Mholadh Aimé Césaire (1955: 15) cothromóid nó ‘colonisation = chosification’, sin le rá go ndéantar rudaí de dhaoine faoin choilíneachas: próiseas a tháirgeann sochaithe gan dada dúchasach díobh féin, cultúir chloíte, cumainn chreachta, críocha coigistithe, creidimh chéasta, na hEalaíona eagna éignithe, agus, thar aon ní eile, olldeiseanna dochreidte nach gcomhlíonfaí go deo. Mhaígh Franz Fanon (2016: 27) gurbh ionann díchoilíniú agus daonnachas radacach a dhéanfadh an caipitleachas agus coimhthiú an duine mar aon a threascairt trí ghníomh an dúchasaigh féin. ‘La « chose » colonisée devient homme dans le processus même par lequel elle se libère.’ Cloistear macalla na smaointe seo i roisc chatha Uí Chadhain nó ’sí an Ghaeilge athghabháil na hÉireann, agus is í athghabháil na hÉireann slánú na Gaeilge. Pléann an t-alt seo le fathach eile de chuid na hathbheochana mar atá, Máire nó Séamus Ó Grianna. Cé gur chaill sé a mhisneach ó thaobh na hathbheochana de agus é i ndeireadh a shaoil is a laethanta, chlóigh Máire lena phoblachtachas ó bhreith go bás (Ó Dornáin, 2018: 82). Tógann an t-alt seo ar argóint Uí Dhornáin (2018: 26), mar sin de, go dtig linn teoiric Fanon agus Said a úsáid le saothar Mháire a lonnú i bhfráma an díchoilínithe.
Sheas glúin na réabhlóide, a tharla sa tír seo idir 1916–24, iad siúd a d’eascair as pobal na Gaeltachta go háirithe, ag comhtheagmhas na healaíne agus na staire nó ag corr chinniúnach i bpróiseas an díchoilínithe. Ba chinnte gur thug siad freagra ar an dúshlán a chuir an Piarsach fúthu le litríocht na Gaeilge a chur in oiriúint don ré s’acu. Leoga, d’imreodh lucht na haislinge ról suntasach i ngluaiseacht na poblachta fosta. Ghníomhaigh Máire mar oifigeach poiblíochta na nÓglach i Rosa Thír Chonaill agus chaith seal i ngéibheann lena thriúr deartháireacha le linn Chogadh na gCarad (Ó Baoighill, 1994: 116). Ar a bharr sin, nuair a iniúchtar a shaothar agus go háirithe a dhearcadh maidir le hathbheochan na teanga, is féidir criticeas iarchoilíneach a aimsiú a shuíonn go sócúlach le hanailís Fanon ar ról na buirgéiseachta náisiúnaí 7rl.
Lena chois sin, baineann tábhacht bhreise le lucht na haislinge as siocair gur eascair siad as sruthán béaloidis agus cultúr na nGael. Tharraing siad taoscadh ón tobar nár truaillíodh go hiomlán mar chuid den choilíneachas. Tháinig Máire i méadaíocht ar thulach i ndiaidh na tuile (nó i Rann na Feirste dhá ghlúin i ndiaidh an drochshaoil). D’iompair sé saibhreas na Gaeilge, an scéalaíocht agus an amhránaíocht isteach sa scríbhneoireacht s’aige agus bhreac í go líonmhar leis. Chan fiú amháin sin, ach d’fhigh sé meon an phobail féin isteach leis an nua-aoiseachas. Ina theannta sin, chreid Máire ‘gur líne gan bhriseadh a bhí i bhfrithbheartaíocht na hÉireann. Tuairim í sin atá ag teacht go deas le teoiric radacach an iarchoilíneachais…líne í a théann siar níos faide ná an stair scríofa’ fiú (Ó Dornáin, 2018: 80).
Mar aon le go leor coilíneachtaí eile, d’aimsigh lucht na réabhlóide iarsmaí an chultúir réamh-choilínigh mar chlaíomh solais in éadan dhorchadas an choilínithe stairiúil agus reatha. D’aithin siad an tábhacht a d’imir an t-impiriúlachas cultúrtha ina ndaorsmacht féin. Scríobh Máire in 1945 go mbíodh ‘sé creidte agam [ar scoil] nárbh fhiú dadaidh an eagnaíocht a bhí ag fealsaimh an tseansaoil le taobh na heagnaíochta a bhí ag Bacon agus ag Macaulay’ (1981: 18). Toisíonn an díchoilíniú le hathghabháil na staire, mar sin de. Pléifear san alt seo leis an chónasc idir meon neamh-choilínithe na nGael agus náisiúntacht nua-aoiseach agus an dóigh a dtáinig an dá shruthán i gcumar i leabhar gairid Mháire nó Feara Fáil (1933) ina gcuirtear cuntais ghearra ar bheath a chuid laochra.
