DOI: https://doi.org/10.13025/29630

Ó ‘clábar’ go ‘clobber’ agus an t-athrú cló: forás brí ainmfhocail de bhunús Gaeilge i dTalamh an Éisc le himeacht ama

Agus ré na teicneolaíochta linn bíonn gá le téarmaí nua a chumadh go rialta le dul i ngleic le riachtanais teanga na sochaí: focail ar nós ‘féinín’ agus ‘clicmhealladh’, mar shampla. Léirítear riachtanais teanga éagsúla a thagann chun cinn ó ghlúin go glúin agus an saol ag athrú. Anuas air sin, is minic a bhíonn focail iasachta fite fuaite i dteangacha agus iad á n-úsáid go nádúrtha ag an bpobal labhartha: leithéidí tsunami, avatar, sudoku, cul-de-sac, cuirim i gcás. Is díol spéise go nglactar leis na leaganacha iasachta sin de réir a chéile, rud a léiríonn an meascadh cultúrtha a tharlaíonn beagnach i ngan fhios don phobal labhartha agus an chaoi a mbíonn teangacha ag athrú de shíor dá bhrí sin. Ní heisceacht í an Ghaeilge agus í ag athrú leis na cianta. Is é aidhm an ailt seo, mar sin de, díriú ar athrú céille ainmfhocail de bhunús Gaeilge i dTalamh an Éisc mar shampla ar leith den phróiséas athraithe sin. Déanfar iniúchadh agus anailís ar raon samplaí atá le fáil sa Dictionary of Newfoundland English (Story et al., 1982) trí lionsa na staire agus na teangeolaíochta, chun patrúin shuntasacha éagsúla a thabhairt chun solais maidir leis an bhforás brí a tharla do na focail sin le himeacht ama.

Cúlra an Taighde

Is léir go bhfuil stair chasta, shaibhir, shuimiúil ag Béarla Thalamh an Éisc de bharr na lonnaitheoirí éagsúla a chinn cur fúthú ann: Éireannaigh, Sasanaigh, Francaigh agus Albanaigh ina measc, a thug leo a gcuid nósanna, a gcultúr agus a dteangacha, ar ndóigh. Is mar gheall air sin a bhí tionchar ag na lonnaithairí úd ar an gcineál Béarla a labhraíodh i dTalamh an Éisc. Cuireann Séamus Ó Maoláin síos ar chanúintí, ag sonrú gur toradh na staire iad, ‘Dialect, or local speech, has been called “the mark of history on our tongues”’ (1981: 231). Ghlac an imirce ról lárnach i stair na hÉireann agus ba é Talamh an Éisc ceann scríbe an-chuid díobh ó oirdheisceart na tíre san 18ú haois. Bhíodh tionchar na n-imirceach Éireannach le brath go mór ar shochaí Thalamh an Éisc thar na blianta, agus ar an mBéarla a labhraítear ann. Baineann canúint Bhéarla Thalamh an Éisc, mar atá go fóill, go mór le cúinsí staire, tíreolaíochta agus eacnamaíochta an réigiúin.

Lonnaigh na himircigh Éireannacha sna réigiúin is imeallaithe i dTalamh an Éisc agus iad ag brath go mór ar an iascaireacht trosc san ochtú haois déag. Daonra íseal, scaipthe a bhí ann, agus lonnaíochtaí na nGael suite fud fad an chósta, go háirithe. Choimeád na himircigh leo féin agus b’annamh a mheasc siad le muintir na mórthíre i gCeanada. Is dá bharr sin gur mhair agus gur coimeádadh an chanúint shainiúil seo beo ó shin (Clarke, 2010: 3). (Léitheoirecht bhreise: Ó hEadhra, A. (1998) Na Gaeil i dTalamh an Éisc. BÁC: Coiscéim). D’fhás agus d’fhorbair an teanga le dul i ngleic leis an timpeallacht, le saol na ndaoine ann agus leis na postanna a bhí acu siúd (Casey, 1986: 215).

