DOI: https://doi.org/10.13025/xa00-tq49

‘Domhan Beag Bídeach’: aistriúchán ar an ghearrscéal ‘Winzige Welt’ le Martin Becker, agus tráchtaireacht ar an phróiseas

Rannóg na bhFochéimithe

Tá tús curtha againn le ‘Rannóg na bhFochéimithe’ in eagrán na bliana seo de An Reiviú.  Tabharfar cuireadh sa Rannóg seo do mhic léinn fóchéime in institiúidí oideachais ar fud na tíre – agus i gcéin – ailt a chur chugainn le foilsiú ar An Reiviú.  Leantar próiseas piarmheasúnaithe i gcás na n-alt seo mar a leantar i gcás na n-alt ar fad a fhoilsitear san iris.  I mbliana, is í Ellen Corbett an chéad fhochéimí a bhfuil ábhar dá cuid á fhoilsiú ar An Reiviú againn.

 

Réamhrá

Mar chuid den chéim bhaitsiléara in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, moltar do mhic léinn a dhéanann teangacha iasachta seimeastar nó dhó a chaitheamh i dtír ina labhraítear an teanga atá á foghlaim acu.  Mar sin, chaith mise bliain in oirthear na Gearmáine  in Universitӓt Leipzig.  Agus mé ansin, d’aistrigh mé leabhar gearrscéalta don ábhar eile atá ar bun agam,  Léann an Aistriúcháin.  Tagann teideal an leabhair ón ghearrscéal seo, ‘Winzige Welt’, agus bhí an gearrscéal seo ar cheann de a scéalta ba luaithe a d’aistrigh mé.

Scríobh Martin Becker an leabhar Winzige Welten sa bhliain 2011.  Rugadh an t-údar sa Tansáin sa bhliain 1957, áit ar fhreastail sé ar scoil chónaithe Bhéarla sular bhog sé lena theaghlach ar ais chun na Gearmáine agus é deich mbliana d’aois.  Nuair a chríochnaigh sé ar mheánscoil, chuaigh sé ag obair san Eilvéis ar dtús ach bhog sé ar ais chun na Gearmáine ansin chun a sheirbhís mhíleata a dhéanamh.  Sa lá atá inniu ann, tá Becker ina chónaí cóngarach do München, áit ina n-oibríonn sé mar shaoroibrí faoi láthair. (Becker, 2011)

Tá an leabhar seo fóirsteanach do pháistí idir cúig bliana d’aois agus aon bhliain déag d’aois (Winzige Welten, 2018). Lena chois sin, déanann an leabhar iarracht ceacht a mhúineadh do pháistí agus léargas nua ar an domhan a thabhairt dóibh:

Winzige Welten – mit weiten Horizonten. […] Achtzehn liebevolle Erzählungen handeln von großen Dingen, von Bewusstsein und starkem Selbstbewusstsein. Die Figuren in diesen Geschichten haben Gelegenheit, große Gefühle kennenzulernen und sich zu wandeln.

(Domhain Bheaga Bhídeacha, ach réim i bhfad níos mó […] Ocht scéal déag faoi théamaí móra, faoin thuiscint agus faoin fhéinmhuinín. Déanann na carachtair sna scéalta seo a ndícheall a gcuid mothúchán a aithint agus déanann siad iarracht an domhan a athrú.) (Becker, 2011)

Cé gur scríobhadh an leabhar seo do pháistí, bhí na dúshláin céanna le feiceáil san aistriúchán seo is a bhíonn in aon aistriúchán eile.  Ba shaothar gearrscéalta é seo agus mar sin, bhí gach ceann de na scéalta difriúil lena chéile.  Mar sin, cé nach raibh ach tionscadal amháin le déanamh agam, bhí sé ar nós tabhairt faoi deich n-aistriúchán éagsúla.  Ba é seo an chéad aistriúchán liteartha a rinne mé riamh agus mar gheall air sin, bhí deacrachtaí agus dúshláin ann nach raibh agam roimhe seo.  Tá an stíl an-difriúil in aistriúchán mar seo agus cé go mbíonn níos mó saoirse agat agus tú i mbun aistriúcháin, caithfidh tú a bheith cinnte go gcloíonn tú leis an bhunleagan go cruinn.

