Réamhrá
Ba líonmhaire cainteoirí Gaeilge, a raibh an Ghaeilge mar dhara teanga (T2) acu, ná líon na gcainteoirí dúchais sna daonáirimh a rinneadh thuaidh agus theas in 2016 agus in 2011 (Walsh, 2019). D’fhéadfaí a thomhas, ag breathnú ar an mhéadú atá tar éis teacht ar líon na gcainteoirí T2 ó shin (CSO, 2022; NISRA, 2021), gurb amhlaidh an scéal fós. Shealbhaigh formhór na gcainteoirí seo a gcumas teanga tríd an chóras oideachais ach thosaigh cuid acu ar an Ghaeilge agus iad ina bhfoghlaimeoirí fásta. Braitheann sealbhú na Gaeilge, a bheag nó a mhór, ar chomhthéacs na scoile agus, in ainneoin díospóireachtaí amhail stádas éigeantach na teanga, bronnadh na ndíolúintí nó an fhoghlaim de ghlanmheabhair, leanann neart daltaí ar aghaidh léi fós go leibhéal na hollscoile (Ní Fhrighil & Nic Eoin, 2009). Cibé cúrsa a bhíonn ar siúl ag na mic léinn, mar aon le daoine fásta a fhilleann ar fhoghlaim na Gaeilge nó a thosaíonn uirthi ó bhonn, tá siad tar éis cinneadh comhfhiosach a dhéanamh cur lena gcuid foghlama sa teanga. Is ábhar spéise é na cúiseanna a bhaineann leis an chinneadh sin a fheidhmíonn mar inspreagadh tosaigh na bhfoghlaimeoirí. Is tábhachtaí fós na cúiseanna nuair a smaoinítear ar an inspreagadh mar cheann de na gnéithe is suntasaí den phróiseas foghlama a chuireann le rath an tsealbhaithe teanga (Dörnyei & Ushioda, 2021).
Tuigtear castacht an inspreagtha mar ghné lárnach den aistear foghlama teanga, gné a thagann faoi thionchar na mílte athróg eile san aistear céanna. Forbraíodh neart teoiricí chun tuiscint a fháil ar struchtúr an inspreagtha ach bunaíodh formhór acu ar fhoghlaim an Bhéarla. Mar thoradh ar easnamh na múnlaí sin leagadh níos mó béime ar theangacha eile seachas an Béarla, na teangacha mionlaithe ina measc (Rosiak, 2023). Tá neart taighde déanta cheana féin ar cheist an inspreagtha ó thaobh fhoghlaim na Gaeilge de ach tá gá le hachoimre ar an taighde agus ar an bhaint atá aige le forbairtí sa chomhthéacs idirnáisiúnta. Is modh éifeachtach é an t-athbhreithniú scóipe d’fhonn léargas a fháil ar ghort taighde agus coimriú á dhéanamh ar réimse na dtorthaí a bhaineann leis (Arskey & O’Malley, 2005). San alt seo déantar léirmheas ar fhlúirse na litríochta faoi shealbhú na Gaeilge i measc foghlaimeoirí fásta, nuachainteoirí agus mac léinn ar an tríú leibhéal[1] d’fhonn solas a chaitheamh ar cheangail an taighde ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta araon.
