DOI: https://doi.org/10.13025/29635

‘Rinncí gallda’ agus ‘Spiorad na Gaedhilge’: Teanga, Gaelachas agus Éireannachas in An tUltach

Réamhrá

Tá suim nua á cur sa tsagart Caitliceach, an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh (1883–1941) le cúpla bliain anuas agus céad bliain ann anuraidh ó bhunaigh sé an iris An tUltach, é féin ina eagarthóir. Tá a phortráid le feiceáil ar chlúdach an eagráin speisialta de An tUltach a eisíodh anuraidh (Comer & Mac Dhaibhéid, 2024) chun comóradh a dhéanamh ar an chéad sin. Tá alt a bhfuil a ainm féin mar theideal air san iris chéanna (Ó Máirtín, 2024) agus alt eile a phléann le cion bhaill eile a theaghlaigh i saol na Gaeilge (Mac Labhraí, 2024). Foilsíodh alt faoi Ó Muireadhaigh ar Irish Heritage News (Ó Longáin, 2024) agus pléadh bunú An tUltach mar ghníomh frithchóilíneach in nuachtlitir Postcolonial Studies Association (Long, 2024a). Scríobhadh go leor mar gheall air roimhe sin agus tá beathaisnéis le léamh ar Díolaim Beathaisnéisí na hÉireann (Quinn, 2013) agus ar ainm.ie (Breathnach & Ní Mhurchú, g.d.).

Is é is aidhm leis an alt seo ná léargas a thabhairt ar an dóigh ar nasc an tAthair Ó Muireadhaigh gnéithe éagsúla d’fhéiniúlacht na tíre seo le chéile. Déanfar an méid sin trí iniúchadh a dhéanamh ar na heagarfhocail a scríobh sé, agus cúpla údar eile (a cheadaigh sé ina ról mar eagarthóir), san iris An tUltach. Maífidh mé gur thuig sé an tábhacht a bhain le cúrsaí mar atá spórt agus ceol ach gur amharc sé orthu mar a bheadh craobhacha ar chrann ann. Thuig sé gurb í an teanga an gas, an rud atá ceangailte leis an talamh, an rud as a bhfásann gach gné eile de chultúr na tíre, agus an rud atá nasctha leis na fréamhacha.

Taispeánfar gur amharc sé ar nósanna gallda (cosúil le snagcheol, damhsaí nach damhsaí Gaelacha iad, agus spórt nach spórt Gaelach é) mar a bheadh nimh do chrann an Ghaelachais ann agus go raibh a chreideamh bunaithe i smaointeoireacht Chonradh na Gaeilge agus an scoil smaointeoireachta a d’fhás as óráid de hÍde, ‘The Necessity for De-Anglicising Ireland’. Léireofar go ndearna Ó Muireadhaigh agus beirt scríbhneoirí eile (ach an cinneadh deireanach ag Ó Muireadhaigh mar eagarthóir) iarracht léitheoirí a choinneáil ar shiúl ó nósanna áirithe nach Éireannach iad trí ghalldachas agus daoine a chleacht nósanna gallda a náiriú.

Tá saol agus pearsantacht Uí Mhuireadhaigh cíoraithe go domhain ag an Athair Anraí Mac Giolla Chomhaill (1983). An léargas nua a thugaim san alt seo thíos ná go gcuirim a scríbhneoireacht san iris An tUltach faoi chaibidil. Tá an Dr Niall Comer le heagráin de na heagarfhocail go dtí 1930 a fhoilsiú i mbliana ach níl aon athrú déanta thíos i gcás na sleachta ó An tUltach.

Mar a scríobh an tAthair Anraí Mac Giolla Chomhaill (1983: 66), bhí Ó Muireadhaigh ‘den bharúil gur abhantrach mhór an dúchas Gaelach, arbh í an Ghaeilge an phríomhabhainn inti, agus cuid mhór fo-aibhneacha agus srutháin bheaga ag sní isteach inti.’ Chuige seo, déanfaidh mé plé fosta ar de hÍde agus ‘The Necessity for De-Anglicising Ireland’ agus déanfaidh mé iarracht é a mhaíomh go bhfuil sé le sonrú go raibh de hÍde agus Ó Muireadhaigh ar aon intinn fán chultúr a théann leis an teanga.

