DOI: https://doi.org/10.13025/zzzv-dv62

Réamhrá

Tá an tríú heagrán den iris acadúil Léann Teanga: an Reiviú ar an saol. Cuireann an t-eagrán reatha go mór lena bhfuil bainte amach ag an iris cheana, a bhfuil sé mar aidhm aici toradh taighde a eascraíonn as an gcúrsa iarchéime i léann na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a fhoilsiú. Tá údair ó chúlra léinn agus ollscoileanna eile i measc údair na hirise seo freisin, rud a chabhraíonn go mór le scóip na hirise a leathnú. Tá idir mhic léinn agus fhoireann páirteach san iris agus tá a leithéid de chomhar agus de chomhoibriú le moladh. Is maith is fiú fosta an taighde seo a fhoilsiú i bhfoirm chlóite agus leictreonach lena roinnt leis an saol mór in áit é a ligean i ndearmad ar sheilf ollscoile. Is teist í an iris seo ar fhiosracht, ar spéis agus ar chumas na n-údar i réimsí ilghnéitheacha ghort ollmhór léann na Gaeilge agus i dteanga na Gaeilge féin ach go háirithe.

In alt sa díolaim seo le Dorothy Ní Uigín, Gearóid Ó Flatharta agus Máirtín Ó Maoláin pléitear modúl léinn dar teideal ‘Teanga an Leighis’ a thairgtear do mhic léinn leighis sa dara bliain dá gcúrsa staidéir in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá sé ar shlí a ráite anseo, gan amhras, gur fada ó aithníodh gur cheart go ndéanfadh lucht leighis freastal ar a gcuid othar sa teanga is dúcha dóibh agus feachtas mór de chuid Chonradh na Gaeilge corradh is céad bliain ó shin a bhí sa cheist sin. Ní miste a rá fosta gur ollamh le leigheas ar fhoireann na hOllscoile i nGaillimh agus ceannródaí i dteagasc na Gaeilge (léachtóir le Gaeilge san am céanna, mar a tharla), mar atá, Seaghán P. Mac Énrí, a bhí ar thús cadhnaíochta san fheachtas céanna.

Cuirtear síos san alt ar an taighde a rinneadh i measc grúpaí áirithe faoin nGaeilge i gcomhthéacs an leighis i gcoitinne, ar chur chuige an mhodúil a shíolraigh ón taighde sin agus ar thuairimí na mac léinn faoi. Is léir gur éirigh go maith leis an bhfiontar, gur aithníodh sin taobh amuigh agus taobh istigh den ollscoil, agus gur i bhfeabhas i dtéarmaí ilghnéitheacht agus bharr éifeachta na gcleachtas nua-aimseartha teagaisc agus foghlama atá an cúrsa ag dul. Oidhre maith ar an obair cheannródaíoch ar chuir an tOllamh Mac Énrí tús léi breis is céad bliain ó shin.

Ar chearrbhachas agus ar theanga agus ar bhéarlagair an chearrbhachais a dhíríonn Máire Rós Ní Loingsigh ina halt ‘Téarmaíocht Cártaí san Aistriúchán ar The Penguin Book of Card Games’. Bhain an cearrbhachas go dlúth le sochaí na Gaeltachta agus na tuaithe i gcoitinne sa sean-am agus, dá thairbhe sin, bhain seanchas agus piseogacht leis an gcaitheamh aimsire céanna. Bhain téarmaíocht ar leith leis fosta agus bailíodh iarsmaí den téarmaíocht chéanna ó na foinsí dúchais thall is abhus sular éag an traidisiún sa Ghaeltacht. Rinne Máire Rós aistriúchán anótáilte ar The Penguin Book of Card Games agus, lena linn, b’éigean di téarmaíocht chuí a aimsiú, a mheá agus a roghnú mar a d’oir don ócáid. Bhain sí úsáid as foinsí éagsúla – clóite, craolta agus digiteach – agus chuaigh sí i gcomhairle leis an gCoiste Téarmaíochta an uair ba ghá. Pléann sí go mion na leaganacha éagsúla de théarmaí cearrbhachais ar leith a d’úsáid sí, na deacrachtaí ar leith a bhain leo agus an chúis a bhí aici le téarma amháin seachas a chéile a roghnú. Ní miste a rá gurbh éigean cuid den téarmaíocht a chumadh as an nua ó tharla go bhfuil cluichí ar an saol anois nárbh ann dóibh riamh sa Ghaeltacht. Is fiú go mór cur le bunachar théarmaíocht na Gaeilge ar an dóigh seo tar éis mionscagadh cuimsitheach a dhéanamh ar na foinsí éagsúla.