Cúlra Litríochta: Inspreagadh T2
Aithnítear tábhacht an inspreagtha do shealbhú an dara teanga le roinnt blianta anuas agus é ag feidhmiú mar chúis a chuireann tús leis an fhoghlaim, mar threallús chun leanúint ar aghaidh léi agus mar chuidiú i gcoinne laigí i gcumas an fhoghlaimeora (Dörnyei, 2005). Rinneadh neart iarrachtaí síos trí na blianta chun míniú a thabhairt air agus ar an ról atá aige i sealbhú teangacha, iarrachtaí a thiteann faoi na ceithre thréimhse seo a leanas (Dörnyei & Ushioda, 2011):
- Tréimhse na Síceolaíochta Sóisialta (The Social Psychological Period) (1959–1990)
- Tréimhse na Cognaíochta Suite (The Cognitive-Situated Period) (le linn na 90í)
- An Tréimhse Dírithe ar Phróiseas (The Process-Oriented Period) (casadh na haoise)
- An Tréimhse Shochdhinimiciúil (The Sociodynamic Period) (faoi láthair)
Ba le linn Thréimhse na Síceolaíochta Sóisialta a díríodh den chéad uair ar thionchar an inspreagtha ar shealbhú teangacha trí bhéim a leagan ar dhearcthaí an fhoghlaimeora i leith phobal an dara teanga. Rinneadh idirdhealú ar an inspreagadh imeasctha, nuair atá spéis ag an fhoghlaimeoir i muintir agus i gcultúr an dara teanga, agus an t-inspreagadh pragmatach, nuair a bhíonn siad níos dírithe ar bhuanna praiticiúla na foghlama (Gardner & Lambert, 1972). Díríodh ar thábhacht na féinmhuiníne fosta mar dhifríocht indibhidiúil a ndéantar forbairt uirthi trí theagmháil dhíreach nó indíreach leis an phobal T2 (Clément et al., 1994). Baineadh leas as teoiricí cognaíocha i dTréimhse na Cognaíochta Suite d’fhonn nasc a chruthú le forbairtí i bpríomhréimse na síceolaíochta. De réir ceann amháin de na teoiricí seo, teoiric an fhéinchinntiúcháin (self-determination) (Deci & Ryan, 1985), déantar inspreagadh an fhoghlaimeora a rangú thar speictream ón inspreagadh eistreach, nuair a thagann spreagadh an fhoghlaimeora ó fhoinse sheachtrach, go dtí an t-inspreagadh intreach, nuair a bhíonn spéis acu san fhoghlaim féin, agus roinnt foinsí eile idir eatarthu. Baineadh úsáid as teoiric na haitreabúideachta (attribution) (Weiner, 1985) chomh maith a dhíríonn ar an mhíniú a thugann foghlaimeoirí ar rath nó ar theip le linn an phróisis foghlama agus tionchar ag an mhíniú sin ar a n-inspreagadh. Caitheadh béim ar thaobh teamparálta an inspreagtha sa Tréimhse a bhí Dírithe ar Phróiseas agus múnla á chruthú ag Dörnyei & Ottó (1998) inar leagadh amach céimeanna an inspreagtha mar mhianta réamhghnímh, spriocanna an fhoghlaimeora agus iad ag tabhairt faoin ghníomh agus ceachtanna a bhfoghlaimítear uaidh. Níor cuireadh san áireamh, áfach, tionchar na ngnéithe eile i saol an fhoghlaimeora ar na céimeanna seo, tionchar atá mar dhlúthchuid den chur chuige coibhneasta (Ushioda, 2009) ina bhfreastalaítear ar chomhthéacs agus ar chúlra iomlán acu. Le teacht na Tréimhse Sochdhinimiciúla tugadh aitheantas do chastacht shuite agus d’fhorbairt orgánach an inspreagtha agus é ag feidhmiú, de réir theoiric na gcóras casta dinimiciúil, mar réimse athróg idirspleách a bhíonn de shíor ag athrú i dteannta a chéile (Larsen-Freeman & Cameron, 2008). Tosaíodh ag baint úsáid as teoiricí nuálacha an fhéin agus na féiniúlachta agus ar cheann de na teoiricí ba mhó a d’eascair ón úsáid sin bhí Córas an Fhéin Inspreagtha T2 (Dörnyei, 2005). Léirítear sa trí chuid den teoiric seo, an féin idéalach T2, an féin ba chóir T2 agus an taithí foghlama T2[2], an dóigh a dtagann inspreagadh ar fhoghlaimeoirí nuair is mian leo aon bhearna idir an staid ag a bhfuil siad agus staid shamhlaithe eile a shárú.
Deimhníodh téagar na dteoiricí thuas i réimse suíomhanna éagsúla ach dhírigh an deimhniú sin den chuid is mó ar fhoghlaim an Bhéarla sa seomra ranga iasachta (Boo et al., 2015). De bharr dhomhandú an lae inniu agus na saindifríochta idir foghlaim an Bhéarla mar dhara teanga agus mar theanga iasachta, bhí gá le coincheapadh úr ar chaidreamh agus ar chumarsáid na bhfoghlaimeoirí iasachta le lucht an Bhéarla mar phobal idirnáisiúnta (Yashima, 2002; Lamb, 2004). Tá tionchar nach beag ag an domhandú seo fosta ar an luach a cheanglaítear le teangacha eile agus cuireadh spéis le tamall anuas san inspreagadh a bhaineann le hiad a fhoghlaim (Rosiak, 2023). Ceistítear oiriúnacht na dteoiricí do chomhthéacs na dteangacha seo (Dörnyei & Al-Hoorie, 2017), oiriúnacht a éiríonn níos casta i gcás fhoghlaim na dteangacha mionlaithe[3] nuair is annamh a bhíonn spriocanna praiticiúla i gceist (Belmar et al., 2019). Is í an oiriúnacht seo ó thaobh na Gaeilge de, agus stádas níos fearr aici ná teangacha mionlaithe eile (Ó Ceallaigh & Ní Dhonnabháin, 2015), a dtugtar aghaidh uirthi le linn an ailt trí litríocht ábhartha a chíoradh go mion.