D’aithin Said (1993: 275–8) gur cheart do gach aon phobal a fhéiniúlacht féin a aimsiú mar dhóigh le dúshlán an choilíneachais a thabhairt. Leanann seo i dtreo gluaiseacht pholaitiúl amhail an t-aistear ó Chonradh na Gaeilge go dtí na hÓglaigh i gcás an Phiarsaigh 7rl. B’ansin a tháinig an seobhaineachas i réim nó an bhuirgéiseacht náisiúnach mar a thug Fanon uirthi. Feictear an anailís seo go minic i scríbhinn Mháire a chuir na gnáthdhaoine tuatha i dtús cadhnaíochta mar mhuintir na réabhlóide cirte: ‘Dans certaines circonstances par contre, les masses paysannes vont intervenir de façon décisive, à la fois dans la lutte de libération nationale et dans les perspectives que se choisit la nation future.’ (Fanon, 2016: 90).[1] Ach faraor, tagann an gaimbín, an sagart paróiste agus seoiníní na mbailte móra chun cinn mar an dream a thréig aisling an Phiarsaigh. D’fhág Cogadh na gCarad lorg ar mheon Mháire gan aon amhras agus iarracht atá in Feara Fáil (FF), go pointe, le cliseadh na réabhlóide agus bua an tSaorstáit a mhíniú (Ó Baoighill, 1994: 253).
Baineann FF le fir a léirigh laochas i dtólamh sa troid ar son saoirse iomláine. Chreid Máire nach leor an réabhlóid bhuirgéiseach náisiúnach amháin ach go gcaithfí claochlú a bhaint amach sna daoine féin: ‘La décolonisation est toujours un phénomène violent…la décolonisation, et très simplement le remplacement d’une « espèce » d’hommes par une autre « espèce » d’hommes’ (Fanon, 2016: 27)[2] Thoisigh Máire le Cú Chulainn agus le Ré Órga na nGael agus caibidlí scríofa ar Phádraig agus ar Cholm Cille aige chomh maith. Ansin, pléann an leabhar le teacht na nGall, an concas Normannach agus aiséirí na nGael faoin Bhrúsach. Ach is é croí-ábhar an leabhair nó Clann Uí Néill (Seán, Aodh Mór agus Eoghan Ruadh):
Ba mhór le rádh i stair na hÉireann ‘Clanna Néill eadar chlaidheamh agus each.’ Ní rabh a macasamhail sa tír ariamh rompa nó ‘na ndiaidh. An file a dubhairt gurb’ é ‘a ghéar-ghoin tinnis gur theastuigh uainn Gaedhil Thír Eoghain’ sé nár chan achan an fhírinne. Nó áit ar bith a bhfuil éifeacht i seanchus na tíre, áit ar bith a bhfuil fad is fairsingeacht ins an chomhrac a rinneadh i n-aghaidh na Sasana, siad clanna Néill a rinne é. Tháinig siad chugainn fear i ndiaidh an fhir eile agus tharraing siad an biorán suain as ceann na hÉireann. (FF: 95)
San anailís a rinne sé ar an chos ar bolg ciníoch-choilíneach agus ar an dídhaonnú a bhaineann leis, nocht Fanon an dóigh a bhfuil coincheap ciníoch den ‘dúchasach’ íochtarach suite i dteamparáltas ar leith. Sánn seo an dúchasach i ngaiste nó folús gan chultúr, gan sibhialtacht gan stair fhada (2021: 34). Leoga, léiríonn Fanon an dóigh a dtugann teamparáltas an Iarthair tús áite don am i láthair roimh an am a chuaigh thart, rud a chuireann an duine ‘eile’ nó an dúchasach faoi cheilt agus a bhriseann an slabhra idir pobal na ndúchasach agus a stair agus a chuimhne, rud a shéanann suibiachtúlacht an dúchasaigh. Bhíodh ómós áite mar chuid dhílis den ghníomh in éadan phróiseas an choilíneachais, mar sin de, nó go dtugtar dúshlán an phróisis mar aon leis an ‘choimpléasc ísleachta’ a ritheann sna sála air. Chomh maith leis an am nó ‘an stair’, imríonn topagrafaíocht an choilíneachais ról tábhachtach maidir le coimhthiú an dúchasaigh. Leoga, mhaígh Said gurbh ionann an tíreolaíocht agus modheolaíocht impiriúil (1993: 6).