Is díol suime é an taighde a rinne Séamus Ó Maoláin nach mór tríocha bliain ó shin ar fhoclóir comhaimseartha Chill Chainnigh. Tugann an taighde sin le fios dúinn go bhfuil an Béarla a labhraítear i dTalamh an Éisc an-chosúil leis an mBéarla a labhraíodh in oirdheisceart na hÉireann san 18ú agus sa 19ú haois: ‘entry after entry shows usages that are parallel or closely similar to those collected in the areas of Irish settlement in Newfoundland – in pronunciation, stress, morphology, sense or traditional customs’ (Story et al., 1982: xxi). Tacaíonn an taighde sin le stair na himirce agus leis an tionchar teangeolaíochta a tháinig ar Thalamh an Éisc ó shin agus tús áite ag foghraíocht shainiúil na nGael ann. Cé go bhfuil taighde agus caomhnú déanta ar an mBéarla a labhraíodh agus a labhraítear in Éirinn agus i dTalamh an Éisc araon, tá bearna sa taighde maidir le tionchar na Gaeilge ar an mBéarla a labhraítear ann. Léiríonn McMonagle an bhearna thaighde sin nuair a deir sí: ‘future analysis of the Irish language in Canada will surely enrich the “mosaic”, find a place for it in Canadian history and a space for it in the relevant scholarship’ (2012: 148). Chuirfeadh taighde agus anailís teangeolaíochta ar an mBéarla i dTalamh an Éisc go mór le stair, foghraíocht agus foclóir na canúna a thuiscint amach anseo. Rinneadh an chuid is mó den taighde teangeolaíochta ar chanúint Thalamh an Éisc sna 1900í. Ar an údar sin, dar liom, is gá tuilleadh taighde a dhéanamh sa réimse seo agus beidh an t-alt seo ag díriú ar ghné amháin den cheist: forás brí ainmfhocail de bhunús Gaeilge i dTalamh an Éisc le himeacht ama.

Modheolaíocht

Chun iniúchadh a dhéanamh ar fhorás brí ainmfhocail de bhunús Gaeilge i dTalamh an Éisc, déanfar anailís ar fhoinsí iontaofa ar leith a bhaineann leis an ábhar taighde. Roghnaíodh an rann cainte seo toisc gurb é an rann ina bhfuil an líon focal is mó a tháinig faoi thionchar na Gaeilge agus atá le cloisteáil i ngáthchaint na ndaoine in Éirinn agus i dTalamh an Éisc san am i láthair. Chomh maith leis sin, braitheadh gurbh éasca na hainmfhocail a rangú de réir réimsí saoil ar leith agus anailís a dhéanamh orthu ar an gcaoi sin. Ar an dea-uair tá ábhair luachmhara ar fáil leis an gcineál anailíse sin a dhéanamh. Sonraítear príomhfhoinsí an taighde thíos.

Dictionary of Newfoundland English (DNE), 1982

Is foinse ríthábhachtach é an DNE ó thaobh focal agus frásaí de bhunús na Gaeilge de i dTalamh an Éisc. D’éirigh le tiomsaitheoirí an fhoclóra báiliúchán saibhir de chaint na ndaoine agus na gnéithe teangeolaíochta sainiúla sin a thaifead, sular tháinig meath iomlán ar an gcanúint: ‘It is the purpose of the Dictionary of Newfoundland English to present as one such index the regional lexicon of one of the oldest overseas communities of the English-speaking world’ (Story et al, 1982: xvii). Tháinig an t-eolas ar fad don taighde seo ó fhoinsí scríofa agus béil agus d’éirigh leis na tiomsaitheoirí (Story, Kirwin & Widdowson) focail, frásaí agus nathanna cainte a chur os comhair na ndaoine i bhfoirm foclóra. Foilsíodh sa bhliain 1982 é agus léiríodh ann go tréan an chanúint shaibhir Ghaelach agus Shasanach a bhain le Talamh an Éisc. Cuireann an DNE teanga an phobail i láthair ar bhealach soléite le sainmhínithe d’úsáid áitiúil na bhfocal, agus d’úsáid neamhchaighdeánach focail áirithe eile freisin. ‘Thus the Dictionary has entries for after, be, either and its negative, he and she, ye, and other grammatical words which would invite misunderstanding by those unfamiliar with regional usage.’ (Story et al., 1982: xxv)

DNE Wordform Database

Is bunachar sonraí áisiúil atá ar fáil ar shuíomh an DNE é seo a chabhraíonn go mór le hábhair bhreise a chuardach agus a iniúchadh nach bhfuil fáil orthu sa DNE féin. Tá thart ar 77,000 comhad focal ann a bhailigh tiomsaitheoirí an DNE agus an taighde ar siúl acu. Tá samplaí d’úsáid focail aonair do gach comhad focail. Níor úsáideadh ach aon trian de na comhaid sin i leagan foilsithe an DNE. Mar sin de, is foinse thábhachtach eile é an bunachar sonraí sin don taighde teangeolaíochta ar an mBéarla i dTalamh an Éisc, a chuirfidh go mór leis an bhfianaise atá ar fáil sa DNE.

