DOI: https://doi.org/10.13025/29624

‘Aidiacht chanúnach iseadh “Wuthering”’: Seán Ó Ciosáin faoi Chuing an Chanúnachais agus Wuthering Heights á Aistriú Aige

Cíorfar san alt seo faillí a rinne Seán Ó Ciosáin le linn Wuthering Heights a aistriú go Gaeilge: is é sin, ba bheag iarracht a rinne sé an t-idirdhealú idir ardréim agus ísealréim chainte (ar a mbraitheann scaoileadh shnaidhm an scéil sa bhunleagan) a thabhairt slán sa spriocthéacs. Áiteofar thíos nach raibh neart aige air sin go pointe agus é dulta in abar i ngné de nuatheanga a bhí fós ag teacht i gcruth: is é sin, buntéacs roghnaithe aige le haistriú inar chiúta inste í aicmíocht chainte ach é ag aistriú go teanga a bhí aonchineálach ó thaobh aicmí sóisialta de.

Blas Difriúil ar Chaint Chanúnach sa Bhunteanga agus sa Sprioctheanga

Na Gaeilgeoirí a léigh Árda Wuthering tráth a fhoilsithe in 1933, seans gur bhioraigh na cluasa orthu a chloisteáil gur focal ‘canúnach’ é ‘wuthering’ óir teanga thar a bheith canúnach í an Ghaeilge an uair sin. Ní fhéadfadh sí a bheith ar a athrach de dhóigh agus cúig bliana fichead le dul fós sula bhfoilseofaí An Caighdeán Oifigiúil in 1958 (Mac Amhlaigh, 2008: 113). An blúirín téacs i dteideal an ailt seo, cuid é de chuntas an reacaire, Mr Lockwood, ar an radharc a tháinig faoina shúil nuair a chonaic sé an teach clúiteach úd den chéad uair:

Árda Wuthering an ainm atá ar áitreabh Mhr. Heathcliff. Aidiacht chanúnach iseadh ‘Wuthering’ a chuireann i n-úil go bríoghmhar an saghas aimsire anródhaighe a bhíonn san áit áird neamh-fhothanúil seo nuair a bhíonn an doineann ann. (ÁW, 1933: 8)

Wuthering Heights is the name of Mr. Heathcliff’s dwelling, ‘Wuthering’ being a significant provincial adjective, descriptive of the atmospheric tumult to which its station is exposed in stormy weather. (WH, 1847: 2)

Is bleadrachán é Mr Lockwood, rud is léir ón ródhúil atá aige san fhaí chéasta – ‘descriptive of … station is exposed’ – agus ón drochnós atá aige focail eolaíocha, ‘atmospheric’, nó léannta, ‘tumult’, a tharraingt isteach sa scéal gan ghá sa chaoi go n-éiríonn a chuid cainte doiléir. Le hais na bunabairte, tá abairt aistrithe Uí Chiosáin níos slachtmhaire: is fearrde an abairt Ghaeilge na briathra a chur san fhaí ghníomhach agus tá blas tuathúil ar ‘doineann ann’ a oireann do chur síos ar áit faoin tuath. Fós féin, más aistriúchán dílis a dhéanamh ar an mbuntéacs an tslat tomhais lena ndéantar Árda Wuthering a mheas, is laigeacht agus ní bua í seo i bhfianaise a thugtha agus a bhí an bunúdar, Emily Brontë, do leas a bhaint as ‘sociolect’ nó urlabhra aicme le carachtair a thréithriú. Mar shampla, i gcás Lockwood, tá sé le léamh air ón mBéarla caighdeánach a labhraíonn sé (agus an t-uafás focal teibí Laidine ann) nach de bhunadh na háite é fad is atá a shliocht ar an oibrí feirme Joseph nár imigh sé rófhada ón mbaile riamh go labhraíonn sé an leagan is canúnaí amuigh de chanúint Yorkshire (Wiltshire, 2005: 19).

Níor mhiste díriú ar an bhfocal sin ‘provincial’ a luaitear le ‘wuthering’ óir ní dócha gur gach léitheoir na linne seo a thuigfeadh é. Bunbhrí atá ag ‘provincial’ de réir an OED:

5.a. Of or relating to a province … as distinguished from the capital or chief seat of government … local or regional, as opposed to national’.

Tá fochiall dhíspeagúil ag ‘provincial’ freisin:

6. the outlook, tastes, character, etc., associated with … inhabitants of a province or the provinces; esp. (depreciative) parochial or narrow-minded; lacking in education, culture, or sophistication (OED).