Ceann de na dúshlán is mó a bhí agam ná na difríochtaí cultúrtha idir Éire agus an Ghearmáin agus ar a bharr sin, na difríochtaí idir an Ghaeilge agus an Ghearmáinis.  Sa Ghearmáin, agus i dtíortha ina labhraítear an Ghearmáinis, úsáidtear leagan foirmeálta den dara pearsa chun meas a léiriú do dhuine ar leith (sa Ghearmáinis is é seo an difríocht idir an forainm ‘du’, an fhoirm neamhfhoirmeálta, agus ‘Sie’, an fhoirm fhoirmeálta).  Braitheann sé seo ar an chaidreamh a bhíonn idir an cainteoir agus an duine eile; má tá siad níos sine, má tá siad níos sinsearaí nó muna bhfuil aithne ag an duine orthu, ba cheart duit an fhoirm mheasúil a úsáid.  Tá an córas seo le feiceáil sa Fhraincis agus i nGaeilge na hAlban chomh maith ach níl sé sa Ghaeilge ná sa Bhéarla.  Mar sin, bhí orm an meas seo a thaispeáint trí bhealaí éagsúla.  Ba ghnách liom an tuiseal gairmeach a úsáid ach muna raibh gá ann é sin a úsáid nó más rud é go raibh sé neamhchoitianta nó aisteach labhairt leis an duine faoi thrácht mar sin, d’fhág mé amach an roinn chainte seo nó d’úsáid mé an fhoirm neamhfhoirmeálta atá coitianta in Éirinn.

Bhí na scéalta iad féin rud beag deacair a thuiscint, cé gur scríobhadh do pháistí iad.  Is ghnáthrud é sa Ghearmáin abairtí fada casta a úsáid agus chun dul i ngleic leis an ghné seo den teanga, ghearr mé abairtí suas agus rinne mé mó dhícheall an scéal a shimpliú agus é a aistriú agus an léitheoir, na páistí, a choinneáil i gcuimhne.

Den chuid ba mhó, d’úsáid mé dúchasú san aistriúchán seo.  Thar aon rud eile, is leabhar do pháistí é seo agus mar sin ní dhéanfadh sé ciall páistí a choimhthiú óna scéalta.  Mar a dúirt mé roimhe, ba í aidhm an leabhair seo ceachtanna a mhúineadh do pháistí agus muna mbíonn siad in ann na scéalta a thuiscint, an mbaineann sé seo sprioc an leabhair amach?  Rinne sé níos mó céille dúchasú a úsáid chun páistí a chur ar a gcompord agus iad ag léamh.  Tá teoiric an dúchasaithe le feiceáil go soiléir sa ghearrscéal thíos, go háirithe sa chéad chuid agus déanfar tagairt dó sin san aistriúchán é féin.

Bhí orm eachtrannú a úsáid i gcúpla ceann de na scéalta a d’aistrigh mé.  Bhí gnéithe éagsúla le feiceáil sna scéalta siúd a bhí lárnach don scéal agus ní riabh mé in ann iad a athrú ar eagla go n-athróinn an scéal ina iomláine.  Mar shampla, tá ceann de na scéalta a bhí le haistriú agam suite ar an teorainn idir an tSacsain agus an Bhaváir, dhá cheantar sa Ghearmáin, agus an dóigh nach réitíonn na Gearmánaigh le muintir na Baváire (cosúil leis an dóigh a bhfuil ‘fuath’ ag gach duine sa tír seo do mhuintir Bhaile Átha Cliath).  Ní féidir linn dearmad a dhéanamh gur tháinig an leabhar seo as an Ghearmáin, cé go raibh sé mar aidhm agam aistriúcháin ‘dofheicthe’ a chruthú.

Sa ghearrscéal seo, agus sa tionscnamh ar fad, d’úsáid mé mo chanúint féin, Gaeilge Uladh.  Ba é seo an píosa aistriúcháin ba mhó a bhí le haistriú agam riamh agus dá bhrí sin d’úsáid mé canúint lena bhfuil mé iontach compordach.  Chomh maith leis sin, tá a fhios agam nach bhfuil go leor leabhar ar fáil i nGaeilge Uladh.  Mar sin féin, tá na canúintí eile le feiceáil i roinnt eile de na scéalta a d’aistrigh mé.  Rinne mé é sin le béim a chur ar na carachtair agus idirdhealú a dhéanamh idir iad agus na carachtair eile sna scéalta.  I measc na gcarachtar sna scéalta uilig, tá muiscít a úsáideann béarlachas nó droch-Ghaeilge, ulchabhán le blas Chonamara, agus saighdiúir a bheadh ar a chompord sa bheár ag Oireachtas na Samhna.

