Réamhrá
Baineann an t-alt seo le cás na teanga i gContae na Mí. Úsáidtear Daonáireamh 1911 le léargas a fháil ar athróga a bhaineann le ceist teanga ag am ríthábhachtach ag tús an 20ú haois. Baineann ceisteanna socheolaíochta, ceisteanna reiligiúin agus ceisteanna faoin oideachas leis seo. Roghnaíodh bailte fearainn randamacha agus iniúchtar na teaghlaigh iontu. I mórán cásanna tá an breithiúnas déanta cheana féin i dtaobh cúrsaí teanga. Déantar taighde uaireanta ‘to test a judgement already made’ (Neuman, 2000: 159). Ní hionann an scéal i ngach contae.
Tugann Ó Tuathaigh (2015: 35) sa leabhar I mBéal an Bháis: The Great Famine & the Language Shift in Nineteenth-century Ireland cúiseanna leis an gcailliúint teanga sa 19ú haois. Luann sé teacht na n-iarnród, forbairt na hEaglaise Caitlicí, an imirce, agus náire faoin teanga mar bhunús leis an gcailliúint. Bhain gnéithe eile leis an gcailliúint: an caighdeánú a tháinig ar nósanna éiceolaíocha (Bourke, 1998: 92), an dímrí a tháinig ar an bpobal (Crowley, 2009: 121), agus dúil an phobail Chaitlicigh dul chun cinn a dhéanamh i saol an Bhéarla (Mac Donagh, 1983: 104). Míníonn Connolly gur ‘ghluaiseacht mhionlaigh’ é Conradh na Gaeilge (1995: 112) agus luann Ó Tuathaigh go raibh sé anonn sa séasúr nuair a bhí Conradh na Gaeilge ag iarraidh an teanga a chur chun cinn arís (2015: 42). Luann de Fréine (1978: 100) ‘Irish language held sway in the hearts of some’. Tugtar aird ar chuid de na ceisteanna sin de réir a chéile i gcás na teanga in áiteanna i gContae na Mí laistigh den chomhthéacs níos leithne sin.
Modheolaíocht
Déantar anailís ar cheantair randamacha idir chinn tuaithe agus uirbeacha i gContae na Mí de réir Dhaonáireamh 1911. Is taighde cáinníochtúil é agus is gá athróga a thomhas mar bíonn siad riachtanach don anailís (Neuman, 2000: 157). Is iad seo na hathróga a chuimsítear: teanga, dúchas, gairmeacha, oideachas agus reiligiún. Tugtar léargais ó Daly (1982), Fitzpatrick (1980), Hutchinson (2010), McMahon (2008), Nolan (2015) agus Ó Tuathaigh (2015). Bhí ceaptha ag Coimisinéirí an Daonáirimh idirdhealú téarmaíochta a dhéanamh i gcás na ‘fo-aicmí’ lena mbaineann (Fitzpatrick, 1980: 69; Connor et al., 2011: 254), is é sin an t-oibrí, an gnáthoibrí, an t-oibrí talún agus an t-oibrí gairdín.
Tá an taighde suite i mblianta luatha Chonradh na Gaeilge agus tagann an t-eolas i dtaobh Chraobhacha na Mí de chuid Chonradh na Gaeilge ó bhailiúchán digiteach Chonradh na Gaeilge Comhad G60/4/8 in Ollscoil na Gaillimhe. Roghnaíodh áiteanna atá gar do bhailte móra: An Uaimh, Baile Átha Buí agus Ceanannas. Bhí Conradh na Gaeilge láidir i gContae na Mí le craobhacha sna bailte sin. Tá na bailte fearainn i mBarúntacht an Cheanannais Uachtaraigh, i mBarúntacht na Luíne, agus i mBarúntacht na hUaimhe Uachtaraí. Tugann Adams (1964: 115; 1986: 115) eolas ar na céimeanna atá i gceist agus teanga ag meath. Tagann an t-eolas faoi líon na gcainteoirí ó Fitzgerald (2003: 203/4), Ní Mhunghaile (2015: 550), Ó Cuív (1951: 80) agus Ó Tuathaigh (2015: 11). Is in imscrúdú ar Pháipéir Pharlaiminte an 19ú haois i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann a fhaightear léargas ar an gcóras sna scoileanna.