Ach cén fáth a samhlaítear lucht cónaithe cúige le daoine caolaigeanta ar bheagán cultúir? Seans toisc go gceaptar go mbíonn borradh faoin gcultúr san ardchathair ós ann atá an rialtas agus lucht rachmais lonnaithe. Má ghlactar leis gurb í an ardchathair croílár an chultúir, luíonn sé le réasún go dtógfadh sé tamall ar chultúr a chumtar ann dul chomh fada leis na cúigí. Is é sin, má bhaineann sé fíorimeall an chúige amach in aon chor. Cá hionadh duit mar sin gur dual do lucht cónaithe cúige a bheith ar bheagán cultúir?

‘Cúigeachas’ an Ghaeilge ar ‘provincialism (in language)’ de réir Foclóir Uí Dhuinnín (1927: 283) agus is cosúil gurbh in an focal ba thúisce chuig Ó Ciosáin freisin:

…bhí cúrsaí cúigeachais maidir le príomhchanúintí na Gaeilge go láidir i gceist i measc lucht Chonradh na Gaeilge. Ní mór dom a admháil gur i gCúige Mumhan a thosaigh an chaol-aigeantacht seo i dtosach, agus is dócha gurbh é an tAthair Peadar Ó Laoghaire ba bhun lena borradh…cheap a lán de na Gaeilgeoirí ó dhúchas sa Mhumhain…gur acu féin a bhí scoth na teanga, agus bhí saghas lagmheasa acu ar an dá chanúint eile (IAMS, 1973: 53).

Provincialism’ an rosc catha i mbéal an Athar Peadar i litir uaidh a foilsíodh ar An Claidheamh Soluis in 1900:

The same cries are ringing in our ears. ‘Avoid Provincialisms.’ Not I! I am determined to write down most carefully every provincialism I can get hold of. Then I shall be sure to have the people’s language at least in that province… ‘But your ear can answer only for one province.’ Exactly so. But it can answer for that one. Let some other ear answer in the same manner for each of the provinces, and then we shall know where we are.

Gach seans go dtaitneodh cur chuige Emily Brontë leis mar sin óir bhain sí leas chomh mór sin as litriú foghraíochta chun caint Joseph a thréithriú gur chuir léirmheastóir amháin ina leith: ‘Here authenticity meets incomprehensibility: a fully phonetic transcription so accurate as to be impenetrable to anyone outside of Yorkshire’ (Baena, 2023: 112).

Daoine d’Aon Mhianach an tÚdar agus an tAistritheoir

Dúil Emily i gcanúint Yorkshire, seans gur eascair sí ón gcion a bhí aici ar Tabitha Aykroyd, searbhónta a bhí ar aimsir ag muintir Brontë ó bhí Emily sé bliana d’aois. Tabitha ina ‘thorough specimen of a Yorkshire woman’ (Gaskell, 1857: 70) a labhair ‘pure dialect, used outlandish words and broadened every vowel in the alphabet, so that people from another county understood not a single word she spoke’ (Dean, 1960: 76). Tugtar éachtaint ar a gcaidreamh in iontráil dialainne a scríobh Emily:

Tabby said just now come Anne pilloputate…Aunt has come into the kitchen just now and said where are your feet, Anne? On the floor Aunt…Tabby said, on my putting a pen in her face ya pitter pottering there instead of pilling a potate I answered, O Dear, O Dear, O dear, I will directly With that I get up, take a knife and begin pilling (O’Callaghan, 2022: 121).

Pilloputate: blas aduain air mar fhocal go dtí gur léir, ar é a léamh arís, gur sraith d’fhocail fhíorshimplí atá ann ach iad a thógáil as a chéile: peel a potatoe. Ba dheacair teacht ar chaint níos comónta ná sin – ‘bain an craiceann de phráta’ – ach, i mbéal Tabby Aykroyd, bhí blas andúchasach air, amhail is nach Béarla a bhí á labhairt aici in aon chor. Ba léir ón aird a thug sí uirthi gur thaitin caint cheolmhar Tabby – ‘ya pitter pottering’ – le Emily.

Gach seans go raibh tuin andúchasach ar an nGaeilge an chéad uair a chuala Ó Ciosáin í i bhfianaise a ghallda agus a bhí a cheantar dúchais – an Linn Dubh i gcathair Chorcaí – más aon chomhartha seoladh baile a theaghlaigh in 1901, ‘45 Great Britain Street’ (Breathnach & Ní Mhurchú 2025). Ach rinne sé tréaniarracht dúchas na Gaeilge a shealbhú. A oiread agus gur ghlac sé rún ‘gan leabhar Béarla a léamh go dtí go mbeadh a raibh ar fáil de na leabhair Ghaeilge a foilsíodh ó cuireadh Conradh na Gaeilge ar bun léite agam’ (CLS, 1970: 127).  Leathbhreac Brontë é sa dúil a léirigh sé i mblas:

Chaithinn na huaireanta fada gach aon lá ag léamh leabhair Ghaeilge…Uaireanta léinn píosaí os ord agus ba cheolmhar liom fuaimeanna agus rithim na Gaeilge…Uair éigin eile déanfaidh mé iarracht ar a léiriú níos fearr an greim a rug fuaimeanna agus rithim urlabhraíocht na Gaeilge orm…Na blianta fada ina dhiaidh sin cheap mé abairt a sháraigh mé féin ar aon slí chun blas na Gaeilge a léiriú; thug mé ‘ceol na cainte’ air (CLS, 1970: 124–5).

Ní thógfaí ar Ó Ciosáin mar sin é má chreid sé gurb eisean sás a dhéanta é chun Gaeilge dhúchasach a chur ar Wuthering Heights.

Samhlaíodh an Ghaeilge le Saol na Tuaithe in Aimsir Uí Chiosáin

Nó, de réir a chuntais féin ar ar spreag é lena aistriú:

Lá dá raibh mé ag caint le Dónall Ó Corcora dúirt mé leis gur mhaith liom leabhar bunúsach eile a aistriú. Mhol sé dom Wuthering Heights le Emily Brontë a aistriú. Mheas sé go n-oirfeadh an Ghaeilge d’atmasféar an bhunleabhair (IAMS, 1973: 77).

Is dócha gurbh é an mianach dul i gcion ar an léitheoir a bhí i gceist aige le ‘atmaisféar’ ach cad faoi Wuthering Heights a chuirfeadh ‘Irish sensibility’ / spiorad Gaelach i gcuimhne do dhuine? An amhlaidh gurb éasca na heachtraí ann a shamhlú ag titim amach in Éirinn agus é suite faoin tuath? Seans gurbh ea i bhfianaise ailt le Ó Ciosáin san Irish Press in 1932. Agus é ag fiafraí de féin ‘Cad iad na leabhair mar sin gur cheart iad a d’aistriú?’, dúirt sé:

Sgéalta simplidhe tuatha go bhfuil caint bhríoghmhar dhíreach ionnta agus plot oireamhnach. Má tá sprid Ghaodhalach ionnta…is amhlaidh is fearr é. Tá muinntir na tuaithe puinn mar a chéile ins gach tír agus mar sin tuigfear an leitridheacht a cheapfar na dtaobh in aon tír talmhaíochta.

An cinneadh a rinneadh an Nua-Ghaeilge a bhunú ar urlabhra mhuintir na tuaithe (Ó Torna, 2005: 124) – is é sin, Gaeilge na Gaeltachta – is ródhócha gurbh in a bhí taobh thiar de thuairim Uí Chiosáin gur daoine d’aon mhianach iad muintir na tuaithe agus lucht na Gaeilge. Ach bhí breall air, dar liom, má cheap sé gurbh éasca scéal a cheaptar i dtír talmhaíochta amháin a chur in oiriúint do léitheoirí i dtír talmhaíochta eile ar an mbonn go bhfuil ‘muinntir na tuaithe puinn mar a chéile ins gach tír’. Ní fíor sin i gcás Gaeilgeoirí in aimsir Uí Chiosáin chomh fada agus a bhain sé lena ndearcadh ar chaint chanúnach.

Athrú ó Lagmheas go hArdmheas

Is léir sin ó nós Brontë béim a leagan ar a aite agus atá caint chanúnach (Ferguson, 1998: 10). Í ag teacht le meon a linne sa mhéid sin óir creideadh go forleathan san Eoraip sa 19ú haois nach raibh in ‘provincialism’ ach ‘patois’ a thug le fios ‘go raibh an teanga ag teip agus ag titim as a chéile’ (Ó Conchubhair, 2009: 194). B’amhlaidh an cás in Éirinn, áit inarbh ‘eiriceacht ghlan…é canúnachas a chur i leith na Gaeilge roimh bhunú Chonradh na Gaeilge’ (Ó Conchubhair, 2009: 200). Léiríodh an tuiscint sin go raibh nasc ‘idir meath teanga agus forbairt chanúna sa tréanchosaint a dhein an tAthair Uilic de Búrca ar an nGaeilge nuair a shéan sé go raibh an canúnachas le sonrú go forleathan sa teanga’ (Ó Conchubhair, 2009: 199). Ba léir an leigheas ar an scéal do dhaoine dá leithéid: ‘Gaeilge Chéitinn, caighdeán an seachtú haois déag, an buaicphointe a raibh sláinte iomlán na teanga agus an náisiúin le sonrú inti. Is i dtéarmaí tinnis…a thuig de Búrca an canúnachas’.

