(Cuireadh leagan den pháipéar seo i láthair ag an gComhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge, Roinn na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, 3–4 Deireadh Fómhair 2024)
Bhí Breandán S. Mac Aodha (1934–2001) ar dhuine de na scoláirí ba thábhachtaí a rinne staidéar ar logainmneacha na hÉireann san 20ú haois. Bhí sé ina chéad ollamh le tíreolaíocht in Ollscoil na Gaillimhe agus ina chomhbhunaitheoir roimhe sin ar Studia Hibernica i gColáiste Phádraig, Baile Átha Cliath. Bhí sé ina stiúrthóir ar An tSuirbhéireacht ar Ghaeltacht na Gaillimhe Gaillimhe (1969 & 1971), agus d’ullmhaigh sé roinnt foclóirí a bhain le réimse na tíreolaíochta – Foclóir Tíreolaíochta (1972) agus Tíreolaíocht agus Pleanáil (1981), mar shampla, chomh maith le Sráidainmneacha na hÉireann (1992) i gcomhar le scríbhneoirí eile, agus faoi choimirce an Choimisiúin Logainmneacha. Chaith sé féin roinnt mhaith blianta ina bhall den Choimisiún freisin. Pléifear a oidhreacht i réimse léinn na háitainmníochta agus na tíreolaíochta san alt thíos, ach chomh maith leis sin, breathnófar ar ról na logainmneacha i bhfilíocht Bhreandáin Mhic Aodha. Chleacht sé ceird na filíochta i gcaitheamh a shaoil, agus scagfar go sonrach na dánta ina chnuasach filíochta Uaimheolaíocht a d’fhoilsigh sé in 2000 – bliain sular bhásaigh sé – agus ina bhfuil tábhacht an ómóis áite le feiceáil go soiléir.
Cúlra
Is i mBéal Feirste a rugadh Breandán S. Mac Aodha, agus is in Ollscoil na Ríona a bhain sé amach cáilíochtaí fochéime agus iarchéime. Chaith sé tréimhse ag teagasc i gColáiste Phádraig ina dhiaidh sin agus tháinig sé go hOllscoil na Gaillimhe in 1962; is san ollscoil sin a chaith sé a shaol acadúil ina dhiaidh sin go dtí go ndeachaigh sé ar scor sa bhliain 1999.
A chur chuige i gcás léann na tíreolaíochta
Tá tromlach a chuid foilseachán i réimse na háitainmníochta liostaithe in innéacs de chuid Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath agus léiríonn siad mioneolas ar réimse leathan gnéithe áitainmníochta, ní hamháin in Éirinn, ach ar Leithinis na hIbéire freisin (‘Some Major Elements in Spanish Place-names’ [Geography, 1979], mar shampla, agus ‘Póvoa and Related Settlement Terms’ [Boletin de Sociedade de Geografía de Lisboa, 1985]). Is thart ar sheasca alt atá luaite leis in innéacs na hInstitiúide, agus iad sin anuas ar an iliomad leabhar agus tuarascálacha a d’fhoilsigh sé freisin.
Mhínigh a dheartháir, an tOllamh Martin McHugh, (a bhí ina ollamh le síceolaíocht in Ollscoil na Gaillimhe), an cur chuige a bhí ag Mac Aodha i gcás léann na tíreolaíochta; dúirt sé an méid a leanas in alt iarbháis faoi Mhac Aodha a foilsíodh in Names: A Journal of Onomastics (2002: 292): ‘He was much influenced by Evans’ approach to historical geography through an examination of cultural landscapes, folklore and customs, but he supplemented this with a linguistic/literary route featuring the study of place names.’ Estyn Evans atá i gceist anseo ar ndóigh, agus is faoina stiúir siúd a rinne Mac Aodha a thráchtas MA in Ollscoil na Ríona. The Pattern of farming in Co. Tyrone teideal a thráchtas MA, ábhar a léiríonn an tsuim a bhí aige san ionramháil a dhéanann an duine lena t(h)impeallacht.
