DOI: https://doi.org/10.13025/29636

An nuachainteoir ina (h)aisteoir cruthaitheach i gceantair Ghaeltachta Chorca Dhuibhne agus Uíbh Ráthaigh

Réamhrá

Feiniméan fadaitheanta é aos dána agus cruthaitheach a bheith ag tarraingt ar Chorca Dhuibhne, scríbhneoirí na Gaeilge, go speisialta. Ba ghnách le lucht, Innti imeacht siar go Corca Dhuibhne, áit a soláthraíodh ceárta anama agus teanga dóibh (Ó Dúshláine 2011, Ní Ghairbhí, 2011). Bhí nós ag scríbhneoirí tréimhse sealbhaithe teanga a chaitheamh sa Ghaeltacht ó thús na 20ú haoise ar aghaidh, a luaitear mar chineál ‘turasóireacht chultúrtha’ (Ní Ghairbhí, 2011: 70). Cothaíodh na mórfhilí Ní Dhomhnaill, Ó Ríordáin, Davitt agus Ó Muirthile go speisialta ag an bpobal ‘neamhphollta teanga’ tríd na ‘turasanna fionnachtana’ a thugadar siar go Corca Dhuibhne (Ní Ghairbhí, 2011: 70). Deir Nic Eoin (2005: 270) ‘gur freastalaíodh ar riachtanais iomlána an duine chomh maith lena riachtanais teanga’.

Dar le Tadhg Ó Dúshláine (2018) gur ídéolaíocht ar leith é an filleadh siar seo, rud a bhaineann go dlúth le féiniúlacht an Ghaeil. Deir sé go mbíonn daoine nár rugadh sa Ghaeltacht ag lorg na gné oidhreachtúla stairiúla sin díbh a ceileadh orthu.

Ní féidir é a mhíniú ach go bhfuil fhios agat gur ceileadh nó gur baineadh de do mhuintir fhéin an saibhreas sin go léir ach gur mhair sé i bpócaí beaga agus ná rabhaise ach ag déanamh athghabháil, tóraíocht taisce ar chuid an-bhunúsach, an-tábhachtach díot féin…gur mhair sé sin anso fós, ceilte ort, i ngan fhios duit, go dtí go raibh sé de dhán nó de phribhléid duit teacht chun na Gaeltachta.

Feictear é seo i bhfocail an Ríordánaigh (1975: 6) féin: ‘Cad ina thaobh go ndeaghas go Dún Chaoin? Toisc gur theastaigh pobal neamhphollta uaim. B’fhearr liom mo cheantar dúchais ach ní raibh leigheas air.’

Is é aidhm an pháipéir seo ná léargas a thabhairt ar thaithí phearsanta seisear nuachainteoirí ar filí iad atá ag maireachtáil sna ceantair Ghaeltachta i gCiarraí: Corca Dhuibhne agus Uíbh Ráthach maidir leis na cúiseanna a spreag iad chun teacht chun na gceantar seo. Is é an príomháiteamh a dhéantar sa pháipéar seo ná go bhfuil dlúthbhaint idir cleachtadh na filíochta agus ceisteanna féiniúlachta an nuachainteora, agus gur ábhar suime é na slite a n-aimsíonn na filí chun a bhféiniúlacht úr a dheimhniú agus a fhógairt sna ceantair seo. Chinn na filí seo ag tréimhsí éagsúla ar chúiseanna éagsúla aistriú go fisiciúil chuig na ceantair Ghaeltachta seo. Cé nárbh amhlaidh gur tarraingíodh chomh coitianta sin ar Uíbh Ráthach is a deineadh i gcás Chorca Dhuibhne, pléifear taithí fhile amháin anseo maidir le hUíbh Ráthach a bheith mar cheann scríbe aige. Is iad na filí a bheidh i gceist anseo ná Louis Mulcahy, Ceaití Ní Bheildiúin, Simon Ó Faoláin, Paddy Bushe, Peadar Ó hUallaigh agus Áine Moynihan.

Teoiric an Nuachainteora agus An Cine Isteach

Tá aird á tarraingt ar lipéad seo an nuachainteora le breis is deich mbliana anuas in Éirinn agus san Eoraip i ngort na sochtheangeolaíochta (Walsh & Rowland, 2015: 8). Tosnaíodh ar úsáid an téarma ‘nuachainteoir’ in Éirinn sa bhliain 2010; téarma é a raibh feidhm aige cheana sa Chatalóinis agus sa Bhascais (O’Rourke & Walsh, 2020: 5). Is éard atá i gceist le ‘nuachainteoir’ ná duine a d’fhoghlaim an teanga lasmuigh den ngnáthchomhthéacs sealbhaithe teanga sa teaghlach agus a úsáideann í ar bhonn gníomhach rialta mar chuid dá saol laethúil (Walsh & Rowland, 2015: 7).