Comhthéacs teoiriciúil teanga
Deir Ó Tuathaigh go raibh líne láidir de chainteoirí Gaeilge ag síniú ó chuan Dhún Dealgan trí Chontae Lú, Chontae na Mí thuaidh, trí áiteanna i gContae Mhuineachán agus trí Chontae Ard Mhacha theas san 18ú haois (2015: 11) (agus Adams (1986: 115), Fitzgerald (2003: 203/4), Ní Mhunghaile (2015: 550), Ó Cuív (1951: 80). Tháinig méadú ar chainteoirí Gaeilge aonteangacha agus dátheangacha go lár an 19ú haois (Ó Ciosáin, 1997: 154). In 1851 bhí 1502 cainteoir Gaeilge i gCeanannas Uachtarach; bhí 808 cainteoir Gaeilge sa Luíne agus bhí 152 cainteoir Gaeilge san Uaimh Uachtarach (Ní Mhunghaile, 2015: 550). In 1891 bhí 337 cainteoir Gaeilge i gCeanannas Uachtarach, 43 cainteoir Gaeilge sa Luíne agus 17 cainteoir Gaeilge san Uaimh Uachtarach (2015: 550; 1951: 80). Is é sin cothrom le laghdú 78%, 95% agus 89%. Luann Fitzgerald gur laghdaigh líon na gcainteoirí go 4% de dhaoine os cionn 60 bliain d’aois in 1911 (2003: 203). Bhí an teanga fós ann i gceantar beag siar ó Cheanannas i dtuaisceart an chontae (2003: 204). Sna ceantair a roghnaíodh don taighde bhí Gaeilge ag 3.2% den phobal in 1911. Ní raibh an teanga á hathnuachan sna scoileanna ag an aos óg. Bhí pobal le Gaeilge os cionn 60 bliain d’aois. Is léir go raibh bearna leanúnachais ann nár líonadh.
Bhí 56 teaghlach sna ceantair a roghnaíodh don taighde seo in 1911; bhí 216 duine ann. Bhí Gaeilge ag constábla ar scor, ag gabha, agus ag scoláirí i dtrí theaghlach. Bhí Gaeilge fós ag ceathrar gnáthoibrithe sna ceantair.
Bhí 54 scoláire nach raibh ag foghlaim Gaeilge ar scoil, ina measc cúigear scoláirí Protastúnacha sna ceantair randamacha. Bhí Gaeilge i sé chinn de na teaghlaigh sna ceantair.
|
Ceantar |
Fir |
Mná |
Buachaillí |
Cailíní |
Gairm |
Aois |
Dúchas |
|
Bun Bogáin Cluain Mhór Ocht nAcra agus Ochtó Vessingtown Lackmelch |
Cúigear |
Bean amháin |
Buachaill amháin |
Beirt |
Constábla ar scor, Gnáthoibrithe Scoláirí Bean shingil gan ghairm |
69, 46, 36, 31 30, 22, 18, 15, 14 |
Co. na Gaillimhe (beirt) Co. na Mí (seachtar)
|
Comhthéacs na scoileanna
Bhí ceisteanna i dtaobh inniúlachta agus muiníne as múineadh na teanga. (Appendix to the 80th Report of the Commissioners of National education, 1913, 1914: 40.) Bhí oiliúint i nGaeilge le fáil sna coláistí oiliúna do mhúinteoirí i gcoláistí Caitliceacha agus i gCumann Phlás Chill Dara ina raibh oiliúint do mhúinteoirí Protastúnacha ar fáil in 1911. D’oibrigh na hoidí sna coláistí Caitliceacha ann go forlíontach, ach bhí Gaeilge ina príomhábhar ag roinnt múinteoirí, agus bronnadh teastais inniúlachta Gaeilge ar mhúinteoirí sna coláistí sin (Organisers of Irish Language Instruction: https://parlipapers Proquest.com. Mhúin Eoin Mac Neill, duine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge in 1893, i gColáiste Dhroim Chonrach dhá rang dhá uair sa tseachtain fad agus a bhí sé ag obair sna Ceithre Cúirteanna i luathbhlianta an Chonartha [Martin & Byrne, 1973: 81]). Ba cheist thábhachtach é an caiteachas ar oideachas le múinteoirí a thraenáil, go mór mór mar go raibh laghdú tagtha ar líon na ndaltaí a bhí ag labhairt Gaeilge agus go raibh an dátheangachas ag méadú (Wolf, 2014: 75, 90, 91; Walsh, 2023: 1165). Ba í an fhadhb a bhain leis an meánoideachas dar le Tuarascáil Bhliantúil an Bhoird Oideachais 1911 ná nach raibh rochtain ar mhéanscoileanna ag cainteoirí dúchais agus theip orthu áit a fháil sna coláisti traenála dá bharr. (‘This fact adversely affects, and will continue to delay, the provision of qualified teachers of Irish in our schools’ [National education in Ireland: annual report of the Board: Teaching of Irish. Weekly Irish Times [1876–1920]; 28.10.1911. 5.) Ba é réiteach na faidhbe dar leis an Tuarascáil ná ‘ranna a bhunú ar leibhéal níos airde agus níos mó chun tosaigh sna scoileanna náisiúnta i gceantair tuaithe na tíre’ (National education in Ireland: annual report of the Board: Teaching of Irish. Weekly Irish Times [1876–1920]; 28.10.1911. 5). Chomh maith leis sin bhí ganntanas meánscoileanna. Má bhí acmhainn ag an gclann bhí scoileanna príobháideacha ann i mbailte agus bhí roinnt ar bhunús scoláireachtaí do dhaltaí bochta (Dale & Stephens, 1905: 20–5, Inspector of Schools, Board of Education on Intermediate Education in Ireland 1905). Bhí sé deacar scoláireachtaí a roinnt go cothrom agus ‘flagrant abuse on the part of well-to-do parents’ a sheachaint.