Deirtear faoi Bhreandán Mac Aodha ar www.ainm.ie:
In aon staidéar geografach a bhí á dhéanamh aige níor mhiste leis riamh dul ar iontaoibh an bhéaloidis, na litríochta, na logainmníochta agus cúrsaí teanga. An dearcadh a bhí aige ar an ngeografaíocht gur droichead is ea í idir an sruithléann agus an eolaíocht; thugadh sé tacaíocht don staidéar idirdhisciplíneach.
Bhain tábhacht mhór leis an idirdhisciplíneachas ina ábhar léinn i gcónaí ach tá roinnt de na gnéithe seo cíortha ina chuid filíochta chomh maith, mar a fheicfeas muid ar ball.
I gcuntas iarbháis ar The Irish Times (2001), maítear faoi Mhac Aodha gur: ‘The study of place names and their value in the understanding of geography was a vital element in his methodology and in time came to dominate his research.’ Blianta roimhe sin, ar ndóigh, mhínigh Mac Aodha féin an tuiscint a bhí aige ar an tíreolaíocht in alt luath dá chuid, ‘Tábhacht na Tíreolaíochta’, a foilsíodh ar Studia Hibernica sa bhliain 1966; dúirt sé ansin (100):
Ins an Tíreolaíocht déantar staidéar ar an Duine agus ar áit chónaí an Duine, sé sin le rá ar a thimpeallacht… Iniúchann an tíreolaí na slite éagsúla ina múnlaíonn an Duine a thimpeallacht, ach ní lú a spéis ins na slite éagsúla ina gcuireann an timpeallacht isteach ar shaol an Duine.
Is léir, mar sin go raibh an t-ómós áite ina chroí-phrionsabal ag Mac Aodha ina chuid taighde agus ina chuid oibre i léann na tíreolaíochta. Níos faide anonn san alt céanna sin, dúirt sé (102–3):
An gaol atá ann idir muintir na hÉireann agus a dtimpeallacht ins an lá inniu, ní hionann é agus an gaol a bhí ann céad bliain ó shoin. Tá gaol an lae inniu do-thuigthe gan na hidircheangailtí go léir a bhí i bhfeidhm ins an aimsir chaite a chur ins an áireamh. Téann an Tíreolaíocht Stairiúil i bhfeidhm ar gach brainse eile den ábhar mar gheall ar thionchar seo na n-iar-idircheangailtí ar na gréasáin chomhaimseartha.
Mar sin, ní mór dúinn an t-am atá caite a scagadh chun tuiscint chruinn a aimsiú ar an am i láthair, agus ní beag tábhacht na teanga in obair an tíreolaí ach oiread, dar leis (104):
…is gné bhunúsach den chultúr spioradálta an teanga féin, agus is í an ghné seo thar aon ghné eile a idirdhealaíos cultúr amháin ó chultúr eile. Is í an teanga fuil gach chultúir. D’fhéadfaí a rá go múnlaíonn an tsaintréith seo modhanna smaointe an chomhluaidair (sic) agus leagann sí síos ní hamháin tréithe an chultúir i gcoitinne ach an bhéim a chuirtear ar gach brainse de…
D’aithin Mac Aodha freisin tionchar cultúir éagsúla ar a chéile. Mhaígh sé nár leor (104) ‘…don Tíreolaí na dáilithe atá ann a oibriú amach: caithfidh sé iad a mhíniú. Ní leor dó an cheist “Cá háit?” a fhreagairt: caithfidh sé ceist bhreise a fhreagairt agus is í an cheist sin ná “Cad chuige ins an áit áirithe sin?”’ Maidir leis na huirlisí a theastaíonn ón tíreolaí leis an obair fiosrúcháin seo a dhéanamh, is í an léarscáil is luachmhaire, dar leis; is féidir ‘…leis an léarscáil mám an-mhór de fhíricí (sic) a chur ós chomhair súil an Duine, ach is tábhachtaí fós an dara bua, .i. gur féidir le léarscáil mhaith aird an Duine a dhíriú ar na hidircheangailtí lán-bhríocha idir na fíricí úd’. (106)
Ar cheann de na foilseacháin ba thábhachtaí a tháinig ó pheann Bhreandáin S. Mhic Aodha, agus a gcuireann cainteoirí Gaeilge suim fós ann, tá An tSuirbhéireacht ar Ghaeltacht na Gaillimhe (1969 & 1971). Cuireadh síos air sin san Irish Times, (i dtuairisc a scríobhadh ar 4 Lúnasa, 2001), mar
Perhaps the most impressive single piece of work to emerge from the geography department (UCG) in its early years … Breandán Mac Aodha directed the compilation of this monumental work which was by far the most comprehensive survey of a Gaeltacht region ever undertaken.