The term ‘new speaker’ has come to be used as a lens for studying individuals who did not learn a (minority) language through family transmission in the home or through exposure to its use within their local community, but instead acquired it through the education system or as adult learners, often in the context of language revitalisation projects. (Brennan & O’Rourke, 2019: 132)

Tráchtann O’ Rourke & Walsh (2015: 4) ar choincheap na mudes teangeolaíocha agus an bhaint a bhíonn idir an t-athrú a thagann ar chleachtas teanga an nuachainteora agus a f(h)éiniúlacht. Féachtar ar an bhfeiniméan seo den mudamudes i dtéarmaí ‘pointí criticiúla le linn shaolré an duine’ nó ‘móimintí claochlaithe ar chleachtais theangeolaíocha’ an duine agus leagtar béim ar an athrú féiniúlachta a shamhlaítear leis an gclaochlú céanna.

Is díol suntais agus spéise gur cine isteach iad an cúigear filí i gCorca Dhuibhne, rud a threisíonn an claochlú, b’fhéidir, a thagann ar fhéiniúlacht na nuachainteoirí seo go háirithe agus móimint thábhachtach an aistrithe fhisiciúil á mheas. Tá sé léirithe cheana go bhfuil dlúthbhaint idir féiniúlacht an nuachainteora agus an t-athrú a thagann ar a c(h)leachtas teanga (Walsh, O’Rourke & Rowland, 2015: 25). Gné thábhachtach a bhaineann leis an nasc seo idir teanga agus féiniúlacht go sonrach ná gur minic go mbíonn an nuachainteoir gníomhach ag lorg comhthéacsanna nua sóisialta ina n-úsáidtear an sprioctheanga.

Tá cumas nua teangeolaíoch á fhógairt aige/aici go poiblí agus dá bhrí sin tá rannpháirtíocht á lorg aige/aici i gcomhthéacsanna áirithe sóisialta atá bunaithe ar an gcumas teangeolaíoch sin… tá seasamh sóisialta á thógáil agus persona poiblí á chruthú go comhfhiosach acu. (Walsh, O’Rourke & Rowland, 2015: 26)

Dar le Seoighe (2018: 13) go mbaineann tábhacht mhór leis na comhthéacsanna sóisialta a bhaineann nuachainteoirí amach dóibh féin mar chuid dá bpróiseas dlisteanaithe mar chainteoirí Gaeilge agus ‘pobal cleachtais agus deiseanna úsáide’ á lorg acu. Ní hamháin go bhféadfadh duine a bheith ag iarraidh teacht ar chomhthéacsanna sóisialta ach imríonn rannpháirtíocht an chine isteach sa phobal féin tionchar ar a éiféachtaí is a bhíonn an próiseas nasctha a dhéantar i bpobal nua. Léiríonn taighde Allan, Crow & Summers (2001: 40) nach ionann taithí gach duine mar chine isteach ná na hacmhainní atá acu. Scrúdaíonn siad na híogaireachtaí a bhaineann le himeascadh sóisialta agus féiniúlachta i gcás-staidéar ar insiders/outsiders i bpobal tuaithe oileáin Steeptown. Ba thábhachtaí i gcásanna áirithe rannpháirtíocht ghníomhach an chine isteach sa phobal.

It was noted above that while some Steeptown residents regarded the ability to demonstrate local ancestry as an important mark of being an ‘insider’, others attached greater significance to the extent of a person’s participation in local social life and their preparedness to identify with the town. (ibid: 45)

Ceist fhíorshuimiúil a ardaítear anseo maidir le taithí na bhfilí féin agus iad ag iarraidh nascadh lena gceantar nua. Conas a éiríonn leo é seo a bhaint amach agus cad é an dearcadh pearsanta atá acu ina thaobh?