Orthu sin a chreid gur cheart filleadh ar Ghaeilge chlasaiceach bhí Tomás Ó Néill Ruiséal, fear a leag béim ar chontúirt na gcanúintí (Ó Conchubhair, 2009: 197). Seans gur ait le Gaeilgeoirí na linne seo maíomh an Rúiseálaigh nach raibh aige féin ach Gaeilge na leabhar:

He only professes to speak the Irish of books, and his freedom from dialect and clear enunciation makes him a most welcome orator to the patient students who long to understand the spoken Gaelic.

Ach chuir lucht bunaithe Chonradh na Gaeilge an tuiscint sin bunoscionn nuair a mhaígh siad gur:

chomhartha fuinnimh an canúnachas, murarbh ionann agus saorgacht na Gaeilge clasaicí. Dhiúltaigh an grúpa óg seo do Ghaeilge Chéitinn agus thug siad go bródúil faoi, ní hamháin canúint amháin, ach trí mhórchanúint na Gaeilge a fhorbairt. (Ó Conchubhair, 2009: 206)

Ní hIonann Uaschanúint don Ghall agus don Ghael

Glacadh leis sa 19ú haois gur ‘bhain canúintí le bochtáin, le ceantair bheaga iargúlta ar an imeall i bhfad ón Lár’ (Ó Conchubhair, 2009: 195), dearcadh a chuireann Tabby Aykroyd i gcuimhne dom óir caithfidh gur bhraith sí faoi chuing a ceantair dúchais murabh fhéidir léi dul go contae eile gan eagla nach dtuigfí í. Go deimhin, thuigfeá di dá mbeadh sí in éad le Sasanaigh eile a raibh ‘Received Pronunciation’ (RP) ar a dtoil acu óir is tuin chainte ‘regionless’ nó ‘trasréigiunach’ é RP sa mhéid is nach fios ó thuin chainte cainteoirí RP cad as dóibh ach is ríléir cén aicme lena mbaineann siad: an mheánaicme nó an uasaicme (McArthur et al., 2018). Is ar ‘educated speech in southern England’ atá RP bunaithe (OED) agus uaidh sin is dócha a thugann an Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge ‘uaschanúint Bhéarla Shasana’ air. Bhí a mhacasamhail i measc Gaeilgeoirí in aimsir Uí Chiosáin ach amháin nach ar urlabhra na n-uaisle a bhí sí bunaithe. Dar le Phillip O’Leary, bhí aird Athbheochanóirí na Gaeilge: siar in the dual sense of the Irish word, back to a…past where that tradition was most vibrant, and to the West, where it had maintained itself most tenaciously’ (1994: 15). Siar i ré Uí Chiosáin, is léir go raibh ‘an lár’ agus ‘an t-imeall’ tar éis ionad a mhalartú lena chéile óir ba ar an imeall amháin – na ceantair Ghaeltachta cois cósta – a tháinig an Ghaeilge slán mar theanga bheo. An meas ar bhlas ‘cúigeach’ a bheith ar Ghaeilge duine, cuireann sé scéal an shibboleth i gcuimhne dom. Is é sin, an scéal Bíobla ina bhfiafraíonn fir Ghileád d’Eafráimigh agus iad ar a dteitheadh:

‘An as Eafráim duit?’ Nuair a deireadh sé: ‘Ní hea,’ deiridís leis: ‘Abair sibolet más ea,’ agus deireadh sé: ‘Suibolet,’ mar nach bhféadfadh sé an focal a fhoghrú i gceart’ (Breithiúna, 12: 5–6)

Uaidh sin an fhochiall a luaitear le shibboleth: 2.a A word or sound which a person is unable to pronounce correctly; a word used as a test for detecting foreigners, or persons from another district, by their pronunciation’ (OED). Bás ar an toirt an pionós a ghearrtaí ar na hEafráimigh ar theip orthu sa tástáil foghraíochta. Díbirt go himeall an phobail teanga an pionós a ghearrtaí ar Ghaeilgeoirí in aimsir an Chiosánaigh agus ba é rian an Bhéarla ar Ghaeilge duine an siobaileat lenar nochtadh eachtrannaigh (na daoine nach raibh ach Gaeilge lag acu) ina measc. Nó mar a mhíníonn Brian Ó Conchubhair an scéal: ‘Ba é an Béarlachas an namhaid ba mhó a bhí le cloí i rith na hAthbheochana ag lucht léirmheastóireachta agus cháintí a leithéid go tréan’ (2009: 99). Pobal Brontë agus pobal Uí Chiosáin ar aon iúl le chéile mar sin sa mhéid is gur trína dtuin chainte a chuir Sasanaigh agus Gaeilgeoirí a stádas sóisialta in iúl. Ach ní hionann an fhoirm ardghradaim teanga sa dá phobal teanga beag ná mór: b’amhlaidh gur chuir Gaeilgeoirí blas na cosmhuintire ar a gcuid cainte le cur in iúl dá chéile gur den scothaicme (is é sin, na cainteoirí líofa) iad. Fad is a bhí na Sasanaigh ar a ndícheall ag iarraidh urlabhra lucht gustail ó dheas a chur ar a dtoil acu le go mbeadh a fhios ag an saol gur de na huaisle (nó den mheánaicme ar a laghad) iad.