Comhthéacs socheolaíoch taighde
Tharla athruithe sonracha socheolaíochta sa 19ú haois i gContae na Mí. Méadaíodh na feirmeacha; athraíodh ó fheirmeoireacht thréadach go feirmeoireacht fhéaránach, agus cuireadh díol éigeantach talún i bhfeidhm (Nolan, 2015: 791). Ciallaíonn athruithe sa chomhthéacs socheolaíoch sin go raibh níos lú gá le hoibrithe ná mar a bhí cheana. Sna ceantair seo d’oibrigh 36 fear mar oibrithe de réir an taighde. Léirítear go raibh Gaeilge ag roinnt acu. Aontaíonn Ó Tuathaigh gurbh iad ‘a rural underclass’ a raibh an Ghaeilge acu agus iad ina bpríomhchainteoirí Gaeilge agus gur tréigeadh iad (Ó Drisceoil, 2016: 61). Chlis ar an aicme sin le heaspa fostaíochta. Bhí ganntanas i ndeiseanna meánoideachais. Tháinig méadú ar líon na n-imirceach. D’imigh mórán ón aicme sin sa dara leath den 19ú haois fad agus a bhí an creimeadh ar siúl. In 1926 bhí níos mó ban a raibh Gaeilge acu ná fir i gContae na Mí (CSO 1926).
An Conradh
Bhí an Conradh láidir i gContae na Mí agus bunaíodh 37 Craobh ann idir 1900 agus 1918 (G60/4/8). Bunaíodh trí Chraobh i mBaile Átha Buí, trí Chraobh san Uaimh agus ocht gCraobh i gCeanannas lena n-áirítear Craobh Charn na Ros agus Craobh Chill Scíre (G60/4/8). Tá na ceantair a roghnaíodh don taighde seo gar do Bhaile Átha Buí, áit inar bunaíodh Craobh Uí Ghramhnaigh de chuid Chonradh na Gaeilge in 1901 (G60/4/8). Tá na ceantair ar imeall Ghaeltacht na Mí mar a thuigtear anois í.
Bunaíodh Craobh 263, Craobh Uí Ghramhnaigh, de chuid Chonradh na Gaeilge i mí an Mhárta 1901 (G60/4/8). Bhí Eoin Ó Gramhnaigh (1863–1899) ina eagarthóir, ina léachtóir agus ina ‘mhairtíreach ba mhó riamh ag Conradh na Gaeilge…i mBéal Átha Faithlinn, Baile Átha Buí, Co. na Mí a rugadh é 24 Meán Fómhair 1863’. Bhí an tAthair Eoin ina eagarthóir ar an Gaelic Journal agus scríobh sé Simple Lessons in Irish. Nuair a buaileadh tinn é chuaigh Eoin Mac Neill, comhbhunaitheoir, i mbun chúram an eagarthóra ar an Gaelic Journal agus d’fhoilsigh sé saothair Uí Ghramhnaigh (Ó Cuív, 1973: 6, 7). ‘Uair na cinniúna i ngluaiseacht na teanga’ ab ea foilsiú an Gaelic Journal mar ‘forbraíodh smaointe san iris sin’ (Ó hAilín, 1969 luaite in Ó Riagáin, 1997: 8). Bunaíodh dhá Chraobh eile de Chonradh na Gaeilge ar imeall Bhaile Átha Buí, Craobhacha 303 agus 1283, arbh iad Craobh Rátha Mhóir i mí na Samhna 1901 agus Craobh Chill Dealga i mí Eanáir 1909 (G60/4/8).
Léirítear i mBailiúchán Chonradh na Gaeilge go raibh baint ag 22 sagart leis an gConradh i gContae na Mí (G60/4/8). B’uachtaráin iad ar Chraobhacha agus bhí sagart amháin ina chisteoir. Ciallaíonn sé sin go raibh an chléir Chaitliceach rannpháirteach i 59% de na Craobhacha. Bhí sagairt ina n-uachtaráin ar an trí Chraobh san Uaimh agus ar dhá Chraobh i gCeanannas (G60/4/8). Bhí siad ina n-uachtaráin i gCraobhacha i gcuid de na bailte beaga mar shampla: Cnoc an Dúin agus Dún Bóinne (G60/4/8). Bailte beaga gnóthacha ab ea iad san mar bhí staisiúin traenach ann ag an am. Gnáthdhaoine a bhí ina n-uachtaráin ar na Craobhacha i mBaile Átha Buí (G60/4/8). Bhí traidisiún an-láidir cléireachais i mBaile Átha Buí ag baint le hEoin Ó Gramhnaigh a fuair bás in 1899. D’fhéadfadh rannpháirtíocht na cléire sa Chonradh a léiriú go raibh bá acu le cás na teanga sa Chontae agus go raibh meas ag an bpobal orthu (McMahon, 2008: 82/83).