Taithí na bhfilí i dtaobh an aistrithe

Mar chine isteach i bpobal nua, braitheann na filí íogaireachtaí maidir lena bhféiniúlacht. Tá guagacht áirithe ag baint le dearcadh Simon Uí Fhaoláin i leith a chuid féiniúlachta. Cé gur tháinig sé go Corca Dhuibhne nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois, d’imigh sé ón gceantar ar feadh tréimhse le freastal ar an ollscoil. Chaith sé tréimhsí sa Bhreatain Bheag, sa Ghaillimh, i gCorcaigh agus ar Oileán Acla sular fhill sé ar Chorca Dhuibhne ag tús na mílaoise. Mar pháiste óg, níor bhain cinneadh a dtuismitheoirí chun lonnú sa cheantar leis an nGaeilge. Dúirt sé gur minic a dhéantar talamh slán de gur ‘Gaelgeoirí a bhí i mo mhuintir agus gur b’in an chúis gur thánamar anso ach níorbh amhlaidh in aon chor’ (Ó Faoláin, 2018). Theastaigh óna athair bogadh amach as Baile Átha Cliath toisc go raibh sé bailithe den saol a bhí á chaitheamh acu ann agus leis na daoine a bhí timpeall air. Ba i gCorca Dhuibhne a d’fhoghlaim Ó Faoláin an Ghaeilge i gceart den gcéad uair agus é ag freastal ar Scoil na Feothanaí (Ó Faoláin, 2018).

Nuair a bhog Ceaití Ní Bheildiúin go Corca Dhuibhne, ba bheag tuiscint a bhí aici ar shaol na Gaeltachta. Níor thuig sí fiú go raibh teorainneacha Gaeltachta ann idir na ceantair i gCiarraí.

Níor thuigeas riamh tá tú ag fágaint an Ghaeltacht agus ansan tá tú sa Ghaeltacht agus bhí an rud san Breac-Ghaeltacht agus níor thuigeas go díreach cad é sin. (Ní Bheildiúin, 2018)

Dhein sí cinneadh bogadh amach ó na Saoirsí (na ‘Liberties’) i mBaile Átha Cliath toisc nár bhraith sí sábháilte ann a thuilleadh. Shocraigh sí a deartháir agus a deirfiúr a leanúint agus bhog sí go dtí an leithinis. Cé go raibh cumas áirithe sa teanga inti, níor shealbhaigh sí an teanga, i gceart, dar léi, go dtí gur bhog sí go Corca Dhuibhne agus d’éirigh sí níos gníomhaí ansin ar a haistear foghlama. Cé go raibh filíocht scríte aici roimhe sin, níor luigh sí isteach ar an gceird i gceart go dtí go raibh sí ag cur fúithi ar an leithinis (Ní Bheildiúin, 2018). Feictear go raibh tionchar mór ar an aistriú fisiciúil seo ar a conair foghlama teanga agus bhain an fhilíocht go dlúth leis an aistear céanna. D’éirigh léi ceangal a aimsiú leis an gceantar tríd an teanga agus cheangail an teanga í leis an bhfilíocht de réir a chéile (Ní Bheildiúin, 2018). Bhain próiseas trialach le foghlaim na teanga di ag an tosach. D’éirigh léi teacht isteach ar an bhfilíocht tríd an teanga ansin. Múnlaíodh a féiniúlacht i gcomhar leis na roghanna teanga a dhein sí nuair a bhog sí go Corca Dhuibhne. Luigh sí isteach ar an dá chúram le chéile.

Is dócha gurb í an Ghaelainn a thug slí isteach dom go dtí domhan na filíochta. Is dócha an cheangail siar atá ag an nGaelainn an rud ársaíocht, chreideas ann go hiomlán, gur rud draíochtúil é. (Ní Bheildiúin, 2018)

Bhog Louis Mulcahy agus a bhean chéile go Corca Dhuibhne is iad ar thóir ‘áilleacht’ an cheantair. Díol suntais nár bhain tábhacht ar bith leis an aistriú sin leis an teanga.

Bhí an ghráin agam fén nGaelainn agus nuair a thána anso tar éis tamaillín beag, thuigeas fhéinig agus thuig an chlann, da mbeimis chun daoine a bheith fostaithe, nó níos mó daoine a bheith fostaithe thíos, go ndeinfimid dochar gan ar a laghad daoine a thuiscint agus a bheith ábalta labhairt leo mar gheall ar ghnáthchúrsaí. (Mulcahy, 2018)

Ba i gCorca Dhuibhne a shealbhaigh Mulcahy an Ghaeilge agus ba ann blianta ina dhiaidh sin a thosnaigh sé ar an bhfilíocht. Bhí tionchar ag aitheantas a bhí ag a bhaile nua mar cheantar Gaeltachta ar na cúiseanna pearsanta ar dhein sé féin an teanga a fhoghlaim. Sampla é seo den inspreagadh intreach maidir le foghlaim na teanga do Mulcahy. Ba rud pearsanta é a thug air an teanga a fhoghlaim agus ba mar chuid den chonair foghlama teanga agus na comhthéacsanna sóisialta a bhain leis sin a thug é i dtreo na filíochta Gaeilge. Is éard atá i gceist leis an inspreagadh intreach dar le Ní Dhúda (2017: 222) ná:

[…] intrinsic motivation involves acting autonomously, doing an activity even in the absence of reinforcements or rewards, doing something for its inherent satisfaction. This is a very personal or internal motivation, which is fuelled by an awareness, resolution or conscious decision (ideological choice) for personal reasons, and is also associated with self-determined behaviour’.

