DOI: https://doi.org/10.13025/yas5-3n93

An den Grenzen der Sprachwelten: An Duanaire VERSschmuggel VÉARSaistear (2006), Paraitéacsanna, agus Eiseamláir don Fhoilsitheoireacht Dhátheangach?

Réamhrá

‘Cé is fearr a d’fhéadfadh cabhair a thabhairt chun castachtaí an dáin a aistriú go teanga eile ná an file féin?’ (Maurin & Wohlfahrt, 2006: 7). Seo an smaoineamh a thionscain ‘an mórthurgnamh aistriúcháin’ (Maurin & Wohlfahrt, 2006: blurba), a tharraing seisear filí Gaeilge agus seisear filí ó chríocha na Gearmáinise le chéile chun a gcuid saothar a aistriú ó Ghaeilge go Gearmáinis agus ó Ghearmáinis go Gaeilge san am céanna, agus an obair sin a chur i láthair ag ceolchoirm le linn Fhéile Filíochta Bheirlín in 2004. Is é VERSschmuggel VÉARSaistear: Irische und deutschsprachige Gedichte / Dánta Gaeilge agus Gearmáinise (2006) – cnuasach ina bhfuil leabhair agus dlúthdhioscaí istigh ann – toradh na hoibre seo.

Duanaire speisialta uathúil is é VERSschmuggel VÉARSaistear (V.V.). Ní hamháin go gcuireann V.V. mórfhilí na Gaeilge i láthair do lucht léitheoireachta idirnáisiúnta (b’fhéidir den chéad uair), ach go dtugann sé léargas cuimsitheach ar phróiseas an aistriúcháin agus go gcuireann sé an t-údar, an t-aistritheoir, na teangairí, agus na teangeolaithe uilig a bhí ríthábhachtach san fhiontar i gcroílár na hoibre agus ar comhchéim lena chéile. Is mar gheall ar na paraitéacsanna dátheangacha atá mar chuid den chnuasach gur féidir linn an méid sin eolais faoi phróiseas an aistriúcháin a bhaint amach, nós nach bhfuil neamhchoitianta fós i saol liteartha na Gaeilge nó san fhoilsitheoireacht dhátheangach ar an oileán.

Cé gur cuireadh síos ar an leabhar mar chnuasach ‘suntasach go hidirnáisiúnta’ [1] (An Chomhairle Ealaíon, 2006: 29) san am ar foilsíodh é, ní dhearnadh tuilleadh tagartha don fhiontar ó shin i leith, agus níor aithníodh é mar shaothar fadbhreathnaitheach mar ba cheart. I ndiaidh beagnach fiche bliain ón uair a foilsíodh é, pléifear sa pháipéar seo an cnuasach filíochta VERSschmuggel VÉARSaistear agus na paraitéacsanna a théann leis mar fhoinse agus mar acmhainn luachmhar agus tábhachtach do léann an aistriúcháin anseo in Éirinn agus don chómhalartú idir an Ghaeilge agus teangacha eile na hEorpa. Chomh maith leis sin, áiteofar gur chóir go mbeadh VERSschmuggel VÉARSaistear ina eiseamláir den dóigh is fearr eolas paraitéacsúil a scríobh, ar an dóigh is fearr saothair dhátheangacha a chur le chéile agus a fhoilsiú, agus ar an dóigh is fearr rannpháirtithe i bpróiseas an aistriúcháin a chur i láthair agus a chur chun tosaigh.

Comhthéacs agus Cúlra na dTionscadal VERSschmuggel

Sula ndéantar anailís ar V.V. mar chnuasach ann féin, agus é ina phríomhfhoinse agus ina phríomhábhar don alt seo,  tá sé tábhachtach amharc taobh thiar den duanaire agus ar na tionscadail VERSschmuggel go ginearálta. Is ‘mórthurgnamh aistriúcháin’ (Maurin & Wohlfahrt, 2006, blurba) é an fiontar VERSschmuggel a chuireann an Haus für Poesie (ar a dtugtaí Literaturwerkstatt Berlin roimh 2016) ar siúl mar pháirt den poesiefestival Berlin [Féile Filíochta Bheirlín] a tharlaíonn gach samhradh sa chathair. Gach bliain, roghnaítear teanga iasachta agus tugtar cuireadh d’fhilí na teanga agus d’fhilí Gearmáinise[2] páirt a ghlacadh san fhiontar nó sa cheardlann filíochta agus aistriúcháin. An rud is suntasaí faoin fhiontar ná go n-oibríonn na filí lena chéile i bpéirí ar feadh roinnt laethanta chun saothar an duine eile a aistriú. Ar feadh dhá oíche [3] ansin, léann na filí na dánta agus a n-aistriúcháin amach os ard ag Léamh Filíochta le linn na Féile. Ina dhiaidh seo, foilsítear idir dhánta agus aistriúcháin i gcnuasach sa Ghearmáin agus sa tír[4] ina labhraítear an teanga eile (Djadkina & Filippow-Tschechow, 2015; Verlag Das Wunderhorn, 2023).

Níor tharla sé go dtí féile na bliana 2003 gur tháinig an tionscadal i dtreis nuair a tugadh an t-ainm VERSschmuggel air faoi dheireadh, agus nuair a foilsíodh an chéad chnuasach filíochta sa bhliain chéanna (Kniep, 2023). Ón tús ba é príomhaidhm an Haus für Poesie an domhan mór filíochta sa Ghearmáinis agus i dteangacha eile a oscailt don lucht léitheoireachta (Kniep, 2023), ach áitíonn Djadkina & Filippow-Tschechow, a bhí ag scríobh faoina n-eispéireas féin leis an fhiontar VERSschmuggel idir Gearmáinis agus Rúisis, go dtéann an smaoineamh siar go tús na nóchaidí agus go raibh an tionscadal VERSschmuggel ina fhothoradh ann féin ar phlé fada a bhí ann sa Haus für Poesie i mBeirlín (2015):

literarischen Übersetzung zu diskutieren. Die Übersetzungspraxis in der DDR begründete sich auf der Nachdichtung, welche von einem „Literaturarbeiter“ besorgt und dann von einem professionellen Lyriker oder einer professionellen Lyrikerin zu einem Gedicht verarbeitet wurde. Lyrikübersetzungen in der BRD dagegen waren vollkommen den Übersetzerinnen und Übersetzern überlassen. Natürlich gab es oftmals Ausnahmen von diesen Regeln.

I ndiaidh athaontú na Gearmáine, tháinig dhá mhodh aistriúcháin liteartha ar an fhód a bhí i gcodarsnacht lena chéile. Bhí an nós aistriúcháin i bPoblacht Dhaonlathach na Gearmáine [DDR/GDR sa Bhéarla] bunaithe ar shaoraistriúchán[5] a d‘fhaightí ó “oibrí litríochta” agus a thugtaí ina dhiaidh sin d’fhile gairmiúil d’fhonn é a chur le chéile. Ar an taobh eile, d’fhágtaí aistriúchán litríochta i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine [BRD/FRG sa Bhéarla] faoin aistritheoir iad féin, ach is cinnte go raibh eisceachtaí ar an nós. (Is leis an údar an t-aistriúchán seo.)[6]

Is suimiúil gur tháinig an t-aistear seo thar theorainn na teanga as domhan a bhí ag athrú, agus comhghleacaithe litríochta, filíochta tugtha le chéile as cúlraí difriúla sóisialta, polaitiúla, agus gairmiúla ach an cheist chéanna acu ar fad, ‘cé is fearr a d’fhéadfadh cabhair a thabhairt chun castachtaí an dáin a aistriú go teanga eile?’ (Maurin & Wohlfahrt, 2006: 7). Áitítear sa tionscnamh seo go mb’fhéidir gurb é an file féin an duine is fearr, agus seo an aidhm a bhí ag an tionscadal agus ags an leabhar a tháinig ina dhiaidh, chun ‘cnuasach aistriúchán atá ar fheabhas,’ a chruthú leis na dánta ‘údaraithe ag na filí iad féin’ (Maurin & Wohlfahrt, 2006: 7).