Modheolaíocht Taighde: Athbhreithniú Scóipe
Cuireadh cur chuige an athbhreithnithe scóipe i bhfeidhm d’fhonn léirmheas a dhéanamh ar litríocht chúlra an ailt. Cé go mbaintear úsáid fhorleathan as mar mhodh athbhreithnithe, tá éiginnteacht ann ó thaobh sainmhínithe agus feidhme de (Levac et al., 2010). Is mór an cuidiú é, mar sin, tuiscint a fháil ar an athbhreithniú scóipe trí chomparáid le cur chuige eile atá cosúil leis, is é sin an t-athbhreithniú córasach. Baintear leas as athbhreithniú córasach nuair is gá fianaise a bhailiú faoi cheist ar leith agus eolas á dhéanamh do pholasaí nó do chleachtas ach is leor athbhreithniú scóipe nuair nach bhfuil ag teastáil ach léargas ar an litríocht (Munn et al., 2018). Leagadh amach modheolaíocht an athbhreithnithe scóipe den chéad uair in alt le Arskey & O’Malley (2005) mar phróiseas cúig chéim. Déantar plé san alt seo ar an fhorbairt a ndearnadh ar na céimeanna ó shin in éineacht leis an dóigh ar cuireadh iad i bhfeidhm chun teacht ar ábhar faoi inspreagadh fhoghlaim na Gaeilge.
Ceist taighde a chruthú
Baineann an chéad chéim den athbhreithniú scóipe le ceist taighde a fhorbairt. Tá gá le ceist leathan chun teacht ar réimse fairsing litríochta (Arskey & O’Malley, 2005) ach moltar scóip dhírithe a cheangal léi agus cuspóir an athbhreithnithe á chur san áireamh (Levac et al., 2010). Baineann cuspóir an athbhreithnithe seo le hiniúchadh ar an mhéid litríochta atá ar fáil faoin ábhar taighde agus le hachoimre a thabhairt ar phríomhthorthaí na litríochta sin. Ba í an cheist taighde ná ‘Cad atá ar eolas againn faoi inspreagadh fhoghlaimeoirí na Gaeilge?’ Is éard atá i gceist le ‘foghlaimeoirí’ anseo ná mic léinn ollscoile, foghlaimeoirí fásta agus nuachainteoirí nó, i bhfocail eile, daoine a dhéanann an cinneadh chun tabhairt faoin fhoghlaim[4]. Mar iarracht scóip an athbhreithnithe a nascadh le hinspreagadh an dara teanga, breathnaíodh ar bhunús na litríochta i dteoiricí an chomhthéacs idirnáisiúnta.
Staidéir ábhartha a aimsiú
Sula ndéantar straitéis chuardaigh a bhunú ar an cheist taighde, moltar cinneadh a dhéanamh faoi theanga, faoi thréimhse agus faoi fhoinse na n-alt a roghnófar (Arskey & O’Malley, 2005). Cé go mbraitheann na cinntí seo ar na hacmhainní, idir dhaonna agus ama, atá ar fáil, níor cheart dóibh cur isteach ar éifeachtacht an athbhreithnithe leis an cheist taighde a fhreagairt (Levac et al., 2010). Baineadh leas as trí fhoinse éagsúla chun teacht ar ailt don athbhreithniú seo, is iad sin irisí acadúla na Gaeilge, bunachair shonraí ar líne agus leabharliostaí na n-alt a aimsíodh ar an bhealach. Breathnaíodh ar liosta na n-alt a foilsíodh go dtí seo in TEANGA, Léann Teanga: An Reiviú, Irisleabhar Mhá Nuad, COMHARTaighde agus Studia Hibernica, agus aimsíodh 18 n-alt a bhí bainteach leis an cheist taighde. Baineadh úsáid as an teaghrán cuardaigh thíos i gcás na mbunachar sonraí amhail Scopus, Jstor, Science Direct agus ERIC, agus aimsíodh 12 alt eile. Aimsíodh 2 alt sa bhreis nuair a cuireadh ‘new speaker’ in aonad ‘learner’, agus bailíodh 47 gceann eile ó leabharliostaí na n-alt féin.