Fearacht Mulcahy, bhog Paddy Bushe agus a bhean chéile Fíona go hUíbh Ráthach ‘ar thóir sléibhte agus farraige’. Bhí cinneadh déanta acu bogadh ó Bhaile Átha Cliath go hiarthar na tíre. Tharla go bhfuair sé post ina dhiaidh in Uíbh Ráthach agus tá siad lonnaithe ann ó shin. Thug sé le fios go bhféadfaidís a bheith lonnaithe i gCorca Dhuibhne, ach nach raibh post ar fáil ag an am mar mhúinteoir ar an leithinis agus tharla go bhfuair sé post sa VEC áitiúil in Uíbh Ráthach. Bhí an teanga ar a thoil ag Bushe sular aistrigh sé go hUíbh Ráthach agus bhí sé tosnaithe ar an bhfilíocht roimhe sin.

D’imir aistriú tíreolaíochta Bushe go hUíbh Ráthach tionchar nach beag ar a fhéiniúlacht. Léirigh an tOllamh Gearóid Denvir (2005) ina aiste ‘From Inis Fraoigh to Innisfree… and Back Again? Sense of Place in Poetry in Irish since 1950’ gur téama lárnach de chuid nuafhilíocht na Gaeilge trí chéile é an dinnseanchas agus an t-ómós áite. Is suntasach, dar leis, go dtarraingíonn filí ar áiteanna ar leith tíre mar a bheadh lieux sacrés – áiteanna nach iad a gceantair dhúchais féin iad i gcónaí. Is é sin le rá gur trí lionsa eolas an fhile ar oidhreacht áite nó a g(h)aol le háit a théann an áit i bhfeidhm air. Ní bhaineann sé díreach le teagmháil a bheith ag an duine leis an tírdhreach. Tagann fianaise fhilí an staidéir seo leis an gclaonadh a d’aithin Denvir chomh maith.  Mar chine isteach a tháinig Bushe chun cónaithe sa cheantar agus tá seans ann go raibh feidhm ag na naisc seo mar éascú ar phróiseas dlisteanaithe an fhile lena cheantar. Go deimhin labhair Bushe ar an mbeith istigh d’eachtrannaigh a d’aithin sé mar shainghné de théacsanna mar Aimhirghin agus an Leabhar Gabhála ag Éigse na Brídeoige 2019. D’aithin Denvir an tionchar láidir a imríonn tírdhreach agus scéalta miotais ar an ionannú is féidir le duine a dhéanamh le ceantar nach é a cheantar dúchais é.

Landscape is personal and tribal history made visible. The native’s identity – his place in the total scheme of things – is not in doubt, because the myths that support it are as real as the rocks and the waterfalls he can see and touch. (Denvir, 2005: 108)

Labhair Bushe in agallamh a dhein sé do Poetry Ireland Review (2013) ar an easpa muiníne a bhraith sé ar feadh tréimhse nuair a d’éirigh sé as an bhfilíocht a scríobh in aois aon bhliain is fiche. Dar leis gurb í leithinis Uíbh Ráthaigh agus a spreag arís é chun na filíochta.

I am still not sure why I stopped. I suppose I could say I was timid, and lacked confidence; but that was still true when I started to write again, and remains true to this day… Maybe I needed the rooting which living in the Iveragh peninsula gave me, in order to let my imagination blossom from a soil which was both real and imaginatively alive to me. (Bushe, 2013: 96)

Ba léir go raibh feidhm shamhlaíoch ag an tírdhreach ar an bhfile: ‘a soil which was both real and imaginatively alive to me’ nó i bhfocail Denvir (2005: 108) faoi thábhacht tírdhreachanna ‘the myths that support it are as real as the rocks and the waterfalls’. Ba shuntasach an tionchar a bhí ag aistriú tíreolaíoch agus ar phróiseas cur in aithne a dhéanamh le tírdhreach a bhaile nua.

Bhí sé de nós ag Peadar Ó hUallaigh imeacht go Corca Dhuibhne ar cuairt ag cairde leis agus shocraigh sé deireadh seachtaine amháin go bhfanfadh sé ann ar bhonn fadtéarmach. Bhain claochlú féiniúlachta le haistriú Uí Uallaigh chomh maith. Níor tháinig sé air féin i gceart go dtí gur thosnaigh sé ar an bhfilíocht.