Ba ag Ó Ciosáin a bhí a fhios an ceann faoi a bhain lena bheith i mbaol na díbeartha go himeall an phobail teanga. Is léir sin ó eachtra a tharla nuair a thug sé léacht Ghaeilge agus ‘duine as Cúil Aodha a raibh cáil mhór air mar Ghaeilgeoir’ (CLS, 1970: 136) sa lucht éisteachta. Mhol an fear Gaeltachta sin go hard é as a chuid léanntachta ach ar seisean go borb: ‘an fear a mhúin foghraíocht na Gaeilge dó ba cheart é a chrochadh!’ (CLS, 1970: 136) Ghoill an chaint seo go mór ar Ó Ciosáin, cé go ndearna sé iarracht glacadh léi i bpáirt mhaitheasa:

…rinne sé maitheas mhór dom. Mar an oíche sin ghlac mé rún docht daingean nach stadfainn choíche ná go deo go mbeadh blas ceart na Gaeilge ar mo chuid cainte. Ar feadh an chuid eile den bhliain sin go háirithe nuair a bhínn ag siúl i m‘aonar féin bhínn ag labhairt os ard agus mé ag fuaimniú gach focail go soiléir agus b’fhéidir ag cur leis. B’obair chrua thuirsiúil í ach tuigeadh dom go gcaithfí í a dhéanamh dá dteastódh uaim a bheith i mo chainteoir líofa Gaeilge (CLS, 1970: 136–7).

Seans maith gurbh ait le Emily Brontë pobal teanga ina raibh gradam ag baint le blas na cosmhuintire a bheith ar chaint duine nuair ba chomhartha uirísle ina pobal féin é. Ní hin le rá nach raibh daoine sa phobal inar fhás sí aníos a bhí mórtasach as canúint na háite. Cuir i gcás, sa staidéar a rinne G.L. Brook ar chanúintí Shasana in 1963 (a bhfuil meas fós air), tharraing sé aird ar mheon áirithe i measc mhuintir thuaisceart Shasana:

The attitude of many northcountrymen to Southern Speech, including that variety of it known as Standard English, is that expressed by Mr Yorke in Charlotte Bronte’s Shirley: If he usually expressed himself in the Yorkshire dialect, it was because he chose to do so, preferring his native Doric to a more refined vocabulary. ‘A Yorkshire burr’, he affirmed, was as much better than a Cockney’s lisp, as a bull’s bellow than a ratton’s squeak. (Brook, 1963: 28)

Fiú agus an sampla seo á lua aige, áfach, is díol spéise é gur bhraith Brook go mb’éigean dó an caveat seo a chur le mórtas canúna Mr Yorke: ‘It is necessary to distinguish between tolerating dialect in others and using it oneself. It is doubtful whether it is worth while for anyone to try to acquire a regional dialect’ (1963: 28). Fiú i measc Sasanach arbh é a meon ‘ceart dom, ceart duit’ mar sin, is léir go raibh rud éigin nach inmholta ag baint le canúint a labhairt i gcomhthéacsanna sóisialta áirithe.

D’fhág an ghnáth-thuiscint sin Hareton Earnshaw ar an bhfaraor géar agus gan ach Béarla canúnach ar a thoil aige. Gan an dara rogha aige ach cur suas le maslaí leithéid seo a chaitheann an buachaill uasaicmeach Linton Heathcliff leis in Wuthering Heights:

‘There’s nothing the matter, but laziness, is there, Earnshaw?’ he  said. ‘My cousin fancies you are an idiot. There you experience the consequence of scorning “book-larning,” as you would say. Have you noticed, Catherine, his frightful Yorkshire pronunciation?’ (1847: 189–90).

 

‘Is í an leisce is bun leis go léir, nach í, a Earnshaw?’ ar seisean. ‘Ceapann mo cholceathar gur simpleoir tú. Sin é a thagann as an ndroch-mheas atá agat ar “léigheann na leabhar” mar a deireann tú féin – An dtugais fé ndeara, a Chatherine – a uathbhásaighe atá canúint Yorkshire ar a chainnt’ (ÁW 1933: 263).