Maidir leis an cheantar thart ar Dhún Geanainn agus laithreán Chaisleáin Uí Néill, labhair antraipeolaí Meiriceánach go sonrach air seo le linn na dtríoblóidí. Tháinig torthaí an staidéir s’aige salach ar an: ‘dominant Protestant narrative around Ballybogoin [Dún Geanainn], one partially reproduced in a variety of local histories, textbooks, and classic works on Irish history, that flight [Imeacht na nIarlaí 1607] was a move for progress, for modernity’ (Kelleher, 2004: 33). Bhíodh port eile le seinm ag sleachta na ndúchasach, áfach.
Catholics talked back to the state and its colonizing processes, including those that erased their history and still do. They understood that their history has been lost in space, as demonstrated by their imagination of the future archaeology of the castle hill. They brought past and present together in their dreams of transforming O’Neill’s fort into a tourist site. In doing so, they challenged, yet again, the hegemonic order. The past became theirs through these spatial stories, and the politics of memory was at work. The present affected the past. Such practices criticized modernity by offering a different temporality than the modern, lineal one so valued in the narrative of nation-states. (Ibid: 209)
Feictear an choimhlint reatha idir teamparáltas an choilíneachais agus coincheapú dúchasach na staire. Baineann an t-impiriúlachas tairbhe as a theamparáltas féin agus dearbhaíonn an coilíneachas nach raibh i gcultúr na ndaoine daite ach brocamas. Mar a scríobh Fanon (1952), áfach, nuair a thiontaítear insint an impiriúlachais bunoscionn, thig leis an dúchasach áit chuí stairiúil a aimsiú dó féin – ní raibh an ceart ag an fhear gheal, ní barbarach é, ní fiú leathfhear é, bhíodh a mhuintir féin ag múnlú miotail na mílte bliain ó shin. B’ionann négritude agus uirlis chumhachtach, mar sin de (2021: 75). Is suimiúil ar fad an chuid de FF a phléann le Clann Uí Neill mar go ndéanann Máire trácht ar an tréimhse chinniúnach seo agus súil siar aige ar an tseanchas, ach meon na hathbheochana agus na réabhlóide le braistint fosta.
Ba léir gur fhág cliseadh na nGael ag Cionn tSáile agus Imeacht na nIarlaí lorg suntasach ar sheanchas agus ar bhéaloideas na nGael. Leoga, in Saol Corrach (1945), bíonn Tarlach Ó Néill nó ‘an Gobán’ – cainteoir dúchais as Gaeltacht Thír Eoghain – ag mealladh Mháire lena sheanchas agus an stair a bhain lena mhuintir.
Caithfidh mé a aidmheáil anois go gcuireadh sé cineál de dhraíocht orm nár chuir aon duine eile riamh roimhe orm. Oíche acu seo thug sé leis siar mé go dtí an t-am a raibh clann Néill i dtreis i dTír Eoghain. Thiocfadh leis an draíocht sin a chur orm agus é creidte agam san [am] chéanna go raibh sé ar meisce, agus boc mearaidh air lena chois sin. Bhí lúcháir orm gur i dTír Eoghain a bhí mé. B’fhearr liom Tír Eoghain an oíche seo ná Tír Chonaill. Chonacthas domh gur mhó agus gurbh uaisle agus gurbh éifeachtaí Niallaigh Thír Eoghain ná Dálaigh Thír Conaill. Ní lá Feise Chill Scíre a bhí ag tarraingt orm ar chor ar bith ach lá oirirc an Átha Buí, nó lá bródúil na Binne Boirbe.
Tríd an stair dhúchasach, tugann an t-intleachtóir orgánach dúshlán an choimpléisc ísleachta. Eascraíonn an coimpléasc seo as próiseas dúbailte: ar dtús titeann sé amach go hábhartha idir geilleagar agus cogaíocht ach, ina dhiaidh sin, tagann inmheánú ar an mhothú ísleachta seo i measc na ndúchasach féin (Fanon, 2021: 4). Cuireann an stair ‘geimhle síceolaíocha’ ar an dúchasach – an té a mhaireann gafa i ngéibheann an tráma neamhréitithe. Mar sin de, ceanglaíonn oidhreacht an tráma choilínigh an stair, an t-am i láthair agus an todhchaí le chéile. Ní réitíonn an cumasc seo le scéim teamparálta an Iarthair, áfach, ach, is é seo díreach an rud atá le feiceáil in FF – seangháir an dúchasaigh nár ghéill roimh a ‘eilearánú’ féin.