Ba é an t-aistear teanga isteach sa Ghaeilge an dara fiontar VERSschmuggel acu ag an Fhéile[7]. Sa samhradh 2004, cuireadh fáilte roimh mhórfhilí áirithe na Gaeilge amhail Nuala Ní Dhomhnaill, Gréagóir Ó Dúill, Michael Davitt, Biddy Jenkinson, Cathal Ó Searcaigh, agus Gabriel Rosenstock agus cuireadh ag obair le filí ón Ghearmáin, ón Eilvéis, agus ón Ostair iad: Barbara Köhler, Dorothea Grünzweig, Mirko Bonné, Monika Rinck, Maja Haderlap, agus Armin Senser[8] (Maurin & Wohlfahrt, 2006: clár).  Ar an 28 agus 29 Meitheamh 2004, cuireadh ‘ceolchoirm dhátheangach’ (Maurin & Wohlfahrt, 2006: 7–8) i láthair. Taifeadadh an cheolchoirm agus rinneadh dlúthdhioscaí di a cuireadh leis an leabhar VERSschmuggel VÉARSaistear: Irische und deutschsprachige Gedichte/Dánta Gaeilge agus Gearmáinise nuair a d’fhoilsigh Verlag das Wunderhorn agus Cló Iar-Chonnacht le chéile sa bhliain 2006 é.

Paraitéacsanna: Comhthéacs

Is trí pharaitéacsanna gur féidir linn an méid eolais atá thuas faoin cheardlann VERSschmuggel, faoin téacs, agus faoin phróiseas aistriúcháin a bhaint amach beagnach fiche bliain i ndiaidh na Féile[9]. Dar le Genette, ‘paratexts are those liminal devices and conventions, both within and outside the book, that form part of the complex mediation between book, author, publisher and reader […]’ (1997: blurba), is é sin, gach gné den leabhar nach bhfuil mar pháirt den phríomhthéacs é féin, m.sh., nóta an údair, nóta an eagarthóra, blurba, réamhrá, nó ‘accompanying information’ (Lodge, 2017). Níl muid gan taithí ar pharaitéacsanna in Éirinn, agus leis an Ghaeilge, ach ní bhíonn siad ann go forleathan, agus má dhíríonn muid go sonrach ar shaothair atá aistrithe (agus aistrithe go Béarla), agus nuair atá paraitéacsanna le feiceáil, is minic nach mbíonn ann ach, a short bio-critical presentation of the writer’s work [and] references […] to the historical problems of the Irish language and the changing socio-cultural relationships between the two languages on the island (Cronin, 1996: 178). Is annamh a tharraingítear aird ar obair an aistritheora nó ar an phróiseas aistriúcháin sna paraitéacsanna mar atá siad, agus mar thoradh air seo, mar a deir Cronin, ‘the translator’s work either goes unacknowledged or perhaps, more disconcertingly, the enormous difficulties in translating between two languages that are so strikingly different are elided’ (1993: 60). Molann scoláirí áirithe, Cronin san áireamh, gur chóir go gcuirfí níos mó eolais faoin aistritheoir agus faoin aistriúchán le téacsanna. Fógraíonn Barra Ó Séaghdha gur ‘basic matter of Readers’ Rights’ é go gcuimseofaí nóta an aistritheora (1993: 143), agus maíonn Kaarina Hollo gur chóir go mbeadh foilsitheoirí agus an lucht léitheoireachta ag cur níos mó béime ar obair thábhachtach an aistritheora: ‘one should demand of translators that they share with the reader their own philosophies and methods. What does the translator think translation is? How does he or she set about translating a text?’ (1999: 133).

Paraitéacsanna agus V.V: Cad é an t-eolas a fhaigheann muid as V.V.?

Sa duanaire V.V. tá réamhrá, nóta beathaisnéise, focal buíochais, blurba, agus dhá dhlúthdhiosca ann mar pharaitéacsanna, agus thairis sin, tá dhá oiread díobh againn, mar sa Ghaeilge agus sa Ghearmáinis atá siad. Tugann sé sin deis dúinn amharc ar an aistriúchán ‘taobh thiar’ den fhiontar, ach chomh maith leis sin, deis bhreise amharc ar gach téacs leis féin, an Ghaeilge agus an Ghearmáinis, agus comparáid a dhéanamh eatarthu agus mionsonraí i bpróiseas an aistriúcháin a dhéanamh amach. Cé nach bhfuil nóta aistritheora/aistritheoirí ar leith againn mar a áitítear, tá scéal an aistriúcháin fite fuaite fríd gach páirt den téacs agus de na paraitéacsanna, sa mhéid is go bhfuil muid in ann próiséas an aistriúcháin i rith an tionscnaimh a oibriú amach ar an leibhéal is mine, san eolas atá i láthair agus san eolas atá intuigthe sa téacs.

Is sa Réamhrá agus sa Vorwort a fhaigheann muid ár gcéad léargas leathan ar an fhiontar. Taispeántar deacrachtaí a bhaineann le haistriú na filíochta agus déantar dícheall míthuiscintí coitianta a scaipeadh (Maurin & Wohlfahrt, 2006: 7):

Aithníonn an saol Fódlach gur saoithiúil na béithe iad dánta. Is beag foilsitheoir a fhoilsíonn filíocht ach is lú fós an dream a fhoilsíonn filíocht i dteangacha iasachta, os rud é nach mór í a aistriú. Anois bíonn baol agus amscaíocht ar leith ag baint le filíocht a aistriú. Bíonn an oiread sin níos mó i gceist le dán ná an t-ábhar lena mbaineann sé; tagann fuaim agus rithim i gceist freisin […]

Déantar cur síos ar an cheardlann aistriúcháin agus insítear dúinn faoin dóigh a raibh an dáréag filí ag obair lena gcomhghleacaithe agus na hacmhainní a bhí ar fáil dóibh, ‘[ní raibh ach] aistriúcháin liteartha de dhánta a chéile [a coimisiúnaítear roimh an Fhéile], foclóirí troma agus teangairí a shuífeadh eatarthu’ (Maurin & Wohlfahrt, 2006, lch. 7). Mínítear fosta an aidhm ba bhonn leis an tionscadal agus le foilsiú an leabhair V.V. é féin; nach duanaire amháin é V.V. ach ‘is dialann [é] […] chomh maith le toradh aistir teanga’ (Maurin & Wohlfahrt, 2006: 10). Mar sin, cloiseann muid scéal na ceardlainne as béal na bhfilí iad féin. Agus Armin Senser (2004, luaite in Maurin & Wohlfahrt, 2006: 8), file, scríbhneoir, agus drámadóir as an Eilvéis ó dhúchas, ag déanamh cur síos ar a éispéireas féin ag an cheardlann, tugann sé íomhá uileghabhálach dúinn:

Beirlín, Friedrichstraße. Ambasáid na hÉireann. Spás oifige san iasacht. Áit nach bhféadfainnse a shroicheadh liom féin. Tugann an Chéad Rúnaí treoir don Dream Roghnaithe. Caifé agus mionchaint le file Ceilteach, lena theangaire agus le m’umhlaíocht féin. Chuige sin brioscaí a bhácáil bean an teangaire. Bhí chuile rud faoin spéir fós ina cheart ag an bpointe sin, is é sin le rá nach raibh faic bainte fós as an aistriúchán liteartha Gearmáinise a bhí ar an mbord os mo chomhair. Bród ar an aistritheora: as na brioscaí agus as a chuid Gearmáinise, a d’eascair dar ndóigh ón gCeiltis. Ba challánach a chiúnas níos deireanaí nuair a chuir mé mo chuid iarrachtaí féin faoina bhráid. Óir tagann gortú, éagóir agus pian le chuile aistriúchán sa chás seo lem cheannsa. Ba bheag a bhí fanta ón mbunaistriúchán liteartha a bhí curtha ar fáil dúinn, ba bheag a d’fhéadfaí a thabhairt slán.[10]

Feiceann muid cá háit a raibh Senser, cé a bhí leis ar a aistear teanga, cad a rinne sé ann, cad a bhí fágtha ón chéad lomaistriúchán, ar thaobh lena smaointe, agus a mhothúcháin. Agus cé nach gcaithfidh fios a bheith againn ar cad a d’ith sé, léiríonn sé pointe tábhachtach; go bhfágtar go leor eolais as an áireamh i dtéacsanna paraitéacsúla de ghnáth agus go gcailltear an t-eolas seo go deo. Is annamh a fheictear an méid seo eolais, léargas chomh mion seo i meon an fhile-aistritheora, ach is iontach é agus ba chóir go mbeadh sé againn. Agus béim curtha ar an duanaire a bheith ina ‘dhialann […] chomh maith le toradh aistir teanga’ (Maurin & Wohlfahrt, 2006: 10) mar a dúradh cheana, d’fhéadfaí a áiteamh go raibh gá paraitéacsanna a chur san áireamh, agus go raibh gá infheictheacht aistritheoirí a mhéadú i gcroílár an fhiontair.

Mínítear fosta an fáth ar roghnaíodh an Ghaeilge don dara tionscadal VERSschmuggel riamh ag Féile Filíochta Bheirlín (2006: 9):

Sílimid gur maith an sampla é dul chun cinn na Gaeilge den bhéim atá á leagan san Eoraip ar fhéiniúlacht réigiúnach, agus áirímid go háirithe an reachtaíocht nua teanga a chuireann an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla mar theanga oifigiúil in Éirinn agus san Eoraip. Tá ról suntasach ag na teangacha réigiúnacha cur leis an bhféinmhuinín nua atá ag borradh sna háiteanna a mbíonn siad á labhairt.

Má theann muid siar go 2003, an bhliain inar cuireadh tús le heagrú an tionscadail d’Fhéile 2004 (Kniep, M. 2023. Cumarsáid phearsanta, 13 Eanáir), bhí an Ghaeilge i mbéal an phobail, agus ní hamháin in Éirinn ach ar an Mhór-roinn fosta is léir. Tionscnaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla in 2003 agus an phríomhaidhm aige ná ‘a chinntiú go gcuirtear feabhas ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge’ (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán, 2023) agus faoin am seo, is cinnte go raibh stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontas Eorpach ar na bioráin fosta agus iarratas déanta ag Rialtas na hÉireann in 2005 sular bronnadh an stádas uirthi in 2007 (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán, 2021).

Scríobhadh an réamhrá sa Ghearmáinis ar dtús (féach Maurin & Wohlfahrt, 2006: 10, 14), agus cé go gcloíonn an leagan Gaeilge go docht leis an bhunleagan, is féidir linn tionchar na Gaeilge a aithint chomh maith. Is sa Ghaeilge a fheiceann muid saibhreas na teanga agus is sa leagan seo amháin, agus fríd an tsaibhreas seo, a thugtar léargas níos doimhne dúinn ar an chaidreamh idir na filí. Tugtar ‘leathbhádóir[í]’ ar na péirí filí a bhí ‘ag treabhadh an ghoirt chéanna’ (Maurin & Wohlfahrt, 2006: 7, 8), nathanna cainte nach bhfuil luaite sa leagan Gearmáinise[11]. Is féidir linn an t-eolas seo agus na difríochtaí a thógáil ina bparaitéacs féin, rud a thaispeánann aidhm eile a d’fhéadfaí a bheith ann san aistriúchán Gaeilge, agus a thaispeánann go raibh ról gníomhach ag an aistritheoir Gaeilge san fhiontar, go raibh sé i láthair agus go raibh sé ag iarraidh an comhionannas agus an comhar ar leith a bhí san fhiontar a léiriú. 

San fhocal buíochais faigheann muid léargas neamhchoitianta ar an tionscadal. Is gnáthrud é focal buíochais a bheith i leabhar den chineál seo, ach anseo i V.V., tugtar buíochas do gach duine a bhí páirteach, idir na daoine a chuir an cheolchoirm i láthair, agus na teangairí a chuidigh leis na filí a n-aistriúcháin féin a scríobh (Maurin & Wohlfahrt, 2006: 124). Tá na haistritheoirí a d’ullmhaigh na ‘réamhaistriúcháin’ (aistriúcháin liteartha / lomaistriúchán) (Maurin & Wohlfahrt, 2006: 124) luaite fiú, agus liosta díobh le feiceáil ag bun an leathanaigh[12], rud a léiríonn an bhéim a chuireann na heagarthóirí ar an obair.

Chomh maith leis sin, tugtar buíochas ar leith d’Fhiachra Mac Góráin, rud a léiríonn córas oibre na n-aistriúchán agus go raibh páirt ghníomhach ag na haistritheoirí san fhiontar. Tugtar réasúnú difriúil leis an bhuíochas a thugtar do Mhac Góráin idir an leagan Gaeilge agus Gearmáinise áfach. Sa Ghaeilge ní deirtear ach gur aistrigh Mac Góráin an réamhrá (Maurin & Wohlfahrt, 2006: 124),  ach sa Ghearmáinis a deirtear „[…] für alle die Übersetzungen und die beratende Hilfe [… as na haistriúcháin uilig agus as an chuidiú comhairleach]” (Maurin & Wohlfahrt, 2006: 125). Is iondúil go ndéantar aistriúchán díreach, beagnach focal ar fhocal ar théacsanna mar seo nuair nach mbíonn ach eolas fíorasach le tabhairt trasna, agus is annamh difríochtaí a fheiceáil mar sin. Is dócha go raibh aithne ag aistritheoir(í) Gaeilge an fhocal buíochais ar Mhac Góráin nó go raibh siad ag iarraidh béim ar leith a chur ar ghnéithe difriúla dá ról sa Ghaeilge. Ach thar aon rud eile, tugann sé níos mó eolais dúinn faoi rannpháirtithe an tionscadail agus na rólanna difriúla a bhí ag na haistritheoirí leis an Ghaeilge agus leis an Ghearmáinis, ag tabhairt léargas níos doimhne dúinn nach mbeadh againn gan é.

Chomh maith le paraitéacsanna scríofa, is iad na paraitéacsanna is suimiúla na dlúthdhioscaí[13] a thagann leis an leabhar V.V. Ní minic a bhíonn foirm labhartha d’fhilíocht agus d’aistriúchán na Gaeilge againn, agus tugann na dlúthdhioscaí foinse eile agus eolas breise dúinn. Mar shampla, is féidir linn lucht féachana na ceolchoirme a chloisteáil agus líon na gcainteoirí Gaeilge i gcomparáid le líon cainteoirí na Gearmáinise a oibriú amach nuair a déantar imeartas focal sa Ghaeilge agus nuair a déantar arís sa Ghearmáinis é.