Agus an tionscnamh aistriúcháin seo déanta anois agam, sílim gur bhain mé an sprioc amach aistriúchán cruinn a chruthú agus ag an am céanna, scéal deas suimiúil agus taitneamhach a scríobh.  Is deas é súil siar a dhéanamh ar an mhéid oibre a bhí déanta agam agus mé thar lear. Cé go raibh sé dúshlánach ag an am, thaispeáin sé dom go raibh sé de chumas agam píosa fada aistriúcháin a dhéanamh agus é a dhéanamh ar ardchaighdeán.  Bhí sé suimiúil idirdhealú a dhéanamh fosta ar na difríochtaí a bhíonn idir aistriúchán liteartha agus aistriúchán teicniúil.

Níl go leor ama fágtha agam go dtí go mbeidh mo chéim críochnaithe agam agus sa todhchaí, ba mhaith liom leanúint ar aghaidh leis an aistriúchán agus dúshlán a chur romham féin aistriúcháin níos faide nó leabhair iomlán a aistriú amach anseo.  Tá súil agam go mbainfear taitneamh as m’aistriúchán ach sa todhchaí ba mhaith liom dul ar aghaidh agus aistriúchán nach bhfuil do pháistí a scríobh.

Domhan Beag Bídeach

Fadó fadó, bhí pláinéad beag bídeach ann. Bhí sé cruinn agus deas agus ní raibh ann ach crann úll, teach beag agus binse páirce.  Bhí féar ag fás i ngach áit ar an phláinéad. Leis an fhirinne a rá, bhí an pláinéad iontach beag – dá gcuirfí an pláinéad seo ar an domhan s’againne, ní bheadh sé ach leath chomh mór le páirc pheile[1] agus dá ndéanfá sin, bheadh an féar ar an phláinéad bheag seo scriosta brúite agus ní bheifeá in ann peil a imirt, ar ndóigh.  Ar an dea-uair, bhí an pláinéad beag seo i bhfad ón domhan s’againne.  B’ionann an turas idir an domhan beag bídeach agus an domhan s’againne ná turas ón domhan seo go dtí an ghealach agus ar ais agus ann agus ar ais arís.

Bhí an tUasal Seán Ó hIargúil[2] (ach tá cead againn Seán a thabhairt air) ina chónaí ar an phláinéad áirithe seo.  Agus cé gurbh é Seán an t-aon duine ar an phláinéad, bhí sé chomh sásta le rí ansin.  Ag leath i ndiaidh a seacht ar maidin, nó thart air sin, sheasadh Seán faoin chrann úll agus bhaineadh sé úll den chrann.  D’itheadh sé an t-úll amh nó dhéanadh sé toirtín úll nó anlann úll as.  Bhíodh sé ag súil go mór le tús gach lae nua mar bhíodh sé in ann úll úr a bhaint den chrann.  Ag a trí a chlog sa trathnóna, thagadh scamall báistí agus bhíodh sé ag cur fearthainne.  Sin an fáth a mbíodh úlla ar fáil i rith na bliana ar fad agus an fáth a mbíodh an pláinéad glas i gcónaí.  Chuireadh Seán buicéad os comhair dhoras a thí agus d’fhanadh sé go mbíodh sé lán.  Bhíodh sé ábalta tae blátha úill a dhéanamh leis an uisce nó é a úsáid chun a chuid fiacla a ghlanadh nó chun é féin a ní.