Dearcadh Uí Mhuireadhaigh

Ag léacht a thug sé ag Éigse Rann na Feirste 1974, luaigh a chara Pádraig Ó hUallacháin an méid seo faoin Athair Ó Muireadhaigh:

Gan bhréig ar bith, d’fhéadfaí ‘the complete Irishman’ a thabhairt air, mar chreid sé nach mbeadh an tír seo slán go dtí go raibh gach gné dá cultúr slán. D’aithin sé, ar ndóigh, gurbh í an Teanga croí agus anam ár náisiúntachta, ach thuig sé fosta go raibh géarghá le gach mír eile dár gcultúr a chaomhnadh. Mar sin, shaothraigh sé leis an cheol, an litríocht, an stair, na cluichí, cúrsaí tionsclaíochta [a chur chun cinn]. Ní miste a rá fosta go ndearna sé cion fir sa troid náisiúnta. (Mac Giolla Chomhaill, 1983: 66).

Is léir ó thrácht seo Uí Uallacháin, a bhí an-mhór le Ó Muireadhaigh agus a chuidigh leis An tUltach a shaothrú (Breathnach & Ní Mhurchú, g.d), gur thuig Ó Muireadhaigh ilghnéitheacht an Ghaelachais (glactar le Gaelachas san aiste seo mar dháimh a bheith agat le cultúr dúchasach na hÉireann, an Ghaeilge a labhairt, ceol Gaelach a sheinm, srl.). Mar a bhí sa trácht thuas don Athair Mac Giolla Chomhaill faoin abhantrach, thuig Ó Muireadhaigh go raibh níos mó ná an teanga i gceist (agus nach leor an teanga í féin). Mar a léireofar thíos, d’fhoilsigh Ó Muireadhaigh go leor a chuirfeadh in iúl gur mheas sé go raibh speicis ionracha san abhantrach chéanna.

Óige Lorcáin Uí Mhuireadhaigh

Rugadh Lorcán Ó Muireadhaigh sa bhliain 1883. Ball den R.I.C. as Contae Mhuineacháin ab ea a athair, James Murray, a phós Julia McGrath as Cairlinn sa bhliain 1882 nuair a chuaigh sé a dh’obair i gContae Lú (Mac Giolla Chomhaill, 1983: 9). Saolaíodh seachtar eile idir breith Lorcáin agus 1895. Mhair seachtar den chlann seo agus chuir cuid mhaith acu suim sa Ghaeilge nó sa chreideamh. Rinneadh sagart de dhearthair níos óige leis, Henry, chuaigh deirfiúr amháin, Margaret Gertrude/Máiréad, le hOrd Naomh Doiminic agus chuaigh Maria Alice/Máire Eilis agus Elizabeth Evaline/Aoife le teagasc na Gaeilge (Mac Giolla Chomhaill, 1983: 10–2; Mac Labhraí, 2024). Is léir go ndearna James agus Julia iarracht mhór oideachas a chur ar a gclann ach níl aon fhianaise róláidir ann go raibh suim acu i gcás na Gaeilge (Mac Labhraí, 2024: 17).

Rugadh Lorcán i gContae Lú ach d’aistrigh an teaghlach go Clár Chlainne Mhuiris go gairid ina dhiaidh sin, áit ar thoisigh Lorcán óg ar an bhunscoil agus ar fhan an teaghlach go dtí gur éirigh James as an obair. Phill siad ar Chontae Lú, rugadh na páistí ab óige, agus chuaigh Lorcán i dtreo na meánscolaíochta (Mac Giolla Chomhaill, 1983: 9–12).

Is léir go raibh cumas nádúrtha agus díograis ar leith i Lorcán. Rinneadh ‘monatóir’ de sa mheánscoil. Chuaigh sé go Scoil na mBráthar agus ansin go Scoil Naomh Maolmhaodhóg i nDún Dealgan agus d’imigh sé leis ansin go Coláiste Phádraig, Ard Mhacha. Chuaigh sé go Maigh Nuad i Meán Fómhair 1901 mar a phléifear thíos. Casadh Énrí Ó Muirgheasa air den chéad uair an mhí chéanna agus threoraigh an Muirgheasach é i dtreo obair an bhailitheora. Is cosúil gurb é seo an chéad uair a rinne Lorcán aon obair i saol na Gaeilge. Ba mhinic a chaitheadh an t-athair oícheanta fada i mbun na hoibre sin, agus a scoláirí féin leis, níos moille anonn. (Mac Giolla Chomhaill, 1983: 12–5).