Tugtar comhthéacs sa bhreis do na dlúthdhioscaí fosta agus na filí agus aistritheoirí ag cur a ndánta i láthair, chomh maith leis an réasúnaíocht a bhain le cumadh roinnt dánta. Is sa réamhrá a fhoghlaimíonn muid go raibh Cathal Ó Searcaigh ‘togha le dánta Mhaja [sic] Haderlap’ (Maurin & Wohlfahrt, 2006: 8) ach is ar na dlúthdhioscaí a fhaigheann muid léargas níos mine agus gur leaganacha ‘improvisiert [ar nós tobchumadóireachta]’ iad aistriúcháin Uí Shearcaigh ar dhánta Haderlap mar, ‘I liked them so much I added lines of my own to them’ (Ó Searcaigh, 29 Meitheamh 2004, luaite in Maurin & Wohlfahrt, 2006: dlúthdhiosca 2). Blúire eolais a mbeadh sé éasca dearmad a dhéanamh air, ach taispéanann sé arís an méid eolais a chailltear i bpróiseas an aistriúcháin agus na cumadóireachta, agus an méid atá le hathaimsiú trí pharaitéacsanna, agus léamh níos leithne ar an téacs ina iomláine.

V.V. mar Acmhainn agus mar Eiseamláir

Is léir mar sin, go bhfuil an dúrud eolais le feiceáil anseo sna paraitéacsanna atá mar pháirt de dhuanaire V.V., ach cén tábhacht a bhaineann leis an eolas seo? Agus cén fáth a bhfuil sé tábhachtach aird a dhíriú air, go háirithe anois, beagnach fiche bliain ón cheardlann? Mar a dúradh cheana, duanaire speisialta uathúil is ea V.V. a tháinig as tionscnamh ceannródaíoch é féin. Is acmhainn luachmhar do léann an aistriúcháin é V.V. Cuireann V.V. mórfhilí na Gaeilge i láthair do lucht léitheoireachta idirnáisiúnta, filí amhail Michael Davitt, Nuala Ní Dhomhnaill, Gréagóir Ó Dúill, Cathal Ó Searcaigh, Gabriel Rosenstock, agus Biddy Jenkinson. Tugann sé seo tábhacht don chnuasach ann féin, mar gheall go n-osclaíonn sé filíocht na Gaeilge don domhan agus toisc gurb é an chéad uair do Jenkinson a bheith páirteach i dtionscnamh den chineál seo (Maurin & Wohlfahrt, 2006: 10) nuair atá clú agus cáil uirthi mar gheall nach n-aistrítear a saothar go minic[14]. Ach tá V.V. níos tábhachtaí arís mar gheall ar na paraitéacsanna a ghabhann leis. Leis na paraitéacsanna, tugtar léargas iontach ar phróiseas an aistriúcháin agus ar eispéireas achan duine a ghlac páirt ann dúinn, ar leibhéal nach raibh coitianta i dtéacsanna ag an am agus nach mbíonn fós. Ina theannta sin, is aistriúchán ó theanga amháin agus go teanga eile seachas an Béarla é V.V., a fhágann gur duanaire ar leith é V.V. nuair atá  sé i bhfad níos coitianta aistriúcháin idir Gaeilge agus Béarla a fheiceáil.

D’fhéadfaí cúpla fáth a bheith leis an méid mór eolais agus eolas paraitéacsúil sa duanaire V.V. i gcomparáid le cnuasaigh eile a foilsíodh roimhe agus ina dhiaidh. Toradh is ea V.V. ar chomhoibriú idir comhlachtaí agus forais idirnáisiúnta amhail an Chomhairle Ealaíon, Foras na Gaeilge, Goethe-Institut, agus Bord na Leabhar Gaeilge, chomh maith le cuidiú ó Ambasáid na hÉireann i mBeirlín, agus comhoibriú idir dhá theach foilsitheoireachta in Éirinn agus sa Ghearmáin, Cló Iar-Chonnacht agus Verlag das Wunderhorn (Maurin & Wohlfahrt, 2006: leathanach cóipchirt). Mar sin, bheadh gá le gach duine a bhí páirteach a chur san áireamh agus buíochas a ghlacadh leo.

Chomh maith leis sin, ba é Haus für Poesie, comhlacht Gearmánach, a bhí ar thús cadhnaíochta san fhiontar agus thug siadsan a nósanna aistriúcháin agus a gcúlraí i ndomhan foilsitheoireachta na Gearmáine leo. Tá aistriúchán liteartha réasúnta coitianta i gcríocha na Gearmáine. Dar le Conseil Européen des Associations de Traducteurs Littéraires [Comhairle Eorpach Chumainn na nAistritheoirí Liteartha] (CEATL), is aistriúchán ó theangacha eile a bhíonn in 21.5% de na leabhair a fhoilsítear gach bliain sa Ghearmáin, agus 25% de na leabhair a fhoilsítear san Ostair (Fock et al., 2008: 4). Thairis sin, is é sa Ghearmáin a bhíonn an margadh is mó ó thaobh aistriúcháin agus ó thaobh teicneolaíochtaí aistriúcháin de san Aontas Eorpach (Qualitätssprachendienste Deutschlands (QSD), 2020: 5). Is mó taithí a bhíonn ag lucht na Gearmáinise sa chomhthéacs seo mar sin, agus go dtuigeann siad agus go n-aithníonn siad na dúshláin agus na deacrachtaí féideartha a bhaineann le foilseacháin dhátheangacha, agus iad sásta agus breá ábalta déileáil leis na fadhbanna a bhaineann leis an aistriúchán.

Thairis sin, cuireann V.V. litríocht liath [grey literature] i gcuimhne don údar. Is éard is litríocht liath ann eolas, téacsanna, nó foilseacháin inmheánacha a chruthaíonn an rialtas, institiúidí oideachais, nó comhlachtaí éagsúla nuair nach mbíonn an fhoilsitheoireacht ina príomhghníomhaíocht ag an táirgeoir (Third International Conference on Grey Literature, 1997, luaite in University of Exeter, 2022). Is minic a dhéantar neamhaird ar obair lárnach an aistritheora i réimse na foilsitheoireachta, go háirithe le haistriúcháin liteartha (féach Croft, 2021; An tAontas Eorpach, 2022, passim.), ach le filí, scríbhneoirí, aistritheoirí, agus teangeolaithe a bhfuil cos amháin istigh i ndomhan na foilsitheoireachta acu atá páirteach san fhiontar seo, is cosúil le litríocht liath é V.V. a cruthaíodh by the people, for the people; iadsan atá breá réidh an ceart a dhéanamh leo féin agus leo siúd a bhíonn i mbun oibre leis an fhiontar.

Tá 17 mbliana ann anois ón uair a foilsíodh V.V, agus beagnach 20 bliain ón cheardlann as ar thionscain an fiontar. Agus seachas a rá go raibh sé ‘suntasach go hidirnáisiúnta’ (An Chomhairle Ealaíon, 2006: 29) ag an am, rinneadh neamhaird ar an tsaothar[15]. Tá sé thar am anois súil siar a chaitheamh ar an duanaire. Anois an t-am athscrúdú a dhéanamh ar V.V. agus nósanna i léann an aistriúcháin in Éirinn agus ar an Mhór-Roinn ag athrú. Tá infheictheacht an aistritheora i mbéal an phobail go mór faoi láthair, fadhb a léirítear go maith trí fheachtais a thug an tAontas Eorpach isteach, chomh maith le hobair na n-aistritheoirí iad féin agus iad ag áitiú gur chóir go n-ainmneofaí iad ar chlúdaigh na leabhar a aistríonn siad[16] (féach Croft, 2021; An tAontas Eorpach, 2022, passim.). Chomh maith leis sin, tá borradh faoi aistriúcháin ó theangacha eile agus go teangacha eile lasmuigh den Bhéarla ag tarlú sa tír seo, go háirithe le cúpla bliain anuas. Tóg, mar shampla, léamh filíochta trí-theangach (Gaeilge, Fraincis (Quebecois), Béarla) a tharla i nGaillimh ar na mallaibh, aistriúchán ar an leabhar ficsean eolaíochta Air Cuan Dubh Drilseach (2013) ó Gàidhlig go Gaeilge (Tinte na Farraige Duibhe (2020)), nó aistriúchán Cré na Cille go hÍsiltíris agus go Seicis (féach Hijmans, 2017; Markus, 2020; Cló Iar-Chonnacht, 2022; Institiúid de Móra, 2022).