|
motivation AND learner AND “Irish language” |
Figiúr 1: An teaghrán cuardaigh
Staidéir a roghnú
Déantar na hailt is oiriúnaí a roghnú trí chritéir chuimsithe agus eisiaimh a chur i bhfeidhm. Is próiseas atriallach a bhíonn i gceist agus is minic a thagann athrú ar na critéir agus ailt á roghnú. Moltar foireann ildisciplíneach a úsáid don chéim seo nuair is féidir (Levac et al., 2010) agus d’fhéadfaí ailt nach raibh roghnaithe a chur ar fáil i bhfoirm aguisín (Arskey & O’Malley, 2005). Toisc nach raibh foireann ar fáil don athbhreithniú seo, bunaíodh roghnú na n-alt ar chur amach an taighdeora ar litríocht an réimse agus ar fheidhm an athbhreithnithe. Dar le critéir chuimsithe an athbhreithnithe ba cheart go raibh:
- an t-alt scríofa i nGaeilge nó i mBéarla,
- foghlaimeoirí fásta, nuachainteoirí nó mic léinn ollscoile á bplé,
- trácht á dhéanamh ar thorthaí taighde, agus
- an t-alt ar fáil go hoscailte nó trí institiúid an taighdeora.
Nuair a cuireadh na critéir thuas i bhfeidhm, aimsíodh 35 alt a shásaigh gach uile cheann acu ach cuirtear liosta ar fáil de na cinn nár roghnaíodh in aguisín an ailt.
Na sonraí a rianú
Nuair atá na hailt roghnaithe, leagtar amach an príomheolas a bhaineann leo i bhfoirm asbhainte sonraí. Cé gur féidir leas a bhaint as teicnící anailíse cáilíochtúla d’aon choincheap atá casta (Levac et al., 2010), braitheann an modh anailíse ar fheidhm an athbhreithnithe (Peters et al., 2020). Cuirtear foirm asbhainte sonraí an athbhreithnithe seo, a cruthaíodh ar Excel, in iúl sa tábla thíos.





Tábla 1: An fhoirm asbhainte sonraí
Na sonraí a thiomsú, a achoimriú agus a thuairisciú
Déantar tuairisciú ar deireadh ar na sonraí go léir cé nár cheart measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na n-alt (Arskey & O’Malley, 2005). D’fhéadfaí an chéim seo a roinnt ina trí fho-chuid, is iad sin anailís uimhriúil agus / nó téamúil, cur in iúl na sonraí ar bhealach a thagann le cuspóir an athbhreithnithe agus plé ar impleachtaí na sonraí don chomhthéacs taighde (Levac et al., 2010).
Torthaí an Chuardaigh: Inspreagadh na Gaeilge
Mar a léirítear sa tábla atá thuas, déantar na hailt roghnaithe a rangú de réir dhaonra an taighde, is é sin foghlaimeoirí fásta in Éirinn, thar lear nó ar líne, nuachainteoirí agus mic léinn ollscoile. Déanfar torthaí an taighde a phlé sna catagóirí seo ar mhaithe le súil a chaitheamh ar aon chosúlacht idir cuspóirí agus cleachtas na gcineálacha foghlaimeoirí éagsúla.
Foghlaimeoirí Fásta in Éirinn
I measc na gcúiseanna a raibh foghlaimeoirí in Éirinn, idir dhaoine de bhunadh na tíre iad agus dhaoine eile nach raibh, ag tabhairt faoi shealbhú na Gaeilge bhí stádas cultúrtha nó oidhreachta na teanga agus cuid acu ag iarraidh cur lena bhféiniúlacht mar Éireannaigh, ceangail teaghlaigh léi, chun cuidiú le hoideachas a bpáistí nó buntáistí gairme. Léiríodh gur mhothaigh roinnt Éireannach go raibh sé de dhualgas orthu an Ghaeilge a fhoghlaim ach gur minic a chuir siad fáilte roimhe. Ba iad spéiseanna na bhfoghlaimeoirí stair agus fuaimniú na teanga, cúrsaí teanga go ginearálta, seanleaganacha na Gaeilge, an tionchar a bhí aici ar Bhéarla na hÉireann, cúrsaí canúna chomh maith le spraoi agus sóisialtacht na foghlama. Bhí spéis ag foghlaimeoirí in amanna i gcanúint ar leith de bharr ceangail le cainteoirí nó le ceantar na canúna sin. Bhí roinnt acu ag iarraidh cumas labhartha nó cumas ar chomhleibhéal na gcainteoirí dúchais a bhaint amach. Ní i gcónaí, áfach, go raibh a gcur chuige ag teacht leis na spriocanna foghlama sin go háirithe nuair nár baineadh úsáid as an Ghaeilge lasmuigh den chomhthéacs foghlama. Pléadh an dea-thionchar a bhí ag daoine eile amhail cairde, comhghleacaithe nó múinteoirí ar fhoghlaim agus ar spéis na bhfoghlaimeoirí agus cé go raibh claonadh imeasctha ag cuid acu, d’fheidhmigh an lucht foghlama féin uaireanta mar phobal an dara teanga. Luadh fosta an drochthionchar a bhí ag daoine a d’iompaigh ar an Bhéarla i gcuideachta na bhfoghlaimeoirí ar fhéinéifeachtúlacht agus ar dheiseanna úsáide dá gcuid chomh maith le heaspa spreagtha an ionaid oibre nuair ab fhéidir tascanna teanga a chur chuig comhghleacaí eile.
