhór an cúnamh na scéimeanna fostaíochta Teamwork de chuid na heagraíochta FÁS agus fuarthas deontais áirithe ó Bhord na Gaeilge freisin.

Tá spéis nua in obair an ghrúpa le tamall, go mór mór ó foilsíodh dhá leabhar le blianta beaga anuas.  Chaith an t-údar agus an tOllamh Emeritus le Béarla in Ollscoil na Gaillimhe Lionel Pilkington súil siar ar obair na bhFánaithe in Hardiman & Beyond: The Arts & Culture of Galway since 1820.  Bhain roinnt caibidil de leabhar a foilsíodh in 2021 leis na Fánaithe: Ó Chleamairí Go Ceamaraí: Drámaíocht agus Taibhealaíona na Gaeilge faoi chaibidil. Tá caibidil ag iarbhall de na Fánaithe, Diarmuid de Faoite, san fhoilseachán sin a chaitheann solas ar iarrachtaí an ghrúpa.  Tá cuntas gearr agam féin ar bhunú an ghrúpa chomh maith céanna.

Bhain na Fánaithe le fuinneamh óige, le fís uaillmhianach agus leis an mborradh a bhí faoi na healaíona i gcathair na Gaillimhe i lár na n-ochtóidí.  Tháinig Macnas ar an saol sa bhliain 1986, taca an ama céanna leis na Fánaithe.

Cuireadh tús le Fleadh Scannán na Gaillimhe in 1989 an bhliain chéanna a thosnaigh Údarás na Gaeltachta ag eagrú cúrsaí i léiriú teilifíse do dhaoine ó cheantair Ghaeltachta. Bhí mé féin i measc dháréag a ghlac páirt sa chéad chúrsa dá leithéid a cuireadh ar bun i gConamara i mí na Samhna 1989.

Má bhí borradh ag teacht faoi scannánaíocht na Gaeilge, bhí fuinneamh faoin amharclannaíocht agus an bhliain chéanna, léirigh na Fánaithe i bpáirt leis an gcomhlacht Deilt ó Bhaile Átha Cliath Bullaí Mharthain, cóiriú le Seán McCarthy ar scéalta le Donnacha Ó Chéilleachair agus a deirfiúr Síle Ní Chéilleachair ó Chúil Aodha i nGaeltacht Mhúscraí.  Tugadh stiúrthóir as an bPolainn a bhí lonnaithe i Nua-Eabhrac ag an am, Kazimierz Braun, chun an obair seo a stáitsiú. Tharraing an léiriú aird an phobail agus na léirmheastóirí ar na Fánaithe.

Most reviewers hope for a play which they can honestly say only a fool would miss – and with this play my chance came. (The Irish Times, 24 Samhain 1989)

 

This delightful company of players…convey with great body language, wonderful facial expression and control of voice that theatre is indeed a universal tongue. (Cork Examiner, 6 Feabhra 1990)

 

It left an indelible imprint on the minds of the onlookers, who are screaming for innovation in theatrical forms, having been satiated with too much realism on stage and television set.’ (Southern Star, 24 Feabhra 1990) (Ní Mhuircheartaigh et al, 2021: 302).

 

Bhí aird na meán go láidir anois ar an ngrúpa, d’oibrigh na Fánaithe go dlúth ó 1987 leis na meáin d’fhonn poiblíocht agus aitheantas a bhaint amach dá gcuid léiriúchán.

Faoin am a léirigh an compántas an dráma Yerma le Federico García Lorca ag Féile Idirnáisiúnta Ealaíne na Gaillimhe i mí Iúil 1991, bhí comhlacht beag scannánaíochta neamhspleách curtha ar bun agam féin agus fonn orm obair an ghrúpa a thaifead don scáileán.

Ó 1991 ar aghaidh bhí Pat Bracken (1951–2010), puipéadóir ó Bhaile Átha Cliath ag obair leis na Fánaithe, chuir obair Phat go mór le stíl amharclainne an ghrúpa. D’oibrigh sé ar an léiriú de Yerma. Leis an dráma seo de chuid duine de mhórscríbhneoirí na Spáinne, bhain an grúpa a thuilleadh aitheantais amach. Ag scríobh dó i gclár an léiriúcháin, leag an scannánóir Bob Quinn síos an bunús ealaíne a bhí lena leithéid de dhráma a léiriú i gCathair na dTreabh:

Ar bhreathnú dhuit san éadan ar Ghaillimhigh agus ar mhuintir Chonamara, agus ar thuiscint a bheith agat ar an gcóras treibheach a bhí chomh mór chun cinn sa gcuid sin den tír, is ansin a thuigfidh tú i gceart nach é amháin go bhfuil an t-aistriúchán seo ar dhráma Lorca gan locht ach go bhfuil sé, ó thaobh na drámaíochta de, dosheachanta agus cinniúnach.