D’fhéadfadh V.V. a bheith ina eiseamláir d’fhoilseachán dhátheangach in earnáil na foilsitheoireachta agus i léann an aistriúcháin. Mar a dúradh cheana, tugann V.V. léargas iontach agus neamhghnách ar phróiseas an aistriúcháin. Feiceann muid gach aon rannpháirtí san fhiontar, ní hamháin an dáréag filí, ach na daoine taobh thiar díobh: aistritheoirí na bparaitéacsanna agus na réamhaistriúchán, na hateangairí a bhí ann ar lá na ceardlainne, agus na daoine a chuir an cheolchoirm i láthair, agus is mar gheall air seo go seasann V.V. amach. Taispeánann V.V.  an dóigh is fearr téacsanna paraitéacsúla a scríobh, á gcur i bhfoilseachán dátheangach agus an dóigh is fearr rannpháirtithe i bpróiseas an aistriúcháin a ainmniú agus a aithint. Is acmhainn fhíormhaith agus fhíorthábhachtach do léann an aistriúcháin é V.V., agus an cnuasach filíochta curtha os ár gcomhair arís, níor cheart dúinn neamhaird níos mó a dhéanamh ar an duanaire fadbhreathnaitheach seo.

Conclúid

Mar a deir Hartnett agus Egan, ‘in the eyes of editors, poets and critics, all anthologies seem to be full of unnecessary inclusions and inexplicable omissions’ (1973: réamhrá). In V.V. déantar iarracht na heasnaimh siúd a chur ar ais sa téacs agus an t-eolas is tábhachtaí agus is doimhne faoin fhiontar a shábháil agus teoiric Hartnett agus Egan a chur ina ceart. 

Leis an léargas a fhaigheann muid sna paraitéacsanna sa duanaire V.V., tá an t-eispéireas aistriúcháin oscailte agus sofheicthe dúinn i léann an aistriúcháin arís, agus cé gur annamh é, is iontach é. Faigheann muid léargas ar ról na n-aistritheoirí a ghlac páirt san fhiontar, ach thairis sin, gach duine eile a raibh lámh acu sa cheardlann agus sa léamh filíochta a chuir deireadh le V.V. ag Féile Filíochta Bheirlín.

Ba chóir go mbeadh V.V ina eiseamláir don fhoilsitheoireacht dhátheangach, don scríbhneoireacht paraitéacsúil, agus do rannpháirtithe i ndomhan na foilsitheoireachta sa tír seo, ach cén dóigh a mbeadh muid in ann seo a chur i bhfeidhm mar sin? Táthar ag súil go n-osclaíonn an t-alt seo plé ar pharaitéacsanna agus a dtábhacht, ar infheictheacht an aistritheora, agus ar na rannpháirtithe uilig atá páirteach i dtionscnamh aistriúcháin / dátheangach den chineál seo, agus go spreagann sé lucht aistriúcháin agus lucht foilsitheoireachta na hÉireann fasach nua a bhunú, le heolas ina chroílár.

Faoi dheireadh, ba é príomhaidhm an ailt seo an leabhar V.V. a chur ar a súile do lucht aistriúcháin na tíre agus á chur i láthair arís dóibh, agus táthar ag súil gur baineadh an aidhm seo amach. Agus mar fhocal scoir, tá praghas saor-reaca ar an leabhar anois (€10) (Cló Iar-Chonnacht, gan dáta), agus mholfainn é a léamh.

Buíochas

Tá an t-údar fíorbhuíoch den Dochtúir Matthias Kniep, Leas-Stiúrthóir de chuid Haus für Poesie, agus d’Anna Stöffelbauer agus de Chlíodhna Nic Giolla Chomhaill as ucht a gcomhairle.

Nótaí

[1] Tugtar cur síos ar an leabhar V.V. sa Ghaeilge agus sa Bhéarla mar pháirt d’Athbhreithniú Bliantúil 2006 na Comhairle Ealaíne (An Chomhairle Ealaíon, 2006: 29).

[2] Úsáidtear ‘Gearmáinis(e)’ san alt seo agus in acmhainní eile chun tagairt a dhéanamh don Ghearmáinis a labhraítear ní hamháin sa Ghearmáin, ach san Ostair, san Eilvéis, i Lucsamburg, agus i Lichtinstéin chomh maith. Caithfear a rá mar sin, nach dtagann filí a ghlacann páirt san fhiontar as an Ghearmáin amháin, ach as críocha uile na Gearmáinise ina iomláine.

[3] Agus muid ag tabhairt V.V. mar shampla, chuir an chéad trí phéire sa chnuasach (Ní Dhomhnaill / Bonné, Ó Dúill / Rinck, Davitt / Köhler) a ndánta agus a n-aistritheoirí i láthair ar an chéad oíche agus an dara trí phéire (Jenkinson / Grünzweig, Ó Searcaigh / Haderlap, Rosenstock / Senser) ar an dara hoíche.

[4] ‘Gastländer’ [tíortha óstach] a úsáideann an foilsitheoir agus é ag iarraidh cur síos a dhéanamh ar an teanga eile sa chomhar, ach ní gan fhadhb atá an téarma seo, mar ní fhéadtar a rá go labhraítear teanga ar leith i dtír amháin, an Ghearmáinis fiú, mar shampla.

[5] ‘Nachdichtung’ [free translation / free rendering]; aistriúchán téacs ina gcuirtear béim ar chosaint gutha agus ábhair, seachas a bheith ag iarraidh aistriúchán focal-ar-fhocal a chruthú. Úsáidtear le saothair liriciúla, dánta, agus amhráin é, áit ina mbeadh sé réasúnta cloí le haiste ríme, nó le meadaracht.

[6] Seachas téacsanna nó sleachta ó VERSschmuggel VÉARSaistear (2006) é féin, glactar leis gurb iad m’aistriúchán féin gach aistriúchán eile ach sa chás go ndeirtear a mhalairt.

[7] Ní raibh an t-aistear teanga isteach sa Ghaeilge ar an aistear dheireanach ach an oiread. Tarlaíonn ceardlanna de chuid VERSschmuggel uair sa bhliain ar laghad mar pháirt d’Fhéile Filíochta Bheirlín mar a dúradh cheana, ach cuirtear ar siúl iad níos minice ná sin le blianta beaga anuas. Tá gach tionscnamh VERSschmuggel ó 2003 ar aghaidh agus gach péire teangacha nó na tíortha as a dtagann siad le feiceáil san aguisín, chomh maith lena stádas foilseacháin (i. dá mbeadh toradh ceardlainne ar leith curtha i gcló i ndiaidh na ceardlainne).

[8] Ba iad na péirí don fhiontar ná Michael Davitt & Barbara Köhler; Biddy Jenkinson & Dorothea Grünzweig; Nuala Ní Dhomhnaill & Mirko Bonné; Gréagóir Ó Dúill & Monika Rinck; Cathal Ó Searcaigh & Maja Haderlap; Gabriel Rosenstock & Armin Senser (Maurin & Wohlfahrt, 2006: Clár/Inhalt).