Deartháir don aineolas canúint a labhairt i súile Linton Heathcliff, is léir. Ach fiú más mar mhasla a deir sé é, fós féin tá réiteach na faidhbe sa sáiteán sin aige faoi ‘book-larning’. Cuimhnigh gur ar ‘educated speech’ (OED) a bhí uaschanúint Bhéarla Shasana bunaithe, rud a d’fhág go mbeadh ar Hareton luí isteach ar ‘léann na leabhar’ má bhí uaidh ‘Received Pronunciation’ a chur ar a thoil aige agus fáil réidh le blas gránna chanúint na háite ar a chuid cainte ar an gcaoi sin. Agus sin é go díreach an rud a dhéanann sé go dtí, faoi dheireadh an úrscéil: ‘he is speaking standard English…[having] cast off his regional speech almost entirely’ (Wiltshire, 2005: 23). Ní go dtí sin atá sé ina chéile cuí do Cathy agus réidh do ‘a life of gentility at the Grange’ (Wiltshire, 2005: 23). Ach sa sliocht aistrithe thuas, is é íoróin an scéil é go bhfuil blas canúnach ar chaint Linton Heathcliff fiú agus é ag caitheamh anuas ar Hareton as blas ‘uafásach’ Yorkshire a bheith ar a chuid cainte. Is é sin, is sainchomharthaí chanúint Chorca Dhuibhne iad briathra a chur san fhoirm tháite (Ó Sé, 1995: 42) agus ‘faoi’ a litriú ina ‘fé’ (24). Blas láidir Chiarraí ar an abairtín ‘an dtugais fé ndeara’ de chuid Linton Heathcliff dá réir. Is follasaí fós an neamhréir sin i gcomhrá idir Isabella Linton agus Hareton:

I approached, and, attempting to take his chubby fist, said— 

‘How do you do, my dear?’ 

He replied in a jargon I did not comprehend

…An oath, and a threat to set Throttler on me if I did not ‘frame off’ rewarded my perseverance.

‘Hey, Throttler, lad!’ whispered the little wretch, rousing a halfbred bull-dog from its lair in a corner. ‘Now, wilt tuh be ganging?’ he asked authoritatively (WH 1847: 118).

 Do dhruideas leis agus mé san am gcéadna ag iarraidh breith ar a dhorn reamhar, agus dubhart,—

‘Cionnus taoi, a chroidhe?’

Do thug sé freagra orm i mbéarlagar éigin nár thuigeas

…Ní bhfuaireas de bharr mo chuid muinnteardhais ach mionn agus a bhagairt Throttler do chur liom muna leiginn dó. 

‘Seo, a Throttler, a gharsúin!’ adubhairt an dailtín de chogar agus é ag múscailt maistín de bhulldog ó n-a chlúid sa chúinne. ‘Anois an mbeir ag bogadh leat?’ d’fhiafruigh sé go hughdarásach (ÁW 1933: 168).

Mar is dual d’iníon an Tí Mhóir, is léir ó thuin ghalánta Isabella – ‘How do you do, my dear?’ – gur cuireadh oideachas maith uirthi. Rian ar bith den tréithriú sin ní thagann slán san aistriú, áfach, sa chaoi a n-aistrítear a cuid cainte amhail is gur bean tuaithe as Iarthar Duibhneach í: ‘Cionnus taoi, a chroidhe?’ Maidir le Hareton, is léir óna chuid cainte sa bhuntéacs –‘Now, wilt tuh be ganging? – gur canúint gharbh na háite atá ina phluc aige. Bheadh ciall ag an gcaoi chanúnach ina n-aistríonn Ó Ciosáin é sin mar ‘Anois an mbeir ag bogadh leat?’ ach amháin gur fianaise é an briathar táite sin, ‘an mbeir’, gurb í an chanúint chéanna, canúint na Mumhan, atá á labhairt ag Hareton agus ag Isabella araon. Níl bun ná barr lena ráiteas ‘Do thug sé freagra orm i mbéarlagar éigin nár thuigeas’ sa leagan Gaeilge mar sin óir, ón nós sin aici an mhír bhriathartha ‘do’ a chur roimh bhriathar san aimsir chaite, ‘do thug’, gan trácht ar bhriathar eile aici san fhoirm tháite, ‘thuigeas’, ba cheart go dtuigfeadh sí é go feillbhinn.