Mar a léirítear sa tábla thíos, a cruthaíodh le heolas a bhailigh Mac Giolla Chomhaill (1983: 18), d’éirigh go maith (go hacadúil) le Lorcán agus é ar an ollscoil. Bhain sé duais i ndiaidh duaise thar réimse leathan d’ábhair. Bhí údaráis na hollscoile go mór den bharúil, áfach, nach raibh Ó Muireadhaigh ‘umhal’ go leor don ghairm. Ar chúiseanna éagsúla, ba mhinic aird na n-udarás san ollscoil air agus cuireadh ón chúrsa é um Cháisc na bliana 1908 (Mac Giolla Chomhaill, 1983: 16–25). Is i stát Minnesota a chríochnaigh sé an staidéar agus a rinneadh sagart de. Suimiúil go leor, chuir sé an-dúil i ndaorchluiche agus é thall (Mac Giolla Chomhaill, 1983: 28), rud a léiríonn dúinn nach raibh nimh san fheoil aige do chaithimh aimsire neamh-Ghaelacha a fhad is nach raibh siad ag brú isteach ar na cluichí Gaelacha.

Bliain

M

R

G

Gr

G

Fr

I

Feal

S

E

Fi

DMGM

DD

DM

ST

TN

1

X

AM

AM

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

2

 

 

 

 

X

X

X

X

 

 

 

 

 

 

 

 

3

 

 

 

 

 

 

 

X

X

AM

AM

 

 

 

 

 

4

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

X

 

 

 

5

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

 

 

 

6

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

X

X

X

Eochair

AM = Ardmholadh

M = Matamaitic

R = Rúibricí

G = Gaeilge

Gr = Gréigís

Ge = Gearmáinis

Fr = Fraincis

I = Iodáilis

Feal = Fealsúnacht

S = Stair

E = Eolaíocht

Fi = Fiseolaíocht

DMGM = Duais Mhic Giolla Mháirtín (ar aiste ‘Episcopal Organisation in the early Irish Church’)

DD = Diagacht Dhogmach

DM = Diagacht Mhorálta

ST = SeanTiomna

TN = Tiomna Nua

X = Bainte

Tábla 1: Duaiseanna Uí Mhuireadhaigh san ollscoil

 

An tUltach

Philleadh sé ar Éirinn sa tsamhradh agus chonacthas dó go raibh gá le gníomh inteacht chun Gaeilge Uladh, agus Gaelachas an chúige go ginearálta, a tharrtháil. Chuir sé an iris An tUltach ar bun sa bhliain 1924. Sa chéad eagrán, scríobhadh go ndéanfaí iarracht Gaeilge a chur i leabhair agus tchítear gairm ar scríbhneoirí ann (Ó Muireadhaigh, 1924a: 4). Thuig sé tábhacht an chorpais don teanga i gcónaí – is fiú é a thabhairt chun cuimhne go ndeachaigh sé thart fá cheantar Oirghialla ag bailiú le hÉnrí Ó Muirgheasa.

Mhaígh Ó Muireadhaigh gur shábháil an scríbhneoireacht Gaeilge Thír Eoghain cheana:

Acht coinneochaidh a chuid láimhscríbheanna — saothar a dhá lámh fhéin — canamhaint Thír-Eoghain beo, an lá is fuide anonn. B’éifeachtach an obair a rinn sé air an dóigh seo — tá sgéaltaí, ceoltaí, sgoitheacha, paidreacha, sean-fhocla agus rannta tiomscuighthe aige ó bhéulaibh na seandaonnaí nach mbéadh air fághail indiu murab é. Béidh luthgháir air ar lucht léighte a chloisint gur fhág sé na laimhscríbheanna uilig ag ‘An Ultach,’ agus bhearfaidh-muinn iarracht air clúid a thabhairt dóbhtha i ngach uimhir a’s seo amach. (Ó Muireadhaigh, 1925: 4)

An tAthair Conn Mhac an Ghirr atá i gceist thuas. Bhailigh sé chuid mhór béaloidis i dTearmann Mhig Uirc (Contae Thír Eoghain) agus é ag obair mar shagart cúnta sa cheantar ó 1904 go 1918 (Mac Gabhann, 2023: 22). Mar is léir thuas, bhí sé i gceist ag Ó Muireadhaigh obair Mhic an Ghirr a fhoilsiú chun Gaeilge Thír Eoghain a thaifeadadh agus a chur ar fáil don phobal. Rinneadh sin sa cholún ‘I dTír na hÓige’.