Figiúr 3: Pat Bracken (1951–2010), Puipéadóir leis na Fánaithe in Sevilla

Bhí an ceangal idir an Spáinn agus Gaillimh follasach agus le tabhairt faoi ndeara i sráideanna na cathrach, in ainmneacha fiú: Paráid na Spáinneach, an Póirse Caoch nó Spanish Arch mar a thugtar air i mBéarla. Ar ndóigh bhí trádáil idir Gaillimh agus mór-roinn na hEorpa ag dul ar aghaidh sa cheathrú agus sa chúigiú haois déag:

The Galway merchants traded with counterparts in Spanish, Portuguese and French ports, with the great medieval English ports of Chester, Bristol, Southhampton and London, and with the North Sea and Baltic ports at least as far as Lübeck, linking the town to the far-flung networks of the Hanseatic League. (Prunty & Walsh, 2016: 2)

Scríobh taistealaí darbh ainm H.D. Inglis an méid seo a leanas sa bhliain 1834:

Galway, the capital of the wild west, is a large and on many accounts an extremely interesting town.   I had heard that I should find some traces of its Spanish origin; but I was not prepared to find so much to remind me of that land of romance.  At every second step I saw something to recall Spain to my recollection. I found the wild entries and broad stairs of Cádiz and Málaga; the arched gateways with the inner and outer railings and the court within – needing only the fountains and flower vases to emulate Seville. (Inglis, 1835: 22)

Léiríodh Yerma in ollphuball i bPáirc an Athar de Búrca lámh leis an gCladach i gcathair na Gaillimhe.  Chuir an seó – le ceol nuachumtha ó fhear an bhosca Máirtín O’Connor agus puipéid déanta ag Pat Bracken na léirmheastóirí i mbun pinn an athuair:

However na Fánaithe’s main strength lies in a core cast which has developed over the last four years to a remarkable level.  In Marina Ní Dhubháin (Yerma), Diarmuid de Faoite (Juan), and Audrey Ní Fhearghail (Dolores/Old Woman) one finds acting which is expressive confident and, on occasion, dazzling. (Galway Advertiser, 25/7/91)

Na Fánaithe have transformed Irish language theatre to such an extent that no longer can it be considered to be only a poor relation of plays in the King’s English. (City Tribune, 19 Iúil 1991) (Ní Mhuircheartaigh et al, 2021: 304)

Bhí an tAonach Mór Domhanda Expo ’92 le bheith in Sevilla an bhliain dar gcionn agus tháinig Denis Rafter, Coimisinéir Expo ‘92 thar ceann Rialtas na hÉireann chuig Yerma i mí Iúil 1991. Tugadh cuireadh chun na Spáinne do na Fánaithe mar chuid den chomóradh a bhí beartaithe sna Andalúis ar chúig chéad bliain ó bhain Críostóir Columbus an tOileán Úr amach.

Beartaíodh obair áitiúil a thabhairt chun na Spáinne in áit a n-údar féin Lorca a thabhairt as Éirinn ó dheas go dtí Sevillla. Déanadh cóiriú ar nóibhille den teideal Misiún ar Muir a scríobh Dara Ó Conaola as Inis Meáin ach a chónaíonn anois in Inis Oírr. Bhain an scéal le hiomramh farraige ina raibh cuid mhaith neamhchinnteachta, corraíola agus clampair ach a thug scóip do na Fánaithe a mbranda féin amharclannaíochta a chur air. Scríobh Lionel Pilkington, ollamh emeritus le Béarla in Ollscoil na Gaillimhe an méid seo a leanas:

Na Fánaithe must be counted as one of Ireland’s most intellectually exciting, activist-oriented and theatrically adventurous theatre groups.  That it was not able to continue after 1993 is an indictment both of the inflexibility of state bodies and, from the mid-1980s, the Irish theatre sector’s disastrous over-reliance on funding from private businesses. (Cunningham & McDonough, 2023:229)

Figiúr 4: Misiún ar Muir – an seó a thug na Fánaithe go Expo ’92 in Sevilla, Lúnasa 1992