I mBrollach na Suirbhéireachta féin, luann Mac Aodha go: ‘Luíonn croí na Tuarascála ins na léarscáileanna: is beag más gá aon ghluais a thabhairt orthu, ach le cuidiú Dé scrúdófar roinnt dena ceisteanna go mion i bpáipéir taighde ar leith amach anseo.’
An Fhilíocht
Má bhí an léarscáil mar uirlis luachmhar ag Mac Aodha ina chuid oibre acadúla, bhí an taisteal féin – agus na léarscáileanna a rinne éascaíocht air sin – ina ghné an-tábhachtach dá shaol freisin. Chaith sé tréimhsí sabóideacha ag taisteal ar fud na hEorpa, go háirithe ar Leithinis na hIbéire, anuas ar an taisteal fairsing a rinne sé go rialta go háiteanna ar fud an oileáin seo. Bhí sé seo lárnach san fhilíocht a scríobh sé.
Foilsíodh dánta de chuid Mhic Aodha ar Comhar, Feasta, Nuafhilí, An tUltach, Fearsaid, An Timire agus Dóchas. Le linn an ama a chaith sé sa Spáinn ar bhlianta sabóideacha agus eile, chuir sé suim ar leith i bhfilí na tíre sin. Rinne sé cur síos ar shaol agus ar shaothar na bhfilí Lorca, Becquer agus Machado, agus d’fhoilsigh sé aistriúchán Gaeilge ar 120 dán dá gcuid ar An tUltach idir 1978 agus 1982. Scríobh sé freisin faoi thábhacht na logaimneacha i saothar W.B. Yeats in 1984 – ‘Place-names in Yeats’s Poetry and Plays’ (Gaelianna de l’Universite de Caen). Chuir sé eagar ar dhá chnuasach filíochta agus gearrscéalaíochta le scríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge sna 1960í – Cnuasach sa bhliain 1966 agus Cnuasach 2 sa bhliain 1968. Faoi choimirce an Chomhchaidrimh – eagraíocht idir-ollscoile a bhunaigh Máirtín Ó Flathartaigh sa bhliain 1935 chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc mic léinn ollscoile – a rinneadh an obair seo. I Réamhrá Cnuasach 2, dúirt sé nach raibh ‘forbairt chóir i ndán don nualitríocht go dtí go mbeidh líon mór de scríbhneoirí ghairmiúla (sic) ag saothrú leo go lánaimseartha, .i. go dtí go mbeidh sé ar chumas na scríbhneoirí iad féin a chothú tréna scríbhneoireacht amháin. Is fiú an t-oibrí a thuarastal!’ Tá scríbhneoirí agus filí na Gaeilge fós ag fanacht ar an lá sin, ar ndóigh.
Uaimheolaíocht
Deir Gearóid Denvir (2005: 109):
…when one considers much Irish writing in both languages in modern times…there is no doubt but that the land itself, both in a physical and a political sense, and also in a psychological, cultural, and aesthetic sense, is a fundamental theme in much Irish writing.
Agus is amhlaidh atá sa chnuasach filíochta Uaimheolaíocht a d’fhoilsigh Breandán S. Mac Aodha sa bhliain 2000.