Anuas air sin, thuig Ó Muireadhaigh an tábhacht a bhain le glór polaitiúil a bheith ag na Gaeil ó thuaidh. Mar atá le sonrú in eagarfhocal Aibreán na chéad bhliana den iris, mhothaigh Gaeil na sé Chontae go raibh siad fágtha ar lár: ‘Má tá rud thar rud eile dá mbaineann leis an “Treaty” is mó ghoilleas ar Ghaedhil na Se gConndae, is í an neamh-shuim a rinneadh ionnta féin’ a scríobh sé (1924c: 4). Is léir go raibh súil ag Ó Muireadhaigh go ndéanfadh a iris an mhaith chéanna agus a rinne an tAthair Mhac an Ghirr agus é ag bailiú.

Contúirtí na ‘Nósanna Gallda’

Tá plé ar an dóigh ar úsáid Ó Muireadhaigh teoiricí na pleanála teanga mar thuas le léamh san alt ‘Gaedhilg Chúige Uladh a shábhailt’: An phleanáil teanga in An tUltach (Long, 2024b) ach, san alt seo, is tábhachtaí na chéad línte den iris. Luaigh sé go raibh ‘an páipéur seo á chur amach againn chun glóire Dé agus onóra na hÉireann, agus ar mhaithe leis an Ghaedhilg(Ó Muireadhaigh, 1924a: 4).

Tchí muid onóir na tíre seo luaite in aon abairt le creideamh agus leis an teanga. Dar leis an abairt seo, luíonn onóir na tíre seo idir glór Dé agus an teanga. Tá macalla de seo anuas trí na blianta. In Aibreán 1924, scríobh sé an méid seo:

Ní’l áird ag an mhuinntir óga ar dhath ar bith ach cuideachta agus caitheamh-aimsire. Mar mbéadh ann ach caitheamh-aimsire an-mhailíseach gan chóir, ba lughaide de chás é. Ach chan eadh. Ná damhsaidheacha atáthar a chleachtadh ó cheann go ceann na tíre, tá siad ar na rudaí is fíor-ghráice dá dtiocfadh leat a bhfeiceáil. Char dhadaidh Salomé fhéin le taoibh óg-bhruinneall na haimsire seo. A ‘Oileán na Naomh ‘s na n-Ollamh,’ níl mórán de do chliú fágtha agat. (Ó Muireadhaigh, 1924c: 4)

Cháin sé na daoine óga as na damhsaí a rinne siad, ‘rinncí gallda’ mar a chuireann sé orthu. Tá clú Bíobalta ar Salomé mar iníon Héaróidias. Rinne sí damhsa, mar shiamsaíocht, ag breithlá Héaróid. Bhí Héaród sásta léi agus gheall sé di achainí ar bith ar mhaith léi. I ndiaidh comhrá lena máthair, an rud a d’iarr sí ná ceann Eoin Baiste (Matha, 14:6–11; Marcas, 6:21–28).

An damhsa a rinne Salomé, ba chúis é le bás an fhir a bhaist Íosa (Matha, 3:13–17; Marcas, 1:9–11; Lúcas, 3:21–23) agus is cosúil go bhfuil Ó Muireadhaigh den bharúil go raibh baol ann go dtarraingeoidh damhsa den tsaghas seo bás Éireann Gaelaí orainn. An moladh a bhí aige, nó is é seo a chuir sé chun cinn go minic ina ailt, ná gur gá Gaelachas, nó béasaíocht níos fearr ná seo, ar a laghad, a bhrú ar pháistí ó aois óg: ‘Ná buaireadh an Connradh a cheann leis na daoine móra. Faghadh sé greim ar pháisdí na sgoltach sul a bhfaghaid an Galldachas i n-a crúba iad’ (Ó Muireadhaigh, 1924c: 4).