Foghlaimeoirí Fásta Thar Lear
Cé go raibh foghlaimeoirí in Éirinn agus foghlaimeoirí a bhí díreach tar éis bogadh uaithi páirteach i gcuid de na staidéir faoi fhoghlaim na Gaeilge thar lear, bhí roinnt cosúlachtaí idir mianta na ndaoine seo agus daoine eile nach raibh ach nasc teaghlaigh acu leis an tír. Bhain mianta foghlama dá gcuid le hoidhreacht agus le cultúr na teanga, cúrsaí taistil agus oideachais, ceangail shóisialta, teagasc na teanga do dhaoine eile, páistí ina measc, idé-eolaíochtaí polaitiúla nó stádas na Gaeilge sa tír nua. Bhí spéis acu i bhfuaimniú na Gaeilge, sa phróiseas foghlama nó i gcúrsaí teanga trí chéile agus bhí ceist na féiniúlachta chomh láidir gur cuireadh síos orthu in amanna mar Ghaeil seachas mar Éireannaigh[5]. D’eascair spéis na bhfoghlaimeoirí nach raibh ceangal acu leis an tír ó cheol agus damhsa Gaelach, amhránaíocht thraidisiúnta agus béaloideas nó stair na teanga. Bronnadh stádas orthu mar bhaill den phobal teanga mar gheall ar a gcumas sa teanga agus sa cheol nó cur amach ar chomhthéacs na Gaeilge. Bhí codarsnacht láidir idir úsáid theoranta na Gaeilge agus an spás lárnach a bhí aici i saol pearsanta agus proifisiúnta foghlaimeoirí áirithe. Cé nach raibh an úsáid sin i gcónaí chomh tábhachtach le himeascadh sóisialta agus le cruthú féiniúlachta, pléadh iarrachtaí leis an Ghaeilge a choinneáil mar mhodh cumarsáide ag imeachtaí an diaspóra.
Foghlaimeoirí Fásta ar Líne
Ba iad cúiseanna foghlama na ndaoine a bhí ag tabhairt faoin Ghaeilge ar líne ná spéis sa chultúr agus sa teanga, nascanna cairde nó teaghlaigh, an sult a bhaineann le rudaí nua a fhoghlaim agus nasc na Gaeilge le hobair eile nó lena n-oidhreacht. Ba mhinic a chuir spéis i gcúrsaí teanga, spraoi na foghlama agus cumarsáid le foghlaimeoirí agus le múinteoirí an chúrsa le hinspreagadh na ndaoine seo. Bhí difríocht le sonrú i spriocanna na bhfoghlaimeoirí idir ardchumas sa Ghaeilge, tuiscint shimplí uirthi nó tuiscint níos fearr orthu féin a bhaint amach. Léiríodh go raibh mothúcháin dhearfacha na bhfoghlaimeoirí ní ba láidre ná na cinn dhiúltacha a bhí acu seans toisc gur roghnaigh siad féin chun an cúrsa a dhéanamh. Rinneadh níos mó iarrachta an Ghaeilge a fhoghlaim ná a labhairt agus bhí deacrachtaí ag tromlach acu le deiseanna úsáide a aimsiú. Cé gur chuir easpa doimhneachta na ndeiseanna sin frustrachas ar roinnt acu d’fheidhmigh glúnta a tháinig rompu nó glúnta a bhí fós le teacht mar phobal inmheánach dá gcuid. Aimsíodh ceangal idir féintreoraithe agus iarracht foghlama na bhfoghlaimeoirí ach tháinig laghdú ar an cheangal sin de réir mar a tháinig feabhas ar a gcumas de cheal deiseanna leis an chumas sin a mheas. D’fheidhmigh deacracht na foghlama mar bhac nó mar threallús agus ba mhinic a tháinig díomá nó lagmhisneach orthu siúd nár thuig iarracht fhadtéarmach na foghlama teanga nó nach raibh in ann féinrialachán a chleachtadh.