Ar shlí éigin, níor éirigh liom ar aon shlí teacht ar m’fhéiniúlacht féinig go dtí gur thosnaíos leis an bhfilíocht. Bhíos ag fáil tuiscint orm féin don chéad uair. Níor tharla sé sin riamh i mBéarla ach tharla sé leis an nGaelainn. Bhíos ag teacht ar áiteanna ionam féin nach raibh aon teacht orthu riamh roimhe sin. (Ó hUallaigh, 2018)

Bhí tréimhsí caite ag Áine Moynihan i gceantair Ghaeltachta timpeall na tíre sular aistrigh sí go Corca Dhuibhne. Phós sí a fear céile Feargal Mac Amhlaoibh i mBaile Ghib, Contae na Mí. Chaith sí tréimhse ceithre bliana ar Inis Oírr. D’aistríodar go hOileán Cléire, Corcaigh. Bhí beirt leanaí acu faoin tráth sin agus an leanbh ní ba shine ag druidim le haois meánscoile. Níor theastaigh uathu go raghadh sí go scoil chónaithe mar a dhein an bheirt acu féin. Deir Moynihan gur cuimhin léi go ndeachaigh siad go Corcaigh agus é beartaithe acu féachaint ar thithe. Bhí an lá chomh hálainn gur shocraíodar imeacht ar turas go Corca Dhuibhne agus thosnaíodar ag féachaint ar thithe ar an leithinis ansin (Moynihan, 2018). Bhí ‘píosaí filíochta’ á scríobh aici agus í ag maireachtaint ar Inis Oírr agus ar Oileán Chléire. Níor fhoilsigh an file aon saothar, áfach, go dtí go raibh sí ag cur fúithi i gCorca Dhuibhne.

Is díol spéise nach i gCorca Dhuibhne a deineadh nuachainteoirí de chuid de na filí a pléadh thuas ach ghlac siad féin cinneadh aistriú isteach go dtí an ceantar. Roghnaigh siad ar fad toghranna ceantair Chatagóir A (Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch, 2015) mar cheann scribe. Is spéisiúil mar shampla nach bhfuil aon duine as measc na bhfilí Gaeilge lonnaithe sa Daingean féin agus gur tarraingíodh iad chuig na ceantair, b’fhéidir, a bhfuil an Ghaeilge níos láidre iontu taobh amuigh de chás Paddy Bushe.

An file ina (h)aisteoir cruthaitheach

Tá sé suntasach i gcás na gceantar Gaeltachta seo gurb iad na nuachainteoirí go minic agus ní na cainteoirí dúchais a chuireann infreastruchtúr ar fáil do chleachtadh na n-ealaíon agus na cruthaitheachta. Bíonn na filí seo an-ghníomhach maidir le himeachtaí sóisialta a chur ar fáil sa phobal, imeachtaí iad seo a mbíonn an fhilíocht chun tosaigh iontu.

Rith Simon Ó Faoláin club filíochta ‘Aos Cró’ i dTigh Uí Chatháin, i mBaile an Fheirtéaraigh ar feadh deich mbliana. Tá sé ina chathaoirleach ar an bhFéile Bheag Filíochta. D’fheidhmigh sé mar oifigeach litríochta leis an gcomhlacht amharclannaíochta ‘An Lab’ chomh maith. Thug sé aitheantas dá ról féin san agallamh le greann inar ndúirt gur léir dó go raibh patrún ag teacht chun solais idir na himeachtaí filíochta ar fad a bhí á lua aige, gurb é féin a bhíonn ina mbun (Ó Faoláin, 2018).

Bíonn a lán imeachtaí anso timpeall, níos mó ná beagnach na haon áit eile. Ar feadh roinnt blianta, bhí club filíochta agamsa ar an mBuailtín, tá an Fhéile Bheag Filíochta, táimse mar stiúrthóir air faoi láthair, na haon bliain. Bíonn imeachtaí á reáchtáil ag an Lab mar a bhfuilimse ag obair. Chím go bhfuil nasc idir na rudaí seo ar fad.

Thóg an file agus an léirmheastóir Mícheál Ó Ruairc ceann den ról gníomhach pobail a bhíonn ag Ó Faoláin sa léirmheas a scríobh sé ar a chnuasach Fé Sholas Luaineach.