Luann McMahon gur cruthaíodh ardán leis an gConradh le dul i ngleic leis an nua-aoiseachas (2008: 83–4). Bhailigh an Conradh suim i measc gnáthoibrithe na cathrach (2008: 111). D’fhéadfadh an tsuim sin a heascrú ó imní faoin uirbiú agus faoin nua-aimsearthacht a bhí ag titim amach sna cathracha (2008: 83). Bhí bunús sóisialta an Chonartha sna bailte, mar eagraíocht bhunaithe sna bailte ab ea í le ‘town-based structure’ a deir McMahon (2008: 154). Ba é sin a laige dar le Murphy (2008: 154).
An chléir Chaitliceach
Ceistíonn Ó Tuathaigh ionracas na rannpháirtíochta a bhí á léiriú ag an gcléir Chaitliceach sa Chonradh (2015: 20). Ní chosaint teanga a bhí i gceist ach cosaint creidimh dar leis (2015: 20). Tá sé feicthe againn go minic sa stair gur tharla a leithéid. Bhí baint ag Cumann Phlás Chill Dara leis an nGaeilge san oideachas, ach ba ar son an chreidimh Phrotastúnaigh a bhíothas ag obair ar an nGaeilge seachas ar son na teanga féin (Parkes, 1984: 25; Crowley, 2009: 120). (Bhí scoileanna Protastúnacha a mhaoinigh an stát ag dó geirbe ag an gcléire Chaitliceach le fada mar gheall ar líomhaintí iompúcháin [Coolahan, 2017: 12; Akenson, 1988: 116]). Freagra don bholscaireacht sin a bhí i gceist leis an gcléir Chaitliceach (Ó Tuathaigh, 2015: 21).
Bhí líon maith sagart Caitliceach sa tír. In 1894 bhí 3500 duine den chléir ann dar le McMahon (2008: 41). Luann Fahey go raibh an líon sagart ag sárú a líon measta ag tús an 20ú haois (1992: 249). Ba as an meánaicme a tháinig formhór na n-easpag Cailtliceach (O’Neill, 2014: 12). Chabhraigh an mheánaicme le foirgnimh eaglasta a thógáil (Fahey, 1992: 249). Bhí a formhór díobh i bhfábhar an Bhéarla dar le Akenson (1988: 135/6). (Luann MacDonagh [1983: 104] luaite in Akenson [1988: 135] gurbh é ‘toil Chaitliceach’ ba chúis don chailliúint teanga. Bhí tionchar mór ag an Eaglais ar a pobal.) Bhí a bunús sóisialta faoin tuath i measc feirmeoirí den mheánaicme agus den mheánmhéid sa 19ú haois (Fahey, 1992: 261). Luann McCoy go raibh an Conradh úsáideach don chléir chun údarás morálta a bhaint amach arís – ar leibhéal na hidé-eolaíochta gur ‘chinnteachas teangeolaíoch’ a bhí ann (1997: 75). (Tá tagairt don ‘cinnteachas teangeolaíoch’ in Mac Poilín [1994: 19] luaite in McCoy, [1997: 75]).
An gnáthoibrí
Luaitear sa taighde go raibh Gaeilge ag gnáthoibrithe. Luann Ó Drisceoil ina léirmheas ar leabhar Uí Thuathaigh (2015) gurbh é tréigean na haicme a bhí ina bpríomhchainteoirí Gaeilge a chuir leis an gcailliúint teanga (Ó Drisceoil, 2016: 61). Bhí orthu imeacht go cathracha nó thar sáile. Deir Daly go mbíodh coimhlint idir lucht na cathrach agus an lucht a d’aistrigh ón tuath sa saol oibre (1982: 129). Ba ghnáthoibrithe a bhí mar chuid den 19.5% den lucht saothair i mBaile Átha Cliath, agus ba ghnáthoibrí duine amháin as gach cúigear díobh in 1911 (1982: 122). D’fhéadfadh siad aistriú ón tuath go Baile Átha Cliath go grúdlann Guinness nó na bóithre iarainn nóa bheith ag obair ar thramanna mar bhí an tionscal sin ag dul ó neart go neart (1982: 129). Ba iad scoth na ngnáthoibrithe a gheobhadh na poist. Roghnaíodh iad siúd a bhí corpacmhainneach agus neamhspleách agus roghnaíodh daoine nach raibh aon bhaint acu le cúrsaí ceardchumainn (1982: 129). Rinne na gnáthoibrithe cinneadh Béarla a fhoghlaim agus ghlac siad leis an teanga a bhí in úsáid in áit an mhargaidh chun dul chun cinn a dhéanamh sa saol (Akenson, 1988: 136).
D’imigh 80% go 90% de ghnáthoibrithe ar imirce 1851–1855 dar le Donnelly (luaite i Lane [2005: 117]). Luann Fitzpatrick (1980: 84) go bhféadfadh go mbeadh ‘réabhlóid shóisialta’ ann, go raibh cliseadh na ngnáthoibrithe chomh dian sin.