Ábhar mór caibidle, argóna agus aighnis a bhí i scéim aistriúcháin an Ghúim ó cuimhníodh ar a leithéid an chéad lá riamh in óige an tSaorstáit agus ó shin i leith. Díríonn Máirtín Coilféir ar dhá ghné thábhachtacha den scéim, mar atá, ceist na canúna agus an Bhéarlachais. Pléitear ‘cath na gcanúintí’ go mion anseo ach caithfear cuimhneamh go raibh an cheist sin ina cnámh spairne i measc lucht na hAthbheochana i dtólamh. Mar shampla, nár chuir na hUltaigh, cuirim i gcás, eagraíochtaí (Cumann Liteartha Dhún na nGall, Dáil Uladh, Comhaltas Uladh) agus irisí dá gcuid féin (An Crann, An tUltach) ar bun lena gcanúint féin a chosaint sular tháinig an Gúm ar an saol ar chor ar bith? Gí gurbh ard a nglór ag cáineadh an Ghúim, rinne na hUltaigh go maith as óir, mar shampla, d’aistrigh Seosamh Mac Grianna, Seán Mac Maoláin agus Niall Ó Dónaill corradh is dhá scór leabhar eatarthu.

Tá sé ar shlí a ráite faoin scéim i gcoitinne gur chuir sé go mór le lón léitheoireachta na Gaeilge an ama sin, gur thug sé teacht isteach do scríbhneoirí agus d’ábhair scríbhneora, gur chleachtadh scríbhneoireachta an mheasarthacht de agus, ó thaobh na gcanúintí de, gur fhág sé corpas mór Gaeilge againn ag cainteoirí dúchais ó cheantair Ghaeltachta éagsúla a bhfuil an Ghaeilge marbh i gcuid acu faoin am seo (Séamus Ó Ceallaigh agus dhá leabhar aistrithe aige i gcanúint Dhoire, mar shampla).

Maidir le contúirt an Bhéarlachais i gcomhthéacs an aistriúcháin, seanscéal agus meirg air a bhí ansin i measc lucht na hAthbheochana ón tús. Níor bhain sin le cúrsaí teanga amháin: bhí an bête noir ann, an seoinín, bhí táirgí eachtrannacha ann, bhí moráltacht iasachta ann, damhsaí gallda srl. Íonghlaineacht dhúchasach na Gaeilge an balla cosanta ba mhó ag an nGaelachas agus chaithfeadh an Gúm, eagraíocht thábhachtach de chuid an stáit nuabhunaithe, talamh slán a dhéanamh de sin. Char bhaol dó, áfach, ó tharla gur scríbhneoirí Gaeltachta (an uair a bhí saibhreas de Ghaeilge dhúchasach maíte orthu) bunús na n-aistritheoirí agus go raibh siad ag aistriú ar luas lasrach. D’admhaigh Niall Ó Dónaill, mar shampla, gur aistrigh sé féin 27,000 focal den Talisman i seachtain (7,000 an lá deireanach) agus d’aistrigh Seosamh Mac Grianna 29,000 de Ivanhoe (9,000 an lá deireanach).

Is cinnte, gan amhras, ó tharla go raibh an oiread sin leabhar á n-aistriú agus éagsúlacht daoine i mbun na hoibre sin, go bhféadfaí rian den Bhéarlachas a aimsiú i roinnt den aistriúchán ach níor ghá a leithéid a cháineadh – a mhalairt uaireanta. Is cinnte go bhfuil gort fada fairsing taighde ann faoin gceist sin.

Tá alt ag Niall Mac Uidhilin dar teideal ‘Ag Spreagadh an Athshondais Teanga i Measc Gasúr Bunscoile i gCeantair Láidre Ghaeltachta’ atá bunaithe ar thaighde a rinne sé ar dhá bhunscoil i nGaeltacht Chonamara sa scoilbhliain 2013-2014. Rinne sé taighde praiticiúil agus comhoibríoch a dhearadh trí idirghabháil oideachais agus teicneolaíochta i gcomhar le múinteoirí agus gasúir na scoileanna. Is é an aidhm a bhí leis seo na gasúir a spreagadh le déantáin ilmhódacha dhigiteacha a chruthú a bhí bunaithe ar acmhainní teanga chartlann Raidió na Gaeltachta agus acmhainní a thug na gasúir féin isteach le digitiú a dhéanamh orthu. Cuireann an t-údar síos go mion ar an bhfiontar seo agus maíonn sé gur éirigh go maith leis ó thaobh na foghlama de agus maidir le mórtas pobail a spreagadh. Áitíonn sé fosta go bhféadfaí an idirghabháil chéanna a dhéanamh i scoileanna Gaeltachta eile ach an tacaíocht chuí a fháil.