Chuir Ó Muireadhaigh (1924b: 4) ceist cúpla mí roimhe sin ‘An bhfeil rinncí gallda agus cleasa-lútha gallda in aghaidh Spiorad na Gaedhilge?’ Mheas sé go raibh ach is tábhachtach dúinn a chuimhneadh go raibh dúil aige i ndaorchluiche cé go raibh, mar a dúirt Anraí Mac Giolla Chomhaill (1983: 69), ‘fuath na namhad aige ar an tsacar.’ Is léir gurbh é an dochar a bhí sa spórt Sasanach don luthchleasaíocht Gaelach ab ábhar dá naimhdeas. Mar is léir thíos is cosúil gur mheas de hÍde go raibh baol ann go raibh daoine óga díomhaoin sular bunaíodh an CLG agus nuair a tháinig borradh faoin iomanaíocht. Léiríonn de hÍde anseo, fosta, gur thuig sé go raibh gá le hathbheochan na gcaitheamh aimsire mar aon le hathbheochan na teanga:

Our games, too, were in a most grievous condition until the brave and patriotic men who started the Gaelic Athletic Association took in hand their revival… I consider the work of the association in reviving our ancient national game of caman, or hurling, and Gaelic football, has done more for Ireland than all the speeches of politicians for the last five years. And it is not alone that that splendid association revived for a time with vigour our national sports, but it revived also our national recollections, and the names of the various clubs through the country have perpetuated the memory of the great and good men and martyrs of Ireland. The physique of our youth has been improved in many of our counties; they have been taught self-restraint, and how to obey their captains; they have been, in many places, weaned from standing idle in their own roads or street corners; and not least, they have been introduced to the use of a thoroughly good and Irish garb. Wherever the warm striped green jersey of the Gaelic Athletic Association was seen, there Irish manhood and Irish memories were rapidly reviving. Their torn collars and ugly neck-ties hanging awry and far better not there at all, and dirty shirts of bad linen were banished, and our young hurlers were clad like men and Irishmen, and not in the shoddy second-hand suits of Manchester and London shop-boys. (Duffy, Sigerson, Hyde 1894: 156–7)

Is léir gur ghlac Ó Muireadhaigh le dearcadh de hÍde go raibh buntaistí móra (iompar maith sóisialta, fiú) leis na caithimh aimsire Ghaelacha. Pilleadh ar chontúirtí na ndamhsaí gallda cúpla bliain ina dhiaidh sin, ‘Setanta’ (ainm cleite) anois ag cáineadh na nGael as glacadh le galldachas:

Ins na leitreacha Charghais a chuir na h-Easbóga amach cupla seachmhain ó shoin ‘s iad na damhsaí gallda páganacha an contabhairt is mó ar a gcuireann siad síos — contabhairt anma agus chuirp — do mhuinntir óig na h-Éireann ar an aimsir seo.

Bhí am ann nuair a bhíodh lucht na Gaedhilge ag tromaidheacht ar na nósanna gallda seo chomh maith. Ba léar dóbhtha aiclidheacht deamhan agus diabhal in gach rud de’n t-seort sin, agus ba scannal ‘s peaca náisiunta ag an té a ghnathú iad. Acht le déidheannaighe tá cuid Gaedhilgeóir ortha siud nach bhfeiceann aon díoghbhail ionta mar dhamhsaí. Na h-uaisle bréige a cleachtuigheadh iad níor bh’ de’n dream sin inne ; anois is sinne na h-uaisle (bréige?) agus ca bhféidir aon locht ‘fheiceal ionainn féin! Ní théidheann an bholg ro-theann agus an dian-obair le chéile. Acht na cheart do na Gaedhil seo smaointiu ar an droch-shompla atá ‘á thabhairt aca d’Éire óg, má’s ins aos óg atá ár ndóchas. (Setanta, 1927: 2)

Cáintear na damhsaí gallda ar leibhéal níos doimhne sa tsliocht thuas. Níos measa ná gan a bheith Gaelach, tá na damhsaí gallda seo págánach. An ghné sin den chultúr ghallda, is contúirt don anam agus don chorp é. Úsáidtear guth easpaig chun an teanga a chur chun cinn, fosta. Léiríonn sin go raibh Ó Muireadhaigh den tuairim go bhfuil luach cultúrtha ag comhairle na bhfear naofa agus ní hamháin luach spioradálta (Long, 2024a). Níorbh iad siúd amháin i saol Gaeilge na linne a bhí glan in éadan na rincí gallda sin, ámh, nó caitheadh cuid mhór ama ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 1932 ar an ábhar chéanna (Mac Aonghusa, 1993: 224).