Fig. 1. Clúdach Uaimheolaíocht; is Pádraic Reaney a dhear agus a rinne na pictiúir eile sa chnuasach
‘Speleology’ a thugtar ar an bhfocal ‘uaimheolaíocht’ sa Bhéarla, focal a bhfuil a bhunús sa tSean-Ghréigis (σπήλαιον (spḗlaion) ‘cave’ / pluais and -λογία (-logía) ‘study of’ / staidéar ar). Staidéar eolaíochtúil ar phluaiseanna atá i gceist, mar sin – ar a gcomhdhéanamh, ar a struchtúr, a stair, an próiseas trína gcruthaítear iad agus an chaoi a n-athraíonn siad in imeacht ama. Ní haon iontas é gné tíreolaíochta in úsáid mar theideal ar leabhar le tíreolaí, ar ndóigh, agus is ‘Uaimheolaíocht’ is ainm do chéad-dán an chnuasaigh freisin.
Ar an gcéad amharc, tá cuma na simplíochta ar na dánta sa chnuasach seo, ach mar a deir Máire Mhac an tSaoi i réamhrá an chnuasaigh (v):
Níl aon rud is deacaire ‘ionramháil sa bhfilíocht ná an tsimplíocht thréfheicseach, ach is éachtach an t-arm í i láimh oilte. Tá an bua neamhghnách so ag Breandán Mac Aodha. Pé acu i dtíortha i gcéin dó nó ag dul siar dó ina chuimhne, breacann sé an radharc is mian leis gan cur leis ná baint uaidh, nochtann sé coraíl an chroí agus na mianta i nGaeilge chórach, shothuigthe, chuí, le cruinneas ná dallann is ná tuirsíonn.
Tá an t-ómós áite fud fad an chnuasaigh. Ag leibhéal an-dromchlach, tá an t-ómós áite le feiceáil sa chaoi a luaitear ag a ndeireadh an áit ar scríobhadh na dánta go minic, nó an áit inar tharla eachtraí na ndánta. Déanann Mac Aodha na dánta a lonnú dúinn – an dán ‘Imeacht’ in Setubal na Phortaingéile, mar shampla; ‘Pá na Mara’ in Cadiz na Spáinne; ‘Nefertítí’ in Amara na hÉigipte; ‘Baois an tSaoil’ i nGleann na Ríthe, Lucsor, agus níos gaire do bhaile, ‘Coinicéar, 1897’ i nGaillimh; ‘An Stáisiún Tréigthe’ i mBaile Easa Dara; ‘Léargas 1’ agus ‘Léargas 2’ i gCoill Bhearna, Co. na Gaillimhe. Tá tábhacht á leagan ag Mac Aodha ar shuíomh na n-eachtraí, chomh maith le hábhar na n-eachtraí féin anseo.
Dán gonta atá i dteidealdán an chnuasaigh – ‘Uaimheolaíocht’:
Is uaimh í m’intinn:
Taibhsí tostacha i bhfolach sna scéilí,
Taisí na gcuimhní ar crochadh ón díon.
Buaileann sciatháin na mianta in éadan na bhfallaí dubha.
Nochtann iolar an chumha aníos as an cheo.
Cuireann an dán seo Allagóire na hUaimhe de chuid Phlatóin i gcuimhne don léitheoir, fáthscéal a chuir an fealsúnaí Platón i láthair ina shaothar An Phoblacht. San Allagóire seo (féach anseo le haghaidh leagan Gaeilge den scéal) tá daoine ag cónaí i bpluais dhorcha ó rugadh iad. Tá slabhraí ar a lámha, ar a gcosa agus ar a gcloigne, rud a fhágann nach féidir leo casadh timpeall lena bhfuil timpeall orthu a fheiceáil. Tá tine taobh thiar díobh, áfach, agus feiceann siad ar an mballa os a gcomhair amach scáil rudaí atá ag tarlú taobh thiar díobh, agus ainmníonn siad na rudaí sin. Ní thuigeann siad, áfach, nach bhfuil sna rudaí a fheiceann siad ach scáileanna. Dóibhsean is an réaltacht féin atá sna scáileanna seo. Éiríonn le duine acu seo eálú ón bpluais, áfach, agus feiceann seisean an fíorshaol den chéad uair. Ar a fhilleadh ar an uaimh dó, déanann sé iarracht míniú do na daoine atá fós ansin nach bhfuil sna híomhánna a fheiceann siad ar an mballa ach scáil den réaltacht. Ní éiríonn leis dul i bhfeidhm ar na daoine eile, áfach. Níl ar chumas na ndaoine glacadh leis go bhfuil saol iomlán éagsúil ann taobh amuigh den uaimh. I saothar Phlatóin, is siombail den fhealsúnaí sa tsochaí é an duine a éalaíonn ón bpluais agus a fheiceann an saol taobh amuigh. Ní léir go mbreathnaíonn Mac Aodha air féin mar fhealsúnaí sa chás seo, ach is cinnte go n-aithníonn sé a intinn féin mar phluais, pluais ina bhfuil leathscéalta, leathchuimhní, agus mianta nár comhlíonadh ina shaol, b’fhéidir, agus iad sin a réiteach leis an saol mar atá i ndáiríre is téama do chuid mhór dánta sa chnuasach seo.