Nuachainteoirí
D’fheidhmigh cúrsaí oidhreachta agus féiniúlachta mar inspreagadh láidir do na nuachainteoirí agus féiniúlacht an chainteora Gaeilge mar fhoinse áthais agus bróid. Bunaíodh an fhéiniúlacht sin ar chumas teanga nó canúna, nasc teaghlaigh le ceantar Gaeltachta nó ballraíocht i ngrúpa nua d’úsáideoirí teanga. Bhí deacrachtaí ag cuid acu a bhféiniúlacht teanga agus a bhféiniúlacht ghnéis a chomhnascadh lena chéile agus tosaíocht á tabhairt dá bharr do thaobh amháin thar thaobh eile. Rinneadh idirdhealú orthu féin agus ar fhoghlaimeoirí a bhí níos luaithe san aistear teanga ach níor mhothaigh roinnt nuachainteoirí go raibh nasc láidir acu leis an Ghaeilge de bharr cumais níos airde sa Bhéarla nó easpa úinéireachta teanga i gcomparáid le cainteoirí dúchais. Chuir an chomparáid sin díomá, frustrachas agus lagmhisneach orthu agus cé go raibh taithí dhiúltach ag cuid acu sna ceantair Ghaeltachta, breathnaíodh ar na ceantair sin agus ar chainteoirí dúchais fós mar acmhainní foghlama agus eiseamláirí teanga. Mhothaigh cainteoirí áirithe go raibh dáimh níos láidre acu le lucht na Gaeilge seachas le lucht na tíre féin. Bhí neart deiseanna úsáide acu agus léiríodh gur spás sábháilte iad imeachtaí sóisialta chun an teanga a chleachtadh, aithne a chur ar chainteoirí eile agus féiniúlacht mar chainteoir Gaeilge a dheimhniú. Ó thaobh spreagthóirí tábhachtacha de bhí úsáid rialta na Gaeilge agus dearcadh dearfach ar scoil, forbairt ar chumas agus ar chleachtas i ndiaidh tréimhsí sa Ghaeltacht, cainteoirí cumasacha agus úsáid shóisialta na teanga ar an ollscoil, agus labhairt na Gaeilge le baill teaghlaigh agus le cairde mar chéim pholaitiúil nó chultúrtha. D’fheidhmigh náire faoi chúlra nó faoi chumas na gcainteoirí in amanna mar spreagadh chun leanúint leis an Ghaeilge agus aon easnamh a shárú.
Mic Léinn Ollscoile
In ainneoin na héagsúlachta ó thaobh bhéim na staidéar ag leibhéal na hollscoile bhí cosúlachtaí fós sna torthaí taighde. Rinneadh comparáid idir drogall na gcainteoirí dúchais Gaeilge a labhairt le foghlaimeoirí T2 agus deacrachtaí cumarsáide an dara grúpa de bharr easpa cleachtaidh agus rudaí a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Bhí am ag teastáil ag na foghlaimeoirí T2 chun dul i dtaithí ar chúrsaí canúna agus chuir cailliúint an stádais a bhí acu mar chainteoirí maithe ar scoil lagmhisneach orthu. Bhí tábhacht ag baint le cúrsaí cruinnis agus d’aithin cuid de na rannpháirtithe, a chuir fáilte roimh cheartúcháin, tairbhe an aiseolais lena bhfís mar úsáideoirí neamhspleácha a bhaint amach. Bhí dearcadh fíordhearfach acu i leith na Gaeilge, chultúr na teanga agus an phróisis foghlama agus fuair siad spreagadh agus tacaíocht ón lucht teagaisc, ábhar an chúrsa, an cur chuige tumoideachais, úsáid rialta na teanga, na comhfhoghlaimeoirí, an fhís agus an pobal idéalach a bhí acu, agus buntáistí fhoghlaim na Gaeilge. Cé gur thuig siad iarracht fhadtéarmach na foghlama ní i gcónaí go raibh siad sásta lena gcumas de bharr na n-ionchas ard a bhí leagtha amach acu. Tuigeadh tábhacht an inspreagtha, na muiníne agus an chompoird sa seomra ranga agus rinneadh tagairt do thionchar na scoile, do dhearcadh dearfach a dtuismitheoirí agus don tairbhe a bhain le tréimhsí sa Ghaeltacht. Bhí baint láidir ag an teanga lena saol agus cé go ndeachaigh siad sa tóir ar dheiseanna úsáide, ba mhinic a chuir ganntanas na ndeiseanna sin díspreagadh orthu. Bhí siad ag súil go mbeadh an bhaint sin ag an Ghaeilge go deo agus go gcuideoidh sí leo le post a bhaint amach. Bhí spriocanna soiléire acu siúd a bhí i mbun bunchéim agus iarchéim san oideachas trí mheán na Gaeilge maidir lena gcumas féin agus le teagasc na teanga. Bhain siad úsáid rialta aisti ina saol pearsanta féin agus bhí mothúcháin láidre acu ó thaobh cúrsaí cultúrtha agus féiniúlachta de.