Ní raibh ach jab amháin ag Seán ar an phláinéad agus ba é an jab a bhí aige an féar a ghearradh uair sa mhí.  Ghlacadh Seán a chuid ama chun é a dhéanamh siocair go mbíodh go leor ama aige agus thaitin sé go mór leis.  Théadh sé fiarlán timpeall an phláinéid lena lomaire léana agus in amanna, théadh sé thart i gciorcal mar a bhainfeá an craiceann d’úll nó in amanna, dhéanadh sé patrún san fhéar cosúil le clár fichille.  Le linn am sosa, thógadh Seán an nuachtán amach as a mhála cáipéisí agus shuíodh sé ar an bhinse páirce.  Léadh sé na fógraí beaga agus na fógraí báis ar a shuaimhneas agus an sos críochnaithe aige, chuireadh sé a nuachtán ar ais ina mhála cáipéisí agus théadh sé ar ais ag obair.

Lá amháin, áfach, tharla rud éigin uafásach: chonaic Seán rud éigin sa spéir agus bhí deatach ag teacht as de réir mar a tháinig sé chuig an phláinéad. Ansin baineadh croitheadh as an phláinéad ar fad.  Bhí an spéir lán le gal.  Bhí fuaim siosarnaí ann ach stop sí chomh luath agus a thosaigh sé agus bhí sé ciúin arís.

Bhí Seán ar tí tae blátha úill a dhéanamh nuair a bhuail duine éigin cnag ar an doras.  Bhí neach neamhshaolta beag ar leac an dorais.  Bhí culaith spáis air agus bhí súile móra aige agus bhí aintéine mhór amháin  ar bharr a chinn.

‘Dia duit,’ a dúirt an neach neamhshaolta.  ‘Gabh mo leithscéal, níl mé ag iarraidh cur isteach ort.  Captaen Brzklck an t-ainm atá orm agus bhí orm mo spáslong a thabhairt chun talún ar do phláinéad mar níl aon pheitreal fágtha agam.  An bhfuil aon seans go bhfuil pionta bainne agat?  Bheinn in ann an bóthar a bhualadh ansin.’

‘Níl bainne ar bith agam,’ a dúirt Seán, agus rinne sé iarracht an doras a dhruidim.  Ní raibh bainne aige – cá háit a mbeadh sé in ann teacht ar bhainne?  Ní raibh bó aige fiú!  B’fhuath le Seán nuair a chuirtí isteach air.  Bhí cnag ag an doras arís.  D’oscail Seán an doras.

‘Is fuath liom nuair a chuirtear isteach orm,’ a dúirt Seán go garbh.

‘Tá brón orm faoi seo,’ a dúirt an Captaen Brzklck, ‘ach gan bhainne tá mé gafa anseo.’

‘Bhuel, déan glaoch raidió ag lorg cuidithe mar sin agus ná bí ag cur isteach ormsa!’ a dúirt Seán, agus rinne sé iarracht an doras a dhruidim arís.

‘Ach tá sé sin déanta agam cheana féin.’  Chuala Seán an neach neamhshaolta taobh amuigh.  ‘Glacfaidh mo theachtaireacht bliain iomlán mo phláinéad a bhaint amach agus ní thiocfaidh cuidiú ar ais chugam go ceann bliana eile ina dhiaidh sin.’

Thug Seán faonoscailt ar an doras.

‘Dhá bhliain?!’ a dúirt sé de bhéic. ‘Ag magadh atá tú!’

Bhí Seán trína chéile.  Cad é faoina phláinéad deas, a shuaimhneas, a fhéar, a úlla?  B’fhuath leis nuair a chuirtí isteach air.

‘Tá brón an domhain orm,’ a dúirt an neach neamhshaolta taobh amuigh.

An mhaidin dár gcionn, bhuail Seán cnag ar dhoras na spásloinge.  Ba shásar eitilte mín cruinn é agus bhí sé ag lonrú faoi sholas na gréine.  Ba chuma le Seán, áfach. ‘Tá an féar scriosta agat!’ a dúirt Seán de bhéic.  ‘Thug tú do spáslong chun talún agus anois níl an féar ábalta aon solas a fháil agus éireoidh sé buí!’

‘Dia linn,’ a dúirt an Captaen Brzklck, ‘an féidir liom aon rud a dhéanamh?’

‘Imigh leat nó bog do spáslong.  Ba chóir duit í a bhogadh gach lá chuig áit éigin eile ar an phláinéad!”

‘An-smaoineamh! Déanfaidh mé sin!’ a dúirt Brzklck.  Léim sé isteach sa spáslong agus bhog sé cúpla méadar é.