Tá tábhacht na háite agus rian den ómós áite le feiceáil go láidir in ‘An Tír Anois’ (26), dán ina luann Mac Aodha go ‘Léimeann cuimhní chugam ó gach claí is crann / Insíonn gach cloch a shainscéal féin’. Spreagann an áit nó gné éigin fhisiciúil cuimhní i bpluais na hintinne ag Mac Aodha. Is léir an bheocht sa timpeallacht don fhile i gcónaí – an ‘t-idircheangal’ láidir sin a luaigh sé féin nuair a phléigh sé tábhacht na tíreolaíochta, an nasc sin idir an duine agus a (h)áit chónaithe.
Tagann dánta Mháirtín Uí Dhireáin, file mór an ómóis áite, chun cuimhne agus roinnt de dhánta Mhic Aodha á léamh – macallaí ‘Coinnle ar Lasadh’ le feiceáil in ‘Coinnle Muire’ (12), mar shampla, áit a bhfeicimid an faoiseamh a thugann lasadh na gcoinnle, agus na cuimhní ar an ngníomh sin don bheirt fhilí:
|
‘Coinnle ar Lasadh’ le Máirtín Ó Direáin In oileán beag i gcéin san Iarthar |
|
‘Coinnle Muire’ le Breandán S. Mac Aodha Coinnle Muire Ach Coinnle Muire |
Tugann Louis de Paor (2018: 95) file ‘a bhunaigh a chuid filíochta ar mhúnla idéalach den saol traidisiúnta tuaithe a bhí ag imeacht i léig lena linn féin fé bhrú an tsaoil nua-aimseartha chathraigh’ ar Mháirtín Ó Direáin, agus is léir an t-idéalachas céanna seo i bhfilíocht Mhic Aodha freisin. Tá macallaí láidre de ‘An tEarrach Thiar’ leis an Direánach le feiceáil in ‘Oighearchaidhp an Ama’ (27), ach seans go gceistíonn an léitheoir cuimhne na bhfilí ar a n-óige agus iontaofacht na gcuimhní céanna.
|
‘An tEarrach Thiar’ le Máirtín Ó Direáin Fear ag glanadh cré Fear ag caitheamh Mná i locháin Toll-bhuillí fanna |
|
‘Oighearchaidhp an Ama’ le Breandán S. Mac Aodha Ghearr mé fuinneog |
Tugann ‘Oighearchaidhp an Ama’ léargas cumhachtach ar phluais chuimhní Mhic Aodha, ach léiríonn na ceithre líne ag an deireadh an easpa iontaofachta a bhaineann le cuimhní. An bhfuil na cuimhní cruinn? Nó an cosúla leis na scáileanna ar bhalla uaimh Phlatóin iad? Dar le Alan Titley (2010: 89) i gcás Uí Dhireáin, gur ‘íomhá de chailliúint na hóige ab ea Árainn, agus ní féidir breith ar íomhá ar ais mar is féidir breith ar dhos feamainne.’ Airítear an tuiscint chéanna seo i gcás Mhic Aodha. Is minic iarrachtaí ar bun breith ar an am atá caite, breith ar chuimhní phluais na hintinne, ach ní rud é sin ar féidir é a dhéanamh go héasca. Deir Breandán Ó Doibhlin (g.d.: 73) faoin Direánach agus na radhairc a chruthaíonn sé d’Árainn dúinn ‘Is é fírinne an scéil gur tírdhreach agus aeráid samhlaíochta atá ann, domhan de dhéantús na cuimhne a bhfuil achar fada idir é féin agus an domhan réalta mar a gcaitheann an file a shaol.’ Tá an méid céanna fíor faoi chuimhní Mhic Aodha ar an saol atá caite aige.