Ceantair áitiúla agus próifíl áitiúil Gaeilge
Bun Bogáin
Baile fearainn is ea Bun Bogáin atá suite i mBarúntacht na Luíne i bParóisite sibhialta Bhaile Átha Buí i gContae na Mí. 13 teaghlach a bhí ann in 1911. Ba cheantar measctha é idir chinn tuaithe agus uirbeacha. Bhí ceathrar ban singil ann. Bhí ceathrar ban ina gcinn tí, triúr Caitliceach agus Protastúnach amháin. Ba Chaitlicigh iad dhá theaghlach déag agus bhí teaghlach Protastúnach amháin ann.
Gairmeacha
Gnáthoibrithe fireanna ba mhó a bhí sa cheantar. Bhí ochtar ann agus beirt oibrithe talún. Gairmeacha traidisiúnta a bhí ann. Bhí mná ag maireachtáil as a stuaim féin ann: bhí bean níocháin ann agus bean a d’oibrigh mar fhíodóir olla agus iad araon ina gcinn teaghlaigh. Ba mhinic na mná pósta ag obair le teicsílí agus mar ‘garment workers’ a bhíodh ina ‘saothraithe’ sna teaghlaigh (Clear, 2007: 26). Bhí siúnéir amháin ann, agus beirt fheirmeoirí. Bhí Protastúnach a rugadh i Sasana arbh plastrálaí é, ar lóistín le teaghlach Caitliceach.
Anailís ó thaobh na Gaeilge de
Bhí Gaeilge ag triúr a d’oibrigh mar ghnáthoibrithe, beirt sna tríochaidí agus ceann amháin ina dhéagóir. Rugadh an triúr a raibh Gaeilge acu in 1875, 1881 agus 1893 faoi seach, rugadh an duine deireanach acu sin i Sasana.
Rugadh tuismitheoirí beirte timpeall am an Ghorta Mhóir, am an dátheangachais, Gaeilge go Béarla. Rugadh tuismitheoirí an déagóra i ndiaidh an Ghorta Mhóir, am an Bhéarla, nuair a bhí tuismitheoirí ag labhairt Béarla lena gclann. (Rinne Adams amlíne idirthréimhseach i dtrí pháirt i saol teanga: tréimhse an aistrithe teanga ó Ghaeilge go Béarla; tréimhse an dátheangachais Gaeilge go Béarla agus tréimhse an aonteangachais Béarla [1964: 115; 1986: 119]. Luann sé freisin gur bhain an Ghaeilge sheasta leis an bpobal ba shine; bhain an Ghaeilge athbheochana leis na bailte agus na scoileanna, agus bhain an Ghaeilge inimirce le daoine le Gaeilge a bhog ó chontae eile [1964: 115]. Luann sé gur mhó seans go mairfeadh an teanga faoin tuath mar theanga sheasta seachas sna bailte áit a mbeadh teanga athbheochana [1964: 115].) Ba dhóigh gur fhoghlaim an bheirt fhear a gcuid Gaeilge amach ó am na scoile agus gur fhoghlaim an déagóir a chuid Gaeilge mar ábhar scoile ceart. Níor ceadaíodh múineadh na teanga go 1878 taobh amuigh d’am scoile agus ceadaíodh múineadh na Gaeilge mar ábhar sna scoileanna ó 1900 (Walsh, 2016: 20, 31).
Bhí seisear scoláirí idir cúig bliana d’aois agus 15 bliana d’aois nach raibh Gaeilge acu i mBun Bogáin. Bhí triúr ann a rugadh i gContae Chorcaí. Ba pháistí baintrí a d’oibrigh mar fhíodóir olla iad an triúr. Ba dhóigh gur as ceantar ina raibh an Ghaeilge laghdaithe a tháinig siad. Bhí ceann de na muilte olla ba mhó in Éirinn sa 19ú haois i mBlarna i gContae Chorcaí (Rynne, 2022: 207) ar an taobh thoir thuaidh ón gcathair. Luann Fitzgerald go raibh an teanga laghdaithe soir ó Chontae Chiarraí agus soir ó Chathair Chorcaí go Contae Phort Láirge sa 19ú haois (2003: 203). Ní raibh Gaeilge sa teaghlach seo. Sa cheantar beag seo de 32 duine ní raibh Gaeilge ach ag triúr a sainaithníodh mar ghnáthoibrithe de réir Dhaonáireamh 1911. Bhí seisear scoláirí in aois scoile nach raibh ag foghlaim Gaeilge sna scoileanna.
|
Ceantar |
Fir |
Mná |
Buachaillí |
Cailíní |
Gairm |
Aois |
Dúchas |
|
Bun Bogáin |
Beirt fhear |
|
Buachaill amháin |
|
Gnáthoibrithe |
36, 30, 18 |
Co. na Mí Sasana |
Ocht nAcra agus Ochtó
Is baile fearainn é Ocht nAcra agus Ochtó i mBarúntacht na Luíne i bParóiste sibhialta Bhaile Átha Buí i gContae na Mí. Ba cheantar measctha idir chinn tuaithe agus uirbeacha de 17 dteaghlach é. Pobal éagsúil a bhí ann. Bhí dhá theaghlach Phrotastúnacha in Ocht nAcra agus Ochtó agus 15 theaghlach Chaitliceacha. Bhí 19 scoláire ann. Bhí imirce isteach ann ó Chontae Chill Dara, Contae Mhuineacháin, Contae na hIarmhí agus Contae Ros Comáin. Fir ar thóir oibre a tháinig: carraeir adhmaid as Contae Ros Comáin, agus ba as Contae na hIarmhí agus Contae Chill Dara iad na hoibrithe iarnróid. Bhí inimirce ann i gcás an teaghlaigh ó Chontae na Gaillimhe a raibh Gaeilge acu.