Agus an Chéad Chogadh Domhanda ar tí toiseacht, bhuail Máire leis an Ghobán arís. Ba é léamh an ghobáin ar an chogadh nó: ‘Sasain, nach í is cúis de? Nach ar chogadh san Eoraip atá sí beo? Sin an saol atá i ndán d’Impireacht na Sasana, go dtí an lá a bheas síocháin san Eoraip.’
Ó, dá hainneoin riamh a chuaigh Sasain chun cogaidh. Ní raibh neart aici air. Sin an chinniúint chruaidh a bhí i ndán di. An solas a lasadh sa dorchadas. Treabha garbha fiáine a thabhairt chun creidimh. Ach ní raibh neart air sin aici. Ní raibh sa mhaoin ach taisme. Chan ar mhaithe le maoin ná saibhreas a tháinig sé go hÉirinn, nó a chuaigh sé chun na hIndia nó na hÉigipte. Ní hea ar chor ar bith ach de gheall ar Dhia… rinne tíortha láidre eile slad is creach ar an laige amanna,’ ar seisean, ag cur dealán ar a phíopa, ‘ach níor thug aon cheann acu iarraidh a chur i gcéill ach Sasain gur ag comhlíonadh aitheanta Dé a bhí siad’…
‘Agus an chuid is measa de, an dóigh ar éirigh léi a chur in iúl don mhuintir a chuir sé faoi smacht gur lena leas a bhí sí’.
‘Déanamh go bhfuil déanta ag muintir na hÉireann?’ ar mise.
‘Ag an mhórchuid acu, faraor,’ ar seisean. ‘Níl mé ag caint anois ar an mhuintir bhuí – sliocht an ghadaí a tháinig i dtír ar an chreach – ach cuid dár muintir féin. Daoine a shíolraigh ó ghéaga glandaite Néill Fhrasaigh, agus tá siad chomh truaillithe sin ag an daorsmacht is go sileann siad gurb í Sasain réalt eolais an domhain. Nach millteanach an mearadh atá ar mhac Gaeil ar bith a bhfuil an dearcadh sin aige?’
Is fada uaim é ar seisean ‘is é mo chreideamhsa, má tá ionadaí ar bith ar an tsaol ag an diabhal (agus tá) gurb é impireacht na Sasana é.’(1981: 71–2 ).
Léiríonn FF dioscúrsa díchoilíneach inar chloígh Máire leis an fhírinne oibiachtúil, sin le rá, le critéar na staireolaíochta ach bhain sé úsáid as an chreatlach seo le seanchas nó stair íochtaránach na nGael a scríobh fosta. Ar an dóigh seo, d’fheadfaí a argóint go seasann an leabhar mar iarraidh a rinneadh i ndíchoilíniú na hÉireann nach dtáinig rath go fóill air.
Léiríonn insint Mháire ar scéal Sheáin Uí Néill nó Seán an Díomais an dóigh ar shuigh an seanchas, an díchoilíniú agus an staireolaíocht nua-aimseartha i dteannta a chéile. Tosaíonn an scéal le feallmharú Sheáin in 1567. Is ansin a dhéantar imeartas focal le dearg-ghráin Sheáin i leith na Sasanach a léiriú. Tugadh ‘Seán an Díomais air agus chan leas-ainm ar bith air é. Bhí dímheas aige ar Ghallaibh nach raibh ag mórán eile riamh a roimhe ná dhiaidh. Bhí gráin shaolta aige ar a dtáinig den phór anall’. Maítear sa chaibidil nár ghéill Seán riamh roimh ghalldú na hÉireann, gur dhiúltaigh glacadh le húdarás na Banríona agus gur chloígh le seantraidisiúin na nGael go háirithe an teideal ‘Ó Néill’. B’fhíor an méid seo de réir na bhfoinsí fiú. Scríobh Seán féin nach ngéillfeadh clann Uí Néill roimh na Gaill go deo
Agus is deimhin gur deacair sin do dhéanamh, do thoil Dia agus mise in mo bheathidh, Agus go formhór in chóir agam do leatrom; agus dá mbeadh an chuid is fearr do chlann Uí Néill agus mise gan anam, ní dhéantaí gabháltas ar an chuid do bheith beo [go fóill] acu; agus is minic a thairgeadh gabháltas do dhéanamh orthu agus níor críochnaíodh sin [ariamh].[3]
Cuireann Máire síos ar chruinniú mullaigh le Banríon Eilís (FF, 43). Nuair a théann Seán anonn go Londain in 1562, aircitíopa atá ann den cheannaire dhúchasach a thugann bunús dá shibhialtacht féin.