In alt eile san eagrán seo cuireann Belinda McHale agus Lisa Ní Fhlatharta síos ar an tionchar a bhíonn ag próifíl agus ag pearsantacht an fhoghlaimeora teanga ar shealbhú na Gaeilge. Tá na tuairimí a nochtar anseo bunaithe ar thaighde a rinne siad ar ghrúpa foghlaimeoirí a bhí ag plé leis an Dioplóma sa Ghaeilge.

Ní féidir leis an teagascóir aon bhail amháin a thabhairt feasta ar ghrúpa foghlaimeoirí má tá sé i gceist go mbainfear amach na spriocanna foghlama inmhianaithe ‘toisc go bhfuil siad chomh hilghnéitheach sin ó thaobh féineachta, spreagthachta, oscailteachta agus urchoillte’. Ar an gcéad dul síos, caithfidh an teagascóir aithne cheart indibhidiúil a chur ar an lucht foghlama leis an gcur chuige teagaisc is éifeachtaí agus is oiriúnaí a aithint agus a úsáid. Anuas air sin caithfidh an teagascóir ‘tacaíocht, spreagadh, timpeallacht thaitneamhach agus aiseolas’ a sholáthar don fhoghlaimeoir sa seomra ranga. Ní beag sin. Bunaithe ar an gcineál seo taighde, is fiú an t-eolas seo ar fad a bheith againn mar i ndúil is go mbeadh sé mar sprioc teagaisc againn uile ach, go praiticiúil, rud eile ar fad é a chur i bhfeidhm go forleathan.

Tá alt ag Uinsionn Mac Dubhghaill dar teideal ‘Togra Taighde Praiticbhunaithe sna Meáin a Dhearadh: Roinnt Ceisteanna Modheolaíochta’. Éiríonn an t-alt sin as an athrú atá ag teacht ar chineál na dtráchtas iarchéime in institiúidí léinn le tríocha éigin bliain anuas. Tá ardú ag teacht ar líon na dtráchtas praiticbhunaithe sna healaíona éagsúla agus is athrú mór é sin ar na tráchtais thraidisiúnta. Ó tharla go bhfuil sé seo amhlaidh, ardaíonn an t-údar ceist faoi na modheolaíochtaí atá i gceist lena linn sin agus cén chaoi leis na torthaí taighde a mheas. Luann sé sampla TG Lurgan mar shampla dá bhfuil ag tarlú go comhaimseartha i saol na meán agus baineann ciall dá réir as an bhfeiniméan sin i gcomhthéacs a chuid smaointeoireachta maidir lena chuid taighde féin. Is léir óna chuid cainte nach leor a thuilleadh téarmaí tagartha, modheolaíochtaí, cur chuige agus modhanna measúnaithe traidisiúnta i gcás na n-ealaíon.

San eagrán reatha den iris freisin tá dhá léirmheas, ceann le Siobhán Fay, Clodagh Ní Cheallaigh agus Majella Ní Mheádhra ar Ár dTéarmaí Féin le Fidelma Ní Ghallchobhair agus an dara ceann le Feargal Mac Thréinfhir agus Hannah Ní Dhoimhín ar dhá imleabhar den iris Language Problems and Language Planning, in eagar ag Timothy Reagan et al. Is maith is fiú i dtólamh aird a tharraingt ar an dóigh seo in iris ar a bhfuil á scríobh go náisiúnta agus go domhanda faoin ábhar léinn a bhaineann le hábhar. Is cuid thábhachtach den léann an anailís chriticiúil agus is maith is fiú a toradh a chraobhscaoileadh.

Táimid faoi chomaoin mhór ag lucht scríofa na n-alt agus na léirmheasanna seo as toradh a gcuid taighde a roinnt linn. Is léir nach ndíríonn siad ar mhionghné amháin den teanga ach ar speictream níos leithne óir níl an Ghaeilge teoranta don fhoghlaim amháin. Cuireann a gcuid taighde lenár gcuid eolais faoin nGaeilge i gcoitinne mar is fearr a bheas muid ábalta cuidiú léi amach anseo áit ar bith a léitear nó a labhraítear í. Gura fada buan i mbun taighde iad!