Sna samplaí thuas, is léir go bhfuil Ó Muireadhaigh agus Setanta anuas ar dhaoine a thiontaigh a ndroim, dar leo, ar an Ghaeilge. Chomh maith leis sin, dhírigh siad ar dhaoine a bhfuil Gaeilge acu ach nach raibh Gaelach. Chun tagairt a dhéanamh do líne thuas in athuair: ‘Acht le déidheannaighe tá cuid Gaedhilgeóir ortha siud nach bhfeiceann aon díoghbhail ionta mar dhamhsaí’ (Setanta, 1927: 2). Sa deireadh, rinneadh iarracht an dea-shampla a chur os comhair na léitheoirí. Mar a scríobh Brighid (ainm cleite ag Seán Mac Maoláin) in eagarfhocal sa bhliain 1928:

Is domhain a chuaidh spiorad na sglábuidheachta ionnainn. Ní’l a’n bhogadh dhá ndéan muid nach gcruthuigheann go bhfuil sí ionnainn. Ní’l a’n tionntódh i leath-taoibh dhá ndéan muid nach dtaisbeánamuid gur an Béarla agus lucht an Bhéarla atá mar standard againn ar a bhfuil fiúntach agus uasal. Gan fiú na daoine bíos i ranga Gaedhilge féin nach dtaisbeánann an rud céadna. Is dóiche gur gan fhios dóbhtha a ghní siad é, ach, bíodh sin amhlaidh nó ná bíodh, ghní siad é. (Mac Maoláin, 1928: 1)

San eagarfhocal chéanna, tugann an t-údar sampla de dhuine foghlamtha a bhfuil an Ghaeilge aige:

Tugadh léigheacht ins an Royal College of Surgeons le goirid. Fear fíor-léigheanta a thug uaidh an léigheacht sin. Dochtúir é a bhfuil eolas aige nach bhfuil ag mórán dochtúir. Tá eolas ar theangthacha eile aige nach bhfuil ag mórán ach oiread. Agus caidé an teangaidh de’n iomlán is fearr leis? Tá, teangaidh a thíre fhéin, an Ghaedhilg. An fear céadna a thug an léigheacht sin uaidh chaith sé am mór fada i gcuideachta chuid iasgaire Thír Chonaill ag iarraidh bheith ag faghail greim ar bhlas agus ar cheart na Gaedhilge. D’éirigh leis. Labhairidh sé an Ghaedhilg anois mar labhairfeadh fear de thogáil Thír Chonaill í. Agus chan ghá séanadh bíos sé. Tá sé ró-bhródamhail aiste le n-a séanadh. Tuigeann sé caidé is fiú í, agus tá a shliocht air. (ibid)

Cuireadh sin i gcomparáid le lucht a raibh malairt tuairime acu:

Is neamh-ionann sompla an fhir sin agus sompla daoine eile a chuirfeadh i n-umhail dúinn gur ‘buic mhóra’ iad. Daoine nach leigfeadh an bród dóbhtha Gaedhilg a labhairt. Ca h-as a bhfuil siad bródamhail? Bródamhail as an aineolas agus an sglábhuidheacht. Bhfuil a leithéidí i dTír ar bith ach ins an tír mhí-fhortúnaigh seo againn-e? Is doiligh liom a chreidbheáil go bhfuil. Ní furas liom a chreidbheáil go bhfuil dream ar bith eile ar dhruim an domhain comh h-ainbhfiosach nó comh beag-de-spiorad leo. (ibid).

 Is léir ó na samplaí thuas go raibh dearcadh dearfach ag lucht na hirise i dtaobh na Gaeilge agus rinneadh iarracht idé-eolaíocht an phobail a athrú ar bhealach dearfach. In uaireanta, is cosúil go bhfuiltear ag iarraidh an pobal a náiriú i dtreo na Gaeilge.