Acht nuair a chuaidh Seán go Londún ní dheachaidh sé leis féin. Bhí garda leis de na ceithearnaigh b’fhearr a bhí i n-Ulaidh. Agus níor chuir siad éideadh na Sasana ortha acht oiread. Ní raibh náire ortha ar na fallaingeacha a bhí fá n-a nguailneacha nó ar na fuilt chraobh chasta a bhí anuas fá n-a gcluasa. Agus ní raibh náire ortha labhairt i nGaedhilg. Tháinig an t-iomlan isteach fríd chúirt Isebheála agus cuma fhearamhail dhána ortha. Níorbh fhir iad le gabháil a mhagadh ortha. Bhí na mílte dá gcineál i n-Ulaidh agus b’fhearr a ghabháil ‘un blandair leo ‘na gabháil ‘un spairne leo. (FF: 44)
Déanann FF iarracht le sintéis a bhaint amach, nó leabhar staire le bonn eimpíreach a chuimsíonn seanchas an mheoin neamh-choilínigh agus tionscadal an díchoilínithe. Tá na gnéithe sin le feiceáil níos soiléire arís leis an dá Aodh, comharba Sheáin, Aodh Mór Ó Néill agus a chomhghuaillí, Aodh Ruadh Ó Domhnaill.
Cogadh an Dá Aodh
Scríobh Máire nach raibh a leithéid eile de phearsa i stair na nGael agus Aodh Mór Ó Néill.
Beannacht Dé le n-anam, ba é an fear é i measg na bhfear. Fear nach rabh a leithéid eile i nÉirinn roimhe nó ‘na dhiaidh. Chan treibhe nó clanna nó cúigidh a bhí ag cur buadharta air acht Éire. Éire mar ba cheart díthe a bheith, ‘na náisiún amháin ó Chorcaigh go Málainn agus ó Ghaillimh go Beinn-Éadair. (FF: 65)
Thig leis an léitheoir náisiúin a aithint anseo nár mhair ariamh – Éire shaor na nGael. Tagann próiseas coilínithe chun solais a chríochnaigh le Cogadh na Naoi mBliana inar chaith Sasain £2,000,000 agus chruinnigh 36,000 saighdiúirí idir 1594 agus 1603 leis an bhua a bhaint amach. Seo mar a chuir an staraí nua-aimseartha Hiriam Morgan síos ar Aodh Mór agus feictear oll-deiseanna dochreidte nach gcomhlíonfaí go deo gan aon amhras,
Hugh O’Neill was described by a nineteenth-century biographer, the Young Irelander, John Mitchel, as ‘the first, for many a century, to conceive and almost to realize the grand thought of creating a new Irish nation’. Today this contention might be dismissed out of hand by the negative empiricists who dominate Irish historical scholarship as absurdly anachronistic, unduly hypothetical or merely wishful thinking. Yet Mitchel’s contention still deserves attention precisely because it highlights the possibility of an alternative direction at the pivotal point in Irish history – the completion of the English conquest. And it can be argued, without resort to romantic nationalism, by placing O’Neill and the Irish conflict within the context of early modern European politics. (1993: 21)
Mar a scríobh Máire nuair a ‘tháinig Aodh Ó Neill chun abhaile go Dún Geanainn bhí lúcháir ar a chroí go raibh sé ar ais i dTír Eoghain…Tá fhios aige go gcaithfidh sé Cúige Uladh a chur faoina stiúradh féin ar dtús. Agus nuair a bheas sin déanta aige?’