[9] Cé go ndíríonn an t-alt seo ar pharaitéacsanna amháin, is féidir linn go leor eolais intuigthe faoi thionscadal VERSschmuggel ina iomláine a bhaint as na téacsanna agus as na haistriúcháin iad féin fosta, mar shampla, gur tharla aistriúchán indíreach fríd an Bhéarla ó am go chéile, agus go bhfuil sé seo le feiceáil mar thoradh ar dhrochaistriúchán sa dán ‘Suantraí na Máthar Síní’ le Biddy Jenkinson nuair a aistríodh ‘laoidín’ go ‘Wade [colpa]’. Is sa Bhéarla amháin a bhíonn an focal céanna ann dóibh araon: ‘calf’ (Maurin & Wohlfahrt, 2006: 56–7).

[10] Glactar leis gur scríobhadh an sliocht seo sa Ghearmáinis ar dtús, ach mar gheall go bhfuil aistriúcháin go Gaeilge curtha ar fáil dúinn i V.V. agus é mar pharaitéacs é féin, ní thugtar ach an leagan Gaeilge anseo.

[11] Tugtar „die sich übersetzende Dichter [na filí a bhí ag aistriú]“ in áit leathbhádóirí (Maurin & Wohlfahrt, 2006: 8, 12) agus „[sie] haben einander durch gemeinsames Arbeit kennen gelernt [chuir siad aithne ar a chéile trí chomhoibriú]“ in áit ‘ag treabhadh an ghoirt chéanna’ (Maurin & Wohlfahrt, 2006: 7, 11).

[12] Is suimiúil nach mbíonn na hainmneacha sa liosta le feiceáil san ord céanna idir an leagan Gaeilge agus Gearmáinise. Feictear don údar gur in ord randamach a thugtar na hainmneacha sa Ghaeilge ach is in ord aibítre atá siad sa Ghearmáinis.

[13] Le roinnt blianta anuas, tugtar codanna mearfhreagartha (QR) in áit dlúthdhioscaí leis na leabhair VERSschmuggel (féach Verlag Das Wunderhorn, 2023).

[14] B’fhearr léis an fhile, scríbhneoir, agus aistritheoir Biddy Jenkinson nach n-aistreofaí a cuid saothar go Béarla in Éirinn (féach Jenkinson, 1991). Tugann sí cead a saothair a aistriú go teangacha eile, áfach, agus ba é an tionchar VERSschmuggel an chéad uair a bhí sí páirteach i bhfiontar mar seo. Ón uair sin amach tá a cuid saothair aistrithe go hIodáilis, go Fraincis, agus go Béarla ach lasmuigh d’Éirinn (féach Jenkinson, 2006; de Búrca, 2010: 169; Jenkinson & Ní Ríordáin, 2010, passim.).

[15] Amach as tagairt don fhiontar san athbhreithniú bhliantúil 2006 de chuid na Comhairle Ealaíon atá luaite anseo, níl ann ach eolas faoi sheoladh an leabhair agus sonraí faoi ócáid le linn Fhéile Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath 2006 (féach Ó Muirí, 2006; Walsh, 2006).

[16] Caithfear a rá go mbíonn an Ghaeilge agus foilsitheoireacht sa tír seo iontach maith ar an phointe seo (níl le déanamh agat ach amharc ar shuíomh An Siopa Leabhar chun ainm an aistritheora a fheiceáil ar chlúdach na mílte leabhar), ach ní mar seo atá sé le teangacha eile. Ón uair a athraíodh rialacha an International Booker Prize in 2016, go dtí gur roinneadh an duais $50,000 idir an t-údar agus an t-aistritheoir go cothrom, not one of the six winning works of fiction has displayed the translator’s name on the front (Croft, 2021).

[17] Is comhthionscnamh é VERSschmuggel/ reVERSible: Belfast – Berlin idir Haus für Poesie agus The Seamus Heaney Centre in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Cuireadh an cheardlann i láthair i mí Mheán Fómhair 2022 i mBeirlín. Ní raibh sé mar pháirt de chlár Fhéile Filíochta Bheirlín (Kulturbrauerei, 2022).

[18] Cuireadh an cheardlann seo ar siúl i mí na Nollag 2022 (Haus für Poesie, 2022).

[19] Haus für Poesie, 2017.

[20] Tháinig seisear filí as críocha na hAraibise go Beirlín i bhfómhar 2016 chun páirt a ghlacadh sa cheardlann (Haus für Poesie, 2016b).

[21] Cuireadh toradh obair na rannpháirtithe i láthair ar 5 Deireadh Fómhair 2016 in ‘Literaturhaus’ [Áras na Litríochta go litriúil; Cultúrlann] in Vilnius sa Liotuáin (Goethe Institut, 2016).

[22] Haus für Poesie, 2016a.

[23] Reáchtáladh an cheardlann i Moscó (Verlag Das Wunderhorn, 2023).

[24] Ní chloínn an leabhar seo le gnás ainmnithe na leabhar VERSschmuggel. Sa bhliain 2011, cuireadh fáilte roimh sheisear scríbhneoirí (“Autoren*innen” in áit Dichter*innen [filí] a úsáidtear) óg as an Fhrainc teacht go Beirlín (Verlag Das Wunderhorn, 2012).

[25] Chuaigh cúigear filí as Bairéin, Dubai, Cuáit, Óman, agus as an Araib Shádach go Beirlín le linn Mhí na Samhna 2009 (Verlag Das Wunderhorn, 2010).

[26] Glactar leis ó choimriú na ceardlainne agus ó chlár na Féile gur chloígh an cheardlann VERSschmuggel an bhliain sin le mórthéama/teanga na Féile agus an Astráil mar théama aici (Literaturwerkstatt Berlin, 2003).

Leabhairliosta

Leabhair

Cronin, M. (1996) Translating Ireland. Cork: Cork University Press.

Egan, D. & Hartnett, M. (eag.) (1973) Choice: An Anthology of Irish Poetry Selected by the Poets Themselves with a Commentary on their Choice. Baile Átha Cliath: The Goldsmith Press.

Genette, G. (1997) Paratexts: Thresholds of Interpretation. Cambridge: Cambridge University Press.

Maurin, A. & Wohlfahrt, T. (eag.) (2006) VERSschmuggel VÉARSaistear: irische und deutschsprachige Gedichte/ Dánta Gaeilge agus Gearmáinise. Heidelberg/Indreabhán: Verlag das Wunderhorn /Cló Iar-Chonnacht.

Ailt

de Búrca, M. (2010) ‘Biddy Jenkinson.’ Ní Fhrighil, R. (eag.) Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Cois Life Teoranta. 167–80.

Cronin, M. (1993) ‘Movie-Shows From Babel: Translation and the Irish Language.’ The Irish Review (Cork), 14. 56–64. Ar fáil ag: https://www.jstor.org/stable/29735706 (Léite: 8 Meitheamh 2022).

Hijmans, A. (2017) ‘An Ísiltíris ar “ab ba búna” – ag aistriú Cré na Cille.’ Comhar. Deireadh Fómhair. 19–20.

Hollo, K. (1999) ‘From the Irish: On “The Astrakhan Cloak”.’ New Hibernia Review / Iris Éireannach Nua 3(2). 129–41. Ar fáil ag: http://www.jstor.org/stable/20557559 (Léite: 8 Meitheamh 2022).

Jenkinson, B. (1991) ‘A Letter to an Editor.’ Irish University Review, 21(1). 27–34. Ar fáil ag: http://www.jstor.org/stable/25484394 (Léite: 13 Samhain 2021).

Jenkinson, B. & Ní Ríordáin, C. (2010) ‘Poèmes (Dánta)’, Études Irlandaises 35(2). 99–117.