Plé: Impleachtaí don Chomhthéacs (Idir)náisiúnta
In ainneoin éagsúlacht na gcomhthéacsanna foghlama san athbhreithniú scóipe seo, ba iad na cúiseanna foghlama céanna a bhí ag teacht chun cinn arís agus arís eile, cúiseanna a d’fhéadfaí a rangú thar speictream an inspreagtha (Ryan & Deci, 2000). De réir na teoirice seo, is é an t-inspreagadh intreach an ceann is éifeachtaí ach seasann dhá chlaonadh eile taobh leis, an t-inspreagadh aitheanta agus an t-inspreagadh imeasctha. Bíonn na claontaí seo i gceist nuair a thugtar faoin fhoghlaim ar chúiseanna pearsanta nó féiniúlachta, cúiseanna a bhí le feiceáil sna tagairtí d’oideachas páistí, cúrsaí taistil agus ceist na hoidhreachta. Tagann méadú ar thábhacht na gcúiseanna seo nuair a aithnítear nach leor an t-inspreagadh intreach d’fhonn iarrachtaí foghlama a chothú, tábhacht a chaitheann béim ar thuiscint na bhfoghlaimeoirí ar luach pearsanta a gcuid spriocanna (Noels et al., 2000) agus ar inmheánú na spriocanna céanna (Yu, 2022). Bíonn feidhm fosta ag na cineálacha inspreagtha go léir fiú na cinn atá níos seachtraí, amhail cúrsaí gairme, a d’fhéadfadh cur le dianseasmhacht an fhoghlaimeora teanga (Howard et al., 2021).
Is inspreagadh seachtrach ar leith é dualgas na bhfoghlaimeoirí leis an Ghaeilge a shealbhú, dualgas a bhaineann go sonrach le teangacha oidhreachta. Cé go dtiteann an oibleagáid seo faoin fhéin ba chóir T2, is minic, mar a léirítear san athbhreithniú seo, a ghlacann foghlaimeoirí léi mar ‘a welcomed obligation’ (Dörnyei & Al-Hoorie, 2017). Bhí an féin idéalach T2 le haimsiú sna tagairtí a rinneadh d’fhís na bhfoghlaimeoirí díobh féin mar chainteoirí a bhí neamhspleách nó a bhí ar chomhleibhéal na gcainteoirí dúchais. Is spéisiúil, áfach, gur tháinig frustrachas, díomá nó lagmhisneach ar fhoghlaimeoirí áirithe nuair a chuir siad iad féin i gcomparáid leis na heiseamláirí teanga seo. Is spéisiúla fós gurbh iad na mothúcháin chéanna a tháinig chun cinn nuair a tugadh iarracht fhadtéarmach na foghlama teanga faoi deara nó nuair nár baineadh spriocanna uaillmhianacha foghlama amach. Rachadh sé chun tairbhe na bhfoghlaimeoirí seo, mar sin, spriocanna níos réadúla a leagan amach (Baker et al., 2011) agus plé a dhéanamh ar thaobh mothaitheach an tsealbhaithe teanga agus ar thábhacht na héirime mothúchánaí dá bharr (Taherkhani & Moradi, 2022).