Leanann Máire ar aghaidh nuair a thaispeáin Aodh é féin mar thaoiseach Gaelach chan géillsineach de chuid na corónach,
Tháinig a’ lá acht chan go Sasain a chuaidh Aodh go mbaisteadh Banríon Iseabeál Iarla Thír Eoghain air, acht go dtí an Tulach-Óg , an áit ar tugadh ceannas dá shinnsir leis na ciantaí anall. Agus chan Iarla Thír Eoghain a tugadh air acht Ó Néill. Mise Ó Neill, a bhanríoghain bhródamhail, tá mise comh bródamhail leat féin. A bhanríoghain fhealltach, tá mise chomh fealltach leat féin. Tabhair an iarlaigheacht agus na h-ornáidí anois do do rogha duine. Mise Ó Néill. Agus tá feara Uladh uilig a d’aon-leith agam. Tá Dálach Ruadh Thír Chonaill sa bhaile inniu i dTír Chonaill agus neart i n-a láimh agus díoghaltas i n-a chroidhe. Beidh sé féin is mise gual’ ar ghual’ sa teangmháil feasta. Is fada mé ‘fanacht leis an lá a mbeadh sé féin is mé féin ag imirt ár gcleasa d’aontaoibh, a bhanríoghain bheadaidhe na Sasana, níl ceart ar bith agat féin nó ag aon duine is duine dhuit lorg a choise a fhágáil sa tír seo! (FF: 51)
Fá 1595, rinne Aodh scrios ar arm Sasanach ag Cluain Tiobraid. Thuairiscigh na Sasanaigh fiú go ndeachaigh Aodh Mór agus Cornet Sedgreve (nó Sígréibh) in adharca a chéile nuair a rinne an Sasanach ruathar ar na Gaeil agus ‘their encounter was so rude that they were both unhorsed’.[4] Scríobh Máire: ‘le sin bhí an dá cheannphurt i ndeabhaidh a chéile mar bheadh dhá leomhan chraosach’ ann. Ach, sa deireadh, bhí an lámh in uachtar ag Ó Néill agus ‘leis sin chuir na hÉireannaigh uaill asta féin a bhain mac-alla as na cnuic nach gcualthas a leithéid ariamh. Sheacht n-anam do bhuille a Niallaigh! Lámh Dhearg go deo! (FF: 52–3).’
Ar ndóigh, leag Máire béim ar Chath Bhéal an Átha Buí fosta nuair a rinne Arm na nGael scrios ar na Sasanaigh faoi cheannas Henry Bagenal ar 14 Lúnasa 1598. Is suimiúil fosta an dóigh ar phléigh Máire le hiarmhairtí an chatha úd mar,
Mhusgail Banbha a misneach nuair a chuala sí fá Bhéal-an-Átha-Buidhe an chuid den tír a bhí briste brúighte beag-uchtamhail roimh sin fuair siad uchtach nuair a chonnaic siad na heachtraidhe a bhí Aodh Ó Néill a dhéanamh…Bhí an cogadh dearg ar fud na tíre agus gan Éire a’ ligin orlach amháin lena namhaid.’ (FF: 65)
Mar fhreagra air sin, chuir na Sasanaigh feachtas cinedhíothaithe ar bun. Chloígh Mountjoy feachtas Uí Néill trí pholasaí an rua-loiscthe, gorta saorga agus dúnmharú córasach agus Arthur Chichester i dtús cadhnaíochta mar an saighdiúir Sasanach ba chruálaí i measc na nGall.
Chlis ar na Gaeil ag Cionn tSáile in 1601. Cé gur ghéill Ó Néill ag an Mhainistir Mhór (1603), lean Chichester dá chiapadh agus theith na taoisigh in 1607. Fuair Aodh Mór bás sa Róimh chan ina dhúichí féin: ‘lá den tsaol ba bheag a síleadh go mbeadh a chnámha sínte i dtír choimhthígh na céadta míle as Dún Geanainn (FF: 70). Pléann Máire fosta le himpleachtaí na Plandála (1609) agus is léir a dhímheas don phlandáil agus do na plandóirí féin:
Ansin bhí mian a gcroí ag na Sasanaigh. Na talta a shantaigh siad le fada bhí siad acu sa deireadh. Thoisigh siad agus rann iad eatarthu. Fuair achan bacach dá dtáinig a’ tslighe stiall agus b’éigean do shliocht ríghe imeacht i mbéal a gcinn fá ocras agus fá anród, fríd shléibhte garbha agus coillte fiadhaine… Ba ghoilleanach acu anois é a fháil báis le gorta agus le hanas agus a gcuid talaimh i seilbh a namhaid (FF: 69).