Na Fánaithe agus a nDán

Cad a tharla do na Fánaithe? Níor éirigh leis an gcompántas foinse maoinithe le dealramh a bhaint amach riamh. Is dócha gur tairne ina gcónra ab ea an cinneadh in 1993 amharclann Ghaeilge a mhaoiniú san ardchathair. Ach roinnt blianta in dhiaidh theip Amharclann de hÍde, mheas stiúrthóir na hamharclainne sin gur cheart an maoiniú a bheith tugtha do na Fánaithe:

Overall, however, if you ask Ní Anluain about Amharclann de hÍde, she says she wouldn’t have started from there. The company was set up by its co-funders, Bord Na Gaeilge and the Arts Council. The fact that Amharclann de hÍde wasn’t the initiative of artists was, she says, ‘a shadow’ over it. Looking back, she says, the two state agencies should have just have given the money to Na Fánaithe: ‘They thought it was great that I had a room in Bord na Gaeilge. The first thing on my agenda was to get out of the place. (Ní Anluain, 2010)

Léiríonn an t-ábhar cartlainne atá ar fáil cuid de na dúshláin, na buaicphointí a bhain le gluaiseacht ealaíne trí mheán na Gaeilge sna hochtóidí agus sna naochadaí.

Tá an t-ábhar scannánaíochta ar fad a déanadh ag Expo ’92 in Sevilla mar chuid de mo chartlann phearsanta féin. Bliain díreach tar éis do na Fánaithe filleadh ón Spáinn, chraol RTÉ clár faisnéise faoina dturas den teideal NA FÁNAITHE – EXPOSÉ, blaiseadh den scannánaíocht a déanadh san Andalúis i samhradh na bliana 1992.

Figiúr 5: Na Fánaithe in Sevilla, Lúnasa 1992

Cartlann na bhFánaithe, Gníomhachas agus an Ghaeilge

Tá spreagadh ar fáil sa chartlann áirithe seo do ghluaiseachtaí ealaíne ár linne. Tá an t-ábhar a bhaineann leis na Fánaithe coinnithe slán a bhuíochas do Pheadar Mac Fhlannchadha i gConradh na Gaeilge, Gaillimh. Níl rochtain poiblí ar an ábhar cartlainne seo agus níl cóiriú déanta ar sa ghnáthchiall a bhaineann le cartlannaíocht:

All actions taken to retard deterioration of or prevent damage to cultural material.  It involves controlling the environment and conditions of use, and may include treatment in order to maintain an object as nearly as possible in an unchanging state.  In the case of archival material, moving image and sound, this may include transfer to another medium. (Bettington et al, 2008: 87)

Is léiriú é an caomhnú a déanadh ar an ábhar seo ar fad ar thábhacht na cartlannaíochta pearsanta.  Baineann suntas inniu leis an gcartlann a chuir Peadar Mac Fhlannchadha i dtoll a chéile breis is 35 bliain ó shin.

The development of personal digital archives will affect the long-term preservation of cultural heritage, the future of cultural and scientific production, and freedom of expression.  It will change the balance between commercial and non-commercial efforts to ensure open long-term access to information, and change the relationship between institutions and individuals concerned with preservation.  And on our best days, personal archiving may even help us fulfil the Confucian responsibility of being good ancestors to out descendants. (Hawkins, 2013: 9)

Tá cuntas ar fáil i gcartlann na bhFánaithe ar thréimhse a bhí tábhachtach i mo shaol féin agus dar ndóigh i saol an dá chéad duine eile a d’oibrigh leis an gcompántas ar shlí amháin nó eile sna blianta úd.

Cartlannú Digiteach

B’fhéidir gur fánach an áit a gcasfaí blúire de chartlann na bhFánaithe ort agus béim inniu ar an digitiú agus ar an gcaomhnú digiteach. D’oscail cartlannú digiteach caibidil eile ar fad, soláthraíonn teicneolaíochtaí digiteacha deiseanna úra. Tá sé níos saoráidí ábhar cultúrtha a chaomhnú agus an oidhreacht chultúrtha a dhéanamh níos inrochtana d’úsáideoirí. Tá athrú tagtha ar ról an duine aonair agus ar ról na hinstitiúide i gcaomhnú ábhair:

Jean Monnet, the founding father of the European Union, once said, ‘Nothing is possible without individuals. Nothing is lasting without institutions.’ Individuals instigate new technologies: some technology lasts and some technology dies, but all of it changes. In some ways, digital media is the antithesis of the institution and of the very intent of cultural heritage.  Institutions are designed to stand the test of time and thus, create multi-year digital strategies and assemble large task forces to oversee digital technology with the same intent. Unfortunately, technology changes far too rapidly for any plan to fully anticipate all of your institutional needs. (Din & Wu, 2015: 49)