‘Agus bí cúramach gan na húlla a bhaint den chrann úll,’ a dúirt Seán.  ‘Ná bí ag caitheamh bruscair agus ná bí i do shuí ar mo bhinse páirce.’

‘Ceart go leor, ní dhéanfaidh mé sin,’ a dúirt Brzklck.  ‘Leis an fhírinne a rá, d’ith mé cúig bliana ó shin agus mar sin, ní bheidh ocras orm go ceann deich mbliana eile!’

Chuaigh Seán isteach sa teach agus bhí drochaoibh air.

Nuair a théadh Seán amach gach maidin, d’fheiceadh sé go raibh an spáslong suite in áit nua agus chuireadh sí isteach air.  Bhí Brzklck cineálta cairdiúil agus bheannaíodh sé do Sheán gach maidin nuair a bhuaileadh siad le chéile ach dhéanadh Seán neamhiontas de.  Ní raibh sé dírithe ach ar a fhearg, fiú amháin agus é ina shuí leis féin ar an bhinse páirce ag léamh na bhfógraí báis.

Bhíodh Brzklck ina shuí ar a spáslong agus d’amharcadh sé suas ar an chruinne agus ar na réaltaí sa spéir agus bhíodh sé ag dordán.  Ag an tús, níor thaitin amhráin Brzklck le Seán agus mar gheall air sin, dhéanadh sé trup ard chun an fhuaim a phlúchadh.  Ach thosaigh sé ag baint  taitneamh as na hamhráin.  Cé nach raibh focail ar bith ann, shilfeá go raibh Brzklck ag insint scéil.  Ach ansin, bhíodh sé feargach leis féin mar gur thaitin na hamhráin leis agus ina dhiaidh sin, thagadh drochsmaointe faoi Bhrzklck chuige.  Oíche amháin, áfach, d’oscail Seán an fhuinneog ina sheomra leapa le hamhráin Brzklck a chloisteáil.  Thug Seán faoi deara go mbíodh brionglóidí deasa aige de bharr na n-amhrán.  Thug Brzklck faoi deara go raibh a fhuinneog oscailte fosta agus bhí sé sona sásta faoi sin.

Bhíodh an geimhreadh ann uair sa bhliain agus thiteadh sneachta ar an fhéar. Thógadh Seán fear sneachta i gcónaí ach bhíodh air é a thógáil go gasta mar faoin mhaidin dár gcionn, bhíodh an geimhreadh thart.  An bhliain áirithe sin, rinne Seán fear sneachta an-mhaith.  Rinne sé na súile agus an tsrón go diongbháilte le go mbeadh an fear sneachta le feiceáil ón spáslong.

‘Tá sé iontach deas,’ a dúirt Brzklck de bhéic, agus é ag dreapadh síos óna spáslong.

‘Mmmm,’ arsa Seán faoina anáil.  Bhí fadhb aige leis an chairéad a bhí mar shrón ag an fhear sneachta agus an dóigh nach bhfanfadh sé ar a aghaidh.

‘Muna dtéann tú i ngleic le fadhb atá agat,’ a dúirt Brzklck go tobann agus é ina sheasamh díreach in aice leis an fhear sneachta, ‘níl seans ar bith agat é a réiteach.’

‘Cad é atá i gceist agat?’ a dúirt Seán agus d’amharc sé ar shrón an fhir sneachta arís agus cé chomh cam is a bhí sé ar a aghaidh.

‘Samhlaigh, bheadh muid in ann labhairt lena chéile agus bheadh an-chraic againn dá mbeadh muid mór lena chéile agus mura mbeifeá chomh feargach sin i gcónaí.’

‘Is cuma liom.  Níl aon chraic uaim.  Agus níl mé ag iarraidh go mbeadh muid inár gcairde.’

‘Bheadh áthas orm dá mbeifeá in ann a admháil gur tháinig muid le chéile ar chúis éigin agus nach féidir linn rud ar bith a dhéanamh chun é sin a athrú,’ a dúirt Brzklck.  ‘Caithfidh tú sin a admháil.’

‘Mmmmmm…,’ a dúirt Seán faoina anáil.

Dhreap Brzklck suas an fear sneachta agus chuir sé an tsrón ar bharr a chinn.  Bhí  aintéine air anois, díreach cosúil le Brzklck.