Foclóir Gaedhilge agus Béarla, 1904  (Foclóir Uí Dhuinnín)

Úsáideadh Foclóir Uí Dhuinnín mar fhoinse chomparáideach le hainmfhocail de bhunús na Gaeilge a mhíniú ag eagarthóirí an DNE agus an taighde ar bun acu. Is foclóir Gaeilge le sainmhínithe i mBéarla é. Shocraigh Comhairle Chumann na Sgríbheann nGaedhilge tionscadal a thosú le cúnamh ó chainteoirí agus ó scoláirí na Gaeilge araon, ar fud na tíre, faoi threoir na n-eagarthóirí, foclóir beag Gaeilge-Béarla a fhoilsiú le haghaidh mic léinn Nua-Ghaeilge. Mar thúsphointe na hoibre sin, bailíodh thart ar 12,000 focal ó ghluaiseanna Gaeilge eile, ón nGaeilge labhartha agus ó théacsanna comhaimseartha scríofa an ama sin. Sórtáladh na focail a bailíodh i bhfoirm duillíní. Chuir an tAthair Ó Duinnín ord agus eagar ar na focail sin chun an foclóir ceannródaíoch sin a chruthú d’fhoghlaimeoirí Gaeilge (Ó Duinnín, 1904: 1).

A Dictionary of Anglo-Irish: Words and Phrases from Gaelic in the English of Ireland, 1996

Beidh an foclóir a thiomsaigh Diarmaid Ó Muirithe in úsáid mar fhoinse chomparáideach freisin. Tugann an foclóir seo an leagan Gaeilge ar dtús agus leanann an míniú Béarla ansin é. Leantar gach ceannfhocal san fhoclóir leis an roinn chainte, leaganacha malartacha (más cuí), bríonna agus míniúcháin i mBéarla. Sonraítear an réigiún/na réigiúin ina n-úsáidtear an focal agus tagraítear d’fhoinse an fhocail chomh maith (Stalmaszczyk, 1998: 246).

Déanfar plé agus anailís ar shamplaí ar leith de bhunús na Gaeilge a bailíodh ó na foinsí atá luaite thuas. Samplaí d’ainmfhocail atá le cloisteáil i gnáthchaint na ndaoine in Éirinn agus i dTalamh an Éisc araon a bheidh i gceist le taighde an ailt seo. Leagfar béim ar ainmfhocail ar tháinig forás teangeolaíochta ar bhrí an ainmfhocail le himeacht ama agus rangófar iad de réir réimsí saoil.

Forás Teanga

De réir Robert W. Murray, ‘The causes of language change find their roots in the physiological and cognitive makeup of human beings’ (1996: 299). Ag teacht leis sin, tá taighde ar fhorás teanga tábhachtach sa mhéid is go gcuireann sé lenár dtuiscint ar conas a thugann tosca sóisialta, cultúrtha, agus síceolaíochta idirghníomhaithe ar theanga a athrú, diaidh ar ndiaidh.

Is ábhar suntais é gur tharla an forás teanga agus na himircigh Éireannacha ag iarraidh dul i ngleic leis an timpeallacht éagsúil a bhí rompu i dTalamh an Éisc san ochtú haois déag. Cé nach teanga phobail í an Ghaeilge sa tír sin a thuilleadh, tá a rian fós le brath ar an mBéarla a labhraítear ann. Is díol suime é gur tháinig forás ar bhrí ainmfhocail Ghaeilge ar leith, atá éagsúil ón mbrí a bhaineann leo i mBéarla na hÉireann agus beifear ag díriú ar an bhforás brí agus tuisceana sin anseo.

Is léir gur Béarla sainiúil a labhraíodh agus a labhraítear go fóill i dTalamh an Éisc agus a thugann aitheantas do stair na háite le go leor focal a labhraítear ann. Tagann athruithe ar theangacha le dul i ngleic leis na daoine a labhraíonn í ach tá nithe eile ann a thugann ar theangacha athrú amhail gluaiseacht daoine ó áit go háit. Is minic a fhágann imircigh lorg buan ar chanúintí, struchtúir abairte, comhréir agus foclaíocht teanga agus iad á lonnú féin i sochaí nua (Casey, 1986: 215). Is mó an tionchar a bhíonn ag tosca soch-chultúrtha ar athruithe teanga an phobail agus tionchar na n-inimirceach le brath go mór ann (McMahon, 1994: 8). Ní eisceacht é tionchar na nGael agus iad ag lonnú i dTalamh an Éisc: ‘Newfoundland speech is the speech of people over time as they lived, worked, and played; it is a living, active creation’ (Story et al., 1982: ix). Tháinig athrú ar chuid de na bríonna a bhain le hainmfhocail ar leith a tháinig trasna an Atlantaigh leis na hÉireannaigh agus iad ag dul i ngleic leis an timpeallacht nua i dTalamh an Éisc i gcomparáid leis an taithí a bhíodh acu in Éirinn. Bhain na hathruithe seo le réimsí saoil ar leith; mar shampla, leis an iascaireacht, an timpeallacht, an aeráid, an talamh, agus le baill éadaí. Déanfar anailís ar ainmfhocail shamplacha bunaithe ar na réimsí sin ar ball san alt seo. Is léir gur leagadh an-bhéim ar an iascaireacht mar shlí bheatha in Éirinn agus i dTalamh an Éisc araon (rud atá fíor fós) agus, mar sin de, tá cuid mhaith de na hathruithe brí bunaithe ar an iascaireacht agus ar na héisc féin.