Tá ról níos mó ag an duine aonair i leas na hoidhreachta digití a chur chun cinn.  Tá deis foilsitheoireachta ag aon duine a bhfuil fón cliste ina seilbh, níl aon teorann leis na hardáin atá ar fáil:

Now social media platforms enable you to make thousands, if not millions, of new friends who can learn about your exhibitions, collections, and programs no matter whether they are down the street or halfway around the world in a yurt.  Social media is shockingly powerful – it changes governments; it changes lives.  This is communication on steroids, and most importantly, it is fundamental to the way people under 25 engage with each other and with culture. Being able to share, discuss, and interact with digital content is a way that people connect. (Din & Wu, 2015: 49)

Tá claochlú tagtha ar an gcoincheap ‘poiblí’ agus laghdú ar an eispéireas grúpa; tugann deiseanna teicneolaíochta rochtain gan teorainn don duine aonair.  D’fhéadfaí rochtain ar líne ar ábhar a bhaineann leis na Fánaithe a chur ar fáil, mar shampla, ar an suíomh idirlín: Taisclann Dhigiteach na hÉireann (DRI) (https://dri.ie/ie/home-gaeilge/). Is taisclann dhigiteach í DRI, a sholáthraíonn caomhnú fadtéarmach agus rochtain ar shonraí daonnachtaí, oidhreachta cultúrtha agus eolaíochtaí sóisialta na hÉireann.  Bealach eile chun a leithéid a dhéanamh is ea nasc a chur ar fáil ar shuíomh idirlín a bhaineann le réimse na hamharclannaíochta. Mar shampla, tá cuntas ar léiriúcháin na bhFánaithe ar fáil cheana féin ar an suíomh Playography na Gaeilge suíomh a bhaineann le hInstitiúid Téatair na hÉireann (https://www.irishtheatreinstitute.ie/) arna mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon. Thabharfadh nasc breise ar an suíomh seo úsáideoirí chomh fada le leathanach ina mbeadh eolas faoi chartlann na bhFánaithe. Bheadh rochtain ar ábhar Gaeilge an ghrúpa agus an fhaisnéis in áit ina bhfuil eolas níos fairsinge faoi amharclann, faoi dhrámaíocht agus faoi thaibhealaíon na hÉireann. Bheadh sé ina acmhainn do scoláirí drámaíochta idir chainteoirí Gaeilge agus chainteoirí Béarla.

Conclúid

D’fhéach mé le gnéithe den chuimhne, den ghníomhaíochas agus den ról atá ag an gcartlann i meabhair a bhaint as miotais ó ré eile i stair na tíre a léiriú. Déantar áibhéil uaireanta d’eachtraí a thit amach i bhfad ó shin, léirítear na heachtraí úd faoi sholas na rómánsaíochta, mar shampla; sin é nádúr an duine.  Is féidir le cartlann ar bith solas níos fírinní a chaitheamh ar an aimsir atá thart. Chuimsigh aistear gearr an ghrúpa amharclainne, Na Fánaithe, idir 1987 agus 1993 gnéithe de na taibhealaíona atá mar chuid de dhioscúrsa ár linne: teanga, foirm, stíl, maoiniú, lucht féachana. Tá luach foghlama i gcuid den taithí a chas an saol le baill an ghrúpa agus tá léargas ar na heachtraí seo i gcartlann a tháinig slán ó thionchar míthrócaireach na mblianta.

D’fhéadfaí an trasnú idir an oidhreacht chultúrtha agus an oidhreacht dhigiteach a scrúdú chun ábhar cartlainne ar chuid de stair na hamharclainne in Éirinn é a chur ar fáil do lucht taighde agus don phobal i gcoitinne. Déanadh tagairt cheana d’Institiúid Téatair na hÉireann agus an ról a d’fhéadfadh a bheith aici rochtain  ar chartlann na bhFánaithe a sholáthar do dhaoine a chuireann spéis sa drámaíocht, sa taibhealaíon agus san amharclannaíocht. Ar ndóigh, chaithfí aitheantas cuí a thabhairt don gcartlannaí Peadar Mac Fhlannchadha.

Coimeádaithe iad lucht cartlainne a chosnaíonn agus a chaomhnaíonn ár gcuimhní cultúrtha dúinne agus do dhaoine a thiocfaidh inár ndiaidh. Roinn George Orwell dearcadh ar leith ina úrscéal 1984: ‘Who controls the past controls the future: who controls the present controls the past.’ (Orwell, 2008: 37)

Figiúr 6: Na Fánaithe in 1987, ó chlé: Marina Ní Dhubháin, Trevor Ó Clochartaigh, Columba Tierney, Aodh Ó Coileáin, Jacqueline Ní Fhearghusa

 

 

Tagairtí

Bettington, J., Eberhard, K., Loo, R, & Smith, C. (eds) (2008) Keeping Archives. Canberra: Australian Society of Archivists Inc.