Gairmeacha
Bhí fear a rugadh san India ag obair mar fhear an phoist, rud a léiríonn go raibh nasc forleathan ann fós le hImpireacht na Breataine (2011: 253). Bhí bean óg, 16 bliana d’aois ina bean fuála. B’éadaitheoirí, gúnadóirí agus mná fuála a d’oibrigh i dtionscal teicstilí don mhórchuid in Éirinn (Connor et al., 2011: 258). Pobal measctha a bhí sa cheantar ann. Bhí baintreach fear a bhí ar scor ó Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, carraeir adhmaid, feirmeoirí, fir an phoist, gabha stáin, gnáthoibrithe talún, oibrithe iarnróid, péintéir as Albain agus bean fuála ann.
Anailís ó thaobh na Gaeilge de
Bhí Gaeilge i ndá theaghlach in Ocht nAcra agus Ochtó. Bhí Gaeilge ag constábla arbh as Contae na Gaillimhe é agus bhí Gaeilge ag a iníon. Bhí Gaeilge ag gabha stáin. Rugadh an constábla in 1842 roimh an nGorta, sa chéad tréimhse den aistriú teanga, nuair a bhítí ag múineadh Béarla mar chéad teanga. I gContae na Gaillimhe bhí 83% (5/6) den daonra ag labhairt Gaeilge sna barúntachtaí tuaithe in 1881 agus bhí daoine a rugadh roimh 1851 fós ag labhairt Gaeilge in 1911 (Fitzgerald, 2003: 192). Rugadh iníon an chonstábla in 1889 agus mura thóg sí an Ghaeilge mar ábhar roghnach amach ó am scoile ó 1878, d’fhéadfadh sí a cuid Gaeilge a foghlaim sa bhaile. Ní raibh aon ghairm aici. Ba as Contae na Mí an gabha stáin a rugadh in 1880 sa dara tréimhse den aistriú teanga –tréimhse an dátheangachais Gaeilge go Béarla. Bhí air a chuid Gaeilge a fhoghlaim amach ó am scoile. D’aistrigh na hoibrithe iarnróid ó chontaetha eile, óna gceantair féin agus – mar a luadh thuas – luann Adams gur mhó seans go mairfeadh an teanga faoin tuath mar theanga sheasta seachas sna bailte áit a mbeadh teanga athbheochana (1964: 115).
Bhí Gaeilge ag triúr sa bhaile fearainn seo. Bhí 18 scoláire idir cúig agus cúig bliana déag d’aois ar scoil nach raibh ag foghlaim Gaeilge. Ní raibh Gaeilge ag na gnáthoibrithe sa cheantar seo.
|
Ceantar |
Fir |
Mná |
Buachaillí |
Cailíní |
Gairm |
Aois |
Dúchas |
|
Ocht nAcra agus Ochtó |
Beirt |
Bean amháin |
|
|
Constábla ar scoir Gabha stáin Bean gan ghairm |
69,31,22,
|
Co. na Gaillimhe Co. na Mí |
Cluain Mhór
Is baile fearainn í Cluain Mhór i mBarúntacht na Luíne i bParóiste sibhialta Chill Dealga i gcontae na Mí. 19 dteaghlach a bhí ann in 1911. Ba cheantar measctha é idir chinn tuaithe agus uirbeacha. 18 dteaghlach Chaitliceacha a bhí ann, bhí teaghlach Protastúnach amháin ann.
Gairmeacha
Feirmeoirí ba mhó a bhí ann le hoibrithe talún, arbh as Contae na Mí iad. Bhí ceirdeanna ann: gabha stáin, saor cloiche, siopadóir, agus siúinéir a d’oibrigh mar fheirmeoir chomh maith. Bhí imirce isteach ann ó Chontae an Chabháin, ó Chontae Lú, ó Chontae Mhaigh Eo, ó Chontae Uíbh Fhailí agus imirce fillte ó na Stáit Aontaithe.
Anailís ó thaobh na Gaeilge di
Bhí Gaeilge i dteaghlach amháin: ag beirt scoláirí as 26 scoláire os cionn cúig bliana sa cheantar. Rugadh na scoláiri sin in 1896 agus 1897 faoi seach. Bheadh siad ag foghlaim Gaeilge mar ghnáthábhar sa scoil i ndiaidh 1900. Bhí 24 scoláire eile nach raibh ag foghlaim Gaeilge in 1911.