Bhí an fear sneachta leáite an mhaidin dár gcionn.  Bhain Seán úll den chrann.  ‘Maidin mhaith, a dhuine uasail!’ a dúirt Brzklck agus chroith sé a lámh leis.

‘Mmm, maidin mhaith,’ a dúirt Sean go grusach.

‘An bhfuil cead agamsa an féar a ghearradh inniu?’ a d’fhiafraigh Brzklck.

‘Mmmmmmm…’ a dúirt Seán trína fhiacla.  ‘Tá.’

Thóg Brzklck solas léasair beag amach as a bhosca uirlisí agus chuir sé san fhéar é.

‘Caithfidh muid léim,’ a ghlaoigh sé.

‘Léim?’ a dúirt Seán, bhí iontas an domhain air.

‘Tá sé éasca, léim!’

Léim Seán san aer agus ag an am céanna, tháinig léas léasair amach as an solas léasair agus gearradh gach ribe féir go dtí an airde chéanna.  Bhí iontas ar Sheán.  Bhrúigh Brzklck cnaipe ar an solas léasair, tháinig ‘clic’ uaidh agus súdh an féar scaoilte uilig isteach agus rinneadh bloc beag féir de.

‘Mhairfinn air sin ar feadh trí bliana,’ a dúirt Brzklck agus d’ith sé an bloc féir.  Bhí iontas an domhain ar Sheán.  Bhí a úll fós ina lámh aige agus d’amharc sé síos air. ‘Agus cé chomh fada a bheifeá beo ar úll?’

‘Thart ar sé bliana nó thart air sin.’

‘Ar m’anam!  Ar mhaith leat ceann?’

‘Níor mhaith, go raibh maith agat,’ a dúirt Brzklck. ‘Caithfidh mé súil a choinneáil ar mo mheáchan.’  Thosaigh siad ag gáire.

‘Is mise Seán,’ a dúirt Seán.

‘Agus is mise Brzklck,’ a dúirt Brzklck.

Bhí áthas orthu araon nach raibh Seán chomh cantalach is a bhíodh sé.  Chomh maith leis sin, bhí a fhios ag Seán anois go raibh sé ní b’fhearr fáilte a chur roimh Brzklck in áit é a bhualadh.  Go tobann, mhothaigh sé i bhfad ní b’fhearr.  D’imigh gach aon drochsmaoineamh díreach as a cheann agus mhothaigh sé ní ba shásta ná mar a mhothaigh sé nuair a bhí sé ina aonar.  Ach ba é ba chúis leis sin go raibh duine éigin aige lena raibh sé ábalta labhairt.

‘Ar mo phláinéad dúchais, insítear scéalta le hamhráin,’ a d’inis Brzklck. ‘Ar mhaith leat ceann a chloisteáil?’

‘Ba mhaith,’ a dúirt Seán.  Níor lig Seán air go raibh eolas aige ar amhráin Brzklck cheana féin ach dhreap sé suas agus shuigh sé in aice le Brzklck ar an spáslong.

Thosaigh Brzklck ag ceol agus dhruid Seán a shúile.  Chonaic sé go leor plainéad agus go leor réaltaí agus ar phláinéad amháin, chonaic sé tithe, aibhneacha agus lochanna. Chonaic sé neacha neamhshaolta agus bhí an chuma chéanna orthu agus a bhí ar Brzklck.  Chonaic sé an Rí agus an Ginearál, agus chonaic sé Brzklck.  Bhí an Ginearál i gceannas ar gach píolóta spásloinge.  Nuair a d’oscail Seán a shúile, bhí a fhios aige go raibh saineolas faoi phláinéad dúchais Brzklck aige agus go mbeadh ardú céime ag Brzklck ar ball beag.

‘Do shealsa atá ann amhrán a chanadh,’ a dúirt Brzklck.  Ní raibh sé de mhisneach ag Seán scéal a cheol ag an tús ach rinne sé a dhícheall.  Smaoinigh sé ar a dhomhan beag bídeach.  D’inis sé scéal go ndeachaigh sé díreach thar bhráid na gealaí go dtí an domhan agus gur landáil sé i bpáirc pheile.  Bhí sé ar intinn ag Seán an féar a shábháil sa pháirc agus mar sin, ghearr sé an féar le solas léasair Brzklck.  Rinne sé bloc beag féir agus ní raibh ach rud beag ola agus fínéagair de dhíth air go mbeadh an féar réidh le hithe agus go mbeadh blas thar barr air.