Eoghan Ruadh
D’éirigh uaisle Gaelacha faoi cheannas Fheidhlim Uí Néill, ‘nach raibh mórán maith ann’ dar le Máire, amach in 1641, ach, ‘cá raibh “géaga glan daite Néill Fhrasaigh nach dtréigfeadh an ceol?” an raibh fear ar bith fágtha de aicme Sheáin is Aodh? Fear ar bith a déarfadh “Mise Ó Neill”!’ (FF: 81)
Tharraing Máire codarsnacht thábhachtach idir iarraidh Eoghain Ruaidh agus gníomhartha a uncail nó cé,
go bhfacthas an “Lámh Dhearg” arís a’ lúbarnaigh leis a’ ghaoith agus go gcualathas ag an Bheinn-Bhuirb an rosc-chatha a chualthas roimh sin ag Béal Átha Buí…Ach nuair a tháinig Eoghan ní raibh fá n-a choinne acht bochtáin agus dílleachtaí a bhí fá ampla is géarleanamhaint ó tháinig ann daobhtha. (FF: 95–6)
Tá léargas den scoth againn ar fheachtas Uí Neill i gCín Lae Uí Mhealláin, an cuntas a choinnigh Tarlach Ó Mealláin, bráthair Proinsiasach agus comhairleoir Fheidhlim Uí Néill, air. Mar shampla, d’fhág an bráthair taifead d’óráid Eoghain Ruaidh roimh Chath na Binne Boirbe ar 5 Meitheamh 1646:
Bhí an General ag teagasc imeasc an tslóigh. Iseadh adubhairt ‘Ag sud chuagaibh escairde Dé agus naimhde bhur n-anma; agus denaidh calmacht ‘na n-naghadh aniu; oir is iad do ben díbh ar (leg. Bhur) dtighanaidh, bhur gclann agus bhur mbeatha spioradálta agus temporalta, do bhean bhur nduthaigh díbh, is do chuir ar deoruigheacht sibh. (Nic Cathmhaoil, 2006)
Cuireann Máire síos ar an chath nuair a ‘tháinig na Gaeil i na n-araicis agus bhuail ar gcúl iad… go ndéanfadh siad bia míoltóg de na Gaill’ (FF: 91).
Fán am ar fhill Eoghan Ruadh abhaile, bhí idé-eolaíocht an Fhrith-Reifirméisin le feiceáil go soiléir in san dearcadh s’aige ach í measctha le comhfhiosacht na ndúchasach fosta. Agus é ar deoraíocht, d’eisigh sé an forógra in 1627 (Gillespie, 1992: 162). Leag Máire a mhéar ar an idé-eolaíocht dhúchasach seo nuair a scríobh sé go raibh Eoghan Ruadh agus na Sean-Ghaeil eile ag iarraidh athghabháil na hÉireann ‘ní hé amháin gur mhian leosan bua a fháil ar an daor-smacht a bhí ar a gcreideamh ach ba mhian leo Éire go huile is go hiomlán a fhuascailt as lámha na Sasana’ (FF: 87). D’fhéadfaí a argóint gur cheangail Máire tuigbheail an tseanchais ar an tréimhse úd lena mianta féin faoi thréimhse na réabhlóide trí chéad bliain ina dhiaidh.
Bhain Eoghan Ruadh an cath ach chaill an cogadh, áfach, toisc gur dhiúltaigh na Sean-Ghaill a ndílseacht do Rí Shasana a thréigean. D’fhéadfaí smaointeoireacht Mháire ar na Sean-Ghaill agus ar Chomhdháil Chill Chainnigh a chur i gcomparáid lena dhearcadh faoi lucht an Chonartha le linn réabhlóid na hÉireann.
Ní rabh mórán dóchais aige go mbeadh siad seasmhach nuair a rachadh an chúis go cnámh na h-uilleanna. Ní rabh mórán muingíne aige ar an staraidhe a dubhairt gur éirigh siad ní ba Ghaedhealaigh ná na Gaedhil iad féin. Má tá beirt fhear ag gabhail aon bhealach amháin acht giota níos fuide ag fear aca le gabhail ‘ná ag an fhear eile, is dóiche go mbainfidh fear amháin faoi nuair a thiocfas sé go dtí n’ionad féin agus go gcaithfidh an fear eile a ghabhail an chuid eile den bhealach leis féin. Ba mhaith a bhí a fhios seo ag Eoghan Ruadh – ba mhaith a bhí fhios aige dá dtigeadh an lá a choidhche a dtairgfeadh Sasain cead a thabhairt dá pór féin a gcreideamh a aidmheáil go fosgailte, go mbeadh siad chomh díleas díthe agus bhí riamh agus go gcaithfeadh sliocht Chuinn’s Aodh a raibh rún aca na ceangail a bhriseadh go tóin, go gcaithfeadh siad an chuid dheireannach agus an chuid b’aimhréidhtighe den bhealach a shiubhal leo féin… (FF: 85).
Dar le Máire: ‘níl rud ar bith i stair na hÉireann níos brónaí nó níos náirí ná an bhail a thug Ard-Chomhairle Chill-Choinnigh ar Eoghan Ruadh Ó Néill.’ (FF: 96).