Tá an Béarla a labhraítear i dTalamh an Éisc éagsúil sa mhéid is gur féidir a rá go bhfuil focail le cloisteáil i gcaint na ndaoine ar focail iontaisithe nó sioctha iad, agus go bhfuil an bhrí a bhaineann leo fós caillte ag canúintí beo eile de chuid an Bhéarla. Ar an dóigh sin, caomhnaíodh foclaíocht shainiúil na háite, a tháinig as canúint iardheisceart Shasana agus oirdheisceart na hÉireann (focail a bhfuil bunús Gaeilge ag baint leo). Sa lá atá inniu ann, tá athruithe tagtha ar fhoclaíocht, ar fhrásaíocht, ar bhrí agus ar fhoirm na canúna, rud a léiríonn forás teanga sa réigiún. ‘The language of any area can be expected to reflect the characteristic pursuits of its speakers’ (Ó Maoláin, 1981: 231). Tarlaíonn sé uaireanta go mbíonn timthriall céille thar achar ama ag baint le focail ar leith, freisin. Sampla maith den phróiseas sin is ea an focal ‘gay’ sa Bhéarla. Focal é a raibh an bhrí ‘meidhreach’ leis ar dtús ach a úsáideadh mar théarma maslach ar dhaoine aeracha ina dhiaidh sin. Ansin ghlac an pobal aerach athsheilbh air agus an phríomhbhrí a bhaineann leis anois ná duine homaighnéasach. (Féach https://usi.ie/an-focloir-aiteach-the-queer-dictionary-2nd-edition/.) Is díol suime é an focal ‘unfriend’ freisin atá in úsáid go forleathan anois mar aidiacht a chiallaíonn duine a bhaint ó liosta cairde ar na meáin shóisialta, ach ní mar sin a úsáideadh an focal roimhe seo. Is mar ainmfhocal a bhain daoine úsáid as ‘unfriend’ agus ‘namhaid’ an bhrí a ghabh leis fadó (féach: https://tinyurl.com/552kksnc). Tá an t-athrú céanna sin le feiceáil i bhfocail áirithe de bhunús Gaeilge a úsáideadh i dTalamh an Éisc. Is léir le hachar ama agus spáis nár fhan brí gach focal iomlán mar an gcéanna leis an mbunbhrí a bhain leo in Éirinn, áfach: cuid díobh ag léiriú brí níos leithne anois agus cuid eile ag léiriú brí níos cúinge.  

Is éard a chuirim romham san alt seo plé agus anailís a dhéanamh ar shamplaí de na hainmfhocail sin ar tháinig forás brí orthu i dTalamh an Éisc ach atá fós faoi thionchar bhunbhrí an fhocail Ghaeilge. Rangófar na hainmfhocail ina bhfoghrúpaí don alt mar seo a leanas: (1) forás brí de bharr thionchar na timpeallachta, (2) forás brí de bharr thionchar na hiascaireachta, (3) ainmfhocail a bhaineann le baill éadaí, agus (4) ainmfhocail inspéise eile.

Torthaí an Taighde

Ní féidir a shéanadh, mar sin de, go bhfuil síolta na Gaeilge fréamhaithe i gcultúr, saol agus teanga mhuintir Thalamh an Éisc cé gur ar bhealaí éagsúla a baineadh úsáid as ainmfhocail ar leith ann i gcomparáid le brí ainmfhocail Bhéarla na hÉireann fiú. Is féidir an difríocht sa litriú a fheiceáil idir na leaganacha Gaeilge atá ar fáil sa dá fhoclóir: Foclóir Uí Dhuinnín (1904) agus Foclóir Uí Mhuirithe (1996), fiú, a léiríonn an forás litrithe thar am.