Ó tháinig sé go Corca Dhuibhne ní díomhaoin atá sé. É mar bhall de phobal na háite agus é thar a bheith cúramach ag iarraidh saol cultúrtha agus sóisialta na háite a chur chun cinn ar mhaithe le caomhnú na teanga agus na hoidhreachta. (Ó Ruairc, 2010: 1)

D’éirigh Louis Mulcahy an-ghníomhach i saol cultúrtha Chorca Dhuibhne agus ba é a bhunaigh an Fhéile Bheag Filíochta sa bhliain 2006. Is díol spéise an ról gníomhach a ghlac sé chuige féin agus fonn air ‘saibhreas’ an cheantair a roinnt le daoine eile lasmuigh den dúthaigh (Mulcahy, 2018).

Bhunaigh Moynihan an comhlacht amharclannaíochta AnnÓg agus An Lab sa bhliain 2007, agus ról cinnireachta ar leith a bheith ag An Lab i gCorca Dhuibhne le linn na mblianta 2007–2017.

Imríonn Paddy Bushe agus a bhean chéile Fíona ról lárnach i saol cultúrtha Uíbh Ráthaigh. Bhunaigh Bushe Éigse na Brídeoige tríocha bliain ó shin agus is í Fíona atá ag feidhmiú ina stiúrthóir ar an Éigse le blianta beaga anuas. Sa bhliain 2017, bhunaíodar an fhéile filíochta ‘Éigse na Gréine/Amergin Solstice Poetry Gathering’ a bhfuil Paddy ina stiúrthóir cruthaitheach uirthi.

An nuachainteoir ina (h)aisteoir cruthaitheach

Tá an ghníomhaíocht phobail seo aitheanta sa litríocht mar mhodh éifeachtach don chine isteach ionannú a dhéanamh lena p(h)obal nua. Is féidir le cine isteach nasc níos láidre a chothú le ceantar agus le pobal nua trí pháirt ghníomhach a thógaint sa phobal. Bíonn caipiteal sóisialta láidir mar thosca a éascaíonn an próiseas imeasctha a ngabhann an cine isteach tríd agus é nó í ag teacht chun cónaithe go pobal nua. Bíonn ionchur tairbheach ag an gcine isteach sa phobal agus cuireann an caipiteal sóisialta agus cultúir a thugann siad leo leis an bpobal.

Thus, in-migrants whose backgrounds deny them the ability to claim the status of insiders in terms of established local ‘roots’ can nevertheless claim the status of insiders in the alternative sense of community involvement, as many of them did… (Crow, Allan & Summers 2001: 36)

Tugtar ‘aisteoir cruthaitheach’ ar dhuine a n-éiríonn leo ionramháil éifeachtach a bhaint as ábhair féideartha (‘affordances’) na timpeallachta dá leas féin agus do leas an fhearainn lena mbaineann an gníomh cruthaitheach (Glăveanu, 2016: 12). Bíonn aisteoirí cruthaitheacha ag feidhmiú i ngach timpeallacht chruthaitheach (Glăveanu, 2013: 74). Bíonn an scil agus an t-eolas ábhartha acu chun an buntáiste is mó a bhaint as ábhair féideartha na timpeallachta. Bíonn sé de chumas ag na daoine seo ábhair féideartha úrnua a chruthú chomh maith.

A creative actor is arguably one able to exploit the affordances of his or her surroundings in an innovative way, to discover new affordances, and even “create” the ones needed to fulfil a specific action. (Glăveanu 2013: 74)

Dar liom gur féidir Áine Moynihan, Simon Ó Faoláin, Louis Mulcahy, Paddy Bushe agus Fíona de Buis a áireamh mar aisteoirí cruthaitheacha i gcomhthéacs an taighde seo. Daoine iad na haisteoirí cruthaitheacha seo a bhfuil an gréasán agus an cumas acu chun teacht ar ábhair féideartha (‘creative affordances’) sa timpeallacht. Is minic a chruthaíonn na daoine seo a gcuid ábhar féideartha féin (Glăveanu 2013: 74).

Tá feicthe againn go gcuireann na nuachainteoirí seo go mór leis na hábhair féideartha atá ar fáil don gcruthaitheacht go háitiúil, agus d’fhearann na filíochta go speisialta. Ní bheadh an borradh nó an bheogacht chéanna maidir le himeachtaí ealaíne agus féilte i gceist sa dá cheantar gan tionchar agus ról gníomhach na nuachainteoirí seo. I mbeagán focal,  athraíonn na nuachainteoirí seo tírdhreach cultúrtha a gceantair.