Conclúid
Fuair Eoghan Ruadh bás sula raibh seans aige dúshlán Chromail a thabhairt. Chuir na Sasanaigh cinedhíothú eile i bhfeidhm in 1649 nuair a fuair 41% den phobal bás de bharr foréigin agus gorta. Mar a scríobh Máire: ‘bhí na hAlbanaigh suite i nDún Geanainn agus “Síol Eoghain gan aird ‘s an tál-fhuil bodhar chlaoidhte’(FF: 100). Nuair a theip ar Eoghan Ruadh, múchadh na féidearthachtaí glórtha de chuid Césaire agus tháinig ‘oíche mhór fhada dhorcha’ agus,
an tír faoi dhaor-smacht idir chorp agus anam. Níl le déanamh agat ach dearcadh ar fhilíocht na haoise sin le sin a fheiceáil. D’imigh an glór misniúil borb ar an chláirsigh a bhí inti ins san tsaol a chuaigh thart agus thoisigh sé a chriongán go truacánta fá ‘mhac an cheannaithe’ nó fá Shéarlus Óg Mac Rí Shéamus. (FF: 106).
Maidir le teamparáltas agus tíreolaíocht an choilíneachais, b’fhiú trácht a dhéanamh ar na macallaí a chluintear i nguth sleachta na ndúchasach thart ar Dhún Geanainn go fóill, an dearcadh céanna a léimeann as an leathanach i bhfocail Mháire:
The Irish language names on the hills and low country remind “one side of the house,” the Catholic side, of loss and evoke dispossession and displacement. Many of the inhabitants, referring to the time when the Irish names for these places were conceived, a period long before the Elizabethan Conquest, used the first-person plural, ‘we,’ as they took me around these places and told their story. Carboniferous limestone, upper basalt, and metamorphic rock did not explain very well the ‘ground’ we stood on. In and around Ballybogoin, signifying practices created their own space both literally and figuratively. ‘The top of the castle hill, up above the square’ was at least two spaces. The members of the Loyal Orange Lodge saw it as a place of triumph, a sign of firm resolve: they firmly believed this edifice and the practices it embodied were a sign of the preservation of freedom and democracy. This belief represents a partial truth. For Catholics, however, this truth was imperceptible. Catholics metaphrased the top of the hill: it was ‘nowhere’ for them. The road that led there did not go anywhere. It did not lead to a space with affective meaning. For Catholic nationalists, both the army lookout and the Orange Order hall were best avoided. Catholics warned me, ‘Don’t go up there.’ For Protestants, ‘the top of the hill,’ and ‘the square’ were and still are places where only they should assemble… Memories of such events invade friendships. Catholics perceived the state, the historical agent of such events, as the source of division. (Kelleher, 2004: 130)
Críochnaíonn FF le poblachtaigh na nua-aoise. Bíonn leanúnachas le braistint i stair na tíre agus tuile agus trá ag titim amach i meon agus i meanma na nGael, thuas seal – thíos seal ach splanc na saoirse ann go deo. Críochnaíonn Máire le caibidil ar an Phiarsach féin a chuimsíonn dearcadh s’aige ó thaobh stair na hÉireann de:
Is iomdhaí uair a shílfeadh nach rabh fágtha acht luaith is aibhleogaí dóighte, ach bhí an druithleog annsin ar fad… acht bhí sí chomhair a bheith as nuair a tháinig an Piarsach i gcrann. Agus cé bith a d’eirigh leis ná nár éirigh leis a dhéanamh, rinne sé rud amháin ar scor ar bith, shéid sé an druithleog agus dhearg sé an téine arís (FF: 126).
Anseo, feictear arís an choimhlint reatha idir teamparáltas an choilíneachais agus coincheapú dúchasach na staire. Sheas FF mar iarracht ag intleachtóir orgánach na ndúchasach lena stair féin a athghabháil agus á cur in oiriúint don nua-aois agus, leoga, le beocht a shéideadh arís isteach sa drithleog.
[1] Faoi chúinsí ar leith, ar an láimh eile, cuireann gnáthdhaoine na dtuathanach isteach go cinniúnach sa streachailt ar son saoirse agus i ndearcadh na náisiúin úire amach anseo mar aon.
[2] Is feiniméan foréigneach é an díchoilíniú… ar an leibhéal is bunúsaí tiontaítear cineál duine amháin isteach i gcineál duine nua.
[3] Seán Ó Néill chuig Barún Sláine, 1561, John O’Donovan, ‘Original Letters in the Irish and Latin Languages, by Shane O’Neill’ in Ulster Journal of Archaeology , 1857: 272.
[4] Ralph Lane chuig Burghley, 9 Meitheamh 1595 (Cartlann Naisiúnta Shasana SP 63/180, f.82)