(1) Tionchar na Timpeallachta

Bawn

Sampla amháin a léiríonn an forás brí sa réimse foclóra seo is ea an focal ‘bawn’ (GA: badhún, bán; [Story et al., 1982: 31] Badhún: leagan Gaeilge in Ó Duinnín [1904]. Bán: leagan Gaeilge in Ó Muirithe [1996]); ‘grassy land or meadow near a house or settlement’). Is é sin brí an fhocail agus é in úsáid in Éirinn ach, de bharr thábhacht na timpeallachta agus tionchar mór na hiascaireachta i dTalamh an Éisc, tháinig athrú beag ar an mbrí ansin agus is é is ciall leis an téarma anois: ‘Expanse of rocks on which salted cod are spread for the quick-drying process’ (Story et al., 1982: 31). ‘When the fish is dried by natural means, it is placed upon flakes, beaches, rocks and bawns (i.e. artificial beaches), where the sun and wind are permitted to perform the task of extracting the moisture’ (Story et al., 1982: 31).

Starragan

Focal eile ar tháinig forás ar a bhrí is ea ‘starragan’ (GA: stairricín, staragán; Stairricín: leagan Gaeilge in Ó Duinnín [1904]. Staragán: leagan Gaeilge in Ó Mhuirithe [1996]). An chiall a bhain leis an bhfocal in Éirinn ná ‘a stumble, a delay, an obstacle’ (Story et al., 1982: 529) ach i dTalamh an Éisc, ciallaíonn sé ‘a small young evergreen, especially a fir, often cut for firewood and for other uses; a trunk of a fir tree; a stick’ (Casey, 1986: 216). Léiríonn an t-athrú brí anseo forás na teanga, agus an bac a samhlaíodh in anallód leis athraithe cuid mhaith agus ciall ‘crann giúise’ leis i dTalamh an Éisc.

Slob

Focal spéisiúil eile ná an focal ‘slob’ (GA: slab; Slab: leagan Gaeilge in Ó Duinnín [1904]. Slab: leagan Gaeilge in Ó Muirithe [1996]). Is é clábar, portach, talamh fliuch, brí an fhocail as Gaeilge ach an bhrí a bhaineann leis i dTalamh an Éisc ná: ‘Heavy, slushy, densely packed mass of ice fragments, snow and freezing water, especially on the surface of the sea; sludge; slob ice’ (Story et al., 1982: 495). Is léir gur tháinig athrú ar an mbrí agus na himircigh ag déileáil le haeráid éagsúil i dTalamh an Éisc i gcomparáid leis an gcineál aimsire a mbíodh siad i dtaithí uirthi in Éirinn. Ina fhianaise sin, is díol suime é an focal ‘slob’ i gceantar Loch Garman. Tá logainmneacha in áiteanna ó dheas in aice na farrairge a chuireann síos ar an gcineál talaimh a bhíodh ann. Seo a leanas an taifead cartlainne a rinneadh den logainm ‘Slaba Thuaidh’: ‘Portach mara, nó muirbheach a bhí san áit seo lá den tsaol ach rinneadh draenáil uirthi agus anois tá dhá bhaile fearainn “North East” agus “North West Slob” sábháilte ón bhfarraige’ (Bunachar Logainmneacha na hÉireann, 2025). Léiríonn sé sin an nasc láidir idir an dá réigiún agus cur síos á dhéanamh acu ar chineálacha talún sa dá háit.

Briss

Focal eile a léiríonn tionchar na timpeallachta ná an t-ainmfhocal ‘briss’ (GA: brus; Brus: leagan Gaeilge in Ó Duinnín [1904]. Brus: leagan Gaeilge in Ó Muirithe [1996]). An chiall a bhain leis an bhfocal in Éirinn ná: ‘Broken fragments, as small sticks; broken, crumbled bits, dust’ (Ó Muirithe, 1996: 47). Seo sampla úsáide den fhocal i Loch Garman: ‘He made briss of the cup’ (Ó Muirithe, 1996: 47). Tá brí níos mionsonraí ag baint leis an ainmfhocal céanna i dTalamh an Éisc: ‘Dust mixed with small pieces of furze; dry conifer needles; accumulated blasty needles under evergreen and spruce trees’ (Story et al., 1982: 68). Is léir go bhfuil níos mó crainn shíorghlasa agus aiteannacha i dTalamh an Éisc ná mar atá in Éirinn. Is dócha go léiríonn an t-athrú sin an forás teanga ar an bhfocal áirithe seo agus na hÉireannaigh ag oiriúnú buntéarmaí chun dul i ngleic le comhthéasc nua i dTalamh an Éisc. Is dócha go léiríonn a leithéid seiftiúlacht na ndaoine maidir le hionramháil agus cur in oiriúint don staid nua ina raibh siad.