Rinne Ó Muireadhaigh, mar shagart, luach a chur leis an Ghaeilge i saol na hÉireann trí í a nascadh leis an Chaitliceachas (Long, 2024a). Chuige sin, ba mhinic a luaití dearcadh easpaig i dtaca leis an teanga. Cheanglaítí labhairt na Gaeilge le Caitliceachas agus Gaelachas, mar a rinneadh i Márta 1926:

An tEasbóg Ó Murchaidh as Ameriocá Lár, thug sé cuairt orrainn air na mallaibh, agus chuir sé misneach ionainn le n-a dhéagh-scéala. Is beag a mheas air na daonnaí Gallta, agus deir sé go mbíonn meas mór in Ameriocá air an Ghaedheal a mbíonn a theanga mháthardha aige. Bréagnuigh sé na daonnaí a bhíos a rádh gur mór an t-ualach air dhuine an Ghaedhilig a bheith aige nuair a théidheas sé thar sáile–agus thug sé a sáith de fhreagra orra fosda. Mhol sé go láidir do mhuintir na h-Éireann an Ghaedhilig a fhoghluim agus a labhairt eatorra fhéin, agus a claoidheadh le rinncí agus le déagh-nósanna na tíre. (Ó Muireadhaigh, 1926: 4–5)

Ba ríléir arís an coincheap den uasal bréagach. An sodar seo i ndiaidh na n-uaisle, d’fhág sé muid, dar le Ó Muireadhaigh, is cosúil, mar a bheadh Sasanaigh ann. Chun dul i ngleic leis seo, luann sé daoine, mar atá easpaig nó dochtúirí, a bhfuil stádas ard sa tsochaí acu agus dúil acu sa Ghaeilge. Chuige seo, tarraingíodh aicmeachas isteach sa scéal, Ó Muireadhaigh agus a scríbhneoirí ag léiriú nach teanga don bhocht amháin í an Ghaeilge ach teanga a raibh meas ag daoine den uasaicme uirthi.

Conclúid

Is cosúil go raibh trí mhórchuspóir ag Ó Muireadhaigh. Is iad sin úsáid na Gaeilge a spreagadh, cultúr na Gaeilge a spreagadh agus nósanna gallda a cháineadh, agus Caitliceachas a chothú i measc a léitheoirí.

Bhí níos mó ná teanga agus Caitliceachas i gceist, dar ndóigh. Bhailigh sé ceol agus amhráin chomh maith le scéalta agus nathanna agus rinne sé iarracht seo a chur os comhair an phobail cé nach raibh bua an cheoil go rómhaith aige féin (Mac Giolla Chomhaill, 1983: 66–72). Ba mhinic amhráin agus leaganacha éagsúla d’amhráin agus dánta, idir shean agus nua, curtha i gcló san iris. Le pilleadh ar íomhá na habhantraí, níl sa cheol ach sruthán amháin a ritheann isteach i bpríomhabhainn na teanga.

Mar ghníomhaí teanga, bhí ar Ó Muireadhaigh muintir na tíre a spreagadh i dtreo na Gaeilge ach, mar shagart, mhothaigh sé gur bhain baol anama leis an chultúr ghallda. Mar dhuine a thuig ilghnéitheacht an Ghaelachais, thuig sé an baol a bhí ann leis na nósanna gallda agus cháin sé (trí alt Mhic Mhaoláin) daoine a labhair Gaeilge ach nár chleacht saol Gaelach.

Chuig na trí chuspóir thuas, bhain sé leas as a uirlis, an iris An tUltach, chun luachanna Caitliceacha a bhain leis an Ghaeilge agus leis an Ghaelachas, agus ainluach an ghalldachais, a léiriú agus chun na tuairimí a léirigh de hÍde ina chaint chlúiteach a chur os comhair an phobail in athuair. Is fiú é a thabhairt chun cuimhne gur bhunaigh sé a choláiste samhraidh (Coláiste Bhríde) i Rann na Feirste ar an ábhar nach raibh teach tábhairne fá thrí mhíle den láthair. Léiriú eile é seo, amuigh óna scríbhneoireacht, gur mheas sé go raibh an teanga agus saol Críostúil ceangailte le chéile (Mac Giolla Chomhaill, 1983: 50–1).