Bunaíodh Craobh 1283, Craobh na Cille Dealga de chuid Chonradh na Gaeilge gar do Bhaile Átha Buí i mí Eanáir 1909 (G60/4/8). Ba cheart go mbeadh níos mó Gaeilge ann in 1911. Bhí Gaeilge ag beirt, ceann tí ar ghnáthoibrí é agus a bhean i dteaghlach amháin in 1901 agus bhí Gaeilge ag beirt scoláirí in 1911 agus ba é shin an t-aon athrú a bhí ann ó thaobh na teange di.
Fós féin, bhí 27 scoláire ar scoil idir cúig agus cúig bliana déag d’aois nach raibh ag foghlaim naGaeilge in 1911. Ba dhóigh go raibh an bheirt le Gaeilge ag foghlaim sna scoileanna.
|
Ceantar |
Fir |
Mná |
Buachaillí |
Cailíní |
Gairm |
Aois |
Dúchas |
|
Cluain Mhór |
|
|
|
Beirt |
Scoláirí |
15, 14 |
Co. na Mí |
Vessingtown
Is baile fearainn é Vessingtown i mBarúntacht na hUaimhe Uachtaraí i bParóiste sibhialta na Tulaí Conóige i gContae na Mí. Tá sé gar do Ráth Chairn atá ar a thoir thuaidh.
Bhí trí theaghlach ann in 1911. Ba cheantar ilchineálach é o thaobh reiligiúin de, ó thaobh gairme de agus ó thaobh dúchais de, ach ní ó thaobh teanga de. Bhí teaghlach Caitliceach, teaghlach Protastúnach agus teaghlach Preispitéireach ann agus bhí an baile fearainn measctha idir cinn tuaithe agus uirbeacha. Bhí imirce isteach ann.
Gairmeacha
Garraíodóir, giolla, grúmaeir as Loch Garman agus bean aimsire ó Chontae an Dúin a bhí sa teaghlach Caitliceach. Ba Phrotastúnaigh iad feirmeoir agus a bhean ó Chontae Ros Comáin a raibh cléireach, oibrí talún agus scoláire sa teaghlach acu. Ba Phreispitéireach iad foraoiseoir agus a bhean ó Albain i dteaghlach eile.
Tharla athrú cultúrtha in Vessingtown idir 1901 agus 1911. In 1901 bhí ceithre theaghlach Phrotastúnacha ann agus ní raibh aon teaghlach Caitliceach ann. Bhí triúr Caitliceach ag obair i dteaghlaigh Phrotastúnacha, beirt ar aimsir agus duine amháin mar oibrí talún. Ní raibh aon Ghaeilge ann.
In 1911 bhí teaghlach Protastúnach, teaghlach Caitliceach agus teaghlach Preispitéireach ann. Bhí fear Protastúnach ag obair mar oibrí talún sa teaghlach Protastúnach. Bhí bean Phrotastúnach ag obair ar aimsir sa teaghlach Caitliceach. Bhí teaghlach Prespitéireach ó Albain ann arbh fhoraoiseoir an ceann tí agus a bhean leis.
Anailís ó thaobh na Gaeilge de
Ní raibh aon Ghaeilge ann in 1901, bíodh go raibh scoláirí ar aois 11 bhliain, naoi mbliana agus sé bliana. Rugadh na scoláirí in 1890, 1892 agus 1895. Ba bhaill d’Eaglais na hÉireann iad. In 1911 bhí ceathrar in aois scoile: 13 bliana, 11 bhliain, naoi mbliana agus sé bliana. Rugadh in 1898, 1900, 1902 agus 1905 faoi seach iad. Ba bhaill d’Eaglais na hÉireann iad chomh maith. Bhí Gaeilge á múineadh sna scoileanna ó 1900 ach ní raibh Gaeilge ag na scoláirí úd.
Lackmelch
Is baile fearainn é Lackmelch i mBarúntacht an Cheanannais Tuaithe i bParóiste Sibhialta Ceanannais i dtuaisceart Chontae na Mí, áit ar leanadh leis an nGaeilge (2003: 203). Bhí inimirce ó Chontae na Gaillimhe ann. In 1901 bhí teaghlach amháin Protastúnach ann. Bhí beirt sa teaghlach, oibrí gairdín agus bean níocháin.
In 1911 bhí teaghlach Protastúnach amháin ann. Ba é an t-aon Protastúnach le Gaeilge sna ceantair seo é. Ba ghnáthoibrí gairdín é, é ina cheann tí agus b’as Contae na Gaillimhe do. Bhí ochtar sa teaghlach, cúigear in aois scoile nach raibh Gaeilge acu.
Anailís ó thaobh na Gaeilge de
Ba as Contae na Gaillimhe an ceann tí agus bhí Gaeilge agus Béarla aige. Rugadh an ceann tí in 1865 sa tréimhse ina raibh tuismitheoirí ag labhairt Béarla lena gclann. Ba dhóigh gur thóg sé an Ghaeilge leis mar nár múineadh an Ghaeilge mar ábhar taobh amuigh den scoil ó 1878. Luann Fitzgerald go raibh Gaeilge á labhairt ag dhá chúigiú den phobal i gcathair na Gaillimhe agus cúig mhíle dhéag in 1911 (2003: 202).
|
Ceantar |
Fir |
Mná |
Buachaillí |
Cailíní |
Gairm |
Aois |
Dúchas |
|
Lockmelch |
Ceann amháin |
|
|
|
Oibrí |
46 |
Co. na Gaillimhe |
Bhí naonúr le Gaeilge sna ceantair randamacha in 1911. Ní raibh ach beirt scoláirí le Gaeilge.