(2) Tionchar na hIascaireachta

Scrod

Is díol suime é an focal ‘scrod’ (GA: scráidín, scraidín) chomh maith. (Scráidín: leagan Gaeilge in Ó Duinnín [1904]. Scraidín: leagan Gaeilge in Ó Muirithe [1996])  Is léir go mbaineann an bhunbhí chéanna leis an bhfocal seo in Éirinn agus i dTalamh an Éisc araon: rud beag. Úsáideadh an focal le cur síos a dhéanamh ar dhuine beag: ‘Is there no particularly ugly, insignificant, miserly little scradeen in the room? (Loch Garman)’ (Ó Muirithe, 1996: 171). In Éirinn ciallaíonn an focal buta toitín freisin. I dTalamh an Éisc, áfach, is é an bhrí a bhaineann leis an bhfocal ná trosc beag: ‘A small cod-fish or codling, especially for home consumption, fresh or lightly salted and partly dried’ (Story et al., 1982: 443). Arís, léiríonn an forás teanga sin i dTalamh an Éisc na héagsúlachtaí a bhaineann le tábhacht na n-iasc sa dá thír. ‘She urged him, modestly, to “please to make use o’ the milk”, (which is quite a luxury among planters of the out harbours,) and of the scrod, and all her simple dainties’ (Heritage: Newfoundland & Labrador, 2025; Féach: https://www.heritage.nf.ca/dictionary/wordform/view.php?id=55847). Is léir gur thóg na daoine focal a raibh brí ‘ruidín beag’ leis sa Ghaeilge agus gur leathnaíodh é le dul in oiriúint don iascaireacht ina dhiaidh sin.

Puddick

Ainmfhocal eile a léiríonn tionchar na hiascaireachta sa bhrí ná an t-ainmfhocal ‘puddick’ (GA: patóg, putóg; Patóg: leagan Gaeilge in Ó Duinnín [1904]. Putóg: leagan Gaeilge in Ó Muirithe [1996]). Arís, roinneann siad an bunbhrí chéanna; ‘intestines’ ach nach mbaineann an t-ainmfhocal seo ach le putóga rónta, míolta móra agus troisc i dTalamh an Éisc. ‘If you catch a cod and his puddick is up in his throat, there’s a storm coming on’ (Heritage: Newfoundland & Labrador, 2025; Féach: https://www.heritage.nf.ca/dictionary/wordform/view.php?id=47666). Brí eile a bhaineann leis an bhfocal seo in Éirinn ná ‘a pudding’ agus an dara brí i dTalamh an Éisc ná ‘a glutton’: duine santach a itheann an iomarca (i.e. duine atá ceanúil ar bheith ag ithe). Baineann an focal seo leis an gconair stéigeach, ar ndóigh, a léiríonn dúinn go bhfuil na focail Bhéarla agus bríonna na bhfocal gaolta lena chéile ach go n-eascraíonn siad ón mbunfhocal Gaeilge ‘putóg’.

(3) Baill Éadaí

Caubeen

Ainmfhocal suimiúil a bhaineann le baill éadaí ná an t-ainmfhocal ‘caubeen’ (GA: cáibín, caipín; Cáibín: leagan Gaeilge in Ó Duinnín [1904]. Caipín: leagan Gaeilge in Ó Muirithe [1996]). Baineann an chiall chéanna leis an bhfocal seo in Éirinn agus i dTalamh an Éisc araon ‘a cap’ agus seo sampla úsáide in Éirinn: ‘… you are in a strange place without your capeen dearg’ (Ó Muirithe, 1996: 51). Sna reisimintí Éireannacha d’Arm na Breataine (e.g. Royal Irish Regiment), úsáidtear an focal ‘caubeen’ le cur síos ar an hata a chaitheann na saighdiúirí. (Féach: https://tinyurl.com/3py2bsta). Arís, baineann brí níos mionsonraí leis an ainmfhocal seo thall i dTalamh an Éisc, áfach: ‘A cap or a hat, but in the fish plant refers to the paper head-dress worn by the workers’ (Story et al., 1982: 90). Léirítear anseo tábhacht na hiascaireachta agus próiseáil na n-iasc mar earnáil i dTalamh an Éisc. Is sampla é seo a leanas ar úsáid an fhocail: ‘… but in the fish plant refers to the paper head dress worn by workers “I lost my caubeen over the whaft when I was out by the boats this morning”’ (Heritage: Newfoundland & Labrador, 2025; Féach: https://www.heritage.nf.ca/dictionary/wordform/view.php?id=15753).