Bhí Brzklck ag gáire agus d’oscail sé a shúile.  ‘Mo shealsa atá ann arís,’ a dúirt sé.  

Chaith siad an lá agus an oíche ar fad ag canadh agus iad ina suí ar an spáslong.  Bhí an-chraic acu agus níor thug siad faoi deara an méid ama a chaith siad ansin.

Nuair a tháinig an chéad gheimhreadh eile, thóg siad fear sneachta ollmhór le chéile, ach an uair seo, bhí srón air agus bhí aintéine ar bharr a chinn.

Lá amháin, tháinig spáslong eile agus bhí sé ar foluain os cionn an tí.  Scal beirt neach neamhshaolta anuas ón spáslong le pionta bainne.

‘Go mbeannaí Dia daoibh,’ a dúirt siad, ‘Seo duit, a Chaptaen Brzklck, tá bainne againn anseo duit.  Cuireann an Ginearál beannachtaí ort agus tá sé ag súil go mór le do spáslong nua a thaispeáint duit.’  Bhí áthas ar Bhrzklck, ‘Go raibh míle maith agaibh as an chuidiú. Tá a fhios agam gur fada an turas é ónár bpláinéad.’

Thug sé cuireadh dá chairde nua suí ar a spáslong agus a amhráin a chloisteáil.  Dhruid na neacha neamhshaolta a súile agus chan Seán agus Brzklck a scéalta le chéile.  Níor stop na neacha neamhshaolta de bheith ag gáire agus chuir na scéalta iontas an domhain orthu.  Bhí siad iontach greannmhar.

‘Leis an fhírinne a rá, níor mhaith liom an áit seo a fhágáil,’ a dúirt Brzklck de chogar.

‘Tá súil agam nach n-imeoidh tú,’ a dúirt Seán.  Gan aon dabht, bhí Sean agus Brzklck mór lena chéile anois.

Faoi dheireadh thiar thall, sheas Seán suas, ghlac sé ceithre ghloine ón teach agus thug sé gloine bainne d’achan duine.

‘Sláinte!’ a dúirt Brzklck de bhéic agus d’ól siad uilig an bainne.


[1] „Wurde er auf der Erde landen, hätte er genug Platz im Garten von Bürgermeister Friederich. Allerdings würde er dabei die Salatköpfe zerdrücken, das sollte er natürlich nicht.” [Dá gcuirfí an pláinéad seo ar an domhan s’againne, bheadh dóthain spáis aige thabhairt chun talún sa ghairdín ag an Mhéara Feardorcha.  Leacófaí na leitísí, áfach, agus níor cheart dó sin a dhéanamh ar ndóigh.]  Bhí orm an sliocht seo a athrú go hiomlán toisc difir idir cultúr na hÉireann agus cultúr na Gearmáine.  Mar sin, d’úsáid mé páirc pheile mar bhealach chun tomhas a bheadh ar eolas ag gach duine in Éirinn a thabhairt don domhan beag bídeach.

[2] ‘Wilhelm von Weitem’ an t-ainm atá ar phríomhcharachtar an ghearrscéil sa bhunleagan.  Imeartas focal atá ann sa Ghearmáinis mar ciallaíonn ‘von Weitem’ ‘ó i bhfad i gcéin‘ agus is minic a bhíonn ‘von’ i sloinnte Gearmáinise.  Bhí ‘Ó‘ i sloinnte Gaelacha fóirsteanach anseo agus chum mé an sloinne ‘Iargúil’ chun go mbeadh sé ag teacht leis an leagan Gearmáinise.

Leabhairliosta

Becker, M. (2011, Aibreán 30). Winzige Welten. Novum Pro. Ar fáil ó Google Books: https://books.google.de/books/about/Winzige_Welten.html?id=UANfCUB9K-MC&redir_esc=y

Winzige Welten. (2018, Aibreán 30). Ar fáil ó Amazon.de: https://www.amazon.de/Winzige-Welten-Martin-Becker/dp/3990032895