Ó thaobh cheist na himeascaitheachta de, áitítear go bhfuil teagmháil leis an phobal teanga i bhfad níos tábhachtaí i gcás teangacha eile seachas an Béarla, teangacha mionlaithe ina measc (Nakamura, 2019). Is iomaí pobal teanga a bhí ar fáil do lucht an athbhreithnithe seo agus iad ag iarraidh ballraíocht a ghlacadh i bpobal an diaspóra, sa ghrúpa foghlama, i líonra na nuachainteoirí nó i lucht na Gaeilge féin. Ba mhinic fosta a bhí baint láidir ag pobal inmheánach nó ag féin fréamhaithe an fhoghlaimeora (MacIntyre et al., 2017), de réir dhlúthcheangal na teanga le stair agus le todhchaí a muintire agus a gceantair araon. Cé gur minic nach mbíonn spriocanna pragmatacha ag baint le foghlaim na dteangacha mionlaithe (Belmar et al., 2019; O’Rourke & Ramallo, 2018; McEwan-Fujita, 2010), ní amhlaidh an scéal i gcónaí (Ortega et al., 2015; Pujolar & Puigdevall, 2015; Ning, 2014). Is fíor gur féidir an easpa áisiúlachta a bhaineann le teangacha áirithe drochthionchar a imirt ar inspreagadh an fhoghlaimeora chun iad a shealbhú (Albury, 2018; Rosiak, 2023), ach ní hionann úsáid na dteangacha san ionad oibre agus baint a bheith acu le saol pearsanta an chainteora ach an oiread (Dunmore, 2018).
D’fhéadfaí idirdhealú eile a dhéanamh ar fhoghlaimeoirí an athbhreithnithe seo, mar sin, idir cainteoirí agus cainteoirí féideartha ag brath ar rialtacht a n-úsáide teanga (Carty, 2018). Cé go mbíonn orthu dul i ngleic le ceist na húinéireachta teanga agus le heaspa deiseanna úsáide, d’éirigh le cainteoirí na staidéar seo féiniúlacht mar úsáideoir Gaeilge a fhorbairt trí phobal agus trí imeachtaí teanga ar leith. Is léiriú atá san fhéiniúlacht seo ar an tábhacht a bhaineann le húsáid shóisialta na dteangacha mionlaithe (Pujolar & Puigdevall, 2015) agus ar an ghá le foghlaimeoirí a spreagadh chun pobal cleachtais a aimsiú (Ortega et al., 2015). Is í an úsáid seo in éineacht le tuiscint ar a spriocanna féin agus ar an phróiseas foghlama trí chéile a chuirfeadh le hinbhuanaitheacht iarrachtaí an fhoghlaimeora Gaeilge agus le stádas na teanga dá bharr.
[1] Chun críche an léirmheasa áirithe seo, is ionann foghlaimeoirí fásta agus daoine a thosaíonn ar fhoghlaim na Gaeilge mar dhara teanga nó a fhilleann uirthi i ndiaidh na scoile. Is cainteoirí cumasacha iad nuachainteoirí nach raibh an teanga ó chliabhán acu agus a bhaineann leas rialta as a gcuid Gaeilge (Walsh et al., 2015). Is éard atá i gceist le mic léinn ná daoine atá ag tabhairt faoi chúrsa Gaeilge ar an tríú leibhéal nó, i gcás staidéir amháin, a bhfuil cúrsa eile idir lámha acu ach atá páirteach sa Chumann Gaelach.
[2] Baineann an féin idéalach T2 leis na tréithe ar mhaith leis an fhoghlaimeoir a bhaint amach mar chainteoir teanga, an féin ba chóir T2 leis na tréithe gur cheart dóibh a bhaint amach agus an taithí foghlama T2 le gnéithe an chomhthéacs foghlama féin.
[3] Bíodh is nach dtiteann sé faoi scóip an ailt léirmheas a dhéanamh ar an mhéid taighde atá déanta cheana féin ar inspreagadh na dteangacha mionlaithe, ní mór solas a chaitheamh sa phlé ar na ceangail a mhaireann idir inspreagadh na Gaeilge agus inspreagadh na dteangacha eile seo.
[4] Aithnítear gur minic a dhéanann daltaí ó thuaidh an rogha chun tabhairt faoin Ghaeilge mar ábhar do Theastas Ginearálta an Mheánoideachais agus do scrúduithe na nA-leibhéal ach mar iarracht scóip an aithbhreithnithe seo a shainiú, ní dhírítear ach ar fhoghlaim na Gaeilge i ndiaidh na scoile.
[5] Is minic a bhaintear úsáid as an lipéad ‘Éireannach’ mar thagairt do dhaoine gurb as Éirinn iad, ach ní hé go labhraíonn siad an Ghaeilge, agus cuirtear ‘Gael’ ar dhaoine eile, in amanna, a bhaineann úsáid as an teanga (Walsh, 2020). Úsáidtear ‘Gael’ sa chomhthéacs seo chun béim a leagan ar cheangal an duine leis an teanga í féin.