Scáth an Ghaeilgeora nár Tógadh le Gaeilge

An fhaillí a dhéantar thuas in idirdhealú a dhéanamh idir ardréim agus ísealréim chainte, is ar lucht leagtha na norm teanga le linn don Nua-Ghaeilge a theacht i gcruth cuid mhaith den locht. Cuir i gcás, nuair a mhol an tAthair Peadar d’aistritheoirí in 1902: ‘we must go to our model, the native Irish speaker, and express those thoughts in Irish, exactly as that Irish speaker would express them if they were his own thoughts’ (Ó Torna, 2009: 469), b’éard a bhí á rá aige i ndáiríre nach raibh ach aon aicme amháin ann sa Ghaeilge: an chosmhuintir. Óir ba ghnáthdhuine tuaithe gach cainteoir dúchais Gaeilge an uair sin.

Ach an ganntanas sainréimeanna teanga sa Nua-Ghaeilge, níor leor é mar mhíniú, dar liom, ar an leisce a léirigh Ó Cíosáin ar shainréim de shaghas éigin a sheiftiú sa Ghaeilge chun ionadaíocht a dhéanamh do chaint uasaicmeach an bhuntéacs. Seans gur eascair an leisce seo as straitéis teanga a luann Máirín Nic Eoin (2005: 73) le daoine nár tógadh le Gaeilge: ‘Ar cheann de na straitéisí teanga is coitianta a bhíonn ag scríbhneoirí Gaeilge nach scríbhneoirí Gaeltachta iad tá nasc láidir canúnach a shnaidhmeadh le ceantar Gaeltachta ar leith’.

Go deimhin, siar ag tús an 20ú haois, ba iad léirmheastóirí nár chainteoirí dúchais Gaeilge iad ba mholtaí go minic faoi údair Ghaeltachta a dhiúltaigh aon fhoirm nár dhual dá gcanúint féin a úsáid ina saothar (Nic Eoin, 2005: 59). ‘Díograis agus díocas an duine arbh éigean dó athshealbhú a dhéanamh ar theanga a mhuintire’ léamh Nic Eoin air seo (2005: 59) agus cuireann sé an feiniméan teanga ‘hypercorrection’ i gcuimhne dom. Is é sin, an fonn a bhíonn ar ‘upwardly mobile speakers…to speak like those whose status they wish to achieve’ (Macaulay, 2006: 132). Tarlaíonn hipircheartú nuair a théann na cainteoirí seo thar cailc ‘with the result that their speech becomes “more correct” than that of the group they wish to emulate’ (132). D’fhéadfadh Ronald Macaulay a bheith ag caint faoi Ó Ciosáin nuair a deir sé ‘All kinds of hypercorrection come from feelings of insecurity and are most likely to be found among those on the middle rungs of the social ladder’ (132–3) óir, mar fhoghlaimeoir Gaeilge a bhain ardlíofacht amach, ba ar ‘mheán-runga an dréimire’ a bhí Ó Ciosáin i bpobal Gaeilge a linne. Go deimhin, ba dhóigh le duine ón eachtra sin inar cháin fear Gaeltachta a fhoghraíocht go géar gur chothaigh sé ‘nasc láidir canúnach…le ceantar Gaeltachta ar leith’ mar sciath chosanta ar Ghaeilge lag a chur ina leith. Seans gur bhraith sé faoi bhrú a líofacht a chruthú arís agus arís eile óir, dá mbeadh sé de threallús aige tuin Ghallda a chur ar a chuid Gaeilge d’fhonn caint uasaicmeach sa bhunleabhar a aistriú, caolseans go dtabharfaí sochar an amhrais dó gur rogha ealaíonta a bhí ann.

Conclúid

Agus b’in an neamhréir chultúrtha a tháinig salach ar Sheán Ó Ciosáin san aistriú, dar liom: dream amháin, Sasanaigh in aimsir Brontë, ag iarraidh blas áite ar a gcuid cainte a cheilt ach an tuin chainte trasréigiúnach sin is ‘Received Pronunciation’ a chur ar a dtoil acu, fad is a bhí an dream eile, Gaeilgeoirí in aimsir an Chiosánaigh, ar a ndícheall ag iarraidh cur leis an mblas áitiúil ar a gcuid cainte sa tsúil go n-áireofaí iad i measc scoth na gcainteoirí Gaeilge. Agus é suite faoin tuath, focal canúnach ina theideal fiú, bhí údar ag Ó Ciosáin lena chreidiúint go n-oirfeadh Wuthering Heights lena aistriú go Gaeilge. Ach ba cheart go mbeadh an chríoch a chuir Brontë ar scéal Hareton – Béarla réigiúnach caite i dtraipisí aige d’fhonn Béarla caighdeánach a labhairt – ina ábhar imní dó agus é ina chomhartha nach ionann an ghnáth-thuiscint ar bhlas sa bhunteanga agus sa sprioctheanga beag ná mór.