Mar a chonacthas ar ball, dar le Walsh, O’Rourke & Rowland (2015) gur gné lárnach den bpróiseas aistrithe féiniúlachta a ngabhann an nuachainteoir tríd é a bheith ag gníomhú agus ag feidhmiú i gcomhthéacsanna sóisialta agus cultúrtha a dheimhníonn an fhéiniúlacht nua atá á glacadh chuige nó chuici. Braitheann an nuachainteoir gá éigin an fhéiniúlacht nua seo a fhógairt go poiblí:

Tá cumas nua teangeolaíoch á fhógairt aige/aici go poiblí agus dá bhrí sin tá rannpháirtíocht á lorg aige/aici i gcomhthéacsanna áirithe sóisialta atá bunaithe ar an gcumas teangeolaíoch sin… tá seasamh sóisialta á thógáil agus persona poiblí á chruthú go comhfhiosach acu. (Walsh, O’Rourke & Rowland 2015: 26)

Bíonn féiniúlacht shóisialta nua á fiosrú ag nuachainteoirí go minic, a bhfuil ‘agency in the learning process’ acu. Is tríd na straitéisí a tharraingíonn siad chucu agus iad ag iarraidh teacht chomhthéacsanna sóisialta leis an sprioctheanga a úsáid a ndéantar múnlú phearsaí éagsúla díbh féin nó ‘possible selves’ (O’Rourke & Walsh, 2020: 7). Áitím go bhféadfadh gaol a bheith idir an ‘persona poiblí’ nó ‘an seasamh sóisialta’ a thógann an nuachainteoir agus an ról gníomhach a ghlacann cuid d’fhilí an staidéir seo chucu féin maidir leis an bhfilíocht go háitiúil.

Áitíonn Walsh (2017) go mbíonn an próiseas aistrithe teanga sin a ngabhann an nuachainteoir tríd ag feidhmiú faoi eispéireas mothálach ar leith. Deir sé go bhfuil tionchar agus ról nach beag ag mothúcháin ar chonair foghlama agus úsáide teanga an nuachainteora. ‘Emotions, ranging from happiness and pride to frustration and shame, play a key role in the language trajectories of new speakers of Irish’ (Walsh, 2017: 230). Dar leis, go mbaineann mothúcháin níos láidre le foghlaim mionteanga ná mar a bhaineann le foghlaim mórtheanga. Is minic gur treise an dólás a bhraitheann an duine má theipeann ar an duine sin an mionteanga a shealbhú. Mar mhalairt, is mó an tsástacht a bhíonn orthu siúd a n-éiríonn leo an mhionteanga a shealbhú. 

The sense of pride at becoming a speaker of a marginalised language despite its weak sociolinguistic presence is arguably greater than becoming a speaker of a major language with strong social prestige. Similarly, the sense of frustration may be greater when struggling with Irish precisely because of that marginal status, but the contentment with achieving a level of mastery of it may be greater than in the case of a widely spoken language which is supported at every turn. (Walsh, 2017: 236)

Is féidir linn earraíocht a bhaint as tuiscintí seo Walsh agus scéal na bhfilí á scrúdu againn. Is léir go bhféadfaí a rá gur treise an tiomáint a bhíonn faoi fhilí ar nuachainteoirí iad an fhilíocht a chur chun cinn de bharr an chaidrimh mhothálaigh thábhachtaigh a chothaíonn an nuachainteoir lena bpróiseas aistrithe teanga agus féiniúlachta seo.

Conclúid

Feiniméan comhaimseartha fós é an tarraingt ar Chorca Dhuibhne go speisialta mar cheann scríbe don aos cruthaitheach. Is éard atá éagsúil idir na filí seo agus lucht Innti rompu áfach ná gur tháinig Ó Faoláin, Ní Bheildiúin, Mulcahy, Moynihan, Ó hUallaigh agus Bushe ar shocrú níos buaine. Dhein siad cinneadh fanacht sna dúichí. Tá aird tarraingthe ag an taighde seo ar an ngaol spéisiúil a d’fhéadfadh a bheith idir an fhilíocht agus an próiseas foghlama teanga. Nocht taithí agus iompar na bhfilí fianaise sa taighde ar an dlúthbhaint a bhíonn idir an teanga, an fhilíocht agus a bhféiniúlacht. Bíonn ról tábhachtach ag an bhfilíocht mar chuid den bpróiseas aistrithe teanga agus sóisialta a ngabhann an nuachainteoir tríd. Thug an fhianaise ó na filí le fios dúinn gurbh fhéidir go mbíonn baint idir an ‘seasamh sóisialta’ a thógann filí áirithe ar nuachainteoirí iad (agus iad ag cuardach comhthéacsanna nua sóisialta ina n-úsáidtear an teanga) agus rannpháirtíocht a bheith á glacadh acu i ngréasáin chruthaitheacha. Tá an ceangal seo idir an chruthaitheacht agus iompar sóisialta/iompar teanga na bhfilí seo ag teacht le léamha ar an bhfoghlaim teanga agus ar theoiric an nuachainteora i ngort na Sochtheangeolaíochta (O’Rourke & Walsh 2020, Walsh 2017; Walsh, O’Rourke & Rowland, 2015: Walsh & Rowland, 2015, O’Rourke & Ramallo, 2013). Is minic go bhfeidhmíonn na daoine seo mar aisteoirí cruthaitheacha ina gceantair nua agus imríonn siad ról nach beag i gcothú agus i spreagadh na cruthaitheachta agus iad dá gceangal féin lena mbaile nua.