Bíonn tarraingt láidir ag fothracha ar Mhac Aodha, áiteanna nach bhfuil daoine ag cónaí iontu a thuilleadh. Spreagann foirgintí agus gnéithe eile den timpeallacht thógtha é ina bhfuil rian na ndaoine a chónaigh iontu le feiceáil fós. Sa dán ‘Seansaol’ (20), meabhraíonn fothrach de theach don údar go bhfuil an seansaol imithe: ‘Ach tá cumha i mo chroí-se / i ndiaidh linbh a ba mé é / Is sracfhéachaint a fuaireas tráth / Ar shaol – / marbh anois mar an toigh.’ Feictear an rud céanna sa dán ‘Cruacheisteanna’ (21) – ‘An teach úd agus ar mhair ann, / Táid imithe gan tuairisc gan rian. / Nach maireann den tsaol ach an phian?’ Féach freisin ‘Baile Beag, Iarthar na hÉireann, Samhradh 1949’ (32) ina bhfaighimid: ‘Laistiar de na ráillí meirgeacha teach mór ina fhothrach, / Ina sheasacmh mar chreatlach i lár fiántais de gharraí’, agus sa dán ‘An Stáisiún Tréigthe’ (33): ‘Stánaim romham trín cheo, mé ag dúil lena theacht, / Ach ní airím chugam ach traein mhall liath an Bhais’.
Má fhillimid ar theideal agus ar theidealdán an chnuasaigh ar feadh nóiméid, áfach, cuireann Daniel R. DeNicola an cheist, agus é ag tagairt d’Allagóire Phlatóin:
So, are we like Plato’s Cave dwellers — not just in infancy, but throughout our adult lives? It seems we are, at least in one important way: I refer to the unsettling fact that we too are haunted by things we do not know we do not know; and we cannot imagine how drastically those unknowns would alter our lives and our view of the world.
Is léir an imní seo i roinnt de dhánta Mhic Aodha chomh maith, agus éiginnteacht faoi imeachtaí a luathshaoil agus faoin saol tar éis an bháis. I roinnt de na dánta sa chnuasach d’aimsigh Mac Aodha faoiseamh ón nádúr, ach in ‘Léargas’ (45), agus é ag siúl i gCoill Bhearna ‘Rinne mé mionscrúdú / Ar an tsiúlóir aonair / Agus nochtadh dom pearsa / Laistiar den íomhá. / Níor thaitnigh a chló liom – / A aduaine is a bhí sé – / Agus theith mé go mear / Go háit taithí an phobail.’ Agus in ‘Léargas II’ (46) ‘Shiúil mé ar maidin faoin choill. / Bhí na crainn faoi cheilt ag an cheo / Is an ithir faoi bhrat an duilliúir. / Chuartaigh mé an fear laistigh / Ach níor aimsíos ach an masc poiblí.’
Tá tuirse nó diúltachas le sonrú ó thráth go chéile, agus imní faoin mbás, in ‘Oighearchaidhp an Ama’, cuir i gcás (27) nó in ‘Buaicphointe’ (41):
I ngan fhios dom féin
Shiúil mé thar barr an chnoic.
Níl romham anois
Ach fana ghéar na haoise
Ag síneadh síos
Go ceantar ceomhar an Bháis
Agus créafóg thais na huaighe…
Déantar scagadh ar rúndiamhra intinn an fhile sna dánta seo, agus an chaoi a gceanglaíonn sé an tuiscint atá aige ar an saol leis an domhan fisiciúil thart timpeall air. An bhfuil an domhan fisiciúil sin, agus na cuimhní a spreagann sé ag teacht leis an domhan faoi scáil i bpluais a intinne, áfach? An féidir brath ar na cuimnhí céanna? Is cosúil nach féidir, rud a chothaíonn imní don fhile freisin.