George Martin

Ainmfhocal eile a bhaineann le ball éadaí ná an t-ainmfhocal ‘George Martin’ (GA: máirtín, máirtíní), brí ainmfhocal eile a athraíodh thar am. (Máirtín: leagan Gaeilge in Ó Duinnín [1904. Máirtíní: leagan Gaeilge in Ó Muirithe [1996]). Stocaí fada gan bhoinn do pháistí is ea brí an fhocail agus é in úsáid in Éirinn: ‘The hottest day in summer never saw the mairtins off him’ (Ó Muirithe, 1996: 132–3). De bharr go raibh an aeráid níos fuaire i dTalamh an Éisc, dar ndóigh, an chiall a ghabhann leis ansin ná buataisí rúitín rubar.

‘During the week we wore a short rubber boot, a little higher than today’s shoes. These were called Rubber Lumps. [sic] We wore a woollen sock and these boots used to lace up. But these same boots had different names. I was talking with a young lady a few days ago and she told me that at her place these same boots were called ‘George Martins’ (Heritage: Newfoundland & Labrador, 2025; Féach: https://www.heritage.nf.ca/dictionary/wordform/view.php?id=25653).

Is léir gur leasaíodh brí an fhocail de réir a chéile chun dul i ngleic leis an aeráid fhuar i dTalamh an Éisc, nach raibh i gceist in Éirinn.

(4) Ainmfhocail inspéise eile

Clobber

Tá ainmfhocail shuimiúla eile a léiríonn forás teanga na bhfocal i dTalamh an Éisc. Is ceann é an t-ainmfhocal ‘clobber’ (GA: clábar) a léiríonn athrú bhrí an fhocail i dTalamh an Éisc. (Clábar: leagan Gaeilge in Ó Duinnín [1904]. Clábar: leagan Gaeilge in Ó Muirithe [1996]). Is é brí an fhocail in Éirinn ná ‘mud’ nó ‘muck’: ‘It’s hard to keep the house clean and the way he walks in with his brogues all clauber’ (Ó Muirithe, 1996: 61). I dTalamh an Éisc, áfach, ciallaíonn an focal ‘clobber’ rud ar bith atá míshlachtmhar: ‘…and your kitchen would really be in a reeraw an’ you’d have to and clear up the clobber – or mess’ (Heritage: Newfoundland & Labrador, 2025; Féach: https://www.heritage.nf.ca/dictionary/wordform/view.php?id=11120).

Bibe

Ainmfhocal spéisiúil eile a úsáideadh in Éirinn agus i dTalamh an Éisc araon ná an t-ainmfhocal ‘bibe’ (GA: badhbh, badhb; Badhbh: leagan Gaeilge in Ó Duinnín [1904]. Badhb: leagan Gaeilge in Ó Muirithe [1996]). Ciallaíonn an focal seo ‘The Banshee’. Téarma eile a úsáideadh in Éirinn chun cur síos a dhéanamh uirthi ná ‘badhb chaointe/ bocheentha’. ‘The mournful wail of the bocheentha, come to predict the sudden death of himself, or of some dear member of his family (Cill Chainnigh)’ (Ó Muirithe, 1996: 31). I dTalamh an Éisc úsáideadh an téarma ‘bibe’ le cur síos a dhéanamh ar an mbean sí. Is léir go n-eascraíonn ‘bibe’ ón bhfocal Gaeilge ‘badhb’. ‘The bibe is the name applied to a strange sobbing or moaning sound which is heard by someone shortly before the death of one of his relatives. No one has ever seen the creature that makes the sound’ (Heritage: Newfoundland & Labrador, 2025; Féach: https://www.heritage.nf.ca/dictionary/wordform/view.php?id=3799). Tá na samplaí ón dá réigiún nach mór mar an gcéanna agus, arís, léiríonn sé sin tábhacht na bpiseog i gcultúr mhuintir na hÉireann, a thóg na hÉireannaigh leo agus iad ag dul ar imirce. Tá sé suimiúil chomh maith nár úsáid muintir Thalamh an Éisc an leagan Béarla ‘Banshee’ a thagann ón bhfocal Gaeilge, ‘Bean Sí’, atá in úsáid go forleathan ag muintir na hÉireann. Bhíodh an focal Gaeilge ‘badhb’ in úsáid in oirdheisceart na hÉireann, áfach, agus leaganacha éagsúla de á n-úsáid i gcontae Loch Garman agus i gcontae Chill Chainnigh araon (Ó Muirithe, 1996: 31).  