Cunningham, J. & McDonough, C. (eds) (2023) Hardiman & Beyond: The Arts and Culture of Galway since 1820. Melbourne: Arden.

Din, H. & Wu, S. (eds) (2015) Digital Heritage and Culture. Singapore: World Scientific Publishing Co. Pte. Ltd.

Hawkins, Donald T. (2013) Personal Archiving: Preserving Our Digital Heritage. Medford, New Jersey: Information Today, Inc., 2013. Print. Gale eBooks.

Inglis, H.D. (1835) A Journey Throughout Ireland Vol II. London: Whittaker & Co.

Mac an Iomaire, S. (1985) Cladaí Chonamara. BÁC: An Gúm.

Ní Anluain, C. (2010) athfhriotal in ‘Fiche bliain ag fás’ le Victoria White, foilsithe san Irish Theatre Magazine. 15 Meán Fómhair.

Ní Mhuircheartaigh, É., Ní Ghairbhí, R., & Ó Liatháin, P. (eag) (2021) Ó Chleamaraí go Ceamaraí: Drámaíocht agus Taibhealaíona na Gaeilge faoi Chaibidil. BÁC: Cló Léann na Gaeilge.

Orwell, G. (2008) 1984. London: Penguin Books.

Prunty, J. & Walsh, P. (2016) Galway/Gaillimh: Irish Historic Towns Atlas No.28. BÁC: Royal Irish Academy.

Suíomhanna Idirlín:

https://www.irishtheatreinstitute.ie/

Eolas faoi Phléaráca Chonamara ar fáil ag: http://amuigh.ie/

Taisclann Dhigiteach na hÉireann: https://dri.ie/ie/home-gaeilge/

Liosta Drámaí a léirigh na Fánaithe:

Clog – 1987, cumtha ag an bhfoireann.

Tá Cuma Nua ar an Sléibhte – 1988, Micheál Mac Liammóir.

Seó Sráide – 1988, cumtha ag an bhfoireann.

Cóta Bán Chríost – 1989, Críostóir Ó Floinn.

Bullaí Mhárthain – 1989, cóirithe don stáitse ag Seán McCarthy.

My Girl – 1990, Barrie Keeffe.

Clann Lir – 1990, cumtha ag an bhfoireann.

Bábóga – 1990, ceithre dhráma aon ghníomh:

  • Oiliúint Skinny Spew – Howard Brenton
  • Bar agus Ger – Geraldine Aron
  • Seó Puipéad Don Criostóbal – Federico García Lorca
  • Portráid Ceithre Mháthair – Arnold Wesker

Yerma – 1991, Federico García Lorca.

Aingeal an Chladaigh – 1991, bunaithe ar ghearrscéal le Gabriel García Márquez.

Páidín Mháire, Páidín Míre – 1992, bunaithe ar ghearrscéal le Pádraic Ó Conaire.

Misiún ar Muir – 1992, bunaithe ar nóibhille le Dara Ó Conaola.

Do Phléaráca Chonamara:

Micí Mallaithe – 1991, le Diarmuid de Faoite agus Marina Ní Dhubháin.

Cóilín Cantalach – 1992, le Diarmuid de Faoite agus Síle Nic Chonaonaigh.

Clár Faisnéise don teilifís:

Exposé: Na Fánaithe i Sevilla – 1993, Scothógfíse Teo., An Daingean, Co. Chiarraí, RTÉ/Údarás na Gaeltachta.

Leabhair eile a bhaineann le hábhar:

O’Leary, P. (2017) An Underground Theatre: Major Playwrights in the Irish Language 1930–80. Dublin: UCD Press.

Mao Óg (2022) The Little Green Book of Irish Drama. Gaillimh: Bean Sí Publishing.

Ó Siadhail, P. (1993) Stair Dhrámaíocht na Gaeilge: 1900–1970. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Lonergan, P. (2019) Irish Drama and Theatre since 1950. London: Bloomsbury Publishing.

Jordan, E & Weitz, E. (eds) (2018) The Palgrave Handbook of Contemporary Irish Theatre and Performance.  London: Palgrave Macmillan

Grene, N. & Morash, C. (eds) (2016) The Oxford Handbook of Modern Irish Theatre. Oxford: Oxford University Press.