Sráid Bheigthi
I Sráid Bheigthí i gCeanannas Uachtarach bhí 42 teaghlach. Bhí 16 dhuine le Gaeilge, lena n’áirítear seachtar scoláirí. Choinnigh na céirdeanna seo a gcuid Gaeilge ann: múinteoirí, printéir, conraitheoir agus oifigeach custaim. Bhí 16 ghnáthoibrí ann, oibrí amháin ó Chontae Lú agus oibrí eile ó Chontae an Chabháin. Ní raibh Gaeilge acu. Ní raibh Gaeilge ag na ceardaithe traidisiúnta sa bhaile, mar shampla: ag an táilliúr, ag an ngréasaí, ag an meicneoir, ná fiú ag an bhfear comharthaíochta iarnróid, ná ag na mná a bhí in aimsir. Luann Wall (1969: 82) luaite in Akenson (1988: 135) go raibh an teanga imithe ó 1800 sna teaghlaigh más ag iarraidh dul ar aghaidh sa saol agus a bheith nios inmharthana ná a gcuid tuismitheoirí.
Teach na mBocht
Bhí 52 áitritheoir i dTeach na mBocht i gCeanannas Uachtarach in 1911. Ní raibh Gaeilge ag aon duine acu. Bhí múinteoir scoile a bhí ina baintreach ann agus a hiníon. Ní raibh Gaeilge acu. Níor admhaigh daoine go raibh Gaeilge acu agus iad i dTithe na mBocht; ba dhóigh go raibh náire orthu go rabhthas ann agus náire faoin teanga féin (Ó Tuathaigh, 2015: 35).
Conclúid
Bhain na cúiseanna seo le cás na teanga i gContae na Mí: teacht na n-iarnród, forbairt na hEaglaise Caitlicí, an imirce agus náire faoin teanga. Seachas sin bhain easpa leanúnachais idir pobal Gaeilge agus athnuachan sna scoileanna. D’aistrigh oibreoirí iarnród ó na contaetha féin go hionaid oibre inar glacadh le teanga an mhargaidh; bhí an teanga caillte ag fear comharthaíochta fiú. De réir na staire gur bhain an Eaglais Chaitliceach le meánaicme den mheánmhéid. Tharla athruithe socheolaíocha sa chontae a chruthaigh an struchtúr sin. Bhí Conradh na Gaeilge láidir sa Chontae, bhí 37 Craobh ann. Bhí 59% faoi uachtaránacht na hEaglaise Caitlicí. Bhí feirmeoirí meánaicmeacha ann faoin tuath a thug tacaíocht don chléir. Bhain an Conradh leis an meánaicme sna bailte. Bhí Gaeilge ag sagairt, ag múinteoirí, ag an gConstablácht agus ag Oifigigh. Bhí meánaicme sna bailte a thug tacaíocht don Chonradh. Bhí suim ag an gConradh i ngnáthoibrithe sna cathracha. Bhí aicme sna bailte beaga agus faoin tuath idir an dá mheánaicme sin nár tugadh suntas di. Bhí Gaeilge acu. Bhí ar an aicme sin aistriú go cathracha ná dul ar imirce. Níor tugadh suntas d’fhadhbanna san oideachas le hathnuachan a dhéanamh ar an teanga i measc na n-óg. Ba bheag an líon scoláirí a raibh Gaeilge acu. Sna ceantair randamacha a pléadh thuas ní raibh ach naonúr le Gaeilge. De bharr go raibh an líon chomh beag sin cuimsíodh Teach na mBocht agus Sráid Bheigthí i gCeanannas Uachtarach. Bhí roinnt Gaeilge fós i gCeanannas Uachtarach in 1911. Bhí 52 áithritheoir i dteach na mBocht i gCeanannas Uachtarach. Ní raibh Gaeilge ag aon duine acu, fiú múinteoir a bhí ann. D’fhéadfadh áithritheoirí eolas ar an teanga a shéanadh de bharr na náire a bhain léi.
Deir Fishman (2006: 20) go gcoinníonn an traidisiún an teanga. Ní raibh an teanga beo i measc na seancheardaithe i gContae na Mí, an táilliúr, an fíodóir olla, an gréasaí, an meicneoir ná fiú an fear comharthaíochta ar an iarnród. Ní raibh an teanga beo i measc na mban a bhí ar aimsir ach bhí níos mó ban le Gaeilge in 1926 ná fir i gContae na Mí. Is léir go bhfuil bunús difriúil i dtaobh chás na teanga i ngach contae san am ríthabhachtach sin. Tháinig an Ghaeilge isteach ó Chontae na Gaillimhe, rud a chuir leis an teanga sna bailte fearainn randamacha i gContae na Mí agus bhí bunús teanga dúchasach ann in 1911.