Liosta Giorrúchán

CLS: Cois Laoi na Sreabh

IAMS: Is Ait an Mac an Saol

OED: Oxford English Dictionary

Tagairtí

An Bíobla Naofa (1981) Arna aistriú ag an Athair Pádraig Ó Fiannachta et al. Maigh Nuad:  An Sagart.

Baena, V. (2023) ‘History’s Borrowed Languages: Emily Brontë, Karl Marx, and the Novel Of 1848.’ ELH (90). 107–35. https://muse.jhu.edu/article/883607             

Breathnach, D. & M. Ní Mhurchú (2025) ‘Ó CIOSÁIN, Seán (c.1896–1982).’ ainm.ie. https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=701&AspxAutoDetectCookieSupport=1  

Brontë, E. (1847) Wuthering Heights. New York: Nelson Doubleday.                                                         

Brook, G. L. (1963) English Dialects. Oxford: Oxford University Press.

Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge (2025)                    https://www.tearma.ie/q/received%20pronunciation/

Dean, C. (1960) ‘Joseph’s Speech in “Wuthering Heights”.’ Notes and Queries: 73–6.

Dineen, P.S. (1927) Foclóir Gaedhilge agus Béarla. BÁC: Irish Texts Society.

Ferguson, S.L. (1998) ‘Drawing Fictional Lines: Dialect and Narrative in the Victorian Novel.’ Style 32(1). 1–17.

Gaskell, E. (1857) The Life of Charlotte Bronte, Volume I. Cambridge: Cambridge University Press.

Mac Amhlaigh, L. (2008) Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge. BÁC: Cois Life.

Macaulay, R. (2006) The Social Art: Language and Its Uses. Oxford: Oxford University Press.

McArthur, T., Lam-McArthur, J. & Fontaine, L. (2018) 2ú heagrán. Oxford Companion to the English Language. Oxford: Oxford University Press.

Nic Eoin, M. (2005) Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge. BÁC: Cois Life.

O’Callaghan, C. (2022) Emily Brontë: Reappraised. Glasgow: Saraband. 

Ó Ciosáin, S. (1933) Árda Wuthering. BÁC: Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais.

Ó Ciosáin, S. (1970) Cois Laoi na Sreabh. BÁC: Foilseacháin Náisiúnta Tta.

Ó Ciosáin, S. (1932) ‘Cúrsaí Aistriucháin sa Ghaedhilg.’ The Irish Press. 19 Márta, 4. https://archive.irishnewsarchive.com/Olive/APA/INA/default.aspx?action=tab&tab=browse&pub=IPR#panel=document

Ó Ciosáin, S. (1973) Is Ait an Mac an Saol. BÁC: Foilseacháin Náisiúnta Tta.

Ó Conchubhair, B. (2009) Fin de Siècle na Gaeilge: Darwin, an Athbheochan agus Smaointeoireacht na hEorpa. Co. na Gaillimhe: Cló Iar-Chonnacht.

O’Leary, P. (1900) [an tAthair Peadar] ‘Rosg Catha Bhriain’. An Claidheamh Soluis, 13 Eanáir. 701. https://archive.irishnewsarchive.com/olive/APA/INA/Default.aspx#panel=document

O’Leary, P. (1994) The Prose Literature of the Gaelic Revival, 1881–1921: Ideology and Innovation. Pennsylvania: Penn State University Press.

Ó Sé, D. (1995) An Teanga Bheo: Corca Dhuibhne. BÁC: Institiúid Teangeolaíochta na hÉireann.

Ó Torna, C. (2009) ‘An tAthair Peadar: An Aigne Ghaelach agus Caint na nDaoine.’ Mac Craith, M. & Ó Héalaí, P. (eag.). Diasa díograise: aistí i gcuimhne ar Mháirtín Ó Briain. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. 459–71.

Ó Torna, C. (2005) Cruthú na Gaeltachta 1893–1922: Samhlú agus buanú chonstráid na Gaeltachta i rith na hAthbheochana. BÁC: Cois Life.

Oxford English Dictionary (2023) 3ú heagrán. Oxford: Oxford University Press. https://www.oed.com/dictionary/provincial_adj?tab=meaning_and_use#28003116

https://www.oed.com/dictionary/received-pronunciation_n?tab=meaning_and_use#26548465

https://www.oed.com/dictionary/shibboleth_n?tab=meaning_and_use#22880115

Wiltshire, I. (2005) ‘Speech in Wuthering Heights: Joseph’s Dialect and Charlotte’s Emendations.’ Bronte Studies (30). 19–29.