Tagairtí

Brennan, S. & O’Rourke, B. (2019) ‘Commercialising the cúpla focal: New speakers, language ownership, and the promotion of Irish as a business resource’, Language in Society, 48(1). 125–45.

Bushe, P. (2013) ‘Interview with Paddy Bushe’ The Poetry Ireland Review, (111). 95–102.

Crow, G.P., Allan, G.A & Summers, M. (2001) ‘Changing perspectives on the insider/outsider distinction in community sociology’ Community, Work & Family, 4:1. 29–48. DOI: 10.1080/136688000200032443

Denvir, G. (2005) ‘From Inis Fraoigh to Innisfree... and Back Again? Sense of Place in Poetry in Irish since 1950.’ The Yearbook of English Studies, 35. 107–30.

Glăveanu, V.P. (2013) ‘Rewriting the language of creativity: The five A’s framework.’ Review of General Psychology, 17(1). 69–81.

Glăveanu, V. P. (2016) ‘Introducing Creativity and Culture, the Emerging Field.’ Glăveanu & Wagoner (eag.) Palgrave Handbook of Creativity and Culture Research. London: Macmillan Publishers Ltd. 

Ní Dhúda, L. (2017) ‘Language management and language managers: who are the Irish language managers in Breacbhaile?’ International Journal of Sociolinguistics 245. 217–43.

Nic Eoin, M. (2005) Trén bhFearann Breac – An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge. BÁC: Cois Life Teoranta.

Ní Ghairbhí, R. (2011) ‘Bhís déanta dem bhrionglóidí féinig – An Ríordánach, cuid d’fhilí INNTI agus Corca Dhuibhne.’ Ó Dúshláine, T. & Ní Chléirchín, C. (eag.) Léachtaí Cholm Cille XLI. Má Nuad: An Sagart.

Ó Dúshláine, T. (2011) Anois Tacht an Eala – Filí Chorcaí INNTI agus an Réabhlóid Chultúrtha. An Díseart, An Daingean: An Sagart.

Ó Ríordáin, S. (1975c) ‘Banfhilíocht agus Gaeilge.’ The Irish Times. Samhain 27.

O’ Rourke, B. & Walsh, J. (2019) New Speakers of Irish: ideologies, practices and identities. London: Routledge.

Ó Ruairc, M. (2010) ‘Céad Gháir na Chéad Ghlúine Eile.’ Comhar, 70(12). 278. http://www.jstor.org.libraryproxy.mic.ul.ie/stable/41497792

Seoige, S. (2018) ‘Is libhse an chathair’: Pop Up Gaeltacht agus Nuachainteoirí na Gaeilge, COMHARTaighde 4, ar fáil ag: https://comhartaighde.ie/ailt-taighde/is-libhse-an-chathair-pop-up-gaeltacht-agus-nuachainteoiri-na-gaeilge/.

Walsh, J. (2017) ‘The role of emotions and positionality in the trajectories of ‘new speakers’ of Irish’, International Journal of Bilingualism, 23(1), 221-235, 10.1177/1367006917720545

Walsh, J. & O’ Rourke, B. (2015) Mudes Teangeolaíocha agus Nuachainteoirí na Gaeilge, COMHARTaighde 1. https://comhartaighde.ie/ailt-taighde/mudes-teangeolaiocha-agus-nuachainteoiri-na-gaeilge/.

Walsh, J. O’Rourke, B. & Rowland, H. (2015) Tuarascáil Taighde ar Nuachainteoirí na Gaeilge. BÁC: Foras na Gaeilge.

Agallaimh

Bushe, P. (2018) Agallamh le Shane Grant, Márta.

Ó hUallaigh, P. (2018) Agallamh le Shane Grant, Márta.

Moynihan, A. (2018) Agallamh le Shane Grant, Aibreán.

Ní Bheildiúin, C. (2018) Agallamh le Shane Grant, Márta.

Ó Faoláin, S. (2018) Agallamh le Shane Grant, Márta.

Mulcahy, L. (2018) Agallamh le Shane Grant, Meán Fómhair.

Ó Dúshláine, T. (2018) Agallamh le Shane Grant, Aibreán.