Conclúid

Ní féidir forás teanga an lae inniu a thuiscint gan cur amach a bheith againn ar stair na teanga agus ar na daoine a labhair í na blianta siar. Tugann athrú teanga ar bith léargas dúinn ar na cineálacha daoine a labhair í: ‘language change provides one of the most direct windows into the workings of the human mind’ (Murray, 1996: 299).

Mar aon le teanga ar bith eile, bíonn an Ghaeilge ag athrú ó ghlúin go glúin. Is díol spéise an forás teanga a tharla ó thír go tír freisin agus na Gaeil ag gnóthú saol nua dóibh féin ar thalamh iasachta. Léiríonn an t-alt seo an forás brí a tháinig ar ainmfhocail áirithe de bhunús Gaeilge i dTalamh an Éisc. Ba iad na chéad Éireannaigh i dtír i gcéin a bhí ag iarraidh dul i ngleic le haeráid fhuar, fhiáin Thalamh an Éisc, an dream ar éirigh leo greim a choinneáil ar an nasc lena dtír dhúchais féin – Éire – trí mheán na teanga. Ina ainneoin sin, tháinig forás ar an nasc sin de bhrí na dtosca nua a raibh siad i ngleic leo sa tír úr. Léiríonn an plé ar an bhforás a tháinig ar na hainmfhocail ionadaíocha a luadh san alt seo cuid de na cúiseanna a bhain leis sin.

Is gá, dar liom, níos mó taighde a dhéanamh sa réimse theangeolaíochta seo, áfach. Sna 1900idí atá formhór den taighde teangeolaíochta déanta agus is éard atá ar eolas againn go mbíonn teangacha ag athrú an t-am uilig le dul i ngleic leis na daoine a labhraíonn iad agus leis na riachtanais teanga atá acu mar phobal labhartha. Chuirfeadh taighde comhaimseartha nua ar an ngné sin den teanga eolas luachmhar ar fáil dúinn maidir le tionchar na Gaeilge agus na nGael ar chaint na ndaoine i dTalamh an Éisc. Ba chúnamh é sin dúinn sa lá atá inniu ann tuiscint níos doimhne a fháil ar thionchar na Gaeilge ar Bhéarla an domhain, rud nár mhiste!  

Nóta: Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Ollamh Ciarán Mac Murchaidh as dréachtaí den aiste seo a léamh agus as pointí éagsúla a phlé liom fad a bhí sí á scríobh agam.

 

Tagairtí

Casey, G. (1986) ‘Irish culture in Newfoundland.’ The Canadian Journal of Irish Studies, 12:2. 203–27.

Clarke, S. (2010) Dialects of English: Newfoundland and Labrador English. Edinburgh: Edinburgh University Press.

McMahon, A. (1994) Understanding Language Change. Cambridge: Cambridge University Press.

McMonagle, S. (2012) ‘Finding the Irish language in Canada’, New Hibernia Review, 16:1. 134–49.

Murray, R.W. (1996) ‘Historical linguistics: the study of language change.’ Contemporary linguistics: an introduction. 249–306.

Ó Duinnín, P. (1904) Foclóir Gaedhilge agus Béarla. BÁC: M.H. Gill & Son Ltd.

Ó Maoláin, S. (1981) ‘History on our tongues’, Kilkenny Archaeological Society, 231–4.

Ó Muirithe, D. (1996) A dictionary of Anglo-Irish: words and phrases from Gaelic in the English of Ireland. Baile Átha Cliath: Four Courts Press.

Stalmaszczyk, P. (1998) ‘A dictionary of Anglo-Irish: words and phrases from Gaelic in the English of Ireland (review)’, Dictionaries: Journal of the dictionary society of North America, 19. 245–8.

Story, G.M., Kirwin, W.J. & Widdowson, J.D.A. (ed.) (1982) Dictionary of Newfoundland English. First edition. Toronto: University of Toronto Press.

Suíomhanna Gréasáin

Aontas na Mac Léinn in Éirinn. (2025) An Foclóir Aiteach/The Queer Dictionary.  https://usi.ie/focloir-aiteach/

Bunachar Logainmeacha na hÉireann. (2025) logainm.ie.  https://www.logainm.ie/en/s?txt=slob&str=on&con=100019.

Heritage: Newfoundland & Labrador (2025) Wordform Database. https://www.heritage.nf.ca/dictionary/wordform/.

Royal Irish: The Irish Soldier in the British Army. (2025) The Caubeen. https://tinyurl.com/3py2bsta.

Oxford University Press (2024) 15 modern English words with different meanings in the past. https://tinyurl.com/552kksnc.