An pictiúr atá againn sa deireadh ná duine (daoine má ghlacann muid leis go raibh scríbhneoirí eile ann ach, mar eagarthóir, faoi Ó Muireadhaigh a bhí sé a dtuairimí a fhoilsiú nó gan iad a fhoilsiú) a sheas go dlúth ar son na tíre seo agus ar mhaithe leis na hidéil a shamhlaigh sé léi. Am lán d’athrú sa tír seo a bhí sna 1920í agus is léir an imní agus ísle brí a bhí ar Ó Muireadhaigh i roinnt de na sleachta thuas. Ach mar is léir, níor dhuine é a ghéill gan troid agus bhain sé lán leasa as a iris mar mheán chun iarracht a dhéanamh an tábhacht a bhain le nósanna gallda a sheachaint agus Gaelachas/Caitliceachas maith a chleachtadh anuas ar labhairt na teanga.

Tagairtí

Breathnach, D. & Ní Mhurchú, M. ‘Ó Muireadhaigh, Lorcán (1883–1941)’, ainm.ie.

Breathnach, D. & Ní Mhurchú, M. ‘Ó hUallacháin, Pádraig (1912–1974)’, in ainm.ie.

Comer, N. agus Mac Dhaibhéid. S. (2024) An tUltach. Iúr Cinn Trá: Comhaltas Uladh.

Duffy, C.G., Sigerson, G., & Hyde, D. (1894) The revival of Irish literature: Addresses by Sir Charles Gavan Duffy, KCMG, Dr George Sigerson and Dr Douglas Hyde. London: T.F. Unwin.

Quinn, J. (2013) ‘Murray, Laurence Patrick, (‘Larry’), (Ó Muireadhaigh, Lorcán).’ https://doi.org/10.3318/dib.009589.v1.

Long, D. (2024) ‘“Gaedhilg Chúige Uladh a shábhailt”: An phleanáil teanga in An tUltach.’ TEANGA, the Journal of the Irish Association for Applied Linguistics, 31. 162–80. doi: 10.35903/teanga.v31i.7482.

Long, D. (2024) ‘Religion and Gaelicism in An tUltach.Postcolonial Studies Association Newsletter #31, 20-3.

Mac Aonghusa, P. (1993) Ar Son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 18931993, BÁC: Conradh na Gaeilge.

Mac Giolla Chomhaill, A. (1983) Lorcán Ó Muireadhaigh: Sagart agus Scoláire. BÁC: An Clóchomhar Tta.

Mac Labhraí, S. (2024) ‘Derfiúracha díograiseacha Lorcáin Uí Mhuireadhaigh.’ An tUltach. 16–23.

Mac Maoláin, S. (1928) ‘An t-Ultach.’ An t-Ultach, 5(4): 1.

Ó Longáin, D. (2024) ‘Fr Lorcán Ó Muireadhaigh and the founding of “An tUltach” (The Ulsterman) in 1924.’ Irish Heritage News 26/03/2024. https://irishheritagenews.ie/fr-lorcan-o-muireadhaigh-and-an-tultach-the-ulsterman/ .

Ó Máirtín, M. (2024) ‘Lorcán Ó Muireadhaigh.’ An tUltach. 12–5.

Ó Muireadhaigh, L. (1924) ‘An t-Ultach.’ An t-Ultach, 1(1). 4.

Ó Muireadhaigh, L. (1924) ‘An t-Ultach.’ An t-Ultach, 1(2). 4.

Ó Muireadhaigh, L. (1924) ‘An t-Ultach.’ An t-Ultach, 1(4). 4.

Ó Muireadhaigh, L. (1925) ‘An t-Ultach.’ An t-Ultach, 2(2). 4.

Ó Muireadhaigh, L. (1926) ‘An t-Ultach.’ An t-Ultach, 3(2). 4–5.

Setanta. (1927) ‘An t-Ultach.’ An t-Ultach, 4(3). 2.

Smith [Mac Gabhann], PJP. (2023) 3 Stories from the Mid-Tyrone Gaeltacht: Three Stories from Professor Éamonn Ó Tuathail's Collection of Folklore in Irish with a Revised Edition by Peadar Mac Gabhann, Omagh: Fermanagh & Omagh District Council.