Markus, R. (2020) ‘The Carnival of the Dead: Translating Máirtín Ó Cadhain’s Cré na Cille into Czech.’ Translation Studies 13(2). 168–82. Ar fáil ag: https://doi.org/10.1080/14781700.2020.1743747.

Ó Séaghdha, B. (1993) ‘The Tasks of the Translator.’ The Irish Review (Cork) (14). 143–7. Ar fáil ag: https://doi.org/10.2307/29735723.

Foinsí Leictreonacha

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán (2021) Stádas iomlán oifigiúil ag an nGaeilge san Aontas Eorpach. Ar fáil ag: https://www.gov.ie/en/press-release/e3150-the-irish-language-gains-full-official-and-working-status-in-the-european-union/#:~:text=Irish%20was%20a%20treaty%20language,status%20on%201%20January%202007. (Léite: 16 Eanáir 2023).

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán (2023) Acht na dTeangacha Oifigiúla (agus reachtaíocht ghaolmhar), gov.ie. Ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/acht-na-dteangacha-oifigiula-2003-agus-reachtaiocht-ghaolmhar/ (Léite: 16 Eanáir 2023).

An tAontas Eorpach (2022) ‘Aistritheoirí ar an gClúdach: An tIlteangachas agus an tAistriúchán’. Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh. Ar fáil ag: https://op.europa.eu/ga/publication-detail/-/publication/a4059b86-8317-11ec-8c40-01aa75ed71a1 (Léite: 17 Eanáir 2023).

Cló Iar-Chonnacht (2022) Tinte na Farraige Duibhe (liosta), Cló Iar-Chonnacht. Ar fáil ag: https://cic.ie/shop/leabhair/paisti-daoine-oga/daoine-oga/tinte-na-farraige-duibhe/ (Léite: 18 Eanáir 2023).

Cló Iar-Chonnacht (gan dáta) VERSschmuggel – VÉARSaistear (liosta). Ar fáil ag: https://cic.ie/shop/books/fiction/versschmuggel-vearsaistear/?lang=en (Léite: 7 Meitheamh 2022).

Croft, J. (2021) ‘Why translators should be named on book covers.’ The Guardian, 10 Meán Fómhair. Ar fáil ag: https://www.theguardian.com/books/2021/sep/10/why-translators-should-be-named-on-book-covers (Léite: 17 Eanáir 2023).

Djadkina, W. & Filippow-Tschechow, A. (2015) Die Verrsschmuggler [Na Véars-Smuglálaithe], Goethe Institut. Leagan Gearmáinise le A.B. Burck. Ar fáil ag: https://www.goethe.de/ins/ru/de/kul/mag/20659945.html (Léite: 17 Eanáir 2023).

Fock, H. et al. (2008) ‘Comparative income of literary translators in Europe.’ CEATL Conseil Européen des Associations de Traducteurs Littéraires. Ar fáil ag: https://www.ceatl.eu/wp-content/uploads/2010/09/surveyuk.pdf (Léite: 17 Eanáir 2023).

Goethe Institut (2016) VERSschmuggel – Zeitgenössische Lyrik aus Deutschland und Litauen [VERSschmuggel Filíocht Chomhaimseartha as an Liotuáin agus as an Ghearmáin]. Ar fáil ag: http://literaturwerkstatt.org/_poesiefestival2005/archiv/2003/ (Léite: 6 Eanáir 2023).

Haus für Poesie (2016a) VERANSTALTUNG: Juni 2016 VERSschmuggel: Hebräisch - Deutsch [ÓCÁID: Meitheamh 2016 VERSschmuggel: Eabhrais-Gearmáinis]. Ar fáil ag: https://www.haus-fuer-poesie.org/de/poesiefestival-berlin/archiv-poesiefestival-berlin/archiv-2016/programm-2016/gesamtuebersicht-2016/versschmuggel-hebraeisch-deutsch (Léite: 6 Eanáir 2023).

Haus für Poesie (2016b) VERSschmuggel Iran – Poesie aus dem Iran und Deutschland [VERSschmuggel na hIaráine: Filíocht as an Iaráin agus as an Ghearmáin], Haus für Poesie. Ar fáil ag: https://www.haus-fuer-poesie.org/de/literaturwerkstatt-berlin/publikationen/versschmuggel-iran-poesie-aus-dem-iran-und-deutschland (Léite: 6 Eanáir 2023).

Haus für Poesie (2017) VERANSTALTUNG: JUNI 2017 VERSschmuggel: Kurdisch-Deutsch [ÓCÁID: MEITHEAMH 2017 VERSschmuggel: Coirdis-Gearmáinis]. Ar fáil ag: https://www.haus-fuer-poesie.org/de/poesiefestival-berlin/archiv-poesiefestival-berlin/archiv-2017/veranstaltungen-poesiefestival_berlin_2017/versschmuggel-kurdisch-deutsch (Léite: 6 Eanáir 2023).

Haus für Poesie (2022) VERANSTALTUNG: Dezember 2022 VERSschmuggel – Поэзиялық диВЕРСия Kasachstan – Deutschland [ÓCÁID: Nollaig 2022 VERSschmuggel – Поэзиялық диВЕРСия an Chasacstáin – an Ghearmáin]. Ar fáil ag: https://www.haus-fuer-poesie.org/de/literaturwerkstatt-berlin/veranstaltungen/veranstaltungen-aktuell/poeziyalyk-diversiya-versschmuggel?d=1 (Léite: 6 Eanáir 2023).

Institiúid de Móra (2022) Teangacha Trilsithe – Braided Languages – Langues Tressées. Ar fáil ag: https://mooreinstitute.ie/event/teangacha-trilsithe-braided-languages-langues-tressees/ (Léite: 19 Eanáir 2023).

Jenkinson, B. (2006) ‘Eve in Her Garden in This Vale of Tears.’ Poetry. Leagan Béarla le N. Ní Dhomhnaill, 68. Ar fáil ag: https://www.poetryfoundation.org/poetrymagazine/browse?volume=188&issue=1&page=73 (Léite: 1 Meitheamh 2022).

Kniep, M. (2023), Ríomhphoist chuig Ellen Corbett, 13 Eanáir.

Kulturbrauerei (2022) VERSschmuggel – reVERSible Belfast-Berlin, Kulturbrauerei. Ar fáil ag: https://www.kulturbrauerei.de/veranstaltung/versschmuggel-reversible-belfast-berlin/ (Léite: 6 Eanáir 2021).

Literaturwerkstatt Berlin (2003) VERS SCHMUGGEL-reVERSible. Ar fáil ag: http://literaturwerkstatt.org/_poesiefestival2005/archiv/2003/ (Léite: 6 Eanáir 2023).

Lodge, P. (2017) ‘Reviews for Spring 2017’, The High Window, 7 Márta. Ar fáil ag: https://thehighwindowpress.com/2017/03/07/reviews-for-spring-2017/ (Léite: 19 Eanáir 2023).

Ó Muirí, P. (2006) ‘Auf Deutsch.’ The Irish Times, 14 Meitheamh. Ar fáil ag: https://www.irishtimes.com/newspaper/archive/2006/0614/Pg017.html#Ar01701:5C959F5E85AC5E859F5ED5AC5ED59F5F35AC5F359F6045AC60459F60B5AC60B59F6205AC (Léite: 18 Eanáir 2023).

Qualitätssprachendienste Deutschlands (QSD) (2020) ‘Language Services in Germany 2020 Report’. Qualitätssprachendienste Deutschlands (QSD). Ar fáil ag: https://www.qsd.de/wp-content/uploads/2020/12/QSD-2020_updated.pdf (Léite: 17 Eanáir 2023).

The Arts Council/ An Chomhairle Ealaíon (2006) ‘Annual Review/ An Athbhreithniú Bhliantúil 2006’. Ar fáil ag: https://www.artscouncil.ie/uploadedFiles/AC_06_Report.pdf (Léite: 6 Eanáir 2023).