‘It is a well-nigh truism that Irishness and a sense of place go together’ a dúirt Patrick Sheeran in 1988 (191), agus luann Piotr Stalmaszczyk (102) ina alt ‘The Permanence of Place: Placenames and their names in Irish Literature’ gur mhaigh an stiúrthóir iarchéime a bhí ag Breandán Mac Aodha, ‘…the geographer and ethnographer E. Estyn Evans…there was always a strong sense of geographical personality in the older Irish literature connected with a sense of the harmony and mystery of man’s place in nature’. Tá an rúndiamhracht seo ina tréith láidir sna dánta atá ag Mac Aodha sa chnuasach Uaimheolaíocht.
Tá na príomhtheicnící filíochta – comhuaim, uaim etc – in úsáid go fairsing ag Mac Aodha in Uaimheolaíocht; go minic agus cur síos á dhéanamh ar ghnéithe tíreolaíochta den nádúr aige. Feiceann muid na gnéithe tíreolaíochta seo, cloisimid an fharraige agus an ghaoth, faighimid blas den uisce mara. Sa dán ‘Imeacht’ (5), cur i gcás, faighimid cur síos cumhachtach, lán uaime ar an Aigéan Atlantach: ‘Laistiar den fhuinneog, síneann an t-aigéan liath, / A dhromchla á lascadh ag gaoth gharbh aniar aneas / A ruaigeann na caiple bána go fíochmhar i dtreo an chladaigh’. Tá na teicnící céanna le feiceáil in ‘Nefertítí’ (7, Véarsa 3), áit a luaitear ‘…gligíneacht na gcailíní i gcoimhlint leis an chiúnas / Iad ag spórtáil leo go lomnocht sa loch lonrach.’
Tá boige agus leochaileacht le feiceáil i roinnt de dhánta an chnuasaigh nach bhfeictear ar ndóigh i scríbhinní acadúla Mhic Aodha – agus ní bheifí ag súil lena mhalairt i ndairíre. Léiríonn dhá dhán ar leith an bhoige é seo ar bhealach cumhachtach – péire comhdhánta. Is dán a scríobh sé dá iníon, Aifric, atá sa chéad dán ‘Deoraíocht’ (38).
Deoraíocht – do Aifric
Imím, agus nuair a fhillfidh mé ar ball,
Beidh athrú tagtha ort:
Slis de d’óige imithe i nganfhios dom,
Blúire de d’fhás faoi cheilt orm,
Cuid de do ghrá imithe amú orm…
Ní dheontar míniú dúinn ar rún an tsaoil
Is ní léirítear an ceann scríbe ar aon léarscáil.
In ainneoinn a thábhachtaí is a bhí na léarscáileanna i saol an fhile, mar a luadh thuas, teipeann orthu, mar sin féin, freagraí a sholáthar ar dhúshláin agus ar rúndiamhra an tsaoil uaireanta, ar imeachtaí phluais na hintinne.
Ní Breandán S. Mac Aodha féin a scríobh an dara dán de chuid na gcomhdhánta seo, ach a iníon, Aifric, atá ina file aitheanta Gaeilge í féin. Ina dán siúd, ‘Athair agus Iníon’, feicfimid an bhoige agus an leochaileacht a luadh thuas go han-soiléir:
athair agus iníon
x-agus o-anna
Ina suí dóibh sa charr,
Iad sáite sa tranglam,
Bhreacadar a n-eangacha
Ar cheochlár na gloine.
Ba rúndiamhair dise
I bhfíorthús a hóige
An tslí gur theip air
An líne a ghnóthú
’S gurb aicise an bua,
Gan dícheall, gan dua.
An grá, ar ndóigh, an rúndiamhair sa chás seo – grá athar dá iníon, grá an tuismitheora dá c(h)lann; níl ann don léarscáil a threorós muid i gceart ar an gcosán sin.