University of Exeter (2022) Grey Literature: What is Grey Literature. Ar fáil ag: https://libguides.exeter.ac.uk/c.php?g=670055&p=4756572 (Léite: 17 Márta 2022).

Verlag Das Wunderhorn (2010) VERSschmuggel - Eine Karawane der Poesie Arabisch - und deutschsprachige Gedichte [VERSschmuggel – Carbhán Filíochta: Dánta Araibise agus Gearmáinise] [liostú leabhair]. Ar fáil ag: https://www.wunderhorn.de/?buecher=versschmuggel-eine-karawane-der-poesie (Léite: 6 Eanáir 2023).

Verlag Das Wunderhorn (2012) VERSschmuggel / réVERSible: Langzeitwirkung der Gedichte  [VERSschmuggel / réVERSible: Tionchar Fadtéarmach na Filíochta] [liostú leabhair]. Ar fáil ag: https://www.wunderhorn.de/?buecher=versschmuggel-reversible-2 (Léite: 6 Eanáir 2023).

Verlag Das Wunderhorn (2023) Bücher: VERSschmuggel [Leabhair: VERSschmuggel] [liostú leabhair]. Ar fáil ag: https://www.wunderhorn.de/buecher/literarische-reihen/versschmuggel/ (Léite: 6 Eanáir 2023).

Walsh, C. (2006) ‘Surprise in store for festival-goers.’ The Irish Times, 13 Bealtaine. Ar fáil ag: https://www.irishtimes.com/newspaper/archive/2006/0513/Pg128.html#Ar12802:5984835BB4915BB4835C04915C04835C64915C64835D84915D84835E04915E04835F7491 (Léite: 18 Eanáir 2023).

Agusín

Aguisín: Tionscnaimh VERSschmuggel ó 2003-2022 agus Stádas Foilseacháin
Bliain na Ceardlainne Teideal Aistriúchán Bliain Foilsithe
2022*[17] VERSschmuggel/ reVERSible: Belfast – Berlin VERSschmuggel/ reVERSible: Belfast – Berlin 2023
2022*[18] VERSschmuggel / Поэзиялық диВЕРСия: Poesie aus Kasachstan und Deutschland VERSschmuggel / Поэзиялық диВЕРСия: Filíocht as an Chasacstáin agus as an Ghearmáin 2023
2022 VERSschmuggel / Krijumčarenje stihova: Poesie aus Bosnien, Kroatien, Montenegro und Serbien VERSschmuggel / Krijumčarenje stihova: Filíocht as an Bhoisnia, as an Chróit, as Montainéagró agus as an tSeirbia 2023
2021 VERSschmuggel / Кантрабанда паэзіі: Poesie aus Belarus und Deutschland VERSschmuggel / Кантрабанда паэзіі: Filíocht as an Bhealarúis agus as an Ghearmáin 2022
2020 VERSschmuggel / reVERSible: Poesie aus Kanada und Deutschland VERSschmuggel / reVERSible: Filíocht as Ceanada agus as an Ghearmáin 2020
2019 VERSschmuggel / reVERSible: Poesie aus den USA und Deutschland VERSschmuggel / reVERSible: Filíocht as SAM agus as an Ghearmáin 2020
2018 VERSschmuggel / Překladiště: Poesie aus Tschechien und Deutschland VERSschmuggel / Překladiště: Filíocht as an tSeicia agus as an Ghearmáin 2019

2017

[VERSschmuggel: Kurdisch-Deutsch] VERSschmuggel: Coirdise - Gearmáinis n/b[19]
2016*[20] VERSschmuggel Iran: Poesie aus dem Iran und Deutschland VERSschmuggel na hIaráine: Filíocht as an Iaráin agus as an Ghearmáin 2017
2016*[21] VERSschmuggel / perVERSmai: Poesie aus Litauen und Deutschland VERSschmuggel / perVERSmai: Filíocht as an Liotuáin agus as an Ghearmáin 2017

2016

[VERSschmuggel: Hebräisch – Deutsch] VERSschmuggel: Eabhrais - Gearmáinis n/b[22]
2015*[23] VERSschmuggel / Поэтическая диВЕРСия: Poesie aus Russland und Deutschland VERSschmuggel / Поэтическая диВЕРСия: Filíocht as an Rúis agus as an Ghearmáin 2016
2015 VERSschmuggel / VERSsmokkel: Poesie aus den Niederlanden, Flandern und Deutschland VERSschmuggel / VERSsmokkel: Filíocht as an Ísiltír, as Flóndras, agus as an Ghearmáin 2016
2014 VERSschmuggel reVERSible: Poesie aus Schottland und Deutschland VERSschmuggel reVERSible: Filíocht as Albain agus as an Ghearmáin 2015
2013 VERSschmuggel / SäkeenVERsoja: Finnisch- und deutschsprachige Gedichte VERSschmuggel / SäkeenVERsoja: Dánta Fionlainnise agus Gearmáinise 2014
2012 VERSschmuggel/ transVERSal: Brasilianische und deutschsprachige Gedichte VERSschmuggel/ transVERSal: Dánta Brasaíleacha agus Gearmáinise 2013
2011 VERSschmuggel / réVERSible: Langzeitwirkung der Gedichte [24] VERSschmuggel / réVERSible: Tionchar Fadtéarmach na Filíochta 2012
2010 [VERSschmuggel: Italien – Deutsch] VERSschmuggel: Iodáilis - Gearmáinis n/b
2009*[25] VERSschmuggel – Eine Karawane der Poesie: Arabisch- und deutschsprachige Gedichte VERSschmuggel – Carbhán Filíochta: Dánta Araibise agus Gearmáinise 2010
2009 VERSschmuggel / WERSszmugiel: Polnisch- und deutschsprachige Gedichte VERSschmuggel / WERSszmugiel: Dánta Polainnise agus Gearmáinise 2010
2008 VERSschmuggel – Contrabando de VERSOS: Deutsch- und portugiesischsprachige Poesie aus drei Kontinenten VERSschmuggel – Contrabando de VERSOS: Dánta Gearmáinise agus Portaingéilise as trí mhór-roinn 2009
2007 VERSschmuggel / reVERSible: Canadian Poetry – Poésie du Québec VERSschmuggel / reVERSible: Filíocht Cheanadach – Poésie du Québec 2008
2006 [VERSschmuggel: Der Balkan] VERSschmuggel: Na Balcáin n/b
2005 VERSschmuggel/Contrabando de VERSos: Spanisch- und deutschsprachige Gedichte VERSschmuggel/Contrabando de VERSos: Dánta Spáinnise agus Gearmáinise 2006
2004 VERSschmuggel/VÉARSaistear: Irische und deutschsprachige Gedichte VERSschmuggel/VÉARSaistear: Dánta Gaeilge agus Gearmáinise 2006
2003 [VERS SCHMUGGEL-reVERSible: Australien] [26] VERS SCHMUGGEL-reVERSible: An Astráil n/b
2002 VersSchmuggel – Mots de passe: Gedichte/Poèmes VersSchmuggel – Mots de passe: Gedichte/Poèmes [Dánta] 2003
*Ceardlanna a bhí mar pháirt den tionscnamh VERSschmuggel ach nach raibh mar pháirt d’Fhéile Filíochta Bheirlín mar gheall gur reáchtáladh i gcathair/ i dtír eile iad nó mar gheall nár tharla siad ag tráth bliana na Féile (Mí an Mheithimh de ghnáth). [cló trom] Bhí an cheardlann mar pháirt d’Fhéile Filíochta Bheirlín ach níor foilsíodh leabhar bunaithe uirthi.